EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020R2172

Rialachán (AE) 2020/2172 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 ón gComhairle lena dtugtar isteach bearta eisceachtúla trádála le haghaidh tíortha agus críocha atá páirteach i bpróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais an Aontais Eorpaigh nó atá bainteach leis

OJ L 432, 21.12.2020, p. 7–11 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 25/03/2024; Arna aisghairm go hintuigthe ag 32024R0823

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2172/oj

21.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 432/7


RIALACHÁN (AE) 2020/2172 Ó PHARLAIMINT NAHEORPA AGUS ÓNGCOMHAIRLE

an 16 Nollaig 2020

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 ón gComhairle lena dtugtar isteach bearta eisceachtúla trádála le haghaidh tíortha agus críocha atá páirteach i bpróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais an Aontais Eorpaigh nó atá bainteach leis

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 ón gComhairle (2), foráladh maidir le rochtain neamhtheoranta saor ó dhleacht ar mhargadh an Aontais le haghaidh beagnach gach táirge de thionscnamh na rannpháirtithe sa phróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais a mhéid a tugadh i gcrích comhaontuithe déthaobhacha leis na páirtithe sin is tairbhithe agus go dtí gur tugadh i gcrích comhaontuithe den sórt sin.

(2)

Tá Comhaontuithe Cobhsaíochta agus Comhlachais tugtha i gcrích anois leis na sé pháirtí is tairbhithe uile. Is é an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus an Chosaiv (*), den pháirt eile, an comhaontú deireanach díobh a tugadh i gcrích agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Aibreán 2016.

(3)

Leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1464 ón gCoimisiún (3), lena mbaintear na fabhair dhéthaobhacha a deonaíodh don Chosaiv ach lena gcoinnítear an fabhar aontaobhach a dheonaítear do pháirtithe is tairbhithe uile na mBalcán Thiar ar bun, fabhar a dheonaítear trí bhíthin na dleachta ar tháirgí a chumhdaítear i gCaibidlí 7 agus 8 den Ainmníocht Chomhcheangailte a chur ar fionraí agus trí rochtain a bheith acu ar tharaif-chuóta iomlán 30 000 hl ar fhíon.

(4)

Ag féachaint do dhifríochtaí i raon feidhme na léirscaoilte taraife faoi réir na gcóras dá bhforáiltear faoi na Comhaontuithe Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas agus na rannpháirtithe uile sa phróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais agus do na fabhair a dheonaítear faoi Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009, is iomchuí síneadh a chur le tréimhse chur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 go dtí an 31 Nollaig 2025.

(5)

Maidir le síneadh a chur le tréimhse chur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009, meastar gur ráthaíocht oiriúnach é sin ar rannpháirtíocht fheabhsaithe agus ar thiomantas an Aontais i dtaobh lánpháirtiú trádála na mBalcán Thiar. Is tacaíocht luachmhar i gcónaí do gheilleagair chomhpháirtithe na mBalcán Thiar an córas atá ann faoi láthair maidir le bearta trádála uathrialacha.

(6)

Ina theannta sin, ní mór an ainmníocht atá ar dhá pháirtí is tairbhithe a leasú chun teacht leis an téarmaíocht is déanaí a comhaontaíodh.

(7)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 1 agus 2:

“Airteagal 1

Socruithe fabhracha

1.   Beidh cead táirgí de thionscnamh na hAlbáine, na Boisnia agus na Heirseagaivéine, na Cosaive (*), Mhontainéagró, na Macadóine Thuaidh, agus na Seirbia (na “páirtithe is tairbhithe”), táirgí a chumhdaítear i gCaibidlí 7 agus 8 den Ainmníocht Chomhcheangailte, a allmhairiú isteach san Aontas gan srianta cainníochtúla ná bearta comhéifeachta, agus iad díolmhaithe ó dhleachtanna custaim agus muirir chomhéifeachta.

