EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021D1895
Commission Implementing Decision (EU) 2021/1895 of 28 October 2021 establishing the equivalence, for the purpose of facilitating the right of free movement within the Union, of COVID-19 certificates issued by the United Kingdom of Great Britain and Northern Ireland to the certificates issued in accordance with Regulation (EU) 2021/953 of the European Parliament and of the Council (Text with EEA relevance)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1895 ón gCoimisiún an 28 Deireadh Fómhair 2021 lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1895 ón gCoimisiún an 28 Deireadh Fómhair 2021 lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2021/7879
OJ L 384, 29.10.2021, p. 112–114
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
29.10.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 384/112 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1895 ÓN gCOIMISIÚN
an 28 Deireadh Fómhair 2021
lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo, chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19 (1), agus go háirithe Airteagal 8(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (AE) 2021/953, leagtar síos creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (‘Deimhniú Digiteach COVID AE’) a eisiúint agus a fhíorú agus chun go nglacfaí leo, ionas go n-éascófar do na sealbhóirí a gceart chun saorghluaiseachta a fheidhmiú le linn phaindéim COVID-19. Ina theannta sin, leis an Rialachán sin rannchuidítear le héascú a dhéanamh ar dheireadh a chur de réir a chéile ar mhodh comhordaithe le srianta ar an tsaorghluaiseacht a chuir na Ballstáit i bhfeidhm, i gcomhréir le dlí an Aontais, chun leathadh SARS-CoV-2 a theorannú. |
(2) |
Le Rialachán (AE) 2021/953, ceadaítear glacadh le deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag tríú tíortha do shaoránaigh den Aontas agus dá mbaill teaghlaigh i gcás ina gcinnfidh an Coimisiún gur i gcomhréir le caighdeáin a mheastar a bheith coibhéiseach leis na caighdeáin arna mbunú de bhun an Rialacháin sin a eisítear na deimhnithe COVID-19. Thairis sin, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/954 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), ní mór do na Ballstáit na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/953 a chur i bhfeidhm maidir le náisiúnaigh tríú tír nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin sin, ach atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar a gcríoch agus atá i dteideal taisteal chuig Ballstáit eile i gcomhréir le dlí an Aontais. Dá bhrí sin, aon fhionnachtain choibhéise atá sa Chinneadh seo, ba cheart feidhm a bheith aici maidir le deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh arna n-eisiúint ag Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann do shaoránaigh den Aontas agus dá mbaill teaghlaigh. Mar an gcéanna, ar bhonn Rialachán (AE) 2021/954, ba cheart feidhm a bheith ag na fionnachtana coibhéise sin freisin maidir le deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnaimh arna n-eisiúint ag Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann do náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach i gcríoch na mBallstát faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán sin. |
(3) |
An 28 Iúil 2021, chuir Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann faisnéis mhionsonraithe ar fáil don Choimisiún maidir le heisiúint deimhnithe COVID-19 idir-inoibritheacha i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh faoin gcóras dar teideal ‘UK COVID Certificates’. Tá ceithre chomhpháirt sa chóras sin le haghaidh na gcríoch seo a leanas: Sasana, an Bhreatain Bheag agus Oileán Mhanann; Geirsí agus Geansaí; Albain; agus Tuaisceart Éireann, dar teideal ‘Covid Pass’, ‘2D Barcode API’, ‘NHS Scotland Covid Status’ agus ‘COVIDCert’ faoi seach. Chuir Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann in iúl don Choimisiún go measann sí go bhfuil a deimhnithe COVID-19 á n-eisiúint i gcomhréir le caighdeán agus córas teicneolaíochta atá idir-inoibritheach leis an gcreat iontaoibhe a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953, agus ar caighdeán agus córas teicneolaíochta iad lena bhfágtar gur féidir barántúlacht, bailíocht agus sláine na ndeimhnithe a fhíorú. I dtaca leis sin, chuir Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann in iúl don Choimisiún go bhfuil na sonraí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/953 san áireamh sna deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann i gcomhréir leis an gcóras ‘UK COVID Certificates’. |
(4) |
Chuir Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann in iúl don Choimisiún freisin go nglacann sí le deimhnithe vacsaínithe arna n-eisiúint ag na Ballstáit agus ag tíortha LEE i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953. Ina theannta sin, chuir Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann in iúl don Choimisiún go gcaithfidh sí le sealbhóirí Deimhnithe Digiteacha COVID AE i ndáil le vacsaíniú, téarnamh agus tástáil mar shealbhóirí deimhnithe arna n-eisiúint ag Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann. Luaigh Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann go bhfuil gach taistealaí atá vacsaínithe go hiomlán le vacsaín agus é sin aitheanta ag an Ríocht Aontaithe nó vacsaín faighte aige agus údarú uile-Aontais ag an vacsaín sin, díolmhaithe ó choraintín agus ó thástáil a dhéanamh ar lá 8, má thagann siad ó thíortha atá aicmithe faoi chód ‘ómra’ de réir a staide eipidéimeolaíche. Shonraigh Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann freisin nach bhfuil tástálacha diúltacha ná imdhíonacht nádúrtha tar éis tástáil dhearfach a fháil mar chuid dá beartas daoine a dhíolmhú ó choraintín. |
