EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020R0875

Rialachán (AE) 2020/875 Ón gComhairle an 15 Meitheamh 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1388/2013 lena n-osclaítear bainistiú tharaif-chuótaí uathrialaitheacha an Aontais le haghaidh táirgí talmhaíochta agus tionsclaíocha áirithe agus lena bhforáiltear maidir leis an mbainistiú sin

ST/7813/2020/INIT

OJ L 204, 26.6.2020, p. 34–45 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2021; Arna aisghairm go hintuigthe ag 32021R2283

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/875/oj

26.6.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 204/34


RIALACHÁN (AE) 2020/875 ÓN GCOMHAIRLE

an 15 Meitheamh 2020

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1388/2013 lena n-osclaítear bainistiú tharaif-chuótaí uathrialaitheacha an Aontais le haghaidh táirgí talmhaíochta agus tionsclaíocha áirithe agus lena bhforáiltear maidir leis an mbainistiú sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 31 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Chun soláthar leordhóthanach gan bhriseadh táirgí áirithe talmhaíochta agus tionsclaíocha a áirithiú, ar táirgí iad nach dtáirgtear cainníocht leordhóthanach díobh san Aontas, agus dá bhrí sin chun aon suaitheadh sa mhargadh i gcás na dtáirgí sin a sheachaint, osclaíodh taraif-chuótaí uathrialaitheacha le Rialachán (AE) Uimh. 1388/2013 (1) ón gComhairle. Laistigh de na taraif-chuótaí sin, féadfar táirgí a allmhairiú isteach san Aontas ag rátaí laghdaithe dleachta nó ag rátaí nialasacha dleachta.

(2)

Ó tharla gur chun leas an Aontais é soláthar leordhóthanach táirgí tionsclaíocha áirithe a áirithiú, agus ós rud é nach ndéantar cainníochtaí leordhóthanacha de tháirgí comhionanna, coibhéiseacha ná ionadacha a tháirgeadh laistigh den Aontas, is gá taraif-chuótaí nua a oscailt d’uimhreacha ordaithe 09.2580, 09.2581 agus 09.2583 ag rátaí nialasacha dleachta le haghaidh cainníochtaí iomchuí na dtáirgí sin.

(3)

Ó tharla gur chun leas an Aontais é soláthar leordhóthanach táirgí tionsclaíocha áirithe a áirithiú, ba cheart méideanna taraif-chuótaí d’uimhreacha ordaithe 09.2634 agus 09.2668 a mhéadú.

(4)

Toisc nach leordhóthanach a thuilleadh raon feidhme an taraif-cuóta d’uimhir ordaithe 09.2652 chun freastal ar riachtanais oibreoirí eacnamaíocha laistigh den Aontas, ba cheart tuairisc an táirge seo a chumhdaítear leis an taraif-cuóta sin a leasú.

(5)

I gcás taraif-cuóta d’uimhir ordaithe 09.2588, ba cheart síneadh ama go dtí an 31 Nollaig 2020 a chur le tréimhse an chuóta, toisc nach raibh an taraif-chuóta sin ar oscailt ach ar feadh tréimhse sé mhí ach go bhfuil sé fós chun leas an Aontais é a choinneáil ar bun.

(6)

Na substaintí Sulfáit Démheitile (CAS RN 77-78-1) ag a bhfuil íonacht 99 % ar a laghad, 2-Meitiolanailín (CAS RN 95-53-4) ag a bhfuil íonacht 99 % ar a laghad de réir meáchain agus 4,4’-Meatáindé-ildé-anailín (CAS RN 101-77-9) ag a bhfuil íonacht 97 % ar a laghad de réir meáchain, cuirtear san áireamh iad ar an liosta iarrthóirí dá dtagraítear in Airteagal 59 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus cuirtear an tsubstaint le CAS RN 101-77-9 san áireamh le hIarscríbhinn XIV a ghabhann leis an Rialachán sin. Ar an mbonn sin, ba cheart taraif-chuótaí atá ann cheana le haghaidh na substaintí sin a dhúnadh de réir a chéile agus ba cheart feidhm a bheith ag aon taraif-chuóta a osclófar as an nua ar feadh tréimhse theoranta. Dá bhrí sin, na taraif-chuótaí a bhfuil uimhreacha ordaithe 09.2648 agus 09.2730 acu ba cheart feidhm a bheith acu go dtí an 31 Nollaig 2020 agus ráta caighdeánach dleachta 2 % a bheith acu. Ina theannta sin, ba cheart an taraif-chuóta a bhfuil uimhir ordaithe 09.2590 aige a dhúnadh agus ba cheart taraif-chuóta nua a bhfuil uimhir ordaithe 09.2582 aige a oscailt go dtí an 31 Nollaig 2020 a mbeidh ráta caighdeánach dleachta 2 % aige.

(7)

Agus na leasuithe atá le déanamh á gcur san áireamh, agus ar mhaithe leis an tsoiléire, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1388/2013 a ionadú.

(8)

Chun nach gcuirfear isteach ar chur i bhfeidhm scéim na dtaraif-chuótaí, agus chun na treoirlínte sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2011 maidir le fionraithe agus cuótaí taraifí uathrialaitheacha a chomhlíonadh, ba cheart na hathruithe dá bhforáiltear leis an Rialachán seo maidir le taraif-chuótaí le haghaidh na dtáirgí lena mbaineann a chur i bhfeidhm ón 1 Iúil 2020. Ba cheart an Rialachán seo a thabhairt i bhfeidhm ar bhonn práinne,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1388/2013.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2020.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Meitheamh 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. METELKO-ZGOMBIĆ


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 1388/2013 ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena n-osclaítear bainistiú tharaif-chuótaí uathrialaitheacha an Aontais le haghaidh táirgí talmhaíochta agus tionsclaíocha áirithe agus lena bhforáiltear maidir leis an mbainistiú sin, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 7/2010 (IO L 354, 28.12.2013, lch. 319).

