EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0255

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/255 ón gCoimisiún an 18 Feabhra 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 lena leagtar síos bearta mionsonraithe le haghaidh chur chun feidhme na mbunchaighdeán comhchoiteann maidir le slándáil eitlíochta (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/992

OJ L 58, 19.2.2021, p. 23–35 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/255/oj

19.2.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 58/23


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/255 ÓN gCOIMISIÚN

an 18 Feabhra 2021

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 lena leagtar síos bearta mionsonraithe le haghaidh chur chun feidhme na mbunchaighdeán comhchoiteann maidir le slándáil eitlíochta

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse slándála na heitlíochta sibhialta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2320/2002 (1), agus go háirithe Airteagal 4(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá tionchar i gcónaí ag géarchéim COVID-19 ar an eitlíocht shibhialta idirnáisiúnta agus Eorpach a mhéid go bhfuil bac mór fós, ar chúiseanna oibiachtúla, ar fheidhmiú na gcuairteanna ar an láthair chun oibreoirí lasta a ainmniú agus a athainmniú i dtríú tíortha de bhun phointe 6.8 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 ón gCoimisiún (2), agus is cúiseanna iad nach bhfuil neart ag na hiompróirí ná na hoibreoirí lasta sin orthu.

(2)

Dá bhrí sin, is gá síneadh ama a chur le hinfheidhmeacht an phróisis mhalartaigh agus bhrostaithe maidir le bailíochtú ar shlándáil eitlíochta an Aontais le haghaidh oibreoirí an tslabhra soláthair atá ceaptha dul chuig an Aontas agus a ndéanann paindéim COVID-19 difear dóibh, go dtí tar éis an dáta a leagadh síos i bpointe 6.8.1.7 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998.

(3)

I gcomhthéacs na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) agus na hEagraíochta Domhanda Custaim (EDC), chuir an tAontas forbairt coincheapa beartais idirnáisiúnta maidir le Réamhfhaisnéis Lasta Réamhluchtaithe (PLACI) chun cinn, ar choincheap é a úsáidtear chun tuairisc a dhéanamh ar thacar sonrach sonraí 7 + 1 (3) mar a shainmhínítear i gCreat Caighdeán SAFE na hEagraíochta Domhanda Custaim (SAFE FoS). Na sonraí coinsíneachtaí, a chuirtear ar fáil do rialtóirí ag seoltóirí lasta, aeriompróirí, oibreoirí poist, suimeálaithe, gníomhairí rialaithe, nó eintitis eile a luaithe is féidir sula ndéantar lasta a luchtú ar aerárthach ag an bpointe imeachta deiridh, fágann na sonraí sin gur féidir sraith slándála breise a chur chun feidhme, sraith ina ndéanann na custaim iontrála anailís riosca agus bagartha roimh imeacht na coinsíneachta.

(4)

Dá bhrí sin, sula luchtófar earraí ar aerárthach atá ag imeacht as tríú tír, maidir leis an gcéad anailís riosca ar earraí atá le tabhairt isteach d’aer i gcríoch chustaim an Aontais, ba cheart í a dhéanamh a luaithe is féidir nuair a fhaightear tacar sonraí íosta an dearbhaithe iontrála achomair dá dtagraítear in Airteagal 106(2) agus (2a) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún (4). Maidir leis an gceanglas an chéad anailís riosca a dhéanamh, ba cheart feidhm a bheith aige ón 15 Márta 2021.

(5)

Le hAirteagal 186 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún (5) leagtar síos an próiseas anailíse riosca agus rialaithe a chuireann oifig chustaim na chéad iontrála chun feidhme, agus leagtar síos in Airteagal 182 den Rialachán sin gurb é an Córas Rialaithe Allmhairí (ICS2), arna cheapadh ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit i gcomhaontú frithpháirteach, comhéadan comhchuibhithe na dtrádálaithe san Aontas le haghaidh aighneachtaí, iarrataí ar leasuithe, iarrataí ar neamhbhailithe, próiseáil agus stóráil sonraí dearbhuithe iontrála agus chun faisnéis ghaolmhar a mhalartú leis na húdaráis chustaim.

(6)

Ós rud é go bhféadfar a cheangal le torthaí na hanailíse riosca ar Réamhfhaisnéis Lasta Réamhluchtaithe, ón 15 Márta 2021, ar oibreoirí atá ag gabháil do shlabhra soláthair atá ceaptha dul chuig an Aontas le linn a n-oibríochtaí i dtríú tír, bearta maolaitheacha sonracha maidir le slándáil eitlíochta a chur i bhfeidhm, is gá na rialacha cur chun feidhme maidir le slándáil eitlíochta a chomhtháthú go práinneach dá réir sin.

(7)

Tá tionchar mór ag paindéim COVID-19 atá ann faoi láthair ar chumas na n-aerfort san Aontas an próiseas suiteála um threalamh le haghaidh córais braite pléascán (EDS), a chomhlíonann caighdeán 3, a chur i gcrích. Tá an Coimisiún agus na Ballstáit an-tiomanta i gcónaí cur chun feidhme na teicneolaíochta is nuaí a thabhairt chun críche maidir le braitheoireacht a dhéanamh ar bhagáiste boilg. Cuireadh treochlár nua le chéile lena gcuirtear solúbthacht bhreise ar fáil chun oiriúnú don staid reatha, i gcomhréir le sásra tosaíochta atá bunaithe ar chatagóirí aerfort, agus lena gcuirtear infheictheacht ar fáil maidir le caighdeáin níos airde a thabhairt isteach i dtaca le feidhmíocht braite.

(8)

Is léir ón taithí a fuarthas le cur chun feidhme Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 ón gCoimisiún go bhfuil gá le roinnt leasuithe ar rialacha mionsonraithe cur chun feidhme bunchaighdeán comhchoiteann áirithe. Is gá rialacha mionsonraithe cur chun feidhme áirithe na gcaighdeán sin a choigeartú d’fhonn bearta sonracha slándála eitlíochta áirithe a shoiléiriú, a chomhchuibhiú, a shimpliú agus a neartú, d’fhonn soiléireacht dhlíthiúil a fheabhsú, léirmhíniú coiteann ar an reachtaíocht a chaighdeánú agus cur chun feidhme na mbunchaighdeán comhchoiteann a áirithiú maidir le slándáil eitlíochta freisin.

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 a leasú dá réir.

(10)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 19 de Rialachán (CE) Uimh. 300/2008,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur chun Feidhme (AE) 2015/1998 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag pointí (1) agus (22) den Iarscríbhinn ón 15 Márta 2021, ag pointe (2) den Iarscríbhinn ón 1 Márta 2022, agus ag pointe (14) ón 1 Iúil 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Feabhra 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 97, 9.4.2008, lch. 72.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 ón gCoimisiún an 5 Samhain 2015 lena leagtar síos bearta mionsonraithe le haghaidh chur chun feidhme na mbunchaighdeán comhchoiteann maidir le slándáil eitlíochta (IO L 299, 14.11.2015, lch. 1).

