EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0783

Rialachán (AE) 2021/783 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE), agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

PE/14/2021/INIT

OJ L 172, 17.5.2021, p. 53–78 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/783/oj

17.5.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

53


RIALACHÁN (AE) 2021/783 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Aibreán 2021

lena mbunaítear Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE), agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá reachtaíocht agus beartas an Aontais maidir leis an gcomhshaol agus leis an aeráid mar aon le reachtaíocht agus beartas ábhartha an Aontais maidir le fuinneamh tar éis feabhsuithe substaintiúla a chur ar staid an chomhshaoil. Mar sin féin, tá mórdhúshláin chomhshaoil agus aeráide fós ann agus, mura dtabharfar aghaidh orthu, beidh iarmhairtí suntasacha diúltacha ann don Aontas agus do dhea-bhail na saoránach.

(2)

Is é an Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE), arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), don tréimhse 2014 go 2020, an clár is déanaí de shraith clár de chuid an Aontais ó 1992 lena dtugtar tacaíocht do chur chun feidhme na dtosaíochtaí reachtaíochta agus beartais maidir leis an gcomhshaol agus leis an aeráid. Rinneadh measúnú dearfach ar LIFE i meastóireacht mheántéarma a rinneadh air le déanaí agus tugadh le fios go bhfuil gach cosúlacht ann go bhfuil an Clár éifeachtach, éifeachtúil agus ábhartha. Ba cheart, mar sin, leanúint de Chlár LIFE 2014–2020 ach roinnt modhnuithe a dhéanamh air a sainaithníodh sa mheastóireacht mheántéarma agus i measúnuithe a rinneadh air ina dhiaidh sin. Dá réir sin, ba cheart an Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE) (“Clár LIFE”) a bhunú ar feadh tréimshe seacht mbliana chun a ré a ailíniú le ré an chreata airgeadais ilbhliantúil a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (5).

(3)

Le linn tabhairt faoi na cuspóirí agus na spriocanna s a bhaint amach, arna leagan síos ag reachtaíocht, beartas agus pleananna maidir leis an gcomhshaol agus an aeráid, go háirithe na cuspóirí a leagtar amach sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 dar teideal ‘An Comhaontú Glas don Eoraip’(‘an Comhaontú Glas don Eoraip’) agus gealltanais idirnáisiúnta an Aontais, le Clár LIFE, i gcomhréir le prionsabal an aistrithe chóir, ba cheart rannchuidiú leis an athrú i dtreo geilleagar inbhuanaithe, ciorclach, fuinneamhéifeachtúil, atá bunaithe ar an bhfuinneamh inathnuaite, geilleagar atá aeráidneodrach agus athléimneach, le cáilíocht an chomhshaoil, lena n-áirítear an t-aer, an t-uisce agus an ithir, agus an tsláinte, a chosaint, a athbhunú agus a fheabhsú agus le cailliúint na bithéagsúlachta a stopadh agus a aisiompú, lena n-áirítear trí thacú le cur chun feidhme agus bainistiú líonra Natura 2000 agus trí dhul i ngleic le díghrádú na n-éiceachóras, bíodh sé trí idirghabhálacha díreacha nó trí thacú leis na cuspóirí sin a chomhtháthú i mbeartais eile. Le Clár LIFE, ba cheart tacú freisin le cur chun feidhme na gclár gníomhaíochta ginearálta arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 192(3) Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), amhail an 7ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol (6) agus aon chlár gníomhaíochta don chomhshaol de chuid an Aontais dá éis sin.

(4)

Tá an tAontas tiomanta do fhreagairt chuimsitheach a fhorbairt ar Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe Chlár Oibre na Náisiún Aontaithe 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe, lena gcuirtear béim ar an nasc intreach idir acmhainní nádúrtha a bhainistiú chun a n-infhaighteacht fhadtéarmach a áirithiú agus seirbhísí éiceachórais, agus an nasc atá ann idir iad araon agus sláinte an duine agus fás eacnamaíoch atá inbhuanaithe agus cuimsitheach ar bhonn sóisialta. I bhfianaise an mhéid sin, ba cheart do Chlár LIFE a bheith ina léiriú ar phrionsabail na dlúthpháirtíochta agus cuidiú ar dhóigh shuntasach leis an bhforbairt eacnamaíoch agus comhtháthú sóisialta araon.

(5)

D’fhonn an fhorbairt inbhuanaithe a chur chun cinn, ba cheart na ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil agus na haeráide a chomhtháthú sa sainmhíniú ar bheartais agus ghníomhaíochtaí uile an Aontais agus ina gcur chun feidhme. Dá bhrí sin, ba cheart sineirgí agus comhlántacht le cláir chistiúcháin eile de chuid an Aontais a chur chun cinn freisin, lena n-áirítear trí chistiú a éascú do na gníomhaíochtaí a chomhlánaíonn tionscadail chomhtháite straitéiseacha agus tionscadail dúlra straitéiseacha agus a thacaíonn le glacadh agus macasamhlú na réiteach arna bhforbairt faoi Chlár LIFE. Is gá comhordú a dhéanamh chun cistiú dúbailte a chosc. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit bearta a dhéanamh chun forluí riaracháin agus ualach riaracháin ar thairbhithe tionscadail, a eascraíonn as oibleagáidí tuairiscithe ó ionstraimí airgeadais éagsúla, a chosc.

(6)

Le Clár LIFE, ba cheart rannchuidiú leis an bhforbairt inbhuanaithe agus cuspóirí agus spriocanna reachtaíocht, straitéisí, phleananna agus ghealltanais idirnáisiúnta an Aontais maidir leis an gcomhshaol agus leis an aeráid mar aon le cuspóirí agus spriocanna reachtaíocht, straitéisí, phleananna agus ghealltanais idirnáisiúnta ábhartha an Aontais maidir le fuinneamh a bhaint amach, go háirithe maidir le Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe, an Coinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch (7) agus Comhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (8) (‘Comhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide’), agus, inter alia, Coinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireacht agus rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil (9) (‘Coinbhinsiún Aarhus’), Coinbhinsiún UNECE maidir le hAerthruailliú Trasteorann Fadraoin, Coinbhinsiún Basel na Náisiún Aontaithe maidir le Rialú Gluaiseachtaí Trasteorann Dramhaíolacha Guaiseacha agus a nDiúscairt, Coinbhinsiún Rotterdam na Náisiún Aontaithe ar an Nós Imeachta i dTaobh Toiliú Feasach a chur in iúl roimh ré le haghaidh Ceimiceán Guaiseach agus Lotnaidicídí áirithe sa Trádáil Idirnáisiúnta, agus Coinbhinsiún Stócólm na Náisiún Aontaithe ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha.

(7)

Tá sé an-tábhachtach don Aontas go mbeadh na torthaí ar na tionscadail atá á maoiniú ag Clár LIFE inbhuanaithe go fadtéarmach agus go mbeifí in ann na torthaí sin a bhaint amach agus a choinneáil tar éis chur chun feidhme na dtionscadal, inter alia, trí leanúint ar aghaidh leis na tionscadail, trí na tionscadail a mhacasamhlú nó trí na torthaí a aistriú.

(8)

Chun na gealltanais a thug an tAontas faoi Chomhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aaeráide a chomhlíonadh, is gá an tAontas a chlaochlú ina shochaí inbhuanaithe, chiorclach, fhuinneamhéifeachtúil, aeráidneodrach agus aeráid-díonach atá bunaithe ar an bhfuinneamh inathnuaite. Le claochlú den sórt sin, tá gá le gníomhaíocht a dhíríonn go háirithe ar na hearnálacha is mó a chuireann le leibhéil aschuir gás ceaptha teasa agus truaillithe, a chuireann an éifeachtúlacht fuinnimh agus an fuinneamh inathnuaite chun cinn agus a thacaíonn le creat beartais 2030 maidir le fuinneamh agus aeráid agus Pleananna Náisiúnta Comhtháite na mBallstát don Fhuinneamh agus don Aeráid a chur chun feidhme agus le cur chun feidhme straitéis fhadtéarmach aeráide agus fhuinnimh an Aontais, i gcomhréir le cuspóirí fadtéarmacha Chomhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide. Ina theannta sin, ba cheart a áireamh i gClár LIFE bearta lena rannchuidítear le cur chun feidhme bheartas an Aontais um oiriúnú don athrú aeráide chun aon laige de thoradh éifeachtaí díobhálacha an athraithe aeráide a laghdú.

(9)

Ba cheart tionscadail san fhochlár nua don Aistriú chuig Fuinneamh Glan de chuid Chlár LIFE a bheith dírithe ar fhothú acmhainneachta a chruthú agus saineolas, scileanna, teicnící nuálacha, modhanna agus réitigh a scaipeadh chun cuspóirí reachtaíocht agus bheartais an Aontais maidir leis an aistriú chuig fuinneamh inathnuaite agus éifeachtúlacht bhreise fuinnimh a bhaint amach. Is iondúil gur gníomhaíochtaí comhordaithe agus tacaíochta iad gníomhaíochtaí den sórt sin lena mbaineann breisluach ard ar leibhéal an Aontais, a bhfuil sé mar aidhm leo bacainní margaidh a chuireann bac ar an aistriú socheacnamaíoch chuig an bhfuinneamh inbhuanaithe a shárú, agus a bhaineann go príomha le heintitis bheaga agus mheánmhéide chomh maith le gníomhaithe iolracha, lena n-áirítear údaráis phoiblí áitiúla agus réigiúnacha, agus eagraíochtaí neamhbhrabúsacha. Tá tairbhí éagsúla ag baint le gníomhaíochtaí den sórt sin, amhail dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh, feabhas ar cháilíocht an aeir laistigh, truailleáin áitiúla a laghdú a bhuí le feabhsuithe ar an éifeachtúlacht fuinnimh agus níos mó fuinneamh inathnuaite dáilte, agus rannchuidiú le dea-éifeachtaí eacnamaíocha áitiúla agus fás atá níos cuimsithí ar bhonn sóisialta.

(10)

Chun rannchuidiú le maolú an athraithe aeráide agus le gealltanais idirnáisiúnta an Aontais maidir le dícharbónú, ní mór dlús a chur le claochlú na hearnála fuinnimh. Maidir le gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta lena dtacaítear le héifeachtúlacht fuinnimh agus fuinneamh inathnuaite, agus a chisteofar go 2020 faoi Fís 2020 (10), ba cheart iad sin a chomhtháthú san fhochlár nua don Aistriú chuig Fuinneamh Glan de chuid Chlár LIFE, ós rud é nach é an cuspóir atá ag na cistí sin an barr feabhais a chistiú agus an nuálaíocht a spreagadh, ach glacadh na teicneolaíochta atá ann cheana don fhuinneamh inathnuaite agus don éifeachtúlacht fuinnimh a éascú, rud a chuideoidh leis an athrú aeráide a mhaolú. Ba cheart na geallsealbhóirí agus na hearnálacha ar fad a bhfuil baint acu le haistriú chuig fuinneamh glan a bheith páirteach i gClár LIFE. A bhuí leis na gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta den sórt sin a bheith mar chuid de Chlár LIFE, cruthaítear deiseanna do shineirgí idir na fochláir agus méadaítear comhleanúnachas foriomlán chistiú an Aontais. Ba cheart, da bhrí sin, sonraí maidir le glacadh réiteach taighde agus nuálaíochta atá ann cheana sna tionscadail de chuid chlár LIFE a bhailiú agus a scaipeadh, an clár Fís Eorpach arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) (‘Fís Eorpach’) agus na cláir a bhí ann roimhe san áireamh.

(11)

Sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh Treorach (AE) 2018/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), a leasaigh Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), meastar go mbeidh gá le hinfheistíocht bhreise de EUR 177 mbilliún in aghaidh na bliana le linn na tréimhse 2021 go 2030 chun spriocanna fuinnimh 2030 an Aontais a bhaint amach. Baineann na bearnaí is mó leis an infheistíocht i ndícharbónú foirgneamh chun éifeachtúlacht fuinnimh agus úsáid foinsí inathnuaite fuinnimh ar scála beag a mhéadú, i gcás ina bhfuil gá caipiteal a dhíriú i dtreo tionscadail de chineál ard-dáilte. Ar cheann de chuspóirí an fhochláir don ‘Aistriú chuig Fuinneamh Glan’, lena gcumhdaítear éífeachtúlacht fuinnimh agus cur in úsáid mear an fhuinnimh inathnuaite, tá fothú acmhainneachta ar mhaithe le forbairt agus comhiomlánú tionscadal den sórt sin, agus, ar an dóigh sin, cuidiú freisin cistí a iompar ó Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa agus gníomhú mar chatalaíoch d’infheistíochtaí san fhuinneamh inathnuaite agus san éifeachtúlacht fuinnimh agus, ina theannta sin, úsáid a bhaint as ionstraimí airgeadais arna soláthar faoi Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14).

