EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0082

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/82 ón gCoimisiún an 27 Eanáir 2021 lena n-údaraítear salann sóidiam 6’-siailiol-lachtóis a chur ar an margadh mar bhia núíosach faoi Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/383

OJ L 29, 28.1.2021, p. 16–22 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/82/oj

28.1.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 29/16


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/82 ÓN gCOIMISIÚN

an 27 Eanáir 2021

lena n-údaraítear salann sóidiam 6’-siailiol-lachtóis a chur ar an margadh mar bhia núíosach faoi Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 12 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Déantar foráil i Rialachán (AE) 2015/2283 nach féidir ach bianna núíosacha atá údaraithe agus atá curtha ar liosta an Aontais a chur ar an margadh laistigh den Aontas.

(2)

De bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/2283, glacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (2) lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha atá údaraithe.

(3)

An 31 Eanáir 2019, chuir an chuideachta Glycom A/S (“an t-iarratasóir”) iarratas faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2015/2283 chun salann sóidiam 6’-siailiol-lachtóis (“6‘-SL”), a fhaightear trí choipeadh miocróbach le tréithchineál géinmhodhnaithe de thréithchineál K12 DH1, Escherichia coli, a chur ar mhargadh an Aontais mar bhia núíosach. D’iarr an t-iarratasóir go n-úsáidfear salann sóidiam 6’-SL mar bhia núíosach i dtáirgí bainne paistéartha neamhbhlaistithe agus táirgí bainne steirilithe neamhbhlaistithe, i dtáirgí bainnebhunaithe coipthe blaistithe agus i dtáirgí bainnebhunaithe coipthe neamhbhlaistithe lena n-áirítear táirgí teaschóireáilte, deochanna (deochanna blaistithe seachas deochanna ar lú ná 5 an pH iontu), barraí gránaigh, bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach, bia gránachbhunaithe próiseáilte agus bia do naíonáin agus do leanaí óga mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), deochanna bainnebhunaithe agus táirgí comhchosúla a cheaptar lena gcaitheamh ag leanaí óga, bianna ionadacha ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013, bianna chun críocha speisialta míochaine mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013, agus i bhforbhianna mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) atá beartaithe don phobal ginearálta, seachas naíonáin agus leanaí óga. Mhol an t-iarratasóir freisin nár cheart forbhianna ina bhfuil salann sóidiam 6’-SL a úsáid má chaitear bianna eile arna mbreisiú le salann sóidiam 6’-SL ar an lá céanna.

(4)

An 31 Eanáir 2019, d’iarr an t-iarratasóir ar an gCoimisiún sonraí dílseánaigh le haghaidh roinnt staidéar a cuireadh isteach mar thaca leis an iarratas a chosaint, eadhon na tuarascála anailíseacha dílseánaigh ar an gcomparáid struchtúir trí athshondas maighnéadach núicléach (“AMN”) 6’-SL arna tháirgeadh trí choipeadh baictéarach 6’-SL atá i mbainne daonna go nádúrtha (5); na sonraí tréithrithe mionsonraithe ar tháirgeadh tréithchineálacha baictéaracha (6) agus a ndeimhnithe (7); na sonraíochtaí le haghaidh na n-amhábhar agus na n-áiseanna próiseála (8); na deimhnithe anailísí ar bhaisceanna éagsúla salainn sóidiam 6’-SL (9); na modhanna anailíse agus na tuarascálacha bailíochtaithe (10); na tuarascálacha ar chobhsaíocht salainn sóidiam 6’-SL (11); an tuairisc mhionsonraithe ar an bpróiseas táirgthe (12); na deimhnithe creidiúnaithe saotharlainne (13); na tuarascálacha measúnachta ar iontógáil 6’-SL (14); tástáil micreanúicléis in vitro i gcealla mamach le salann sóidiam 6’-SL (15); tástáil micreanúicléis in vitro i gcealla mamach leis an gcomhdhúil ghaolta salann sóidiam 3’-siailiol-lachtóis (“3’-SL”) (16); tástáil bhaictéarach ais-sócháin le salann sóidiam 6’-SL (17); tástáil bhaictéarach ais-sócháin le salann sóidiam 3’-SL (18); staidéar 14 lá ar thocsaineacht bhéil i bhfrancaigh nuabheirthe le salann sóidiam 6’-SL (19); staidéar 90 lá ar thocsaineacht bhéil i bhfrancaigh nuabheirthe le salann sóidiam 6’-SL lena n-áirítear tábla achoimre na mbarúlacha atá suntasach ó thaobh staitistice de (20); staidéar 14 lá ar thocsaineacht bhéil i bhfrancaigh nuabheirthe le salann sóidiam 3’-SL (21); agus staidéar 90 lá ar thocsaineacht bhéil i bhfrancaigh nuabheirthe le salann sóidiam 3’-SL lena n-áirítear tábla achoimre na mbarúlacha atá suntasach ó thaobh staitistice de (22).