(3)  Ainm an choinsíneora, seoladh an choinsíneora, ainm an choinsíní, seoladh an choinsíní, líon na bpacáistí, ollmheáchan iomlán, tuairisc ar an lasta, agus Bille Iompair Aeir Tí nó Príomhbhille Iompair Aeir.

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha mionsonraithe a bhaineann le forálacha áirithe de Chód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 1).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais a chur chun feidhme. (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn mar a leanas:

(1)

cuirtear an pointe 6.0.4 seo a leanas isteach:

“6.

0.4 Chun críocha na hIarscríbhinne seo, ciallaíonn “Reamhfhaisnéis Lasta Réamhluchtaithe” nó “PLACI” an próiseas ina ndéantar, chun críoch slándála eitlíochta, an chéad anailís riosca ar earraí atá le tabhairt isteach d’aer i gcríoch chustaim an Aontais (*).

(*)  Toisc nach cuid í an Íoslainn de chríoch chustaim an Aontais, chun críocha phointe 6.8.7 den Iarscríbhinn, meastar gur tríú tír í an Íoslainn.”;"

(2)

cuirtear na pointí 6.1.4, 6.1.5 agus 6.1.6 seo a leanas isteach:

“6.

1.4 Ní fhéadfar rochtain isteach ar limistéir shrianta slándála lasta agus poist a thabhairt ach amháin tar éis a shuí cé na catagóirí seo a leanas a mbaineann an choinsíneacht ó thaobh na talún léi:

(a)

gníomhaire rialaithe;

(b)

coinsíneoir aitheanta;

(c)

tarlóir a cheaptar i gcomhréir le pointe 6.6.1.1(c), a bhfuil coinsíneachtaí á n-iompar aige ar cuireadh rialaithe slándála i bhfeidhm maidir leo roimhe seo;

(d)

aon eintiteas seachas na heintitis dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c).

6.1.5

I gcás ina bhfuil feidhm ag pointe 6.1.4 (c), cuirfear cóip den dearbhú sínithe mar atá i gCeangaltán 6-E ar fáil don ghníomhaire rialaithe, don aeriompróir nó don oibreoir aerfoirt lena ndeonófar rochtain isteach ar limistéir shrianta slándála, ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a)

gur gníomhaire rialaithe é an tarlóir féin;

(b)

go ndéantar an t-iompar thar ceann an ghníomhaire rialaithe is faighteoir nó ar son an aeriompróra is faighteoir sa limistéir shrianta slándála.

Féadfar sásra coibhéiseach maidir le réamhfhógra a thabhairt don phointe rochtana a chur in ionad cóip den dearbhú sínithe i gCeangaltán 6-E a chur i láthair ag an tarlóir, sásra arna áirithiú ag an gcoinsíneoir aitheanta lasmuigh den aerfort nó ag an ngníomhaire rialaithe a ndéantar an t-iompar thar a cheann, nó ag an ngníomhaire rialaithe is faighteoir nó ag an aeriompróir is faighteoir sna limistéir shrianta slándála.

6.1.6

Coinsíneachtaí lasta nó poist nár cuireadh rialuithe slándála i bhfeidhm orthu roimhe, féadfar iad a cheadú isteach sna limistéir shrianta slándála, ar choinníoll go mbeidh siad faoi réir cur chun feidhme ceann amháin de na roghanna seo a leanas:

(a)

go ndéanfar braitheoireacht orthu roimh theacht isteach dóibh, i gcomhréir le pointe 6.2, agus faoi fhreagracht an ghníomhaire rialaithe is faighteoir nó an aeriompróra is faighteoir;

(b)

go ndéanfar iad a thionlacan chuig áitreabh an ghníomhaire rialaithe nó an aeriompróra atá lonnaithe sna limistéir shrianta slándála, faoi fhreagracht an ghníomhaire nó an aeriompróra.

Tráth a seachadtar iad, déanfar na coinsíneachtaí sin a chosaint ar chur isteach neamhúdaraithe, go dtí go gcuirfear faoi réir braitheoireachta iad.

An pearsanra a dhéanfaidh na coinsíneachtaí sin a thionlacan nó a chosaint ar chur isteach neamhúdaraithe, earcófar iad i gcomhréir le pointe 11.1.1, agus cuirfear oiliúint orthu i gcomhréir le pointe 11.2.3.9 ar a laghad.”;

(3)

i bpointe 6.3.1.2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

déanfaidh an t-údarás iomchuí nó bailíochtóir slándála eitlíochta de chuid an Aontais a ghníomhaíonn thar a cheann scrúdú ar an gclár slándála sula ndéanfaidh sé fíorú ar an láthair ar na láithreáin a shonraítear chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht an iarratasóra le ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 agus leis na gníomhartha cur chun feidhme a glacadh ar a bhonn.

Seachas na ceanglais maidir le braitheoireacht a leagtar síos i bpointe 6.2, measfar gur fíorú ar an láthair atá i scrúdú ar láithreán an iarratasóra a dhéanfaidh an t-údarás custaim ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 29 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 (*) ón gCoimisiún i gcás ina ndéantar é tráth nach luaithe ná 3 bliana roimh an dáta ar a lorgaíonn an t-iarratasóir formheas mar ghníomhaire rialaithe. Cuirfidh an t-iarratasóir údarú OEÚ agus an measúnú ábhartha ag na húdaráis chustaim ar fáil le tuilleadh iniúchta a dhéanamh orthu.

(*)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais a chur chun feidhme. (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558).”;"

(4)

i bpointe 6.3.1.4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír:

“Seachas na ceanglais maidir le braitheoireacht a leagtar síos i bpointe 6.2, measfar gur fíorú ar an láthair atá i scrúdú ar láithreán an ghníomhaire rialaithe ag an údarás custaim ábhartha a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 29 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447.”;

(5)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 6.3.1.5:

“6.

3.1.5 I gcás nach deimhin leis an údarás iomchuí a thuilleadh go gcomhlíonann an gníomhaire rialaithe ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 300/2008, déanfaidh sé stádas gníomhaire rialaithe na láithreán sonraithe sin a tharraingt siar.

Díreach tar éis na tarraingthe siar, agus i ngach cás laistigh de 24 uair an chloig tar éis na tarraingthe siar, áiritheoidh an t-údarás iomchuí go léireofar athrú stádais an iarghníomhaire rialaithe i “mbunachar sonraí an Aontais maidir le slándáil an tslabhra soláthair”.

I gcás nach sealbhóir údarú OEÚ a thuilleadh gníomhaire rialaithe dá dtagraítear in (b) d’Airteagal 38(2) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*) agus in Airteagal 33 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 nó i gcás ina bhfuil a údarú OEÚ ar fionraí toisc nár chomhlíon sé pointe (e) d’Airteagal 39 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 agus Airteagal 28 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447, déanfaidh an t-údarás iomchuí gníomh iomchuí chun comhlíontacht an ghníomhaire rialaithe le ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 a áirithiú.

