EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020R2223

Rialachán (AE, Euratom) 2020/2223 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Nollaig 2020 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, a mhéid a bhaineann le comhoibriú le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agus éifeachtacht imscrúduithe na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise

OJ L 437, 28.12.2020, p. 49–73 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2223/oj

28.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 437/49


RIALACHÁN (AE, Euratom) 2020/2223 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Nollaig 2020

lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, a mhéid a bhaineann le comhoibriú le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agus éifeachtacht imscrúduithe na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 325 de,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le glacadh Threoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle (4), neartaíodh go suntasach na hacmhainní atá ar fáil don Aontas chun a leasanna airgeadais a chosaint trí bhíthin an dlí choiriúil. Is príomhthosaíocht i mbeartas an Aontais maidir leis an gceartas coiriúil agus frith-chalaois é Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) a bhunú, agus é de chumhacht aici imscrúduithe coiriúla a dhéanamh agus díotálacha a thabhairt a bhaineann le cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, de réir bhrí Threoir (AE) 2017/1371, sna Ballstáit rannpháirteacha.

(2)

Chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, déanann an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (“an Oifig”) imscrúduithe riaracháin ar neamhrialtachtaí riaracháin agus, chomh maith leis sin, ar iompar coiriúil. Ag deireadh a cuid imscrúduithe, féadfaidh sí moltaí breithiúnacha a dhéanamh do na húdaráis náisiúnta ionchúisimh, ionas go mbeidh siad in ann díotálacha agus ionchúisimh sna Ballstáit a shaothrú. Sna Ballstáit atá rannpháirteach in OIPE, tuairisceoidh sí cionta coiriúla amhrasta do OIPE agus comhoibreoidh sí le OIPE i gcomhthéacs imscrúduithe OIPE.

(3)

Ba cheart Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) a leasú agus a chur in oiriúint i bhfianaise ghlacadh Rialachán (AE) 2017/1939. Ba cheart na forálacha de chuid Rialachán (AE) 2017/1939 lena rialaítear an caidreamh idir an Oifig agus OIPE a léiriú i bhforálacha i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus a chomhlánú leis na forálacha sin chun an leibhéal is mó cosanta ar leasanna airgeadais an Aontais a áirithiú trí shineirgí eatarthu, agus dlúthchomhair, malartú faisnéise, comhlántacht agus seachaint dúblála á n-áirithiú ag an am céanna.

(4)

I bhfianaise a gcuspóra chomhchoitinn sláine bhuiséad an Aontais a chaomhnú, ba cheart don Oifig agus do OIPE dlúthchaidreamh a bhunú agus a choimeád bunaithe ar phrionsabal an chomhair dhílis agus é mar aidhm leis comhlántacht a gcuid sainorduithe faoi seach agus comhordú a ngníomhaíochta a áirithiú, go háirithe a mhéid a bhaineann le raon feidhme an chomhair fheabhsaithe le haghaidh OIPE a bhunú. Leis an gcaidreamh idir an Oifig agus OIPE, ba cheart rannchuidiú lena áirithiú go n-úsáidfear gach modh chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint.

(5)

Le Rialachán (AE) 2017/1939, ceanglaítear ar an Oifig, agus ar institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus ar údaráis inniúla na mBallstát, iompar coiriúil amhrasta a thuairisciú do OIPE gan moill mhíchuí ar ina leith a fhéadfaidh OIPE a inniúlacht a fheidhmiú. Ós rud é gur sainordú na hOifige é imscrúduithe riaracháin a dhéanamh ar chalaois, ar éilliú agus ar aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, tá sí sároiriúnach do bheith ag feidhmiú mar chomhpháirtí agus mar fhoinse phribhléideach faisnéise do OIPE agus tá sé d’acmhainn aici sin a dhéanamh.

(6)

Gnéithe lena léireofaí gurbh fhéidir go raibh iompar coiriúil ar siúl a thiocfadh faoi inniúlacht OIPE, d’fhéadfaidís a bheith sna líomhaintí tosaigh a fhaigheann an Oifig nó d’fhéadfadh sé nach dtiocfaidís chun cinn ach amháin le linn imscrúdú riaracháin arna oscailt ag an Oifig ar na forais go raibh amhras ann maidir le neamhrialtacht riaracháin. Chun a dualgas tuairisciú do OIPE a chomhlíonadh, ba cheart don Oifig, dá bhrí sin, iompar coiriúil amhrasta a thuairisciú tráth ar bith roimh a cuid imscrúduithe nó lena linn.

(7)

Sonraítear i Rialachán (AE) 2017/1939 na gnéithe íosta atá le bheith i dtuarascálacha. D’fhéadfadh sé go mbeadh ar an Oifig réamh-mheastóireacht a dhéanamh ar líomhaintí chun na gnéithe sin a fháil amach agus an fhaisnéis riachtanach a bhailiú. Ba cheart don Oifig meastóireacht den sórt sin a dhéanamh chomh dlúsúil agus is féidir agus le modhanna nach gcuirfeadh imscrúdú coiriúil a dhéanfaí amach anseo i mbaol. Tar éis chur i gcrích a meastóireachta, ba cheart don Oifig tuairisciú do OIPE má shainaithnítear go bhfuil amhras ann faoi chion atá faoina inniúlacht.

(8)

Ag breithniú ar shaineolas na hOifige, ba cheart do na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí a bunaíodh leis na Conarthaí nó ar bhonn na gConarthaí (“institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí”) a bheith in ann leas a bhaint as an Oifig chun réamh-mheastóireacht den sórt sin a dhéanamh ar líomhaintí a thuairiscítear dóibh.

(9)

I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, níor cheart don Oifig, i bprionsabal, imscrúdú riaracháin a oscailt i gcomhthráth le himscrúdú arna dhéanamh ag OIPE ar na fíricí céanna. Mar sin féin, i gcásanna áirithe, d'fhéadfadh sé a bheith riachtanach chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint go ndéanfadh an Oifig imscrúdú riaracháin comhlántach sula gcuirfí deireadh le himeachtaí coiriúla arna dtionscnamh ag OIPE, chun a fháil amach an bhfuil bearta réamhchúraim riachtanach, nó ar cheart gníomhaíocht airgeadais, araíonachta nó riaracháin a dhéanamh. D'fhéadfadh sé gurbh iomchuí imscrúdú comhlántach den sórt sin a dhéanamh, inter alia, chun méideanna atá iníoctha le buiséad an Aontas agus atá faoi réir rialacha sonracha lena mbaineann teorainn ama a ghnóthú, i gcás ina bhfuil na méideanna i mbaol thar a bheith mór, nó i gcás ina bhfuil sé riachtanach tuilleadh caiteachais i gcásanna riosca a sheachaint trí bhearta riaracháin.

(10)

Chun críoch chur i bhfeidhm an cheanglais maidir le neamhdhúbláil imscrúduithe, ba cheart a mheas gurb é a chiallaíonn an coincheap “na fíricí céanna”, i bhfianaise chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) ar an bprionsabail ne bis in idem, gurb ionann nó gurb ionann nach mór na fíricí ábhartha atá á n-imscrúdú agus go dtuigtear iad sa chiall gurb ann d'imthosca nithiúla a bhfuil dlúthbhaint acu ó thaobh ama agus spáis de.

(11)

Le Rialachán (AE) 2017/1939, foráiltear go bhféadfaidh OIPE iarraidh ar an Oifig imscrúduithe riaracháin comhlántacha a dhéanamh. In éagmais iarraidh den sórt sin, ba cheart imscrúduithe comhlántacha a bheith indéanta ar thionscnamh na hOifige faoi choinníollacha sonracha tar éis dul i gcomhairle le OIPE. Go háirithe, ba cheart OIPE a bheith in ann agóid a dhéanamh in aghaidh oscailt imscrúdaithe nó leanúint ar aghaidh le himscrúdú a dhéanfadh an Oifig, nó in aghaidh feidhmíocht gníomhartha áirithe a bhaineann le ceann amháin dá chuid imscrúdaithe, go háirithe d'fhonn éifeachtacht a imscrúduithe agus a cumhachtaí a chaomhnú. Ba cheart don Oifig staonadh ó ghníomhaíocht a dhéanamh a bhfuil agóid déanta ag OIPE ina leith. I gcás ina n-osclaíonn an Oifig imscrúdú in éagmais agóid den sórt sin, ba cheart di an t-imscrúdú sin a dhéanamh, agus í i gcomhairle le OIPE ar bhonn leanúnach.

(12)

Ba cheart don Oifig tacaíocht ghníomhach a thabhairt d'imscrúduithe de chuid OIPE. Maidir leis sin, ba cheart OIPE a bheith in ann iarraidh ar an Oifig tacú lena cuid imscrúduithe coiriúla nó iad a chomhlánú trí na cumhachtaí faoi Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 a fheidhmiú. Ba cheart don Oifig tacaíocht den sórt sin a sholáthar faoi réir teorainneacha a cumhachtaí féin agus laistigh den chreat dá bhforáiltear sa Rialachán sin.

(13)

Chun comhordú, comhar agus trédhearcacht éifeachtach a áirithiú, ba cheart don Oifig agus OIPE faisnéis a mhalartú eatarthu ar bhonn leanúnach. An malartú faisnéise a dhéantar sula n-osclaíonn an Oifig nó OIPE imscrúduithe, tá sé thar a bheith ábhartha maidir le comhordú cuí a áirithiú idir a gcuid gníomhaíochtaí faoi seach, chun comhlántacht a ráthú agus chun dúbailt a sheachaint. Chuige sin, ba cheart don Oifig agus do OIPE úsáid a bhaint as feidhmeanna “amas a fháil/gan amas a fháil” ina gcórais bainistithe cásanna faoi seach. Ba cheart don Oifig agus do OIPE an nós imeachta agus na coinníollacha le haghaidh an mhalartaithe faisnéise sin a shonrú ina gcuid socruithe oibre. Chun cur i bhfeidhm cuí na rialacha a áirithiú a fhéachann le neamhdhúbláil a sheachaint agus chun comhlántacht a áirithiú, ba cheart don Oifig agus do OIPE teacht ar chomhaontú maidir le teorainneacha ama áirithe le haghaidh a malartuithe faisnéise.

(14)

I dTuarascáil ón gCoimisiún maidir le Meastóireacht ar chur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 an 2 Deireadh Fómhair 2017 (“an tuarascáil mheastóireachta ón gCoimisiún”), thángthas ar an gconclúid gur chothaigh athruithe 2013 ar an gcreat dlíthiúil feabhsúcháin shoiléire a mhéid a bhaineann le himscrúduithe a dhéanamh, comhar le comhpháirtithe agus cearta na ndaoine lena mbaineann. Ag an am céanna, leagadh béim sa tuarascáil mheastóireachta ón gCoimisiún ar roinnt easnamh a chuireann isteach ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht imscrúduithe.

(15)

Tá sé riachtanach aghaidh a thabhairt ar na torthaí is soiléire den tuarascáil mheastóireachta ón gCoimisiúin trí bhíthin leasuithe ar Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013. Tá na leasuithe sin riachtanach sa ghearrthéarma chun an creat le haghaidh imscrúduithe na hOifige a neartú ionas go bhfanfaidh an Oifig láidir agus lánfheidhmiúil agus go gcomhlánaíonn sí cur chuige OIPE ó thaobh an dlí choiriúil de le himscrúduithe riaracháin, gan athrú a dhéanamh ar shainordú ná cumhachtaí na hOifige. Baineann na leasuithe go príomha le réimsí ina bhféadfaí, mar gheall ar easpa soiléireachta Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, bac a chur ar an Oifig imscrúduithe a dhéanamh ar bhealach éifeachtach, amhail seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh, an fhéidearthacht rochtain a fháil ar fhaisnéis cuntas bainc, nó inghlacthacht mar fhianaise na gcás-tuarascálacha arna dtarraingt suas ag an Oifig mar fhianaise in imeachtaí riaracháin nó breithiúnacha.

(16)

Ní dhéanann na leasuithe ar Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 difear do na ráthaíochtaí nós imeachta is infheidhme maidir le creat na n-imscrúduithe. Tá an Oifig faoi cheangal ag ráthaíochtaí nós imeachta Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (6) agus na ráthaíochtaí sin atá i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Leis an gcreat sin, ceanglaítear ar an Oifig a cuid imscrúduithe a dhéanamh go hoibiachtúil, go neamhchlaonta agus faoi rún, fianaise ar son agus in aghaidh an duine lena mbaineann a lorg, agus gníomhaíochtaí imscrúdaitheacha a dhéanamh ar bhonn údarú i scríbhinn tar éis seiceáil dlíthiúlachta. Tá ceangal ar an Oifig a áirithiú go dtabharfar urraim do chearta na ndaoine sin atá bainteach lena cuid imscrúduithe, lena n-áirítear toimhde na neamhchiontachta agus an ceart féin-ionchoiriú a sheachaint. Nuair a chuirfear agallamh orthu, tá ag na daoine lena mbaineann, inter alia, an ceart cúnamh a fháil ó dhuine dá rogha féin, chun taifeadadh an agallaimh a fhormheas, agus chun aon cheann de theangacha oifigiúla institiúidí an Aontais a úsáid. Tá an ceart ag daoine lena mbaineann freisin a thuairimí nó tuairimí a chur in iúl maidir le fíricí an cháis sula mbainfear conclúidí as.

(17)

Ba cheart cosaint faoi Threoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) a thabhairt do dhaoine a thuairiscíonn calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais.

(18)

I gcás ina ndéanfaidh an Oifig bearta tacaíochta, laistigh dá sainordú, arna iarraidh sin do OIPE, chun inghlacthacht fianaise, chomh maith le cearta bunúsacha agus ráthaíochtaí nós imeachta, a chosaint, agus ag an am céanna dúbláil imscrúduithe a sheachaint agus comhar éifeachtúil agus comhlántach a thabhairt, ba cheart don Oifig agus do OIPE, ag gníomhú dóibh i ndlúthchomhar, a áirithiú go gcomhlíonfar na coimircí nós imeachta is infheidhme i gCaibidil VI de Rialachán (AE) 2017/1939.

