EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0057

Rialachán (AE) 2021/57 ón gCoimisiún an 25 Eanáir 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) i dtaca le luaidhe in urchair ghunna i mbogaigh nó i ngiorracht dóibh (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/318

OJ L 24, 26.1.2021, p. 19–24 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/57/oj

26.1.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 24/19


RIALACHÁN (AE) 2021/57 ÓN gCOIMISIÚN

an 25 Eanáir 2021

lena leasaítear Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) i dtaca le luaidhe in urchair ghunna i mbogaigh nó i ngiorracht dóibh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán, (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún, chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE (1) ón gCoimisiún, agus go háirithe Airteagal 68 (1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos in Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 srianta maidir le substaintí, meascáin agus earraí contúirteacha áirithe a mhonarú, a chur ar an margadh agus a úsáid. In iontráil 63 den Iarscríbhinn sin tá srianta maidir le luaidhe (Uimh. CAS 7439-92-1, CE Uimh. 231-100-4) agus maidir le comhdhúile luaidhe.

(2)

Tá an tAontas agus 23 Bhallstát ina bPáirtithe Conarthacha sa Chomhaontú maidir le hÉin Uisce Imirceacha Afracacha-Eoráiseacha a Chaomhnú (2) (AEWA). Ceanglaítear ar Pháirtithe Conarthacha faoi mhír 4.1.4 den Phlean Gníomhaíochta atá i gceangal le AEWA féachaint le deireadh a chur de réir a chéile le hurchair ghunna luaidhe a úsáid le haghaidh fiach i mbogaigh a luaithe is féidir i gcomhréir le tráthchláir atá féin-fhochurtha agus foilsithe.

(3)

Le hAirteagal 4(2) de Threoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), ceanglaítear ar na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar chosaint na mbogach, agus go háirithe ar chosaint na mbogach a bhfuil tábhacht idirnáisiúnta leo, maidir le bearta caomhnúcháin a dhéanamh i ndáil le speicis imirceacha a fhaightear go rialta.

(4)

An 3 Nollaig 2015, d’iarr an Coimisiún ar an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (“an Ghníomhaireacht”) de bhun Airteagal 69(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 sainchomhad a ullmhú d’fhonn síneadh a chur leis an srian ar luaidhe agus ar chomhdhúile luaidhe in Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an Rialachán sin d’fhonn rialú a dhéanamh ar an riosca don chomhshaol agus do shláinte an duine a eascraíonn as úsáid a bhaint as luaidhe nó as comhdhúile luaidhe in urchair ghunna a úsáidtear le haghaidh lámhach i mbogaigh (“sainchomhad Iarscríbhinn XV”). Ag an am céanna, d’iarr an Coimisiún ar an nGníomhaireacht freisin tús a chur le faisnéis a bhailiú maidir le húsáidí eile armlóin luaidhe, lena n-áirítear fiach i dtír-raonta seachas bogaigh agus lámhach targaidí, agus maidir le meáchain luaidhe a úsáid le haghaidh iascaireachta.

(5)

An 21 Meitheamh 2017, d’fhoilsigh an Ghníomhaireacht sainchomhad (4) Iarscríbhinn XV ina moltar go dtabharfaí isteach srian ar luaidhe agus ar chomhdhúile luaidhe a úsáid in urchair ghunna chun gránghunna a lámhach laistigh de bhogach nó i gcás ina dtitfeadh urchair ghunna chaite laistigh de bhogach. Mhol an Ghníomhaireacht freisin srian a chur ar sheilbh a bheith ag duine ar urchair ghunna ina bhfuil tiúchan luaidhe 1 % nó níos mó ná sin (“urchair ghunna luaidhe”) i mbogaigh chun gur fearr a bheifear in ann an srian atá beartaithe ar úsáid luaidhe in urchair ghunna le haghaidh lámhaigh a chur i bhfeidhm. Maidir le luaidhe a úsáid in urchair ghunna, tháinig an Ghníomhaireacht ar an gconclúid gur baol atá sa luaidhe chaite d’éin uisce a shlogann urchair ghunna, agus go bhféadfadh éifeachtaí tocsaineolaíocha a bheith ann dá bharr, lena n-áirítear bás.