Cuirfidh an gníomhaire rialaithe an t-údarás iomchuí ar an eolas maidir le haon athrú a bhaineann lena údarú OEÚ dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 38(2) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 agus in Airteagal 33 de Rialachán (AE) 2015/2447.

(*)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).”;"

(6)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 6.3.1.8:

“6.

3.1.8 Cuirfidh an t-údarás iomchuí aon fhaisnéis ar fáil don údarás custaim a bhaineann le stádas gníomhaire rialaithe, faisnéis a d’fhéadfadh a bheith ábhartha maidir le húdarú OEÚ dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 38(2) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 agus in Airteagal 33 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 a bheith i seilbh aige. Áireofar san fhaisnéis sin an fhaisnéis a bhaineann le formheas nua ar ghníomhairí rialaithe, aistarraingt stádas an ghníomhaire rialaithe, athbhailíochtú agus iniúchtaí, sceidil fíorúcháin agus torthaí na measúnuithe sin.

Leagfar síos na rialacha mionsonraithe maidir leis an malartú faisnéise sin idir an t-údarás iomchuí agus na húdaráis chustaim náisiúnta.”;

(7)

i bpointe 6.3.2.6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

“(g)

an t-aitheantóir uathúil a fuarthas ón údarás iomchuí, de chuid aon ghníomhaire rialaithe a ghlac leis an stádas slándála a thug gníomhaire rialaithe eile do choinsíneacht, lena n-áirítear le linn oibríochtaí aistrithe.”;

(8)

i bpointe 6.3.2.6, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“Maidir le lasta nó post traschuir nach bhfuil an t-aeriompróir nó an gníomhaire rialaithe atá ag feidhmiú thar a cheann in ann an fhaisnéis a cheanglaítear leis an bpointe seo, nó le pointe 6.3.2.7 mar is infheidhme a dhearbhú, cuirfear an lasta nó an post sin faoi réir braitheoireachta sula luchtófar ar bord aerárthaigh é le haghaidh na chéad eitilte eile.”;

(9)

i bpointe 6.4.1.2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

measfar gur fíorú ar an láthair scrúdú ar láthair an iarratasóra a dhéanfaidh údarás custaim ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 29 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447* ón gCoimisiún i gcás ina ndéantar é tráth nach luaithe ná 3 bliana roimh an dáta ar a lorgaíonn an t-iarratasóir formheas mar choinsíneoir aitheanta. Sna cásanna sin, déanfaidh an t-iarratasóir an fhaisnéis a cheanglaítear i gCuid a hAon den “Seicliosta um bailíochtú le haghaidh coinsíneoirí aitheanta” a chur i gcrích mar atá i gCeangaltán 6-C agus í a chur chuig an údarás iomchuí mar aon leis an dearbhú gealltanas a shíneoidh ionadaí dlíthiúil an iarratasóra nó an duine atá freagrach as slándáil ag an láithreán.

Cuirfidh an t-iarratasóir údarú OEÚ agus an measúnú ábhartha ag na húdaráis chustaim ar fáil le tuilleadh iniúchta a dhéanamh orthu.

Déanfaidh an t-údarás iomchuí nó bailíochtóir slándála eitlíochta de chuid an Aontais an dearbhú sínithe a choinneáil agus cuirfear ar fáil é arna iarraidh sin don údarás iomchuí lena mbaineann;”;

(10)

i bpointe 6.4.1.4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír:

“Measfar gur fíorú ar an láthair scrúdú a dhéanfaidh an t-údarás custaim ábhartha ar láithreán an choinsíneora aitheanta i gcomhréir le hAirteagal 29 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447.”;

(11)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 6.4.1.5:

“6.

4.1.5 I gcás nach deimhin leis an gcoinsíneoir aitheanta a thuilleadh go gcomhlíonann an gníomhaire rialaithe ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 300/2008, déanfaidh sé stádas coinsíneora aitheanta na láithreán sonraithe sin a tharraingt siar.

Díreach tar éis na tarraingthe siar, agus i ngach cás laistigh de 24 uair an chloig tar éis na tarraingthe siar, áiritheoidh an t-údarás iomchuí go léireofar athrú stádais an choinsíneora i “mbunachar sonraí an Aontais maidir le slándáil an tslabhra soláthair”.

I gcás nach bhfuil coinsíneoir aitheanta ina shealbhóir a thuilleadh ar údarú OEÚ dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 38(2) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 agus in Airteagal 33 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 nó i gcás ina bhfuil a údarú OEÚ ar fionraí toisc nár comhlíonadh pointe (e) d’Airteagal 39 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 agus Airteagal 28 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447, déanfaidh an t-údarás iomchuí gníomh iomchuí chun comhlíontacht an choinsíneora aitheanta le ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 a áirithiú.

Cuirfidh an coinsíneoir aitheanta an t-údarás iomchuí ar an eolas maidir le haon athrú a bhaineann lena údarú OEÚ dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 38(2) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 agus in Airteagal 33 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447.”;

(12)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 6.4.1.7:

“6.

4.1.7 Cuirfidh an t-údarás iomchuí aon fhaisnéis ar fáil don údarás custaim a bhaineann le stádas coinsíneora aitheanta, faisnéis a d’fhéadfadh a bheith ábhartha maidir le húdarú OEÚ dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 38(2) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 agus in Airteagal 33 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 a bheith i seilbh aige. Áireofar san fhaisnéis sin an fhaisnéis a bhaineann le formheas nua ar choinsíneoirí aitheanta, aistarraingt stádas gníomhaire aitheanta, athbhailíochtú agus iniúchtaí, sceidil fíorúcháin agus torthaí na measúnuithe sin.

Leagfar síos na rialacha mionsonraithe maidir leis an malartú faisnéise sin idir an t-údarás iomchuí agus na húdaráis chustaim náisiúnta.”;

(13)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 6.5.1:

“6.

5.1 Coinneoidh an gníomhaire rialaithe bunachar sonraí ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas uile de chuid aon choinsíneoir cuntais arna ainmniú aige roimh an 1 Meitheamh 2017:

(a)

mionsonraí na cuideachta, lena n-áirítear an seoladh gnó bona fide;

(b)

cineál an ghnó;

(c)

sonraí teagmhála, lena n-áirítear sonraí teagmhála an duine nó na ndaoine atá freagrach as slándáil;

(d)

uimhir thagartha CBL nó uimhir chláraithe cuideachta;

(e)

“Dearbhú gealltanas — coinsíneoir cuntais” sínithe mar atá i gCeangaltán 6-D.

I gcás inar sealbhóir údarú OEÚ dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 38(2) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 agus in Airteagal 33 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 an coinsíneoir cuntais, coinneofar uimhir an údaraithe OEÚ sa bhunachar sonraí dá dtagraítear sa chéad mhír.

Beidh an bunachar sonraí ar fáil lena iniúchadh ag an údarás iomchuí.”;

(14)

cuirtear na pointí 6.6.1.3, 6.6.1.4 agus 6.6.1.5 seo a leanas isteach:

“6.

