EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R0368
Commission Implementing Regulation (EU) 2021/368 of 1 March 2021 granting a Union authorisation for the single biocidal product ‘Aero-Sense Aircraft Insecticide ASD’ (Text with EEA relevance)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/368 ón gCoimisiún an 1 Márta 2021 lena ndeonaítear údarú Aontais le haghaidh an táirge bhithicídigh aonair “Aero-Sense Aircraft Insecticide ASD” (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/368 ón gCoimisiún an 1 Márta 2021 lena ndeonaítear údarú Aontais le haghaidh an táirge bhithicídigh aonair “Aero-Sense Aircraft Insecticide ASD” (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2021/1167
OJ L 71, 2.3.2021, p. 4–10
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
2.3.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 71/4 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/368 ÓN gCOIMISIÚN
an 1 Márta 2021
lena ndeonaítear údarú Aontais le haghaidh an táirge bhithicídigh aonair “Aero-Sense Aircraft Insecticide ASD”
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 44(5) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 2 Feabhra 2018, chuir Aero-Sense NV iarratas isteach i gcomhréir le hAirteagal 43(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ar údarú ar tháirge bithicídeach aonair ar a dtugtar “Aero-Sense Aircraft Insecticide ASD” den chineál táirge 18, de réir mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin, lenar tugadh deimhniú i scríbhinn gur chomhaontaigh údarás inniúil na Beilge meastóireacht a dhéanamh ar an iarratas. Taifeadadh an t-iarratas faoi chás-uimhir BC-DX037393-17 sa Chlár do Tháirgí Bithicídeacha. |
(2) |
Is é 1R-tras feinitrin an tsubstaint ghníomhach in “Aero-Sense Aircraft Insecticide ASD”; tá an tsubstaint sin san áireamh ar liosta an Aontais de na de shubstaintí gníomhacha formheasta dá dtagraítear in Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. |
(3) |
An 7 Bealtaine 2020, chuir an t-údarás inniúil, i gcomhréir le hAirteagal 44(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, tuarascáil mheasúnaithe agus conclúidí a mheastóireachta chuig an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (“an Ghníomhaireacht”). |
(4) |
An 2 Iúil 2020, chuir an Ghníomhaireacht tuairim (2), an dréacht-achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh (‘SPC’) atá ag “Aero-Sense Aircraft Insecticide ASD” agus an tuarascáil mheasúnaithe deiridh ar an táirge bithicídeach aonair faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 44(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. |
(5) |
Is é conclúid na tuairime gur táirge bithicídeach é “Aero-Sense Aircraft Insecticide ASD”, go bhfuil sé incháilithe d’údarú Aontais i gcomhréir le hAirteagal 42(1) Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 agus, faoi réir chomhlíonadh an dréacht-SPC, go gcomhlíonann sé na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 19(1) den Rialachán sin. |
(6) |
An 4 Lúnasa 2020, rinne an Ghníomhaireacht an dréacht-SPC i dteangacha oifigiúla uile an Aontais a tharchur chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 44(4) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. |
(7) |
Aontaíonn an Coimisiún le tuairim na Gníomhaireachta agus measann sé dá réir sin gur iomchuí údarú Aontais le haghaidh “Aero-Sense Aircraft Insecticide ASD” a dheonú. |
(8) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Bhuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Deonaítear údarú Aontais a bhfuil an uimhir údaraithe EU-0024297-0000 aige do Aero-Sense NV chun an táirge bithicídeach aonair “Aero-Sense Aircraft Insecticide ASD” a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid i gcomhréir leis an achoimre ar thréithe an táirge bhithicídigh a leagtar amach san Iarscríbhinn.
Tá an t-údarú Aontais bailí ón 22 Márta 2021 go dtí an 28 Feabhra 2031.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 1 Márta 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 167, 27.6.2012, lch. 1.
