EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D2134

Cinneadh (CBES) 2021/2134 ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Cosanta na Seoirsia

ST/13492/2021/INIT

OJ L 432, 3.12.2021, p. 55–58 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/2134/oj

3.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 432/55


CINNEADH (CBES) 2021/2134 ÓN gCOMHAIRLE

an 2 Nollaig 2021

maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Cosanta na Seoirsia

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) agus Airteagal 41(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle (1), bunaíodh Saoráid Eorpach Síochána (“SES”) chun go maoineodh na Ballstáit gníomhaíochtaí an Aontais faoin gComhbheartas Eachtrach agus Slándála chun an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú de bhun Airteagal 21(2), pointe (c), den Chonradh. Go háirithe, de bhun Airteagal 1(2), pointe (b)(i), de Chinneadh (CBES) 2021/509, le SES, féadtar gníomhaíochtaí a mhaoiniú chun acmhainneachtaí a bhaineann le cúrsaí míleata agus cosanta atá ag tríú Stáit agus eagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta a neartú.

(2)

Leagtar amach mar chuspóirí i gcreat na Straitéise Domhanda maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála an Aontais Eorpaigh neartú na slándála agus na cosanta, infheistiú a dhéanamh in athléimneacht na stát agus na sochaithe lastoir den Aontas, cur chuige comhtháite a fhorbairt maidir le coinbhleachtaí agus le géarchéimeanna; oird réigiúnacha chomhoibríocha a chur chun cinn agus tacú leo; agus rialachas domhanda bunaithe ar an dlí idirnáisiúnta a atreisiú, lena n-áirítear comhlíonadh an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí dhaonnúil idirnáisiúnta.

(3)

Tá an tAontas tiomanta do dhlúthchaidreamh chun tacú leis an tSeoirsia a bheith láidir, neamhspleách agus rathúil, bunaithe ar an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an tSeoirsia, den pháirt eile (2), lena n-áirítear an Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála, agus féachaint leis an gcomhlachas polaitiúil agus comhtháthú eacnamaíoch a chur chun cinn agus, ag an am céanna, tacaíocht dhaingean á tabhairt do shláine chríochach na Seoirsia laistigh dá teorainneacha atá aitheanta go hidirnáisiúnta. I gcomhréir le hAirteagal 5 de Chomhaontú Comhlachais AE-na Seoirsia, leanfaidh an tAontas agus an tSeoirsia dá n-idirphlé agus dá gcomhar a threisiú agus de chóineasú céimseach a chur chun cinn i réimse an bheartais eachtraigh agus slándála, lena n-áirítear an comhbheartas slándála agus cosanta, agus tabharfaidh siad aghaidh go háirithe ar shaincheisteanna a bhaineann le coinbhleachtaí a chosc, le coinbhleachtaí a réiteach go síochánta agus le bainistiú géarchéime, le cobhsaíocht réigiúnach, leis an dí-armáil, leis an neamhleathadh, le rialú arm agus le rialú onnmhairí.

(4)

Aithníonn an tAontas rannchuidiú tábhachtach na Seoirsia i ndáil le comhbheartas slándála agus cosanta an Aontais, lena n-áirítear rannchuidiú na Seoirsia, ar rannchuidiú é atá ar lean, i misin agus oibríochtaí bainistithe géarchéime faoi stiúir CBSC i bPoblacht na hAfraice Láir agus i bPoblacht Mhailí.

(5)

Ina litir chuig Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”), dar dáta an 28 Deireadh Fómhair 2021, d’iarr Aire Gnóthaí Eachtracha na Seoirsia, ar an Aontas, i gcomhréir le hAirteagal 59(1) de Chinneadh (CBES) 2021/509, trealamh leighis agus innealtóireachta, chomh maith le sócmhainní soghluaisteachta de chineál sibhialta a sholáthar.

(6)

Tá an beart cúnaimh seo le cur chun feidhme agus na prionsabail agus na ceanglais a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2021/509 á gcur san áireamh agus i gcomhréir leis na rialacha do chur chun feidhme an ioncaim agus an chaiteachais a mhaoinítear faoin tSaoráid Eorpach Síochána.

(7)

Athdhearbhaíonn an Chomhairle go bhfuil rún daingean aici cearta an duine, saoirsí bunúsacha agus prionsabail dhaonlathacha a chosaint, a chur chun cinn agus a chomhlíonadh, an smacht reachta agus an dea-rialachas a neartú i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe, le Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus leis an dlí idirnáisiúnta, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Bunú, cuspóirí, raon feidhme agus ré

1.   Leis seo, bunaítear beart cúnaimh a théann chun tairbhe na Seoirsia (an “tairbhí”), atá le maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána (SES) (an “Beart Cúnaimh”).