(19)

Tá sé de chumhacht ag an Oifig seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh, lenar féidir léi rochtain a fháil ar áitreabh agus ar dhoiciméadacht oibreoirí eacnamaíocha faoi chuimsiú a cuid imscrúduithe ar chalaois amhrasta, ar éilliú nó ar iompar neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. Déantar seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair den sórt sin i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus le Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96, a chiallaíonn i roinnt cásanna go mbíonn cur i bhfeidhm na gcumhachtaí sin faoi réir choinníollacha an dlí náisiúnta. Fuarthas amach sa tuarascáil mheastóireachta ón gCoimisiún nach bhfuil sé go hiomlán soiléir a mhéid atá feidhm ag an dlí náisiúnta, agus mar thoradh air sin cuirtear bac ar ghníomhaíochtaí imscrúdaitheacha na hOifige.

(20)

Is iomchuí dá réir sin na teagmhais ina bhfuil an dlí náisiúnta le feidhm a bheith aige le linn imscrúduithe na hOifige a shoiléiriú, gan cumhachtaí na hOifige a athrú ná an dóigh ina bhfeidhmítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 i leith na mBallstát a athrú, rud a léiríonn breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 3 Bealtaine 2018 i gCás T-48/16, Sigma Orionis SA v an Coimisiún Eorpach (8).

(21)

Ba cheart seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanfadh an Oifig, i gcásanna ina ngéillfidh an t-oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann don tseiceáil agus don chigireacht ar an láthair, a bheith faoi réir dhlí an Aontais amháin. Leis sin, bheadh an Oifig in ann a cumhachtaí imscrúdaitheacha a fheidhmiú go héifeachtach comhleanúnach i ngach Ballstát d'fhonn rannchuidiú le hardleibhéal cosanta do leasanna airgeadais an Aontais ar fud an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 325 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

(22)

I gcásanna inar gá don Oifig brath ar chúnamh ó údaráis inniúla na mBallstát, go háirithe i gcásanna ina gcuireann oibreoir eacnamaíoch in aghaidh seiceáil agus cigireacht ar an láthair, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh gníomhaíocht na hOifige éifeachtach, agus ba cheart dóibh an cúnamh riachtanach a chur ar fáil i gcomhréir le rialacha ábhartha an dlí nós imeachta náisiúnta. Chun leasanna airgeadais an Aontais a choimirciú, ba cheart don Choimisiún mainneachtain ó thaobh aon cheann de na Ballstáit a dhualgas comhoibriú leis an Oifig a chomhlíonadh a chur san áireamh agus é á mheas aige ar cheart na méideanna lena mbaineann a ghnóthú trí cheartuithe airgeadais a chur i bhfeidhm ar Bhallstáit, i gcomhréir l dlí an Aontais is infheidhme.

(23)

Tá an Oifig in ann, faoi Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, socruithe riaracháin a dhéanamh le húdaráis inniúla na mBallstát, amhail seirbhísí comhordúcháin frith-chalaoise, agus le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí, chun na socruithe dá gcomhar faoin Rialachán sin a shonrú, go háirithe maidir le faisnéis a tharchur, imscrúduithe a dhéanamh agus aon ghníomhaíocht leantach ina leith.

(24)

Ba cheart Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 a leasú chun dualgas ar oibreoirí eacnamaíocha comhoibriú leis an Oifig a thabhairt isteach, i gcomhréir leis an oibleagáid atá orthu faoi Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 rochtain a thabhairt ar áitreabh, talamh, modhanna iompair nó limistéir eile, arna n-úsáid chun críoch gnó, chun seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh orthu, agus leis an oibleagáid a leagtar amach in Airteagal 129 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) go bhfuil aon duine nó eintiteas a fhaigheann cistí ón Aontas le comhoibriú go hiomlán i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais, lena n-áirítear i gcomhthéacs imscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig.

(25)

Mar chuid den dualgas comhair sin, ba cheart an deis a bheith ag an Oifig a cheangal ar oibreoirí eacnamaíocha faisnéis ábhartha a sholáthar i gcás ina bhféadfadh sé gur bhain an t-ábhar atá á imscrúdú leo nó ina bhfhéadfadh faisnéis den sórt sin a bheith ina seilbh acu. Agus iarrataí den sórt sin á gcomhlíonadh acu, níor cheart oibleagáid a bheith ar oibreoirí eacnamaíocha ráitis fhéin-ionchoiritheacha a dhéanamh, ach ba cheart oibleagáid a bheith orthu ceisteanna fíorasacha a fhreagairt agus doiciméid a sholáthar, fiú más féidir an fhaisnéis sin a úsáid lena chinneadh go raibh siad nó oibreoir eacnamaíoch eile páirteach i ngníomhaíocht neamhdhleathach. Chun éifeachtacht imscrúduithe a áirithiú i gcomhthéacs na gcleachtas oibre reatha, ba cheart don Oifig a bheith in ann rochtain a iarraidh ar fhaisnéis i bhfeistí atá faoi úinéireacht phríobháideach chun críoch oibre. Ba cheart rochtain a thabhairt don Oifig faoi réir na gcoinníollacha céanna agus a mhéid céanna a bhfuil feidhm acu maidir leis na húdaráis náisiúnta rialaithe, agus más rud é agus más rud é amháin go bhfuil forais réasúnacha ag an Oifig le hamhras a bheith uirthi go bhféadfadh inneachair den sórt sin a bheith ábhartha don imscrúdú, i gcomhréir le prionsabail an riachtanais agus na comhréireachta, agus níor cheart í a bheith bainteach ach le faisnéis atá ábhartha don imscrúdú.

(26)

Ba cheart an deis a bheith ag oibreoirí eacnamaíocha aon cheann de teangacha oifigiúla an Bhallstáit ina ndéantar an tseiceáil a úsáid, agus ba cheart an ceart a bheith acu cúnamh a fháil ó dhuine dá rogha féin, lena n-áirítear comhairleoir dlí seachtrach, le linn seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair. Níor cheart é a bheith ina choinníoll go mbeadh comhairleoir dlí i láthair, sular féidir seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a bheith bailí. Chun éifeachtacht na seiceálacha agus na gcigireachtaí ar an láthair a áirithiú, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an riosca go rachadh fianaise ar iarraidh, ba cheart an deis a bheith ag an Oifig rochtain a fháil ar áitreabh, talamh, modhanna iompair nó limistéir eile a úsáidtear chun críoch gnó gan fanacht go dtí go rachaidh an t-oibreoir eacnamaíoch i gcomhairle le comhairleoir dlí. Níor cheart di glacadh ach le moill ghearr réasúnach ag feitheamh le comhairliúchán le comhairleoir dlí sula gcuirfear tús leis an tseiceáil agus leis an gcigireacht ar an láthair. Ba cheart aon mhoill den sórt sin a bheith chomh gairid agus is féidir.

(27)

Chun trédhearcacht a áirithiú agus seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair á ndéanamh aici, ba cheart don Oifig faisnéis iomchuí a chur ar fáil d’oibreoirí eacnamaíocha maidir lena ndualgas comhoibriú agus na hiarmhairtí a bheidh ann má dhiúltaíonn siad déanamh amhlaidh, agus maidir leis an nós imeachta is infheidhme, lena n-áirítear na coimircí nós imeachta.

(28)

Bíonn rochtain ag an Oifig, le linn imscrúduithe inmheánacha agus, i gcás inar gá, le linn imscrúduithe seachtracha, ar aon fhaisnéis ábhartha atá ag na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí. Is gá a shoiléiriú, mar a moladh sa tuarascáil mheastóireachta ón gCoimisiún, gur cheart go mbeifí in ann rochtain den sórt sin a fháil gan beann ar an gcineál meáin ar a bhfuil an fhaisnéis sin nó na sonraí sin stóráilte, chun dul chun cinn forásach teicneolaíoch a léiriú. Le linn imscrúduithe inmheánacha, ba cheart don Oifig a bheith in ann rochtain a iarraidh ar fhaisnéis a choimeádtar ar fheistí atá faoi úinéireacht phríobháideach a úsáidtear chun críoch oibre i gcásanna ina bhfuil forais réasúnacha ag an Oifig a bheith in amhras go bhféadfadh a n-ábhar a bheith ábhartha don imscrúdú. Ba cheart é a bheith indéanta an rochtain a bheadh ag an Oifig a chur faoi réir coinníollacha sonracha ón institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht ábhartha. Ba cheart rochtain den sórt sin prionsabail an riachtanais agus na comhréireachta a chomhlíonadh, agus níor cheart í a bheith bainteach ach le faisnéis atá ábhartha don imscrúdú. Chun leibhéal éifeachtach comhsheasmhach rochtana a ráthú don oifig, chomh maith le hardleibhéal cosanta do chearta bunúsacha na ndaoine lena mbaineann, ba cheart do na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí comhleanúnachas na rialacha maidir le rochtain ar fheistí príobháideacha arna nglacadh ag na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí éagsúla a áirithiú chun coinníollacha coibhéiseacha a thabhairt i gcomhréir le Comhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (10).

(29)

Ionas go mbeidh creat níos comhleanúnaí ann le haghaidh imscrúduithe na hOifige, ba cheart na rialacha is infheidhme maidir le himscrúduithe inmheánacha agus seachtracha a ailíniú tuilleadh chun aghaidh a thabhairt ar neamhréireachtaí áirithe arna sainaithint sa tuarascáil mheastóireachta ón gCoimisiún i gcás nach bhfuil bonn cirt le rialacha atá éagsúil le chéile. Mar shampla, ba cheart, i gcás inar gá, tuarascálacha agus moltaí arna dtarraingt suas tar éis imscrúdú seachtrach a sheoladh chuig an institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht lena mbaineann ionas go bhféadfadh sí nó sé gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh, faoi mar a tharlaíonn in imscrúduithe inmheánacha. I gcás inar féidir i gcomhréir lena sainordú, ba cheart don Oifig tacú leis an institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht lena mbaineann chun obair leantach a dhéanamh ar a moltaí. I gcás nach n-osclóidh an Oifig imscrúdú , ba cheart di a bheith in ann faisnéis ábhartha a chur chuig údaráis na mBallstát nó chuig na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí le go ndéanfar gníomhaíocht iomchuí. Ba cheart di faisnéis den sórt sin a sheoladh i gcás ina gcinneann sí gan imscrúdú a oscailt in ainneoin go bhfuil amhras leordhóthanach ann faoi chalaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. Sula ndéanfaidh sí amhlaidh, ba cheart don Oifig aird chuí a thabhairt go bhféadfaí cur isteach ar imscrúduithe atá ar siúl ag OIPE.

(30)

Mar thoradh ar éagsúlacht mhór na gcreat institiúideach náisiúnta, ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit, bunaithe ar phrionsabal an chomhair dhílis, fógra a thabhairt don Oifig faoi na húdaráis sin atá inniúil chun gníomhaíochtaí a dhéanamh ar mholtaí ón Oifig, chomh maith leis na húdaráis sin nach mór a chur ar an eolas, amhail chun críoch airgeadais, staidrimh nó faireacháin, chun a ndualgais ábhartha a chomhlíonadh. Féadfaidh seirbhísí náisiúnta comhordúcháin frith-chalaoise a bheith i gceist le húdaráis den sórt sin. I gcomhréir le cásdlí socair CBAE, níl aon éifeachtaí dlíthiúla ceangailteacha ag moltaí na hOifige a áirítear ina cuid tuarascálacha ar údaráis den sórt sin de chuid na mBallstát nó ar institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí.

(31)

Ba cheart na modhanna riachtanacha a sholáthar don Oifig chun an lorg airgid a leanúint chun modus operandi a úsáidtear go minic in iompar calaoiseach a nochtadh. Tá an Oifig in ann faisnéis cuntas bainc a fháil atá ábhartha dá gníomhaíocht imscrúdaitheach agus atá i seilbh institiúidí creidmheasa i roinnt Ballstát mar gheall ar chomhar leis na húdaráis inniúla agus cúnamh uathu. Chun cur chuige éifeachtach ar fud an Aontais a áirithiú, ba cheart a shonrú i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 an dualgas atá ar na húdaráis náisiúnta inniúla i leith faisnéis cuntas bainc a sholáthar don Oifig, mar chuid dá ndualgas ginearálta cúnamh a thabhairt don Oifig. Ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi na húdaráis inniúla trína ndéanfar an comhar sin. Agus cúnamh den sórt sin á thabhairt don Oifig, ba cheart do na húdaráis náisiúnta gníomhú faoi na coinníollacha céanna a bhfuil feidhm acu maidir le húdaráis náisiúnta inniúla an Bhallstáit lena mbaineann.

(32)

Chun na críche ráthaíochtaí nós imeachta agus cearta bunúsacha a chosaint agus a chomhlíonadh, ba cheart don Choimisiún feidhm inmheánach a chruthú i bhfoirm Rialaitheora ráthaíochtaí nós imeachta (“an Rialaitheoir”), ar cheart don Rialaitheoir - d'fhonn úsáid éifeachtúil a bhaint as acmhainní - a bheith nasctha leis an gCoiste Maoirseachta ó thaobh riaracháin, agus ba cheart acmhainní leordhóthanacha a sholáthar don Rialaitheoir. Ba cheart don Rialaitheoir gearáin a láimhseáil ar bhealach iomlán neamhspleách, lena n-áirítear gearáin ón gCoiste Maoirseachta agus ón Oifig, ba cheart rochtain a bheith ag an Rialaitheoir ar an bhfaisnéis uile is gá chun a dhualgais nó a dualgais a chomhlíonadh.

(33)

Ba cheart duine lena mbaineann a bheith in ann gearán a dhéanamh leis an Rialaitheoir maidir le comhlíonadh na ráthaíochtaí nós imeachta ag an Oifig, agus ar na forais gur sáraíodh na rialacha is infheidhme maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig, go háirithe sáruithe ar cheanglais nós imeachta agus ar chearta bunúsacha. Chuige sin, ba cheart sásra gearán a bhunú. Ba cheart don Rialaitheoir a bheith freagrach as moltaí a eisiúint mar fhreagairt ar ghearáin den sórt sin, ina molfadh sé nó sí, i gcás inar gá, réitigh fhéideartha ar na saincheisteanna a ardaíodh sa ghearán. Ba cheart don Rialaitheoir an gearán a scrúdú le linn nós imeachta gasta sáraíochta, lena ligfí don Oifig ag an am céanna leanúint den imscrúdú atá ar siúl. Ba cheart don Rialaitheoir deis a thabhairt don ghearánach agus don Oifig a dtuairimí a chur ar fáil faoi na saincheisteanna a ardaíodh sa ghearán nó na saincheisteanna sin a réiteach. Ba cheart don Ard-Stiúrthóir gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh de réir mar a éilítear sin leis an moladh ón Rialaitheoir. Ba cheart don Ard-Stiúrthóir, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, a bheith in ann imeacht ó na moltaí ón Rialaitheoir. Ba cheart na cúiseanna a bhí aige nó aici déanamh amhlaidh a chur i gceangal le tuarascáil chríochnaitheach an imscrúdaithe.