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú, agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

“IARSCRÍBHINN

Uimhir ordaithe

Cód CN

TARIC

Tuairisc

Tréimhse an chuóta

Méid an chuóta

Dleacht an chuóta (%)

09.2637

ex 0710 40 00

ex 2005 80 00

20

30

Diasa arbhair (Zea mays var. saccharata), bídís gearrtha nó ná bídís, atá ar a laghad 10 mm, ach nach bhfuil níos mó ná 20 mm, ar trastomhas, atá lena núsáid i monarú táirgí de chuid thionscal an bhia atá lena gcóireáil ar shlí seachas trí athphacáil amháin (1)  (2)  (3)

1.1.-31.12.

550 tonna

0 %  (3)

09.2849

ex 0710 80 69

10

Beacáin den speiceas Auricularia polytricha (iad neamhchócaráilte nó cócaráilte trína ngalbhruith nó trína mbruith), iad reoite, le haghaidh monarú béilí réamhullmhaithe (1)  (2)

1.1.-31.12.

700 tonna

0 %

09.2664

ex 2008 60 39

30

Silíní milse a bhfuil biotáille bhreise curtha leo, ina bhfuil cion siúcra nach mó ná 9 % de réir meáchain, nach bhfuil níos mó ná 19,9 mm ar trastomhas, ina bhfuil clocha, agus atá lena núsáid i dtáirgí seacláide (2)

1.1.-31.12.

1 000 tonna

10 %

09.2740

ex 2309 90 31

87

Tiúchán próitéine pónairí soighe ina bhfuil, de réir meáchain:

60 % (± 10 %) amhphróitéin,

5 % (± 3 %) amhshnáithín,

5 % (± 3 %) amhluaith, agus

ar a laghad 3 % ach méid nach mó ná 6,9 % stáirse,

atá lena núsáid i monarú táirgí beatha ainmhithe (2)

1.1.-31.12.

30 000 tonna

0 %

09.2913

ex 2401 10 35

ex 2401 10 70

ex 2401 10 95

ex 2401 10 95

ex 2401 10 95

ex 2401 20 35

ex 2401 20 70

ex 2401 20 95

ex 2401 20 95

ex 2401 20 95

91

10

11

21

91

91

10

11

21

91

Tobac nádúrtha neamh-mhonaraithe, bíodh sé gearrtha de réir gnáthmhéid nó ná bíodh, ag a bhfuil luach custaim ar a laghad EUR 450 in aghaidh an 100 kg de ghlanmheáchan, atá lena úsáid mar cheanglóir nó mar chumhdach le haghaidh monarú táirgí atá faoi fho-cheannteideal 2402 10 00 (2)

1.1.-31.12.

6 000 tonna

0 %

09.2587

ex 2710 19 81

ex 2710 19 99

20

40

Bonn-ola atá hidrea-isiméirithe agus díchiartha go catalaíoch ó hidreacarbóin shár-iseapairifíneacha, ina bhfuil:

ar a laghad 90 % sáitheáin de réir meáchain, agus

méid nach mó ná 0,03 % sulfar de réir meáchain,

agus ag a bhfuil

innéacs slaodachta atá ar a laghad 80, ach gan bheith níos mó ná 120, agus

slaodacht chinéimiteach atá ar a laghad 5,0 cSt ag 100 °C, ach gan bheith níos mó ná 13,0 cSt ag 100 °C

1.7.-31.12.

200 000 tonna

0 %

09.2828

2712 20 90

 

Céir phairifín ina bhfuil níos lú ná 0,75 % ola de réir meáchain

1.4.-31.10.

60 000 tonna

0 %

09.2600

ex 2712 90 39

10

Céir ola (CAS RN 64742-61-6)

1.1.-31.12.

100 000 tonna

0 %

09.2928

ex 2811 22 00

40

Líonach silice i bhfoirm gráinníní ag a bhfuil íonacht dé-ocsaíde sileacain atá ar a laghad 97 % ná sin de réir meáchain

1.1.-31.12.

1 700 tonna

0 %

09.2806

ex 2825 90 40

30

Trí-ocsaíd tungstain, lena náirítear ocsaíd ghorm tungstain (CAS RN 1314-35-8 nó CAS RN 39318-18-8)

1.1.-31.12.

12 000 tonna

0 %

09.2872

ex 2833 29 80

40

Sulfáit chaeisiam (CAS RN 10294-54-9) i bhfoirm sholadach nó ina tuaslagán uiscí ina bhfuil ar a laghad 48 % ach méid nach mó ná 52 % sulfáit chaeisiam

1.1.-31.12.

200 tonna

0 %

09.2837

ex 2903 79 30

20

Brómaclóraimeatán (CAS RN 74-97-5)

1.1.-31.12.

600 tonna

0 %

09.2933

ex 2903 99 80

30

1,3-Déchlóraibeinséin (CAS RN 541-73-1)

1.1.-31.12.

2 600 tonna

0 %

09.2700

ex 2905 12 00

10

Própán-1-ól (alcól próipile) (CAS RN 71-23-8)

1.1.-31.12.

15 000 tonna

0 %

09.2830

ex 2906 19 00

40

Cioglapróipilmeatanól (CAS RN 2516-33-8)

1.1.-31.12.

20 tonna

0 %

09.2851

ex 2907 12 00

10

o-Créasól (CAS RN 95-48-7) ag a bhfuil íonacht de réir meáchain ar a laghad 98,5 %

1.1.-31.12.

20 000 tonna

0 %

09.2704

ex 2909 49 80

20

2,2,2’,2’-Teitricis(hiodrocsaimeitiol)-3,3’-ocsaidéphrópán-1-ól (CAS RN 126-58-9)

1.1.-31.12.