2.   Leanfaidh táirgí de thionscnamh na bpáirtithe is tairbhithe de thairbhe a bhaint as forálacha an Rialacháin seo i gcás ina dtabharfar sin le fios ann. Ina theannta sin, bainfidh táirgí den sórt sin tairbhe as aon lamháltas dá bhforáiltear sa Rialachán seo ar lamháltas é atá níos fabhraí ná an lamháltas dá bhforáiltear faoi chomhaontuithe déthaobhacha idir an tAontas agus na páirtithe is tairbhithe sin.

Airteagal 2

Coinníollacha teidlíochta i leith na socruithe fabhracha

1.   Beidh teidlíocht chun tairbhe a bhaint as na socruithe fabhracha a thugtar isteach le hAirteagal 1 faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

an sainmhíniú ar “táirgí tionscnaimh” dá bhforáiltear i dTeideal II, Caibidil 1, Roinn 2, Foranna 4 agus 5 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún ((*)) agus i dTeideal II, Caibidil 2, Roinn 2, Foranna 10 agus 11 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún ((**)) a chomhlíonadh;

(b)

staonadh na bpáirtithe is tairbhithe ó dhleachtanna comhéifeachta nua agus muirir chomhéifeachta nua agus ó shrianta cainníochtúla nó bearta comhéifeachta nua i leith allmhairí de thionscnamh an Aontais a thabhairt isteach, ó mhéadú a dhéanamh ar leibhéal na ndleachtanna nó na muirear atá ann cheana nó ó aon srian eile a thabhairt isteach ón 30 Meán Fómhair 2000;

(c)

rannpháirtíocht na bpáirtithe is tairbhithe i gcomhoibriú riaracháin éifeachtach leis an Aontas chun aon riosca calaoise a sheachaint; agus

(d)

staonadh na bpáirtithe is tairbhithe ó bheith ag déanamh sáruithe tromchúiseacha córasacha ar chearta an duine, lena n-áirítear bunchearta saothair, ar phrionsabail bhunúsacha an daonlathais agus ar an smacht reachta.

2.   Gan dochar do na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, beidh teidlíocht chun tairbhe a bhaint as na socruithe fabhracha dá dtagraítear in Airteagal 1 faoi réir a mhéid a bheidh na páirtithe is tairbhithe ullamh dul i mbun athchóirithe eacnamaíocha éifeachtacha agus i gcomhar réigiúnach le tíortha eile atá rannpháirteach i bpróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais an Aontais Eorpaigh, go háirithe trí limistéir shaorthrádála a bhunú i gcomhréir le hAirteagal XXIV de CGTT 1994 agus le forálacha ábhartha eile EDT.

I gcás neamhchomhlíonadh na chéad fhomhíre, féadfaidh an Chomhairle na bearta iomchuí a ghlacadh le vótáil trí thromlach cáilithe, ar bhonn togra ón gCoimisiún.

3.   I gcás neamhchomhlíonadh phointí (a), (b) nó (c) de mhír 1 nó mhír 2 den Airteagal seo ag páirtí is tairbhí, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an teidlíocht chun tairbhí atá ag an bpáirtí is tairbhí lena mbaineann faoin Rialachán seo a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8(4).

(*)  Ní dochar an t-ainmniú seo do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le Rún 1244/1999 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus leis an Tuairim ón gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta (CBI) maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive."

((*))  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 an 28 Iúil 2015 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe de Chód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 1)."

((**))  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais a chur chun feidhme (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558).”;"

(2)

leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“Le   haghaidh táirgí áirithe fíona, mar a liostaítear in Iarscríbhinn I, de thionscnamh na bpáirtithe is tairbhithe, cuirfear na dleachtanna custaim is infheidhme maidir le hallmhairí isteach san Aontas ar fionraí le linn na dtréimhsí, ar na leibhéil, laistigh de theorainneacha tharaif-chuóta an Aontais agus faoi na coinníollacha a léirítear i ndáil le gach táirge agus tionscnamh a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.”;

(b)

scriostar mír 2;

(3)

scriostar Airteagal 4;