(5)

An 16 Bealtaine 2019, d’iarr an Coimisiún ar an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) measúnú a dhéanamh ar shalann sóidiam 6’-SL mar bhia núíosach i gcomhréir le hAirteagal 10(3) de Rialachán (AE) 2015/2283.

(6)

An 23 Márta 2020, ghlac an tÚdarás a thuairim eolaíoch “Safety of 6’-sialyllactose (6’-SL) sodium salt as a novel food pursuant to Regulation (EC) 2015/2283 ” (23).[“Sábháilteacht salainn sóidiam 6’-siailiol-lachtóis (6’-SL) mar bhia núíosach de bhun Rialachán (CE) 2015/2283”].

(7)

Ina thuairim eolaíoch, chinn an tÚdarás go bhfuil salann sóidiam 6’-SL sábháilte, faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe, do na spriocghrúpaí atá beartaithe. Dá bhrí sin, leis an tuairim eolaíoch sin tugtar forais leordhóthanacha leis an mbarúil eolaíoch sin lena suí go gcomhlíonann salann sóidiam 6’-SL Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2015/2283 nuair a úsáidtear é mar bhia núíosach i dtáirgí bainne paistéartha neamhbhlaistithe agus i dtáirgí bainne steirilithe neamhbhlaistithe, i dtáirgí bainnebhunaithe coipthe blaistithe agus i dtáirgí bainnebhunaithe coipthe neamhbhlaistithe, lena n-áirítear táirgí teaschóireáilte, deochanna (deochanna blaistithe seachas deochanna ar lú ná 5 an pH iontu), barraí gránaigh, bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach, bia gránachbhunaithe próiseáilte agus bia do naíonáin agus do leanaí óga mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013, deochanna bainnebhunaithe agus táirgí comhchosúla a cheaptar lena gcaitheamh ag leanaí óga, bianna ionadacha ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, bianna chun críocha speisialta míochaine mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013, agus i bhforbhianna mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/46/CE.

(8)

Ina thuairim eolaíoch, mheas an tÚdarás nach mbeadh sé in ann teacht ar a chuid conclúidí maidir le sábháilteacht salainn sóidiam 6’-SL murach na sonraí ó na tuarascála anailíseacha dílseánaigh ar an gcomparáid struchtúir trí AMN 6’-SL arna tháirgeadh trí choipeadh baictéarach le 6’-SL atá i mbainne daonna go nádúrtha; na sonraí tréithrithe mionsonraithe ar tháirgeadh tréithchineálacha baictéaracha agus a ndeimhnithe; na sonraíochtaí le haghaidh na n-amhábhar agus na n-áiseanna próiseála; na deimhnithe anailísí ar bhaisceanna éagsúla salainn sóidiam 6’-SL; na modhanna anailíse agus na tuarascálacha bailíochtaithe; na tuarascálacha ar chobhsaíocht salainn sóidiam 6’-SL; an tuairisc mhionsonraithe ar an bpróiseas táirgthe; na deimhnithe creidiúnaithe saotharlainne, na tuarascálacha measúnachta ar iontógáil 6’-SL; an tástáil micreanúicléis in vitro i gcealla mamach le salann sóidiam 6’-SL; an tástáil bhaictéarach ais-sócháin le salann sóidiam 6’-SL; an staidéar 14 lá ar thocsaineacht bhéil i bhfrancaigh nuabheirthe le salann sóidiam 6’-SL; agus an staidéar 90 lá ar thocsaineacht bhéil i bhfrancaigh nuabheirthe le salann sóidiam 6’-SL lena n-áirítear tábla achoimre na mbarúlacha atá suntasach ó thaobh staitistice de.