500 tonna

0 %

09.2624

2912 42 00

 

Eitiolfanailin (3-eatocsai-4-hiodrocsaibeansaildéad) (CAS RN 121-32-4)

1.1.-31.12.

1 950 tonna

0 %

09.2683

ex 2914 19 90

50

Aicéitiolaicéatónáit chailciam (CAS RN 19372-44-2) atá lena húsáid i monarú córas cobhsaitheoirí i bhfoirm taibléid (2)

1.1.-31.12.

200 tonna

0 %

09.2852

ex 2914 29 00

60

Cioglapróipilmeitilcéatón (CAS RN 765-43-5)

1.1.-31.12.

300 tonna

0 %

09.2638

ex 2915 21 00

10

Aigéad aicéiteach (CAS RN 64-19-7) ag a bhfuil íonacht atá ar a laghad 99 % de réir meáchain

1.1.-31.12.

1 000 000 tonna

0 %

09.2972

2915 24 00

 

Ainhidríd aicéiteach (CAS RN 108-24-7)

1.1.-31.12.

50 000 tonna

0 %

09.2679

2915 32 00

 

Aicéatáit vinile (CAS RN 108-05-4)

1.1.-31.12.

400 000 tonna

0 %

09.2728

ex 2915 90 70

85

Trífhluaraicéatáit eitile (CAS RN 383-63-1)

1.1.-31.12.

400 tonna

0 %

09.2665

ex 2916 19 95

30

(E,E)-heicsi-2,4-dé-eanóáit photaisiam (CAS RN 24634-61-5)

1.1.-31.12.

8 250 tonna

0 %

09.2684

ex 2916 39 90

28

Clóiríd 2,5-Démheitilfeiniolaicéitile (CAS RN 55312-97-5)

1.1.-31.12.

400 tonna

0 %

09.2599

ex 2917 11 00

40

Ocsaláit dé-eitile (CAS RN 95-92-1)

1.1.-31.12.

500 tonna

0 %

09.2769

ex 2917 13 90

10

Seabacáit dé-mheitile (CAS RN 106-79-6)

1.1.-31.12.

1 000 tonna

0 %

09.2634

ex 2917 19 80

40

Aigéad dóideacáindé-óch (CAS RN 693-23-2) ar mó ná 98,5 % a íonacht de réir meáchain

1.7.-31.12.

4 000 tonna

0 %

09.2808

ex 2918 22 00

10

Aigéad O-Aicéitiolsalaicileach (CAS RN 50-78-2)

1.1.-31.12.

120 tonna

0 %

09.2646

ex 2918 29 00

75

3-(3,5-déthreasbhúitil-4-hiodrocsaifeiniol)próipianáit ochtaideicile (CAS RN 2082-79-3):

ar mó ná 99 % de réir meáchain an ráta ar dá réir a théann sí trí chriathar arb é 500 μm leithead a mhogaill, agus

a bhfuil a leáphointe ar a laghad 49 °C, ach gan bheith níos mó ná 54 °C,

atá lena húsáid i monarú cobhsaitheoirí aon phaca ar meascáin púdar (púdair nó gráinníní) is bonn dóibh le haghaidh próiseáil PVC (2)

1.1.-31.12.

380 tonna

0 %

09.2647

ex 2918 29 00

80

Teitricis(3-(3,5-déthreasbhúitil-4-hiodrocsaifeiniol)próipianáit) peinteiritríotóil (CAS RN 6683-19-8):

ar mó ná 75 % de réir meáchain an ráta ar dá réir a théann sí trí chriathar arb é 250 μm leithead a mhogaill, agus ar mó ná 99 % de réir meáchain an ráta ar dá réir a théann sí trí chriathar arb é 500 μm leithead a mhogaill, agus

a bhfuil a leáphointe ar a laghad 110 °C, ach gan bheith níos mó ná 125 °C,

atá lena húsáid i monarú cobhsaitheoirí aon phaca ar meascáin púdar (púdair nó gráinníní) is bonn dóibh le haghaidh próiseáil PVC (2)

1.1.-31.12.

140 tonna

0 %

09.2975

ex 2918 30 00

10

Dé-ainhidríd bheinseafeanóin-3,3’,4,4’-teitreacarbocsaileach (CAS RN 2421-28-5)

1.1.-31.12.

1 000 tonna

0 %

09.2688

ex 2920 29 00

70

Foisfít tris(2,4-déthreasbhúitilfeinile) (CAS RN 31570-04-4)

1.1.-31.12.

6 000 tonna

0 %

09.2648

ex 2920 90 10

75

Sulfáit démheitile (CAS RN 77-78-1) ar a laghad 99 % a híonacht

1.7.-31.12.

9 000 tonna

2 %

09.2598

ex 2921 19 99

75

Ochtaideiciolaimín (CAS RN 124-30-1)

1.1.-31.12.

400 tonna

0 %

09.2649

ex 2921 29 00

60

Bis(2-démheitiolaimíneitil)(meitiol)aimín (CAS RN 3030-47-5)

1.1.-31.12.

1 700 tonna

0 %

09.2682

ex 2921 41 00

10

Anailín (CAS RN 62-53-3) ag a bhfuil íonacht ar a laghad 99 % de réir meáchain

1.1.-31.12.

150 000 tonna

0 %

09.2617

ex 2921 42 00

89

4-Fluarai-N-(1-meitileitil)beinséanaimín (CAS RN 70441-63-3)

1.1.-31.12.

500 tonna

0 %

09.2582

ex 2921 43 00

80

2-Meitiolanailín (CAS RN 95-53-4) ar a laghad 99 % a íonacht

1.7.-31.12.