(2) Tuairim ECHA an 17 Meitheamh 2020 maidir le húdarú Aontais le haghaidh an táirge bithicídeach “Aero-Sense Aircraft Insecticide ASD” (ECHA/BPC/262/2020), https://echa.europa.eu/bpc-opinions-on-union-authorisation
ANNEX
Achoimre ar shaintréithe an táirge le haghaidh táirge bithicídeach
Aero-Sense Aircraft Insecticide ASD
Cineál táirge 18 - Feithidicídí, acairicídí agus táirgí chun artrapóid eile a shrianadh (Srianadh lotnaidí)
Uimhir an údaraithe: EU-0024297-0000
Uimhir sócmhainne R4BP: EU-0024297-0000
1. Administrative information
1.1. Trádainm (nó trádainmneacha) an táirge
Trádainm (nó trádainmneacha) |
Aero-Sense Aircraft Insecticide ASD |
1.2. Sealbhóir an údaraithe
Ainm agus seoladh shealbhóir an údaraithe |
Ainm |
Aero-Sense NV |
Seoladh |
Schaapbruggestraat 50, 8800 Roeselare, An Bheilg |
|
Uimhir an údaraithe |
EU-0024297-0000 |
|
Uimhir sócmhainne R4BP |
EU-0024297-0000 |
|
Dáta an údaraithe |
22 Márta 2021 |
|
Dáta éaga an údaraithe |
28 Feabhra 2031 |
1.3. Déantóir (nó déantóirí) an táirge
Ainm an déantóra |
Volcke Aerosol Connection |
Seoladh an déantóra |
Industrielaan 15, 8520 Kuurne An Bheilg |
Suíomh na láithreán déantúsaíochta |
Industrielaan 15, 8520 Kuurne An Bheilg |
Ainm an déantóra |
Envasado Xiomara, S.L. |
Seoladh an déantóra |
Polígono Industrial La Torrecilla Chica, 6, 45220 Yeles - Toledo An Spáinn |
Suíomh na láithreán déantúsaíochta |
Polígono Industrial La Torrecilla Chica, 6, 45220 Yeles - Toledo An Spáinn |
Ainm an déantóra |
Aero-Sense NV |
Seoladh an déantóra |
Kachtemsestraat 289, 8800 Roeselare An Bheilg |
Suíomh na láithreán déantúsaíochta |
Kachtemsestraat 289, 8800 Roeselare An Bheilg |
1.4. Déantóir (nó déantóirí) na substainte gníomhaí nó na substaintí gníomhacha
Substaint ghníomhach |
1R-tras-feinitrin |
Ainm an déantóra |
Endura S.p.A |
Seoladh an déantóra |
Viale Pietro Pietramellara 5, 40121 Bologna An Iodáil |
Suíomh na láithreán déantúsaíochta |
39 Wenfeng Road, 225009 Yangzhou, Jiangsu An tSín |
2. COMHDHÉANAMH AGUS FOIRMLIÚ AN TÁIRGE
2.1. Faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil faoi chomhdhéanamh an táirge
Gnáthainm |
Ainm IUPAC |
Feidhm |
Uimhir CAS |
Uimhir CE |
Cion (%) |
1R-tras-feinitrin |
3-feanocsaibeinsil (1R, 3R)-2,2-démheitil- 3-(2-meitiolpróp-1- inil)cioglaprópáncarbocsaláit |
Substaint Ghníomhach |
26046-85-5 |
247-431-2 |
2,0 |
2.2. Cineál foirmlithe
AE - Dáileoir aerasóil
3. RÁITIS GHUAISE AGUS RÉAMHCHÚRAIM
Ráitis ghuaise |
Coimeádán brúchóirithe: D’fhéadfadh sé pléascadh dá dtéifí é An-tocsaineach don saol uisceach. An-tocsaineach don saol uisceach, le héifeachtaí fadtréimhseacha. |
Ráitis réamhchúraim |
Coinnigh é ar shiúl ón teas, dromchlaí te, splancacha, lasair oscailte agus foinsí eile adhainte. Cosc ar chaitheamh tobac. Ná toll agus ná dóigh, fiú tar éis úsáide. Ná scaoiltear amach sa chomhshaol. Bailigh doirteadh. Cosain ó sholas na gréine. Ná nocht do theocht níos airde ná 50 °C/122 °F. Diúscraítear an t-inneachar/coimeádán chuig pointe bailithe dramhaíola guaisí nó speisialta. |
4. ÚSÁID (nó ÚSÁIDÍ) ÚDARAITHE
4.1. Tuairisc úsáide
Tábla 1. # úsáide 1 – Muiscítí – Cóireáil aerárthaigh - Gairmithe
Cineál táirge |
