EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R0669
Commission Implementing Regulation (EU) 2021/669 of 23 April 2021 concerning the authorisation of technically pure L-lysine monohydrochloride and liquid L-lysine base produced by Corynebacterium casei KCCM 80190 or Corynebacterium glutamicum KCCM 80216 or Corynebacterium glutamicum KCTC 12307BP as feed additives for all animal species (Text with EEA relevance)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/669 ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2021 maidir le húdarú monaihidreaclóiríde L-lísín atá íon go teicniúil agus boinn leachta L-lísín arna dtáirgeadh ag Corynebacterium casei KCCM 80190 nó Corynebacterium glutamicum KCCM 80216 nó Corynebacterium glutamicum KCTC 12307BP mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/669 ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2021 maidir le húdarú monaihidreaclóiríde L-lísín atá íon go teicniúil agus boinn leachta L-lísín arna dtáirgeadh ag Corynebacterium casei KCCM 80190 nó Corynebacterium glutamicum KCCM 80216 nó Corynebacterium glutamicum KCTC 12307BP mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2021/2740
OJ L 141, 26.4.2021, p. 7–12
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
26.4.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 141/7 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/669 ÓN gCOIMISIÚN
an 23 Aibreán 2021
maidir le húdarú monaihidreaclóiríde L-lísín atá íon go teicniúil agus boinn leachta L-lísín arna dtáirgeadh ag Corynebacterium casei KCCM 80190 nó Corynebacterium glutamicum KCCM 80216 nó Corynebacterium glutamicum KCTC 12307BP mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin atá le húsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 déantar foráil maidir le húdarú breiseán atá le húsáid i gcothú ainmhithe agus leis na forais agus na nósanna imeachta i ndáil leis an údarú sin a dheonú. |
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 7(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh isteach iarratais go n-údarófaí bonn leachta L-lísín agus monaihidreaclóiríd L-lísín atá íon go teicniúil mar bhreiseáin bheathaithe chothaitheacha le húsáid i mbeatha agus in uisce óil le haghaidh gach speicis ainmhíoch. Bhí na sonraí agus na doiciméid a éilítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis na hiarratais sin. |
(3) |
Boinn leachta L-lísín agus monaihidreaclóiríd L-lísín atá íon go teicniúil arna dtáirgeadh ag Corynebacterium casei KCCM 80190 nó Corynebacterium glutamicum KCCM 80216 nó Corynebacterium glutamicum KCTC 12307BP, baineann na hiarratais lena n-údarú mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch, ar breiseáin iad atá le haicmiú sa chatagóir breiseán dar teideal “breiseáin chothaitheacha” agus san fheidhmghrúpa dar teideal “aimíonaigéid, a gcuid salann agus analóga”. |
(4) |
I dtuairim an 30 Meán Fómhair 2020 (2) agus an 18 Samhain 2020 (3) (4) ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”), is é an chonclúid ar ar thángthas nach bhfuil éifeacht dhíobhálach ag bonn leachta L-lísín ná ag monaihidreaclóiríd L-lísín atá íon go teicniúil arna dtáirgeadh ag Corynebacterium casei KCCM 80190 nó Corynebacterium glutamicum KCCM 80216 nó Corynebacterium glutamicum KCTC 12307BP, nach bhfuil éifeacht dhíobhálach acu ar shláinte ainmhithe, ar shláinte tomhaltóirí ná ar an gcomhshaol faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe. Bhí an tÚdarás in ann teacht ar chonclúid maidir le sábháilteacht boinn leachta L-lísín agus monaihidreaclóiríde L-lísín atá íon go teicniúil don úsáideoir, ar substaintí iad arna dtáirgeadh ag Corynebacterium glutamicum KCCM 80216 agus Corynebacterium glutamicum KCTC 12307BP. Monaihidreaclóiríd L-lísín atá íon go teicniúil agus bonn leachta L-lísín, arna dtáirgeadh ag Corynebacterium casei KCCM 80190, dhearbhaigh an tÚdarás gur guaiseach na substaintí sin a ionanálú, agus gur greannaitheoir éadrom súl é monaihidreaclóiríd L-lísín atá íon go teicniúil arna táirgeadh ag Corynebacterium casei KCCM 80190. Dá bhrí sin, ba cheart bearta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine a chosc, go háirithe maidir le húsáideoirí an bhreiseáin. Bonn leachta L-lísín agus monaihidreaclóiríd L-lísín atá íon go teicniúil, arna dtáirgeadh ag Corynebacterium casei KCCM 80190 nó Corynebacterium glutamicum KCCM 80216 nó Corynebacterium glutamicum KCTC 12307BP, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid gur foinsí éifeachtacha aimíonaigéid riachtanaigh L-lísín le haghaidh gach speicis ainmhíoch iad. Ba cheart an L-lísín forlíontach a chosaint ar dhíghrádú sa chogansach chun go mbeidh sé lánéifeachtúil i gcás na n-athchogantach. I dtuairimí ón Údarás, rinneadh tagairt do ráiteas roimhe sin a bhaineann le míchothromaíochtaí cothaitheacha a d’fhéadfadh a bheith ann i gcás aimíonaigéad agus le hábhair imní sláinteachais i ndáil le haimíonaigéid a dháileadh trí uisce óil. Níor mhol an tÚdarás uaschion maidir leis an bhforlíonadh le L-lísín. Dá bhrí sin, is iomchuí foláireamh a thabhairt ar lipéad an bhreiseáin, agus ar lipéad réamh-mheascán a bhfuil an breiseán iontu, gur gá an soláthar cothaithe a chur san áireamh i dtaca leis na haimíonaigéid riachtanacha uile agus na haimíonaigéid uile atá riachtanach go coinníollach, go háirithe má tá forlíonadh á dhéanamh le L-lísín mar aimíonaigéad trí uisce óil. |
(5) |
Ní mheasann an tÚdarás go bhfuil gá le ceanglais shonracha maidir le faireachán iarmhargaidh. Chomh maith leis sin, na tuarascálacha faoin modh anailíse i leith an bhreiseáin beathaithe agus é i mbeathú, tuarascálacha arna gcur isteach ag an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, rinne an tÚdarás na tuarascálacha sin a fhíorú. |
(6) |
Leis an measúnú ar bhonn leachta L-lísín agus ar mhonaihidreaclóiríd L-lísín atá íon go teicniúil, ar substaintí iad arna dtáirgeadh ag Corynebacterium casei KCCM 80190 nó Corynebacterium glutamicum KCCM 80216 nó Corynebacterium glutamicum KCTC 12307BP, léirítear go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le húdarú dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid an bhreiseáin sin a údarú mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
(7) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Na substaintí a shonraítear san Iarscríbhinn, ar substaintí iad a bhaineann leis an gcatagóir dar teideal “breiseáin chothaitheacha” agus leis an bhfeidhmghrúpa dar teideal “aimíonaigéid, a gcuid salann agus analóga”, údaraítear iad mar bhreiseáin bheathaithe i gcothú ainmhithe faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Aibreán 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.
(2) EFSA Journal [Iris EPSA] 2020;18(11):6285.
(3) EFSA Journal [Iris EPSA] 2020;18(12): 6333.
(4) EFSA Journal [Iris EPSA] 2020;18(12): 6334.
