EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R0245
Commission Implementing Regulation (EU) 2021/245 of 11 February 2021 approving non-minor amendments to the specification for a name entered in the register of protected designations of origin and protected geographical indications (‘Queijos da Beira Baixa (Queijo de Castelo Branco, Queijo Amarelo da Beira Baixa, Queijo Picante da Beira Baixa)’ (PDO))
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/245 ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2021 lena bhformheastar leasú nach mion ar an tsonraíocht le haghaidh ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (“Queijos da Beira Baixa (Queijo de Castelo Branco, Queijo Amarelo da Beira Baixa, Queijo Picante da Beira Baixa)” (STFC))
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/245 ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2021 lena bhformheastar leasú nach mion ar an tsonraíocht le haghaidh ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (“Queijos da Beira Baixa (Queijo de Castelo Branco, Queijo Amarelo da Beira Baixa, Queijo Picante da Beira Baixa)” (STFC))
C/2021/1046
OJ L 57, 18.2.2021, p. 80–81
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
18.2.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 57/80 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/245 ÓN gCOIMISIÚN
an 11 Feabhra 2021
lena bhformheastar leasú nach mion ar an tsonraíocht le haghaidh ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (“Queijos da Beira Baixa (Queijo de Castelo Branco, Queijo Amarelo da Beira Baixa, Queijo Picante da Beira Baixa)” (STFC))
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
ag féachaint don Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1) agus go háirithe airteagal 52(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir leis an gcéad fhomhír de mhír 1 d’Airteagal 53 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, scrúdaigh an Coimisiún an t-iarratas a rinne an Phortaingéil ar fhormheas ar leasú ar an tsonraíocht i gcás an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint “Queijos da Beira Baixa (Queijo de Castelo Branco, Queijo Amarelo da Beira Baixa, Queijo Picante da Beira Baixa)”, a cláraíodh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1107/96 ón gCoimisiún (2). Áirítear ar an leasú seo leasú an ainm “Queijos da Beira Baixa (Queijo de Castelo Branco, Queijo Amarelo da Beira Baixa, Queijo Picante da Beira Baixa)”, agus is “Queijo da Beira Baixa” is ainm dó feasta. |
(2) |
Ós leasú nach mion an leasú atá i gceist de réir bhrí Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, d’fhoilsigh an Coimisiún an t-iarratas ar leasú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (3) mar a cheanglaítear le hAirteagal 50(2)(a) den Rialachán sin. |
(3) |
Toisc nár cuireadh aon ráiteas agóide de réir bhrí Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 faoi bhráid an Choimisiúin, ba cheart an leasú ar an tsonraíocht a fhormheas, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An leasú ar an tsonraíocht a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an ainm “Queijos da Beira Baixa”“(Queijo de Castelo Branco, Queijo Amarelo da Beira Baixa, Queijo Picante da Beira Baixa)”(STFC), is leasú é atá formheasta anois.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 11 Feabhra 2021.
Thar ceann an Choimisiúin,
Ar son an Uachtaráin,
Janusz WOJCIECHOWSKI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 1107/96 ón gCoimisiún an 12 Meitheamh 1996 maidir le tásca geografacha agus sonrúcháin tionscnaimh a chlárú faoin nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 17 de Rialachán (CEE) Uimh. 2081/92 ón gComhairle (IO L 148, 21.6.1996, lch. 1).