1 999 tonna

2 %

09.2602

ex 2921 51 19

10

o-Feiniléindé-aimín (CAS RN 95-54-5)

1.1.-31.12.

1 800 tonna

0 %

09.2730

ex 2921 59 90

85

4,4’-Meatáindé-ildé-anailín (CAS RN 101-77-9) ar a laghad 97 % a íonacht de réir meáchain, i bhfoirm gráinníní, lena úsáid i monarú réamhpholaiméirí (2)

1.7.-31.12.

100 tonna

2 %

09.2591

ex 2922 41 00

10

Hidreaclóiríd L-lísín (CAS RN 657-27-2)

1.1.-31.12.

445 000 tonna

0 %

09.2592

ex 2922 50 00

25

L-Tréóinín (CAS RN 72-19-5)

1.1.-31.12.

166 000 tonna

0 %

09.2854

ex 2924 19 00

85

N-búitiolcarbamáit 3-iadapróip-2-inile (CAS RN 55406-53-6)

1.1.-31.12.

250 tonna

0 %

09.2874

ex 2924 29 70

87

Paraicéiteamól (CAS RN 103-90-2)

1.1.-31.12.

20 000 tonna

0 %

09.2742

ex 2926 10 00

10

Aicrilinítríl (CAS RN 107-13-1), lena húsáid i monarú earraí atá faoi Chaibidil 55 agus faoi Cheannteideal 6815 (2)

1.1.-31.12.

60 000 tonna

0 %

09.2583

ex 2926 10 00

20

Aicrilinítríl (CAS RN 107-13-1), lena húsáid i monarú earraí atá faoi Cheannteidil 2921, 2924, 3906 agus 4002 (2)

1.7.-31.12.

20 000 tonna

0 %

09.2856

ex 2926 90 70

84

2-Nítri-4-(trífhluaraimeitil)beinsinítríl (CAS RN 778-94-9)

1.1.-31.12.

900 tonna

0 %

09.2708

ex 2928 00 90

15

Monaimeitilhiodraisín (CAS RN 60-34-4) ina thuaslagán uiscí inarb é 40 % (± 5 %) an cion monaimeitilhiodraisín de réir meáchain

1.1.-31.12.

900 tonna

0 %

09.2581

ex 2929 10 00

25

Dé-isicianáit 1,5-naiftiléin (CAS RN 3173-72-6) ar a laghad 90 % a híonacht

1.7.-31.12.

205 tonna

0 %

09.2685

ex 2929 90 00

30

Nítreaguainidín (CAS RN 556-88-7)

1.1.-31.12.

6 500 tonna

0 %

09.2597

ex 2930 90 98

94

Bis[3-(trí-eatocsaisiliol)próipil]déshuilfíd (CAS RN 56706-10-6)

1.1.-31.12.

6 000 tonna

0 %

09.2596

ex 2930 90 98

96

Aigéad beansóch 2-clórai-4-(meitiolsulfóinil)-3-((2,2,2-trífhluarifluaireatocsai)meitile) (CAS RN 120100-77-8)

1.1.-31.12.

300 tonna

0 %

09.2580

ex 2931 90 00

75

Heicsideiciltrímheatocsaisiolán (CAS RN 16415-12-6) ar a laghad 95 % a íonacht de réir meáchain lena úsáid i monarú poileitiléine (2)

1.7.-31.12.

83 tonna

0 %

09.2842

2932 12 00

 

2-Fúraildéad (fúrfúraildéad)

1.1.-31.12.

10 000 tonna

0 %

09.2955

ex 2932 19 00

60

Fluartamón (ISO) (CAS RN 96525-23-4)

1.1.-31.12.

300 tonna

0 %

09.2696

ex 2932 20 90

25

Deacán-5-óilíd (CAS RN 705-86-2)

1.1.-31.12.

6 000 cileagram

0 %

09.2697

ex 2932 20 90

30

Dóideacán-5-óilíd (CAS RN 713-95-1)

1.1.-31.12.

6 000 cileagram

0 %

09.2812

ex 2932 20 90

77

Heacsán-6-óilíd (CAS RN 502-44-3)

1.1.-31.12.

4 000 tonna

0 %

09.2858

2932 93 00

 

Pipearóinil (CAS RN 120-57-0)

1.1.-31.12.

220 tonna

0 %

09.2673

ex 2933 39 99

43

2,2,6,6-Teitrimeitilpipiridín-4-ól (CAS RN 2403-88-5)

1.1.-31.12.

1 000 tonna

0 %

09.2674

ex 2933 39 99

44

Clóirpireafos (ISO) (CAS RN 2921-88-2)

1.1.-31.12.

9 000 tonna

0 %

09.2880

ex 2933 59 95

39

Iobrúitinib (INN) (CAS RN 936563-96-1)

1.1.-31.12.

5 tonna

0 %

09.2860

ex 2933 69 80

30

1,3,5-Tris[3-(démheitiolaimínea)próipil]heacsaihidri-1,3,5-trí-aisín (CAS RN 15875-13-5)

1.1.-31.12.

600 tonna

0 %

09.2595

ex 2933 99 80

49

1,4,7,10-Teatrasaiciogladóideacán (CAS RN 294-90-6)

1.1.-31.12.

40 tonna

0 %

09.2658

ex 2933 99 80

73

5-(Aicéataicéitiolaimíni)beinsimíodasólón (CAS RN 26576-46-5)

1.1.-31.12.

400 tonna

0 %

09.2593

ex 2934 99 90

67

Aigéad 5-clóraitiaifín-2-carbocsaileach (CAS RN 24065-33-6)

1.1.-31.12.

45 000 cileagram

0 %

09.2675

ex 2935 90 90

79

Clóiríd 4-[[(2-meatocsaibeansóil)aimínea]sulfóinil]beansóile (CAS RN 816431-72-8)

1.1.-31.12.

