EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0508

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/508 ón gCoimisiún an 23 Márta 2021 maidir le húdarú a athnuachan maidir le hullmhóid Saccharomyces cerevisiae MUCL 39885 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh bainbh atá bainte de dhiúl agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 170/2011 (sealbhóir an údaraithe: Prosol S.p.A.) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/1787

OJ L 102, 24.3.2021, p. 11–13 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/508/oj

24.3.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 102/11


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/508 ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Márta 2021

maidir le húdarú a athnuachan maidir le hullmhóid Saccharomyces cerevisiae MUCL 39885 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh bainbh atá bainte de dhiúl agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 170/2011 (sealbhóir an údaraithe: Prosol S.p.A.)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear d’údarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus don fhoras agus do na nósanna imeachta chun an t-údarú sin a dheonú agus a athnuachan.

(2)

Le Rialachán (AE) Uimh. 170/2011 (2) ón gCoimisiún údaraíodh ullmhóid Saccharomyces cerevisiae MUCL 39885 le haghaidh 10 mbliana mar bhreiseán beathaithe le haghaidh bainbh atá bainte de dhiúl.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, chuir sealbhóir an údaraithe sin iarratas isteach chun athnuachan a dhéanamh ar an údarú d’ullmhóid Saccharomyces cerevisiae MUCL 39885 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh bainbh atá bainte de dhiúl, ag iarraidh go n-aicmeofaí an breiseán i gcatagóir na mbreiseán ‘breiseáin zóiteicniúla’. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 14(2) den Rialachán sin ag gabháil leis an iarratas sin.

(4)

Chinn an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) ina thuairim an 30 Meán Fómhair 2020 (3) gur chuir an t-iarratasóir fianaise ar fáil go gcomhlíonann an breiseán na coinníollacha údaraithe atá ann cheana. Ina theannta sin, chinn an tÚdarás nach bhfuil éifeacht dhíobhálach ag ullmhóid Saccharomyces cerevisiae MUCL 39885 ar shláinte ainmhithe, ar shábháilteacht tomhaltóirí ná ar an gcomhshaol. Chinn sé freisin go meastar an t-ullmhóid a bheith ina ghreannaitheoir féideartha craicinn agus súl agus ina íogróir craicinn agus riospráide. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine a chosc, go háirithe maidir le húsáideoirí an bhreiseáin. Rinne an tÚdarás fíorú freisin ar an tuarascáil faoi na modhanna anailíse ar an mbreiseán beathaithe in ábhar beatha arna cur isteach ag an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003.

(5)

Léirítear leis an measúnú ar ullmhóid Saccharomyces cerevisiae MUCL 39885 go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le húdarú, dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid an bhreiseáin sin a údarú.

(6)

Mar thoradh ar údarú ullmhóid Saccharomyces cerevisiae MUCL 39885 mar bhreiseán beathaithe a athnuachan, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 170/2011 a aisghairm.

(7)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An t-údarú le haghaidh na hullmhóide a shonraítear san Iarscríbhinn, ar chuid de catagóir na mbreiseán ‘breiseáin zóiteicniúla’ í agus ar cuid den fheidhmghrúpa ‘cobhsaitheoirí flóra na stéige’ í, déantar é a athnuachan faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 170/2011.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Márta 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 170/2011 ón gCoimisiún an 23 Feabhra 2011 maidir le húdarú Saccharomyces cerevisiae MUCL 39885 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh bainbh (atá bainte de dhiúl) agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1200/2005 (sealbhóir an údaraithe Prosol SpA) (IO L 49, 24.2.2011, lch. 8).

(3)  Iris EFSA 2020;18(11):6284.


IARSCRÍBHINN

Uimhir aitheantais an bhreiseáin

Ainm shealbhóra an údaraithe

Breiseán

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíseach

Speiceas nó catagóir ainmhí

Aois uasta

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údaraithe

CFU/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %

Catagóir na mbreiseán zóiteicniúil. Feidhmghrúpa: cobhsaitheoirí fhlóra na stéige

4b1710

Prosol S.p.A.

Saccharomyces cerevisiae MUCL 39885

Comhdhéanamh an bhreiseáin

Ullmhóid Saccharomyces cerevisiae MUCL 39885 ina bhfuil íoschion 1 × 109 CFU/g

Bainbh atá bainte de dhiúl

-

3 x 109

-

1.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar na dálaí stórála agus an chobhsaíocht chun cóireáil teasa a shonrú.

2.

I gcás úsáideoirí na mbreiseán agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beathaithe nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a úsáid. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú nó a laghdú an oiread agus is féidir leis na nósanna imeachta agus na bearta sin, úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin le trealamh cosanta pearsanta, lena n-áirítear cosaint don chraiceann, do na súile, agus don análú.

13.4.2031

Tréithriú na substainte gníomhaí

Cealla inmharthana Saccharomyces cerevisiae MUCL 39885

Modh anailíseach  (1)

Áireamh: modh an doirte ar phláta ag baint úsáid as agar d’úsc giosta glúcós clóraimfeineacól (CGYE) (EN 15789)

Aitheantas: modh imoibrithe slabhrúil polaiméaráise (PCR)


(1)  Tá sonraí faoi na modhanna anailíseacha ar fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://ec.europa.eu/jrc/en/eurl/feed-additives/evaluation-reports


Top