(4)

in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

“Déanfaidh an Coimisiún na taraif-chuótaí dá dtagraítear in Airteagal 3(1) den Rialachán seo a riar i gcomhréir le Teideal II, Caibidil 1, Roinn 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún.”;

(5)

in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (b) agus (c):

“(b)

na coigeartuithe is gá tar éis fabhair thrádála a dheonú faoi shocruithe eile idir an tAontas agus na páirtithe is tairbhithe;

(c)

an teidlíocht chun tairbhí atá ag an bpáirtí is tairbhí lena mbaineann faoin Rialachán seo a chur ar fionraí, go hiomlán nó go páirteach, i gcás nach gcomhlíonfaidh an páirtí is tairbhí sin pointe (d) d’Airteagal 2(1).”;

(6)

in Airteagal 8, scriostar mír 3;

(7)

in Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   I gcás ina gcinneann an Coimisiún go bhfuil dóthain fianaise ann go ndearnadh calaois nó gur mainníodh comhar riaracháin a sholáthar faoi mar a cheanglaítear chun an cruthúnas ar thionscnamh a fhíorú, nó go bhfuil méadú ollmhór ar onnmhairí isteach san Aontas thar an ngnáthleibhéal táirgthe agus thar an ngnáth-acmhainn onnmhairiúcháin, nó gur mhainnigh na páirtithe is tairbhithe pointí (a), (b) nó (c) d’Airteagal 2(1) a chomhlíonadh, féadfaidh sé bearta a dhéanamh chun na socruithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur ar fionraí, go hiomlán nó go páirteach, ar feadh tréimhse 3 mhí, ar choinníoll go mbeidh an méid seo a leanas déanta i dtosach báire aige:

(a)

Coiste Cur Chun Feidhme na mBalcán Thiar a chur ar an eolas;

(b)

iarraidh ar na Ballstáit na bearta réamhchúraim is gá a dhéanamh chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus/nó chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh na páirtithe is tairbhithe Airteagal 2(1);

(c)

fógra a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh lena gcuirfear in iúl go bhfuil forais le hamhras réasúnach a bheith ann maidir leis na socruithe fabhracha a bheith curtha i bhfeidhm agus/nó le comhlíontacht an pháirtí is tairbhí lena mbaineann le hAirteagal 2(1), ar forais iad a d’fhéadfadh amhras a chaitheamh ar an gceart atá ag an bpáirtí is tairbhí leanúint de leas a bhaint as na tairbhí a dheonaítear leis an Rialachán seo.

Is trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme a ghlacfar na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8(4).”;

(8)

in Airteagal 12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:

“Beidh feidhm aige go dtí an 31 Nollaig 2025.”;

(9)

cuirtear an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I;

(10)

scriostar Iarscríbhinn II.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Nollaig 2020.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Samhain 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúíl) agus cinneadh ón gComhairle an 1 Nollaig 2020.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 lena dtugtar isteach bearta eisceachtúla trádála le haghaidh tíortha agus críocha atá páirteach i bpróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais an Aontais Eorpaigh nó atá bainteach leis (IO L 328, 15.12.2009, lch. 1).

(*)  Ní dochar an t-ainmniú seo do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le Rún 1244/1999 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus leis an Tuairim ón gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta (CBI) maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1464 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2017 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 ón gComhairle a mhéid a bhaineann le lamháltais trádála a deonaíodh don Chosaiv * tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus an Chosaiv, den pháirt eile (IO L 209, 12.8.2017, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

“IARSCRÍBHINN I

MAIDIR LEIS NA TARAIF-CHUÓTAÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 3(1)

D’ainneoin na rialacha maidir le léiriú na hAinmníochta Comhcheangailte, is ceart a mheas nach bhfuil ach luach táscach san fhoclaíocht atá in úsáid sa tuairisc ar na táirgí sa mhéid go gcinntear an scéim fhabhrach le raon feidhme chóid AC i gcomhthéacs na hIarscríbhinne seo. I gcás ina luaitear cóid AC a bhfuil “ex” rompu, tá an scéim fhabhrach le cinneadh trí bhíthin cód AC agus an tuairisc a chomhfhreagraíonn dó a chur i bhfeidhm i dteannta a chéile.