(12)

Is é Clár LIFE an t-aon chlár amháin atá tiomnaithe go sonrach don chomhshaol agus do ghníomhú ar son na haeráide agus, dá bhrí sin, tá ról ríthábhachtach aige ó thaobh tacú le reachtaíocht agus beartais an Aontais a chur chun feidhme sna réimsí sin.

(13)

Ba cheart, le sineirgí leis an gclár Fís Eorpach, éascú a dhéanamh ar riachtanais taighde agus nuálaíochta a shainaithint agus a bhunú maidir le dul i ngleic le dúshláin chomhshaoil, aeráide agus fuinnimh laistigh den Aontas le linn an phróisis pleanála maidir le taighde straitéiseach agus nuálaíocht de chuid an chláir Fís Eorpach. Ba cheart do Chlár LIFE leanúint de bheith ag gníomhú mar chatalaíoch chun reachtaíocht agus beartas an Aontais maidir leis an gcomhshaol agus leis an aeráid agus reachtaíocht agus beartas ábhartha an Aontais maidir le fuinneamh a chur chun feidhme, lena n-áirítear trí bhíthin torthaí taighde agus nuálaíochta ón gclár Fís Eorpach a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm agus ba cheart dó cuidiú chun iad a chur á n-úsáid ar scála níos leithne más rud é gur féidir leis sin cuidiú le haghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna comhshaoil, aeráide nó aistrithe fuinnimh. Maidir le smaointe nua ceannródaíocha a d'fhéadfadh a bheith mar thoradh ar chur chun feidhme thionscadail Chlár LIFE, is féidir leis an gComhairle Nuálaíochta Eorpach de chuid an chláir Fís Eorpach tacú leis na smaointe sin a mhéadú ar scála níos leithne agus a thráchtálú. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart sineirgí leis an gCiste Nuálaíochta faoin gCóras Trádála Astaíochtaí, arna bhunú faoi Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) a chur san áireamh freisin.

(14)

Ba cheart gníomhaíocht a bhfuil ranníocaíocht faighte aici ó Chlár LIFE a bheith in ann ranníocaíocht a fháil freisin ó chláir eile de chuid an Aontais, ar choinníoll nach gcumhdaíonn ranníocaíochtaí den sórt sin na costais chéanna. Níor cheart ach iniúchadh amháin a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí a fhaigheann maoiniú carnach ó chláir éagsúla de chuid an Aontais agus ar bhealach lena gcumhdófar na cláir uile de chuid an Aontais atá i dtrácht agus na rialacha is infheidhme lena mbaineann.

(15)

Sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 3 Feabhra 2017 maidir le ‘The EU Environmental Implementation Review: Common challenges and how to combine efforts to deliver better results’ [Athbhreithniú an Aontais Eorpaigh ar Chur Chun Feidhme an Bheartais Comhshaoil: Dúshláin choiteanna agus conas oibriú as lámh a chéile chun torthaí níos fearr a bhaint amach] (EIR), léirítear gur gá dul chun cinn suntasach a dhéanamh chun dlús a chur le cur chun feidhme acquis an Aontais Eorpaigh maidir leis an gcomhshaol agus chun comhtháthú agus príomhshruthú na gcuspóirí comhshaoil agus aeráide i mbeartais eile a fheabhsú. Ba cheart do Chlár LIFE, dá bhrí sin, gníomhú mar chatalaíoch chun dul i ngleic le dúshláin chórasacha chothrománacha mar aon leis na bunchúiseanna atá leis na heasnaimh sa chur chun feidhme mar a sainaithníodh iad in EIR, agus chun an cur chun cinn is gá a bhaint amach trí chuir chuige nua a fhorbairt, a thástáil agus a mhacasamhlú; trí thacú le beartas a fhorbairt, agus faireachán agus athbhreithniú a dhéanamh air; an rialachas a fheabhsú maidir leis an gcomhshaol, leis an athrú aeráide agus le hábhair a bhaineann leis an aistriú chuig fuinneamh glan, lena n-áirítear trí rannpháirteachas na ngeallsealbhóirí ar gach leibhéal, fothú acmhainneachta, cumarsáid agus feasacht a fheabhsú; infheistíochtaí ó chláir infheistíochta an Aontais nó ó fhoinsí eile airgeadais a shlógadh agus trí thacú le gníomhaíochtaí chun na constaicí éagsúla i gcur chun feidhme éifeachtach na bpríomhphleananna a cheanglaítear le reachtaíocht chomhshaoil a shárú.

(16)

Chun cailliúint na bithéagsúlachta agus díghrádú éiceachóras a stopadh agus a aisiompú, lena n-áirítear in éiceachórais mhuirí, is gá tacú le forbairt, cur chun feidhme, forfheidhmiú agus measúnú reachtaíochta agus beartais ábhartha de chuid an Aontais, lena n-áirítear an teachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 maidir le Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh do 2030 _An Dúlra a thabhairt ar ais isteach inár Saol, Treoir 92/43/CEE ón gComhairle (16), Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) agus Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), go háirithe trí fhorbairt a dhéanamh ar an mbonn eolais chun beartas a fhorbairt agus a chur chun feidhme agus trí dhea-chleachtais agus réitigh ar scála beag nó atá oiriúnaithe do chomhthéacsanna áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta ar leith a fhorbairt, a thástáil, a thaispeáint agus a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear cuir chuige chomhtháite maidir le cur chun feidhme na gcreataí gníomhaíochta a bhfuil tosaíocht tugtha dóibh arna nglacadh de bhun Threoir 92/43/CEE. Ba cheart don Rialachán seo rannchuidiú le gníomhaíocht bhithéagsúlachta a phríomhshruthú i mbeartais an Aontais agus leis an uaillmhian fhoriomlán a bhaint amach arb í 7,5 % den chaiteachas bliantúil faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil a chur ar fáil do chuspóirí bithéagsúlachta in 2024 agus 10 % den chaiteachas bliantúil faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil a chur ar fáil do chuspóirí bithéagsúlachta in 2026 agus in 2027, agus ag an am céanna aon fhorluí atá ann cheana idir na spriocanna aeráide agus bithéagsúlachta a mheas.

Ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit a gcaiteachas i leith na bithéagsúlachta a rianú chun a n-oibleagáidí tuairiscithe a chomhlíonadh faoin gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch. Ba cheart freisin ceanglais maidir le rianú i reachtaíocht ábhartha eile de chuid an Aontais a chomhlíonadh. Ba cheart caiteachas a bhaineann leis an mbithéagsúlacht a rianú i gcomhréir le modheolaíocht éifeachtach thrédhearcach chuimsitheach atá an Coimisiún le leagan amach, i gcomhar le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle, faoi mar a thagraítear dó sa Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, mar aon le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (19).

(17)

Leis na meastóireachtaí agus na measúnuithe a rinneadh le déanaí, lena n-áirítear an t-athbhreithniú meántéarma a rinneadh ar Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2020 agus ar an tSeiceáil Oiriúnachta ar an reachtaíocht maidir leis an dúlra, léirítear go bhfuil an easpa maoinithe leordhóthanaigh ar cheann de na bunchúiseanna is mó le neamhleordhóthanacht cur chun feidhme reachtaíocht an Aontais maidir leis an dúlra agus straitéis na bithéagsúlachta.

Leis na príomhionstraimí cistiúcháin de chuid an Aontais, lena n-áirítear Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa arna bhunú faoi Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) (Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa’), an Ciste Comhtháthaithe arna bhunú faoi Rialachán (AE) Uimh. 1300/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21) (an ‘Ciste Comhtháthaithe’), an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe arna bhunú faoi Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22) (an ‘Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe’) agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe arna bhunú faoi Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 (an ‘Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe’), d’fhéadfaí cuidiú go mór chun freastal ar na riachtanais sin, ar bhonn comhlántach. Le Clár LIFE, d'fhéadfaí tuilleadh feabhsuithe a chur ar éifeachtúlacht príomhshruthaithe den sórt sin trí thionscadail dúlra straitéiseacha atá tiomanta do bheith ag gníomhú mar chatalaíoch do chur chun feidhme reachtaíocht agus bheartas an Aontais maidir leis an dúlra agus leis an mbithéagsúlacht, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí a leagtar amach i gcreataí gníomhaíochta a bhfuil tosaíocht tugtha dóibh arna nglacadh de bhun Threoir 92/43/CEE. Ba cheart, le tionscadail dúlra straitéiseacha, tacú le cláir gníomhaíochtaí sna Ballstáit a bhfuil sé mar aidhm leo cuspóirí ábhartha dúlra agus bithéagsúlachta a phríomhshruthú i mbeartais agus cláir chistiúcháin eile agus, ar an dóigh sin, a áirithiú go slógtar cistí iomchuí chun na beartais sin a chur chun feidhme.

Mar chuid dá bPlean Straitéiseach don Chomhbheartas Talmhaíochta, ba cheart ligean do na Ballstáit a chinneadh sciar áirithe den leithdháileadh ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe a úsáid chun tacaíocht a luamhánú le haghaidh gníomhaíochtaí lena gcomhlánaítear tionscadail dúlra straitéiseacha mar a shainítear faoin Rialachán seo.

(18)

Chun an geilleagar ciorclach agus éifeachtúlacht acmhainní a chur chun cinn, is gá athrú a bheith ann maidir leis an gcaoi a ndéantar ábhair agus táirgí, lena n-áirítear ábhar plaisteach, a dhearadh, a tháirgeadh, a úsáid, a dheisiú, a athúsáid, a athchúrsáil agus a dhiúscairt, ag díriú ar shaolré iomlán na dtáirgí. Ba cheart, le Clár LIFE, cuidiú leis an aistriú chuig samhail an gheilleagair chiorclaigh trí thacaíocht airgeadais lena ndírítear ar ghníomhaithe éagsúla amhail gnólachtaí, údaráis phoiblí agus tomhaltóirí, go háirithe trí bhíthin an teicneolaíocht, na cleachtais agus na réitigh is fearr atá oiriúnaithe do chomhthéacsanna áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta ar leith a chur i bhfeidhm, a fhorbairt agus a mhacasamhlú, lena n-áirítear trí chuir chuige chomhtháite maidir le hord na réiteach dramhaíola a chur i bhfeidhm agus pleananna bainistithe dramhaíola agus pleananna maidir le cosc ar dhramhaíl a chur chun feidhme. Trí thacú leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 16 Eanáir 2018 maidir le ‘A European Strategy for Plastics in a Circular Economy’ [Straitéis Eorpach maidir le hÁbhar Plaisteach i nGeilleagar Ciorclach] a chur chun feidhme, d'fhéadfaí gníomhaíocht a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt go háirithe ar fhadhb an bhruscair mhuirí.

(19)

Tá sé ríthábhachtach go mbeadh ardleibhéal cosanta comhshaoil ann ar mhaithe le sláinte agus dea-bhail shaoránaigh an Aontais. Le Clár LIFE, ba cheart tacú le cuspóirí an Aontais a mhéid a bhaineann le ceimiceáin a tháirgeadh agus a úsáid ar bhealaí as a dtiocfaidh íoslaghdú ar an tionchar mór díobhálach a bhíonn acu ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol, d’fhonn cuspóir an chomhshaoil neamhthocsainigh san Aontas a bhaint amach. Le Clár LIFE, ba cheart tacú freisin le gníomhaíochtaí lena n-éascaítear cur chun feidhme Threoir 2002/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23) chun leibhéil torainn a bhaint amach nach n-eascraíonn tionchar mór diúltach ar shláinte an duine agus rioscaí di astu.

(20)

A mhéid a bhaineann leis an mbeartas aeir, is é cuspóir fadtéarmach an Aontais cáilíocht aeir a bhaint amach ar leibhéal nach mbeadh mórthionchar diúltach aige ar shláinte an duine ná ar an gcomhshaol agus nach mbeadh rioscaí aige do shláinte an duine ná don chomhshaol (24) agus, ag am céanna, na sineirgí idir feabhsuithe cháilíocht an aeir agus an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa á neartú. Tá an pobal ar an eolas faoi thruailliú an aeir agus tá na saoránaigh ag súil le beart ó na húdaráis, go háirithe i limistéir ina bhfuil an daonra agus na héiceachórais nochta d’ardleibhéil truailleán aeir. Le Treoir (AE) 2016/2284 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, leagtar béim ar an ról is féidir a bheith ag cistiú ón Aontas i gcuspóirí maidir le haer glan a bhaint amach. Le Clár LIFE, dá bhrí sin, ba cheart tacú le tionscadail, lena n-áirítear tionscadail chomhtháite straitéiseacha, lena bhféadfaí cistí poiblí agus príobháideacha a luamhánú agus a d’fhéadfadh a bheith ina n-eiseamláir don dea-chleachtas agus chun gníomhú mar chatalaíoch do phleananna agus reachtaíocht maidir le cáilíocht an aeir a chur chun feidhme ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, ilréigiúnach, náisiúnta agus trasnáisiúnta.