2.   Is é is cuspóir don Bheart Cúnaimh rannchuidiú le beartas an Aontais i leith na Seoirsia trí thacú le hacmhainneachtaí Fhórsaí Cosanta na Seoirsia an tslándáil, an athléimneacht agus an cheannasacht náisiúnta a fheabhsú trí thacú le haonaid mhíleata leighis, le haonaid innealtóireachta agus le haonaid lóistíochta Fhórsaí Talún na Seoirsia a neartú chomh maith le hacmhainneacht na Seoirsia misin agus oibríochtaí míleata CBSC a fheabhsú.

3.   Chun an cuspóir a leagtar amach i mír 2 a bhaint amach, maoineoidh an Beart Cúnaimh soláthar an trealaimh nach bhfuil deartha chun forneart marfach a sheachadadh, na soláthairtí agus na seirbhísí seo a leanas chuig na haonaid de chuid Fhórsaí Cosanta na Seoirsia dá dtagraítear sa mhír sin:

(a)

trealamh leighis i ndáil le Ról 2 maidir le saoráidí cóireálacha leighis;

(b)

trealamh innealtóireachta do scuaid agus do bhuíonta innealtóirí;

(c)

sócmhainní soghluaisteachta ar talamh de chineál sibhialta (trucailíní).

4.   Is cothrom le 36 mhí ó dháta a thabhairt i gcrích an chomhaontaithe idir an riarthóir le haghaidh bearta cúnaimh, ag gníomhú dó mar an t-oifigeach údarúcháin agus an t-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 4(2) den Chinneadh seo, i gcomhréir le hAirteagal 32(2), pointe (a), de Chinneadh (CBES) 2021/509 a bheidh fad an Bhirt Cúnaimh.

Airteagal 2

Socruithe airgeadais

1.   Uasmhéid EUR 12 750 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais a bheidh ceaptha chun an caiteachas a bhaineann leis an mBeart Cúnaimh a chumhdach. I gcomhréir le hAirteagal 29(5) de Chinneadh (CBES) 2021/509, féadfaidh an riarthóir um bearta cúnaimh glaoch ar ranníocaíochtaí a dhéanamh tar éis glacadh an Chinnidh seo, suas go EUR 11 475 000. Ní úsáidfear cistí a ghlaofaidh an riarthóir ach chun caiteachas a íoc laistigh de na teorainneacha arna bhformheas ag an gCoiste arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 i mbuiséad leasaitheach 2021 a chomhfhreagraíonn don bheart cúnaimh seo.

2.   Déanfar an caiteachas go léir a bhainistiú i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 agus leis na rialacha maidir le hioncam agus caiteachas arna maoiniú faoi SES a chur chun feidhme.

Airteagal 3

Socruithe leis an tairbhí

1.   Déanfaidh an tArdionadaí na socruithe is gá leis an tairbhí chun a áirithiú go gcomhlíonann sé na ceanglais agus na coinníollacha arna mbunú leis an gCinneadh seo, mar choinníoll chun tacaíocht a sholáthar faoin mBeart Cúnaimh.

2.   Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha lena gcuirtear d’oibleagáid ar an tairbhí an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

go gcomhlíonfaidh aonaid de chuid Fhórsaí Talún na Seoirsia arna dtrealmhú le cuidiú an Bhirt Cúnaimh an dlí idirnáisiúnta ábhartha, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta;

(b)

go mbainfear úsáid chuí agus éifeachtúil as aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mBeart Cúnaimh chun na gcríoch dár soláthraíodh iad;

(c)

go ndéanfar cothabháil leordhóthanach ar aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mBeart Cúnaimh chun a áirithiú go mbeidh siad inúsáidte agus go mbeidh siad ar fáil le haghaidh oibríochtaí i gcaitheamh a saolré;

(d)

nach gcaillfear aon sócmhainní a chuirfear ar fáil faoin mBeart Cúnaimh, ná nach n-aistreofar iad gan toiliú ó Choiste na Saoráide arna bhunú faoi Chinneadh (CBES) 2021/509 chuig daoine nó eintitis seachas iad siúd a shainaithnítear sna socruithe, ag deireadh a saolré.

3.   Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha maidir le tacaíocht a chur ar fionraí agus a fhoirceannadh faoin mBeart Cúnaimh i gcás ina bhfaighfear go bhfuil na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 2 á sárú ag an tairbhí.