1 000 tonna

0 %

09.2710

ex 2935 90 90

91

(3R,5S,6E)-7-(4-(4-fluaraifeinil)-6-iseapróipil-2-(N-meitiolsulfónaimídi)pirimidín-5-il)-3,5-déhiodrocsaiheapt-6-anóáit 2,4,4-Trímheitilpeantán-2-aiminiam (CAS RN 917805-85-7)

1.1.-31.12.

5 000 cileagram

0 %

09.2945

ex 2940 00 00

20

D-Xiolós (CAS RN 58-86-6)

1.1.-31.12.

400 tonna

0 %

09.2686

ex 3204 11 00

75

Dathán C.I. Disperse Yellow 54 (CAS RN 7576-65-0) agus ullmhóidí atá bunaithe air sin ag a bhfuil cion den dathán C.I. Disperse Yellow 54 atá ar a laghad 99 % de réir meáchain

1.1.-31.12.

250 tonna

0 %

09.2676

ex 3204 17 00

14

Ullmhóidí atá bunaithe ar an dathán C.I. Pigment Red 48:2 (CAS RN 7023-61-2) ag a bhfuil cion den dathán sin atá ar a laghad 60 % ach gan bheith níos mó ná 85 % de réir meáchain

1.1.-31.12.

50 tonna

0 %

09.2698

ex 3204 17 00

30

Dathán C.I. Pigment Red 4 (CAS RN 2814-77-9) agus ullmhóidí atá bunaithe air sin ag a bhfuil cion den dathán C.I. Pigment Red 4 atá cothrom le ar a laghad 60 % de réir meáchain

1.1.-31.12.

150 tonna

0 %

09.2659

ex 3802 90 00

19

Cré ionfúsórach arna cailcíniú le flosc sóide

1.1.-31.12.

35 000 tonna

0 %

09.2908

ex 3804 00 00

10

Ligneasulfáit sóidiam (CAS RN 8061-51-6)

1.1.-31.12.

40 000 tonna

0 %

09.2889

3805 10 90

 

Tuirpintín sulfáite

1.1.-31.12.

25 000 tonna

0 %

09.2935

ex 3806 10 00

10

Aigéid róisín agus roisín ó olaroisíní úra

1.1.-31.12.

280 000 tonna

0 %

09.2832

ex 3808 92 90

40

Ullmhóid ina bhfuil cion since piritióin (CAS RN 13463-41-7) ina heasrán uiscí atá cothrom le ar a laghad 38 % ach gan bheith níos mó ná 50 % de réir meáchain

1.1.-31.12.

500 tonna

0 %

09.2876

ex 3811 29 00

55

Breiseáin arb é atá iontu táirgí imoibriúcháin défheiniolaimín agus nóinéiní brainseacha ina bhfuil, de réir meáchain:

ar a laghad 28 % ach méid nach mó ná 55 % 4-monanaoinildéfheiniolaimín,

ar a laghad 45 % ach méid nach mó ná 65 % 4,4’-dénaoinildéfheiniolaimín, agus

méid nach mó ná 5 % 2,4-dénaoinildéfheiniolaimín agus 2,4’-dénaoinildéfheiniolaimín,

a úsáidtear le haghaidh monarú olaí bealaithe (2)

1.1.-31.12.

900 tonna

0 %

09.2814

ex 3815 90 90

76

Catalaíoch arb é atá ann dé-ocsaíd tíotáiniam agus trí-ocsaíd tungstain

1.1.-31.12.

3 000 tonna

0 %

09.2820

ex 3824 79 00

10

Meascáin ina bhfuil, de réir meáchain:

ar a laghad 60 % ach méid nach mó ná 90 % 2-clórapróipéin (CAS RN 557-98-2),

ar a laghad 8 % ach méid nach mó ná 14 % (Z)-1-clórapróipéin (CAS RN 16136-84-8),

ar a laghad 5 % ach méid nach mó ná 23 % 2-clóraprópán (CAS RN 75-29-6),

méid nach mó ná 6 % 3-clórapróipéin (CAS RN 107-05-1), agus

méid nach mó ná 1 % clóiríd eitile (CAS RN 75-00-3)

1.1.-31.12.

6 000 tonna

0 %

09.2644

ex 3824 99 92

77

Ullmhóid ina bhfuil, de réir meáchain:

ar a laghad 55 % ach méid nach mó ná 78 % glútaráit démheitile (CAS RN 1119-40-0),

ar a laghad 10 % ach méid nach mó ná 30 % adapáit démheitile (CAS RN 627-93-0), agus

méid nach mó ná 35 % sucsanáit démheitile (CAS RN 106-65-0)

1.1.-31.12.

10 000 tonna

0 %

09.2681

ex 3824 99 92

85

Meascán de bhis [3-(trí-eatocsaisiliol)próipil]suilfídí (CAS RN 211519-85-6)

1.1.-31.12.

9 000 tonna

0 %

09.2650

ex 3824 99 92

87

Aicéitifeanón (CAS RN 98-86-2) ag a bhfuil íonacht ar a laghad 60 % ná sin ach gan bheith níos mó ná 90 % de réir meáchain

1.1.-31.12.

2 000 tonna

0 %

09.2888

ex 3824 99 92

89

Meascán d’aimíní ailcildémheitile treasacha ina bhfuil, de réir meáchain:

ar a laghad 60 % ach méid nach mó ná 80 % dóideicildémheitiolaimín (CAS RN 112-18-5), agus

ar a laghad 20 % ach méid nach mó ná 30 % démheitil(teitrideicil)imín (CAS RN 112-75-4)

1.1.-31.12.