(6)

Milliún in aghaidh na bliana líon na n-éan uisce a mheastar a fhaigheann bás san Aontas de nimhiú luaidhe. Nuair a úsáidtear luaidhe in urchair ghunna, is baol freisin do speicis a bheathaíonn iad féin le héin atá éillithe le hurchair ghunna luaidhe, agus is baol do dhaoine a itheann éin uisce a lámhachtar le hurchair ghunna luaidhe, cé nach ndearna an Ghníomhaireacht an baol deireanach sin a mheas ach go cáilíochtúil. Tá baint ag nochtadh don luaidhe i gcás an duine le héifeachtaí néarfhorbartha, le feidhm dhuánach agus torthúlacht lagaithe, le hipirtheannas, le torthaí díobhálacha toirchis agus leis an mbás.

(7)

Tháinig an Ghníomhaireacht ar an gconclúid go bhfuil roghanna malartacha urchar gunna atá saor ó luaidhe, amhail urchair ghunna chruaiche agus bhiosmait, atá ar fáil go forleathan, indéanta go teicniúil agus níos fearr i dtaca le sláinte an duine agus le guais chomhshaoil agus le próifílí riosca ná mar atá urchair ghunna luaidhe. Thairis sin, tá urchair ghunna chruaiche, an rogha mhalartach is dóichí a úsáidfear, ar fáil ar phraghas atá inchomparáide le praghas na n-urchar gunna luaidhe.

(8)

I dtromlach na mBallstát, is ann d’fhorálacha lena dtoirmisctear nó lena sriantar luaidhe a úsáid in urchair ghunna i mbogaigh, ach bíonn leibhéil dhifriúla laghdaithe riosca ann de thoradh na n-éagothromaíochtaí eatarthu. Ina theannta sin, is gnách go dtrasnaíonn bealaí imirce na n-éan imirceach roinnt Ballstát agus dá bhrí sin d’fhéadfadh na héin urchair ghunna luaidhe chaite a shlogadh sna Ballstáit nach bhfuil aon bhearta teoranta i bhfeidhm iontu nó ina bhfuil bearta níos teoranta i bhfeidhm iontu. Léiríodh i sainchomhad Iarscríbhinn XV go bhfuil gníomhaíocht ar fud an Aontais ag teastáil chun aghaidh a thabhairt ar bhealach comhchuibhithe ar na rioscaí a bhaineann le luaidhe a úsáid in urchair ghunna i mbogaigh. Ba cheart reachtaíocht um chomhchuibhiú a bhunú, áfach, ar ardleibhéal cosanta. Níor cheart, dá bhrí sin, é a bheith de thoradh ar an gcomhchuibhiú oibleagáid a chur ar na Ballstáit a bhfuil forálacha náisiúnta níos déine acu maidir le luaidhe a bheith in urchair ghunna, deireadh a chur leis na forálacha sin, ós é a thiocfadh as sin go mbeadh laghdú ann ar leibhéal cosanta an chomhshaoil agus na sláinte sna Ballstáit sin.

(9)

Mhol an Ghníomhaireacht tréimhse 3 bliana chun an srian a thabhairt isteach.

(10)

An 9 Márta 2018, ghlac Coiste um Measúnú Riosca (RAC) na Gníomhaireachta tuairim de bhun Airteagal 70 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 maidir le sainchomhad Iarscríbhinn XV. De réir na tuairime sin, d’aontaigh RAC le conclúid na Gníomhaireachta go mbíonn éifeachtaí tocsaineolaíocha ann, lena n-áirítear bás, de thoradh éin a bheith ag slogadh urchair ghunna luaidhe chaite. I dtaca le sláinte an duine, chinn RAC go bhfuil an luaidhe an-tocsaineach agus nár bunaíodh aon tairseach maidir leis na héifeachtaí néarafhorbartha atá aige i gcás leanaí ná maidir leis na héifeachtaí brú fola nó na héifeachtaí duánacha atá aige i gcás daoine fásta, agus dá bhrí sin, is riosca é aon nochtadh do luaidhe. Tháinig RAC ar an gconclúid gur beart uile-Aontais iomchuí é an srian atá beartaithe chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sainaitheanta.