6.1.3 Na baill foirne a dhéanfaidh aerlasta agus aerphoist a raibh rialuithe slándála curtha i bhfeidhm orthu a bhailiú, a iompar, a stóráil agus a sheachadadh, áiritheoidh an tarlóir go gcuirfear baill foirne sin faoi réir an mhéid seo a leanas ar a laghad:

(a)

seiceáil ar shláine an duine, ina ndéanfar an chéannacht agus an curriculum vitae a fhíorú agus/nó teistiméireachtaí a chur ar fáil;

(b)

oiliúint maidir le feasacht ar chúrsaí slándála ginearálta, i gcomhréir le pointe 11.2.7.

6.6.1.4

Aon bhall foirne de chuid an tarlóra ar tugadh rochtain gan mhaoirsiú dó ar lasta agus ar phost agus aon fheidhm dá dtagraítear i bpointe 6.6.1.3 á comhlíonadh aige, nó le linn dó aon rialuithe slándála a leagtar síos sa Chaibidil seo á gcur chun feidhme aige, beidh an méid seo a leanas déanta aige:

(a)

beidh seiceáil cúlra curtha i gcrích go sásúil aige;

(b)

beidh oiliúint slándála déanta aige, i gcomhréir le pointe 11.2.3.9.

6.6.1.5

I gcás ina mbaineann tarlóir úsáid as seirbhísí cuideachta eile chun ceann amháin nó níos mó de na feidhmeanna dá dtagraítear i bpointe 6.6.1.3 a dhéanamh, comhlíonfaidh an chuideachta eile sin na coinníollacha seo a leanas:

(a)

comhaontú tarlóra a shíniú leis an tarlóir;

(b)

staonadh ó fhochonraitheoireacht eile a dhéanamh;

(c)

forálacha phointí 6.6.1.3 agus 6.6.1.4 a chur chun feidhme, de réir mar is infheidhme.

Coinníonn an tarlóir fochonraitheoireachta freagracht iomlán as an iompar ar fad thar ceann an ghníomhaire nó an choinsíneora.”;

(15)

i bpointe 6.8.1.7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

“Le linn na tréimhse ón 1 Aibreán 2020 go dtí an 30 Meitheamh 2021, is féidir leis an údarás iomchuí maolú ón bpróiseas a leagtar síos i bpointe 6.8.2 agus aeriompróir a ainmniú go sealadach mar ACC3, sa chás nach bhféadfaí bailíochtú slándála eitlíochta de chuid an Aontais a dhéanamh ar chúiseanna oibiachtúla a bhaineann leis an ngéarchéim phaindéime a d’eascair as COVID-19 agus nach bhfuil aon fhreagracht ar an aeriompróir ina leith. Beidh an t-ainmniú faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:”;

(16)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 6.8.3.6 agus 6.8.3.7:

“6.

8.3.6 Tar éis na rialuithe slándála dá dtagraítear i bpointí 6.8.3.1 go 6.8.3.5 a bheith curtha chun feidhme, áiritheoidh an ACC3 nó an gníomhaire rialaithe arna bhailíochtú faoi shlándáil eitlíochta an Aontais (RA3) atá freagrach as cur chun feidhme na rialuithe slándála go mbeidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad san áireamh sna doiciméid tionlacain, i bhfoirm bille aeriompair, doiciméadacht choibhéiseach poist nó i ndearbhú ar leith, a chuirfear ar fáil i bhformáid leictreonach nó i scríbhinn:

(a)

aitheantóir uathúil alfa-uimhriúil ACC3;

(b)

stádas slándála na coinsíneachta dá dtagraítear i bpointe (d) de phointe 6.3.2.6 agus arna eisiúint ag ACC3 nó ag an ngníomhaire rialaithe arna bhailíochtú faoi shlándáil eitlíochta an Aontais (RA3), de réir mar is iomchuí;

(c)

aitheantóir uathúil na coinsíneachta, amhail uimhir an bhille iompair aeir tí nó uimhir an phríomhbhille iompair aeir, i gcás inarb infheidhme;

(d)

inneachar na coinsíneachta, nó léiriú ar chomhdhlúthú i gcás inarb infheidhme;

(e)

na cúiseanna leis an stádas slándála a eisiúint, lena n-áirítear an modh braitheoireachta a úsáideadh nó na forais ar a ndearnadh an choinsíneacht a dhíolmhú ó bhraitheoireacht, trí na caighdeáin a glacadh i scéim ICAO um Dhearbhú Slándála Coinsíneachta a úsáid.

I gcás comhdhlúthaithe, déanfaidh an gníomhaire rialaithe arna bhailíochtú faoi shlándáil eitlíochta an Aontais (RA3) a bhfuil an comhdhlúthú déanta aige an fhaisnéis a leagtar amach i bpointí (a) go (e) den chéad mhír a choinneáil i gcás gach coinsíneachta aonair go dtí an t-am a mheastar go dtiocfaidh na coinsíneachtaí isteach sa chéad aerfort san Aontas nó ar feadh 24 uair an chloig, cibé tréimhse is faide.

6.8.3.7

Aon aeriompróir a thiocfaidh isteach ó thríú tír a liostaítear i gCeangaltán 6-F, áiritheoidh sé go gcomhlíonfaidh sé na pointí is infheidhme a leagtar síos i bpointe 6.8.3.6 i leith lasta agus poist a iompraítear ar bord. Ar a laghad comhlíonfaidh an doiciméadacht a ghabhann leis na coinsíneachtaí sin Scéim ICAO um Dhearbhú Slándála Coinsíneachta nó scéim mhalartach lena gcuirtear an fhaisnéis riachtanach ar fáil ar bhealach coibhéiseach.”;

(17)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 6.8.3.9:

“6.

8.3.9 Coinsíneachtaí idirthurais nó aistrithe a thagann isteach ó thríú tír nach dtagraítear di i bpointe 6.8.3.8 agus nach gcomhlíonann an doiciméadacht a ghabhann leo pointe 6.8.3.6, caithfear leo i gcomhréir le pointe 6.2 roimh an eitilt ina dhiaidh sin.”;

(18)

i bpointe 6.8.4.11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

“Le linn na tréimhse ón 1 Aibreán 2020 go dtí an 30 Meitheamh 2021, is féidir leis an údarás iomchuí maolú ón bpróiseas a leagtar síos i bpointe 6.8.5 agus tríú tír a ainmniú go sealadach mar RA3 nó KC3, sa chás nach bhféadfaí bailíochtú slándála eitlíochta de chuid an Aontais a dhéanamh ar chúiseanna oibiachtúla a bhaineann leis an ngéarchéim phaindéime a d’eascair as COVID-19 agus nach bhfuil aon fhreagracht ar an eintiteas ina leith. Beidh an t-ainmniú faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:”;

(19)

i bpointe 6.8.4.12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

“(d)

deonaítear an t-ainmniú ar feadh tréimhse nach faide ná sé mhí agus féadfaidh sé a bheith faoi réir síneadh laistigh den tréimhse mhaolaithe mar a leagtar amach i bpointe 6.8.4.11.”;

(20)

scriostar pointí 6.8.5.5, 6.8.5.6 agus 6.8.5.7;

(21)

i bpointe 6.8.6.1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (1):

“1.