(21)

Le Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25), cuireadh ar bun creat chun uiscí dromchla, uiscí cósta, uiscí trasdultacha agus screamhuisce an Aontais a chosaint. Thabharfaí tacaíocht do chuspóirí na Treorach sin trí chuspóirí an bheartais uisce a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr agus iad a chomhtháthú i réimsí beartais eile ar bhealach níos fearr. Le Clár LIFE, dá bhrí sin, ba cheart tacú le tionscadail lena gcuidítear le cur chun feidhme éifeachtach Threoir 2000/60/CE agus reachtaíochta ábhartha eile uisce de chuid an Aontais lena gcuidítear dea-stádas dhobharlaigh an Aontais a bhaint amach trí dhea-chleachtais a chur i bhfeidhm, a fhorbairt agus a mhacasamhlú, chomh maith le trí ghníomhaíochtaí comhlántacha faoi chláir nó foinsí airgeadais eile de chuid an Aontais Eorpaigh a shlógadh.

(22)

Tá cosaint agus athbhunú an chomhshaoil mhuirí ar cheann d'aidhmeanna foriomlána bheartas comhshaoil an Aontais. Le Chlár LIFE, ba cheart tacú leis an méid seo a leanas: an bhithéagsúlacht agus éiceachórais mhuirí a bhainistiú, a chaomhnú, a athbhunú agus faireachán a dhéanamh orthu, go háirithe i láithreáin mhuirí Natura 2000, agus speicis a chosaint i gcomhréir leis na creataí gníomhaíochta a bhfuil tosaíocht tugtha dóibh arna nglacadh de bhun Threoir 92/43/CEE; StádasMaith Comhshaoil a bhaint amach i gcomhréir le Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26); farraigí atá glan agus folláin a chur chun cinn; an teachtaireacht ón gCoimisiún an 16 Eanáir 2018 maidir le Straitéis Eorpach don Phlaisteach i nGeilleagar Ciorclach a chur chun feidhme, aghaidh a thabhairt go háirithe ar an bhfadhb a bhaineann le trealamh iascaireachta caillte agus bruscar muirí; agus rannpháirtíocht an Aontais i rialachas idirnáisiúnta aigéan a chur chun cinn, rud atá ríthábhachtach chun cuspóirí Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe a bhaint amach agus chun aigéin fholláine a áirithiú do ghlúnta amach anseo. Ba cheart a áireamh i dtionscadail chomhtháite straitéiseacha agus tionscadail dúlra straitéiseacha Chlár LIFE gníomhaíochtaí ábhartha arb é is aidhm dóibh an comhshaol muirí a chosaint.

(23)

Chun feabhas a chur ar an rialachas maidir leis an gcomhshaol, leis an athrú aeráide agus le hábhair a bhaineann leis an aistriú fuinnimh, is gá rannpháirteachas na sochaí sibhialta a áirithiú trí fheasacht an phobail a mhúscailt, lena n-áirítear trí straitéis chumarsáide lena gcuirtear san áireamh na meáin nua agus na líonraí sóisialta, rannpháirtíocht na dtomhaltóirí, agus lena méadaítear rannpháirteachas na ngeallsealbhóirí, lena n-áirítear eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna), i gcomhairliúchán maidir le beartais ghaolmhara agus maidir leis na beartais sin a chur chun feidhme ar gach leibhéal. Is iomchuí, dá bhrí sin, go dtacaíonn Clár LIFE le raon leathan d’eagraíochtaí neamhrialtasacha mar aon le líonraí d’eintitis neamhbhrabúsacha a fhéachann le haidhm a bhaint amach atá chun leas ginearálta an Aontais, agus atá gníomhach go príomha i réimse an chomhshaoil nó an ghníomhaithe ar son na haeráide, trí dheontais oibríochta a dhámhachtain ar bhealach iomaíoch agus trédhearcach chun cabhrú le ENRanna, leis na líonraí agus leis na heintitis sin rannchuidiú go héifeachtach le beartas an Aontais agus chun cur lena n-acmhainneacht a bheith ina gcomhpháirtithe níos éifeachtúla, agus an acmhainneacht sin a neartú.

(24)

Cé gur cheart feabhsú an rialachais ar gach leibhéal a bheith ina chuspóir trasearnálach d’fhochláir uile Chlár LIFE, le Clár LIFE, ba cheart tacú le forbairt, cur chun feidhme, forfheidhmiú agus comhlíonadh an acquis maidir leis an gcomhshaol agus an aeráid, go háirithe ó thaobh na reachtaíochta cothrománaí maidir leis an rialachas comhshaoil, lena n-áirítear reachtaíocht lena gcuirtear chun feidhme UNEC Choinbhinsiún Aarhus.

(25)

Le Chlár LIFE, ba cheart gníomhairí margaidh a ullmhú don athrú agus ba cheart tacaíocht a thabhairt dóibh don athrú sin i dtreo geilleagar inbhuanaithe, ciorclach, fuinneamhéifeachtúil, aeráidneodrach, aeráid-díonach atá bunaithe ar an bhfuinneamh inathnuaite trí dheiseanna nua gnó a thástáil, scileanna gairmiúla a uasghrádú, rochtain tomhaltóirí ar earraí agus seirbhísí inbhuanaithe a éascú, lucht tionchair a fhostú agus a chumhachtú agus modhanna nuálacha a thástáil chun na próisis agus an tírdhreach gnó atá ann cheana a oiriúnú. Chun tacú le glacadh níos leithne réiteach inbhuanaithe sa mhargadh, ba cheart glacadh an phobail i gcoitinne agus rannpháirtíocht na dtomhaltóirí a chur chun cinn.

(26)

Tá Clár LIFE deartha chun tacú le taispeáint na dteicnící, na gcur chuige agus na ndea-chleachtas ar féidir iad a mhacasamhlú agus cur leo. Le réitigh nuálacha, rannchuideofaí le feabhas a chur ar an bhfeidhmíocht chomhshaoil agus ar an inbhuanaitheacht, go háirithe chun cleachtais inbhuanaithe feirmeoireachta a fhorbairt sna réimsí atá gníomhach i réimsí na haeráide, an uisce, na hithreach, na bithéagsúlachta agus na dramhaíola. I ndáil leis seo, ba cheart béim a chur ar shineirgí le cláir agus beartais eile, amhail an Chomhpháirtíocht Eorpach Nuálaíochta um Tháirgiúlacht agus Inbhuaine Talmhaíochta agus Scéim AE um Bainistíocht agus Iniúchadh Comhshaoil.

(27)

Ar leibhéal an Aontais, is iondúil go gcistítear infheistíochtaí móra i ngníomhaíochtaí comhshaoil agus aeráide trí mhórchláir chistiúcháin de chuid an Aontais. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, dlús a chur leis na hiarrachtaí príomhshrutha chun an inbhuanaitheacht, an profáil bithéagsúlachta agus an díonadh ar an athrú aeráide maidir leis na gníomhaíochtaí faoi chláir chistiúcháin eile de chuid an Aontais agus chun comhtháthú na gcoimircí inbhuanaitheachta in ionstraimí uile an Aontais a áirithiú. I gcomhthéacs a róil mar chatalaíoch, l leis na tionscadail chomhtháite straitéiseacha agus na tionscadail dúlra straitéiseacha atá le forbairt faoi Chlár LIFE, ba cheart deiseanna maoiniúcháin a luamhánú faoi na cláir chistiúcháin sin agus faoi fhoinsí eile cistiúcháin, amhail cistí náisiúnta, agus ba cheart sineirgí a chruthú.

(28)

Braitheann rath na dtionscadal dúlra straitéiseach agus na dtionscadal comhtháite straitéiseach ar dhlúthchomhar idir na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla agus na gníomhaithe neamhstáit a ndéanann cuspóirí Chlár LIFE difear dóibh. Ba cheart na prionsabail maidir le trédhearcacht agus nochtadh cinntí maidir le forbairt, cur chun feidhme, measúnú agus faireachán tionscadal a chur i bhfeidhm, dá bhrí sin, go háirithe i gcás príomhshruthú nó nuair a bhíonn foinsí iomadúla cistithe i gceist.

(29)

Mar léiriú ar a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an athrú aeráide ar bhealach comhordaithe uaillmhianach, i gcomhréir le gealltanais an Aontais Comhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aaeráide agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme, rannchuideoidh Clár LIFE le gníomhaíochtaí ar son na haeráide a phríomhshruthú agus an sprioc fhoriomlán a bhaint amach 30 % ar a laghad de chaiteachas buiséadach an Aontais a chaitheamh ar thacaíocht do chuspóirí aeráide. Le gníomhaíochtaí faoin Chlár LIFE, táthar ag súil go gcaithfear 61 % d'imchlúdach airgeadais foriomlán Chlár LIFE ar chuspóirí aeráide. Sainaithneofar gníomhaíochtaí ábhartha le linn ullmhú agus chur chun feidhme Chlár LIFE, agus déanfar athmheasúnú ar na gníomhaíochtaí sin i gcomhthéacs na meastóireachtaí agus na bpróiseas athbhreithnithe ábhartha. I gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, ba cheart an prionsabal "gan dochar a dhéanamh" a urramú leis na gníomhaíochtaí a dhéantar faoi Chlár LIFE.

(30)

Agus Clár LIFE á chur chun feidhme, ba cheart aird chuí a thabhairt ar an straitéis maidir leis na réigiúin is forimeallaí, atá sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2017 maidir le ‘A stronger and renewed strategic partnership with the EU's outermost regions’ [Comhpháirtíocht straitéiseach neartaithe athnuaite leis na réigiúin is forimeallaí in AE] i bhfianaise Airteagal 349 CFAE agus riachtanais shonracha na réigiún sin agus a leochailí atá siad. Ba cheart beartais eile an Aontais nach beartais maidir leis an gcomhshaol agus an aeráid iad, agus nach beartais ábhartha maidir leis an bhfuinneamh iad, a chur san áireamh freisin.

(31)

Chun tacú le cur chun feidhme Chlár LIFE, ba cheart don Choimisiún oibriú i gcomhar le líonra Phointí Teagmhála Náisiúnta chlár LIFE chun comhar a spreagadh arb é is aidhm dó seirbhísí na bPpointí Tteagmhála Nnáisiúnta ar fud an Aontais a fheabhsú agus a dhéanamh níos éifeachtaí, chun caighdeán foriomlán na dtograí arna dtíolacadh a mhéadú, seimineáir agus ceardlanna a eagrú, liostaí de thionscadail arna gcistiú faoi Chlár LIFE a fhoilsiú nó tabhairt faoi ghníomhaíochtaí eile, amhail feachtais sna meáin, chun gur fearr is féidir torthaí tionscadail a scaipeadh ar bhealach níos fearr agus éascaíocht a dhéanamh ar mhalartuithe taithí, eolais agus dea-chleachtas agus ar mhacasamhlú torthaí tionscadail ar fud an Aontais, rud a chuirfeadh comhar agus cumarsáid chun cinn. Le gníomhaíochtaí den sórt sin, ba cheart go háirithe díriú ar na Ballstáit ag a bhfuil glacadh íseal cistí agus an chumarsáid agus ba cheart an comhar a éascú idir tairbhithe, iarratasóirí agus geallsealbhóirí tionscadail chríochnaithe nó leanúnacha sa réimse céanna. Tá sé ríthábhachtach go mbeadh na gníomhaíochtaí cumarsáide agus comhair sin dírithe ar na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla agus ar na geallsealbhóirí.

(32)

Ba cheart gurb í an cháilíocht an critéar lena rialaítear an próiseas meastóireachta agus dámhachtana tionscadail i gClár LIFE. Chun cur chun feidhme chuspóirí chlár LIFE ar fud an Aontais a éascú agus chun ardcháilíocht tograí tionscadail a chur chun cinn, ba cheart cistiú do thionscadail cúnaimh theicniúil a bhfuil sé mar aidhm leo rannpháirtíocht éifeachtach i gClár LIFE a chur ar fáil. Ba cheart don Choimisiún cumhdach geografach éifeachtach atá bunaithe ar cháilíocht a shaothrú ar fud an Aontais, lena n-áirítear trí thacú leis na Ballstáit cáilíocht na dtionscadal a mhéadú trí fhothú acmhainneachta. Ba cheart rannpháirtíocht ísealéifeachtach, mar aon le gníomhaíochtaí incháilithe agus critéir dhámhachtana Chlár LIFE a shonrú sa Chlár Oibre Ilbhliantúil de réir rannpháirtíocht agus ráta ratha iarrthóirí na mBallstát faoi seach agus aird á tabhairt, inter alia, ar an daonra agus an dlús daonra, ar limistéar iomlán láithreán Natura 2000 do gach Ballstát arna shloinneadh mar chion de limistéar iomlán Natura 2000 agus mar chion de chríoch Ballstáit arna chumhdach ag láithreáin Natura 2000. Ba cheart na gníomhaíochtaí incháilithe a bheith den chineál sin go bhfuil sé mar aidhm leo feabhas a chur ar cháilíocht na n-iarratas ar thionscadal.