(9)

Tar éis dó an tuairim eolaíoch ón Údarás a fháil, d’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir soiléiriú breise a thabhairt maidir leis an réasúnú a cuireadh ar fáil i dtaca lena n-éileamh dílseánaigh ar na tuarascála anailíseacha ar an gcomparáid struchtúir trí athshondas maighnéadach núicléach (“AMN”) 6’-SL arna tháirgeadh trí choipeadh baictéarach 6’-SL atá i mbainne daonna go nádúrtha; na sonraí tréithrithe mionsonraithe ar tháirgeadh tréithchineálacha baictéaracha agus a ndeimhnithe; na sonraíochtaí le haghaidh na n-amhábhar agus na n-áiseanna próiseála; na deimhnithe anailísí ar bhaisceanna éagsúla salainn sóidiam 6’-SL; na modhanna anailíse agus na tuarascálacha bailíochtaithe; na tuarascálacha ar chobhsaíocht salainn sóidiam 6’-SL; an tuairisc mhionsonraithe ar an bpróiseas táirgthe; na deimhnithe creidiúnaithe saotharlainne; na tuarascálacha measúnachta ar iontógáil 6’-SL; an tástáil micreanúicléis in vitro i gcealla mamach le salann sóidiam 6’-SL; an tástáil bhaictéarach ais-sócháin le salann sóidiam 6’-SL; an staidéar 14 lá ar thocsaineacht bhéil i bhfrancaigh nuabheirthe le salann sóidiam 6’-SL; agus an staidéar 90 lá ar thocsaineacht bhéil i bhfrancaigh nuabheirthe le salann sóidiam 6’-SL lena n-áirítear tábla achoimre na mbarúlacha atá suntasach ó thaobh staitistice de, agus soiléiriú a thabhairt maidir lena n-éileamh ar an gceart eisiach ar an tagairt do na staidéir, dá dtagraítear in Airteagal 26(2)(b) de Rialachán (AE) 2015/2283.

(10)

Dhearbhaigh an t-iarratasóir go raibh cearta dílseánaigh agus eisiacha tagartha ar na staidéir acu faoin dlí náisiúnta tráth déanta an iarratais agus dá bhrí sin nach mbeadh tríú páirtithe in ann rochtain dhlíthiúil a fháil ar na staidéir sin ná iad a úsáid.

(11)

Rinne an Coimisiún measúnú ar an bhfaisnéis uile a chuir an t-iarratasóir ar fáil agus mheas sé go raibh bunús leordhóthanach tugtha ag an iarratasóir gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2015/2283. Dá bhrí sin, maidir leis na sonraí atá i gcomhad an iarratasóra, sonraí ba bhonn don Údarás chun sábháilteacht an bhia núíosaigh a dheimhniú agus teacht ar a chuid conclúidí maidir le sábháilteacht salainn sóidiam 6’-SL, agus nach mbeadh an tÚdarás in ann an bia núíosach a mheasúnú dá uireasa, níor cheart don Údarás na sonraí sin a úsáid chun tairbhe aon iarratasóra ina dhiaidh sin ar feadh tréimhse 5 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Dá réir sin, ba cheart cur ar an margadh salainn sóidiam 6’-SL laistigh den Aontas a bheith srianta don iarratasóir ar feadh na tréimhse sin.

