This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R0875
Commission Implementing Regulation (EU) 2021/875 of 25 May 2021 entering a name in the register of protected designations of origin and protected geographical indications (‘Sõir’ (PGI))
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/875 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2021 lena gcláraítear ainm sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (“Sõir” (TGFC))
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/875 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2021 lena gcláraítear ainm sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (“Sõir” (TGFC))
C/2021/3868
IO L 192, 1.6.2021, p. 2–2
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
1.6.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 192/2 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/875 ÓN gCOIMISIÚN
an 25 Bealtaine 2021
lena gcláraítear ainm sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (“Sõir” (TGFC))
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1) agus go háirithe Airteagal 52(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, rinneadh an t-iarratas a thíolaic an Eastóin ar chlárú an ainm “Sõir” a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2). |
(2) |
Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas freasúra faoi Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart an t-ainm “Sõir” a chlárú, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Déantar an t-ainm “Sõir” (TGFC) a chlárú.
Leis an ainm a shonraítear sa chéad mhír sainítear táirge de chuid Aicme 1.4. Táirgí eile de bhunadh ainmhíoch d’Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún (3).
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Bealtaine 2021.
Thar ceann an Choimisiúin,
Ar son an Uachtaráin,
Janusz WOJCIECHOWSKI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.
(2) IO C 46, 9.2.2021, lch. 10.
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 179, 19.6.2014, lch. 36).