I gcás ina sainaithníonn nó ina bhfaigheann an Coimisiún nó údarás iomchuí faisnéis i scríbhinn faoi easnamh tromchúiseach a bhaineann le hoibríochtaí ACC3, RA3 nó KC3, a meastar tionchar suntasach a bheith aige ar leibhéal foriomlán na slándála eitlíochta san Aontas, déanfaidh sé an méid seo a leanas:

(a)

an t-aeriompróir nó an t-eintiteas lena mbaineann a chur ar an eolas go pras, tuairimí agus bearta iomchuí a iarraidh maidir leis an easnamh tromchúiseach;

(b)

na Ballstáit eile agus an Coimisiún a chur ar an eolas go pras.

Féadfar an t-easnamh tromchúiseach dá dtagraítear sa chéad mhír a shainaithint le linn ceachtar de na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(1)

le linn gníomhaíochtaí faireacháin ar chomhlíonadh;

(2)

le linn an scrúdaithe ar dhoiciméadacht lena n-áirítear tuarascáil an Aontas maidir le bailíochtú slándála eitlíochta oibreoirí eile atá mar chuid de shlabhra soláthair ACC3, RA3 nó KC3;

(3)

ar fhaisnéis fhíorasach i scríbhinn a fháil ó údaráis eile agus/nó ó oibreoirí eile i ndáil le gníomhaíochtaí ACC3, RA3 nó KC3 lena mbaineann, i bhfoirm fianaise doiciméadaithe lena léirítear go soiléir sáruithe slándála.”;

(22)

cuirtear an pointe 6.8.7 seo a leanas isteach:

“6.8.7   Reamhfhaisnéis Lasta Réamhluchtaithe (PLACI)

6.8.7.1

De bhun Airteagal 186 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447, déanfar PLACI sula n-imítear as tríú tír, ar fháil d’údarás custaim an chéad phointe iontrála íosmhéid tacar sonraí an dearbhaithe iontrála achomair dá dtagraítear in Airteagal 106(2) agus (2a) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún (*).

6.8.7.2

Le linn PLACI agus i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ann d’oifig chustaim na chéad iontrála bheith in amhras go bhféadfadh coinsíneacht a thagann isteach d’aer i gcríoch an Aontais a bheith ina bagairt thromchúiseach ar eitlíocht shibhialta, caithfear leis an gcoinsíneacht sin mar lasta nó post ardriosca (HRCM) i gcomhréir le pointe 6.7.

6.8.7.3

An t-aeriompróir, an t-oibreoir, an t-eintiteas nó an duine i dtríú tír seachas iad siúd a liostaítear i gCeangaltán 6-F agus an Íoslainn, ar fhógra a fháil ó oifig chustaim na chéad iontrála lena gceanglaítear go gcaithfear le coinsíneacht mar lasta nó post ardriosca (HRCM) i gcomhréir le pointe 6.8.7.2, déanfaidh sé an méid seo a leanas:

(a)

I gcás ACC3 nó RA3 formheasta chun rialuithe slándála a liostaítear i bpointe 6.7.3 agus 6.7.4 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2015) 8005 a dhéanamh, na rialuithe sin a chur chun feidhme i ndáil leis an gcoinsíneacht shonrach;

(b)

maidir le ACC3 nó RA3 arna fhormheas chun na rialuithe slándála sin a dhéanamh, a áirithiú go gcomhlíonfaidh sin na forálacha a leagtar síos i bpointe (a). Soláthrófar faisnéis d’oifig chustaim na chéad iontrála i gcás ina mbeidh an choinsíneacht le tairiscint nó i gcás ina ndearnadh í a thairiscint d’oibreoir, d’eintiteas nó d’údarás eile chun na rialuithe slándála a chur i bhfeidhm. Áiritheoidh an t-oibreoir, an t-eintiteas nó an t-údarás eile sin cur chun feidhme na rialuithe slándála dá dtagraítear i bpointe (a) agus dearbhóidh sé don aeriompróir, don oibreoir, don eintiteas nó don duine óna bhfuarthas an choinsíneacht go ndearnadh cur chun feidhme na rialuithe slándála sin agus torthaí na rialuithe sin ar aon;

(c)

cur chun feidhme na rialuithe slándála dá dtagraítear i bpointe (a) agus torthaí na rialuithe sin ar aon a dhearbhú d’oifig chustaim na chéad iontrála.

Ní bheidh feidhm ag pointe (a) ná ag pointe (b) den chéad mhír i gcás inar cuireadh na rialuithe slándála a iarradh i bhfeidhm roimhe sin. I gcás ina mbeidh faisnéis maidir le bagairt ann, áfach, nach raibh ar fáil go dtí gur cuireadh na rialuithe slándála roimhe sin chun feidhme, d’fhéadfaí a iarraidh ar an aeriompróir, ar an oibreoir, ar an eintiteas nó ar an duine na rialuithe slándála a dhéanamh arís trí bhealaí nó modhanna sonracha, agus dearbhú mar a leagtar amach i bpointe (c) den chéad mhír a chur ar fáil. Féadfar an t-aeriompróir, an t-oibreoir, an t-eintiteas nó an duine a chur ar an eolas faoi aon eilimint agus aon fhaisnéis is gá chun an cuspóir slándála a chomhlíonadh go héifeachtach.

6.8.7.4

Aeriompróirí, oibreoirí, eintitis nó daoine i dtríú tír a liostaítear i gCeangaltán 6-F nó san Íoslainn, a fhaigheann fógra ó oifig chustaim na chéad iontrála lena gceanglaítear go gcaithfear le coinsíneacht mar lasta nó post ardriosca (HRCM) i gcomhréir le pointe 6.8.7.2, déanfaidh siad an méid seo a leanas:

(a)

na rialuithe slándála a bhunaítear le hIarscríbhinn 17 ICAO maidir le Lasta nó Post Ardriosca (**) ar a laghad a chur chun feidhme i ndáil leis an gcoinsíneacht shonrach;

(b)

a áirithiú go gcomhlíonfaidh oibreoir, eintiteas nó údarás arna fhormheas ag an údarás iomchuí ábhartha sa tríú tír ceanglais phointe (a) maidir leis na rialuithe slándála sin a dhéanamh. Soláthrófar faisnéis d’oifig chustaim na chéad iontrála i gcás ina mbeidh an choinsíneacht le tairiscint nó i gcás ina ndearnadh í a thairiscint d’oibreoir, d’eintiteas nó d’údarás eile chun na rialuithe slándála a chur i bhfeidhm. Áiritheoidh an t-oibreoir, an t-eintiteas nó an t-údarás eile sin cur chun feidhme na rialuithe slándála dá dtagraítear i bpointe (a) agus dearbhóidh sé don aeriompróir, don oibreoir, don eintiteas nó don duine óna bhfuarthas an choinsíneacht go ndearnadh cur chun feidhme na rialuithe slándála sin agus torthaí na rialuithe sin ar aon;

(c)

cur chun feidhme na rialuithe slándála dá dtagraítear i bpointe (a) agus torthaí na rialuithe sin ar aon a dhearbhú d’oifig chustaim na chéad iontrála.