Airteagal 4

Cur chun feidhme

1.   Beidh an tArdionadaí freagrach as a áirithiú go gcuirfear an Cinneadh seo chun feidhme i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 agus leis na rialacha le haghaidh an ioncaim agus an chaiteachais a mhaoinítear faoi SES a chur chun feidhme, ar bhealach atá comhsheasmhach leis an gCreat Modheolaíochta Comhtháite chun na bearta agus na rialuithe atá riachtanach le haghaidh bearta cúnaimh faoi SES a mheasúnú agus a shainaithint.

2.   Is í Lár-Ghníomhaireacht um Bainistiú Tionscadal na Liotuáine a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(3) a chur chun feidhme.

Airteagal 5

Faireachán, rialú agus meastóireacht

1.   Áiritheoidh an tArdionadaí go ndéanfar faireachán ar urramú na n-oibleagáidí arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 3 ag an tairbhí. Leis an bhfaireachán sin, músclófar feasacht ar an gcomhthéacs agus ar na rioscaí a ghabhann le sáruithe ar na hoibleagáidí arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 3 agus rannchuideofar le sáruithe den sórt sin a chosc, lena n-airítear sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta ag aonaid de chuid Fhórsaí Talún na Seoirsia dá dtugtar tacaíocht faoin mBeart Cúnaimh.

2.   Déanfar rialú an trealaimh, na soláthairtí agus na seirbhísí tar éis a loingsithe a eagrú mar a leanas:

(a)

fíorú ar a sheachadadh, ar tríd atá Fórsaí Cosanta na Seoirsia chun na deimhnithe seachadta a shíniú tráth a aistreofar an úinéireacht;

(b)

tuairisciú ar na gníomhaíochtaí, ar tríothu a bhfuil an tairbhí le tuairisciú go bliantúil maidir leis na gníomhaíochtaí a rinneadh leis an trealamh, na soláthairtí agus na seirbhísí a sholáthraítear faoin mBeart Cúnaimh go dtí go measfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála (CPS) nach dteastaíonn tuairisciú den sórt sin a thuilleadh;

(c)

rialuithe ar an láthair, ar tríothu atá an tairbhí rochtain a dheonú don Ardionadaí chun rialú ar an láthair a dhéanamh arna iarraidh sin.

3.   Déanfaidh an tArdionadaí meastóireacht, i bhfoirm chéad mheastóireacht struchtúrtha ar an mBeart Cúnaimh, 6 mhí tar éis an chéad seachadadh trealaimh. D’fhéadfadh sé gurbh é a bheadh i gceist cuairteanna ar an láthair chun an trealamh, na soláthairtí agus na seirbhísí a sholáthraítear faoin mBeart Cúnaimh a rialú, nó aon fhoirmeacha éifeachtacha eile faisnéise arna soláthar go neamhspleách. Déanfar meastóireacht chríochnaitheach ar sheachadadh trealaimh, soláthairtí agus seirbhísí faoin mBeart Cúnaimh a bheith curtha i gcrích chun a mheasúnú ar rannchuidigh an Beart Cúnaimh leis na cuspóirí a luadh a bhaint amach.

Airteagal 6

Tuairisciú

Le linn na tréimhse cur chun feidhme, soláthróidh an tArdionadaí tuarascálacha tráthrialta do CPS maidir le cur chun feidhme an Bhirt Cúnaimh, i gcomhréir le hAirteagal 63 de Chinneadh (CBES) 2021/509. Cuirfidh an Riarthóir um Bearta Cúnaimh an Coiste um an tSaoráid arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 ar an eolas go tráthrialta faoi chur chun feidhme ioncaim agus caiteachais, i gcomhréir le hAirteagal 38 den Chinneadh sin, lena n-áirítear trí fhaisnéis faoi na soláthróirí agus na fochonraitheoirí lena mbaineann.

Airteagal 7

Fionraí agus foirceannadh

Féadfaidh CPS cinneadh a dhéanamh cur chun feidhme an Bhirt Cúnaimh a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach i gcomhréir le hAirteagal 64 de Chinneadh (CBES) 2021/509.

Ina theannta sin, féadfaidh CPS a mholadh don Chomhairle an Beart Cúnaimh a fhoirceannadh.

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 2 Nollaig 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. VRTOVEC


(1)  Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena mbunaítear Saoráid Síochána Eorpach, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO L 102, 24.3.2021, lch. 14).

(2)  IO L 261, 30.8.2014, lch. 4.


Top