(5) |
An 4 Deireadh Fómhair 2021, i ndiaidh iarraidh a fháil ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, rinne an Coimisiún tástálacha teicniúla a léirigh go bhfuil na deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh arna n-eisiúint ag Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann i gcomhréir leis an gcóras ‘UK COVID Certificates’, go bhfuil na comhpháirteanna sin uile idir-inoibritheach leis an gcreat iontaoibhe a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953, rud a fhágann gur féidir barántúlacht, bailíocht agus sláine na ndeimhnithe a fhíorú. Dheimhnigh an Coimisiún freisin go bhfuil na sonraí is gá san áireamh sna deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh arna n-eisiúint ag Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann i gcomhréir le gach comhpháirt den chóras ‘UK COVID Certificates’. Deimhnítear measúnú an Choimisiúin tar éis fógra breise a chuir Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann isteach an 14 Dheireadh Fómhair 2021. |
(6) |
Ina theannta sin, chuir Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann in iúl don Choimisiún go n-eisíonn sí deimhnithe vacsaínithe idir-inoibritheacha le haghaidh vacsaíní COVID-19. Ar na vacsaíní sin faoi láthair tá Comirnaty, Covid-19 Vaccine Janssen, Spikevax agus Vaxzevria. Thug Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann le fios freisin go n-eisíonn sí deimhnithe vacsaínithe le haghaidh iarrthóirí vacsaíne atá faoi réir trialacha cliniciúla chuig rannpháirtithe na dtrialacha sin a bhfuil na hiarrthóirí vacsaíne faighte acu. Tá feidhm aige sin faoi láthair maidir le hiarrthóir vacsaíne arna fhorbairt ag Novavax CZ AS. |
(7) |
Chuir Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann in iúl don Choimisiún freisin go n-eiseodh sí deimhnithe tástála idir-inoibritheacha i ndáil le tástálacha aimpliúcháin aigéid núicléasaigh, agus i ndáil leis na tástálacha sin amháin, agus nach ndéanfadh sí amhlaidh i ndáil le mearthástálacha antaiginí. |
(8) |
Thairis sin, chuir Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann in iúl don Choimisiún go n-eisíonn sí deimhnithe idir-inoibritheacha i ndáil le téarnamh. Tá na deimhnithe sin bailí ar feadh tréimhse nach faide ná 180 lá tar éis dháta na chéad tástála dearfaí. |
(9) |
Ina theannta sin, chuir Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann in iúl don Choimisiún go bpróiseálfaí na sonraí pearsanta atá san áireamh sna deimhnithe chun vacsaíniú, toradh tástála nó stádas téarnaimh an tsealbhóra a fhíorú agus a dheimhniú, agus chuige sin amháin, nuair a bheidh deimhnithe á bhfíorú ag fíoraitheoirí i Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, agus nach gcoinneofaí na sonraí pearsanta ina dhiaidh sin. |
(10) |
Dá réir sin, comhlíontar na heilimintí is gá chun a shuí go bhfuil na deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann i gcomhréir leis an gcóras ‘UK COVID Certificates’ le meas mar dheimhnithe atá coibhéiseach leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953. |
(11) |
Dá bhrí sin, na deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann i gcomhréir leis an gcóras ‘UK COVID Certificates’, ba cheart glacadh leo faoi na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 5(5), Airteagal 6(5) agus Airteagal 7(8) de Rialachán (AE) 2021/953. |
(12) |
Chun go mbeidh an Cinneadh seo oibríochtúil, ba cheart Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a nascadh leis an gcreat iontaoibhe maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953. |
(13) |
Ar mhaithe le leas an Aontais a chosaint, go háirithe i réimse na sláinte poiblí, féadfaidh an Coimisiún a chumhachtaí a úsáid chun an Cinneadh seo a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh i gcás nach gcomhlíonfar na coinníollacha in Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2021/953 a thuilleadh. |
(14) |
Chun Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a nascadh leis an gcreat iontaoibhe maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953 a luaithe is féidir, ba cheart don Chinneadh seo teacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
(15) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2021/953, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas, measfar go bhfuil na deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh arna n-eisiúint ag Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann i gcomhréir leis an gcóras dar teideal ‘UK COVID Certificates’ ina ndeimhnithe atá coibhéiseach leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953.
Airteagal 2
Déanfar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a nascadh leis an gcreat iontaoibhe maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Deireadh Fómhair 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 211, 15.6.2021, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) 2021/954 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint maidir le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríocha na mBallstát le linn phaindéim COVID-19 agus chun iad a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo (IO L 211, 15.6.2021, lch. 24).