(11)

Thacaigh RAC go láidir le tréimhse níos giorra ná na 3 bliana a mhol an Ghníomhaireacht. Ba é an chúis a tugadh go scaoilfí thart ar 4 000 tona luaidhe breise isteach i limistéir bhogaigh le gach bliain mhoille, rud a d’fhágfadh go bhfaigheadh thart ar aon mhilliún éan bás.

(12)

An 14 Meitheamh 2018, ghlac Coiste na Gníomhaireachta um Anailís Shocheacnamaíoch (SEAC) tuairim de bhun Airteagal 71(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 inar cinneadh gur beart iomchuí uile-Aontais é an srian atá beartaithe chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sainaitheanta, agus é á chur san áireamh go mbeadh sochair shocheacnamaíocha an bhirt i gcomhréir leis an gcostas socheacnamaíoch. Ina theannta sin, bhain SEAC de thátal gurb iad sealgairí is mó a sheasfadh costas an tsriain atá beartaithe, agus go raibh an méadú ar chostas na sealgairí réasúnta.

(13)

Mheas SEAC go bhféadfadh tréimhse níos giorra ná na 3 bliana a mholtar i sainchomhad Iarscríbhinn XV a bheith ina dhúshlán ó thaobh cur chun feidhme de i gcás na mBallstát sin nach bhfuil ach toirmeasc teoranta nó nach bhfuil aon toirmeasc acu ar urchair ghunna luaidhe a úsáid i mbogaigh faoi láthair, cé gur admhaigh SEAC freisin go bhféadfadh idirthréimhse níos giorra a bheith indéanta, ós rud é go bhfuil urchair ghunna atá saor ó luaidhe ar fáil ar an margadh cheana féin agus, i dtaca le costas méadaithe i gcás gunnaí a athsholáthar go luath, nach mbeadh ach tionchar beag ag tréimhse níos giorra.

(14)

Chuathas i gcomhairle leis an bhFóram um Malartú Faisnéise maidir le Forfheidhmiú le linn an phróisis srianta i gcomhréir le hAirteagal 77(4)(h) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 agus cuireadh a mholtaí san áireamh.

(15)

An 17 Lúnasa 2018, chuir an Ghníomhaireacht tuairimí RAC agus SEAC (5) faoi bhráid an Choimisiúin.

(16)

Agus sainchomhad Iarscríbhinn XV, tuairimí RAC agus SEAC, an tionchar socheacnamaíoch agus infhaighteacht roghanna malartacha á gcur san áireamh, measann an Coimisiún go bhfuil riosca do-ghlactha ann don chomhshaol agus go bhféadfadh riosca a bheith ann do shláinte an duine de thoradh scaoileadh na n-urchar gunna luaidhe i mbogaigh nó i ngiorracht dóibh, ar riosca é nach mór aghaidh a thabhairt air ar bhonn uile-Aontais. Is iomchuí, dá bhrí sin, srian a thabhairt isteach ar scaoileadh na n-urchar gunna luaidhe i mbogaigh nó i ngiorracht dóibh.

(17)

I bhfianaise a dheacra atá sé do na húdaráis fhorfheidhmithe breith ar shealgairí le linn dóibh a bheith ag scaoileadh urchair ghunna go hiarbhír, ba cheart a chur san áireamh leis an srian urchair ghunna luaidhe a bheith ar iompar ag duine le linn dó a bheith ag lámhach. Leis sin, beifear in ann an srian ar scaoileadh urchair ghunna a fhorfheidhmiú ar bhealach i bhfad níos éifeachtaí agus, dá bhrí sin, áiritheofar leis éifeachtacht an tsriain ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a shainaithnítear don chomhshaol agus do shláinte an duine. Níor cheart an srian a nascadh le cearta úinéireachta. Ba cheart, dá bhrí sin, an téarma “iompar” a úsáid in ionad “seilbh”, arbh é an téarma a mhol an Ghníomhaireacht é.