Ní bheidh feidhm ag pointe (a) ná ag pointe (b) den chéad mhír i gcás inar cuireadh na rialuithe slándála a iarradh i bhfeidhm roimhe sin. I gcás ina mbeidh faisnéis maidir le bagairt ann, áfach, nach raibh ar fáil go dtí gur cuireadh na rialuithe slándála roimhe sin chun feidhme, d’fhéadfaí a iarraidh ar an aeriompróir, ar an oibreoir, ar an eintiteas nó ar an duine na rialuithe slándála a dhéanamh arís trí bhealaí nó modhanna sonracha, agus dearbhú mar a leagtar amach i bpointe (c) den chéad mhír a chur ar fáil. Féadfar an t-aeriompróir, an t-oibreoir, an t-eintiteas nó an duine a chur ar an eolas faoi aon eilimint agus aon fhaisnéis is gá chun an cuspóir slándála a chomhlíonadh go héifeachtach.

6.8.7.5

Le linn PLACI agus i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ann d’oifig chustaim na chéad iontrála a bheith in amhras go bhféadfadh coinsíneacht a thagann isteach d’aer i gcríoch an Aontais a bheith ina bagairt thromchúiseach ar shlándáil, bagairt a thugann ar an oifig chustaim sin fógra a thabhairt gan luchtú a dhéanamh, ní dhéanfar an choinsíneacht sin a luchtú ar bord aerárthaigh, nó a dhíluchtú, de réir mar is infheidhme.

6.8.7.6

An t-aeriompróir, an t-oibreoir, an t-eintiteas nó an duine i dtríú tír a fhaigheann fógra ó oifig chustaim na chéad iontrála lena gceanglaítear nach luchtófar coinsíneacht ar bord aerárthaigh i gcomhréir le pointe 6.8.7.5, déanfaidh sé an méid seo a leanas:

(a)

a áirithiú nach luchtófar an choinsíneacht a bheidh ina sheilbh ar bord aerárthaigh, nó go ndéanfar í a dhíluchtú láithreach i gcás an choinsíneacht a bheith ar bord an aerárthaigh cheana féin;

(b)

dearbhú a sholáthar gur chomhlíon sé an iarraidh chuig oifig chustaim na chéad iontrála i gcríoch chustaim an Aontais;

(c)

oibriú i gcomhar le húdaráis ábhartha Bhallstát oifig chustaim na chéad iontrála;

(d)

údarás iomchuí um shlándáil eitlíochta sibhialta an Stáit ina bhfuil an t-aeriompróir, an t-oibreoir, an t-eintiteas nó an duine a fhaigheann an fógra lonnaithe a chur ar an eolas, agus údarás iomchuí um shlándáil eitlíochta an tríú tír ina bhfuil an choinsíneacht lonnaithe faoi láthair a chur ar an eolas, murab iad na húdaráis chéanna iad.

6.8.7.7

Má tá an choinsíneacht le haeriompróir, le hoibreoir nó le heintiteas eile feadh an tslabhra soláthair, déanfaidh an t-aeriompróir, an t-oibreoir, an t-eintiteas nó an duine a fhaigheann an fógra gan luchtú a dhéanamh a leagtar síos i bpointe 6.8.7.5 an t-aeriompróir, an t-oibreoir, an t-eintiteas nó an duine eile sin a chur ar an eolas go ndéanfaidh sé an méid seo a leanas:

(a)

a áirithiú go gcomhlíonfar forálacha phointí (a), (c) agus (d) de phointe 6.8.7.6;

(b)

a dhearbhú don aeriompróir, don oibreoir, don eintiteas nó don duine a fuair an fógra a leagtar síos i bpointe 6.8.7.5 go gcuirfear pointe (b) de phointe 6.8.7.6 i bhfeidhm.

6.8.7.8

Má bhíonn an t-aerárthach san aer cheana féin le coinsíneacht ar bord a raibh fógra tugtha ag oifig chustaim na chéad iontrála ina leith, de bhun phointe 6.8.7.5, nár cheart coinsíneacht a luchtú, cuirfidh an t-aeriompróir, an t-oibreoir, an t-eintiteas nó an duine a fuair an fógra na páirtithe seo a leanas ar an eolas láithreach:

(a)

údaráis ábhartha an Bhallstáit dá dtagraítear i bpointe (c) de phointe 6.8.7.6 chun údaráis ábhartha Bhallstát na chéad traseitilte san Aontas a chur ar an eolas agus chun idirchaidreamh a dhéanamh leo;

(b)

an t-údarás iomchuí um shlándáil eitlíochta sibhialta sa tríú tír ina bhfuil an t-aeriompróir, an t-oibreoir, an t-eintiteas nó an duine a fhaigheann an fógra lonnaithe, agus an t-údarás iomchuí um shlándáil eitlíochta san tríú tír ónar fhág an eitilt, murab iad na húdaráis chéanna iad.

6.8.7.9

Tar éis an fhógra a fháil ó oifig chustaim na chéad iontrála a d’eisigh fógra mar a leagtar síos i bpointe 6.8.7.5, déanfaidh údarás iomchuí an Bhallstáit chéanna, de réir mar is infheidhme, na prótacail teagmhais slándála ábhartha a chur chun feidhme nó a áirithiú, nó comhoibreoidh sé in aon ghníomhaíocht ina dhiaidh sin, lena n-áirítear comhordú le húdaráis sa tríú tír imeachta agus i gcás inarb infheidhme sna tíortha idirthurais agus/nó aistrithe, agus cuirfidh sé chun feidhme iad nó áiritheoidh sé go gcuirfear chun feidhme iad i gcomhréir le clár náisiúnta um shlándáil eitlíochta sibhialta an Bhallstáit agus leis na caighdeáin idirnáisiúnta agus na cleachtais a mholtar i dtaca le bainistiú géarchéime agus le freagairt ar ghníomhartha cur isteach neamhdhleathaigh.

6.8.7.10

An t-aeriompróir, an t-oibreoir, an t-eintiteas nó an duine i dtríú tír a fhaigheann fógra arna eisiúint ag údarás custaim tríú tír a chuireann scéim Réamhfhaisnéis Lasta Réamhluchtaithe chun feidhme agus í ag cloí leis na prionsabail a leagtar amach i gCreat Caighdeán SAFE na hEagraíochta Domhanda Custaim, áiritheoidh sé cur chun feidhme na gceanglas a leagtar síos i bpointí 6.8.7.3 agus 6.8.7.4 agus i bpointí 6.8.7.6, 6.8.7.7, 6.8.7.8.

