EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0666

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/666 ón gCoimisiún an 22 Aibreán 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 923/2012 sa mhéid a bhaineann le ceanglais d’eitlíocht foireannaithe a oibríonn san aerspás U-spáis (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/2673

OJ L 139, 23.4.2021, p. 187–188 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/666/oj

23.4.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 139/187


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/666 ÓN gCOIMISIÚN

an 22 Aibreán 2021

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 923/2012 sa mhéid a bhaineann le ceanglais d’eitlíocht foireannaithe a oibríonn san aerspás U-spáis

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha coiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagail 31 agus 44 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 923/2012 ón gCoimisiún (2), leagtar síos rialacha coiteanna an aeir agus forálacha oibríochtúla maidir le seirbhísí agus nósanna imeachta san aerloingseoireacht is infheidhme maidir leis an ngnáth-aerthrácht.

(2)

Chun go lamhálfar d’aerárthaí foireannaithe nach soláthraítear seirbhís rialaithe aerthráchta dóibh oibriú go sábháilte i dteannta aerárthaí gan foireann in aerspás U-spáis, tá sé tábhachtach go gcuirtear suíomh na n-aerárthaí foireannaithe in iúl do sholáthraithe seirbhísí U-spáis. Ba cheart é sin a bhaint amach trí aerárthaí foireannaithe a dhéanamh feiceálach go leictreonach, rud a d’fhágfadh, dáiríre, go gcuirfí in iúl go bhfuil siad ann trí bhíthin teicneolaíochtaí faireachais.

(3)

Ba cheart go n-áireofaí i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 923/2012 ceanglais den sórt sin d’eitlíocht fhoireannaithe a oibríonn in aerspás U-spáis.

(4)

Ba cheart go bhfeabhsófaí an tsábháilteacht a bhuí le ceanglais nua den sórt sin trí chur leis an bhfeasacht staide laistigh d’aerspás U-spáis.

(5)

Chun a áirithiú go ndéanfar an Rialachán seo a chur chun feidhme go cuí, ba cheart a ndóthain ama a thabhairt do na Ballstáit agus do na geallsealbhóirí lena mbaineann a gcuid nósanna imeachta a chur in oiriúint don chreat rialála nua.

(6)

Mhol Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh bearta i dTuairim Uimh. 01/2020 (3) uaithi i gcomhréir le hAirteagal 76(1) de Rialachán (AE) 2018/1139.

(7)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 923/2012 a leasú dá réir.

(8)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gcoiste arna bhunú le hAirteagal 127 de Rialachán (AE) 2018/1139,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 923/2012 mar a leanas:

(1)

cuirtear pointí (146) agus (147) seo a leanas isteach in Airteagal 2:

“(146)

ciallaíonn ‘aerspás U-spáis’ crios geografach UAS arna ainmniú ag na Ballstáit, nach lamháiltear oibríochtaí UAS a dhéanamh ann ach amháin le tacaíocht ó sheirbhísí U-spáis;

(147)

ciallaíonn ‘seirbhís U-spáis’ seirbhís a théann ar iontaoibh seirbhísí digiteacha agus uathoibriú feidhmeanna atá ceaptha tacú le rochtain shábháilte, éifeachtúil agus shlán ar aerspás U-spáis do líon mór UASanna.”;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe SERA.6005 i Roinn 6 den Iarscríbhinn:

SERA.6005 Ceanglais maidir le cumarsáid, trasfhreagróir SSR agus feiceálacht leictreonach in aerspás U-spáis

(a)

Crios éigeantach raidió (RMZ)

(1)

Maidir le heitiltí VFR a oibríonn i gcodanna d’aerspás Aicmí E, F nó G agus eitiltí IFR a oibríonn i gcodanna d’aerspás Aicmí F nó G atá ainmnithe mar chrios éigeantach raidió (RMZ) ag an údarás inniúil, coinneoidh siad faire cumarsáide gutha leanúnach idir aer agus talamh agus bunóidh siad cumarsáid dhéthreo, de réir mar is gá, ar an gcainéal cumarsáide iomchuí, mura rud é go bhfuil forálacha malartacha arna bhforordú ag ANSP don aerspás áirithe sin á gcomhlíonadh acu.

(2)

Sula rachaidh siad isteach i gcrios éigeantach raidió, déanfaidh píolótaí glao tosaigh ar an gcainéal cumarsáide iomchuí ina luafar ainmniú an stáisiúin atá á ghlaoch, an glao-chomhartha, cineál an aerárthaigh, an suíomh, an leibhéal, cuspóirí na heitilte agus faisnéis eile de réir mar a fhorordóidh an t-údarás inniúil.

(b)

Crios éigeantach trasfhreagróra (TMZ)

Na heitiltí go léir a oibríonn in aerspás atá ainmnithe mar chrios éigeantach trasfhreagróra ag an údarás inniúil, iompróidh siad agus oibreoidh siad trasfhreagróirí SSR atá in ann oibriú ar Mhóid A agus C nó ar Mhód S, mura rud é go bhfuil forálacha malartacha arna bhforordú ag ANSP don aerspás áirithe sin á gcomhlíonadh acu.

(c)

Aerspás U-spáis

Maidir le heitiltí foireannaithe a oibríonn in aerspás atá ainmnithe mar aerspás U-spáis ag an údarás inniúil, agus nach soláthraítear ANSP seirbhís rialaithe aerthráchta dóibh, cuirfidh siad a bhfeiceálacht in iúl go leictreonach ar bhonn leanúnach do sholáthraithe seirbhísí U-spáis.

(d)

Déanfar na haerspáis atá ainmnithe mar chrios éigeantach raidió, mar chrios éigeantach trasfhreagróra nó mar aerspás U-spáis a fhógairt go cuí sna foilseacháin faisnéise aerloingseoireachta.”

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 26 Eanáir 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Aibreán 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 212, 22.8.2018, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 923/2012 ón gCoimisiún an 26 Meán Fómhair 2012 lena leagtar síos rialacha coiteanna an aeir agus forálacha oibríochtúla maidir le seirbhísí agus nósanna imeachta san aerloingseoireacht agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1035/2011 agus Rialacháin (CE) Uimh. 1265/2007, (CE) Uimh. 1794/2006, (CE) Uimh. 730/2006, (CE) Uimh. 1033/2006 agus (AE) Uimh. 255/2010 (IO L 281, 13.10.2012, lch. 1).

(3)  https://www.easa.europa.eu/document-library/opinions


Top