This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R0074
Commission Implementing Regulation (EU) 2021/74 of 26 January 2021 amending Implementing Regulation (EU) 2020/1191 on measures to prevent the introduction into and the spread within the Union of Tomato brown rugose fruit virus (ToBRFV)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/74 ón gCoimisiún an 26 Eanáir 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1191 maidir le bearta chun tabhairt isteach agus leathadh an Víris rocaigh dhonn torthaí trátaí (ToBRFV) san Aontas a chosc
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/74 ón gCoimisiún an 26 Eanáir 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1191 maidir le bearta chun tabhairt isteach agus leathadh an Víris rocaigh dhonn torthaí trátaí (ToBRFV) san Aontas a chosc
C/2021/338
IO L 27, 27.1.2021, pp. 15–17
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
27.1.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 27/15 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/74 ÓN gCOIMISIÚN
an 26 Eanáir 2021
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1191 maidir le bearta chun tabhairt isteach agus leathadh an Víris rocaigh dhonn torthaí trátaí (ToBRFV) san Aontas a chosc
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 30,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (2), agus go háirithe Airteagal 22(3) agus Airteagal 52 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tháinig Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1191 ón gCoimisiún (3) i bhfeidhm an 15 Lúnasa 2020. Maidir leis an téarma “stóráil” i mír 2 d’Airteagal 7 den Rialachán sin, ón dáta sin i leith tá sé á léirmhíniú agus á chur i bhfeidhm ar bhealaí éagsúla ag Ballstáit áirithe agus oibreoirí gairmiúla áirithe. |
|
(2) |
Ar chúiseanna praiticiúla agus ós rud é nach gcomhlíonann síolta Solanum lycopersicum L. agus Capsicum spp. (“na síolta sonraithe”) a buanadh roimh an 15 Lúnasa 2020 an ceanglas maidir lena máithreacha plandaí a tháirgeadh ar láithreán táirgthe inarb eol nach ann don lotnaid shonraithe, ar bhonn iniúchtaí oifigiúla arna ndéanadh ag an am iomchuí chun an lotnaid shonraithe a bhrath, ba cheart na síolta sin a dhíolmhú ón gcoinníoll faoi Airteagal 7(1)(a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1191. |
|
(3) |
Ba cheart mír 2 d’Airteagal 7 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1191 a leasú chun a shoiléiriú gur cheart don údarás inniúil, nó oibreoirí gairmiúla faoi mhaoirseacht oifigiúil an údaráis inniúil, na síolta sonraithe a buanadh roimh an 15 Lúnasa 2020 a shampláil agus a thástáil chun a bhrath an ann don lotnaid shonraithe sular n-aistrítear na síolta sin laistigh den Aontas den chéad uair. Maidir leis maolú sin ó mhír 2 d’Airteagal 7 den Rialachán sin, ba cheart go bhfágfaidh sé sin síolta lena ngabhann pas plandaí cheana féin a bheith i gcúrsaíocht i gcríoch an Aontais gan iad a thástáil a thuilleadh. |
|
(4) |
Maidir leis na síolta sonraithe a aistrítear laistigh den Aontas den chéad uair ón 1 Aibreán 2021 ar aghaidh agus a ndearnadh tástáil orthu roimh an 30 Meán Fómhair 2020 de réir modh ELISA, ba cheart iad a thástáil arís de réir modh eile nach modh ELISA é dá dtagraítear i bpointe 3 den Iarscríbhinn. |
|
(5) |
Ós rud é gur de thionscnamh tríú tíortha na síolta sonraithe agus gur buanadh iad roimh an 15 Lúnasa 2020, ní chomhlíonann na síolta sin an choinníoll maidir lena máithreacha plandaí a tháirgeadh ar láithreán táirgthe inarb eol nach ann don lotnaid shonraithe, ar bhonn iniúchtaí oifigiúla arna ndéanadh ag an am iomchuí chun an lotnaid shonraithe a bhrath, ba cheart na síolta sin atá le tabhairt isteach san Aontas a dhíolmhú ón gceanglas faoi phointe (a)(i) d’Airteagal 9(1). |
|
(6) |
Chuir an earnáil tionscail síolta agus na Ballstáit in iúl don Choimisiún, i dtaca leis an gceanglas maidir le hainm agus láithreán táirgthe cláraithe a áireamh ar an deimhniú fíteashláintíochta i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1191, gurb é an ceanglas sin is cúis le moill a chur ar onnmhaireoirí agus le deacrachtaí praiticiúla a bheith acu, ós rud é go bhfuil sé deacair acu an láithreán táirgthe nithiúil a shainaithint. Chun sainaithint an láithreán táirgthe chláraithe ag údaráis inniúla agus ag oibreoirí gairmiúla tríú tíortha a éascú, in ionad an cheanglais sin ba cheart ceanglas a chur isteach maidir le faisnéis a chur isteach i ndáil le hinrianaitheacht láithreáin táirgthe na máithreach plandaí. |
|
(7) |
Maidir leis na síolta sonraithe de thionscnamh tríú tíortha, ba cheart iad a thástáil trí úsáid a bhaint as na modhanna samplála agus tástála dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1191. Chun go gcuirfear san áireamh go bhféadfadh sé go ndearnadh tástáil ar roinnt síolta sonraithe míonna sular deimhníodh iad lena n-onnmhairiú, tá sé comhréireach go gceanglaítear ón 1 Aibreán 2021 ar aghaidh go ndéantar tástáil mhóilíneach shainordaitheach, agus an t-am a thabhairt do thríú tíortha oiriúnú don cheanglas sin. |
|
(8) |
Ionas go seachnófar srianta trádála neamhriachtanacha ar na síolta sonraithe a buanadh roimh an 15 Lúnasa 2020, ba cheart an Rialachán seo a bheith infheidhme laistigh den tréimhse ama is giorra is féidir. Dá bhrí sin, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe. |
|
(9) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1191
Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1191 mar a leanas:
|
(1) |
Leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:
|
|
(2) |
Leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:
|
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Eanáir 2021
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 317, 23.11.2016, lch. 4.
(2) IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1191 ón gCoimisiún an 11 Lúnasa 2020 lena mbunaítear bearta chun tabhairt isteach agus leathadh an Víris rocaigh dhonn torthaí trátaí (ToBRFV) san Aontas a chosc agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1615 (IO L 262, 12.8.2020, lch. 6).