(33)

I gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Eanáir 2018 maidir le 'EU actions to improve environmental compliance and governance'[Gníomhaíochtaí AE chun comhlíonadh agus rialachas comhshaoil a fheabhsú], bunaíodh Líonra an Aontais Eorpaigh maidir le Dlí an Chomhshaoil a Chur Chun Feidhme agus a Fhorfheidhmiú (IMPEL), Líonra Eorpach na n-Ionchúisitheoirí don Chomhshaol (ENPE) agus Fóram Breithiúna an Aontais Eorpaigh don Chomhshaol (EUFJE) chun comhoibriú idir na Ballstáit a éascú chun ról uathúil a imirt i reachtaíocht an Aontais maidir leis an gcomhshaol a fhorfheidhmiú. Cuireann siad go mór le comhsheasmhacht sa dóigh a ndéantar reachtaíocht an Aontais maidir leis an gcomhshaol a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú ar fud an Aontais, le saobhadh iomaíochta a sheachaint agus le cáilíocht an iniúchta comhshaoil agus sásraí forfheidhmithe dlí a fheabhsú trí chóras líonraithe ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal an Bhallstáit araon, agus foráiltear leo do mhalartú faisnéise agus taithí a dhéanamh indéanta ag leibhéil dhifriúla riaracháin, chomh maith le trí oiliúint chríochnúil agus dianphlé i dtaca le saincheisteanna comhshaoil agus na gnéithe forfheidhmithe a bhaineann leo, lena n-áirítear próisis faireacháin agus próisis cheadúcháin. I bhfianaise a mhéid a rannchuidíonn siad le cuspóirí Chlár LIFE, is iomchuí a údarú deontais a dhámhachtain do IMPEL, ENPE agus EUFJE gan glao ar thograí ionas go leanfar tacaíocht a sholáthar do ghníomhaíochtaí na gcomhlachtaí sin. Ina theannta sin, i gcásanna eile d'fhéadfadh sé nach mbeadh gá le glao de bhun cheanglais ghinearálta Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27) (an ‘Rialacháin Airgeadais’), mar shampla comhlachtaí arna n-ainmniú ag na Ballstáit agus atá ag feidhmiú faoina gcúram, i gcás ina sainaithneofar na Ballstáit sin mar thairbhithe deontais trí ghníomh reachtach de chuid an Aontais.

(34)

Is iomchuí imchlúdach airgeadais a leagan síos do chlár LIFE arb éard a bheidh ann an príomh-mhéid tagartha do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, de réir bhrí phointe 18 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le smacht buiséadach, comhar in ábhair bhuiséadacha agus bainistíocht fhónta airgeadais, mar aon le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo hacmhainní dílse nua a thabhairt isteach, do Pharlaimint na hEorpa ahis don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(35)

Ba cheart uasrátaí cómhaoinithe na ndeontas a chómhaoinítear faoi chlár LIFE a shocrú ag leibhéil a bhfuil gá leo chun an leibhéal éifeachtach tacaíochta arna soláthar ag Clár LIFE a choinneáil. Chun an inoiriúnaitheacht a bhfuil gá léi chun freagairt do réimse na ngníomhaíochtaí agus na n-eintiteas atá ann cheana a chur san áireamh, ba cheart go gcuirfeadh rátaí cómhaoinithe sonracha leis an gcinnteacht, fad a choinneofar an méid solúbthachta is gá i gcomhréir leis na riachtanais nó na ceanglais shonracha. Ba cheart na rátaí cómhaoinithe sonracha a bheith faoi réir na n-uasrátaí cómhaoinithe ábhartha bunaithe i gcónaí.

(36)

Tá feidhm ag an Rialachán Airgeadais arna ghlacadh ag Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar bhonn Airteagal 322 CFAE maidir leis an Rialachán seo. Leis an Rialachán Airgeadais, leagtar síos rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear na rialacha maidir le deontais, duaiseanna, soláthar, bainistíocht indíreach, ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha, cúnamh airgeadais agus aisíocaíocht a dhéanamh le saineolaithe seachtracha, agus foráiltear ann do sheiceálacha ar fhreagracht na ngníomhaithe airgeadais. Áirítear freisin i rialacha arna nglacadh ar bhonn Airteagal 322 CFAE córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint.

(37)

I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28), Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (29) ón gComhairle, Rialacháin (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (30) agus (AE) 2017/1939 (31) ón gComhairle, táthar chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin bearta comhréireacha, lena n-áirítear trí neamhrialtachtaí, lena n-áirítear bearta a bhaineann le neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath, a cheartú agus aimscrudú, lena n-áirítear calaois, le cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, pionóis riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialacháin ( Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus (AE, Euratom) Uimh. 833/2013, tá sé de chumhacht ag tá an cumhacht ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais.

Tugtar de chumhacht d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32), a imscrúdú agus a ionchúiseamh. I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, tá aon duine nó aon eintiteas a fhaigheann cistí ón Aontas chun comhoibriú go hiomlán maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, chun na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, agus, i leith na Ballstáit sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, do OIPE, agus chun a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha.

(38)

Ba cheart cineálacha maoiniúcháin agus modhanna cur chun feidhme bhuiséad Chlár LIFE a roghnú ar bhonn a fhónta atá siad ó thaobh cuspóirí sainiúla na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus torthaí a thabhairt, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar chostais rialuithe, ar an ualach riaracháin, agus ar an riosca neamh-chomhlíontachta a mheastar a bheith ann. Maidir le deontais, ba cheart breithniú a dhéanamh ar úsáid cnapshuimeanna, rátaí comhréidhe agus scálaí costas aonaid. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go bhfuil cur chun feidhme éasca le tuiscint, agus ba cheart dó fíorshimpliú a chur chun cinn d’fhorbróirí tionscadail.

(39)

I gcás inarb iomchuí, ba cheart cuspóirí beartais Chlár LIFE a shaothrú trí ionstraimí airgeadais agus trí ráthaíocht bhuiséadach faoi Rialachán (AE) 2021/523, lena n-áirítear tríd an méid arna leithdháileadh ó Chlár LIFE, mar a shonraítear laistigh de na cláir oibre ilbhliantúla faoin gClár sin.

(40)

De bhun Airteagal 94 de Chinneadh 2013/755/AE ón gComhairle (33), tá eintitis atá lonnaithe i dtíortha agus críocha thar lear incháilithe do chistiú faoi réir rialacha agus chuspóirí Chlár LIFE agus faoi réir socruithe féideartha is infheidhme maidir leis an mBallstát lena mbaineann an tír nó an chríoch ábhartha thar lear. Ba cheart eintitis den sórt sin a rannpháirtíocht i gClár LIFE a dhíriú go príomha ar thionscadail a thagann faoin bhfochlár arb é ‘an Dúlra agus an Bhithéagsúlacht’.

(41)

Leis an scéim dheonach maidir le Bithéagsúlacht agus Seirbhísí Éiceachórais i gcríocha Eorpacha Thar Lear (BEST), cuirtear chun cinn caomhnú na bithéagsúlachta, lena n-áirítear an bhithéagsúlacht mhuirí, agus úsáid inbhuanaithe seirbhísí éiceachórais, lena n-áirítear cuir chuige atá bunaithe ar an éiceachóras maidir leis an oiriúnú don athrú aeráide agus an maolú ar an athrú aeráide, sna Réigiúin is Forimeallaí san Aontas agus i dTíortha agus Críocha Thar Lear. Trí réamhghníomhaíocht BEST a glacadh in 2011 agus Clár BEST 2.0 agus tionscadal BEST RUP a tháinig ina diaidh, músclaíodh feasacht maidir le tábhacht éiceolaíoch na Réigiún is Forimeallaí agus na dTíortha agus na gCríoch Thar Lear agus an ról tábhachtach atá acu maidir leis an mbithéagsúlacht dhomhanda a chaomhnú. Measann an Coimisiún gur EUR 8 milliún sa bhliain an tacaíocht airgeadais a theastaíonn do thionscadail ar an láthair sna críocha sin. Chuir na Tíortha agus na Críocha Thar Lear in iúl sna Dearbhuithe Aireachta a rinne siad in 2017 agus 2018 gur mór acu an scéim seo de dheontais bheaga don bhithéagsúlacht. Is iomchuí, dá bhrí sin, go maoineofaí deontais bheaga don bhithéagsúlacht, lena n-áirítear fothú acmhainneachta agus gníomhaíochtaí a bhfuil éifeacht spreagthach acu, faoi Chlár LIFE sna Réigiúin is Forimeallaí san Aontas agus sna Tíortha agus na Críocha Thar Lear ar aon.

(42)

Ba cheart gurbh fhéidir le tríú tíortha a bheith rannpháirteach i gClár LIFE i gcomhréir leis na comhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin lena mbunaítear na coinníollacha sonracha a bhaineann lena rannpháirtíocht.

(43)

Féadfaidh tríú tíortha ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) a bheith rannpháirteach i gcláir de chuid an Aontais faoi chuimsiú an chomhair arna bhunú faoin gComhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (34), ina ndéantar foráil maidir le cur chun feidhme na gclár ar bhonn cinneadh arna ghlacadh faoin gComhaontú sin. Féadfaidh tríú tíortha a bheith rannpháirteach ar bhonn ionstraimí dlí eile freisin. Ba cheart foráil shonrach a thabhairt isteach sa Rialachán seo lena gcuirtear de cheangal ar thríú tíortha na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don oifigeach údarúcháin freagrach, do OLAF agus do Chúirt na nIniúchóirí chun go bhféadfaidh gach ceann díobh a chuid inniúlachtaí féin a fheidhmiú go cuimsitheach.

(44)

De bhun mhíreanna 22 agus 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (35), ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar Chlár LIFE ar bhonn na faisnéise arna bailiú i gcomhréir le ceanglais faireacháin shonracha, agus ag an am céanna ualach riaracháin, ar na Ballstáit go háirithe, agus ró-rialáil, á sheachaint. Ar na ceanglais sin ba cheart a áireamh, i gcás inarb iomchuí, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí Chlár LIFE ar an talamh. Is de thoradh rannchuidithe indíreacha fadtéarmacha nach furasta a thomhas chun raon iomlán cuspóirí comhshaoil agus aeráide de chuid an Aontais a bhaint amach a bhíonn tionchar iomlán ag Clár LIFE. Chun faireachán a dhéanamh ar Chlár LIFE, ba cheart táscairí aschuir dhírigh agus ceanglais rianaithe a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlánú trí tháscairí sonracha a chomhiomlánú ar leibhéal an tionscadail, táscairí ar a dtabharfar tuairisc i gcláir oibre ilbhliantúla nó i nglaonna ar thograí maidir le, inter alia, Natura 2000 agus astaíochtaí truailleán áirithe aeir.

(45)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann leis na cláir oibre ilbhliantúla a ghlacadh, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (36).

(46)

Chun a áirithiú go bhfuil tacaíocht ó Chlár LIFE agus cur chun feidhme an Chláir comhsheasmhach le beartais agus tosaíochtaí an Aontais, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún, chun an Rialachán seo a leasú trí na táscairí a athbhreithniú nó chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí tháscairí sonracha a shainiú do gach fochlár agus cineál tionscadail, i ndáil leis na táscairí, agus trí chreat faireacháin agus meastóireachta a bhunú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(47)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon rannchuidiú le hardleibhéal cosanta comhshaoil agus gníomhaíocht uaillmhianach ar son na haeráide, leis an bhforbairt inbhuanaithe agus le gnóthú na gcuspóirí agus na spriocanna a leagtar síos i reachtaíocht, straitéisí, pleananna agus gealltanais idirnáisiúnta an Aontais maidir leis an gcomhshaol, an bhithéagsúlacht, an aeráid, an geilleagar ciorclach, mar aon leis na cuspóirí agus na spriocanna a leagtar síos i reachtaíocht, straitéisí, pleananna nó gealltanais idirnáisiúnta ábhartha an Aontais maidir leis an bhfuinneamh inathnuaite agus an éifeachtúlacht fuinnimh, trí dhea-rialachas agus cur chuige il-gheallsealbhóirí, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí an Rialacháin seo, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(48)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 a aisghairm.