(18)

Ba cheart, áfach, feidhm a bheith ag srian ar urchair ghunna luaidhe a bheith ar iompar ag duine go háirithe maidir le hurchair ghunna a bheith ar iompar aige le linn dó a bheith ag lámhach, murab ionann agus urchair a bheith ar iompar aige i gcomhthéacs éigin eile, agus urchair ghunna á n-iompar trasna na mbogach chun iad a sheachadadh in áit eile, cuir i gcás. Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur cheart nasc díreach a bheith idir an srian ar urchair ghunna luaidhe a bheith ar iompar ag duine agus an cineál áirithe lámhaigh a thagann faoi raon feidhme an tsriain (lámhach i mbogaigh nó i ngiorracht dóibh). Is amhlaidh atá ós rud é gur léiríodh, leis na tuairimí a cuireadh isteach le linn an chomhairliúcháin phoiblí maidir le sainchomhad Iarscríbhinn XV, gur dócha, i roinnt Ballstát, i gcás sealgairí a bhfuil baint acu le cineálacha eile lámhaigh, go siúlfaidh siad trí chineálacha éagsúla tír-raoin, bogaigh chomh maith le tír-raonta eile san áireamh, le linn gnáthlá lámhaigh. Chun cabhrú leis an bhforfheidhmiú, measann an Coimisiún freisin gur cheart go gcumhdófaí leis an srian ar urchair ghunna a bheith ar iompar ag duine ní hamháin na hurchair sin a bheith ar iompar aige le linn dó a bheith ag lámhach i mbogach, ach iad a bheith ar iompar aige le linn dó a bheith ag dul ag lámhach i mbogach freisin, i bhfocail eile i gcás ina mbeidh dlúthnasc idir é agus an lámhach iarbhír. Chumhdódh sé sin, mar shampla, urchair ghunna luaidhe a bheith ar iompar ag duine agus é ag dul chun lá lámhaigh a dhéanamh sa bhogach, nó le linn dó a bheith ag filleadh abhaile ó lá lámhaigh, nó na hurchair sin a bheith ar iompar ag duine éigin atá ag cabhrú le sealgairí ar thuras lámhaigh.

(19)

I bhfianaise na ndeacrachtaí praiticiúla a bhaineann leis an gcineál áirithe lámhaigh a bhfuil sé ar intinn a dhéanamh ag duine a dtagtar air agus urchair ghunna luaidhe ar iompar aige, is iomchuí toimhde dhlíthiúil a bhunú, i dtaca le haon duine a dtagtar air i mbogaigh nó i ngiorracht dóibh agus urchair ghunna luaidhe ar iompar aige le linn dó a bheith ag lámhach nó ag dul ag lámhach, toimhdítear go bhfuil na hurchair sin ar iompar aige le linn dó a bheith ag lámhach i mbogach, nó le linn dó a bheith ag dul ag lámhach i mbogach. I bhfocail eile, bheadh ar an duine sin a léiriú go raibh sé ar intinn aige dul ag lámhach áit éigin eile agus nach raibh sé ach ag gabháil tríd an mbogach chun dul ag lámhach áit éigin eile.

(20)

Maidir leis an raon feidhme geografach, mhol an Ghníomhaireacht gur cheart feidhm a bheith ag an srian ar urchair ghunna luaidhe a scaoileadh ní hamháin i mbogaigh ach i limistéir “ina dtitfeadh urchair ghunna chaite laistigh de bhogach”. Tugann an Coimisiún dá aire go raibh roinnt tacaíochta i RAC chun crios maolánach seasta a shainiú go cainníochtúil timpeall ar bhogaigh seachas brath ar thástáil bunaithe ar an áit ina dtitfeadh urchair chaite. Aontaíonn an Coimisiún gur dócha go mbeidh sé níos éasca an srian a chomhlíonadh agus é a fhorfheidhmiú de thoradh crios maolánach seasta. Ba cheart feidhm a bheith ag an srian maidir le hurchair ghunna luaidhe a scaoileadh ní hamháin i mbogaigh ach i gcrios maolánach seasta timpeall ar bhogaigh freisin, arna shainmhíniú go cainníochtúil. Agus an gá le comhréireacht a áirithiú á chur san áireamh, ba cheart méid an chreasa mhaolánaigh sheasta a shocrú ag 100 méadar thart ar bhogaigh.

