This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R0723
Commission Delegated Regulation (EU) 2021/723 of 26 February 2021 supplementing Regulation (EU) 2019/787 of the European Parliament and of the Council as regards the setting up of a public register listing the bodies appointed by each Member State to supervise the ageing processes for spirit drinks
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/723 ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le clár poiblí a chur ar bun ina liostófar na comhlachtaí arna gceapadh ag gach Ballstát chun maoirseacht a dhéanamh ar phróisis aosaithe le haghaidh deochanna biotáilleacha
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/723 ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le clár poiblí a chur ar bun ina liostófar na comhlachtaí arna gceapadh ag gach Ballstát chun maoirseacht a dhéanamh ar phróisis aosaithe le haghaidh deochanna biotáilleacha
C/2021/1194
IO L 155, 5.5.2021, p. 1–2
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
5.5.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 155/1 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/723 ÓN gCOIMISIÚN
an 26 Feabhra 2021
lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le clár poiblí a chur ar bun ina liostófar na comhlachtaí arna gceapadh ag gach Ballstát chun maoirseacht a dhéanamh ar phróisis aosaithe le haghaidh deochanna biotáilleacha
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, úsáid ainmneacha deochanna biotáilleacha i gcur i láthair agus lipéadú earraí bia eile, agus cosaint tásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha, úsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta i ndeochanna alcólacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 (1), agus go háirithe Airteagal 19(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Ceanglaítear le hAirteagal 13(6) de Rialachán (AE) 2019/787 gur faoi mhaoirseacht ioncaim Ballstáit nó faoi mhaoirseacht lena soláthraítear ráthaíochtaí coibhéiseacha a dhéanfar na hoibríochtaí chun deochanna biotáilleacha a aosú. |
(2) |
Chun na críche sin, ceapfaidh gach Ballstát na comhlachtaí a bheidh freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na próisis aosaithe sin agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi ionas go bhféadfaidh sé clár poiblí a chur ar bun ina liostófar na comhlachtaí ceaptha sin. |
(3) |
Chuige sin, is iomchuí rialacha a leagan amach maidir leis an gclár poiblí sin a chur ar bun. |
(4) |
Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 25 Bealtaine 2021, i gcomhréir le hAirteagal 51(3) de Rialachán (AE) 2019/787, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An clár poiblí ina liostófar na comhlachtaí arna gceapadh chun maoirseacht a dhéanamh ar phróisis aosaithe le haghaidh deochanna biotáilleacha
1. Ar bhonn fógraí a rinne na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 1(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/724ón gCoimisiún (2), tarraingeoidh an Coimisiún suas liosta comhlachtaí arna gceapadh chun maoirseacht a dhéanamh ar phróisis aosaithe le haghaidh deochanna biotáilleacha agus tabharfaidh sé cothrom le dáta é.
2. Cuirfidh an Coimisiún clár poiblí ar bun ina mbeidh liosta cothrom le dáta de na comhlachtaí arna gceapadh chun maoirseacht a dhéanamh ar phróisis aosaithe. Beidh an clár sin i bhfoirm bunachar sonraí leictreonach a mbeidh rochtain ag an bpobal air.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige amhail ón 25 Bealtaine 2021.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Feabhra 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 130, 17.5.2019, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/724ón gCoimisiún an 3 Márta 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na cumarsáidí is gá do na Ballstáit a chur chuig an gCoimisiún maidir leis na comhlachtaí arna gceapadh chun maoirseacht a dhéanamh ar phróisis aosaithe le haghaidh deochanna biotáilleacha agus na húdaráis inniúla a bheidh freagrach as a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán sin (Féach leathanach 3 den Iris Oifigiúil seo).