(49)

Is iomchuí trasdul réidh gan bhriseadh idir an Clár a bhí ann roimhe seo don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE) agus Clár LIFE a áirithiú, agus tús Chlár LIFE a ailíniú le tús an chreata airgeadais ilbhliantúil mar a leagtar síos é i Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle. Dá bhrí sin, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne agus ba cheart feidhm a bheith aige le héifeacht chúlghabhálach ón 1 Eanáir 2021,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, bunaítear Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE) (‘Clár LIFE’) do thréimhse an chreata airgeadais ilbhliantúil 2021 go 2027. Déantar ré Chlár LIFE a ailíniú le ré an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Leagtar síos leis an Rialachán seo freisin cuspóirí Chlár LIFE, an buiséad atá aige don tréimhse 2021-2027, na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘tionscadail dúlra straitéiseacha’ tionscadail lena dtacaítear le cuspóirí dúlra agus bithéagsúlachta an Aontais a bhaint amach trí chláir chomhleanúnacha gníomhaíochta a chur chun feidhme i mBallstáit chun na cuspóirí agus na tosaíochtaí sin a phríomhshruthú i mbeartais agus ionstraimí eile maoiniúcháin, lena n-áirítear trí na creataí gníomhaíochta a bhfuil tosaíocht tugtha dóibh arna nglacadh de bhun Threoir 92/43/CEE a chur chun feidhme ar bhealach comhordaithe;

(2)

ciallaíonn ‘tionscadail chomhtháite straitéiseacha’ tionscadail lena gcuirtear chun feidhme, ar scála réigiúnach, ilréigiúnach, náisiúnta nó trasnáisiúnta, straitéisí nó pleananna gníomhaíochta comhshaoil nó aeráide arna bhforbairt ag údaráis na mBallstát agus a cheanglaítear le reachtaíocht nó beartas sonrach an Aontais maidir leis an gcomhshaol agus leis an aeráid nó reachtaíocht nó beartas sonrach ábhartha an Aontais maidir le fuinneamh agus, ag an am céanna, lena n-áirithítear go bhfuil na geallsealbhóirí rannpháirteach agus lena gcuirtear chun cinn comhordú le foinse chistiúcháin amháin eile ar a laghad de chuid an Aontais, náisiúnta nó phríobháideach agus an fhoinse chistiúcháin sin a shlógadh;

(3)

ciallaíonn ‘tionscadail cúnaimh theicniúil’ tionscadail lena dtugtar tacaíocht chun an acmhainneacht chun páirt a ghlacadh i dtionscadail ghníomhaíochta chaighdeánacha a fhorbairt, tionscadail dúlra straitéiseacha agus tionscadail chomhtháite straitéiseacha a ullmhú, rochtain ar ionstraimí airgeadais eile de chuid an Aontais a ullmhú, nó bearta eile is gá chun ullmhú i gcomhair torthaí ó thionscadail eile arna gcistiú faoi Chlár LIFE, faoi na cláir a tháinig roimhe nó cláir eile de chuid an Aontais a chur á n-úsáid ar scála níos leithne nó a mhacasamhlú, d’fhonn cuspóirí Chlár LIFE a leagtar amach in Airteagal 3 a shaothrú; is féidir a áireamh ar na tionscadail sin fothú acmhainneachta a bhaineann le gníomhaíochtaí údaráis na mBallstát ar mhaithe le rannpháirtíocht éifeachtach i gClár LIFE;

(4)

ciallaíonn “tionscadail ghníomhaíochta caighdeánacha” tionscadail, nach tionscadail chomhtháite straitéiseacha nó tionscadail cúnaimh theicniúil iad, a shaothraíonn cuspóirí sonracha Chlár LIFE;

(5)

ciallaíonn ‘oibríochtaí measctha’ gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear laistigh de shaoráidí measctha de bhun phointe (6) d'Airteagal 2 den Rialachán Airgeadais, lena gcomhcheanglaítear foirmeacha neamh-inaisíoctha tacaíochta, ionstraimí airgeadais, nó iad ar aon, ó bhuiséad an Aontais d'fhoirmeacha inaisíoctha tacaíochta ó institiúidí forbartha nó institiúidí airgeadais poiblí eile, agus ó institiúidí airgeadais tráchtála agus infheisteoirí;

(6)

ciallaíonn ‘eintiteas dlíthiúil’ aon duine nádúrtha nó aon duine dlítheanach atá bunaithe agus aitheanta amhlaidh faoin dlí náisiúnta, faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí idirnáisiúnta, a bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aige agus an cumas aige gníomhú ina ainm nó ina n-ainm féin, cearta a fheidhmiú agus a bheith faoi réir oibleagáidí, nó aon eintiteas nach bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aige i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 197(2) den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 3

Cuspóirí

1.   Is é is cuspóir ginearálta do chlár LIFE cuidiú leis an athrú i dtreo geilleagar inbhuanaithe, ciorclach, fuinneamhéifeachtúil, aeráid-díonach agus aeráidneodrach, atá bunaithe ar an bhfuinneamh inathnuaite, chun cáilíocht an chomhshaoil, lena n-áirítear an t-aer, an t-uisce agus an ithir, a chosaint, a athbhunú agus a fheabhsú agus cailliúint na bithéagsúlachta a stopadh agus a aisiompú agus dul i ngleic le díghrádú na n-éiceachóras, lena n-áirítear trí thacú le cur chun feidhme agus bainistiú líonra Natura 2000, agus leis sin, cuirfear leis an bhforbairt inbhuanaithe. Le Clár LIFE, tacófar freisin le cur chun feidhme na gclár gníomhaíochta ginearálta arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 192(3) CFAE.

2.   Beidh na cuspóirí sonracha seo a leanas ag Clár LIFE:

(a)

teicnící, modhanna agus cuir chuige nuálacha a fhorbairt, a thaispeáint agus a chur chun cinn chun cuspóirí reachtaíocht agus bheartas an Aontais maidir leis an gcomhshaol, lena n-áirítear an dúlra agus an bhithéagsúlacht, agus maidir le gníomhú ar son na haeráide a bhaint amach, lena n-áirítear an t-aistriú chuig fuinneamh inathnuaite agus éifeachtúlacht fuinnimh mhéadaithe, agus rannchuidiú leis an mbonn eolais agus le cur i bhfeidhm dea-chleachtas, go háirithe maidir leis an dúlra agus an bhithéagsúlacht, lena n-áirítear trí thacú le líonra Natura 2000;

(b)

tacú le forbairt, cur chun feidhme, faireachán agus forfheidhmiú reachtaíocht agus bheartas ábhartha an Aontais maidir leis an gcomhshaol, lena n-áirítear an dúlra agus an bhithéagsúlacht, agus maidir le gníomhú ar son na haeráide agus an t-aistriú chuig fuinneamh inathnuaite nó éifeachtúlacht fuinnimh mhéadaithe, lena n-áirítear trí fheabhas a chur ar an rialachas ar gach leibhéal, go háirithe trí acmhainneachtaí gníomhaithe poiblí agus príobháideacha agus rannpháirtíocht na sochaí sibhialta a fheabhsú;

(c)

gníomhú mar chatalaíoch don úsáid mhórscála a bhaintear as réitigh theicniúla agus réitigh a bhfuil baint acu le beartas, ar réitigh rathúla iad, chun reachtaíocht agus beartas ábhartha an Aontais maidir leis an gcomhshaol a chur chun feidhme, lena n-áirítear an dúlra agus an bhithéagsúlacht, agus maidir le gníomhú ar son na haeráideagus an t-aistriú chuig fuinneamh inathnuaite nó éifeachtúlacht fuinnimh mhéadaithe trí thorthaí a mhacasamhlú, cuspóirí gaolmhara a chomhtháthú i mbeartais eile agus i gcleachtais san earnáil phoiblí agus phríobháideach, trí infheistíocht a shlógadh agus trí rochtain ar mhaoiniú a fheabhsú.

Airteagal 4

Struchtúr

Seo a leanas struchtúr Chlár LIFE:

(1)

an réimse arb í ‘an Comhshaol’, ina n-áirítear:

(a)

an fochlár arb é ‘an Dúlra agus an Bhithéagsúlacht’;

(b)

an fochlár arb é ‘an Geilleagar Ciorclach agus Caighdeán na Beatha’;

(2)

an réimse arb í ‘Gníomhú ar son na hAeráide’, ina n-áirítear:

(a)

an fochlár arb é ‘an Maolú ar an Athrú Aeráide agus an tOiriúnú don Athrú sin’;

(b)

an fochlár arb é ‘an tAistriú chuig Fuinneamh Glan’.

Airteagal 5

Buiséad

1.   Is é EUR 5 432 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme Chlár LIFE don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027.

2.   Maidir leis an méid dá dtagraítear i mír 1, is mar a leanas a dháileadh táscach:

(a)

EUR 3 488 000 000 don réimse arb í ‘an Comhshaol’, ina n-áirítear

(i)

EUR 2 143 000 000 le haghaidh an fhochláir arb é ‘an Dúlra agus an Bhithéagsúlacht’, agus

(ii)

EUR 1 345 000 000 le haghaidh an fhochláir arb é ‘an Geilleagar Ciorclach agus Caighdeán na Beatha’;

(b)

EUR 1 944 000 000 don réimse maidir le gníomhú ar son na haeráide, ina n-áirítear

(i)

EUR 947 000 000 le haghaidh an fhochláir arb é ‘an Maolú ar an Athrú Aeráide agus Oiriúnú don athrú sin’;

(ii)

EUR 997 000 000 le haghaidh an fhochláir arb é ‘an t-Aistriú chuig Fuinneamh Glan’.

3.   Ní dochar na méideanna dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 do na forálacha maidir le solúbthacht a leagtar amach i Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 agus sa Rialachán Airgeadais.

4.   D'ainneoin mhír 2, déanfar 60 % ar a laghad de na hacmhainní buiséadacha arna leithdháileadh ar thionscadail a dtacaítear leo trí bhíthin deontais ghníomhaíochta faoin réimse arb í 'an Comhshaol' dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2 a thiomnú do dheontais do thionscadail lena dtacaítear leis an bhfochlár 'An Dúlra agus An Bhithéagsúlacht' dá dtagraítear i bpointe (a)(i) de mhír 2.

5.   Le Clár LIFE, féadfar maoiniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí teicniúla agus cúnaimh riaracháin a dhéanann an Coimisiún chun é a chur chun feidhme, amhail gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, lena n-áirítear maidir le córais teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha, agus gníomhaíochtaí líonra lena dtacaítear le Pointí Teagmhála Náisiúnta Chlár LIFE, lena n-áirítear oiliúint, gníomhaíochtaí foghlama frithpháirteacha agus imeachtaí chun taithí a chomhroinnt.

6.   Le Clár LIFE, féadfar gníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme ag an gCoimisiún a mhaoiniú chun tacú le reachtaíocht agus beartais maidir leis an gcomhshaol agus leis an aeráid mar aon le reachtaíocht agus beartais ábhartha an Aontais maidir le fuinneamh a ullmhú, a chur chun feidhme agus a phríomhshruthú chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach. Féadfaidh an méid seo a leanas a bheith san áireamh leis na gníomhaíochtaí sin:

(a)

faisnéis agus cumarsáid, lena n-áirítear feachtais múscailte feasachta, agus cumarsáid chorparáideach maidir le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais agus, ina theannta sin, maidir le stádas chur chun feidhme agus thrasuí reachtaíocht maidir leis an gcomhshaol agus leis an aeráid mar aon le stádas chur chun feidhme agus thrasuí reachtaíocht ábhartha an Aontais maidir le fuinneamh;

(b)

staidéir, suirbhéanna, samhaltú agus cruthú creatlaí cáis;

(c)

reachtaíocht, beartais agus cláir a ullmhú agus a chur chun feidhme agus faireachán, seiceáil agus meastóireacht a dhéanamh orthu, mar aon le measúnú agus anailís a dhéanamh ar thionscadail nach bhfuil cistithe ó Chlár LIFE, má fhónann siad do na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3;

(d)

ceardlanna, comhdhálacha agus cruinnithe;

(e)

líonrú, agus ardáin dea-chleachtais;

(f)

gníomhaíochtaí eile, amhail duaiseanna a dhámhachtain.

Airteagal 6

Tríú tíortha atá comhlachaithe le Clár LIFE

1.   Féadfaidh na tríú tíortha seo a leanas bheith rannpháirteach i gClár LIFE:

(a)

comhaltaí de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch;

(b)

tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais faoi seach, nó i gcomhaontuithe comhchosúla agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos i gcomhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;

(c)

tíortha de Bheartas Comharsanachta na hEorpa, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais faoi seach, nó i gcomhaontuithe comhchosúla, agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos i gcomhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;

(d)

tríú tíortha eile, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gcomhaontú sonrach lena gcumhdaítear rannpháirtíocht an tríú tír in aon chlár de chuid an Aontais, ar choinníoll, maidir leis an gcomhaontú:

(i)

go n-áirithítear leis cothromaíocht chóir idir ranníocaíochtaí agus sochair an tríú tír atá páirteach i gcláir an Aontais;

(ii)

go leagtar síos leis coinníollacha do rannpháirtíocht sna cláir, lena n-áirítear ríomh na ranníocaíochtaí airgeadais le cláir aonair, agus a gcostais riaracháin;

(iii)

nach dtugtar leis cumhacht cinnteoireachta don tríú tír i dtaca leis an gClár de chuid an Aontais;

(iv)

go ráthaítear cearta an Aontais chun bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú agus chun a leasanna airgeadais a chosaint.