(21)

I bhfianaise na mbuntáistí forfheidhmiúcháin agus éifeachtacht an tsriain toisc nach gá breith ar shealgairí le linn dóibh a bheith ag scaoileadh urchair ghunna luaidhe, measann an Coimisiún gurb iomchuí an srian a chur i bhfeidhm ar urchair ghunna luaidhe a bheith ar iompar ag duine, ní hamháin maidir le hurchair ghunna luaidhe a bheith ar iompar ag duine i mbogaigh ach maidir le hiad a bheith ar iompar ag duine i gcrios maolánach seasta timpeall ar bhogaigh freisin.

(22)

Ós rud é nach ndéantar urchair ghunna a dhearadh ná a chur ar an margadh go sonrach nó go heisiach lena n-úsáid i mbogaigh nó i ngiorracht dóibh, dhéanfadh an srian ar luaidhe in urchair ghunna a chur ar an margadh difear don lámhach i ngach tír-raon. Dá bhrí sin, ba cheart an srian a bheith teoranta d’urchair ghunna luaidhe a scaoileadh agus é a bheith ar iompar ag duine.

(23)

Ba cheart feidhm a bheith ag an srian seo maidir le hurchair ghunna ina bhfuil tiúchan luaidhe le 1 % nó níos mó ná sin. Is é 1 % an teorainn tiúchain a chuirtear i bhfeidhm chun críocha an phróisis ceadúcháin maidir le hurchair ghunna “neamhthocsaineacha” i Stáit Aontaithe Mheiriceá chun baol suntasach tocsaineachta d’éin imirceacha agus d’fhiadhúlra eile, nó dá ngnáthóga, a sheachaint. Thairis sin, meastar gur leor tairseach tiúchain 1 % le haghaidh an tsriain chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann le hábhar urchar gunna ina bhfuil luaidhe, rud is féidir le táirgeoirí urchar gunna malartach a bhaint amach go héasca freisin ós rud é gur dócha go mbeidh luaidhe ina neamhíonacht i roinnt de na roghanna malartacha sin.

(24)

Is iomchuí léiriú a thabhairt ar an sainmhíniú ar “bhogaigh” a úsáidtear sa Choinbhinsiún maidir le Bogaigh a bhfuil Tábhacht Idirnáisiúnta leo (Coinbhinsiún Ramsar) a síníodh i Ramsar an 2 Feabhra 1971 chun críocha an tsriain, mar a mhol an Ghníomhaireacht agus mar a dearbhaíodh i dtuairimí RAC agus SEAC, ós rud é go bhfuil an sainmhíniú sin cuimsitheach agus go gcumhdaíonn sé gach cineál bogaigh (lena n-áirítear tailte portaigh, áit a bhfuil go leor éan uisce le fáil freisin), agus ós rud é go bhfuil córas aicmithe le haghaidh cineálacha bogaigh forbartha ag an gCoinbhinsiún Ramsar chun cuidiú le bogaigh a aithint.

(25)

Ba cheart a ndóthain ama a thabhairt do gheallsealbhóirí bearta iomchuí a dhéanamh chun an srian a chomhlíonadh agus ba cheart a ndóthain ama a thabhairt do na Ballstáit ullmhú dá fhorfheidhmiú. Agus na tuairimí a chuir RAC agus SEAC in iúl maidir le hindéantacht agus oiriúnacht tréimhse níos giorra ná na 3 bliana a mhol an Ghníomhaireacht á gcur san áireamh, agus aird ar leith á tabhairt ar an tionchar measta a bheadh ann gach bliain dá dtabharfaí isteach níos mó luaidhe i mbogaigh trí úsáid a bhaint as urchair ghunna luaidhe, ba cheart cur i bhfeidhm an tsriain a chur siar go ceann 24 mhí.