25 000 tonna

0 %

09.2829

ex 3824 99 93

43

Úsc soladach ón iarmhar, agus é dothuaslagtha i dtuaslagóirí alafatacha, a fuarthas le linn úscadh róisín as adhmad, agus na saintréithe seo a leanas ag baint leis:

cion aigéid roisín nach mó ná 30 % de réir meáchain,

aigéad-uimhir nach airde ná 110, agus

leáphointe ar a laghad 100 °C

1.1.-31.12.

1 600 tonna

0 %

09.2907

ex 3824 99 93

67

Meascán d’fhítistéaróil, i bhfoirm púdair, ina bhfuil, de réir meáchain:

ar a laghad 75 % stéaróil,

méid nach mó ná 25 % stanóil,

atá lena húsáid i monarú stanól/stéaról nó eistear stanóil/stéaróil (2)

1.1.-31.12.

2 500 tonna

0 %

09.2639

3905 30 00

 

Alcól polaivinile, bíodh grúpaí aicéatáite neamh-hidrealaithe ann nó ná bíodh

1.1.-31.12.

15 000 tonna

0 %

09.2671

ex 3905 99 90

81

Bútaral polaivinile (CAS RN 63148-65-2):

ina bhfuil, de réir meáchain, ar a laghad 17,5 % ach méid nach mó ná 20 % grúpaí hiodrocsaile; agus

ar mó ná 0,6 mm méid airmheánach na gcáithníní (D50) atá ann

1.1.-31.12.

12 500 tonna

0 %

09.2846

ex 3907 40 00

25

Cumasc polaiméireach de pholacarbanáit agus polai(meataicrioláit mheitile) ag a bhfuil cion polacarbanáite ar a laghad 98,5 % de réir meáchain, i bhfoirm millíní nó gráinníní, agus tarchuras solais ar a laghad 88,5 % arna thomhas le sampla tástála atá ar tiús 4 mm ag an tonnfhad λ = 400 nm (de réir ISO 13468-2)

1.1.-31.12.

2 000 tonna

0 %

09.2723

ex 3911 90 19

10

Pola(ocsai-1,4-feiniléinsulfóinil-1,4-feiniléinocsai-4,4’-défheiniléin)

1.1.-31.12.

5 000 tonna

0 %

09.2816

ex 3912 11 00

20

Calóga aicéatáite ceallalóis

1.1.-31.12.

75 000 tonna

0 %

09.2864

ex 3913 10 00

10

Ailgionáit sóidiam a úscadh as feamainn rua (CAS RN 9005-38-3)

1.1.-31.12.

10 000 tonna

0 %

09.2641

ex 3913 90 00

87

Hialúrónáit sóidiam neamhsteiriúil:

nach mó ná 900 000 meánmheáchan a meáchain mhóilínigh (Mw),

nach mó ná 0,008 aonad Iontocsaine (EU)/mg an leibhéal iontocsainí atá inti,

nach mó ná 1 % de réir meáchain an cion eatánóil atá inti,

nach mó ná 0,5 % de réir meáchain an cion iseaprópánóil atá inti

1.1.-31.12.

200 cileagram

0 %

09.2661

ex 3920 51 00

50

Leatháin de pholaimeitilmeataicrioláit atá i gcomhréir leis na caighdeáin:

EN 4364 (MIL-P-5425E) agus DTD5592A, nó

EN 4365 (MIL-P-8184) agus DTD5592A

1.1.-31.12.

100 tonna

0 %

09.2645

ex 3921 14 00

20

Bloc ceallach de cheallalós athghinte atá tuilithe le huisce ina bhfuil clóiríd mhaignéisiam agus comhdhúile amóiniam cheathartha ar mhéid 100 cm (± 10 cm) x 100 cm (± 10 cm) x 40 cm (± 5 cm)

1.1.-31.12.

1 700 tonna

0 %

09.2848

ex 5505 10 10

10

Dramhaíl as snáithíní sintéiseacha (lena náirítear scothanna, dramhaíl as snáth, agus stoc gairnéadaithe) as níolón nó polaimídí eile (PA6 agus PA66)

1.1.-31.12.

10 000 tonna

0 %

09.2721

ex 5906 99 90

20

Fabraic theicstíle rubaraithe atá fite lannaithe agus na saintréithe seo a leanas ag baint léi:

trí shraith,

fabraic aicrileach atá i sraith sheachtrach amháin,

fabraic phoileistir atá sa tsraith sheachtrach eile,

rubar clórabúitile atá sa tsraith láir,

tá meáchan ina sraith láir atá ar a laghad 452 g/m2 ach gan bheith níos mó ná 569 g/m2

tá meáchan iomlán inti atá cothrom le ar a laghad 952 g/m2 ach gan bheith níos mó ná 1159 g/m2, agus

tá tiúchan iomlán inti atá cothrom le ar a laghad 0,8 mm ach gan bheith níos mó ná 4 mm,

úsáidtear í le haghaidh monarú díonta inardaithe mótarfheithiclí (2)

1.1.-31.12.

375 000 méadair chearnacha

0 %

09.2594

ex 6909 19 00

55

Cartús ionsúite carbóin ceirmigh:

déanmhas sorcóireach ilcheallach faoi chumhdach ceirmigh bhácáilte easbhrúite,

cion carbóin ghníomhachtaithe atá ar a laghad 10 % ach gan bheith níos mó ná 30 % de réir meáchain,

cion ceanglóra cheirmigh atá ar a laghad 70 % nó níos mó ná sin ach gan bheith níos mó ná 90 % de réir meáchain,

atá ar a laghad 29 mm ach gan bheith níos mó ná 41 mm, ar trastomhas,

nach mó ná 150 mm ar fad,

é bácáilte ag teocht 800 °C ar a laghad, agus

le haghaidh asú gal

de chineál a úsáidtear lena chur in ionsúirí gal breosla i gcórais bhreosla mótarfheithiclí

1.1.-31.12.