Níl feidhm ag an bpointe seo ach amháin maidir le coinsíneachtaí lasta nó poist a chomhlíonann aon cheann de na critéir thíos:

(a)

go n-iompraítear iad le haghaidh idirthurais nó le haghaidh aistrithe ag aerfort de chuid an Aontais sula sroichfidh siad an ceann scríbe deiridh ag aerfort atá lonnaithe sa tríú tír ina bhfuil an t-údarás custaim atá ag tabhairt an fhógra;

(b)

go n-iompraítear iad le haghaidh idirthurais nó le haghaidh a n-aistrithe ag aerfort de chuid an Aontais sula mbeidh idirthuras nó aistriú eile acu ag aerfort atá lonnaithe sa tríú tír ina bhfuil an t-údarás custaim atá ag tabhairt an fhógra.

Chun críocha na gceanglas a leagtar amach i bpointí 6.8.7.6(c) agus 6.8.7.8(a), maidir leis an aeriompróir, an t-oibreoir, an t-eintiteas nó an duine a fhaigheann an fógra i dtríú tír, cuirfidh sé údaráis ábhartha an Bhallstáit ar an eolas láithreach faoin gcéad tuirlingt san Aontas.

Má tá an t-aerárthach san aer cheana féin, cuirfear an fhaisnéis ar fáil d’údaráis ábhartha Bhallstát na chéad traseitilte san Aontas, agus áiritheoidh siad sin cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe 6.8.7.9, i gcomhar le húdaráis ábhartha Bhallstát na chéad tuirlingthe san Aontas.

Cuirfidh údaráis ábhartha Bhallstát na chéad traseitilte san Aontas agus údaráis ábhartha Bhallstát na chéad tuirlingthe san Aontas ar aon na húdaráis chustaim ábhartha ar an eolas.

(*)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha mionsonraithe a bhaineann le forálacha áirithe de Chód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 1)."

(**)  Cuirfidh aeriompróirí, oibreoirí agus eintitis san Íoslainn pointí 6.7.3 agus 6.7.4 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2015) 8005 i bhfeidhm.”;"

(23)

i bpointe 11.6.3.6, cuirtear an abairt seo a leanas leis:

“Na codanna ábhartha den reachtaíocht neamhphoiblí agus de chláir náisiúnta a thagraíonn do na hoibríochtaí agus do na réimsí atá le bailíochtú, cuirfidh an t-údarás iomchuí na codanna sin ar fáil do na bailíochtóirí atá formheasta aige.”;

(24)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 11.6.3.8:

“11.6.3.8

Ní fhéadfaidh an t-údarás iomchuí atá ag gníomhú mar bhailíochtóir bailíochtú a dhéanamh ach amháin i leith aeriompróirí, oibreoirí agus eintitis a chuirtear faoina fhreagracht nó faoi fhreagracht údarás iomchuí Ballstáit eile, i gcás ina n-iarrann an t-údarás sin go sainráite air nó ina n-ainmníonn an t-údarás sin é chun bailíochtú a dhéanamh.”;

(25)

cuirtear an pointe 11.6.3.11 seo a leanas isteach:

“11.6.3.11

Beidh formheas bailíochtóra slándála eitlíochta de chuid an Aontais bailí ar feadh uastréimhse 5 bliana.”;

(26)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 11.6.4.1:

“11.6.4.1

Maidir le bailíochtóir slándála eitlíochta de chuid an Aontais:

(a)

ní mheasfar é a bheith formheasta go dtí go liostófar na mionsonraí atá ann i “mbunachar sonraí an Aontais maidir le slándáil an tslabhra soláthair”;

(b)

cuirfidh an t-údarás iomchuí cruthúnas ar a stádas ar fáil dó nó cuirfear ar fáil dó é thar ceann an údaráis iomchuí;

(c)

ní fhéadfaidh sé bailíochtú slándála eitlíochta de chuid an Aontais a dhéanamh má tá stádas bailíochtóra slándála aige faoi scéim choibhéiseach atá ar bun i dtríú tír nó in eagraíocht idirnáisiúnta, ach amháin i gcás ina mbíonn feidhm ag pointe 11.6.4.5.

I dtaca le bailíochtóirí slándála eitlíochta de chuid an Aontais a liostaítear i “mbunachar sonraí an Aontais maidir le slándáil an tslabhra soláthair” thar ceann an údaráis iomchuí, ní fhéadfaidh siad bailíochtú a dhéanamh ar aerlínte, oibreoirí nó eintitis ach amháin faoi fhreagracht an údaráis iomchuí sin.”;

(27)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 11.6.5.6:

“11.6.5.6

Mar réamhshocrú, is i mBéarla a bheidh an tuarascáil agus seachadfar í chuig an údarás iomchuí mar aon leis an eintiteas bailíochtaithe, laistigh de mhí amháin ar a mhéad tar éis an fhíoraithe ar an láthair.

Déanfaidh an t-údarás iomchuí measúnú ar an tuarascáil bhailíochtaithe laistigh de 6 seachtaine ar a mhéad tar éis í a fháil.

I gcás ina mbaineann an tuarascáil le haerlíne, le oibreoir nó le heintiteas a bhfuil bailíochtú á dhéanamh air chun críoch ainmniúcháin atá ann cheana agus a rachaidh in éag tar éis na dtréimhsí dá dtagraítear sna míreanna thuas, féadfaidh an t-údarás iomchuí tréimhse níos faide a shocrú chun an measúnú a chur i gcrích.

Sa chás sin, agus mura bhfuil gá le faisnéis bhreise agus fianaise dhoiciméadach bhreise chun an measúnú a chur i gcrích go rathúil, áiritheoidh an t-údarás iomchuí go gcuirfear an próiseas i gcrích sula rachaidh bailíocht an stádais in éag.

Laistigh de 3 mhí ón dáta a bhfaightear an tuarascáil, tabharfar aiseolas i scríbhinn don bhailíochtóir maidir le cáilíocht na tuarascála agus, i gcás inarb infheidhme, aon mholadh nó nóta a mheasfaidh an t-údarás iomchuí a bheith riachtanach. I gcás inarb infheidhme, déanfar cóip den aiseolas sin a tharchur chuig an údarás iomchuí a rinne an bailíochtóir a fhormheas.

D‘fhonn aerlínte, oibreoirí nó eintitis eile a ainmniú dá bhforáiltear sa Rialachán seo, féadfaidh údarás iomchuí cóip den tuarascáil iomlán maidir le bailíochtú i mBéarla a iarraidh agus a fháil, laistigh de 15 lá, ón údarás iomchuí a dhréachtaigh tuarascáil maidir le bailíochtú ina theanga náisiúnta nó a chuir ceanglas ar an mbailíochtóir a dhéanann an bailíochtú déanamh amhlaidh.”;

(28)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 12.0.2.1:

“12.0.2.1

Faoi réir fhorálacha 12.0.5, ní fhéadfar an trealamh slándála seo a leanas a shuiteáil tar éis an 1 Deireadh Fómhair 2020 ach amháin má deonaíodh marcáil “Stampa AE” nó stádas marcála “Stampa AE ar feitheamh” air dá dtagraítear i bpointe 12.0.2.5:

(a)

trealamh braite miotail a bhféadtar siúl tríd (WTMD);

(b)

trealamh le haghaidh córais braite pléascán (EDS);