(34)

Chun trédhearcacht agus cuntasacht a mhéadú, ba cheart don Rialaitheoir tuairisciú ar an sásra gearán ina thuarascáil bhliantúil nó ina tuarascáil bhliantúil. Ba cheart a chumhdach leis an tuarascáil bhliantúil, go háirithe, líon na ngearán a fuarthas, na cineálacha sáruithe ar cheanglais nós imeachta agus ar chearta bunúsacha atá i gceist, na gníomhaíochtaí lena mbaineann agus, i gcás inar féidir, na bearta leantacha a rinne an Oifig.

(35)

Is uirlis riachtanach é, i dtaca le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, go ndéanann an Oifig faisnéis a tharchur go luath chun bearta réamhchúraim a ghlacadh. Chun dlúthchomhar maidir leis an méid sin a áirithiú idir an Oifig agus institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí, is iomchuí go mbeidh an deis ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí dul i gcomhairle leis an Oifig tráth ar bith d’fhonn aon bheart réamhchúraim iomchuí a shocrú, lena n-áirítear bearta chun fianaise a choimirciú.

(36)

Is ionann tuarascálacha arna dtarraingt suas ag an Oifig agus fianaise inghlactha in imeachtaí riaracháin nó breithiúnacha ar an dóigh chéanna agus faoi na coinníollacha céanna a bhaineann le tuarascálacha riaracháin arna ndréachtú ag na cigirí náisiúnta riaracháin. De réir na tuarascála meastóireachta ón gCoimisiún, ní áirithítear éifeachtacht ghníomhaíochtaí na hOifige go leordhóthanach leis an riail sin i roinnt Ballstát. Chun éifeachtacht agus úsáid chomhsheasmhach na dtuarascálacha ón Oifig a mhéadú, ba cheart foráil a dhéanamh i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 maidir le hinghlacthacht tuarascálacha den sórt sin in imeachtaí breithiúnacha de chineál neamhchoiriúil os comhair cúirteanna náisiúnta, agus in imeachtaí riaracháin sna Ballstáit freisin. Ba cheart leanúint d’fheidhm a bheith ag an riail lena bhforáiltear do choibhéis leis na tuarascálacha ó chigirí náisiúnta riaracháin i gcás imeachtaí náisiúnta breithiúnacha de chineál coiriúil. Ba cheart foráil a dhéanamh i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 freisin maidir le hinghlacthacht na dtuarascálacha arna dtarraingt suas ag an Oifig in imeachtaí riaracháin agus breithiúnacha ar leibhéal an Aontais.

(37)

Tugadh seirbhísí comhordúcháin frith-chalaoise na mBallstát isteach le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 chun comhar éifeachtach agus malartú faisnéise a éascú, lena n-áirítear faisnéis de chineál oibríochtúil, idir an Oifig agus na Ballstáit. Ba é conclúid na tuarascála meastóireachta ón gCoimisiún gur rannchuidigh siad go deimhneach le hobair na hOifige. Sa tuarascáil mheastóireachta ón gCoimisiún, sainaithníodh freisin an gá ról na seirbhísí comhordúcháin frith-chalaoise sin a shoiléiriú tuilleadh chun a áirithiú go gcuirfear an cúnamh riachtanach ar fáil don Oifig lena áirithiú go mbeidh a cuid imscrúduithe éifeachtach, agus an t-eagrúchán agus cumhachtaí na seirbhísí comhordúcháin frith-chalaoise á bhfágáil faoi gach Ballstát. Maidir leis sin, ba cheart do na seirbhísí comhordúcháin frith-chalaoise a bheith in ann an cúnamh riachtanach atá ag teastáil ón Oifig chun a cuid cúraimí a dhéanamh go héifeachtach a chur ar fáil, nó a chomhordú, roimh imscrúdú seachtrach nó inmheánach, lena linn nó ag a dheireadh.

(38)

Tá dualgas na hOifige cúnamh a chur ar fáil do na Ballstáit chun a ngníomhaíocht a chomhordú chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint ina phríomhghné dá sainordú i leith tacú le comhar trasteorann i measc na mBallstát. Ba cheart rialacha níos mionsonraithe a leagan síos chun gníomhaíochtaí comhordúcháin na hOifige a éascú mar aon lena comhar, sa chomhthéacs sin, le húdaráis na mBallstát, le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta. Níor cheart gur dochar na rialacha sin don Oifig a bheith ag feidhmiú na gcumhachtaí arna dtabhairt don Choimisiún i bhforálacha sonracha lena rialaítear cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin na mBallstát agus comhar idir na húdaráis sin agus an Coimisiún, go háirithe i Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle (11) agus Rialachán (AE) Uimh. 608/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), mar aon le gníomhaíochtaí comhordúcháin a bhaineann le Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa.

(39)

Nuair a ghníomhaíonn údaráis inniúla na mBallstát, lena n-áirítear seirbhísí comhordúcháin frith-chalaoise, i gcomhar leis an Oifig nó le húdaráis inniúla eile chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, ba cheart a shoiléiriú go leanfaidh siad de bheith faoi cheangal ag an dlí náisiúnta.

(40)

Ba cheart do na seirbhísí comhordúcháin frith-chalaoise a bheith in ann, i gcomhthéacs gníomhaíochtaí comhordúcháin, cúnamh a chur ar fáil don Oifig, agus ba cheart do na seirbhísí sin a bheith in ann comhoibriú le chéile, ionas go ndéanfar na sásraí atá ar fáil don chomhar sa chomhrac in aghaidh na calaoise a atreisiú tuilleadh.

(41)

Ba cheart d'údaráis inniúla na mBallstát, mar aon leis na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí, na gníomhaíochtaí a éilítear le moladh ón Oifig a dhéanamh. Chun cur ar a chumas don Oifig obair leantach a dhéanamh ar fhorbairt a cásanna, i gcás ina gcuirfidh an Oifig moltaí breithiúnacha faoi bhráid údaráis náisiúnta ionchúisimh Ballstáit, ba cheart do na Ballstáit, arna iarraidh sin don Oifig, cinneadh críochnaitheach na cúirte náisiúnta a chur chuig an Oifig. Chun neamhspleáchas na mbreithiúna a choimeád go hiomlán, níor cheart an tarchur sin a dhéanamh ach go dtí go gcinnfear na himeachtaí breithiúnacha ábhartha go críochnaitheach agus go dtí go gcuirfear cinneadh críochnaitheach na cúirte ar fáil don phobal.

(42)

Chun na rialacha nós imeachta maidir le himscrúduithe a dhéanamh a leagtar amach i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 a fhorlíonadh, ba cheart don Oifig treoirlínte a leagan síos maidir le nósanna imeachta imscrúdaithe a mbeidh ar fhoireann na hOifige cloí leo.

(43)

Ba cheart a shoiléiriú go bhféadfaidh an Oifig páirt a ghlacadh i bhfoirne comhpháirteacha um imscrúdú arna mbunú i gcomhréir le dlí an Aontais agus go bhfuil sí i dteideal faisnéis oibríochtúil a fhaightear faoin gcreat sin a mhalartú. Tá úsáid na faisnéise sin faoi réir na gcoinníollacha agus na gcoimircí dá bhforáiltear i ndlí an Aontais, ar ar a bhonn a bunaíodh na foirne comhpháirteacha um imscrúdú. Nuair a ghlacann an Oifig páirt sna foirne comhpháirteacha sin um imscrúdú, bíonn acmhainneacht tacaíochta aici agus bíonn ról comhpháirtí atá faoi réir srianta dlíthiúla a d’fhéadfadh a bheith i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta.

(44)

Tráth nach déanaí ná 5 bliana tar éis an dáta a chinntear i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 120(2) de Rialachán (AE) 2017/1939, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus go háirithe ar éifeachtúlacht an chomhair idir an Oifig agus OIPE chun a mheas an éilítear leasuithe ar bhonn na taithí maidir leis an gcomhar sin. Ba cheart don Choimisiún togra reachtach cuimsitheach nua a thíolacadh, i gcás inarb iomchuí, tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis na meastóireachta sin.

(45)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon cosaint leasanna airgeadais an Aontais a neartú trí oibríocht na hOifige a chur in oiriúint do bhunú OIPE agus trí éifeachtacht na n-imscrúduithe a dhéanann an Oifig a fheabhsú, a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais trí rialacha lena rialaítear an caidreamh idir an Oifig agus OIPE a ghlacadh chun éifeachtacht na slí ina ndéanann an Oifig na himscrúduithe ar leibhéal an Aontais a mhéadú, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontais Eorpach é. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(46)

Leis an Rialachán seo, ní mhodhnaítear cumhachtaí ná freagrachtaí na mBallstát maidir le bearta a dhéanamh chun calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac.

(47)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) agus thug sé barúlacha foirmiúla an 23 Iúil 2018.

(48)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:

(a)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

“(d)

Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*);

(e)

Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (**);

(*)  Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1)."

(**)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).”;"

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“4a.   Déanfaidh an Oifig dlúthchaidreamh a bhunú agus a choimeád le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) a bunaíodh trí bhíthin comhar feabhsaithe le Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle (*). Is ar chomhar frithpháirteach, ar mhalartú faisnéise, ar chomhlántacht agus ar sheachaint dúblála a bheidh an caidreamh sin bunaithe. Beidh sé mar aidhm leis, go háirithe, a áirithiú go n-úsáidfear na modhanna uile atá ar fáil chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí chomhlántacht a sainorduithe faoi seach agus tríd an tacaíocht a thugann an Oifig do OIPE.

(*)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).”;"

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   Maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát agus institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí socruithe riaracháin a bhunú leis an Oifig. Féadfaidh sé go mbainfidh na socruithe riaracháin sin le faisnéis a tharchur, imscrúduithe a dhéanamh agus aon ghníomhaíocht leantach ina leith.”;

(2)

leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3:

“(3)

is í an chiall a thugtar do na focail ‘calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais’ i ngníomhartha ábhartha an Aontais an chiall a bheidh ag na focail sin agus áireofar leis an gcoincheap ‘aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile’ neamhrialtacht mar a shainmhínítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95;”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 4:

“(4)

ciallóidh ‘imscrúduithe riaracháin’ (‘imscrúduithe’) aon chigireacht, seiceáil nó beart eile a dhéanfaidh an Oifig i gcomhréir le hAirteagail 3 agus 4, d'fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal l a bhaint amach agus d'fhonn cineál neamhrialta na ngníomhaíochtaí atá faoi imscrúdú a shuí, i gcás inar gá; ní dhéanfaidh na himscrúduithe sin aon difear do chumhachtaí OIPE ná do chumhachtaí údaráis inniúla na mBallstát maidir le himeachtaí coiriúla a thionscnamh agus a dhéanamh;”;

(c)

cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(8)

ciallaíonn ‘comhalta d'institiúid’ feisire de Pharlaimint na hEorpa, comhalta den Chomhairle Eorpach, ionadaí de chuid Ballstáit ar leibhéal na n-airí sa Chomhairle, comhalta den Choimisiún, comhalta de Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE), comhalta de Chomhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh nó comhalta den Chúirt Iniúchóirí, maidir leis na hoibleagáidí arna bhforchur ag dlí an Aontais i gcomhthéacs na ndualgas a fheidhmíonn siad sa cháil sin.”.

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

“Airteagal 3

Imscrúduithe seachtracha

1.   Sna réimsí dá dtagraítear in Airteagal 1, déanfaidh an Oifig seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair sna Ballstáit agus, i gcomhréir leis na comhaontuithe um chomhar agus cúnamh frithpháirteach agus aon ionstraim dlí eile atá i bhfeidhm, i dtríú tíortha agus in áitreabh eagraíochtaí idirnáisiúnta.

2.   Déanfaidh an Oifig seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair i gcomhréir leis an Rialachán seo agus, a mhéid nach gcumhdaítear faoin Rialachán seo, i gcomhréir le Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96.

3.   Comhoibreoidh oibreoirí eacnamaíocha leis an Oifig le linn a cuid imscrúduithe. Féadfaidh an Oifig faisnéis i scríbhinn agus ó bhéal a iarraidh, lena n-áirítear trí agallaimh.

4.   I gcás, i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, ina ngéillfidh an t-oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann do sheiceáil agus do chigireacht ar an láthair de bhun an Rialacháin seo, ní bheidh feidhm ag Airteagal 2(4) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95, ag an tríú fomhír d’Airteagal 6(1) de Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ná ag Airteagal 7(1) de Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 sa mhéid nach mór de réir na bhforálacha sin an dlí náisiúnta a chomhlíonadh agus gur féidir leis na forálacha sin rochtain na hOifige ar fhaisnéis agus ar dhoiciméadacht a shrianadh ar an gcuma chéanna agus a dhéantar leis na coinníollacha a bhfuil feidhm acu maidir le cigirí náisiúnta riaracháin.

5.   Arna iarraidh sin don Oifig, soláthróidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann d'fhoireann na hOifige, gan moill mhíchuí, an cúnamh is gá chun a cúraimí a chur i gcrích go héifeachtach, amhail mar a shonraítear san údarú i scríbhinn dá dtagraítear in Airteagal 7(2).

Áiritheoidh an Ballstát lena mbaineann, i gcomhréir le Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96, go gceadófar d'fhoireann na hOifige rochtain a fháil ar an bhfaisnéis, na doiciméid agus na sonraí uile a bhaineann leis an ábhar atá faoi imscrúdú agus atá riachtanach chun na seiceálacha agus na cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh go héifeachtach éifeachtúil, agus go mbeidh an fhoireann in ann coimeád doiciméad nó sonraí a ghlacadh uirthi féin chun a áirithiú nach mbeidh aon bhaol ann go rachaidh siad ar iarraidh. I gcás ina n-úsáidfear feistí atá faoi úinéireacht phríobháideach chun críoch oibre, féadfaidh na feistí sin a bheith faoi réir cigireacht ag an Oifig. Ní chuirfidh an Oifig feistí den sórt sin faoi réir cigireachta ach faoi na coinníollacha céanna agus a mhéid céanna a cheadófaí d'údaráis náisiúnta rialaithe feistí atá faoi úinéireacht phríobháideach a imscrúdú agus i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ag an Oifig a bheith in amhras go bhféadfadh a bhfuil iontu a bheith ábhartha don imscrúdú.