IARSCRÍBHINN
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Ainm shealbhóir an údaraithe |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse. |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Aois uasta |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||||||||
mg de bhreiseán/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
|||||||||||||||||||||
Catagóir na mbreiseán cothaitheach. Feidhmghrúpa: aimíonaigéid, a gcuid salann agus analóga. |
|||||||||||||||||||||
3c320 |
- |
Bonn leachta L-lísín |
Comhdhéanamh an bhreiseáin: Tuaslagán uiscí L-lísín ina bhfuil íoschion L-lísín 50 %. |
Gach speiceas |
- |
- |
- |
|
16 Bealtaine 2031 |
||||||||||||
Tréithriú na substainte gníomhaí: L-lísín arna choipeadh le Corynebacterium casei KCCM 80190 Foirmle cheimiceach: NH2-(CH2)4-CH(NH2)-COOH Uimhir CAS: 56-87-1 |
|||||||||||||||||||||
Modhanna anailíse (1): Chun lísín sa bhreiseán beathaithe agus i réamh-mheascáin ina bhfuil níos mó ná 10 % lísín a chainníochtú:
Chun lísín i réamh-mheascáin, beatha cumaisc agus ábhair bheathaithe a chainníochtú:
Chun lísín in uisce a chainníochtú:
|
|||||||||||||||||||||
3c326 |
- |
Bonn leachta L-lísín |
Comhdhéanamh an bhreiseáin: Tuaslagán uiscí L-lísín ina bhfuil íoschion L-lísín 50 %. |
Gach speiceas |
- |
- |
- |
|
16 Bealtaine 2031 |
||||||||||||
Tréithriú na substainte gníomhaí: L-lísín arna choipeadh le Corynebacterium glutamicum KCCM 80216 nó Corynebacterium glutamicum KCTC 12307BP Foirmle cheimiceach: NH2-(CH2)4-CH(NH2)-COOH Uimhir CAS: 56-87-1 |
|||||||||||||||||||||
Modhanna anailíse (1): Chun lísín sa bhreiseán beathaithe agus i réamh-mheascáin ina bhfuil níos mó ná 10 % lísín a chainníochtú:
Chun lísín i réamh-mheascáin, beatha cumaisc agus ábhair bheathaithe a chainníochtú:
Chun lísín in uisce a chainníochtú:
|
|||||||||||||||||||||
3c322 |
|
Monaihidreaclóiríd L-lísín atá íon go teicniúil |
Comhdhéanamh an bhreiseáin: Púdar monaihidreaclóiríde L-lísín ina bhfuil íoschion L-lísín 78 % agus uaschion taise 1,5 %. |
Gach speiceas |
- |
- |
- |
|
16 Bealtaine 2031 |
||||||||||||
Tréithriú na substainte gníomhaí: Monaihidreaclóiríd L-lísín arna táirgeadh trí choipeadh le Corynebacterium casei KCCM 80190 Foirmle cheimiceach: NH2-(CH2)4-CH(NH2)-COOH Uimhir CAS: 657-27-2 Modhanna anailíse1 (1): Chun monaihidreaclóiríd L-lísín sa bhreiseán beathaithe a shainaithint:
Chun lísín sa bhreiseán beathaithe agus i réamh-mheascáin ina bhfuil níos mó ná 10 % lísín a chainníochtú:
Chun lísín i réamh-mheascáin, beatha cumaisc agus ábhair bheathaithe a chainníochtú:
Chun lísín in uisce a chainníochtú:
|
|||||||||||||||||||||
3c327 |
|
Monaihidreaclóiríd L-lísín atá íon go teicniúil |
Comhdhéanamh an bhreiseáin: Púdar monaihidreaclóiríde L-lísín ina bhfuil íoschion L-lísín 78 % agus uaschion taise 1,5 %. |
Gach speiceas |
- |
- |
- |
|
16 Bealtaine 2031 |
||||||||||||
Tréithriú na substainte gníomhaí: Monaihidreaclóiríd L-lísín arna táirgeadh trí choipeadh le Corynebacterium glutamicum KCCM 80216 nó Corynebacterium glutamicum KCTC 12307BP Foirmle cheimiceach: NH2-(CH2)4-CH(NH2)-COOH Uimhir CAS: 657-27-2 Modhanna anailíse1 (1): Chun monaihidreaclóiríd L-lísín sa bhreiseán beathaithe a shainaithint:
Chun lísín sa bhreiseán beathaithe agus i réamh-mheascáin ina bhfuil níos mó ná 10 % lísín a chainníochtú:
Chun lísín i réamh-mheascáin, beatha cumaisc agus ábhair bheathaithe a chainníochtú:
|
(1) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse ar fáil ag an seoladh seo a leanas de chuid na Saotharlainne Tagartha: https://ec.europa.eu/jrc/en/eurl/feed-additives/evaluation-reports
(2) Nochtadh arna ríomh bunaithe ar leibhéal iontocsaine an bhreiseáin agus ar an acmhainneacht atá aige deannach a tháirgeadh i gcomhréir leis an modh a úsáideann EFSA (Iris EFSA 2017;15(3):4705); modh anailíse: Pharmacopoeia Eorpach 2.6.14. (iontocsainí baictéaracha).