Uimhir an Ordaithe

Cód AC

Tuairisc

Méid an chuóta in aghaidh na bliana  (1)

Páirtithe is tairbhithe

Ráta dleachta

09.1530

ex 2204 21 94

ex 2204 21 95

ex 2204 21 96

ex 2204 21 97

ex 2204 21 98

ex 2204 22 93

ex 2204 22 94

ex 2204 22 95

ex 2204 29 93

ex 2204 29 94

ex 2204 29 95

Fíon ó fhíonchaora úra, nach mó ná 15 % toirte a neart iarbhír alcóil de réir toirte, cé is moite d’fhíon súilíneach

30 000 hl

An Albáin  (2), an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin  (3), an Chosaiv  (4), Montainéagró  (5), an Mhacadóin Thuaidh  (6), an tSeirbia  (7).

Díolúine


(1)  Aon mhéid foriomlán amháin in aghaidh an taraif-chuóta is inrochtana ag allmhairí de thionscnamh na bpáirtithe is tairbhithe.

(2)  An rochtain atá ag fíon de thionscnamh na hAlbáine ar an taraif-chuóta iomlán, tá sí faoi réir an taraif-chuóta aonair dá bhforáiltear sa Phrótacal maidir le fíon a tugadh i gcrích leis an Albáin a bheith ídithe roimh ré. Osclaítear an cuóta aonair sin faoi ordú Uimh. 09.1512 agus Uimh. 09.1513.

(3)  An rochtain atá ag fíon de thionscnamh na Boisnia agus na Heirseagaivéine ar an taraif-chuóta iomlán, tá sí faoi réir an dá tharaif-chuóta aonair dá bhforáiltear sa Phrótacal maidir le fíon a tugadh i gcrích leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin a bheith ídithe roimh ré. Osclaítear na cuótaí aonair sin faoi ordú Uimh. 09.1528 agus Uimh. 09.1529.

(4)  An rochtain atá ag fíon de thionscnamh na Cosaive ar an taraif-chuóta iomlán, tá sí faoi réir an dá tharaif-chuóta aonair dá bhforáiltear sa Phrótacal maidir le fíon a tugadh i gcrích leis an gCosaiv a bheith ídithe roimh ré. Osclaítear na cuótaí aonair sin faoi ordú Uimh. 09.1570 agus Uimh. 09.1572.

(5)  An rochtain atá ag fíon de thionscnamh Mhontainéagró ar an taraif-chuóta iomlán, a mhéid a bhaineann sé le táirgí chód AC 2204 21, tá sí faoi réir an taraif-chuóta aonair dá bhforáiltear sa Phrótacal maidir le fíon a tugadh i gcrích le Montainéagró a bheith ídithe roimh ré. Osclaítear na cuótaí aonair sin faoi ordú Uimh. 09.1558 agus Uimh. 09.1559.

(6)  An rochtain atá ag fíon de thionscnamh na Macadóine Thuaidh ar an taraif-chuóta iomlán, tá sí faoi réir an dá tharaif-chuóta aonair dá bhforáiltear sa Phrótacal Breise maidir le fíon a tugadh i gcrích leis an Macadóin Thuaidh a bheith ídithe. Osclaítear na cuótaí aonair sin faoi ordú Uimh. 09.1558 agus Uimh. 09.1559.

(7)  An rochtain atá ag fíon de thionscnamh na Seirbia ar an taraif-chuóta iomlán, tá sí faoi réir an dá tharaif-chuóta aonair dá bhforáiltear sa Phrótacal maidir le fíon a tugadh i gcrích leis an tSeirbia a bheith ídithe roimh ré. Osclaítear na cuótaí aonair sin faoi ordú Uimh. 09.1526 agus Uimh. 09.1527.


Top