PT18 - Feithidicídí, acairicídí agus táirgí chun artrapóid eile a shrianadh (Srianadh lotnaidí) |
||||||
Más iomchuí, tuairisc bheacht ar an úsáid údaraithe |
Feithidicíd |
||||||
Spriocorgánach (nó spriocorgánaigh) (lena n-áirítear céim na forbartha) |
Scientific name: Culex spp. Common name: Muiscítí culex Development stage: Ba lánfhásta Scientific name: Aedes spp. Common name: Muiscítí aedes Development stage: Ba lánfhásta Scientific name: Anopheles spp. Common name: Muiscítí anopheles Development stage: Ba lánfhásta |
||||||
Réimse (nó réimsí) úsáide |
Istigh Forchur i gcró an phíolóta agus sa chábán le haghaidh díghalrú aerárthaigh. |
||||||
Modh (nó modhanna) úsáide |
Sprae aerasóil Spraeáil |
||||||
Ráta (nó rátaí) agus minicíocht feidhmithe |
Ráta forchurtha molta: 35 g/100 m3 (i.e. 0,7 g a.i./100 m3). Táirge réidh le húsáid. Ba cheart an chóireáil a athdhéanamh ar gach eitilt dá dteastaíonn cóireáil díghalraithe. Ná forchuirtear é ach uair amháin in aghaidh na heitilte. |
||||||
Catagóir (nó catagóirí) úsáideoirí |
Gairmiúil |
||||||
Méideanna paca agus ábhar pacáistíochta |
Canna alúmanaim (ALU) 18 mbarra clóbhuailte - Clóbhualadh lándaite Claibín bán (Gníomhróir Aon Steallaidh) nó Claibín gorm (Gníomhróir Ilsteallaidh) Arna bpacáil i bpacáistíocht chairtchláir in aghaidh 24 earra Ar fáil i méideanna canna éagsúla:
|
4.1.1. Treoracha úsáidsonracha úsáide
— |
Féach an lámhleabhar ar bord le haghaidh líon na gcannaí a bheidh de dhíth ar chóireáil díghalraithe le haghaidh gach cineál aerárthaigh shonraigh. |
— |
Ba cheart go bhfógrófaí an gnáthamh díghalraithe do phaisinéirí roimh fhorchur an táirge taobh istigh den aerárthach. Ba chóir go dtabharfaí comhairle do phaisinéirí chun a gcuid súile a dhúnadh agus a n-aghaidh a chlúdach agus an gnáthamh ar siúl. |
— |
Ná spraeáiltear é go díreach ar an gcneas nó isteach sna súile. |
— |
Ná spraeáiltear é ar bhia, ar limistéir ullmhaithe bia ná ar uirlisí bia ná in aice leo. |
— |
Nitear lámha tar éis a láimhsithe. |
— |
Coisctear a úsáid le pearsanra neamhúdaraithe. |
— |
Bain an claibín de. |
— |
Coinnigh canna(í) go hingearach fad do sciatháin uait. |
— |
Claibín bán “aon steallaidh”: brúigh an táb ar an soc spraeála nó go nglasáiltear síos é. Scaoiltear an táirge aerasóil i spraeáil leanúnach amháin. |
— |
Claibín gorm “ilsteallaidh”: brúigh an táb ar an soc spraeála nó go scaoiltear dóthain cainníochta nó go scaoiltear an táirge go hiomlán. |
— |
Ba cheart go spraeálfaí aerasól na feithidicíde ach soc an dáileora aerasóil a dhíriú ag uillinn tuairim ar 45° i dtreo na síleála ar fud an aerárthaigh. |
— |
Ba chóir go ndíreofaí an sprae beagáinín taobh thiar den úsáideoir. |
— |
Spraeáiltear go cothrom é ar fud an limistéir go léir. |
|
40 g (34 ml) - Faightear cóireáil éifeachtach do 114 m3 de thoirt aeir i gcanna amháin; |
|
60 g (52 ml) - Faightear cóireáil éifeachtach do 171 m3 de thoirt aeir i gcanna amháin; |
|
100 g (86 ml) - Faightear cóireáil éifeachtach do 285 m3 de thoirt aeir i gcanna amháin. |
Díghalrú “Blocáiltear amach”
Tarlaíonn an gnáthamh sin roimh éirí de thalamh, tar éis bordáil na bpaisinéirí agus dúnadh na ndoirse.
