EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R0425
Commission Implementing Regulation (EU) 2021/425 of 9 March 2021 suspending commercial policy measures concerning certain products from the United States of America imposed by Implementing Regulation (EU) 2020/1646 following the adjudication of a trade dispute under the Dispute Settlement Understanding of the World Trade Organization
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/425 ón gCoimisiún an 9 Márta 2021 lena gcuirtear bearta beartais tráchtála a bhaineann le táirgí áirithe ó Stáit Aontaithe Mheiriceá ar fionraí, ar bearta iad a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1646 tar éis don Eagraíocht Dhomhanda Trádála díospóid trádála a bhreithniú faoin gComhaontú um Réiteach Díospóidí
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/425 ón gCoimisiún an 9 Márta 2021 lena gcuirtear bearta beartais tráchtála a bhaineann le táirgí áirithe ó Stáit Aontaithe Mheiriceá ar fionraí, ar bearta iad a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1646 tar éis don Eagraíocht Dhomhanda Trádála díospóid trádála a bhreithniú faoin gComhaontú um Réiteach Díospóidí
C/2021/1661
OJ L 84, 11.3.2021, p. 16–17
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
11.3.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 84/16 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/425 ÓN gCOIMISIÚN
an 9 Márta 2021
lena gcuirtear bearta beartais tráchtála a bhaineann le táirgí áirithe ó Stáit Aontaithe Mheiriceá ar fionraí, ar bearta iad a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1646 tar éis don Eagraíocht Dhomhanda Trádála díospóid trádála a bhreithniú faoin gComhaontú um Réiteach Díospóidí
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 654/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le feidhmiú chearta an Aontais chun rialacha trádála idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm agus a fhorghníomhú agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 3286/94 ón gComhairle lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail i réimse an chomhbheartais tráchtála d’fhonn feidhmiú chearta an Chomhphobail faoi rialacha trádála idirnáisiúnta a áirithiú, go háirithe na cearta sin a bunaíodh faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Trádála (1), agus go háirithe Airteagal 7(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 7 Samhain 2020, ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1646 (2) maidir le bearta beartais tráchtála a bhaineann le táirgí áirithe ó Stáit Aontaithe Mheiriceá (na Stáit Aontaithe) tar éis don Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT) díospóid trádála a bhreithniú faoin gComhaontú um Réiteach Díospóidí lena bhforáiltear do chur i bhfeidhm dleachtanna custaim breise ar allmhairí isteach san Aontas de tháirgí áirithe de thionscnamh na Stát Aontaithe. |
(2) |
Foráiltear le haithris 9 de Rialachán (AE) 2020/1646 go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún cur i bhfeidhm an Rialacháin a chur ar fionraí i gcás ina gcuirfidh na Stáit Aontaithe frithbhearta i gcoinne allmhairiú táirgí áirithe ón Aontas Eorpach ar fionraí, i ndáil le díospóidí EDT maidir le mór-aerárthaí sibhialta. |
(3) |
An 4 Márta 2021, thángthas ar chomhthuiscint leis na Stáit Aontaithe chun na bearta uile a chur ar fionraí go frithpháirteach ar feadh tréimhse 4 mhí, ionas go bhféadfaí réiteach cothrom ar dhíospóidí EDT maidir le mór-aerárthaí sibhialta a chaibidliú, a luaithe a chuirfear nósanna imeachta inmheánacha i gcrích ar an dá thaobh. |
(4) |
I gcomhréir le hAirteagal 7(4) de Rialachán (AE) Uimh. 654/2014, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bheidh infheidhme láithreach a ghlacadh lena gcuirfear bearta beartais tráchtála ar fionraí ar fhorais phráinne, nuair a bhaineann an fhionraí sin le modhnú bheart an tríú tír lena mbaineann, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear cur i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1646 ar fionraí leis seo ar feadh tréimhse 4 mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Dá réir sin, gan dochar d’aon fhionraí ná modhnú breise, beidh feidhm arís ag na dleachtanna dá bhforáiltear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1646 le héifeacht ón 11 Iúil 2021 agus an dáta sin san áireamh.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9 Márta 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 189, 27.6.2014, lch. 50; arna leasú le Rialachán (AE) 2015/1843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2015 (IO L 272, 16.10.2015, lch. 1) agus le Rialachán (AE) 2021/167 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 (IO L 49, 12.2.2021, lch. 1).
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1646 ón gCoimisiún an 7 Samhain 2020 maidir le bearta beartais tráchtála a bhaineann le táirgí áirithe ó Stáit Aontaithe Mheiriceá tar éis don Eagraíocht Dhomhanda Trádála díospóid trádála a bhreithniú faoin gComhaontú um Réiteach Díospóidí (IO L 373, 9.11.2020, lch. 1).