(26)

I mí Mheán Fómhair 2018, d’fhoilsigh an Ghníomhaireacht torthaí tuarascáil (6) imscrúdaithe ina ndearnadh athbhreithniú ar an bhfaisnéis a bhí ar fáil faoi úsáidí éagsúla luaidhe, lena n-áirítear, i measc nithe eile, in urchair ghunna a úsáidtear i tír-raonta lasmuigh de bhogaigh, eadhon timpeallachtaí talún. Ós rud é gur léiríodh sa tuarascáil imscrúdaithe, inter alia, gur tugadh le fios san fhaisnéis a bhí ar fáil gur baol do shláinte an duine agus don chomhshaol araon urchair ghunna luaidhe a úsáid i dtimpeallachtaí talún, d’iarr an Coimisiún ar an nGníomhaireacht in 2019 sainchomhad Iarscríbhinn XV a ullmhú ionas go bhféadfaí srian a chur ar luaidhe a chur ar an margadh agus a úsáid san armlón agus i bhfearas iascaireachta (7).

(27)

Thairis sin, ina dtuairimí ar shainchomhad Iarscríbhinn XV maidir le luaidhe a úsáid le haghaidh lámhach i mbogaigh, chuir RAC agus SEAC in iúl go gcomhaontaíonn siad le dearcadh na Gníomhaireachta go mbeadh leibhéal níos airde cosanta comhshaoil ann dá ndéanfaí toirmeasc ar urchair luaidhe a chur ar an margadh agus a úsáid i ngach tír-raon agus go mbeadh sé níos éifeachtaí ó thaobh praiticiúlachta agus in-fhorfheidhmitheachta de.

(28)

I roinnt Ballstát, d’fhéadfadh deacrachtaí ar leith eascairt as an srian a thugtar isteach leis an Rialachán seo de thoradh na ndálaí geografacha sonracha sna Ballstáit sin. I gcás na mBallstát a bhfuil cion suntasach bogaigh ina gcríoch, d’fhéadfadh éifeacht chomhchosúil iarbhír a bheith ag toirmeasc ar urchair ghunna luaidhe a scaoileadh agus iad a bheith ar iompar ag duine i mbogaigh agus ina ngiorracht le toirmeasc iomlán ar gach lámhach ar fud na críche go léir, ós rud é gur rídhócha go dtarlódh sé sealgairí de gach cineál a bheith i mbogaigh nó gar do bhogaigh go minic. Ina theannta sin, maidir leis na hacmhainní a chaithfí a úsáid chun srian a fhorfheidhmiú nach bhfuil dírithe ach ar limistéir i mbogaigh agus i ngiorracht dóibh, d’fhéadfadh sé nach mbeidís i bhfad níos lú, agus go deimhin, d’fhéadfadh sé gur mó a bheidís ná na hacmhainní a theastaíonn chun srian lena gcumhdaítear a gcríoch ina hiomláine a fhorfheidhmiú.

(29)

I bhfianaise na ndeacrachtaí a thuairiscítear, an gá atá leis an mbeart ní hamháin a bheith éifeachtach ach freisin a bheith simplí agus cothrom ar an bpobal fiaigh ina iomláine, agus i bhfianaise thorthaí thuarascáil imscrúdaithe na Gníomhaireachta agus tuairimí RAC agus SEAC freisin, measann an Coimisiún gur cheart an rogha a thabhairt do na Ballstáit sin ar dócha go n-eascróidh deacrachtaí den sórt sin iontu srian éagsúil a chur ar a gcríoch, ar srian é lena gcuirfí toirmeasc ar urchair ghunna luaidhe a chur ar an margadh in áit éigin eile, agus ar scaoileadh urchar gunna luaidhe freisin agus ar urchair ghunna a bheith ar iompar ag duine ar fud a gcríche, cibé acu i mbogaigh nó in aon áit eile, maidir le haon chineál lámhaigh.

(30)

Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, tá sé tábhachtach na Ballstáit atá le bheith incháilithe chun leas a bhaint as an rogha sin a shainaithint go soiléir. Ba cheart an rogha a bheith ar fáil do na Ballstáit sin a bhfuil ar a laghad 20 % dá gcríoch comhdhéanta de limistéir bhogaigh. Le tairseach 20 %, ba cheart go gcumhdófaí na Ballstáit sin ar dócha go mbeidh deacrachtaí acu de thoradh na gcoinníollacha geografacha sonracha.