Spraeáiltear an deic eitilte sula mbordálann foireann an chábáin féin.
Caithfidh córas aerchóiriúcháin an aerárthaigh a bheith múchta le linn na spraeála sa chaoi go mbeadh an díghalrú éifeachtach. Caithfidh foireann an chábáin gach tearmann féideartha d’fheithidí a chóireáil lena n-áirítear leithris, áiléir agus vardrúis, murar spraeáladh na limistéir sin in éineacht leis an deic eitilte roimh an mbordáil.
“Barr na tuirlingthe(spraeáil le linn eitilte)”
De réir na treorach ón EDS: is modh díghalraithe ina dhá chuid í an spraeáil réamheitilte agus ag barr na tuirlingthe. Is í an spraeáil “barr na tuirlingthe” (spraeáil le linn eitilte) an dara teicníc den mhodh sin, agus déantar í ag “barr na tuirlingthe”, agus an t-aerárthach ag casadh chun tuirlingthe go dtí an t-aerfort sprice. Socrófar an athchúrsaíocht aeir chuig gnáthshreabhadh.
Níor léiríodh aon éifeacht iarmharach go fóill.
Níor chóir go mbainfí leas as táirgí ina bhfaightear 1R-tras-feinitrin le haghaidh cóireála réamheitilte agus le linn eitilte san aerárthach céanna araon.
4.1.2. Bearta úsáidsonracha maolaithe riosca
— |
Níor cheart go bhforchuirfí an táirge seo ach uair amháin in aghaidh na heitilte. |
— |
Ní dhéanfaidh ball d’fhoireann an chábáin níos mó ná forchur amháin in aghaidh an lae. |
— |
Ná húsáidtear/forchuirtear an táirge go díreach ar bhia, beathú ná deochanna ná in aice leo, ná ar dhromchlaí ná ar uirlisí ar dócha go dtiocfadh siad i dteagmháil dhíreach le bia agus deochanna. |
— |
Faightear 1R-tras-feinitrin ann (pireatróidí), d’fhéadfadh sé a bheith contúirteach do chait. Caithfear a bheith cúramach agus leas á bhaint as an táirge nuair a bhíonn cait istigh san aerárthach. Caithfear cait a choinneáil ar shiúl le linn cóireála. |
— |
Caithfidh nach ndéantar glanadh an aerárthaigh chóireáilte ach amháin trí leas a bhaint as táirgí speisialaithe nach dteastaíonn scaoileadh múnlaigh isteach sna draenacha agus sna gléasraí cóireála séaraigh áitiúla uathu. |
— |
Caithfear trealamh glantacháin (scuaba, éadaí, etc.) as a mbaintear leas ar aerárthach tar éis forchur an táirge a dhiúscairt mar dhramhaíl sholadach, agus ní féidir athúsáid a bhaint as. |
4.1.3. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint
Treoracha garchabhrach:
Ginearálta
— |
MÁ IONANÁLAÍTEAR: Cuir glao ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir má bhaineann airíonna duit. |
— |
MÁ SHLOGTAR: Cuir glao ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir má bhaineann airíonna duit. |
— |
I gCÁS TEAGMHÁLA LEIS AN gCRAICEANN: Nigh le gallúnach agus uisce. Cuir glao ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir má bhaineann airíonna duit. |
— |
