EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D0098

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/98 ón gCoimisiún an 28 Eanáir 2021 gan eisbitrin a fhormheas mar shubstaint ghníomhach atá ann cheana lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/391

OJ L 31, 29.1.2021, p. 214–215 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2021/98/oj

29.1.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 31/214


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/98 ÓN gCOIMISIÚN

an 28 Eanáir 2021

gan eisbitrin a fhormheas mar shubstaint ghníomhach atá ann cheana lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe an tríú fomhír d’Airteagal 89(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 ón gCoimisiún (2), leagtar síos liosta de shubstaintí gníomhacha atá ann cheana a bhfuil meastóireacht le déanamh orthu maidir lena bhformheas féideartha i dtaca lena n-úsáid i dtáirgí bithicídeacha. Áirítear ar an liosta sin eisbitrin (Uimh. CE: Níl sí ar fáil; Uimh. CAS: 260359-57-7).

(2)

Rinneadh meastóireacht ar eisbitrin lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18, i bhfeithidicídí, in acairicídí agus i dtáirgí chun artrapóid eile a rialú, mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(3)

Ainmníodh an Ghearmáin ina Ballstát is rapóirtéir agus chuir a húdarás inniúil meastóireachta an tuarascáil mheasúnaithe mar aon lena conclúidí faoi bhráid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (“an Ghníomhaireacht”) an 11 Eanáir 2017.

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 7(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014, ghlac an Coiste um Tháirgí Bithicídeacha an tuairim ón nGníomhaireacht an 16 Meitheamh 2020 (3), ag féachaint do na conclúid ón údarás inniúil meastóireachta.

(5)

De réir na tuairime sin, d’fhéadfadh sé go measfaí nach mbeadh táirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 ina bhfuil eisbitrin ag comhlíonadh na gcritéar a leagtar síos in Airteagal 19(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 mar gur sainaithníodh rioscaí do-ghlactha sa mheasúnú riosca do shláinte an duine.

(6)

Agus an tuairim ón nGníomhaireacht á cur san áireamh, measann an Coimisiún nach iomchuí eisbitrin a fhormheas lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18.

(7)

Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, tá siad i gcomhréir le tuairim an Bhuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Eisbitrin (Uimh. CE: Níl sí ar fáil; Uimh CAS: 260359-57-7) - níl sí formheasta mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Eanáir 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 167, 27.6.2012, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 ón gCoimisiún an 4 Lúnasa 2014 maidir leis an gclár oibre chun scrúdú córasach a dhéanamh ar gach substaint ghníomhach atá i dtáirgí bithicídeacha dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 294, 10.10.2014, lch. 1).

(3)  Tuairim ón gCoiste um Tháirgí Bithicídeacha maidir leis an iarratas ar fhormheas na substainte gníomhaí: Eisbitrin, Cineál táirge: 18, ECHA/BPC/260/2020, a glacadh an 16 Meitheamh 2020.


Top