Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0589

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/589 ón gCoimisiún an 9 Aibreán 2021 lena leasaítear den 320ú huair Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe atá dírithe i gcoinne daoine agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí SIIL (Da’esh) agus Al-Qaida

C/2021/2602

IO L 125, 13.4.2021, pp. 13–14 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/589/oj

13.4.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 125/13


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/589 ÓN gCOIMISIÚN

an 9 Aibreán 2021

lena leasaítear den 320ú huair Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe atá dírithe i gcoinne daoine agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí SIIL (Da’esh) agus Al-Qaida

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2002 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe atá dírithe i gcoinne daoine agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí SIIL (Da’esh) agus Al-Qaida (1), agus go háirithe Airteagal 7(1)(a) agus Airteagal 7a(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 liostaítear na daoine, na grúpaí agus na heintitis arna gcumhdach ag reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha faoin Rialachán sin.

(2)

An 6 Aibreán 2021, chinn Coiste Smachtbhannaí Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe leasú a dhéanamh ar aon iontráil amháin i liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas ar cheart feidhm a bheith ag reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha maidir leo.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9 Aibreán 2021.

Thar ceann an Choimisiúin,

Ar son an Uachtaráin,

Ard-Stiúrthóir

An Ard-Stiúrthóireacht um Chobhsaíocht Airgeadais,

Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil


(1)   IO L 139, 29.5.2002, lch. 9.


IARSCRÍBHINN

Déantar na sonraí aitheantais le haghaidh na hiontrála seo a leanas faoin gceannteideal “Daoine nádúrtha” in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 a leasú mar a leanas:

“Abu Bakar Ba’asyir (ailias (a) Abu Bakar Baasyir, (b) Abu Bakar Bashir, (c) Abdus Samad, (d) Abdus Somad). Dáta breithe: 17.8.1938. Áit bhreithe: Jombang, Iáva Thoir, an Indinéis. Seoladh: An Indinéis (i bpríosún) Náisiúntacht: Indinéiseach.”

cuirtear an méid seo a leanas ina ionad sin:

“Abu Bakar Ba’asyir (ailias dea-cháilíochta: (a) Abu Bakar Baasyir; (b) Abu Bakar Bashir; (c) Abdus Samad; (d) Abdus Somad). Dáta breithe: 17.8.1938. Áit bhreithe: Jombang, Iáva Thoir, an Indinéis. Náisiúntacht: Indinéiseach. Seoladh: An Indinéis. Dáta an ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7d(2)(i): 21.4.2006.”


Top