I gCÁS TEAGMHÁLA LEIS NA SÚILE: I gCÁS TEAGMHÁLA LEIS NA SÚILE: Sruthlaítear go faichilleach le huisce ar feadh roinnt nóiméad. Tóg amach na tadhall-lionsaí, más ann dóibh agus más furasta é sin a dhéanamh. Lean ar aghaidh ag rinseáil. Cuir glao ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir má bhaineann airíonna duit. |
— |
D’fhéadfadh paraestéise (dó agus griofadach an chraicinn gan ghreannú). Má leanann airíonna ar aghaidh: faigh comhairle leighis. |
Bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint i gcás tionóisce
— |
Coinnigh agus rialaigh sceitheadh ná doirteadh ar bith le hábhair ionsúiteacha indóite cosúil leis an ngaineamh, cré, veirmicilít, nó diatóimít i ndrumaí lena ndiúscairt mar dhramhaíl. |
— |
Ábhar ar bith a chosc ó dhul isteach sna draenacha nó uiscebhealaí. |
— |
Ná dírigh sprae uisce ar an bpointe sceite nó doirte. |
— |
Lig do tháirge iarmharach ar bith mar thoradh ar an sceitheadh ná an doirteadh chun galú. |
4.1.4. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, na treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte
— |
Ba chóir iontráil iomchuí a dhéanamh sa Dearbhú Ginearálta Aerárthaigh, agus sonraí a thabhairt maidir leis an ngnáthamh díghalraithe in éineacht leis na sraithuimhreacha ar na cannaí spraeála in úsáid. |
— |
Coinneofar na cannaí spraeála folmha lena n-imscrúdú ag Údarás Sláinte an Chalafoirt. |
— |
Ná doirtear an táirge isteach i ndraenacha ná in uiscebhealaí. |
— |
Áirithigh go ndéantar bainistiú dramhaíola gan sláinte dhaonna a chur i mbaol, gan díobháil a dhéanamh don chomhshaol, agus go háirithe gan riosca ar bith don uisce, aer, ithir, plandaí ná ainmhithe leis. |
— |
Athchúrsáil nó diúscair an dramhtháirge i gcomhréir leis an reachtaíocht infheidhmithe, b’fhearr trí bhailitheoir nó cuideachta dheimhnithe. |
— |
Ná héillítear an talamh ná an t-uisce leis an dramhtháirge. |
— |
Ná diúscraítear an dramhtháirge isteach sa chomhshaol. |
4.1.5. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála
Féach na treoracha le haghaidh úsáide
5. TREORACHA GINEARÁLTA ÚSÁIDE (1)
5.1. Treoracha úsáide
Féach rannóg 4.1.1
5.2. Bearta maolaithe riosca
Féach rannóg 4.1.2
5.3. Sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint
Féach rannóg 4.1.3
5.4. Treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte
Féach rannóg 4.1.4
5.5. Coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála
— |
Stóráiltear sa bhunphacáistíocht é in áit fhuarga thirim aeráilte (faoi bhun 40 °C). Cosnaítear ón tsioc é. |
— |
Stóráiltear ar shiúl ó sholas díreach na gréine é, fiú nuair a bhíonn sé folamh. |
Seilfré: 2 bhliain
6. FAISNÉIS EILE
(1) Treoracha úsáide, bearta maolaithe riosca agus treoracha eile le húsáid faoin alt seo bailí do gach úsáid údaraithe.