6.   I gcás ina bhfaighidh foireann na hOifige amach go bhfuil oibreoir eacnamaíoch ag cur in aghaidh seiceáil agus cigireacht ar an láthair a údaraítear de bhun an Rialacháin seo, eadhon i gcás ina ndiúltaíonn an t-oibreoir eacnamaíoch an rochtain is gá ar áitreabh nó ar aon limistéir eile a úsáidtear chun críoch gnó a thabhairt don Oifig, ina ndéanann sé faisnéis a cheilt nó ina gcuireann sé bac ar aon cheann de na gníomhaíochtaí is gá don Oifig a dhéanamh le linn seiceáil nó cigireacht ar an láthair, tabharfaidh na húdaráis inniúla, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, údaráis forfheidhmithe dlí an Bhallstáit lena mbaineann an cúnamh is gá d'fhoireann na hOifige ionas gur féidir leis an Oifig a seiceáil agus a cigireacht ar an láthair a dhéanamh go héifeachtach gan moill mhíchuí.

Agus cúnamh á chur ar fáil acu i gcomhréir leis an mír seo nó le mír 5, gníomhóidh údaráis inniúla na mBallstát i gcomhréir le haon riail nós imeachta náisiúnta is infheidhme maidir leis an údarás náisiúnta inniúil lena mbaineann. Má bhíonn gá le húdarú ó údarás breithiúnach i gcomhréir leis an dlí náisiúnta chun cúnamh den sórt sin a fháil, cuirfear isteach iarratas ar an údarú sin.

7.   Déanfaidh an Oifig seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair ar údarú i scríbhinn a thaispeáint, de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 7(2). Cuirfidh sí an t-oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann ar an eolas, ag tús na seiceála agus na cigireachta ar an láthair ar a dhéanaí, faoin nós imeachta is infheidhme maidir leis an tseiceáil agus leis an gcigireacht ar an láthair, lena n-áirítear na coimircí nós imeachta is infheidhme, agus dualgas an oibreora eacnamaíoch comhoibriú.

8.   Agus na cumhachtaí sin a shanntar di á bhfeidhmiú aici, comhlíonfaidh an Oifig na ráthaíochtaí nós imeachta dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96. Agus seiceáil agus cigireacht ar an láthair á déanamh, beidh an ceart ag an oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann gan ráitis fhéin-ionchoiritheacha a dhéanamh agus cúnamh a fháil ó dhuine de rogha an oibreora eacnamaíoch. Agus ráitis á ndéanamh le linn seiceáil agus cigireacht ar an láthair, tabharfar deis don oibreoir eacnamaíoch aon cheann de theangacha oifigiúla an Bhallstáit ina bhfuil an t-oibreoir eacnamaíoch sin lonnaithe a úsáid. Ní chuirfidh an ceart cúnamh a fháil ó dhuine dá rogha féin bac ar rochtain a bheith ag an Oifig ar áitreabh an oibreora eacnamaíoch agus ní chuirfidh sé moill mhíchuí ar thús na seiceála agus na cigireachta ar an láthair.

9.   I gcás nach gcomhoibreoidh Ballstát leis an Oifig i gcomhréir le míreanna 5 agus 6, féadfaidh an Coimisiún forálacha ábhartha dhlí an Aontais a chur i bhfeidhm chun na cistí a bhaineann leis an tseiceáil agus leis an gcigireacht ar an láthair i dtrácht a ghnóthú.

10.   Mar chuid dá feidhm imscrúdaitheach, déanfaidh an Oifig na seiceálacha agus na cigireachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 9(1) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 agus sna rialacha earnála dá dtagraítear in Airteagal 9(2) den Rialachán sin sna Ballstáit agus, i gcomhréir le comhaontuithe um chomhar agus cúnamh frithpháirteach agus le haon ionstraim dlí eile atá i bhfeidhm, i dtríú tíortha agus in áitreabh eagraíochtaí idirnáisiúnta.

11.   Le linn imscrúdú seachtrach, féadfaidh an Oifig rochtain a bheith aici ar aon fhaisnéis agus aon shonraí ábhartha, gan beann ar an meán ar a bhfuil siad stóráilte, atá ag na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí a bhfuil baint acu leis an ábhar atá faoi imscrúdú, i gcás inar gá chun a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. Beidh feidhm ag Airteagal 4(2) agus (4) chun na críche sin.

12.   Gan dochar d'Airteagal 12c(1), i gcás, sula ndéanfar cinneadh an seolfar nó nach seolfar imscrúdú seachtrach, ina mbeidh faisnéis á láimhseáil ag an Oifig agus ina dtabharfar le fios leis an bhfaisnéis sin gur tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, féadfaidh an Oifig údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann agus, i gcás inar gá, na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí lena mbaineann a chur ar an eolas.

Gan dochar do na rialacha earnála dá dtagraítear in Airteagal 9(2) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95, áiritheoidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann go ndéanfar gníomhaíocht iomchuí, ar gníomhaíocht í ar féidir leis an Oifig a bheith páirteach inti, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Arna iarraidh sin, cuirfidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann an Oifig ar an eolas faoin ngníomhaíocht a rinneadh agus faoi na torthaí ar ar tháinig siad ar bhonn na faisnéise dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.”;

(4)

leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 go 4:

“1.   Is i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na cinntí arna nglacadh ag an institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht ábhartha a dhéanfar na himscrúduithe laistigh de na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí sna réimsí dá dtagraítear in Airteagal 1 (‘imscrúduithe inmheánacha’).

2.   Le linn imscrúduithe inmheánacha:

(a)

beidh an ceart ag an Oifig rochtain láithreach, gan fógra, a fháil ar aon fhaisnéis agus aon shonraí ábhartha, a bhaineann leis an ábhar atá faoi imscrúdú, gan beann ar an gcineál meáin ar a bhfuil siad stóráilte, atá ag na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí, mar aon le rochtain ar a n-áitreabh. I gcás ina n-úsáidfear feistí atá faoi úinéireacht phríobháideach chun críoch oibre, féadfaidh na feistí sin a bheith faoi réir cigireacht ag an Oifig. Ní chuirfidh an Oifig feistí den sórt sin faoi réir cigireachta ach a mhéid a úsáidfear na feistí chun críoch oibre agus faoi na coinníollacha a leagtar síos sna cinntí arna nglacadh ag an institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht ábhartha agus i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ag an Oifig a bheith in amhras go bhféadfadh a bhfuil iontu a bheith ábhartha don imscrúdú.

Tabharfar de chumhacht don Oifig cigireacht a dhéanamh ar chuntais na n-institiúidí, na gcomhlachtaí, na n-oifigí agus na ngníomhaireachtaí. Féadfaidh an Oifig cóip a dhéanamh d'aon doiciméad nó den mhéid atá ar aon mheán sonraí atá ag na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí, agus féadfaidh sí sleachta díobh a fháil, agus, i gcás inar gá, coimeád na ndoiciméad nó na sonraí sin a ghlacadh uirthi féin chun a áirithiú nach mbeidh an baol ann go rachaidh siad ar iarraidh;

(b)

féadfaidh an Oifig faisnéis ó bhéal, lena n-áirítear trí agallaimh, agus faisnéis i scríbhinn a iarraidh ar oifigigh, ar sheirbhísigh eile, ar chomhaltaí institiúidí nó comhlachtaí, ar chinn oifige nó gníomhaireachtaí, nó ar bhaill foirne, a bheidh iomlán doiciméadaithe i gcomhréir le rialacha an Aontais um rúndacht agus um chosaint sonraí is infheidhme.

3.   Faoi na rialacha agus na coinníollacha céanna dá bhforáiltear in Airteagal 3, féadfaidh an Oifig seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh ar áitreabh oibreoirí eacnamaíocha chun rochtain a fháil ar fhaisnéis a bhaineann leis an ábhar atá faoi imscrúdú laistigh de na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí.

4.   Cuirfear na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ar an eolas aon uair a dhéanfaidh foireann na hOifige imscrúdú inmheánach ar a n-áitreabh, aon uair a cheadóidh siad doiciméid nó sonraí, nó aon uair a iarrfaidh siad faisnéis atá acu. Gan dochar d’Airteagail 10 agus 11, féadfaidh an Oifig an fhaisnéis a fhaightear le linn imscrúduithe inmheánacha a chur ar aghaidh tráth ar bith chuig an institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht lena mbaineann.”;

(b)

i mír 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“8.   Gan dochar d'Airteagal 12c(1), i gcás, sula ndéanfar cinneadh an osclófar nó nach n-osclófar imscrúdú inmheánach, ina mbeidh faisnéis á láimhseáil ag an Oifig agus ina dtabharfar le fios leis an bhfaisnéis sin gur tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, féadfaidh an Oifig an institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht lena mbaineann a chur ar an eolas. Arna iarraidh sin, cuirfidh an institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht lena mbaineann an Oifig ar an eolas faoi aon ghníomhaíocht a rinneadh agus faoi na torthaí ar ar tháinig sé nó sí ar bhonn na faisnéise sin.”;

(5)

leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1, 2 agus 3:

“1.   Gan dochar d'Airteagal 12d, féadfaidh an tArd-Stiúrthóir imscrúdú a oscailt má tá amhras leordhóthanach ann, a fhéadfaidh a bheith bunaithe ar fhaisnéis a chuirfidh aon tríú páirtí ar fáil nó ar fhaisnéis a chuirfidh foinse anaithnid ar fáil, gur tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. Agus an cinneadh á dhéanamh an t-imscrúdú a oscailt, féadfar a chur san áireamh an gá atá le húsáid éifeachtúil a bhaint as acmhainní na hOifige agus leis an gcomhréireacht sa mhodh ina n-úsáidtear iad. Maidir le himscrúduithe inmheánacha, tabharfar aird ar leith ar an institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht is fearr atá ann chun na himscrúduithe sin a dhéanamh, bunaithe, go háirithe, ar chineál na bhfíoras, tionchar airgeadais iarbhír an cháis nó tionchar airgeadais féideartha an cháis, agus an dóchúlacht go ndéanfaí aon obair leantach bhreithiúnach.

2.   Is é an tArd-Stiúrthóir, ag gníomhú dó nó di ar a thionscnamh féin nó ar a tionscnamh féin nó tar éis iarraidh ó institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht nó ó Bhallstát a fháil, a dhéanfaidh an cinneadh maidir le himscrúdú a oscailt.

3.   Fad atá an tArd-Stiúrthóir ag meas cibé acu a dhéanfar nó nach ndéanfar imscrúdú inmheánach a oscailt tar éis iarraidh dá dtagraítear i mír 2, nó fad atá imscrúdú inmheánach á dhéanamh ag an Oifig, ní osclóidh na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí lena mbaineann imscrúdú comhuaineach ar na fíorais chéanna, mura gcomhaontaítear a mhalairt leis an Oifig.

Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le himscrúduithe OIPE de bhun Rialachán (AE) 2017/1939.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 5 agus 6:

“5.   Má chinneann an tArd-Stiúrthóir gan imscrúdú a oscailt, féadfaidh sé nó sí aon fhaisnéis ábhartha, de réir mar is iomchuí, a chur gan mhoill chuig údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann le go ndéanfar gníomhaíocht iomchuí i gcomhréir le dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta agus chuig an institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht lena mbaineann le go ndéanfar gníomhaíocht iomchuí i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir leis an institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht sin. Tiocfaidh an Oifig ar chomhaontú leis an institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht sin, más iomchuí, maidir le bearta oiriúnacha chun rúndacht fhoinse na faisnéise sin a chosaint agus iarrfaidh sí, más gá, go gcuirfí ar an eolas í faoin ngníomhaíocht a rinneadh.

6.   I gcás ina gcinnfidh an tArd-Stiúrthóir gan imscrúdú a oscailt, in ainneoin amhras leordhóthanach a bheith ann gur tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, seolfaidh sé nó sí an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 5 gan mhoill.”;

(6)

leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Is é an tArd-Stiúrthóir a stiúrfaidh seoladh na n-imscrúduithe ar bhonn, i gcás inarb iomchuí, treoracha i scríbhinn. Is í foireann na hOifige arna hainmniú aige nó aici sin a dhéanfaidh imscrúduithe faoina threoir nó treoir. Ní dhéanfaidh an tArd-Stiúrthóir gníomhaíochtaí imscrúdaitheacha nithiúla é nó í féin.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Tabharfaidh údaráis inniúla na mBallstát an cúnamh is gá ionas gur féidir le foireann na hOifige a cuid tascanna a chomhlíonadh i gcomhréir leis an Rialachán seo go héifeachtach gan moill mhíchuí. Nuair a bheidh cúnamh den sórt sin á chur ar fáil, feidhmeoidh údaráis inniúla na mBallstát i gcomhréir le haon riail nós imeachta náisiúnta is infheidhme maidir leo.

3a.   Arna iarraidh sin don Oifig, a mhíneofar i scríbhinn, i ndáil le hábhair atá faoi imscrúdú, déanfaidh údaráis inniúla ábhartha na mBallstát, faoi na coinníollacha céanna leis na cinn a bhfuil feidhm acu maidir leis na húdaráis náisiúnta inniúla, an méid seo a leanas a chur ar fáil don Oifig:

(a)

faisnéis atá ar fáil sna sásraí uathoibrithe láraithe dá dtagraítear in Airteagal 32a(3) de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*);

(b)

i gcás ina mbeidh géarghá ann chun críocha an imscrúdaithe, taifead na n-idirbheart.

San iarraidh ón Oifig, áireofar bonn cirt maidir le hoiriúnacht agus comhréireacht an bhirt i dtaca le cineál agus tromchúis na n-ábhar atá faoi imscrúdú. Le hiarraidh den sórt sin, ní dhéanfar tagairt ach do fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den chéad fhomhír.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na húdaráis inniúla ábhartha chun críocha phointí (a) agus (b) den chéad fhomhír.

