EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D1990

Cinneadh (CBES) 2021/1990 ón gComhairle an 15 Samhain 2021 lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis

ST/13363/2021/INIT

OJ L 405, 16.11.2021, p. 10–11 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/1990/oj

16.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 405/10


CINNEADH (CBES) 2021/1990 ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Samhain 2021

lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 15 Deireadh Fómhair 2012, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2012/642/CBES (1) a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Bealarúise.

(2)

An 21 agus an 22 Deireadh Fómhair 2021, ghlac an Chomhairle Eorpach conclúidí inar dhearbhaigh sí nach mbeidh glacadh aici le haon iarracht dá ndéanfaidh tríú tíortha teacht i dtír ar imircigh chun críoch polaitiúil, cháin sí gach ionsaí hibrideach ag teorainneacha an Aontais agus dhearbhaigh sí go bhfreagróidh sí dá réir. Chuir sí i dtreis go leanfaidh an tAontas den ionsaí leanúnach a thosaigh réimeas na Bealarúise a chomhrac, lena n-áirítear trí bhearta sriantacha breise a ghlacadh i gcoinne daoine agus eintitis dhlítheanacha, i gcomhréir lena chur chuige céimnitheach, mar ábhar práinne.

(3)

I bhfianaise a thromchúisí atá an staid, measann an Chomhairle gur cheart na critéir ainmniúcháin atá i gCinneadh 2012/642/CBES a leasú ionas go bhféadfaí bearta sriantacha spriocdhírithe a chur i bhfeidhm i gcoinne daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a eagraíonn nó a rannchuidíonn le gníomhaíochtaí de chuid réimeas Lukashenka lena n-éascaítear trasnú neamhdhleathach theorainneacha seachtracha an Aontais nó aistriú earraí toirmiscthe agus aistriú neamhdhleathach earraí srianta, lena n-áirítear earraí guaiseacha, isteach i gcríoch Bhallstáit.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2012/642/CBES a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3(1):

“1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun teacht isteach ina gcríocha, nó chun idirthuras trína gcríocha, a chosc, i leith na ndaoine a liostaítear san Iarscríbhinn, mar a leanas:

(a)

daoine atá freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine nó as cos ar bolg a dhéanamh ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach, nó a mbaineann a ngníomhaíochtaí an bonn den daonlathas nó den smacht reachta sa Bhealarúis, agus aon duine a bhfuil baint aige leo;

(b)

daoine a bhaineann tairbhe as réimeas Lukashenka nó a thugann tacaíocht dó; nó

(c)

daoine a eagraíonn nó a rannchuidíonn le gníomhaíochtaí réimeas Lukashenka lena n-éascaítear na nithe seo a leanas:

(i)

trasnú neamhdhleathach theorainneacha seachtracha an Aontais; nó

(ii)

aistriú earraí toirmiscthe agus aistriú neamhdhleathach earraí srianta, lena n-áirítear earraí guaiseacha, isteach i gcríoch Bhallstáit.”;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4(1):

“1.   Déanfar cistí agus acmhainní eacnamaíocha ar leis, ar i seilbh nó ar faoi rialú daoine, eintiteas nó comhlachtaí a liostaítear san Iarscríbhinn a chalcadh, ar daoine, eintiteas nó comhlachtaí iad a chomhlíonann aon cheann de na critéir seo a leanas:

(a)

daoine, eintitis nó comhlachtaí atá freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine nó as cos ar bolg a dhéanamh ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach, nó a mbaineann a ngníomhaíochtaí an bonn den daonlathas nó den smacht reachta sa Bhealarúis, agus aon daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil baint acu le daoine, eintitis nó comhlachtaí den sórt sin;

(b)

daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhaineann tairbhe as réimeas Lukashenka nó a thacaíonn leis;

(c)

daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a eagraíonn nó a rannchuidíonn le gníomhaíochtaí réimeas Lukashenka lena n-éascaítear na nithe seo a leanas:

(i)

trasnú neamhdhleathach theorainneacha seachtracha an Aontais; nó

(ii)

aistriú earraí toirmiscthe agus aistriú neamhdhleathach earraí srianta, lena n-áirítear earraí guaiseacha, isteach i gcríoch Bhallstáit;

(d)

daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá ar úinéireacht nó faoi rialú ag daoine, eintitis nó comhlachtaí a thagann faoi phointe (a), pointe (b) nó pointe (c).”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Samhain 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (IO L 285, 17.10.2012, lch. 1).


Top