EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32020D1782
Decision (EU) 2020/1782 of the European Parliament and of the Council of 25 November 2020 amending Decision No 573/2014/EU on enhanced cooperation between Public Employment Services (PES) (Text with EEA relevance)
Cinneadh (AE) 2020/1782 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 lena leasaítear Cinneadh Uimh. 573/2014/AE maidir le comhar feabhsaithe idir na Seirbhísí Poiblí Fostaíochta (SPFanna) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Cinneadh (AE) 2020/1782 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 lena leasaítear Cinneadh Uimh. 573/2014/AE maidir le comhar feabhsaithe idir na Seirbhísí Poiblí Fostaíochta (SPFanna) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
OJ L 400, 30.11.2020, p. 7–10
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
30.11.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 400/7 |
CINNEADH (AE) 2020/1782 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 25 Samhain 2020
lena leasaítear Cinneadh Uimh. 573/2014/AE maidir le comhar feabhsaithe idir na Seirbhísí Poiblí Fostaíochta (SPFanna)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 149 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Bunaítear le Cinneadh Uimh. 573/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) líonra Eorpach na seirbhísí poiblí fostaíochta (“an Líonra”) don tréimhse ón 17 Meitheamh 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020. |
(2) |
Tá sé d’aidhm ag an Líonra seirbhísí poiblí fostaíochta (SPFanna) a nuachóiriú agus a neartú, d’fhonn feabhas a chur ar a n-acmhainneacht, ar cháilíocht a gcuid seirbhísí, ar a n-éifeachtacht agus ar a n-éifeachtúlacht. Bhainfí an méid sin amach trí ardán a chur ar fáil chun comparáid a dhéanamh idir a bhfeidhmíocht ar leibhéal an Aontais, trí dhea-chleachtais a shainaithint agus trí chóras foghlama frithpháirtí a bhunú, d’fhonn rannchuidiú le hobair chuibhiúil agus le poist chuimsitheacha agus inbhuanaithe. Tá sé d’aidhm aige freisin tuilleadh deiseanna a thabhairt do SPFanna chun cuidiú leis na beartais nuálacha atá dírithe ar an todhchaí agus atá bunaithe ar fhianaise a fhorbairt i gcomhréir leis na tionscnaimh bheartais ábhartha de chuid an Aontais agus leis na cuspóirí eacnamaíocha, sóisialta agus fostaíochta a leagtar amach in Airteagal 3(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach. |
(3) |
Bhí ról tábhachtach ag an Líonra go dtí seo maidir le níos mó comhair idir na Ballstáit a spreagadh i réimsí freagrachta SPFanna agus maidir le rannchuidiú le SPFanna a nuachóiriú agus a neartú. Léirítear i meastóireacht a rinneadh ar chur chun feidhme Chinneadh Uimh. 573/2014/AE go raibh tionchar dearfach ag an Líonra agus sainaithnítear sa mheastóireacht sin na ceachtanna a foghlaimíodh ar bhonn na ngníomhaíochtaí éagsúla agus na taithí a fuarthas. Ina theannta sin, tá a chuid acmhainneachta méadaithe ag an Líonra agus tá bearta nuálacha atá bunaithe ar fhianaise forbartha aige chun beartais fostaíochta a chur chun feidhme. |
(4) |
Ba cheart tréimhse bhunaithe an Líonra a fhadú go dtí an 31 Nollaig 2027 chun tairbhe a bhaint as na torthaí a baineadh amach go dtí seo agus chun níos mó comhair a chothú idir SPFanna. |
(5) |
Ba cheart don Líonra an comhar idir a chuid ball a neartú agus tionscnaimh chomhpháirteacha a fhorbairt chun faisnéis agus dea-chleachtais a mhalartú i ngach réimse oibríochta de chuid SPFanna, trí anailísí comparáideacha agus comhairle a chur ar fáil agus tionscnaimh socrúcháin fostaíochta atá nuálach a chur chun cinn. Sa chomhthéacs sin, agus i gcás inarb iomchuí, ba cheart aird a thabhairt ar chomhar SPFanna chun an lánpháirtiú agus cúnamh a éascú do dhaoine a chumhdaítear le rialacha an Aontais maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta. Ba cheart a bheith in ann, trí obair an Líonra, comparáid chuimsitheach, atá bunaithe ar fhianaise agus atá dírithe ar fheidhmíocht a dhéanamh idir na SPFanna ar fad, chun gur féidir na dea-chleachtais ina gcuid réimsí gníomhaíochta a chinneadh, rud a rannchuideoidh le seirbhís fostaíochta níos fearr a cheapadh agus a sholáthar laistigh dá gcuid sainchúraimí sonracha. Le tionscnaimh an Líonra, ba cheart feabhas a chur ar éifeachtacht SPFanna agus cur le húsáid níos éifeachtúla na gcistí poiblí. |
(6) |
Ba cheart don Líonra leanúint de thacú le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, colún a bhfuil sé de phrionsabal aige tacú go gníomhach leis an bhfostaíocht. Ba cheart dó freisin rannchuidiú le haistriú atá cóir go sóisialta i dtreo geilleagar glas agus le cur chun feidhme phrionsabail agus chuspóirí ábhartha na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe de chuid na Náisiún Aontaithe, trí fhás eacnamaíoch agus fostaíocht a bheidh cuimsitheach agus inbhuanaithe a fheabhsú mar aon le hobair chuibhiúil do chách. |
(7) |
Ba cheart don Líonra leanúint den chomhar córasach agus struchtúrtha a threisiú agus a neartú le geallsealbhóirí ábhartha eile i margadh an tsaothair, lena n-áirítear go háirithe gníomhaireachtaí de chuid an Aontais i réimsí na fostaíochta, an bheartais shóisialta, an chomhionannais inscne, an oideachais agus na hoiliúna, mar aon leis na comhpháirtithe sóisialta, soláthraithe seirbhíse i réimsí na fostaíochta agus na ngnóthaí sóisialta, eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar ghrúpaí leochaileacha, agus údaráis áitiúla agus réigiúnacha chun sineirgí a chur chun cinn, dea-chleachtais a mhalartú agus a creat beartais seasmhach a áirithiú i gcás inarb ábhartha. |
