EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021D2013
Council Decision (EU) 2021/2013 of 15 November 2021 appointing a member and an alternate member, proposed by the Kingdom of Spain, of the Committee of the Regions
Cinneadh (AE) 2021/2013 ón gComhairle an 15 Samhain 2021 lena gceaptar comhalta agus comhalta malartach, arna moladh ag Ríocht na Spáinne, de Choiste na Réigiún
Cinneadh (AE) 2021/2013 ón gComhairle an 15 Samhain 2021 lena gceaptar comhalta agus comhalta malartach, arna moladh ag Ríocht na Spáinne, de Choiste na Réigiún
ST/12903/2021/INIT
OJ L 410, 18.11.2021, p. 178–179
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
18.11.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 410/178 |
CINNEADH (AE) 2021/2013 ÓN gCOMHAIRLE
an 15 Samhain 2021
lena gceaptar comhalta agus comhalta malartach, arna moladh ag Ríocht na Spáinne, de Choiste na Réigiún
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,
Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),
Ag féachaint don togra ó Rialtas na Spáinne,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh, tá Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa. |
(2) |
An 28 Bealtaine 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2020/731 (2), lena gceaptar comhalta agus comhalta malartach, arna moladh ag Ríocht na Spáinne, de Choiste na Réigiún. |
(3) |
Tá suíochán comhalta ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis dheireadh an tsainordaithe ar ar a bhonn a moladh Bernat SOLÉ BARRIL a cheapadh. |
(4) |
Tá suíochán comhalta mhalartaigh ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis dheireadh an tsainordaithe ar ar a bhonn a moladh Elisabet NEBREDA VILA a cheapadh. |
(5) |
Mhol Rialtas na Spáinne Victòria ALSINA I BURGUÉS, ar ionadaí do chomhlacht réigiúnach áitiúil í agus atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa, Consejera de Acción Exterior y Gobierno Abierto, Gobierno de la Generalitat de Cataluña), [Aire Réigiúnach um Ghníomhaíocht Eachtrach agus Rialtas Oscailte, Rialtas na Catalóine] mar chomhalta de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025. |
(6) |
Mhol Rialtas na Spáinne Gerard Martí FIGUERAS I ALBA, ar ionadaí do chomhlacht réigiúnach nó áitiúil é agus atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa, Secretario de Acción Exterior del Gobierno, Gobierno de la Generalitat de Cataluña [Rúnaí um Ghníomhaíocht Eachtrach Rialtais, Rialtas na Catalóine], mar chomhalta malartach de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar na hionadaithe seo a leanas, ar ionadaithe do chomhlacht réigiúnach nó áitiúil iad agus atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa chuig Coiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025:
(a) |
mar chomhalta:
agus |
(b) |
mar chomhalta malartach:
|
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Samhain 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. PODGORŠEK
(1) IO L 139, 27.5.2019, lch. 13.
(2) Cinneadh (AE) 2020/731 ón gComhairle an 28 Bealtaine 2020 lena gceaptar comhalta agus comhalta malartacha, arna moladh ag Ríocht na Spáinne, de Choiste na Réigiún (IO L 172 I, 3.6.2020, lch. 3).