1 000 000 píosa

0 %

09.2866

ex 7019 12 00

ex 7019 12 00

06

26

Stratifils gloine S (caisirníní):

atá comhdhéanta d’fhiliméid leanúnacha ghloine 9 μm (±0,5 μm),

ar mhéid ar a laghad 200 tex ach gan bheith níos mó ná 680 tex,

nach bhfuil aon ocsaíd charbóin iontu, agus

arb é 3 550 MPa a neart briste de réir ASTM D2343-09,

atá lena n-úsáid i monarú san aerloingseoireacht (2)

1.1.-31.12.

1 000 tonna

0 %

09.2628

ex 7019 52 00

10

Mogall gloine atá fite as snáithín gloine atá cumhdaithe le plaisteach, arb é 120 g/m2 (± 10 g/m2) an meáchan atá ann, de chineál a úsáidtear i sciatha feithidí inchorntha ina bhfuil frámaí suite

1.1.-31.12.

3 000 000 méadair chearnacha

0 %

09.2799

ex 7202 49 90

10

Fearóchróimiam ina bhfuil ar a laghad 1,5 % ach méid nach mó ná 4 % carbón agus méid nach mó ná 70 % cróimiam de réir meáchain

1.1.-31.12.

50 000 tonna

0 %

09.2652

ex 7409 11 00

ex 7410 11 00

30

40

Scragall agus bandaí copair mhínghlanta arna monarú go leictrealaíoch ar a laghad 0,015 mm ar tiús

1.1.-31.12.

1 020 tonna

0 %

09.2734

ex 7409 19 00

20

Plátaí nó leatháin arb é atá iontu:

sraith de cheirmeach nítríde sileacain atá ar a laghad 0,32 mm (±0,1 mm), ach gan bheith níos mó ná 1,0 mm (±0,1 mm), ar tiús

atá cumhdaithe ar an dá thaobh le scragall de chopar scagtha atá 0,8 mm (±0,1 mm) ar tiús, agus

atá cumhdaithe go páirteach ar thaobh amháin le cumhdach airgid

1.1.-31.12.

7 000 000 píosa

0 %

09.2662

ex 7410 21 00

55

Plátaí:

arb é atá iontu sraith amháin ar a laghad d’fhabraic snáithín gloine atá tuilithe le roisín eapocsaíde,

atá cumhdaithe ar thaobh amháin nó ar an dá thaobh le scragall copair nach mó ná 0,15 mm ar tiús,

ag a bhfuil tairiseach tréleictreach (DK) is lú ná 5,4 ag 1 MHz arna thomhas de réir IPC-TM-650 2.5.5.2,

ag a bhfuil tadhlaí caillteanais (DK) is lú ná 0,035 ag 1 MHz arna thomhas de réir IPC-TM-650 2.5.5.2,

arb é ar a laghad 600 a ninnéacs rianaithe comparáideach

1.1.-31.12.

80 000 méadair chearnacha

0 %

09.2834

ex 7604 29 10

20

Slata cómhiotal alúmanaim atá ar a laghad 200 mm, ach gan bheith níos mó ná 300 mm, ar trastomhas

1.1.-31.12.

2 000 tonna

0 %

09.2835

ex 7604 29 10

30

Slata cóimhiotal alúmanaim atá ar a laghad 300,1 mm, ach gan bheith níos mó ná 533,4 mm, ar trastomhas

1.1.-31.12.

1 000 tonna

0 %

09.2736

ex 7607 11 90

83

Stiall nó scragall de chóimhiotal alúmanaim agus maignéisiam:

de chóimhiotal atá i gcomhréir leis na caighdeáin 5182-H19 nó 5052-H19,

ina rollaí agus atá ar a laghad 1 250 mm ar a laghad, agus 1 350 mm ar a mhéad, ar trastomhas seachtrach

atá 0,15 mm, 0,16 mm, 0,18 mm nó 0,20 mm ar tiús (lamháltas -0,006 mm),

atá 12,5 mm, 15,0 mm, 16,0 mm, 25,0 mm, 35,0 mm, 50,0 mm nó 356 mm ar leithead (lamháltas ±0,3 mm),

nach mó ná 0,4 mm/750 mm a lamháltas droinne,

ag a bhfuil tomhas plánachta: aonad I: ± 4,

ar mó ná (5182-H19) 365 MPa nó (5052-H19) 320 MPa an neart teanntachta atá iontu,

ar mó nó (5182-H19) 3 % nó (5052-H19) 2,5 % a bhfadú A50,

atá lena núsáid i monarú lataí le haghaidh dallóg (2)

1.1.-31.12.

600 tonna

0 %

09.2722

8104 11 00

 

Maignéisiam neamhshaoirsithe ina bhfuil 99,8 % maignéisiam ar a laghad de réir meáchain

1.1.-31.12.

120 000 tonna

0 %

09.2840

ex 8104 30 00

20

Púdar maignéisiam:

ar a laghad 98 %, ach nach mó ná 99,5 %, a íonacht de réir meáchain,

a bhfuil a cháithníní ar a laghad 0,2 mm, ach gan bheith níos mó ná 0,8 mm

1.1.-31.12.

2 000 tonna

0 %

09.2629

ex 8302 49 00

91

Hanla teileascópach alúmanaim atá lena úsáid i monarú bagáiste (2)

1.1.-31.12.

1 500 000 píosa

0 %

09.2720

ex 8413 91 00

50

Ceann caidéil le haghaidh caidéal ardbhrú dhá shorcóir atá déanta as cruach ghaibhnithe ina bhfuil:

feistithe snáithithe foirbthe atá ar a laghad 10 mm, ach gan bheith níos mó ná 36,8 mm, ar trastomhas, agus

cainéil dhruileáilte bhreosla atá ar a laghad 3,5 mm, ach gan bheith níos mó ná 10 mm, ar trastomhas,

de chineál a úsáidtear i gcórais insteallta díosail

1.1.-31.12.