(12)

Mar sin féin, i dtaca le srianadh údarú salainn sóidiam 6’-SL agus na tagartha do na sonraí atá i gcomhad an iarratasóra agus atá le húsáid ag an iarratasóir amháin, ní chuirfear cosc leis sin ar iarratasóirí cur isteach ar údarú chun an bia núíosach céanna a chur ar an margadh, ar choinníoll go bhfuil a n-iarratas bunaithe ar fhaisnéis a fuarthas go dlíthiúil agus atá ina taca leis an údarú sin faoi Rialachán (AE) 2015/2283.

(13)

I gcomhréir le coinníollacha úsáide forbhianna ina bhfuil salann sóidiam 6’-SL mar atá molta ag an iarratasóir agus mar atá measúnaithe ag an Údarás, tá sé riachtanach tomhaltóirí a chur ar an eolas trí bhíthin lipéad iomchuí nár cheart forbhianna ina bhfuil salann sóidiam 6’-SL a chaitheamh ar an lá céanna le bianna eile arna mbreisiú le sóidiam 6’-SL.

(14)

Ba cheart, dá bhrí sin, an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2470 a leasú dá réir.

(15)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Áireofar salann sóidiam 6’-siailiol-lachtóis (“6’-SL”), mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, i liosta an Aontais de bhianna núíosacha atá údaraithe arna bhunú i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470.

2.   Go ceann tréimhse 5 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, an t-iarratasóir tosaigh amháin:

 

Cuideachta: Glycom A/S;

 

Seoladh: Kogle Allé 4, DK-2970 Hørsholm, an Danmhairg,

 

atá údaraithe an bia núíosach dá dtagraítear i mír 1 a chur ar an margadh laistigh den Aontas, ach amháin má fhaigheann iarratasóir ina dhiaidh sin údarú i dtaobh an bhia núíosaigh sin gan tagairt do na sonraí arna gcosaint de bhun Airteagal 2 nó le comhaontú ón iarratasóir tosaigh.

3.   Áireofar leis an iontráil i liosta an Aontais dá dtagraítear i mír 1 na coinníollacha úsáide agus na ceanglais lipéadaithe a leagtar síos san Iarscríbhinn.

Airteagal 2

Na sonraí atá sa chomhad iarratais, sonraí arb iad an bonn ar a ndearna an tÚdarás salann sóidiam 6’-siailiol-lachtóis a mheas, agus ar mhaígh an t-iarratasóir go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2015/2283, ní úsáidfear na sonraí sin chun tairbhe aon iarratasóra ina dhiaidh sin ar feadh tréimhse 5 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo gan comhaontú an iarratasóra.

Airteagal 3

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 27 Eanáir 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 327, 11.12.2015, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena mbunaítear liosta bianna núíosacha an Aontais i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lch. 72).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le bia a cheaptar lena úsáid mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga, maidir le bia chun críocha speisialta míochaine, agus maidir le hionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú agus lena n-aisghairtear Treoir 92/52/CEE ón gComhairle, Treoir 96/8/CE ón gCoimisiún, Treoir 1999/21/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/125/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/141/CE ón gCoimisiún, Treoir 2009/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 41/2009 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 953/2009 ón gCoimisiún (IO L 181, 29.6.2013, lch. 35).

(4)  Treoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Meitheamh 2002 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le forbhianna (IO L 183, 12.7.2002, lch. 51).

(5)  Glykos Finland Teo. 2018 (nár foilsíodh).

(6)  Glycom 2019 (nár foilsíodh).

(7)  Glycom/DSMZ 2018 (nár foilsíodh).

(8)  Glycom 2019 (nár foilsíodh).

(9)  Glycom 2019 (nár foilsíodh).

(10)  Glycom 2019 (nár foilsíodh).

(11)  Glycom 2019 (nár foilsíodh).

(12)  Glycom 2018 (nár foilsíodh).

(13)  Glycom 2019 (nár foilsíodh).

(14)  Glycom 2019 (nár foilsíodh).