3.b   Áiritheoidh na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí go dtugann a n-oifigigh, a seirbhísigh eile, a gcomhaltaí, a gceannasaithe agus a gcomhaltaí foirne an cúnamh is gá ionas gur féidir le foireann na hOifige a cúraimí a chomhlíonadh ar bhealach éifeachtach gan moill mhíchuí.

(*)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).”;"

(c)

leasaítear mír 6 mar a leanas:

(i)

sa chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

aon fhaisnéis a d'fhéadfadh cuidiú leis an institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht lena mbaineann agus cinneadh á dhéanamh maidir leis na bearta riaracháin réamhchúraim iomchuí atá le déanamh chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint;”;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Féadfaidh an institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht lena mbaineann dul i gcomhairle leis an Oifig tráth ar bith d'fhonn aon bheart iomchuí réamhchúraim a dhéanamh, lena n-áirítear bearta chun fianaise a choimirciú, i ndlúthchomhar leis an Oifig. Cuirfidh an institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht lena mbaineann an Oifig ar an eolas gan mhoill maidir le haon bhearta réamhchúraim a rinneadh.”;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

“8.   Mura féidir imscrúdú a dhúnadh faoi cheann 12 mhí tar éis dó a bheith oscailte, tuairisceoidh an tArd-Stiúrthóir, ar dhul in éag na tréimhse 12 mhí sin agus gach 6 mhí ina dhiadih sin, don Choiste Maoirseachta, agus na cúiseanna agus, i gcás inarb iomchuí, na bearta feabhais a bheidh beartaithe d'fhonn dlús a chur leis an imscrúdú á léiriú aige nó aici.”;

(7)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

“Airteagal 8

An dualgas an Oifig a chur ar an eolas

1.   Sna réimsí dá dtagraítear in Airteagal 1, déanfaidh na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí aon fhaisnéis a bhaineann le cásanna féideartha calaoise, éillithe nó aon ghníomhaíochta neamhdhleathaí eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a tharchur chuig an Oifig gan mhoill.

I gcás ina dtuairisceoidh na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí do OIPE i gcomhréir le hAirteagal 24 de Rialachán (AE) 2017/1939, féadfaidh siad an oibleagáid a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo a chomhlíonadh trí chóip den tuarascáil a cuireadh chuig OIPE a tharchur chuig an Oifig.

2.   Déanfaidh na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí agus, mura gcuirfear bac orthu faoin dlí náisiúnta, údaráis inniúla na mBallstát, arna iarraidh sin don Oifig nó ar a dtionscnamh féin, aon doiciméad nó faisnéis atá ina seilbh agus a bhaineann le himscrúdú atá á dhéanamh ag an Oifig a tharchur chuig an Oifig gan mhoill.

Roimh imscrúdú a oscailt, déanfaidh siad, arna iarraidh sin don Oifig, a mhíneofar i scríbhinn, aon doiciméad nó aon fhaisnéis atá ina seilbh acu a tharchur, ar doiciméad é nó ar faisnéis í atá riachtanach chun measúnú a dhéanamh ar na líomhaintí nó chun na critéir le haghaidh imscrúdú a oscailt a leagtar amach in Airteagal 5(1) a chur i bhfeidhm.

3.   Déanfaidh na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí agus, mura gcuirfear bac orthu faoin dlí náisiúnta déanamh amhlaidh, údaráis inniúla na mBallstát, arna iarraidh sin don Oifig nó ar a dtionscnamh féin, aon fhaisnéis, doiciméid nó sonraí eile a mheastar a bheith ábhartha atá ina seilbh agus a bhaineann leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise, an éillithe agus aon ghníomhaíochta neamhdhleathaí eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, a tharchur chuig an Oifig gan mhoill.

4.   Ní bhainfidh an tAirteagal seo le OIPE a mhéid a bhaineann le cionta coiriúla ar féidir léi a hinniúlacht a fheidhmiú ina leith i gcomhréir le Caibidil IV de Rialachán (AE) 2017/1939.

Ní dochar an méid sin don deis a bheith ag OIPE an fhaisnéis ábhartha a chur ar fáil don Oifig faoi chásanna i gcomhréir le hAirteagail 34(8), 36(6), 39(4) agus Airteagal 101(3) agus (4) de Rialachán (AE) 2017/1939.

5.   Ní dhéanfar aon difear do na forálacha maidir le tarchur faisnéise i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 (*) ón gComhairle.

(*)  Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 an 7 Deireadh Fómhair 2010 ón gComhairle maidir le comhoibriú riaracháin agus calaois a chomhrac sa réimse maidir le cáin bhreisluacha (IO L 268, 12.10.2010, lch. 1).”;"

(8)

leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

(a)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheathrú fomhír:

“Ní bheidh feidhm ag na ceanglais dá dtagraítear sa dara fomhír agus sa tríú fomhír maidir le ráitis a ghlacadh i gcomhthéacs seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair. Beidh feidhm ag na ráthaíochtaí nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 3(7) agus (8) maidir leis an duine lena mbaineann, go háirithe an ceart cúnamh a fháil ó dhuine dá rogha féin.”;

(b)

i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír agus an tríú fomhír:

“Chuige sin, tabharfaidh an Oifig cuireadh don duine lena mbaineann a thuairimí nó tuairimí a chur in iúl i scríbhinn nó ag agallamh le foireann arna hainmniú ag an Oifig. Sa chuireadh sin, beidh achoimre ar na fíricí a bhaineann leis an duine lena mbaineann agus an fhaisnéis a éilítear le hAirteagail 15 agus 16 de Rialachán (AE) 2018/1725, agus léireofar ann an teorainn ama chun tuairimí a chur isteach, nach mbeidh níos giorra ná 10 lá oibre ón dáta a gheofar an cuireadh chun tuairimí a chur in iúl. Féadfar an tréimhse fógra sin a ghiorrú le toiliú sainráite an duine lena mbaineann nó ar fhorais phráinne chuí-réasúnaithe a bhaineann leis an imscrúdú. Déanfar tagairt d’aon tuairimí den sórt sin i dtuarascáil chríochnaitheach an imscrúdaithe.

I gcásanna a mbeidh údar cuí leo inar gá rúndacht an imscrúdaithe nó imscrúdaithe choiriúil atá ar siúl nó a dhéanfaidh OIPE nó údarás breithiúnach náisiúnta amach anseo a chaomhnú, féadfaidh an tArd-Stiúrthóir cinneadh a dhéanamh, i gcás inarb iomchuí, tar éis dul i gcomhairle le OIPE nó leis an údarás náisiúnta breithiúnach lena mbaineann, comhlíonadh na hoibleagáide a chur siar, is é sin an oibleagáid maidir le cuireadh a thabhairt don duine lena mbaineann a thuairimí nó tuairimí a chur in iúl.”;

(9)

cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach:

“Airteagal 9a

Rialaitheoir na ráthaíochtaí nós imeachta

1.   I gcomhréir leis an nós imeachta a shonraítear i mír 2, ceapfaidh an Coimisiún Rialaitheoir ráthaíochtaí nós imeachta (“an Rialaitheoir”) ar feadh téarma oifige neamh-inathnuaite 5 bliana. Ar dhul in éag an téarma oifige sin, fanfaidh an Rialaitheoir san oifig go dtí go gceapfar duine eile ina ionad nó ina hionad.

2.   Beidh an Rialaitheoir ag gabháil, ó thaobh riaracháin de, leis an gCoiste Maoirseachta. Soláthróidh Rúnaíocht an Choiste Maoirseachta gach tacaíocht riaracháin agus dhlíthiúil is gá don Rialaitheoir.

3.   Déanfaidh an Coimisiún, óna bhuiséad formheasta, an pearsanra agus na hacmhainní airgeadais is gá don Rialaitheoir a leithroinnt ar an gCoiste Maoirseachta.

4.   Tar éis glao ar iarratais in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, tarraingeoidh an Coimisiún suas liosta d'iarrthóirí ag a bhfuil na cáilíochtaí cuí do phost an Rialaitheora. Tar éis dó dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle, ceapfaidh an Coimisiún an Rialaitheoir.

5.   Beidh ag an Rialaitheoir na cáilíochtaí agus an taithí is gá i réimse na ráthaíochtaí nós imeachta.

6.   Feidhmeoidh an Rialaitheoir feidhmeanna an phoist agus é nó í neamhspleách go hiomlán, lena n-áirítear ar an Oifig agus ar an gCoiste Maoirseachta, agus ní lorgóidh ná ní ghlacfaidh an Rialaitheoir treoracha ó aon duine maidir le comhlíonadh a chuid nó a cuid dualgas.

7.   Más rud nach gcomhlíonann an Rialaitheoir na coinníollacha a cheanglaítear chun a dhualgais nó a dualgais a fheidhmiú a thuilleadh, nó má bhí an Rialaitheoir ciontach i mí-iompar tromchúiseach, féadfaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún, de chomhthoil, an Rialaitheoir a scaoileadh óna dhualgais nó óna dualgais.

8.   De bhun an tsásra dá dtagraítear in Airteagal 9b, déanfaidh an Rialaitheoir faireachán ar chomhlíonadh na ráthaíochtaí nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 9 ag an Oifig, mar aon leis na rialacha is infheidhme d'imscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig. Is é an Rialaitheoir a bheidh freagrach as na gearáin dá dtagraítear in Airteagal 9b a láimhseáil.

9.   Tuairisceoidh an Rialaitheoir ar fheidhmiú na feidhme sin, ar bhonn bliantúil, do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, don Choimisiún, don Choiste Maoirseachta agus don Oifig. Ní dhéanfaidh sé nó sí tagairt do chásanna aonair atá faoi imscrúdú agus áiritheoidh sé nó sí rúndacht na n-imscrúduithe fiú tar éis a ndúnta. Tuairisceoidh an Rialaitheoir don Choiste Maoirseachta maidir le haon saincheist shistéamach a eascróidh as a mholtaí nó a moltaí.

Airteagal 9b

Sásra gearán

1.   Beidh duine lena mbaineann i dteideal gearán a thaisceadh leis an Rialaitheoir maidir le comhlíonadh na ráthaíochtaí nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 9 ag an Oifig, agus ar an bhforas gur sáraíodh na rialacha is infheidhme maidir le imscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig, go háirithe sáruithe ar cheanglais nós imeachta agus ar chearta bunúsacha. Maidir le gearán a thaisceadh, ní bheidh aon éifeacht fionraíochta aige sin ar sheoladh an imscrúdaithe arb é is ábhar don ghearán.

2.   Déanfar gearáin a thaisceadh laistigh de 1 mhí tar éis don ghearánaí teacht ar na eolas faoi na fíricí ábhartha arb iad is bunús le sárú líomhnaithe ar na ráthaíochtaí nós imeachta nó na rialacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Déanfar iad a thaisceadh, ar aon chuma, tráth nach túisce ná 1 mhí tar an imscrúdú a dhúnadh.

Maidir le gearáin a bhaineann leis an tréimhse fógra dá dtagraítear in Airteagal 9(2) agus (4), áfach, déanfar iad a thaisceadh sula rachaidh an tréimhse fógra 10 lá dá dtagraítear sna forálacha sin in éag.

3.   Cuirfidh an Rialaitheoir an tArd-Stiúrthóir ar an eolas láithreach ar ghearán a fháil.

Laistigh de 10 lá oibre ón dáta a fhaightear an gearán, cinnfidh an Rialaitheoir ar comhlíonadh míreanna 1 agus 2.

I gcás inar comhlíonadh míreanna 1 agus 2, iarrfaidh an Rialaitheoir ar an Oifig gníomhaíocht a dhéanamh chun an gearán a réiteach agus chun an Rialaitheoir a chur ar an eolas dá réir sin laistigh de 15 lá oibre.

I gcás nár comhlíonadh mír 1 ná 2, dúnfaidh an Rialaitheoir an comhad agus cuirfidh sé nó sí an gearánaí ar an eolas gan mhoill.

4.   Gan dochar d'Airteagal 10, tarchuirfidh an Oifig chuig an Rialaitheoir an fhaisnéis go léir is gá le go bhféadfaidh an Rialaitheoir a mheas an bhfuil údar leis an ngearán, mar aon le haon fhaisnéis chun an gearán a réiteach agus a chur ar chumas an Rialaitheora moladh a eisiúint.

5.   Déanfaidh an Rialaitheoir moladh a eisiúint maidir leis an gcaoi leis an ngearán a réiteach gan mhoill agus ar aon chuma laistigh de 2 mhí tar éis don Oifig an Rialaitheoir a chur ar an eolas faoin ngníomhaíocht a rinne an Oifig chun an gearán a réiteach. In éagmais faisnéis a fháil laistigh den teorainn ama 15 lá dá dtagraítear sa tríú fomhír de mhír 3, eiseoidh an Rialaitheoir moladh laistigh de 2 mhí ó dhul in éag na teorann ama sin.

I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh an Rialaitheoir a chinneadh síneadh 15 lá féilire eile a chur leis an tréimhse chun moladh a eisiúint. Cuirfidh an Rialaitheoir an tArd-Stiúrthóir ar an eolas, i scríbhinn, faoin gcúis a bhí le síneadh den sórt sin.

Féadfaidh an Rialaitheoir a mholadh don Oifig a moltaí nó a tuarascálacha a leasú nó a aisghairm, ar an bhforas gur sáraíodh na ráthaíochtaí nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 9 nó na rialacha is infheidhme maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig, go háirithe sáruithe ar cheanglais nós imeachta agus ar chearta bunúsacha.

Sula n-eiseoidh sé nó sí an moladh, rachaidh an Rialaitheoir i gcomhairle leis an gCoiste Maoirseachta chun a thuairim a lorg.

Cuirfidh an Rialaitheoir an moladh faoi bhráid na hOifige agus tabharfaidh sé nó sí fógra dá réir don ghearánaí.

In éagmais moladh ón Rialaitheoir laistigh de na teorainneacha ama a leagtar amach sa mhír seo, measfar gur dhiúltaigh an Rialaitheoir don ghearán gan moladh a dhéanamh ina leith.

6.   Scrúdóidh an Rialaitheoir an gearán trí bhíthin nós imeachta sáraíochta gan cur isteach ar sheoladh an imscrúdaithe atá faoi lán seoil.

