EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021D2025
Council Decision (EU) 2021/2025 of 15 November 2021 on the position to be taken on behalf of the European Union within the Council of Members of the International Olive Council, as regards a trade standard applying to olive oils and olive-pomace oils
Cinneadh (AE) 2021/2025 ón gComhairle an 15 Samhain 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhairle Chomhaltaí na Comhairle Idirnáisiúnta um Ológa, a mhéid a bhaineann le caighdeán trádála is infheidhme maidir le holaí olóige agus olaí prabhaite olóige
Cinneadh (AE) 2021/2025 ón gComhairle an 15 Samhain 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhairle Chomhaltaí na Comhairle Idirnáisiúnta um Ológa, a mhéid a bhaineann le caighdeán trádála is infheidhme maidir le holaí olóige agus olaí prabhaite olóige
ST/12772/2021/INIT
OJ L 411, 19.11.2021, p. 40–41
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
19.11.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 411/40 |
CINNEADH (AE) 2021/2025 ÓN gCOMHAIRLE
an 15 Samhain 2021
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhairle Chomhaltaí na Comhairle Idirnáisiúnta um Ológa, a mhéid a bhaineann le caighdeán trádála is infheidhme maidir le holaí olóige agus olaí prabhaite olóige
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Síníodh an Comhaontú Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird, 2015 (“an Comhaontú”) thar ceann an Aontais i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2016/1892 ón gComhairle (1) an 18 Samhain 2016 ag Ceanncheathrú na Náisiún Aontaithe i Nua Eabhrac, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí. Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm ar bhonn sealadach an 1 Eanáir 2017 i gcomhréir le hAirteagal 31(2) de agus tugadh i gcrích é thar ceann an Aontais le Cinneadh (AE) 2019/848 ón gComhairle (2). |
(2) |
De bhun Airteagal 7(1) den Chomhaontú, tá Comhairle Chomhaltaí na Comhairle Idirnáisiúnta um Ológa (‘Comhairle na gComhaltaí’) chun cinntí a ghlacadh lena leasaítear caighdeáin trádála is infheidhme maidir le holaí olóige agus olaí prabhaite olóige. |
(3) |
Le linn an 114ú seisiún a bheidh aici an 25 Samhain 2021, tá Comhairle na gComhaltaí le cinneadh a ghlacadh lena leasaítear caighdeán trádála is infheidhme maidir le holaí olóige agus olaí prabhaite olóige (“an cinneadh leasaitheach”). |
(4) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle na gComhaltaí a bhunú, ós rud é go mbeidh éifeachtaí dlíthiúla ag an gcinneadh leasaitheach atá le glacadh ar an Aontas a mhéid a bhaineann leis an trádáil idirnáisiúnta le comhaltaí eile den Chomhairle Idirnáisiúnta um Ológa (IOC) agus go bhféadfaidh sé tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar dhlí an Aontais, go háirithe a mhéid a bhaineann le caighdeáin mhargaíochta maidir le hola olóige arna nglacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 75 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). |
(5) |
Baineann an cinneadh atá le glacadh ag Comhairle na gComhaltaí le paraiméadair cheimiceacha áirithe le haghaidh olaí olóige agus olaí prabhaite olóige a athrú, eadhon an crann cinnteoireachta a chur isteach maidir le teorainn le haghaidh aigéad líonóiléach idir 1,00 agus 1,40 %, athbhreithniú ar an gcrann cinnteoireachta maidir le holaí olóige scagtha agus olaí olóige mar aon le hathbhreithniú ar an gcrann cinnteoireachta le haghaidh amh-olaí prabhaite olóige agus olaí prabhaite olóige scagtha. Pléadh an cinneadh leasaitheach go mion idir saineolaithe eolaíocha teicniúla maidir le hola olóige de chuid an Choimisiúin agus de chuid na mBallstát. Rannchuideofar leis an gcinneadh leasaitheach le comhchuibhiú idirnáisiúnta caighdeán ola olóige agus bunófar leis creat lena n-áiritheofar iomaíocht chóir maidir le táirgí a thrádáil i réimse na n-olaí olóige. Dá bhrí sin, ba cheart tacú leis an gcinneadh leasaitheach atá le glacadh ag Comhairle na gComhaltaí. |
(6) |
I gcás ina gcuirfear glacadh an chinnidh leasaithigh ar atráth le linn an 114ú seisiún de Chomhairle na gComhaltaí mar thoradh ar chuid de na Comhaltaí gan bheith in ann a bhformheas a thabhairt, ba cheart an seasamh a ghlacadh, arb é tacú leis an gcinneadh leasaitheach a ghlacadh, thar ceann an Aontais faoi chuimsiú nós imeachta a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le glacadh cinntí ag Comhairle na gComhaltaí trí chomhfhreagras a chomh-mhalartú, de bhun Airteagal 10(6) den Chomhaontú. Ba cheart an nós imeachta maidir le glacadh cinntí trí chomhfhreagras a chomh-mhalartú a thionscnamh roimh an gcéad seisiún rialta eile de Chomhairle na gComhaltaí i mí an Mheithimh 2022. |
(7) |
D’fhonn leas an Aontais a chaomhnú, i gcás inar dócha go ndéanfaidh faisnéis eolaíoch nó theicniúil arna cur i láthair roimh an 114ú seisiún, nó lena linn, difear don seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais, ba cheart cead a bheith ag an gCoimisiún a iarraidh go gcuirfí ar atráth glacadh an chinnidh leasaithigh go dtí seisiún níos déanaí de Chomhairle na gComhaltaí, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle na gComhaltaí le linn an 114ú seisiún a bheidh aici an 25 Samhain 2021 nó faoi chuimsiú nós imeachta maidir le glacadh cinntí ag Comhairle na gComhaltaí trí chomhfhreagras a chomh-mhalartú a dhéanfar a thionscnamh roimh an gcéad seisiún rialta eile dá cuid i mí an Mheithimh 2022, a mhéid a bhaineann leis na caighdeáin trádála is infheidhme maidir le holaí olóige agus olaí prabhaite olóige, tacú le Comhairle na gComhaltaí do ghlacadh an chinnidh lena leasaítear caighdeán trádála is infheidhme maidir le holaí olóige agus olaí prabhaite olóige (4).
Airteagal 2
I gcás inar dócha go ndéanfar difear don seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1 mar gheall ar fhaisnéis eolaíoch nó theicniúil arna cur i láthair roimh an 114ú seisiún de chuid Chomhairle na gComhaltaí, nó lena linn, iarrfaidh an Coimisiún go ndéanfar glacadh an chinnidh lena leasaítear caighdeáin trádála nó modhanna is infheidhme maidir le holaí olóige agus olaí prabhaite olóige a chur ar atráth go dtí go mbunófar seasamh an Aontais ar bhonn na faisnéise nua sin.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar lá a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Samhain 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. PODGORŠEK
(1) Cinneadh (AE) 2016/1892 ón gComhairle an 10 Deireadh Fómhair 2016 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Comhaontaithe Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird, 2015 (IO L 293, 28.10.2016, lch. 2).
(2) Cinneadh (AE) 2019/848 ón gComhairle an 17 Bealtaine 2019 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Comhaontaithe Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird, 2015 (IO L 139, 27.5.2019, lch. 1).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).
(4) Féach doiciméad ST 12781/21 ar http://register.consilium.europa.eu.