EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0459

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/459 ón gCoimisiún an 16 Márta 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 maidir le coinníollacha formheasa na substainte gníomhaí feinpiorasaimín (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/1617

OJ L 91, 17.3.2021, p. 4–6 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/459/oj

17.3.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 91/4


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/459 ÓN gCOIMISIÚN

an 16 Márta 2021

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 maidir le coinníollacha formheasa na substainte gníomhaí feinpiorasaimín

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe an dara rogha d’Airteagail 21(3) agus 78(2) de

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 595/2012 (2) rinneadh feinpiorasaimín a fhormheas mar shubstaint ghníomhach i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 faoi réir coinníollacha áirithe, ina gceanglaítear ar an mBallstát scrúdúcháin go háirithe, an Coimisiún a chur ar an eolas, i gcomhréir le hAirteagal 38 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 maidir le sonraíocht an ábhair theicniúil mar ábhar a mhonaraítear ar bhonn tráchtála.

(2)

I mí na Nollag 2013, chuir an t-iarratasóir isteach sainchomhad nuashonraithe lena mbeartaítear an fhaisnéis faoi shonraíocht an ábhair theicniúil a mhonaraítear ar bhonn tráchtála a sholáthar don Ostair, an Ballstát is rapóirtéir laistigh den tréimhse iarratais. Rinne an Ballstát is rapóirtéir meastóireacht ar an sainchomhad nuashonraithe i bhfoirm Aguisín a ghabhann leis an Dréacht-Tuarascáil.

(3)

An 23 Aibreán 2014, rinne an Ostair an t-aguisín a leithdháileadh ar na Ballstáit, ar an iarratasóir agus ar an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) chun barúlacha a fháil uathu, agus rinneadh iad a chomhthiomsú leis na barúlacha uile i bhformáid tábla tuairiscithe, a cuireadh faoi bhráid an Údaráis an 7 Iúil 2014. Sa tábla tuairiscithe, thug an tÚdarás a thuairimí eolaíocha faoi phointí sonracha a ardaíodh le linn na céime tráchta.

(4)

An 13 Lúnasa 2014, d’fhoilsigh an tÚdarás tuarascáil theicniúil (3) ina bhfuil achoimre ar thoradh an phróisis comhairliúcháin sin i dtaca le feinpiorasaimín.

(5)

Rinne na Ballstáit agus an Coimisiún athbhreithniú ar an dréacht-tuarascáil mheasúnaithe, ar an aguisín agus ar an tuarascáil theicniúil laistigh den Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha agus cuireadh bailchríoch orthu an 18 Bealtaine 2020 i bhformáid tuarascáil athbhreithniúcháin ón gCoimisiún, maidir le feinpiorasaimín.

(6)

D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir a bharúlacha a chur isteach maidir leis an tuarascáil athbhreithniúcháin ón gCoimisiún maidir le feinpiorasaimín.

(7)

Ina thuarascáil athbhreithniúcháin, mheas an Coimisiún gur gá an tsonraíocht theicniúil a moladh san fhormheas ar fheinpiorasaimín a athrú ó tháirgeadh píolótach go táirgeadh tráchtála. Sainaithníodh an t-eisíontas hiodraisín, ar ábhar tosaigh é, mar eisíontas ábhartha, le linn an mheasúnaithe, ós rud é gur aimsíodh é sna baisceanna plandaí píolótacha ar a ndearnadh athmheasúnú agus sna baisceanna plandaí ó na láithreáin tráchtála. Ag cur san áireamh go bhfuil an t-eisíontas ábhartha hiodraisín ina chúis imní ó thaobh na tocsaineolaíochta de, chinn an Coimisiún nár chóir go rachadh uasmhéid an eisíontais sin san ábhar teicniúil thar 0,0001 % (1 mg/kg).

(8)

Chun ardleibhéal cosanta a áirithiú do thomhaltóirí, is iomchuí dá bhrí sin, uasleibhéal a bhunú don eisíontas sin sa tsubstaint ghníomhach a mhonaraítear ar bhonn tráchtála.

(9)

Ba cheart, dá bhrí sin, an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 (4) a leasú dá réir.

(10)

Ba cheart a ndóthain ama a thabhairt do na Ballstáit chun údaruithe a leasú nó a tharraingt siar maidir le táirgí cosanta plandaí ina bhfuil feinpiorasaimín údaraithe, agus nach gcomhlíonann sonraíocht an ábhair theicniúil a mhonaraítear ar bhonn tráchtála ná na coinníollacha srianta formheasa.

(11)

Maidir le táirgí cosanta plandaí ina bhfuil feinpiorasaimín, agus i gcás ina gceadóidh na Ballstáit aon tréimhse chairde i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, ba cheart an tréimhse sin dul in éag, ar a dhéanaí, 15 mhí tar éis don Rialachán seo a theacht i bhfeidhm.

(12)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Bearta idirthréimhseacha

I gcás inar gá, déanfaidh na Ballstáit na húdaruithe atá ann cheana a leasú nó a tharraingt siar le haghaidh táirgí cosanta plandaí ina bhfuil feinpiorasaimín ina shubstaint ghníomhach faoin 6 Iúil 2021 ar a dhéanaí.

Airteagal 3

Tréimhse chairde

Beidh aon tréimhse chairde a dheonóidh na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 chomh gearr agus is féidir agus rachaidh an tréimhse sin in éag faoin 6 Iúil 2022 ar a dhéanaí.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Márta 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 595/2012 ón gCoimisiún an 5 Iúil 2012 lena ndéantar feinpiorasaimín a fhormheas, i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 176, 6.7.2012, lch. 46).

(3)  EFSA (an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia), 2015. Toradh an chomhairliúcháin leis na Ballstáit, leis an iarratasóir agus le EFSA maidir leis an measúnú riosca ar shonraí deimhniúcháin le haghaidh lotnaidicídí ar an tsubstaint ghníomhach feinpiorasaimín. Foilseachán tacaíochta EFSA 2014:EN-630.

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cholúin “Íonacht” i ró 25, feinpiorasaimín, de Chuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011:

“≥ 960 g/kg

Is cúis imní ó thaobh na tocsaineolaíochta de an t-eisíontas monaraíochta seo a leanas agus níor cheart dó dul thar an méid seo a leanas san ábhar teicniúil ann:

Hiodraisín: cion uasta: < 0,0001 % (1 mg/kg)”

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cholúin “Forálacha Sonracha” i ró 25, feinpiorasaimín, de Chuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011:

“CUID B

Chun na prionsabail aonfhoirmeacha dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 a chur chun feidhme, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála athbhreithnithe ar fheinpiorasaimín, agus go háirithe Foscríbhinní I agus II de, mar a tugadh chun críche é sa Bhuanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe an 1 Meitheamh 2012, agus sa Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha an 18 Bealtaine 2020. Tá an íonacht a thugtar san iontráil seo bunaithe ar tháirgeadh plandaí ar láithreán tráchtála.”


Top