Féadfaidh an Rialaitheoir a iarraidh freisin ar fhinnéithe mínithe i scríbhinn nó ó bhéal a sholáthar a mheasann an Rialaitheoir a bheith ábhartha chun na fíorais a fhionnadh. Féadfaidh finnéithe diúltú do mhínithe den sórt sin a sholáthar.

7.   Déanfaidh an tArd-Stiúrthóir gníomhaíocht iomchuí de réir mar a éilítear leis an moladh. Má chinneann an tArd-Stiúrthóir gan déanamh de réir an mholta ón Rialaitheoir, cuirfidh an tArd-Stiúrthóir in iúl don ghearánaí agus don Rialaitheoir na príomhchúiseanna a bhí leis an gcinneadh sin, mura rud é go ndéanfadh cur in iúl den sórt sin difear don imscrúdú atá ar siúl. Luafaidh an tArd-Stiúrthóir na cúiseanna nár lean sé nó sí an moladh ón Rialaitheoir i nóta a bheidh i gceangal le tuarascáil chríochnaitheach an imscrúdaithe.

8.   Ní dochar an sásra gearáin faoin Airteagal seo do na modhanna sásaimh atá ar fáil faoi na Conarthaí, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a bhaineann le cúiteamh as damáiste.

9.   Féadfaidh an tArd-Stiúrthóir tuairim an Rialaitheora a iarraidh maidir le haon ábhar a bhaineann le ráthaíochtaí nós imeachta nó cearta bunúsacha a thagann faoi réim shainordú an Rialaitheora, lena n-áirítear tuairim maidir le cinneadh an duine lena mbaineann faoi Airteagal 9(3) a chur ar a eolas a chur siar. In aon iarraidh den sórt sin, luafaidh an tArd-Stiúrthóir an teorainn ama ar laistigh de nach mór don Rialaitheoir freagra a thabhairt.

10.   Gan dochar do na teorainneacha ama dá bhforáiltear in Airteagal 90 de na Rialacháin Foirne, i gcás ina ndéanfaidh oifigeach nó seirbhíseach eile de chuid an Aontais gearán a thaisceadh leis an Ard-Stiúrthóir i gcomhréir le hAirteagal 90a de na Rialacháin Foirne agus ina mbeidh gearán taiscthe ag an oifigeach nó ag an seirbhíseach eile leis an Rialaitheoir i dtaca leis an tsaincheist chéanna, fanfaidh an tArd-Stiúrthóir leis an moladh ón Rialaitheoir sula dtabharfaidh sé nó sí freagra ar an ngearán.

11.   Déanfaidh an Rialaitheoir, tar éis dó nó di dul i gcomhairle leis an gCoiste Maoirseachta, forálacha cur chun feidhme a ghlacadh maidir le gearáin a láimhseáil.

Sna forálacha cur chun feidhme sin, cumhdófar, go háirithe, rialacha mionsonraithe maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

gearán a thaisceadh;

(b)

an malartú faisnéise idir an Coiste Maoirseachta, an Rialaitheoir agus an tArd-Stiúrthóir;

(c)

an próiseas chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna a d'ardaigh an Oifig i ngearán;

(d)

gearán a scrúdú trí bhíthin nós imeachta sáraíochta i gcomhréir leis an gcéad fhomhír de mhír 6;

(e)

an moladh ón Rialaitheoir a eisiúint agus a chur in iúl;

(f)

cásanna a bhfuil údar cuí leo ina bhféadfaidh an tArd-Stiúrthóir imeacht ón moladh ón Rialaitheoir agus an nós imeachta a bheidh le leanúint i gcásanna den sórt sin.”;

(10)

leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:

(a)

cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

“3a.   Beidh feidhm ag Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*) maidir le tuairisciú calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíochta neamhdhleathaí eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais agus maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe den sórt sin.

3b.   I gcás ina molann an Oifig obair leantach bhreithiúnach, gan dochar do chearta rúndachta sceithirí agus faisnéiseoirí, agus i gcomhréir leis na rialacha rúndachta agus cosanta sonraí is infheidhme, féadfaidh an duine lena mbaineann a iarraidh ar an Oifig an tuarascáil arna tarraingt suas faoi Airteagal 11 a mhéid a bhaineann sí leis an duine lena mbaineann a sholáthar. Cuirfidh an Oifig an iarraidh sin in iúl gan mhoill d’fhaighteoirí uile na tuarascála sin, agus ní thabharfaidh sí rochtain ach amháin le toiliú sainráite na bhfaighteoirí. Tabharfaidh na faighteoirí freagra laistigh de thréimhse 12 mhí tar éis an iarraidh a fháil. In éagmais agóide laistigh den tréimhse sin, tabharfaidh an Oifig rochtain.

Féadfaidh an t-údarás inniúil údarú a thabhairt don Oifig freisin rochtain a thabhairt sula mbeidh an tréimhse sin imithe in éag.

(*)  Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17).”;"

(b)

i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“4.   Ainmneoidh an Oifig Oifigeach Cosanta Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 43 de Rialachán (AE) 2018/1725.”;

(11)

leasaítear Airteagal 11 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“I gcás inarb iomchuí, beidh moltaí ón Ard-Stiúrthóir maidir leis an ngníomhaíocht a bheidh le déanamh ag gabháil leis an tuarascáil. Leis na moltaí sin, léireofar, i gcás inarb iomchuí, aon ghníomhaíocht araíonachta, riaracháin, airgeadais nó bhreithiúnach a bheidh le déanamh ag na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí agus ag údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann, agus sonrófar go háirithe na suimeanna measta a bheidh le gnóthú, chomh maith le réamh-aicmiú dlí na bhfíricí a suíodh.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:

“2.   Agus na tuarascálacha agus na moltaí dá dtagraítear i mír 1 á dtarraingt suas, cuirfear forálacha ábhartha dhlí an Aontais agus, a mhéid agus is infheidhme, dhlí náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann san áireamh.

Tuarascálacha arna dtarraingt suas ar bhonn na chéad fhomhíre, in éineacht leis an bhfianaise ar fad a thacaíonn léi agus atá i gceangal léi, a bheidh i bhfianaise inghlactha:

(a)

in imeachtaí breithiúnacha de chineál neamhchoiriúil os comhair cúirteanna náisiúnta agus in imeachtaí riaracháin sna Ballstáit;

(b)

in imeachtaí coiriúla an Bhallstáit inar gá iad a úsáid ar an gcaoi céanna agus a dtarraingíonn cigirí náisiúnta riaracháin tuarascálacha riaracháin suas agus faoi na coinníollacha céanna a bhaineann leis na tuarascálacha sin agus beidh siad faoi réir na rialacha meastóireachta céanna leis na cinn is infheidhme maidir le tuarascálacha riaracháin arna dtarraingt suas ag cigirí náisiúnta riaracháin agus beidh an luach céanna fianaise ag gabháil leo agus a ghabhann le tuarascálacha den sórt sin;

(c)

in imeachtaí breithiúnacha os comhair CBAE agus in imeachtaí riaracháin sna hinstitiúidí, comhaltaí, oifigí agus gníomhaíochtaí.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Oifig faoi aon riail sa dlí náisiúnta atá ábhartha chun críocha phointe (b) den dara fomhír.

Maidir le pointe (b) den dara fomhír, cuirfidh na Ballstáit, arna iarraidh sin don Oifig, cinneadh críochnaitheach na gcúirteanna náisiúnta chuig an Oifig a luaithe a chinnfear go críochnaitheach na himeachtaí breithiúnacha ábhartha agus a chuirfear cinneadh críochnaitheach na cúirte ar fáil don phobal.

Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear don chumhacht atá ag CBAE agus ag cúirteanna náisiúnta agus comhlachtaí inniúla in imeachtaí riaracháin agus coiriúla measúnú gan srian a dhéanamh ar luach fianaiseach na dtuarascálacha arna dtarraingt suas ag an Oifig.

2a.   Déanfaidh an Oifig bearta iomchuí chun cáilíocht chomhsheasmhach na dtuarascálacha agus na moltaí dá dtagraítear i mír 1 a áirithiú.

3.   Cuirfear tuarascálacha agus moltaí a tarraingíodh suas tar éis imscrúdú seachtrach agus aon doiciméad gaolmhar ábhartha chuig údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann i gcomhréir leis na rialacha a bhaineann le himscrúduithe seachtracha agus, más gá, cuirfear iad chuig an institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht lena mbaineann. Déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann agus, más infheidhme, an institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht gníomhaíochtaí mar is gá de réir mar a éilítear torthaí an imscrúdaithe sheachtraigh, agus tuairisceoidh siad maidir leis na gníomhaíochtaí sin don Oifig laistigh de theorainn ama a leagtar síos sna moltaí a ghabhann leis an tuarascáil agus, ina theannta sin, arna iarraidh sin don Oifig. Féadfaidh na Ballstáit fógra a thabhairt don Oifig faoi na húdaráis náisiúnta ábhartha atá inniúil chun déileáil le tuarascálacha, moltaí agus doiciméid den sórt sin.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   I gcás ina léirítear sa tuarascáil a tarraingíodh suas tar éis imscrúdú inmheánach go bhfuil fíricí ann a bhféadfadh imeachtaí coiriúla a bheith mar thoradh orthu, déanfar an fhaisnéis sin, mar aon leis na moltaí, a tharchur gan mhoill chuig údaráis bhreithiúnacha an Bhallstáit lena mbaineann, gan dochar d'Airteagail 12c agus 12d.

Arna iarraidh sin don Oifig, cuirfidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann, laistigh de theorainn ama a leagtar síos sna moltaí, faisnéis faoin ngníomhaíocht a rinneadh, i gcás ina ndearnadh aon ghníomhaíocht den sórt sin, agus na cúiseanna nár cuireadh na moltaí chun feidhme, i gcás inarb iomchuí, chuig an Oifig, tar éis don Oifig aon fhaisnéis i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo a tharchur.”;

(d)

scriostar mír 6;

(e)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

“8.   I gcás inar thug faisnéiseoir faisnéis don Oifig a raibh an t-imscrúdú mar thoradh uirthi, cuirfidh an Oifig in iúl don fhaisnéiseoir sin go bhfuil an t-imscrúdú dúnta, mura rud é go measann sí go ndéanann an fhaisnéis sin dochar do leasanna dlisteanacha an duine lena mbaineann agus d'éifeachtacht an imscrúdaithe agus na gníomhaíochta atá le déanamh ina dhiaidh sin, nó d'aon cheanglais rúndachta.”;

(12)

leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Gan dochar d’Airteagail 10 agus 11 den Rialachán seo ná d’fhorálacha Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96, féadfaidh an Oifig faisnéis a fuarthas le linn imscrúduithe seachtracha a tharchur in am trátha chuig údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann ionas gur féidir leo gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh i gcomhréir lena ndlí náisiúnta. Féadfaidh sí faisnéis den sórt sin a tharchur freisin chuig an institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht lena mbaineann.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann, mura gcuirfear bac orthu faoin dlí náisiúnta, an Oifig a chur ar an eolas gan mhoill, agus ar aon chuma laistigh de 12 mhí tar éis an fhaisnéis a tarchuireadh chucu i gcomhréir leis an Airteagal seo a fháil, faoin ngníomhaíocht a rinneadh ar bhonn na faisnéise sin.”;

(c)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“5.   Féadfaidh an Oifig faisnéis ábhartha a chur ar fáil do líonra Eurofisc a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 904/2010. Féadfaidh comhordaitheoirí réimse oibre Eurofisc faisnéis ábhartha ó líonra Eurofisc a tharchur chuig an Oifig faoi na coinníollacha a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 904/2010.”;

(13)

cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach:

“Airteagal 12a

Seirbhísí comhordúcháin frith-chalaoise

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, ainmneoidh gach Ballstát seirbhís (“an tseirbhís comhordúcháin frith-chalaoise”) chun go n-éascófar comhar éifeachtach agus malartú faisnéise leis an Oifig, lena n-áirítear faisnéis de chineál oibríochtúil. I gcás inarb iomchuí, féadfar an tseirbhís comhordúcháin frith-chalaoise a mheas mar údarás inniúil chun críocha an Rialacháin seo.

2.   Arna iarraidh sin don Oifig, déanfaidh na seirbhísí comhordúcháin frith-chalaoise, sula ndéanfar cinneadh ar cheart imscrúdú a oscailt, agus le linn nó tar éis imscrúdú, cúnamh a chur ar fáil nó a chomhordú de réir mar is gá ionas gur féidir leis an Oifig a cuid cúraimí a dhéanamh go héifeachtach. Áiritheofar go háirithe ar chúnamh den sórt sin an cúnamh ó údaráis inniúla na mBallstát a chuirtear ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 3(5) agus (6), Airteagal 7(3) agus Airteagal 8(2) agus (3).

3.   Féadfaidh na seirbhísí comhordúcháin frith-chalaoise cúnamh a thabhairt don Oifig arna iarraidh sin chun go bhféadfaidh an Oifig gníomhaíochtaí comhordúcháin a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 12b, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, comhar cothrománach agus malartú faisnéise idir seirbhísí comhordúcháin frith-chalaoise.

Airteagal 12b

Gníomhaíochtaí comhordúcháin

1.   De bhun Airteagal 1(2), féadfaidh an Oifig comhar a eagrú agus a éascú idir údaráis inniúla na mBallstát, na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí agus, i gcomhréir le comhaontuithe um chomhoibriú agus cúnamh frithpháirteach agus le haon ionstraim dlí eile a bheidh i bhfeidhm, údaráis tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta. Chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, féadfaidh na húdaráis rannpháirteacha agus an Oifig faisnéis a bhailiú, a anailísiú agus a mhalartú, lena n-áirítear faisnéis oibríochtúil. Féadfaidh foireann na hOifige údaráis inniúla a dhéanann gníomhaíochtaí imscrúdaitheacha a thionlacan, arna iarraidh sin do na húdaráis sin. Beidh feidhm ag Airteagal 6, Airteagal 7(6) agus (7), Airteagal 8(3) agus ag Airteagal 10.

2.   Déanfaidh an Oifig, i gcás inarb iomchuí, tuarascáil a tharraingt suas maidir leis na gníomhaíochtaí comhordúcháin a rinneadh agus déanfaidh sí í a tharchur chuig údaráis inniúla na mBallstát agus chuig na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí lena mbaineann.

