EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0083

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/83 ón gCoimisiún an 27 Eanáir 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/466 a mhéid a bhaineann le daoine nádúrtha atá údaraithe go sonrach rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a dhéanamh agus le tréimhse chur i bhfeidhm na mbeart sealadach (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/508

OJ L 29, 28.1.2021, p. 23–24 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 01/09/2021

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/83/oj

28.1.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 29/23


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/83 ÓN gCOIMISIÚN

an 27 Eanáir 2021

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/466 a mhéid a bhaineann le daoine nádúrtha atá údaraithe go sonrach rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a dhéanamh agus le tréimhse chur i bhfeidhm na mbeart sealadach

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (1) agus go háirithe Airteagal 141(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos i Rialachán (AE) 2017/625 rialacha maidir le, inter alia, déanamh rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochta oifigiúla eile ag údaráis inniúla na mBallstát. Chomh maith leis sin, tugtar de chumhacht don Choimisiún na bearta sealadacha is gá a ghlacadh, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, chun rioscaí do shláinte an duine, ainmhithe agus plandaí agus do leas ainmhithe a shrianadh, i gcás ina bhfuil fianaise aige ar bhriseadh tromchúiseach i gcóras rialaithe Ballstáit.

(2)

Chun aghaidh a thabhairt ar na himthosca sonracha atá ann i ngeall ar an ngéarchéim reatha a bhaineann le galar an choróinvíris (COVID-19), faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/466 ón gCoimisiún (2) is féidir leis na Ballstáit bearta sealadacha a chur i bhfeidhm i ndáil le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochta oifigiúla eile.

(3)

Chuir na Ballstáit in iúl don Choimisiún, i bhfianaise na géarchéime a bhaineann le COVID-19, nach réiteofar roimh an 1 Feabhra 2021 bristeacha tromchúiseacha áirithe i bhfeidhmiú a gcóras rialaithe, deacrachtaí ó thaobh rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a dhéanamh ar dheimhnithe oifigiúla agus ar fhianuithe oifigiúla maidir le gluaiseachtaí ainmhithe agus earraí isteach san Aontas agus laistigh den Aontas, agus deacrachtaí ó thaobh cruinnithe fisiciúla a eagrú le hoibreoirí agus lena bhfoireann i gcomhthéacs rialuithe oifigiúla.

(4)

Chuir na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas freisin faoi bhristeacha eile a bhaineann leis an gcumas baill foirne iomchuí a imscaradh, mar a cheanglaítear faoi Rialachán (AE) 2017/625, i gcomhthéacs rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile.

(5)

Chun aghaidh a thabhairt ar na bristeacha tromchúiseacha sin, bristeacha ar dócha go leanfaidh siad de bheith ann sna míonna atá romhainn, agus chun pleanáil agus déanamh rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a éascú le linn na géarchéime a bhaineann le COVID-19, ba cheart an deis a thabhairt isteach arís cúram rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochta oifigiúla eile a chur ar dhaoine nádúrtha atá údaraithe go sonrach, mar a leagadh síos roimhe seo i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/466 go dtí an 1 Lúnasa 2020, agus ba cheart síneadh a chur le tréimhse chur i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/466 go dtí an 1 Iúil 2021.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/466 a leasú dá réir.

(7)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/466 mar a leanas:

(1)

cuirtear Airteagal 3 isteach mar a leanas:

“Airteagal 3

Féadfaidh duine nádúrtha amháin nó níos mó rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a dhéanamh go heisceachtúil, ar daoine nádúrtha iad atá údaraithe go sonrach ag an údarás inniúil ar bhonn a gcáilíochtaí, a n-oiliúna agus a dtaithí phraiticiúil agus atá i dteagmháil leis an údarás inniúil trí mheán aon mhodh cumarsáide atá ar fáil agus a bhfuil sé de cheangal orthu treoracha an údaráis inniúil a leanúint chun na rialuithe oifigiúla sin agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a dhéanamh. Gníomhóidh na daoine sin go neamhchlaonta agus beidh siad saor ó aon choinbhleacht leasa a mhéid a bhaineann leis na rialuithe oifigiúla agus le gníomhaíochtaí oifigiúla eile a dhéanann siad.”

(2)

sa dara mír d’Airteagal 6, cuirtear “1 Iúil 2021” in ionad an dáta “1 Feabhra 2021”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 2 Feabhra 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 27 Eanáir 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/466 ón gCoimisiún an 30 Márta 2020 maidir le bearta sealadacha chun rioscaí do shláinte an duine, ainmhithe agus plandaí agus do leas ainmhithe a shrianadh le linn bristeacha tromchúiseacha i gcórais rialaithe na mBallstát de bharr ghalar an choróinvíris (COVID-19) (IO L 98, 31.3.2020, lch. 30).


Top