(31)

Ós rud é go mbeadh an srian a d’fhéadfadh na Ballstáit sin a fhorchur níos déine ná an srian a bheadh teoranta do limistéir i mbogaigh agus i ngiorracht dóibh, is iomchuí tréimhse níos faide a shocrú chun an srian sin a thabhairt isteach. Ba cheart an tréimhse sin a shocrú ag 36 mhí, rud a chomhfhreagraíonn don tréimhse a mhol an Ghníomhaireacht ar dtús i sainchomhad Iarscríbhinn XV.

(32)

Ar chúiseanna trédhearcachta agus deimhneachta dlíthiúla, ba cheart a cheangal ar na Ballstáit a bhaineann úsáid as an rogha fógra a thabhairt don Choimisiún maidir lena rún agus na bearta a ghlacfaidh siad chun éifeacht a thabhairt dó a chur in iúl laistigh de sprioc-amanna áirithe, agus ba cheart don Choimisiún na fógraí maidir le rún chomh maith le téacsanna na mbeart náisiúnta a ghlacfaidh siad a chur ar fáil go poiblí gan mhoill.

(33)

Tá forálacha náisiúnta i bhfeidhm ag roinnt Ballstát lena dtoirmisctear nó lena sriantar luaidhe in urchair ghunna chun an comhshaol nó sláinte an duine a chosaint ar bhealach níos déine ná mar a leagtar síos sa Rialachán seo. Dá gcuirfí iallach ar na Ballstáit sin an leibhéal cosanta atá ann cheana a laghdú chun an Rialachán seo a chomhlíonadh, d’fhéadfadh sé go méadófaí ar úsáid luaidhe in urchair ghunna sna Ballstáit sin. Ní bheadh an toradh sin ag luí leis an ardleibhéal cosanta a cheanglaítear le hAirteagal 114(3) den Chonradh. Dá bhrí sin, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit forálacha níos déine den sórt sin a choinneáil.

(34)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 a leasú dá réir sin.

(35)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 133 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Eanáir 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 396, 30.12.2006, lch. 1.

(2)  https://www.unep-aewa.org/sites/default/files/basic_page_documents/agreement_text_english_final.pdf

(3)  Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7).

(4)  https://echa.europa.eu/documents/10162/6ef877d5-94b7-a8f8-1c49-8c07c894fff7

(5)  https://echa.europa.eu/documents/10162/b092e670-3266-fb5d-6296-544eaccb5d4a

(6)  https://echa.europa.eu/documents/10162/13641/lead_ammunition_investigation_report_en.pdf/efdc0ae4-c7be-ee71-48a3-bb8abe20374a

(7)  https://echa.europa.eu/documents/10162/13641/rest_lead_ammunition_COM_request_en.pdf/f607c957-807a-3b7c-07ae-01151001d939


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, in iontráil 63, cuirtear na míreanna seo a leanas isteach sa dara colún:

 

“11.

Tá toirmeasc ar cheachtar de na gníomhartha seo a leanas a dhéanamh tar éis an 15 Feabhra 2023 nó laistigh de bhogaigh nó laistigh de 100 méadar díobh:

(a)

urchair ghunna a scaoileadh ina mbeidh tiúchan luaidhe (arna shloinneadh mar mhiotal) 1 % de réir meáchain nó níos mó ná sin;

(b)

aon urchar gunna den sórt sin a bheith ar iompar ag duine i gcás ina dtarlóidh sé sin le linn dó a bheith ag lámhach i mbogach nó le linn dó a bheith ag dul ag lámhach i mbogach.

