EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0573

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/573 ón gCoimisiún an 1 Feabhra 2021 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625 maidir le coinníollacha allmhairiúcháin le haghaidh seilidí beo, le haghaidh táirgí ilchodacha agus le haghaidh cásálacha a chuirtear ar an margadh lena gcaitheamh ag an duine (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/428

OJ L 120, 8.4.2021, p. 6–8 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 14/12/2022; Arna aisghairm go hintuigthe ag 32022R2292

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/573/oj

8.4.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 120/6


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/573 ÓN gCOIMISIÚN

an 1 Feabhra 2021

lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625 maidir le coinníollacha allmhairiúcháin le haghaidh seilidí beo, le haghaidh táirgí ilchodacha agus le haghaidh cásálacha a chuirtear ar an margadh lena gcaitheamh ag an duine

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (an Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (1) agus go háirithe Airteagal 126(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625 ón gCoimisiún (2), leagtar síos na ceanglais maidir le coinsíneachtaí, inter alia, seilidí ullmhaithe a theacht isteach san Aontas.

(2)

De réir Airteagal 1(2)(a)(i) agus (iii) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625, ní mór tríú tíortha atá ag onnmhairiú coinsíneachtaí seilidí ullmhaithe chuig an Aontas a liostú, agus ní mór deimhniú oifigiúil a bheith ag gabháil le gach coinsíneacht seilidí ullmhaithe. Ba cheart feidhm a bheith ag ceanglais chomhchosúla freisin maidir le seilidí beo atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine.

(3)

Chun na seilidí atá faoi réir ceanglais maidir le teacht isteach san Aontas a shainaithint go soiléir, ba cheart sainmhíniú ar sheilidí a thabhairt isteach i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625.

(4)

Níor cheart feidhm a bheith ag Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625 maidir le samplaí d’earraí atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine, a n-allmhairítear chun críche anailíse ar tháirgí agus tástála cáilíochta gan iad a bheith curtha ar an margadh agus, dá bhrí sin, nach riosca iad don tsláinte phoiblí. Ba cheart Airteagal 1(3) a leasú dá réir. Foráiltear le hAirteagal 12 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625 maidir le ceanglais allmhairiúcháin i gcás coinsíneachtaí táirgí ilchodacha dá dtagraítear le cóid Chórais Chomhchuibhithe (“Cóid CC”) faoi cheannteidil áirithe de Chuid a Dó d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (3). Is iomchuí tagairt a dhéanamh do chóid na hAinmníochta Comhcheangailte (AC) i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625. Ina theannta sin, tá cóid táirgí ilchodacha áirithe in easnamh in Airteagal 12 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625. Is iomchuí, dá bhrí sin, na cóid AC sin a chur leis.

(5)

Ba cheart coinsíneachtaí seilidí beo agus táirgí ilchodacha a chuirtear ar an margadh lena gcaitheamh ag an duine a bheith faoi réir deimhniú aonair maidir le teacht isteach san Aontas chun an riosca nach gcomhlíonfar ceanglais an Aontais maidir le sábháilteacht bia a laghdú. Le deimhniú ar chomhlíonadh cheanglais an Aontais, rannchuidítear freisin le ceanglais infheidhme an Aontais a mheabhrú d’oibreoirí gnó bia agus d’údaráis inniúla tríú tíortha nó réigiún díobh.

(6)

Déantar foráil in Airteagal 7 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625 maidir le ceanglais i dtaca le hamhábhair a mhonarú le haghaidh allmhairiú coinsíneachtaí feola úire, feola mionaithe, ullmhóidí feola, táirgí feola, feola inneall-scartha agus amhábhar atá ceaptha chun geilitín agus collaigin a tháirgeadh chun riosca féideartha don tsláinte phoiblí a sheachaint. Tá lamhnáin agus inní a úsáidtear chun cásálacha a tháirgeadh faoi réir cóireáil lena ndíothaítear aon riosca don tsláinte phoiblí. Is iomchuí, dá bhrí sin, go gceadófar gur ó sheamlais faoi mhaoirseacht na n-údarás inniúil náisiúnta a thiocfaidh na hamhábhair chun cásálacha a tháirgeadh agus ba cheart Airteagal 7 a leasú dá réir.

(7)

Bunaítear le hAirteagal 13 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625 nach bhféadfaidh aon choinsíneacht de tháirgí liostaithe áirithe teacht isteach san Aontas ach amháin má tá deimhniú oifigiúil ag gabháil leis an gcoinsíneacht. Ní áirítear táirgí ilchodacha i liosta na dtáirgí nach mór deimhniú oifigiúil a bheith ag gabháil leo.

(8)

Braitheann an riosca a bhaineann le catagóirí áirithe táirgí ilchodacha ar an gcineál comhábhar agus ar a ndálaí stórála. Dá bhrí sin, ba cheart coinsíneachtaí na dtáirgí sin a chuirtear ar an margadh lena gcaitheamh ag an duine a bheith faoi réir dheimhniúchán aonair gach coinsíneachta lena dtabhairt isteach san Aontas lena gcur ar an margadh. Le deimhniú ar chomhlíonadh cheanglais an Aontais, féadfar rannchuidiú freisin le ceanglais infheidhme an Aontais a mheabhrú d’oibreoirí gnó bia agus d’údaráis inniúla tríú tíortha nó réigiún díobh.