(15)  Gilby 2018 (nár foilsíodh).

(16)  Gilby 2019 (nár foilsíodh).

(17)  Šoltésová, 2018a (nár foilsíodh).

(18)  Šoltésová, 2018b (nár foilsíodh)

(19)  Flaxmer 2018a (nár foilsíodh).

(20)  Flaxmer 2018b (nár foilsíodh).

(21)  Stannard 2019a (nár foilsíodh).

(22)  Stannard 2019b (nár foilsíodh).

(23)  Iris EFSA 2020;18(5):6097


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 mar a leanas:

(1)

i dTábla 1 (Bianna núíosacha údaraithe), cuirtear an iontráil seo a leanas isteach in ord aibítre:

Bia núíosach údaraithe

Coinníollacha faoina bhféadfar an bia núíosach a úsáid

Ceanglais lipéadaithe shonracha bhreise

Ceanglais eile

Cosaint Sonraí

Salann sóidiam 6’-siailiol-lachtóis (6’-SL)

(foinse mhiocróbach)

Catagóir shonraithe bhia

Uasleibhéil (arna sloinneadh mar 6’-siailiol-lachtós)

Is é “salann sóidiam 6’-Siailiol-lachtóis” ainmniú an bhia núíosaigh ar lipéadú earraí bia a bhfuil sé iontu.

Ar lipéadú na bhforbhianna ina bhfuil salann sóidiam 6’-siailiol-lachtóis (6’-SL), beidh ráiteas ina luafar na cásanna nár cheart iad a chaitheamh:

a)

sa chás go gcaitear bianna eile ina bhfuil salann sóidiam 6’-siailiol-lachtóis ar an lá céanna.

b)

sa chás gur naíonáin agus leanaí óga atá á gcaitheamh

 

Arna údarú an 17 Feabhra 2021. Tá an t-áireamh sin bunaithe ar fhianaise eolaíoch dhílseánaigh agus sonraí eolaíocha dílseánaigh atá faoi chosaint i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2015/2283.

Iarratasóir: Glycom A/S, Kogle Allé 4, DK-2970 Hørsholm, an Danmhairg. Is é Glycom A/S amháin atá údaraithe chun salann sóidiam 6’-siailiol-lachtóis a chur ar an margadh laistigh den Aontas le linn na tréimhse cosanta sonraí, ach amháin má fhaigheann iarratasóir ina dhiaidh sin údarú i dtaobh an bhia núíosaigh gan tagairt don fhianaise eolaíoch dhílseánaigh nó do na sonraí eolaíocha arna gcosaint i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2015/2283 nó le comhaontú ó Glycom A/S.

Dáta deiridh na cosanta sonraí: 17 Feabhra 2026.’

Táirgí bainne paistéartha neamhbhlaistithe agus táirgí bainne steirilithe neamhbhlaistithe (lena n-áirítear UTC)

0,5 g/L

Táirgí coipthe neamhbhlaistithe bainnebhunaithe

0,5 g/L (deochanna)

2,5 g/kg (táirgí nach deochanna iad)

Táirgí bainne coipthe blaistithe, lena n-áirítear táirgí teaschóireáilte

0,5 g/L (deochanna)

5,0 g/kg (táirgí seachas deochanna)

Deochanna (deochanna blaistithe, seachas deochanna ar lú ná 5 an pH iontu)

0,5 g/L

Barraí gránaigh

5,0 g/kg

Bainne foirmle do naíonáin mar a shainmhínítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 609/2013

0,4 g/L sa táirge deiridh atá réidh le húsáid, a mhargaítear ar an mbonn sin nó a athbhunaítear de réir mar a threoraíonn an monaróir

Bainne foirmle leantach mar a shainmhínítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 609/2013

0,3 g/L sa táirge deiridh atá réidh le húsáid, a mhargaítear ar an mbonn sin nó a athbhunaítear de réir mar a threoraíonn an monaróir