Ioncam sannta i gcomhréir le hAirteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais a bheidh sna ranníocaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (d)(ii) den chéad fhomhír;

2.   I gcás ina mbeidh tríú tír rannpháirteach i gClár LIFE trí bhíthin cinneadh arna ghlacadh de bhun comhaontú idirnáisiúnta nó ar bhonn aon ionstraime dlí eile, tabharfaidh an tríú tír na cearta agus an rochtain is gá don oifigeach údarúcháin atá freagrach, do OLAF agus don Chúirt Iniúchóirí chun a n-inniúlachtaí faoi seach a fheidhmiú go cuimsitheach. I gcás OLAF, áireofar sna cearta sin an ceart imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, dá bhforáiltear le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013.

Airteagal 7

Comhar idirnáisiúnta

Agus Clár LIFE á chur chun feidhme, beidh comhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha, agus lena n-institiúidí agus lena gcomhlachtaí, indéanta i gcás inar gá chun na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 a bhaint amach.

Airteagal 8

Sineirgí le cláir eile de chuid an Aontais

Éascóidh an Coimisiún cur chun feidhme comhsheasmhach Chlár LIFE. Éascóidh an Coimisiún agus na Ballstáit comhordú le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa+ arna bhunú faoi Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) (‘Ciste Sóisialta na hEorpa+), an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe, an Fhís Eorpach, an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa arna bhunú faoi Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (37) agus Clár InvestEU arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2021/523, agus comhsheasmhacht na gcistí sin a bhaint amach chun sineirgí a chruthú, go háirithe maidir le tionscadail dúlra straitéiseacha agus tionscadail chomhtháite straitéiseacha, agus chun tacú le glacadh réitigh arna bhforbairt faoi Chlár LIFE agus na réitigh sin a mhacasamhlú. Féachfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit le comhlántacht a shaothrú ar gach leibhéal.

Airteagal 9

Cur chun feidhme agus foirmeacha cistiúcháin ón Aontas

1.   Is tríd an mbainistíocht dhíreach a chuirfidh an Coimisiún Clár LIFE chun feidhme, nó tríd an mbainistíocht indíreach le comhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais.

2.   Féadfar cistiú a sholáthar ó Chlár LIFE in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, go háirithe deontais, duaiseanna agus soláthar. Féadfaidh sé maoiniú a sholáthar freisin i bhfoirm ionstraimí airgeadais laistigh d'oibríochtaí measctha.

3.   Leithdháilfear 85% ar a laghad den bhuiséad le haghaidh Chlár LIFE:

(a)

ar dheontais dá dtagraítear in Airteagal 11(2) agus (6);

(b)

ar thionscadail arna maoiniú trí fhoirmeacha eile cistiúcháin a mhéid a shonraítear laistigh den chlár oibre ilbhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 18; nó

(c)

i gcás inarb iomchuí agus a mhéid a shonraítear sa chlár oibre ilbhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 18, ar mhaoiniú i bhfoirm ionstraimí airgeadais laistigh d’oibríochtaí measctha dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo.

Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh na tionscadail arna maoiniú le cineálacha eile cistiúcháin go hiomlán i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3.

Is é EUR 15 mhilliún an t-uasmhéid a leithdháilfear ar dheontais dá dtagraítear in Airteagal 11(4).

4.   Beidh na huasrátaí cómhaoinithe do na gníomhaíochtaí incháilithe dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) d’Airteagal 11(2) den Rialachán seo comhionann le suas le 60% de na costais incháilithe agus suas le 75 % i gcás na dtionscadal arna gcistiú faoin bhfochlár arb é "an Dúlra agus an Bhithéagsúlacht", go háirithe na tionscadail a bhaineann le gnáthóga nó speicis tosaíochta mar chuid de chur chun feidhme Threoir 92/43/CEE, nó a bhaineann leis na speicis éan ar tosaíocht chistiúcháin iad de réir an Choiste um Oiriúnú don Dul Chun Cinn Eolaíoch agus Teicniúil, a bunaíodh de bhun Airteagal 16 de Threoir 2009/147/CE, nuair is gá sin chun an cuspóir caomhantais a bhaint amach. Maidir leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 11(6) den Rialachán seo, beidh an t-uasráta cómhaoinithe comhionann le 70% de na costais incháilithe. Gan dochar do na huasrátaí cómhaoinithe ábhartha socraithe, tabharfar sainmhíniú breise ar na rátaí sonracha sa chlár oibre ilbhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 18 den Rialachán seo. Féadfar na rátaí sonracha a oiriúnú i gcomhréir leis na ceanglais maidir le gach fochlár, cineál tionscadail nó cineál deontais.

I gcás na dtionscadal dá dtagraítear in Airteagal 11(4), ní sháróidh na huasrátaí cómhaoinithe 95 % de na costais incháilithe le linn thréimhse an chéad chláir oibre ilbhliantúil; i gcás an dara clár oibre ilbhliantúil agus faoi réir deimhniú sa chlár oibre sin, beidh an ráta cómhaoinithe comhionann le 75 % de na costais incháilithe.

5.   Beidh an cháilíocht mar an critéar lena rialaítear an próiseas meastóireachta agus dámhachtana tionscadail i gclár LIFE. Féachfaidh an Coimisiún le cumhdach geografach éifeachtach atá bunaithe ar cháilíocht a shaothrú ar fud an Aontais, lena n-áirítear trí thacú leis na Ballstáit cáilíocht na dtionscadal a mhéadú trí fhothú acmhainneachta.

CAIBIDIL II

Incháilitheacht

Airteagal 10

Deontais

Déanfar deontais faoi Chlár LIFE a thabhairt agus a bhainistiú i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 11

Gníomhaíochtaí incháilithe

1.   Ní bheidh incháilithe do chistiú ach gníomhaíochtaí lena gcuirtear chun feidhme na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3.

2.   Féadfar na cineálacha gníomhaíochta seo a leanas a mhaoiniú le deontais:

(a)

tionscadail dúlra straitéiseacha faoin bhfochlár dá dtagraítear i bpointe (1)(a) d'Airteagal 4;

(b)

tionscadail chomhtháite straitéiseacha faoi na fochláir dá dtagraítear i bpointí (1)(b), (2)(a) agus 2(b) d'Airteagal 4;

(c)

tionscadail cúnaimh theicniúil;

(d)

tionscadail gníomhaíochtaí caighdeánacha;

(e)

gníomhaíochtaí eile a bhfuil gá leo ar mhaithe leis an gcuspóir ginearálta a leagtar amach in Airteagal 3(1) a bhaint amach, lena n-áirítear gníomhaíochtaí comhordaithe agus tacaíochta atá dírithe ar fhothú acmhainneachta, ar scaipeadh faisnéise agus eolais, agus ar mhúscailt feasachta chun tacú leis an aistriú chuig fuinneamh inathnuaite agus le héifeachtúlacht fuinnimh mhéadaithe.

3.   Sna tionscadail faoin bhfochlár arb é ‘an Dúlra agus an Bhithéagsúlacht’ a bhaineann le láithreáin Natura 2000 a bhainistiú, a athbhunú agus faireachán a dhéanamh orthu i gcomhréir le Treoracha 92/43/CEE agus 2009/147/CE, cuirfear san áireamh na tosaíochtaí a leagtar amach sna pleananna, na straitéisí agus na beartais náisiúnta agus réigiúnacha maidir le caomhnú an dúlra agus na bithéagsúlachta, lena n-áirítear i gcreataí gníomhaíochta tosaíochta arna nglacadh de bhun Threoir 92/43/CEE.

4.   Le tionscadail cúnaimh theicniúil le haghaidh fothú acmhainneachta a bhaineann le gníomhaíochtaí údaráis na mBallstát chun feabhas a chur ar an rannpháirtíocht éifeachtach i gClár LIFE, tacófar le gníomhaíochtaí na mBallstát sin gur beag leibhéal a rannpháirtíochta, d’fhonn seirbhísí na bPointí Teagmhála Náisiúnta ar fud an Aontais a fheabhsú agus chun cáilíocht fhoriomlán na dtograí arna dtíolacadh a mhéadú.

5.   Féadfar gníomhaíochtaí lasmuigh de Bhallstát nó de thír nó críoch thar lear atá nasctha leis a mhaoiniú le deontais, ar choinníoll go saothraítear leis an tionscadal cuspóirí comhshaoil agus aeráide de chuid an Aontais agus go bhfuil gá leis na gníomhaíochtaí sin chun éifeachtacht na n-idirghabhálacha a áirithiú a dhéantar i mBallstát nó i dtír nó críoch thar lear atá nasctha leis, nó chun tacú le comhaontuithe idirnáisiúnta a bhfuil an tAontas ina pháirtí iontu trí rannchuidiú a sholáthar chun comhdhálacha iltaobhacha a reáchtáil. Is é EUR 3,5 milliún uasmhéid an rannchuidithe a sholáthrófar do chomhaontuithe idirnáisiúnta chun comhdhálacha iltaobhacha a reáchtáil le linn ré Chlár LIFE a luaitear in Airteagal 1, agus ní áireofar deontais den sórt sin chun an tairseach dá dtagraítear sa chéad fhomhír d'Airteagal 9(3) a bhaint amach.

6.   Le deontais oibriúcháin, tacófar le feidhmiú na n-eintiteas neamhbhrabúsach atá bainteach le forbairt, cur chun feidhme agus forfheidhmiú reachtaíocht agus bheartas an Aontais, agus ar deontais oibriúcháin iad atá gníomhach go príomha i réimse an chomhshaoil nó gníomhaithe ar son na haeráide, lena n-áirítear aistriú fuinnimh i gcomhréir le cuspóirí Chlár LIFE dá dtagraítear a leagtar amach in Airteagal 3.

Airteagal 12

Eintitis incháilithe

1.   Beidh feidhm ag na critéir incháilitheachta a leagtar amach i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo maidir le heintitis chomh maith leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 197 den Rialachán Airgeadais.

2.   Beidh na heintitis seo a leanas incháilithe:

(a)

eintitis dhlíthiúla atá bunaithe in aon cheann de na tíortha nó na críocha seo a leanas:

(i)

Ballstát nó tír nó críoch thar lear atá bainteach leis an mBallstát sin;

(ii)

tríú tír atá comhlachaithe le Clár LIFE;

(iii)

tríú tíortha eile atá liostaithe sa chlár oibre ilbhliantúil, dá dtagraítear in Airteagal 18, faoi na coinníollacha a shonraítear i míreanna 4 agus 5 den Airteagal seo;

(b)

aon eintiteas dlíthiúil a bunaíodh faoi dhlí an Aontais nó aon eagraíocht idirnáisiúnta.

3.   Ní bheidh daoine nádúrtha incháilithe.

4.   Go heisceachtúil, beidh eintitis dhlíthiúla atá bunaithe i dtríú tír nach bhfuil comhlachaithe le Clár LIFE incháilithe lena bheith rannpháirteach sa chlár i gcás ina bhfuil sin riachtanach chun cuspóirí gníomhaíochta ar leith a bhaint amach chun éifeachtúlacht na n-idirghabhálacha a dhéantar san Aontas a áirithiú.

5.   I bprionsabal déanfaidh eintitis dhlíthiúla atá bunaithe i dtríú tír nach bhfuil comhlachaithe le Clár LIFE costais a rannpháirtíochta a sheasamh.