(c)

trealamh braite rianta pléascacha (ETD);

(d)

trealamh le haghaidh córais braite pléascán leachtach (LEDS);

(e)

trealamh braite miotail (MDE);

(f)

scanóirí slándála;

(g)

trealamh scanóra bróg;

(h)

trealamh braite gaile pléascaí (EVD).”;

(29)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 12.0.2.3:

“12.0.2.3

Deonófar an marcáil “Stampa AE” do threalamh slándála arna thástáil ag lárionaid tástála a chuireann bearta rialaithe cáilíochta chun feidhme i gcomhréir le Próiseas Meastóireachta Comhchoiteann na Comhdhála Eorpaí um Eitlíocht Shibhialta faoi fhreagracht an údaráis iomchuí.”;

(30)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 12.0.5.3:

“12.0.5.3

Trealamh slándála arna fhormheas ar leibhéal náisiúnta ar bhonn phointe 12.0.5.1 nó 12.0.5.2, ní bhfaighidh sé an marcáil “Stampa AE” go huathoibríoch.”;

(31)

cuirtear an pointe 12.3.1 seo a leanas isteach:

“12.3.1

Trealamh ilamharc a bheidh i ngach trealamh a shuiteáiltear ón 1 Eanáir 2023 ar a dhéanaí, atá le húsáid chun braitheoireacht a dhéanamh ar lasta agus ar phost, agus ar phost aeriompróra agus ar ábhair aeriompróra atá faoi réir rialuithe slándála i gcomhréir le Caibidil 6.

Féadfaidh an t-údarás iomchuí, ar chúiseanna oibiachtúla, úsáid trealaimh x-ghathaigh aon-amhairc a suiteáladh roimh an 1 Eanáir 2023 a cheadú go dtí na dátaí seo a leanas:

(a)

trealamh x-ghathach aon-amhairc a suiteáladh roimh an 1 Eanáir 2016, go dtí an 31 Nollaig 2025 ar a dhéanaí;

(b)

trealamh x-ghathach aon-amhairc a suiteáladh ón 1 Eanáir 2016, ar feadh uastréimhse deich mbliana ó dháta a shuiteála nó ar a dhéanaí go dtí an 31 Nollaig 2027, cibé acu is túisce.

Cuirfidh an t-údarás iomchuí an Coimisiún ar an eolas i gcás ina gcuirfidh sé forálacha an dara mír i bhfeidhm.”;

(32)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 12.4.2:

“12.4.2   Caighdeáin le haghaidh EDS

12.4.2.1

Comhlíonfaidh gach trealamh EDS na ceanglais seo a leanas:

(a)

ní mór trealamh a suiteáladh roimh 1 Meán Fómhair 2014 a bheith i gcomhréir le caighdeán 2 ar a laghad;

(b)

ní mór trealamh a shuiteáiltear ón 1 Meán Fómhair 2014 go dtí an 31 Lúnasa 2022 a bheith i gcomhréir le caighdeán 3 ar a laghad;

(c)

ní mór trealamh a shuiteáiltear ón 1 Meán Fómhair 2022 go dtí an 31 Lúnasa 2026 a bheith i gcomhréir le caighdeán 3.1 ar a laghad;

(d)

ní mór trealamh a shuiteálfar ón 1 Meán Fómhair 2026 a bheith i gcomhréir le caighdeán 3.2 ar a laghad.

12.4.2.2

Rachaidh Caighdeán 2 in éag an 1 Meán Fómhair 2021.

12.4.2.3

Chun síneadh ama a chur le húsáid EDS a chomhlíonann caighdeán 2, beidh ceithre chatagóir aerfort ann:

(a)

catagóir I – aerfort a raibh níos mó ná 25 mhilliún paisinéir aige in 2019;

(b)

catagóir II – aerfort a bhfuil seirbhísí sceidealaithe acu chuig ceann amháin ar a laghad de na tríú tíortha a liostaítear i gCeangaltán 5-A den Rialachán seo, cé is moite de Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann;

(c)

catagóir III – aerfort a raibh an méid is airde tráchta aige in 2019 i ngach Ballstát i gcás nach bhfuil siad liostaithe cheana féin faoi chatagóir I nó faoi chatagóir II;

(d)

catagóir IV – aerfort eile.

12.4.2.4

Féadfaidh an t-údarás iomchuí úsáid Chaighdeán 2 EDS a cheadú amhail ón 1 Meán Fómhair 2021, i gcomhréir leis an tábla seo a leanas, go dtí:

 

Trealamh a chomhlíonann Caighdeán 2 EDS, a suiteáladh roimh an 1 Eanáir 2011

Trealamh a chomhlíonann Caighdeán 2 EDS, a suiteáladh idir an 1 Eanáir 2011 agus an 1 Meán Fómhair 2014

Aerfoirt i gCatagóir I

An 1 Márta 2022

An 1 Márta 2023

Aerfoirt i gCatagóir II nó i gCatagóir III

An 1 Meán Fómhair 2022

An 1 Meán Fómhair 2023

Aerfoirt i gCatagóir IV

An 1 Márta 2023

An 1 Márta 2024

12.4.2.5

Cuirfidh an t-údarás iomchuí an Coimisiún ar an eolas nuair a cheadóidh sé leanúint ar aghaidh le húsáid EDS a chomhlíonann caighdeán 2 amhail ón 1 Meán Fómhair 2021.

12.4.2.6

Gach trealamh EDS atá deartha chun braitheoireacht a dhéanamh ar bhagáiste cábáin, comhlíonfaidh sé caighdeán C1 ar a laghad.

12.4.2.7

Gach trealamh EDS atá deartha chun braitheoireacht a dhéanamh ar bhagáiste cábáin ina bhfuil ríomhairí iniompartha agus earraí leictreonacha eile, comhlíonfaidh sé caighdeán C2 ar a laghad.

12.4.2.8

Gach trealamh EDS atá ceaptha chun braitheoireacht a dhéanamh ar bhagáiste cábáin ina bhfuil ríomhairí iniompartha agus earraí leictreonacha eile agus leachtanna, aerasóil agus glóthacha, comhlíonfaidh an trealamh sin caighdeán C3 ar a laghad.

12.4.2.9

An trealamh uile EDS a chomhlíonann caighdeán C3, measfar é bheith coibhéiseach le trealamh LEDS a chomhlíonann caighdeán 2 maidir le braitheoireacht a dhéanamh ar leachtanna, aerasóil agus glóthacha.”.

(*)  Toisc nach cuid í an Íoslainn de chríoch chustaim an Aontais, chun críocha phointe 6.8.7 den Iarscríbhinn, meastar gur tríú tír í an Íoslainn.”;

(*)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais a chur chun feidhme. (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558).”;

(*)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).”;

(*)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha mionsonraithe a bhaineann le forálacha áirithe de Chód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 1).

(**)  Cuirfidh aeriompróirí, oibreoirí agus eintitis san Íoslainn pointí 6.7.3 agus 6.7.4 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2015) 8005 i bhfeidhm.”;”


Top