EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021C0505(01)
Joint declaration of the European Parliament and the Council on financing the Union values strand in 2021 2021/C 168 I/01
Dearbhú comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an tsraith Luachanna an Aontais a mhaoiniú in 2021 2021/C 168 I/01
Dearbhú comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an tsraith Luachanna an Aontais a mhaoiniú in 2021 2021/C 168 I/01
CM/2888/2021/INIT
OJ C 168I, 5.5.2021, p. 1–1
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
5.5.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
CI 168/1 |
Dearbhú comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an tsraith Luachanna an Aontais a mhaoiniú in 2021
(2021/C 168 I/01)
Gan dochar do chumhachtaí an údaráis bhuiséadaigh, aontaíonn na comhreachtóirí gur cheart cistiú substaintiúil a thabhairt don tsraith Luachanna an Aontais den Chlár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna ón 1 Eanáir 2021 ar aghaidh.
Iarrann na comhreachtóirí ar an gCoimisiún na gníomhaíochtaí iomchuí a dhéanamh chun an cuspóir sin a bhaint amach, go háirithe measúnú a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as ionstraimí solúbthachta faoi chreat dlíthiúil bhuiséad bliantúil an Aontais do 2021, i gcomhréir leis na critéir maidir le gníomhachtú a leagtar síos i Rialachán CAI.