Airteagal 13

Dámhachtain dhíreach

Gan dochar d'Airteagal 188 den Rialachán Airgeadais, féadfar deontais a dhámhachtain, gan glao ar thograí, ar na comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo,

Airteagal 14

Critéir dhámhachtana a shonrú

Leagfaidh an Coimisiún na critéir dhámhachtana amach sa chlár oibre ilbhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 18 agus sna glaonna ar thograí, agus na prionsabail seo a leanas á gcur san áireamh:

(a)

tá na tionscadail sin a ndéanfaidh Clár LIFE maoiniú orthu le bheith chun leas an Aontais trí rannchuidiú suntasach a dhéanamh le cuspóirí ginearálta agus sonracha Chlár LIFE a bhaint amach, níl siad chun an bonn a bhaint de na cuspóirí sin, agus tá siad, aon uair is féidir, chun úsáid an tsoláthair phoiblí ghlais a chur chun cinn;

(b)

tá cur chuige costéifeachtach le háirithiú leo agus tá siad le bheith comhleanúnach ó thaobh na teicneolaíochta agus an airgeadais de;

(c)

tá tosaíocht le tabhairt do na tionscadail is mó a d’fhéadfadh rannchuidiú le baint amach na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3;

(d)

tá bónas le tabhairt, tráth a dhéanfar meastóireacht orthu, do na tionscadail lena soláthraítear comhthairbhí agus lena gcuirtear chun cinn sineirgí idir na fochláir dá dtagraítear in Airteagal 4;

(e)

tá bónas le tabhairt, tráth a dhéanfar meastóireacht orthu, do na tionscadail ar mó an deis go ndéanfaidh na hearnálacha poiblí nó príobháideacha iad a mhacasamhlú agus a ghlacadh nó lena ndéanfar na hinfheistíochtaí nó na hacmhainní airgeadais is mó a shlógadh (poitéinseal chun gníomhú mar chatalaíoch);

(f)

tá inmhacasamhlú thorthaí na dtionscadal gníomhaíochtaí caighdeánacha le háirithiú;

(g)

tá bónas le tabhairt, tráth a dhéanfar meastóireacht orthu, do na tionscadail sin a chuirfidh le torthaí tionscadal eile nó a chuirfidh le húsáid na dtorthaí sin ar scála níos mó, ar tionscadail iad arna gcistiú faoi Chlár LIFE, faoi na cláir a tháinig roimhe nó le cistí eile de chuid an Aontais;

(h)

i gcás inarb iomchuí, tá aird speisialta le tabhairt ar thionscadail i limistéir gheografacha a bhfuil riachtanais shonracha nó leochaileachtaí sonracha acu, amhail limistéir a bhfuil dúshláin shonracha chomhshaoil nó srianta nádúrtha iontu, limistéir thrasteorann, limistéir ardluacha nádúrtha agus réigiúin fhorimeallacha.

Airteagal 15

Costais incháilithe a bhaineann le ceannach talún

De bhreis ar na critéir a leagtar amach in Airteagal 186 den Rialachán Airgeadais, measfar costais a bhaineann le ceannach talún a bheith incháilithe, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

cuidíonn an ceannachán le feabhsú, cothabháil agus athchóiriú shláine líonra Natura 2000 a bunaíodh de bhun Airteagal 3 de Threoir 92/43/CEE, lena n-áirítear trí nascacht a fheabhsú trí chonairí, áiseanna foráis, nó eilimintí eile den bhonneagar glas a chruthú;

(b)

is é ceannach talún an t-aon bhealach amháin nó an bealach is costéifeachtaí chun an toradh iarrtha i dtaobh caomhnú de a bhaint amach;

(c)

cuirtear an talamh arna ceannach in áirithe ar bhonn fadtéarmach d’úsáidí a bheidh comhsheasmhach le cuspóirí sonracha Chlár LIFE; agus

(d)

áirithíonn an Ballstát lena mbaineann, ar mhodh aistrithe nó ar dhóigh eile, go sannfar an talamh sin go fadtéarmach chun críocha chaomhnú an dúlra.

Airteagal 16

Maoiniú carnach agus malartach

1.   Féadfaidh gníomhaíocht a bhfuil ranníocaíocht faighte aici ó chlár eile de chuid an Aontais ranníocaíocht a fháil faoi Chlár LIFE freisin, ar choinníoll nach gcumhdaíonn na ranníocaíochtaí na costais chéanna agus go saothraíonn an ghníomhaíocht na cuspóirí comhshaoil nó aeráide a leagtar amach in Airteagal 3, agus nach mbaineann sí an bonn d’aon cheann acu. Beidh feidhm ag rialacha an chláir ábhartha de chuid an Aontais maidir leis rannchuidiú comhfhreagrach leis an ngníomhaíocht. Ní rachaidh an maoiniú carnach thar chostais incháilithe iomlána na gníomhaíochta Féadfar an tacaíocht ó chláir éagsúla an Aontais a ríomh ar bhonn pro-rata i gcomhréir leis na doiciméid lena leagtar amach na coinníollacha tacaíochta.

2.   Maidir le tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, ó Chiste Sóisialta na hEorpa+ nó ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, i gcomhréir leis na forálacha ábhartha de Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leo sin agus maidir leis an gCiste Tearmainn agus Imirce, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais do Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí agus na forálacha ábhartha de Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha arna dtarraingt suas ag na Ballstáit faoin gComhbheartas Talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha faoi CBT) agus arna maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle féadfar í a thabhairt do ghníomhaíochtaí ar bronnadh deimhniú ‘an tSéala Barr Feabhais’ orthu faoi Chlár LIFE trí na coinníollacha carnacha seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)

rinneadh measúnú orthu i nglao ar thograí faoi Chlár LIFE;

(b)

comhlíonann siad íoscheanglais cháilíochta an ghlao sin ar thograí;

(c)

ní féidir iad a mhaoiniú faoin nglao sin ar thograí i ngeall ar shrianta buiséadacha.

CAIBIDIL III

Oibríochtaí measctha

Airteagal 17

Oibríochtaí measctha

Cuirfear oibríochtaí measctha faoi Chlár LIFE chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/523 agus le Teideal X den Rialachán Airgeadais, agus aird chuí á tabhairt ar na ceanglais inbhuanaitheachta agus thrédhearcachta.

CAIBIDIL IV

Clársceidealú, faireachán, tuairisciú agus meastóireacht

Airteagal 18

Clár oibre ilbhliantúil

1.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cláir oibre ilbhliantúla a ghlacadh do Chlár LIFE. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(2).

2.   Déanfar le gach clár oibre ilbhliantúil, i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 3, an méid seo a leanas a shonrú:

(a)

na méideanna atá le leithdháileadh faoi chuimsiú gach fochláir idir na riachtanais a luaitear sna fochláir sin agus na cineálacha éagsúla cistiúcháin, mar aon leis an uasmhéid iomlán atá le leithdháileadh ar dheontais, dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) d'Airteagal 11(2);

(b)

an uasmhéid iomlán do mhaoiniú i bhfoirm ionstraimí airgeadais laistigh d'oibríochtaí measctha faoi Chlár LIFE, i gcás inarb infheidhme;

(c)

an méid iomlán do dheontais atá le dámhachtain do na comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I i gcomhréir le hAirteagal 13;

(d)

topaicí tionscadail nó na riachtanais shonracha a bhfuil réamh-leithdháileadh cistiúcháin ann do na tionscadail dá dtagraítear i bpointí (c) agus (d) d'Airteagal 11(2);

(e)

na straitéisí agus na pleananna a ndíreofar orthu trí thionscadail chomhtháite straitéiseacha dá bhféadfar cistiú a iarraidh do thionscadail dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 11(2);

(f)

an uastréimhse incháilitheachta do chur chun feidhme na dtionscadal;

(g)

tráthchláir tháscacha le haghaidh na nglaonna ar thograí le haghaidh na tréimhse arna cumhdach leis an gclár oibre ilbhliantúil;

(h)

an mhodheolaíocht theicniúil do nós imeachta tíolactha agus roghnúcháin na dtionscadal, agus na critéir dhámhachtana, i gcomhréir leis na gnéithe dá dtagraítear in Airteagal 14;

(i)

na rátaí cómhaoinithe dá dtagraítear in Airteagal 9(4);

(j)

na huasrátaí cómhaoinithe do na gníomhaíochtaí incháilithe dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 11(2);

(k)

i gcás inarb ábhartha, rialacha mionsonraithe maidir le maoiniú carnach agus malartach a chur i bhfeidhm;

(l)

an rannpháirtíocht ísealéifeachtach agus na gníomhaíochtaí incháilithe agus na critéir dhámhachtana do thionscadail cúnaimh theicniúil le haghaidh an fhothaithe acmhainneachta a bhaineann le gníomhaíochtaí údaráis na mBallstát a dhéantar ar mhaithe le rannpháirtíocht éifeachtach i gClár LIFE.

3.   Ceithre bliana a bheidh i ré an chéad chláir oibre ilbhliantúil agus trí bliana a bheidh i ré an dara clár oibre ilbhliantúil.

4.   Faoi chuimsiú na gclár oibre ilbhliantúil, foilseoidh an Coimisiún glaonna ar thograí don tréimhse atá cumhdaithe. Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar na cistí nár úsáideadh i nglao ar thograí ar leith a leithdháileadh idir na cineálacha éagsúla gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 11(2) sa réimse céanna.

5.   Áiritheoidh an Coimisiún go rachfar i gcomhairle leis na geallsealbhóirí maidir le forbairt na gclár oibre ilbhliantúil.

Airteagal 19

Faireachán agus tuairisciú

1.   Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le dul chun cinn Chlár LIFE, i dtreo na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach, bunaithe ar na táscairí a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

2.   Chun a áirithiú go ndéanfar measúnú éifeachtach ar dhul chun cinn Chlár LIFE maidir le gnóthú a chuspóirí, tugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 23, chun Iarscríbhinn II a leasú chun na táscairí a scrúdú nó a chomhlánú i gcás ina measfar gur gá sin, lena n-áirítear d'fhonn iad a ailíniú le táscairí a leagtar amach i leith cláir eile de chuid an Aontais, agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú.

3.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí tháscairí sonracha a shainiú, ar bhonn Iarscríbhinn II, do gach fochlár agus do gach cineál tionscadail.

4.   Áiritheoidh an Coimisiún go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus torthaí an Chláir ar dhóigh éifeachtúil, éifeachtach agus thráthúil. Chuige sin, agus i gcomhréir le modheolaíochtaí ábhartha, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí ón Aontas chun gur féidir táscairí in-chomhiomlánaithe aschuir agus tionchair a thiomsú do na cuspóirí ábhartha sonracha uile beartais comhshaoil agus aeráide, lena n-áirítear i dtaca le Natura 2000 agus astaíochtaí truailleán áirithe aeir, CO2 san áireamh.

5.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán agus tuairisciú rialta ar phríomhshruthú cuspóirí aeráide agus bithéagsúlachta, lena n-áirítear méid an chaiteachais. Agus aird á tabhairt ar chineál Chlár LIFE, is é sin clár atá dírithe ar an éileamh, táthar ag súil go rannchuideoidh 61 % de mhéid foriomlán Chlár LIFE mar a shainítear in Airteagal 5 leis an sprioc buiséid ar fad de 30 % ar a laghad den chaiteachas a rannchuidíonn le cuspóirí aeráide. Déanfar an rannchuidiú sin a rianú trí chóras marcóirí aeráide an Aontais. Rannchuideoidh an Rialachán seo le gníomhaíocht bhithéagsúlachta a phríomhshruthú i mbeartais an Aontais agus leis an uaillmhian fhoriomlán a bhaint amach 7,5 % den chaiteachas bliantúil faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil a chur ar fáil do chuspóirí bithéagsúlachta sa bhliain 2024, agus 10 % den chaiteachas bliantúil faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil a chur ar fáil do chuspóirí bithéagsúlachta in 2026 agus in 2027, agus ag an am céanna aon fhorluí atá ann cheana idir na spriocanna aeráide agus bithéagsúlachta a bhreithniú.

Rianófar caiteachas a bhaineann leis an mbithéagsúlacht trí bhíthin modheolaíocht éifeachtach thrédhearcach chuimsitheach atá an Coimisiún le leagan amach, i gcomhar le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle, dá dtagraítear sa Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le smacht buiséadach, comhar in ábhair bhuiséadacha agus bainistíocht fhónta airgeadais, mar aon le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár maidir le hacmhainní dílse nua a thabhairt isteach. Na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a mheastar a rannchuideoidh le cuspóirí comhshaoil agus aeráide faoi seach a bhaint amach le linn na tréimhse 2021–2027 den chreat airgeadais ilbhliantúil ar an leibhéal iomchuí imdhealaithe, úsáidfear na modhanna rianaithe sin chun iad a chainníochtú. Cuirfear an caiteachas i láthair go bliantúil i Ráiteas an Chláir. Tabharfar tuairisc go tráthrialta ar an dóigh a rannchuidíonn Clár LIFE le cuspóirí aeráide agus bithéagsúlachta an Aontais a bhaint amach i gcomhthéacs meastóireachtaí agus na tuarascála bliantúla.

6.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar shineirgí idir Clár LIFE agus cláir chomhlántacha eile de chuid an Aontais, agus sineirgí idir a fhochláir.