Bia gránachbhunaithe próiseáilte agus bia do naíonáin agus do leanaí óga mar a shainmhínítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 609/2013

0,3 g/L (deochanna) sa táirge deiridh atá réidh le húsáid, a mhargaítear ar an mbonn sin nó a athbhunaítear de réir mar a threoraíonn an monaróir

2,5 g/kg le haghaidh táirgí seachas deochanna

Deochanna bainnebhunaithe agus táirgí comhchosúla a cheaptar lena gcaitheamh ag leanaí óga

0,3 g/L (deochanna) sa táirge deiridh atá réidh le húsáid, a mhargaítear ar an mbonn sin nó a athbhunaítear de réir mar a threoraíonn an monaróir

Bianna ionadacha ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú mar a shainmhínítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 609/2013

1,0 g/L (deochanna)

10,0 g/kg (táirgí seachas deochanna)

Bia chun críocha speisialta míochaine mar a shainmhínítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 609/2013

I gcomhréir le ceanglais shonracha chothaithe na ndaoine a gceaptar na táirgí dóibh

Forbhianna mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/46/CE, seachas forbhianna le haghaidh naíonán agus leanaí óga

1,0 g/lá

(2)

i dTábla 2 (Sonraíochtaí), cuirtear an iontráil seo a leanas isteach in ord aibítre:

Bia Núíosach Údaraithe

Sonraíocht

Salann sóidiam 6’-siailiol-lachtóis (‘6’-SL’)

(foinse mhiocróbach)

Tuairisc:

Is púdar nó ceirtleán idir bán agus neasbhán é salann sóidiam 6’-Siailiol-lachtóis (‘6’-SL’) a tháirgtear trí phróiseas miocróbach agus ina bhfuil leibhéil theoranta lachtóis, 6’-siailil-lachtúlóis, agus aigéid shialaigh.

Foinse: Tréithchineál géinmhodhnaithe de thréithchineál Escherichia coli, K-12 DH1

Sainmhíniú:

Foirmle cheimiceach: C23H38NO19Na

Ainm ceimiceach: Salann sóidiam N-aicéitil-α-D-néaraimínil-(2→6)-β-D-galachtaipioranóisil-(1→4)-D-glúcóis

Mais mhóilíneach: 655,53 Da

Uimh. CAS 157574-76-0

Saintréithe/Comhdhéanamh:

Cuma: Púdar nó ceirtleán idir bán agus neasbhán

Suim salainn sóidiam 6’-siailiol-lachtóis, D-Lachtós agus aigéid shialaigh (% d’ábhar tirim): ≥ 94,0 % (meáchan/meáchan)

Salann sóidiam 6’-siailiol-lachtóis (% d’ábhar tirim): ≥ 90,0 % (meáchan/meáchan)

D-Lachtós: ≤ 5,0 % (meáchan/meáchan)

Aigéad sialach: ≤ 2,0 % (meáchan/meáchan)

6’-siailil-lachtúlós: ≤ 3,0 % (meáchan/meáchan)

Suim na gcarbaihiodráití eile: ≤ 3,0 % (meáchan/meáchan)

Taisleach: ≤ 6,0 % (meáchan/meáchan)

Sóidiam: 2,5 – 4,5 % (meáchan/meáchan)

Clóiríd: ≤ 1,0 % (meáchan/meáchan)

pH (20 °C, tuaslagán 5 %): 4,5 -6,0

Próitéin iarmharach: ≤ 0,01 % (meáchan/meáchan)

Critéir mhicribhitheolaíocha:

Áireamh iomlán na gcoilíneachtaí baictéar aeróbach méisifileach: ≤ 1 000 CFU/g

Enterobacteriaceae: ≤ 10 CFU/g

Salmonella sp.: Neamhláithreacht in 25 g

Giosta: ≤ 100 CFU/g

Múscán: ≤ 100 CFU/g

Iontocsainí iarmharacha: ≤ 10 EU/mg

CFU: Aonaid Déanta Coilíneachta; EU: Aonaid Iontocsaine


Top