3.   Beidh feidhm ag an Airteagal seo gan dochar don Oifig a bheith ag feidhmiú na gcumhachtaí arna dtabhairt don Choimisiún i bhforálacha sonracha lena rialaítear cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin na mBallstát agus comhar idir na húdaráis sin agus an Coimisiún.

4.   Féadfaidh an Oifig páirt a ghlacadh i bhfoirne comhpháirteacha imscrúdaithe arna mbunú i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme agus faisnéis oibríochtúil arna fáil de bhun an Rialacháin seo a mhalartú faoin gcreat sin.

Airteagal 12c

Iompar coiriúil a thuairisciú do OIPE

1.   Déanfaidh an Oifig tuarascáil a chur faoi bhráid OIPE gan moill mhíchuí maidir le haon iompar coiriúil a bhféadfadh OIPE a inniúlacht a fheidhmiú ina leith i gcomhréir le Caibidil IV de Rialachán (AE) 2017/1939. Déanfar an tuarascáil a sheoladh gan moill mhíchuí roimh imscrúdú de chuid na hOifige nó lena linn.

2.   Cuimseofar sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 tuairisc ar na fíricí, ar a laghad, lena n-áireofar measúnú ar an dochar a rinneadh nó is dóigh a dhéanfar, an cháilíocht dhlíthiúil fhéideartha agus aon fhaisnéis atá ar fáil faoi íospartaigh ionchasacha, amhrastaigh nó daoine eile lena mbaineann.

3.   Ní bheidh an Oifig faoi cheangal líomhaintí atá go follasach gan bhunús a thuairisciú do OIPE.

4.   I gcás nach bhfuil na gnéithe a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo san áireamh san fhaisnéis a fhaigheann an Oifig, agus nach bhfuil aon imscrúdú ar siúl ag an Oifig, féadfaidh an Oifig réamh-mheastóireacht a dhéanamh ar na líomhaintí. Déanfar an mheastóireacht gan mhoill agus i gcás ar bith laistigh de 2 mhí ón bhfaisnéis a fháil. Le linn na meastóireachta sin, beidh feidhm ag Airteagal 6 agus ag Airteagal 8(2). Tar éis na réamh-mheastóireachta sin, tuairisceoidh an Oifig aon iompar coiriúil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo do OIPE.

5.   I gcás ina dtiocfaidh an t-iompar coiriúil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo chun solais le linn imscrúdú arna dhéanamh ag an Oifig, agus ina n-osclóidh OIPE imscrúdú mar thoradh ar an tuarascáil dá dtagraítear sa mhír sin, ní leanfaidh an Oifig ar aghaidh lena himscrúdú ar na fíricí céanna seachas i gcomhréir le hAirteagal 12e nó 12f.

Chun na críche an chéad fhomhír den mhír seo a chur i bhfeidhm, fíoróidh an Oifig i gcomhréir le hAirteagal 12g(2), trí chóras bainistithe cásanna OIPE, an bhfuil imscrúdú á dhéanamh ag OIPE. Féadfaidh an Oifig tuilleadh faisnéise a iarraidh ar OIPE. Tabharfaidh OIPE freagra ar iarraidh den sórt sin laistigh de theorainn ama a bheidh le socrú i gcomhréir le hAirteagal 12g.

6.   Féadfaidh na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí a iarraidh ar an Oifig réamh-mheastóireacht a dhéanamh ar líomhaintí arna dtuairisciú dóibh. Chun críocha na n-iarrataí sin, beidh feidhm mutatis mutandis ag míreanna 1 go 4. Cuirfidh an Oifig an institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht lena mbaineann ar an eolas faoi thorthaí na réamh-mheastóireachta, ach amháin más amhlaidh go bhféadfaí imscrúdú arna dhéanamh ag an Oifig nó ag OIPE a chur i mbaol tríd an bhfaisnéis sin a sholáthar.

7.   I gcás ina ndúnfaidh an Oifig a himscrúdú, tar éis di tuarascáil a chur chuig OIPE i gcomhréir leis an Airteagal seo, ní bheidh feidhm ag Airteagal 9(4) ná Airteagal 11.

Airteagal 12d

Neamhdhúbláil imscrúduithe

1.   Gan dochar d'Airteagail 12e agus 12f, scoirfidh an tArd-Stiúrthóir d’imscrúdú leanúnach agus ní osclóidh sé nó sí imscrúdú nua faoi Airteagal 5 i gcás ina bhfuil imscrúdú á dhéanamh ag OIPE ar na fíricí céanna. Cuirfidh an tArd-Stiúrthóir OIPE ar an eolas faoi gach cinneadh maidir le scor d'imscrúdú a dhéanfar ar na forais sin.

Chun na críche an chéad fhomhír den mhír seo a chur i bhfeidhm, fíoróidh an Oifig i gcomhréir le hAirteagal 12g(2), trí chóras bainistithe cásanna OIPE, an bhfuil imscrúdú á dhéanamh ag OIPE. Féadfaidh an Oifig tuilleadh faisnéise a iarraidh ar OIPE. Tabharfaidh OIPE freagra ar iarraidh den sórt sin laistigh de theorainn ama a bheidh le socrú i gcomhréir le hAirteagal 12g.

I gcás ina scoirfidh an Oifig dá himscrúdú i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo, ní bheidh feidhm ag Airteagal 9(4) ná Airteagal 11.

2.   Féadfaidh OIPE, d'fhonn cur ar chumas na hOifige gníomhaíocht riaracháin iomchuí a mheas i gcomhréir lena sainordú, faisnéis ábhartha a sholáthar don Oifig faoi chásanna ina ndearna OIPE cinneadh gan imscrúdú a dhéanamh nó ina dhearna sé cás a dhíbhe. I gcás ina dtagann an Oifig ar an eolas faoi fhíricí nua nach raibh ar eolas ag OIPE tráth an chinnidh maidir le cás a dhíbhe dá dtagraítear in Airteagal 39(1) de Rialachán (AE) 2017/1939, féadfaidh an tArd-Stiúrthóir a iarraidh ar OIPE imscrúdú a athoscailt, i gcomhréir le hAirteagal 39(2) den Rialachán sin.

Airteagal 12e

Tacaíocht ón Oifig do OIPE

1.   Le linn imscrúdú arna dhéanamh ag OIPE, agus arna iarraidh sin do OIPE i gcomhréir le hAirteagal 101(3) de Rialachán (AE) 2017/1939, tacóidh an Oifig le gníomhaíocht OIPE nó comhlánóidh sí í, i gcomhréir lena sainordú, go háirithe tríd an méid seo a leanas:

(a)

faisnéis, anailísí (lena n-áirítear anailísí fóiréinseacha), saineolas agus tacaíocht oibríochtúil a chur ar fáil;

(b)

comhordú ghníomhaíochtaí sonracha na n-údarás náisiúnta riaracháin inniúla agus chomhlachtaí an Aontais a éascú;

(c)

imscrúduithe riaracháin a dhéanamh.

Agus tacaíocht á tabhairt do OIPE, staonfaidh an Oifig ó ghníomhartha nó bearta a dhéanamh a d'fhéadfadh an t-imscrúdú nó an t-ionchúiseamh a chur i mbaol.

2.   Déanfar iarraidh dá dtagraítear i mír 1 a tharchur i scríbhinn agus sonrófar an méid seo a leanas inti ar a laghad:

(a)

an fhaisnéis a bhaineann leis an imscrúdú de chuid OIPE a mhéid is ábhartha sin chun críoch na hiarrata;

(b)

na bearta a n-iarrann OIPE ar an Oifig a fheidhmiú;

(c)

i gcás inarb iomchuí, an t-uainiú atá beartaithe maidir leis an iarraidh a dhéanamh.

I gcás inar gá, is féidir leis an Oifig faisnéis bhreise a iarraidh.

3.   Chun inghlacthacht fianaise chomh maith le cearta bunúsacha agus ráthaíochtaí nós imeachta a chosaint, i gcás ina ndéanann an Oifig bearta tacaíochta, laistigh dá sainordú, arna iarraidh sin do OIPE de bhun an Airteagail seo, áiritheoidh OIPE agus an Oifig, agus iad ag gníomhú i ndlúthchomhar le chéile, go gcomhlíonfar na coimircí nós imeachta is infheidhme i gCaibidil VI de Rialachán (AE) 2017/1939.

Airteagal 12f

Imscrúduithe comhlántacha

1.   I gcás ina mbeidh imscrúdú á dhéanamh ag OIPE agus má mheasann an tArd-Stiúrthóir, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, gur cheart imscrúdú ag an Oifig a oscailt freisin i gcomhréir le sainordú na hOifige chun gur fusa bearta réamhchúraim nó gníomhaíocht airgeadais, araíonachta nó riaracháin a ghlacadh, cuirfidh an Oifig sin in iúl do OIPE i scríbhinn, agus sonróidh sí cineál agus cuspóir an imscrúdaithe.

Tar éis faisnéis den sórt sin a fháil agus laistigh de theorainn ama a bheidh le socrú i gcomhréir le hAirteagal 12g, féadfaidh OIPE agóid a dhéanamh in aghaidh imscrúdú a oscailt nó in aghaidh gníomhaíochtaí áirithe a bhaineann leis an imscrúdú a dhéanamh. I gcás ina ndéanfaidh OIPE agóid in aghaidh imscrúdú a oscailt nó in aghaidh gníomhaíochtaí a áirithe a bhaineann le himscrúdú a dhéanamh, tabharfaidh sí fógra don Oifig faoin méid sin gan moill mhíchuí nuair a scoirfidh na forais leis an agóid d'fheidhm a bheith acu.

I gcás nach ndéanfaidh OIPE agóid laistigh den teorainn ama a bheidh le socrú i gcomhréir le hAirteagal 12g, féadfaidh an Oifig imscrúdú a oscailt, imscrúdú a dhéanfaidh sí i gcomhairle le OIPE ar bhonn leanúnach. Má dhéanann OIPE agóid ina dhaidh sin, cuirfidh an Oifig a himscrúdú ar fionraí nó scoirfidh sí de, nó staonfaidh sí ó ghníomhaíochtaí áirithe a bhaineann leis an imscrúdú a dhéanamh.

2.   I gcás ina gcuirfidh OIPE an Oifig ar an eolas nach bhfuil imscrúdú á dhéanamh aige i bhfreagra ar iarraidh ar fhaisnéis arna cur isteach i gcomhréir le hAirteagal 12d agus ina n-osclóidh sé imscrúdú ina dhiaidh sin ar na fíricí céanna, cuirfidh sé an Oifig ar an eolas gan mhoill. Má mheasann an tArd-Stiúrthóir gur cheart leanúint ar aghaidh leis an imscrúdú a d’oscail an Oifig chun gur fusa bearta réamhchúraim nó gníomhaíocht airgeadais, araíonachta nó riaracháin a ghlacadh, beidh feidhm ag mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 12g

Socruithe oibre agus malartú faisnéise le OIPE

1.   Tiocfaidh an Oifig ar chomhaontú le OIPE maidir le socruithe oibre. Leis na socruithe oibre sin, bunófar, inter alia, socruithe praiticiúla chun faisnéis a mhalartú, lena n-áirítear sonraí pearsanta, faisnéis oibríochtúil, straitéiseach nó theicniúil agus faisnéis rúnaicmithe, agus le haghaidh imscrúduithe comhlántacha.

Áireofar sna socruithe oibre sin socruithe mionsonraithe maidir le malartú leanúnach faisnéise le linn líomhaintí a bheith á bhfáil agus á bhfíorú chun inniúlacht a chinneadh i ndáil le himscrúduithe. Áireofar iontu freisin socruithe maidir le faisnéis a aistriú idir an Oifig agus OIPE, nuair a ghníomhaíonn an Oifig chun tacú le OIPE nó ar bhealach comhlántach. Déanfar foráil leo maidir le theorainneacha ama chun iarrataí a chéile a fhreagairt.

Tiocfaidh an Oifig agus OIPE ar chomhaontú maidir leis na teorainneacha ama agus na socruithe mionsonraithe i dtaca le hAirteagal 12c(5), Airteagal 12d(1) agus Airteagal 12f(1). Go dtí go nglacfar comhaontú den sórt sin, tabharfaidh OIPE freagra ar iarrataí na hOifige gan mhoill, agus i gcás ar bith laistigh de 10 lá oibre ó iarraidh dá dtagraítear in Airteagal 12c(5) agus Airteagal 12d(1) a fháil agus laistigh de 20 lá oibre ó iarraidh ar fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír d'Airteagal 12f(1) a fháil.

Sula nglacfar na socruithe oibre le OIPE, cuirfidh an tArd-Stiúrthóir an dréacht chuig an gCoiste Maoirseachta, agus chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle mar eolas. Tabharfaidh an Coiste Maoirseachta tuairim gan mhoill.

2.   Beidh rochtain neamhdhíreach ag an Oifig ar chóras bainistithe cásanna OIPE ar bhonn córas ‘amas a fháil/gan amas a fháil’.

Aon uair a aimseofar meaitseáil idir na sonraí a iontrálann an Oifig sa chóras bainistithe cásanna agus sonraí atá i seilbh OIPE, cuirfear in iúl don Oifig agus do OIPE go bhfuil meaitseáil ann. Déanfaidh an Oifig bearta iomchuí ionas go mbeidh rochtain ag OIPE ar fhaisnéis ina córas bainistithe cásanna ar bhonn córas 'amas a fháil/gan amas a fháil’.

Na gnéithe teicniúla agus slándála den rochtain chómhalartach ar na córais bainistithe cásanna, lena n-áirítear nósanna imeachta inmheánacha chun a áirithiú go mbeidh údar cuí le gach rochtain a dhéanfar maidir lena bhfeidhmeanna a chomhlíonadh agus go ndéanfar doiciméadú uirthi, bunófar na gnéithe sin sna socruithe oibre.

3.   Buailfidh Ard-Stiúrthóir na hOifige agus an Príomh-Ionchúisitheoir Eorpach le chéile ar bhonn bliantúil ar a laghad chun ábhair leasa choitinn a phlé.”;

(14)

in Airteagal 13(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“1.   Comhoibreoidh an Oifig, laistigh dá sainordú chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, de réir mar is iomchuí, le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) agus le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol). I gcás inar gá chun an comhar sin a éascú, tiocfaidh an Oifig ar chomhaontú le Eurojust agus Europol faoi shocruithe riaracháin. Féadfaidh socruithe oibre den sórt sin a bheith bainteach le malartú faisnéise oibríochtúla, straitéisí nó teicniúla, lena n-áirítear sonraí pearsanta agus faisnéis rúnaicmithe agus, arna iarraidh sin, tuarascálacha ar dhul chun cinn.”;

(15)

leasaítear Airteagal 15 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Déanfaidh an Coiste Maoirseachta faireachán rialta ar an Oifig agus a feidhm imscrúdaitheach á cur chun feidhme aici, chun go ndéanfar neamhspleáchas na hOifige a atreisiú agus na hinniúlachtaí a thugtar di leis an Rialachán seo á bhfeidhmiú aici.