Airteagal 20

Meastóireacht

1.   Agus aird á tabhairt ar thosaíochtaí aeráide agus comhshaoil an Aontais, déanfaidh an Coimisiún meastóireachtaí dá bhforáiltear faoin Rialachán seo go tráthúil mar chuid den phróiseas cinnteoireachta, agus aird chuí á tabhairt ar chomhleanúnachas, ar shineirgí, ar bhreisluach an Aontais agus ar an inbhuanaitheacht fhadtéarmach.

2.   Déanfaidh an Coimisiún an mheastóireacht eatramhach ar Chlár LIFE ach a mbeidh faisnéis leordhóthanach ar fáil ar chur chun feidhme an chláir, ach tráth nach faide ná 42 mhí tar éis thús chur chun feidhme Chlár LIFE agus úsáid á baint as na táscairí a leagtar amach i gcomhréir le hIarscríbhinn II.

Cumhdófar an méid seo a leanas ar a laghad sa mheastóireacht:

(a)

gnéithe cáilíochtúla agus cainníochtúla de chur chun feidhme Chlár LIFE;

(b)

éifeachtúlacht úsáid na n-acmhainní;

(c)

a mhéid a baineadh cuspóirí na mbeart uile amach, ag sonrú, i gcás inar féidir, na torthaí agus an tionchar;

(d)

rath iarbhír na dtionscadal nó an rath a bhfuiltear ag súil leis uathu maidir le cistí eile de chuid an Aontais a luamhánú, agus go háirithe na buntáistí a bhaineann le comhleanúnachas méadaithe le hionstraimí airgeadais eile de chuid an Aontais á gcur san áireamh;

(e)

a mhéid a baineadh sineirgí idir na cuspóirí amach agus comhlántacht Chlár LIFE le cláir ábhartha eile de chuid an Aontais;

(f)

breisluach Eorpach agus tionchar fadtéarmach Chlár LIFE, d'fhonn cinneadh a dhéanamh maidir le bearta a athnuachan, a mhodhnú nó a chur ar fionraí;

(g)

a mhéid a bhí na geallsealbhóirí páirteach inti;

(h)

anailís cháilíochtúil agus chainníochtúil ar a mhéid a rannchuidíonn Clár LIFE le stádas caomhantais na ngnáthóg agus na speiceas a liostaítear i dTreoracha 92/43/CEE agus 2009/147/CE;

(i)

anailís ar an gcumhdach geografach ar fud an Aontais, dá dtagraítear in Airteagal 9(5), agus, mura mbainfear cumhdach den sórt sin amach, anailís ar na bunchúiseanna atá le heaspa cumhdaigh den sórt sin.

3.   Ag deireadh chur chun feidhme Chlár LIFE, ach tráth nach déanaí ná ceithre bliana tar éis dheireadh na tréimhse a shonraítear sa dara mír d'Airteagal 1, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh ar Chlár LIFE.

4.   Cuirfidh an Coimisiún conclúidí na meastóireachtaí chomh maith lena bharúlacha féin in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún. Cuirfidh an Coimisiún torthaí na meastóireachtaí ar fáil go poiblí.

CAIBIDIL V

Forálacha idirthréimhseacha agus forálacha críochnaitheacha

Airteagal 21

Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

1.   Tabharfaidh faighteoirí cistithe ón Aontas aitheantas d'fhoinse na gcistí sin agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe ón Aontas, go háirithe nuair a bhíonn na tionscadail agus a dtorthaí á gcur chun cinn, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear na meáin agus an pobal. Chun na críche sin, úsáidfidh na faighteoirí lógó Chlár LIFE, a léirítear in Iarscríbhinn III. Maidir leis na hearraí marthanacha go léir a fhaightear faoi chuimsiú Chlár LIFE, beidh lógó Chlár LIFE orthu, ach amháin i gcásanna arna sonrú ag an gCoimisiún. I gcás nach bhfuil sé indéanta lógó Chlár LIFE a chur orthu, déanfaidh siad Clár LIFE a lua i ngach gníomhaíocht cumarsáide lena n-áirítear cláir fógraí in áiteanna straitéiseacha a mbeidh sé le feiceáil ag an bpobal.

2.   Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann le Clár LIFE, le gníomhaíochtaí arna ndéanamh de bhun Chlár LIFE agus leis na torthaí a fhaightear. Beidh na hacmhainní airgeadais a leithdháilfear ar Chlár LIFE ina gcuidiú maidir le cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais freisin, a mhéid a bhaineann na tosaíochtaí sin leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3.

Airteagal 22

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste do Chlár LIFE cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás nach dtabharfaidh an Coiste aon tuairim uaidh, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus is ag an tríú fomhír d'Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh feidhm.

4.   Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil faoi bhráid an Choiste i dtaca leis an dul chun cinn foriomlán i gcur chun feidhme fhochlár Chlár LIFE agus i dtaca le haon ghníomhaíochtaí faoi leith faoi Chlár LIFE, inter alia i dtaca le hoibríochtaí measctha a cuireadh chun feidhme trí acmhainní buiséadacha a leithdháileadh ó Chlár LIFE.

Airteagal 23

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 19(2) agus (3) a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2028.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 19(2) agus (3) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 19(2) agus (3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 24

Aisghairm

Leis seo, aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.

Airteagal 25

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúint de na gníomhaíochtaí, ná do mhodhnú na ngníomhaíochtaí, arna dtionscnamh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 614/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (38) agus Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013, ar rialacháin iad a leanfaidh d'fheidhm a bheith acu maidir leis na gníomhaíochtaí sin go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu.

2.   Ina theannta sin, féadfaidh imchlúdach airgeadais Chlár LIFE na speansais theicniúla agus riaracháin is gá a chumhdach chun an t-aistriú idir Clár LIFE agus na bearta a glacadh faoi Rialacháin (CE) Uimh. 614/2007 agus (AE) Uimh. 1293/2013 a áirithiú.

3.   Más gá, féadfar leithreasuithe a iontráil i mbuiséad an Aontais an taobh anonn de 2027 chun na speansais dá bhforáiltear in Airteagal 5(5) a chumhdach, ionas go mbeifear in ann na tionscadail nach mbeidh curtha i gcrích faoin 31 Nollaig 2027 a bhainistiú.

4.   Féadfar athshreabha ó ionstraimí airgeadais arna mbunú faoi Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 a infheistiú sna hionstraimí airgeadais arna mbunú faoi Rialachán (AE) 2021/523.

5.   Úsáidfear na leithreasuithe a chomhfhreagraíonn d'ioncam sannta a eascraíonn as aisíoc méideanna a íocadh go mícheart de bhun Rialachán (CE) Uimh. 614/2007 nó 1293/2013, i gcomhréir le hAirteagal 21 den Rialachán Airgeadais, chun Clár LIFE a mhaoiniú.

Airteagal 26

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 29 Aibreán 2021.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D.M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A.P. ZACARIAS


(1)  IO C 62, 15.2.2019, lch. 226.

(2)  IO C 461, 21.12.2018 lch. 156.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 16 Márta 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Aibreán 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE) a bhunú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 614/2007 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 185).

(5)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433I, 22.12.2020, lch. 11).

(6)  Cinneadh Uimh. 1386/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2020 dar teideal 'Muid ag maireachtáil go maith, faoi shrianta ár bpláinéid' (IO L 354, 28.12.2013, lch. 171).

(7)  Cinneadh 93/626/CEE ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 1993 i ndáil le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch (IO L 309, 13.12.1993, lch. 1).

(8)  IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.

(9)  IO L 124, 17.5.2005, lch. 4.

(10)  Cinneadh 2013/743/AE ón gComhairle an 3 Nollaig 2013 lena mbunaítear an clár cur chun feidhme sonrach Fís 2020 - an Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2006/971/CE, 2006/972/CE, 2006/973/CE, 2006/974/CE agus 2006/975/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 965).

(11)  Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach - an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1).

(12)  Treoir (AE) 2018/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena leasaítear Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh (IO L 328, 21.12.2018, lch. 210).

(13)  Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoir 2009/125/CE agus Treoir 2010/30/AE agus lena n–aisghairtear Treoracha 2004/8/CE agus 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1).

(14)  Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 30).

(15)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

(16)  Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flóra fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).

(17)  Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7).

(18)  Treoir (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le tabhairt isteach agus leathadh speiceas coimhthíoch ionrach a chosc agus a bhainistiú (IO L 317, 4.11.2014, lch. 35).

(19)  IO L 433I, 22.12.2020, lch. 28.

(20)  Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus maidir le forálacha sonracha a bhaineann le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 289).

(21)  Rialachán (AE) Uimh. 1300/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Comhtháthaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1084/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 281).

(22)  Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d'fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 487).

(23)  Treoir 2002/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir le torann timpeallachta a mheasúnú agus a bhainistiú (IO L 189, 18.7.2002, lch. 12).

(24)  Treoir (AE) 2016/2284 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le hastaíochtaí náisiúnta truailleán áirithe san aer a laghdú lena leasaítear Treoir 2003/35/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/81/CE (IO L 344, 17.12.2016, lch. 1).

(25)  Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, p. 1).

(26)  Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais comhshaoil mhuirí (an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí) (IO L 164, 25.6.2008, lch. 19).

(27)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(28)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(29)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 an 18 Nollaig 1995 ón gComhairle maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).

(30)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

(31)  Rialachán (AE) 2017/1939 an 12 Deireadh Fómhair 2017 ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

(32)  Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).

(33)  Cinneadh 2013/755/AE ón gComhairle an 25 Samhain 2013 maidir le comhlachas na dtíortha agus na gcríoch thar lear leis an Aontas Eorpach (an Cinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear) (IO L 344, 19.12.2013, lch. 1).

(34)  IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.

(35)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(36)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí chur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(37)  Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 680/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 67/2010 (IO L 348, 20.12.2013, lch. 129).

(38)  Rialachán (CE) Uimh. 614/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Bealtaine 2007 maidir leis an Ionstraim Airgeadais don Chomhshaol (LIFE+) (IO L 149, 9.6.2007, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

COMHLACHTAÍ A BHFÉADFAR DEONTAIS A BHRONNADH ORTHU GAN GLAO AR THOGRAÍ A DHÉANAMH

1.   

Líonra an Aontais Eorpaigh maidir le Dlí an Chomhshaoil a Chur chun Feidhme agus a Fhorfheidhmiú (IMPEL);

2.   

Líonra Eorpach na nIionchúisitheoirí don Chomhshaol (ENPE);

3.   

Fóram Breithiúna an Aontais Eorpaigh don Chomhshaol (EUFJE).


IARSCRIBHINN II

TÁSCAIRÍ

1.   Táscairí aschuir

1.1.

Líon na dtionscadal lena ndéantar teicnící agus cuir chuige nuálacha a fhorbairt, a thaispeáint agus a chur chun cinn chun;

1.2.

Líon na dtionscadal lena ndéantar dea-chleachtais maidir leis an dúlra agus leis an mbithéagsúlacht a chur i bhfeidhm;

1.3.

Líon na dtionscadal maidir le forbairt, cur chun feidhme, faireachán nó forfheidhmiú reachtaíocht agus bheartas ábhartha an Aontais;

1.4.

Líon na dtionscadal lena ndéantar an rialachas a fheabhsú trí acmhainneachtaí gníomhaithe poiblí agus príobháideacha agus rannpháirtíocht na sochaí sibhialta a mhéadú;

1.5.

Líon na dtionscadal, lena n-áirítear tionscadail chomhtháite straitéiseacha agus tionscadail dúlra straitéiseacha, lena gcuirtear chun feidhme

pleananna nó straitéisí tábhachtacha;

cláir ghníomhaíochta chun ‘an Dúlra agus an Bhithéagsúlacht’ a phríomhshruthú.

2.   Táscairí toraidh

2.1.

Glanathrú ar an gcomhshaol agus ar an aeráid, bunaithe ar chomhbhailiúchán táscairí ar leibhéal an tionscadail a shonrófar i nglaonna ar thograí faoi na fochláir do na réimsí seo a leanas:

“An Dúlra agus an Bhithéagsúlacht”;

“An Geilleagar Ciorclach agus Cáilíocht na Beatha” lena gcumhdaítear dhá cheann ar a laghad díobh seo a leanas:

cáilíocht an aeir

ithir

uisce

dramhaíl

ceimiceáin

torann

úsáid agus éifeachtúlacht acmhainní;

‘Maolú ar an Athrú Aeráide agus Oiriúnú don athrú sin’;

‘An tAistriú chuig Fuinneamh Glan’;

2.2.

Infheistíochtaí carnacha arna spreagadh leis na tionscadail nó maoiniú a bhfuarthas rochtain air (EUR milliún);

2.3.

Líon na n-eagraíochtaí atá páirteach sna tionscadail nó atá ag fáil deontais oibriúcháin;

2.4.

Sciar na dtionscadal a raibh éifeacht an chatalaígh orthu tar éis dháta deiridh an tionscadail.

IARSCRÍBHINN III

LÓGÓ CHLÁR LIFE

Image 1

Top