65 000 píosa

0 %

09.2738

ex 8482 99 00

30

Cásanna práis

ar a bhfuil múnlú leanúnach nó lártheifeach déanta,

ar a bhfuil deileadh déanta,

ina bhfuil, de réir meáchain, ar a laghad 35 % ach méid nach mó ná 38 % sinc,

ina bhfuil, de réir meáchain, ar a laghad 0,75 % ach méid nach mó ná 1,25 % luaidhe,

ina bhfuil, de réir meáchain, ar a laghad 1,0 % ach méid nach mó ná 1,4 % alúmanam, agus

a bhfuil an neart teanntachta atá iontu ar a laghad 415 Pa,

de chineál a úsáidtear i monarú grán iompair

1.1.-31.12.

50 000 píosa

0 %

09.2763

ex 8501 40 20

ex 8501 40 80

40

30

Mótar cómhalartáin leictreach srutha ailtéarnaigh a bhfuil a chumhacht aschuir cothrom le ar a laghad 250 W, a bhfuil a chumhacht ionchuir cothrom le ar a laghad 700 W gan bheith níos má nó 2 700 W, atá 120 mm (±0,2 mm), ach nach bhfuil níos mó ná 135 mm (±0,2 mm), ar trastomhas seachtrach, ar tapúla ná 30 000 isn ach nach tapúla ná 50 000 isn a luas rátaithe, ar a bhfuil aerthóir ionsaithe aeir feistithe agus atá lena úsáid i monarú folúsghlantóirí (2)

1.1.-31.12.

2 000 000 píosa

0 %

09.2588

ex 8529 90 92

56

Scáileán LCD:

ar a bhfuil painéal tadhaill,

ina bhfuil clár ciorcaid phriontáilte amháin ar a laghad le haghaidh seolachán picteilíní gaireas sclábhaithe simplí (feidhm rialaitheora uainiúcháin) agus rialtán tadhaill, le EEPROM (cuimhne inléite amháin in-ríomhchláraithe in-léirscriosta go leictreach) le haghaidh na socruithe taispeána,

atá ar a laghad 15 cm, ach gan bheith níos mó ná 21 cm, ar fad bunaithe ar thomhas fiarthrasna,

ar a bhfuil cúlsolas,

ar a bhfuil nascóir comharthaíochta difreálaí ísealvoltais agus nascóir soláthair cumhachta,

ag a bhfuil uillinn féachana ar a laghad 70 céim, agus

arb é ar a laghad 715 cd/m2 a lonras,

lena úsáid i monarú mótarfheithiclí atá faoi Chaibidil 87 (2)

1.7.-31.12.

450 000 píosa

0 %

09.2672

ex 8529 90 92

ex 9405 40 39

75

70

Clár ciorcaid phriontáilte ar a bhfuil dé-óidí LED:

bíodh priosmaí/lionsaí feistithe air nó ná bídís, agus

bíodh nascóir/nascóirí feistithe orthu ná ná bíodh

a úsáidtear i monarú aonad cúlsolais le haghaidh earraí atá faoi Cheannteideal 8528 (2)

1.1.-31.12.

115 000 000 píosa

0 %

09.2003

ex 8543 70 90

63

Gineadóir minicíochta rialaithe voltais arb é atá ann eilimintí gníomhacha agus éighníomhacha atá feistithe ar chiorcad priontáilte agus é i gcásáil nach mó ná 30 mm x 30 mm

1.1.-31.12.

1 400 000 píosa

0 %

09.2910

ex 8708 99 97

75

Brac taca cóimhiotail alúmanaim ar a bhfuil poill feistiúcháin, bíodh cnónna teannta air nó ná bídís, chun an giarbhosca a cheangal go hindíreach le cabhail an chairr lena úsáid i monarú earraí atá faoi Chaibidil 87 (2)

1.1.-31.12.

200 000 píosa

0 %

09.2694

ex 8714 10 90

30

Teanntáin acastóra, cásálacha, droichid foirc agus píosaí teanntála, as cóimhiotal alúmanaim de chineál a úsáidtear le haghaidh gluaisrothar

1.1.-31.12.

1 000 000 píosa

0 %

09.2668

ex 8714 91 10

ex 8714 91 10

ex 8714 91 10

21

31

75

Fráma rothair arna dhéanamh as snáithíní carbóin agus roisín saorga, lena úsáid i monarú rothar (lena n-áirítear rothair leictreacha)(2)

1.7.-31.12.

250 000 píosa

0 %

09.2589

ex 8714 91 10

ex 8714 91 10

ex 8714 91 10

23

33

70

Fráma atá déanta as alúmanam nó as snáithíní alúmanaim agus carbóin agus atá lena úsáid i monarú rothar (lena náirítear rothair leictreacha) (2)

1.1.-31.12.

8 000 000 píosa

0 %

09.2631

ex 9001 90 00

80

Lionsaí, priosmaí agus eilimintí dlúite as gloine, iad neamhfheistithe, atá lena núsáid i monarú nó i ndeisiú earraí atá faoi na cóid AC 9002, 9005, 9013 10 agus 9015 (2)

1.1.-31.12.

5 000 000 píosa

0 %


(1)  Maidir le dleachtanna taraife a chur ar fionraí, áfach, níl sin infheidhme i gcás ina ndéanann gnóthais mhiondíola nó lónadóireachta an phróiseáil.

(2)  Tá fionraí na ndleachtanna faoi réir maoirseacht chustaim úsáide deiridh, i gcomhréir le hAirteagal 254 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).

(3)  Ní chuirtear ar fionraí ach an dleacht ad valorem. Leanann an dleacht shonrach de bheith infheidhme.


Top