Déanfaidh an Coiste Maoirseachta faireachán ar fhorbairtí i dtaca le ráthaíochtaí nós imeachta a chur i bhfeidhm agus le fad imscrúduithe, agus orthu siúd go háirithe.

Tabharfaidh an Coiste Maoirseachta don Ard-Stiúrthóir tuairimí, lena n-áirítear i gcás inarb iomchuí, moltaí maidir leis, inter alia, na hacmhainní a mbeidh gá leo chun feidhm imscrúdaitheach na hOifige a chomhlíonadh, maidir le tosaíochtaí imscrúdaitheacha na hOifige agus maidir le fad na n-imscrúduithe. Féadfar na tuairimí sin a thabhairt ar a tionscnamh féin, arna iarraidh sin don Ard-Stiúrthóir nó arna iarraidh sin d’institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht, gan cur isteach, áfach, ar sheoladh aon imscrúduithe atá ar siúl.

Foilseoidh an Oifig ar a láithreán gréasáin a cuid freagraí ar na tuairimí a thabharfaidh an Coiste Maoirseachta.

Tabharfar cóip de na tuairimí a thugtar de bhun an tríú fomhír do na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí.

Tabharfar rochtain don Choiste Maoirseachta ar an bhfaisnéis uile agus ar na doiciméid uile a mheasann sé a bheith riachtanach ó thaobh chomhlíonadh a chúraimí, lena n-áirítear tuarascálacha agus moltaí ar imscrúduithe a dúnadh agus cásanna a díbheadh, gan cur isteach, áfach, ar sheoladh aon imscrúduithe atá ar siúl, agus aird chuí á tabhairt ar na ceanglais maidir le rúndacht agus cosaint sonraí.”;

(b)

i mír 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“8.   Ceapfaidh an Coiste Maoirseachta a chathaoirleach. Glacfaidh sé a rialacha nós imeachta féin, a chuirfear mar eolas faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Choimisiúin agus an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí sula nglacfar iad. Comórfar cruinnithe de chuid an Choiste Maoirseachta ar thionscnamh a chathaoirligh nó ar thionscnamh an Ard-Stiúrthóra. Beidh 10 gcruinniú aige ar a laghad in aghaidh na bliana. Déanfaidh an Coiste Maoirseachta a chinntí trí thromlach de na comhaltaí a chomhdhéanann é. Is é an Coimisiún a sholáthróidh a rúnaíocht i ndlúthchomhar leis an gCoiste Maoirseachta. Sula gceapfar aon duine den fhoireann chuig an rúnaíocht, rachfar i gcomhairle leis an gCoiste Maoirseachta agus cuirfear a thuairimí san áireamh. Gníomhóidh an rúnaíocht de réir threoracha an Choiste Maoirseachta agus go neamhspleách ar an gCoimisiún. Gan dochar dá rialú ar bhuiséad an Choiste Maoirseachta agus ar a rúnaíocht, ní chuirfidh an Coimisiún isteach ar fheidhmeanna faireacháin an Choiste Maoirseachta.”;

(16)

in Airteagal 16, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

“1.   Tiocfaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún le chéile uair sa bhliain chun casadh leis an Ard-Stiúrthóir chun tuairimí a mhalartú ar an leibhéal polaitiúil agus plé a dhéanamh ar bheartas na hOifige i ndáil le modhanna chun calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a chosc agus a chomhrac. Beidh an Coiste Maoirseachta rannpháirteach sa mhalartú tuairimí. Tabharfar cuireadh don Phríomh-Ionchúisitheoir Eorpach freastal ar an malartú tuairimí. Féadfar cuireadh a thabhairt d'ionadaithe ón gCúirt Iniúchóirí, ó OIPE, ó Eurojust agus ó Europol freastal air ar bhonn ad hoc arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, don Choimisiún, don Ard-Stiúrthóir nó don Choiste Maoirseachta.

2.   Faoi chuimsiú chuspóir mhír 1, féadfaidh baint a bheith ag an malartú tuairimí le haon ábhar a gcomhaontaíonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis. Go háirithe, féadfaidh baint a bheith ag an malartú tuairimí leis na nithe seo a leanas:

(a)

na tosaíochtaí straitéiseacha le haghaidh bheartais imscrúdaitheacha na hOifige;

(b)

tuairimí an Choiste Maoirseachta agus na tuarascálacha ar ghníomhaíochtaí uaidh dá bhforáiltear in Airteagal 15;

(c)

tuarascálacha an Ard-Stiúrthóra faoi Airteagal 17(4) agus, de réir mar is iomchuí, aon tuarascálacha eile ó na hinstitiúidí a bhaineann le sainordú na hOifige;

(d)

creat an chaidrimh idir an Oifig agus na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí, go háirithe OIPE, lena n-áirítear aon saincheisteanna cothrománacha agus sistéamacha a thiocfaidh chun cinn san obair leantach ar thuarascálacha críochnaitheacha na hOifige ar imscrúduithe;

(e)

creat an chaidrimh idir an Oifig agus údaráis inniúla na mBallstát, lena n-áirítear aon saincheisteanna cothrománacha agus sistéamacha a thiocfaidh chun cinn san obair leantach ar thuarascálacha críochnaitheacha na hOifige ar imscrúduithe;

(f)

an caidreamh idir an Oifig agus na húdaráis inniúla i dtríú tíortha chomh maith le heagraíochtaí idirnáisiúnta faoi chuimsiú na socruithe dá dtagraítear sa Rialachán seo;

(g)

éifeachtacht obair na hOifige maidir lena sainordú a chomhlíonadh.”;

(17)

leasaítear Airteagal 17 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 go 5:

“2.   Chun Ard-Stiúrthóir nua a cheapadh, foilseoidh an Coimisiún glao ar iarratais in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Foilseofar sin 6 mhí ar a laghad roimh dheireadh théarma oifige an Ard-Stiúrthóra atá i seilbh oifige. Déanfaidh an Coimisiún liosta d'iarrthóirí atá cáilithe go cuí a tharraingt suas. Tar éis don Choiste Maoirseachta tuairim fhabhrach a thabhairt maidir leis an nós imeachta roghnúcháin arna chur i bhfeidhm ag an gCoimisiún, tiocfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar chomhaontú in am trátha maidir le gearrliosta de thriúr iarrthóirí ón liosta d'iarrthóirí oiriúnacha arna tharraingt suas ag an gCoimisiún. Ceapfaidh an Coimisiún an tArd-Stiúrthóir ón ngearrliosta sin.

3.   Ní iarrfaidh an tArd-Stiúrthóir treoracha ó aon rialtas ná ó aon institiúid, comhlacht, oifig ná gníomhaireacht, ná ní ghlacfaidh sé nó sí treorach uathu, agus é nó í i mbun a dhualgas nó a dualgas maidir le himscrúduithe seachtracha agus inmheánacha nó gníomhaíochtaí comhordúcháin a oscailt agus a dhéanamh, nó maidir le tuarascálacha a dhréachtú tar éis na n-imscrúduithe sin nó na ngníomhaíochtaí comhordúcháin sin. Má mheasann an tArd-Stiúrthóir gur cuireadh a neamhspleáchas i mbaol de dheasca beart a rinne an Coimisiún, cuirfidh sé nó sí an Coiste Maoirseachta ar an eolas faoi sin láithreach agus déanfaidh sé nó sí cinneadh maidir le caingean a thionscnamh in aghaidh an Choimisiúin os comhair CBAE.

4.   Tuairisceoidh an tArd-Stiúrthóir go tráthrialta, agus uair sa bhliain ar a laghad, do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, don Choimisiún agus don Chúirt Iniúchóirí maidir le torthaí imscrúduithe a dhéanann an Oifig, aon ghníomhaíocht atá déanta agus na fadhbanna a bhain léi, agus ag an am céanna urramófar rúndacht na n-imscrúduithe, cearta dlisteanacha na ndaoine lena mbaineann agus na bhfaisnéiseoirí, agus, i gcás inarb iomchuí, an dlí náisiúnta is infheidhme maidir le himeachtaí breithiúnacha. Sna tuarascálacha sin, beidh measúnú freisin ar na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag údaráis inniúla na mBallstát agus ag na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí, tar éis na dtuarascálacha agus na moltaí arna dtarraingt suas ag an Oifig.

4a.   Arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle, i gcomhthéacs a gceart maidir le rialú buiséid, féadfaidh an tArd-Stiúrthóir faisnéis a sholáthar faoi ghníomhaíochtaí na hOifige, agus rúndacht na n-imscrúduithe agus na n-imeachtaí leantacha á hurramú aige nó aici. Áiritheoidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle rúndacht na faisnéise a sholáthrófar i gcomhréir leis an mír seo.

5.   Déanfaidh an tArd-Stiurthóir an Coiste Maoirseachta a choimeád ar an eolas go tráthrialta faoi ghníomhaíochtaí na hOifige, cur chun feidhme a feidhme imscrúdaithí agus aon ghníomhaíocht a dhéantar mar obair leantach ar imscrúduithe.

Cuirfidh an tArd-Stiúrthóir an Coiste Maoirseachta ar an eolas faoi na nithe seo a leanas go tráthrialta:

(a)

cásanna nár leanadh na moltaí a rinne an tArd-Stiúrthóir;

(b)

cásanna ina bhfuil faisnéis tarchurtha chuig údaráis bhreithiúnacha na mBallstát nó chuig OIPE;

(c)

cásanna nár osclaíodh aon imscrúdú agus cásanna a díbheadh;

(d)

fad imscrúduithe i gcomhréir le hAirteagal 7(8).”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

“7.   Cuirfidh an tArd-Stiúrthóir nós imeachta inmheánach comhairleach agus rialaithe i bhfeidhm, lena n-áirítear seiceáil dlíthiúlachta, a bhaineann, inter alia, le ráthaíochtaí nós imeachta agus cearta bunúsacha na ndaoine lena mbaineann agus dlí náisiúnta na mBallstát lena mbaineann a urramú, agus tagairt faoi leith á déanamh d’Airteagal 11(2). Is í foireann na hOifige a bhfuil saineolas acu sa dlí agus i nósanna imeachta imscrúdaitheacha a dhéanfaidh an tseiceáil dlíthiúlachta. Beidh a dtuairim siúd i gceangal le tuarascáil chríochnaitheach an imscrúdaithe.”;

(c)

i mír 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“8.   Glacfaidh an tArd-Stiúrthóir treoirlínte maidir le nósanna imeachta imscrúdaithe d’fhoireann na hOifige. Beidh na treoirlínte sin i gcomhréir leis an Rialachán seo agus cumhdófar leo na nithe seo a leanas, inter alia:

(a)

na cleachtais a bheidh le comhlíonadh agus sainordú na hOifige á chur chun feidhme;

(b)

rialacha mionsonraithe lena rialaítear nósanna imeachta imscrúduithe;

(c)

na ráthaíochtaí nós imeachta;

(d)

mionsonraí maidir leis na nósanna imeachta inmheánacha comhairleacha agus rialaithe, lena n-áirítear an tseiceáil dlíthiúlachta;

(e)

cosaint sonraí agus beartais maidir le cumarsáid agus rochtain ar dhoiciméid mar a leagtar síos in Airteagal 10(3b);

(f)

an caidreamh le OIPE.”;

(d)

i mír 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“9.   Sula ndéanfar aon phionós araíonachta a fhorchur ar an Ard-Stiúrthóir, nó sula ndéanfar a dhíolúine nó a díolúine a tharscaoileadh, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an gCoiste Maoirseachta.”;

(18)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19:

“Airteagal 19

Tuarascáil mheastóireachta agus athbhreithniú féideartha

1.   Tráth nach déanaí ná 5 bliana tar éis an dáta arna chinneadh i gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 120(2) de Rialachán (AE) 2017/1939, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta ar chur i bhfeidhm agus ar thionchar an Rialacháin sin, go háirithe a mhéid a bhaineann le héifeachtacht agus éifeachtúlacht an chomhair idir an Oifig agus OIPE, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Beidh tuairim ón gCoiste Maoirseachta ag gabháil leis an tuarascáil sin.

2.   Tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis an tuarascáil mheastóireachta a thíolacadh de bhun na chéad mhíre, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun creat na hOifige a nuachóiriú, lena n-áirítear breis rialacha nó rialacha níos mionsonraithe maidir leis an Oifig a chur ar bun, a cuid feidhmeanna nó na nósanna imeachta is infheidhme maidir lena cuid gníomhaíochtaí, ag féachaint go háirithe dá comhar le OIPE, d'imscrúduithe trasteorann agus d'imscrúduithe i mBallstáit nach bhfuil rannpháirteach in OIPE.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagail 12c go 12f de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, arna gcur isteach le pointe (13) d’Airteagal 1 den Rialachán seo, ó dháta a bheidh le socrú i gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 120(2) de Rialachán (AE) 2017/1939.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Nollaig 2020.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  IO C 42, 1.2.2019, lch. 1.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 4 Nollaig 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Nollaig 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).

(4)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(6)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

(7)  Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17).

(8)  Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta (an Chéad Dlísheomra) an 3 Bealtaine 2018, Sigma Orionis SA v an Coimisiún Eorpach, T-48/16, ECLI:EU:T:2018:245.

(9)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(10)  IO L 136, 31.5.1999, lch. 15.

(11)  Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle an 13 Márta 1997 maidir le cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin na mBallstát agus maidir le comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún chun a áirithiú go gcuirfear an dlí ar ábhair chustaim agus ar ábhair thalmhaíochta i bhfeidhm i gceart (IO L 82, 22.3.1997, lch. 1).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 608/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir leis an bhforghníomhú a dhéanann údaráis chustaim ar chearta maoine intleachtúla agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1383/2003 ón gComhairle (IO L 181, 29.6.2013, lch. 15).

(13)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).


Top