(9)

Táirgí áirithe ilchodacha fadré nach bhfuil aon táirge feola eile iontu seachas geilitín nó collaigin nó táirgí an-mhínphróiseáilte, ní riosca iad don tsláinte phoiblí ná do shláinte ainmhithe mar gheall ar chineál na cóireála is gá chun táirgí feola den sórt sin a mhonarú. Ba cheart fianú príobháideach, seachas deimhniú oifigiúil, a bheith ag gabháil leis na táirgí ilchodacha sin.

(10)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625 a leasú dá réir sin.

(11)

Ós rud é go bhfuil feidhm ag Airteagail 12 agus 14 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625 ón 21 Aibreán 2021, ba cheart feidhm a bheith ag na leasuithe ar Airteagail is ábhartha d’Airteagail 12 agus 14 ón dáta sin freisin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1(2)(d), cuirtear pointe (v) leis mar a leanas:

“(v)

seilidí beo.”;

(2)

in Airteagal 1(3), cuirtear isteach pointe (c) nua:

“(c)

earraí atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine chun críche samplaí chun anailís a dhéanamh ar tháirgí agus chun tástáil cáilíochta a dhéanamh orthu gan iad a chur ar an margadh.”

(3)

in Airteagal 2, cuirtear isteach an pointe 14(a) seo a leanas:

“(14)(a)

ciallaíonn ‘seilidí’ seilidí mar a shainmhínítear iad i bpointe 6.2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 agus aon speiceas eile seilidí d’fhine Helicidae, Hygromiidae nó Sphincterochilidae, atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine;”

(4)

in Airteagal 3, cuirtear isteach pointe (c) seo a leanas:

“(c)

seilidí beo dá dtagraítear i gcód AC 0307 60 00 de Chuid a Dó d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87.”

(5)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7(d):

“(d)

feoil inneall-scartha agus táirgí feola seachas cásálacha mar a shainmhínítear i bpointe 45 d’Airteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (*1);”

(*1)  IO L 174, 3.6.2020, lch. 379."

(6)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12(1):

“1.   Maidir le coinsíneachtaí táirgí ilchodacha dá dtagraítear sna cóid AC faoi cheannteidil 1517, 1518, 1601 00, 1602, 1603 00, 1604, 1605, 1702, 1704, 1806, 1901, 1902, 1904, 1905, 2001, 2004, 2005, 2101, 2103, 2104, 2105 00, 2106, 2202, 2208 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ní thiocfaidh siad isteach san Aontas lena gcur ar an margadh ach amháin más rud é gur táirgeadh gach táirge próiseáilte de bhunadh ainmhíoch atá sna táirgí ilchodacha i mbunaíochtaí atá lonnaithe i dtríú tíortha nó i réigiúin díobh agus atá údaraithe chun na táirgí próiseáilte sin de bhunadh ainmhíoch a onnmhairiú chuig an Aontas i gcomhréir le hAirteagal 5 nó gur táirgeadh i mbunaíochtaí atá lonnaithe sna Ballstáit iad”

(7)

leasaítear Airteagal 13(1) mar a leanas:

(a)

cuirtear isteach pointe (d) seo a leanas:

“(d)

seilidí beo dá dtagraítear i gcód AC 0307 60 00 de Chuid a Dó d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87;”

(b)

cuirtear isteach pointe (e) seo a leanas:

“(e)

táirgí ilchodacha dá dtagraítear in Airteagal 12(2)(a) agus (b) seachas táirgí ilchodacha fadré nach bhfuil aon táirge feola eile iontu seachas geilitín, collaigin nó táirgí an-mhínphróiseáilte dá dtagraítear i Roinn XVI d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004.”

(8)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14(1):

“1.   Beidh fianú príobháideach lena ndeimhnítear go gcomhlíonann na coinsíneachtaí na ceanglais is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 126(2) de Rialachán (AE) 2017/625, arna ullmhú agus arna shíniú ag an oibreoir gnó bia is allmhaireoir, ag gabháil le coinsíneachtaí na dtáirgí ilchodacha dá dtagraítear in Airteagal 12(2)(b) i gcás nach bhfuil aon táirge feola eile sna táirgí ilchodacha seachas geilitín, collaigin nó táirgí an-mhínphróiseáilte dá dtagraítear i Roinn XVI d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004, agus in Airteagal 12(2)(c).”

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 1(5), (7)(b) agus (8) ón 21 Aibreán 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 1 Feabhra 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625 ón gCoimisiún an 4 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais i ndáil le coinsíneachtaí ainmhithe agus earraí áirithe, atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine, a theacht isteach san Aontas (IO L 131, 17.5.2019, lch. 18).

(3)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim, IO L 256, 7.9.1987, lch. 1.


Top