(8) |
Ba cheart tacaíocht leormhaith a thabhairt do ról SPFanna maidir le seirbhísí níos éifeachtaí a sholáthar do chuardaitheoirí poist agus gnóthais ar an leibhéal náisiúnta agus, i gcás inarb ábhartha, ar an leibhéal réigiúnach, agus ba cheart acmhainní daonna agus tacaíocht airgeadais leordhóthanach a thabhairt don oiliúint foirne agus do threalamh. Ba cheart do na Ballstáit na hacmhainní riachtanacha a chur ar fáil do SPFanna chun go mbeidh siad in ann aghaidh a thabhairt go rathúil ar dhigitiú an gheilleagair, ar phatrúin oibre atá ag athrú, lena n-áirítear geilleagair ardáin atá ag teacht chun cinn, agus forbairtí sochaíocha agus déimeagrafacha. |
(9) |
Ba cheart tacaíocht airgeadais ón Aontas a chur ar fáil don Líonra i gcomhréir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil, 2021-2027. |
(10) |
Ba cheart an Líonra agus a chuid tionscnamh a chistiú i gcomhréir le pleanáil airgeadais an Aontais agus laistigh de na leithreasuithe arna socrú ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle. |
(11) |
Maidir le tionscadail arna bhforbairt ag an Líonra nó arna sainaithint sna gníomhaíochtaí foghlama frithpháirtí agus arna gcur chun feidhme in SPFanna aonair, ba cheart rochtain a bheith ag na Ballstáit ar chistiú ó na cláir ábhartha de chuid an Aontais. |
(12) |
Ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo ón 1 Eanáir 2021 chun a áirithiú go leanfar go rianúil de ghníomhaíochtaí an Líonra. |
(13) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh Uimh. 573/2014/AE a leasú dá réir. |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh Uimh. 573/2014/AE leis seo mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre: “Bunaítear leis seo líonra uile-Aontais Seirbhísí Poiblí Fostaíochta (SPFanna) (‘an Líonra’) i gcomhair na tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027. Cuirfidh an Líonra na tionscnaimh a leagtar síos in Airteagal 4 i gcrích.”; |
(2) |
leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:
|
(3) |
leasaítear Airteagal 4(1) mar a leanas:
|
(4) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5: “Airteagal 5 Comhar Forbróidh an Líonra comhar leis na geallsealbhóirí ábhartha i margadh an tsaothair, lena n-áirítear soláthraithe eile fostaíochta agus seirbhísí sóisialta agus na comhpháirtithe sóisialta, agus, i gcás inarb iomchuí, gníomhaireachtaí an Aontais i réimsí na fostaíochta, an bheartais shóisialta, an chomhionannais inscne, agus an oideachais agus oiliúna, eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine dífhostaithe nó ar ghrúpaí leochaileacha eile, comhlachtaí comhionannais, eagraíochtaí gairmoiliúna, eagraíochtaí neamhrialtasacha atá i mbun oibre i réimsí na fostaíochta agus an aistrithe chóir, agus údaráis réigiúnacha agus áitiúla, trí pháirt a thabhairt dóibh i ngníomhaíochtaí ábhartha agus i gcruinnithe den Líonra agus trí fhaisnéis agus sonraí a mhalartú leo. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Líonra dea-chleachtais a mhalartú leis na seirbhísí ábhartha poiblí fostaíochta ó thríú tíortha.”; |
(5) |
in Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5: “5. Déanfaidh Rúnaíocht a chuirfidh an Coimisiún ar fáil agus a bheidh lonnaithe ann cúnamh a thabhairt don Bhord. Déanfaidh an Rúnaíocht, i gcomhar leis an gCathaoirleach agus na Leas-Chathaoirligh, cruinnithe an Bhoird, an clár oibre bliantúil agus tuarascáil bhliantúil an Líonra a ullmhú. Oibreoidh an Rúnaíocht i ndlúthchomhar le Rúnaíocht an Choiste Fostaíochta, chun tionscnaimh a chomhordú agus chun dlús a chur leis an gcomhar idir an Líonra agus an Coiste Fostaíochta.”; |
(6) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7: “Airteagal 7 Tacaíocht airgeadais Déanfar na hacmhainní foriomlána is gá chun an Cinneadh seo a chur chun feidhme a chur ar fáil i gcomhréir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, a ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasuithe bliantúla lena mbaineann a údarú laistigh de theorainneacha an chreata airgeadais.”; |
(7) |
in Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: “2. Déanfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 8 a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2027.”; |
(8) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10: “Airteagal 10 Athbhreithniú Faoin 30 Meán Fómhair 2026, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta ar chur i bhfeidhm an Chinnidh seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún. Déanfar measúnú sa tuarascáil sin, inter alia, ar a mhéid a rannchuidigh an Líonra leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach.”. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Samhain 2020.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
D. M. SASSOLI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. ROTH
(1) Tuairim an 30 Deireadh Fómhair 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Samhain 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 18 Samhain 2020.
(3) Cinneadh Uimh. 573/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le comhar feabhsaithe idir na Seirbhísí Poiblí Fostaíochta (SPFanna) (IO L 159, 28.5.2014, lch. 32).