Chun críocha na chéad fhomhíre:

(a)

ciallaíonn ‘laistigh de 100 méadar de bhogach’ laistigh de 100 méadar amach ó aon phointe teorann seachtraí bogaigh;

(b)

ciallaíonn ‘lámhach i mbogach’ lámhach i mbogaigh nó laistigh de 100 méadar de bhogaigh;

(c)

má bheirtear ar dhuine a mbeidh urchair ghunna ar iompar aige i mbogaigh nó laistigh de 100 méadar de bhogaigh le linn dó a bheith ag lámhach nó le linn dó a bheith ag dul ag lámhach, glacfar leis gur lámhach i mbogach é an lámhach atá i gceist mura féidir leis an duine sin a thaispeáint gur lámhach de chineál éigin eile a bhí ann.

Ní bheidh feidhm ag an srian a leagtar síos sa chéad fhomhír i mBallstát má thugann an Ballstát sin fógra don Choimisiún i gcomhréir le mír 12 go bhfuil rún aige leas a bhaint as an rogha a dheonaítear leis an mír sin.

12.

Más bogaigh atá in 20 % ar a laghad de chríoch Ballstáit, gan uiscí teorann an Bhallstáit a áireamh, féadfaidh an Ballstát sin, in ionad an srian a leagtar síos sa chéad fhomhír de mhír 11, na gníomhartha seo a leanas a thoirmeasc ar fud a chríche ón 15 Feabhra 2024:

(a)

urchair ghunna ina mbeidh tiúchan luaidhe (arna shloinneadh mar mhiotal) 1 % de réir meáchain nó níos mó ná sin a chur ar an margadh;

(b)

aon urchar gunna den sórt sin a scaoileadh;

(c)

aon urchar gunna den sórt sin a iompar le linn do dhuine a bheith ag lámhach nó le linn dó a bheith ag dul ag lámhach.

Aon Bhallstát a bhfuil sé ar intinn aige úsáid a bhaint as an rogha a dheonaítear leis an gcéad fhomhír, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoin rún sin faoin 15 Lúnasa 2021. Cuirfidh an Ballstát téacs na mbeart náisiúnta a ghlac sé in iúl don Choimisiún gan mhoill agus ar aon chuma faoin 15 Lúnasa 2023. Déanfaidh an Coimisiún aon fhógraí rúin agus téacsanna de bhearta náisiúnta a gheobhaidh sé a chur ar fáil go poiblí gan mhoill.

13.

Chun críocha mhíreanna 11 agus 12:

(a)

ciallaíonn ‘bogaigh’ limistéir réisc, eanaigh, portaigh nó uisce, pé acu nádúrtha nó saorga, buan nó sealadach, ina bhfuil uisce ciúin nó reatha, fíoruisce, uisce goirt nó sáile, lena n-áirítear limistéir uisce mhuirí nach mó ná 6 mhéadar a dhoimhneacht le lag trá;

(b)

ciallaíonn ‘urchair ghunna’ millíní a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid i lucht aonair nó i gcartús amháin i ngránghunna;

(c)

ciallaíonn ‘gránghunna’ gunna mínchró, gan aerghunnaí a áireamh;

(d)

ciallaíonn ‘lámhach’ aon lámhach le gránghunna;

(e)

ciallaíonn ‘iompar’ iompar ar cholainn duine nó aon chineál eile iompair cibé cén modh;

(f)

nuair a bheifear ag cinneadh an bhfuil urchair ghunna ar iompar ag duine a thiocfar air agus urchair ghunna ar iompar aige ‘le linn dó a bheith ag dul ag lámhach’:

(i)

tabharfar aird ar imthosca uile an cháis;

(ii)

ní gá gurb é an duine a thiocfar air agus na hurchair ghunna ar iompar aige an duine atá ag lámhach.

14.

I dtaca le forálacha náisiúnta maidir le cosaint an chomhshaoil nó sláinte an duine atá i bhfeidhm an 15 Feabhra 2021 agus lena sriantar luaidhe in urchair ghunna ar bhealach níos déine ná mar a fhoráiltear i mír 11, féadfaidh na Ballstáit na forálacha sin a choimeád i bhfeidhm.

Cuirfidh an Ballstát téacs na bhforálacha náisiúnta sin in iúl don Choimisiún gan mhoill. Déanfaidh an Coimisiún aon téacs maidir le forálacha náisiúnta den sórt sin a gheobhaidh sé a chur ar fáil go poiblí gan mhoill.”


Top