EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32020D1708
Council Decision (EU) 2020/1708 of 13 November 2020 on the financial contributions to be paid by Member States to finance the European Development Fund, including the ceiling for 2022, the annual amount for 2021, the first instalment for 2021 and an indicative and non-binding forecast for the expected annual amounts of contributions for the years 2023 and 2024
Cinneadh (AE) 2020/1708 ón gComhairle an 13 Samhain 2020 maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais a bheidh le híoc ag na Ballstáit chun an Ciste Eorpach Forbraíochta a mhaoiniú, lena n-áirítear an uasteorainn le haghaidh 2022, an méid bliantúil le haghaidh 2021, an chéad tráthchuid le haghaidh 2021 agus réamhaisnéis tháscach neamhcheangailteach i dtaca leis na méideanna bliantúla a mheastar a bheidh sna ranníocaíochtaí le haghaidh na mblianta 2023 agus 2024
Cinneadh (AE) 2020/1708 ón gComhairle an 13 Samhain 2020 maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais a bheidh le híoc ag na Ballstáit chun an Ciste Eorpach Forbraíochta a mhaoiniú, lena n-áirítear an uasteorainn le haghaidh 2022, an méid bliantúil le haghaidh 2021, an chéad tráthchuid le haghaidh 2021 agus réamhaisnéis tháscach neamhcheangailteach i dtaca leis na méideanna bliantúla a mheastar a bheidh sna ranníocaíochtaí le haghaidh na mblianta 2023 agus 2024
OJ L 385, 17.11.2020, p. 13–15
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
17.11.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 385/13 |
CINNEADH (AE) 2020/1708 ÓN gCOMHAIRLE
an 13 Samhain 2020
maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais a bheidh le híoc ag na Ballstáit chun an Ciste Eorpach Forbraíochta a mhaoiniú, lena n-áirítear an uasteorainn le haghaidh 2022, an méid bliantúil le haghaidh 2021, an chéad tráthchuid le haghaidh 2021 agus réamhaisnéis tháscach neamhcheangailteach i dtaca leis na méideanna bliantúla a mheastar a bheidh sna ranníocaíochtaí le haghaidh na mblianta 2023 agus 2024
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach agus don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint don Chomhaontú Inmheánach idir Ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, ag teacht le cheile dóibh i dtionól den Chomhairle, maidir le maoiniú an chúnaimh ón Aontas Eorpach faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na tréimhse 2014 go 2020, i gcomhréir le Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, agus maidir le leithdháileadh cúnaimh airgeadais do na Tíortha agus Críocha Thar Lear a bhfuil feidhm ag Cuid a Ceathair den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leo (1), agus go háirithe Airteagal 7 de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle an 26 Samhain 2018 maidir leis an rialachán airgeadais is infheidhme maidir leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta, agus lena n‐aisghairtear Rialachán (AE) 2015/323 (2), agus go háirithe Airteagal 19(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 19 go 22 de Rialachán (AE) 2018/1877 (“an 11ú Rialachán Airgeadais CEF”), tá an Coimisiún le togra a thíolacadh faoin 15 Deireadh Fómhair 2020 lena sonrófar: (a) uasteorainn mhéid bhliantúil na ranníocaíochta le haghaidh 2022; (b) méid bliantúil na ranníocaíochta le haghaidh 2021; (c) méid na chéad tráthchoda den ranníocaíocht le haghaidh 2021; agus (d) réamhaisnéis tháscach neamhcheangailteach i dtaca leis na méideanna bliantúla a mheastar a bheidh sna ranníocaíochtaí le haghaidh na mblianta 2023-2024. |
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 46 den 11ú Rialachán Airgeadais CEF, tá meastacháin nuashonraithe an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) maidir le gealltanais agus íocaíochtaí faoi na hionstraimí a ndéanann sé bainistíocht orthu seolta ag BEI chuig an gCoimisiún. |
(3) |
Le hAirteagal 20(1) den 11ú Rialachán Airgeadais CEF, foráiltear go n‐ídeofar ar dtús, agus glaonna á ndéanamh ar ranníocaíochtaí, na méideanna dá bhforáiltear i gCistí Eorpacha Forbraíochta (EDFanna) roimhe seo. Dá bhrí sin, ba cheart glao ar chistí a dhéanamh faoin 10ú CEF do BEI agus faoin 11ú CEF don Choimisiún. |
(4) |
Le hAirteagal 55 den 11ú Rialachán Airgeadais CEF, foráiltear go bhfuiltear chun an chuid sin de ranníocaíochtaí na mBallstát dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 1(2), pointe (a), den Chomhaontú sin, a bhaint as na méideanna ó thionscadail faoin 10ú CEF nó ó CEFanna a bhí ann cheana nár gealladh de réir Airteagal 1(3) den Chomhaontú idir Ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, ag teacht le chéile dóibh i dtionól den Chomhairle, maidir le maoiniú na cabhrach ón Aontas Eorpach faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na tréimhse 2014 go 2020, i gcomhréir le Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, agus maidir le leithdháileadh cúnaimh airgeadais le haghaidh na dTíortha agus na gCríoch Thar Lear a bhfuil feidhm ag Cuid a Ceathair den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leo, agus go háirithe as na méideanna sin a shaortar de réir Airteagal 1(4) den Chomhaontú sin, ach amháin má chinneann an Chomhairle a mhalairt d’aon toil. |
(5) |
Le hAirteagail 152 agus 153 den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (3), foráiltear go bhfuil an Ríocht Aontaithe chun leanúint de bheith ina páirtí in CEF go dtí go ndúnfar an 11ú CEF agus gach CEF eile roimhe sin atá fós gan dúnadh. Níltear chun sciar na Ríochta Aontaithe de chistí saortha ó thionscadail faoin 10ú CEF nó faoi CEFanna roimhe sin a athúsáid, áfach. |
(6) |
An 24 Deireadh Fómhair 2019, trí bhíthin Chinneadh (AE) 2019/1800 (4), ar bhonn togra ón gCoimisiún, rinne an Chomhairle uasteorainn mhéid bliantúil ranníocaíochtaí CEF na mBallstát le haghaidh 2021 a shocrú ag EUR 3 700 000 000 don Choimisiún agus ag EUR 300 000 000 do BEI, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Socraítear leis seo uasteorainn mhéid bliantúil ranníocaíochtaí CEF na mBallstát le haghaidh 2022 ag EUR 2 800 000 000. Déanfar é a roinnt ina EUR 2 500 000 000 don Choimisiún agus EUR 300 000 000 do BEI.
Airteagal 2
Socraítear leis seo méid bliantúil ranníocaíochtaí CEF na mBallstát le haghaidh 2021 ag EUR 4 000 000 000. Déanfar é a roinnt ina EUR 3 700 000 000 don Choimisiún agus EUR 300 000 000 do BEI.
Airteagal 3
Leagtar amach sa tábla san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo na ranníocaíochtaí le haghaidh an Chiste Eorpaigh Forbraíochta a bheidh le híoc ag na Ballstáit faoi seach leis an gCoimisiún Eorpach agus le BEI mar an chéad tráthchuid le haghaidh 2021.
Airteagal 4
Déanfar méid EUR 223 000 000 de chistí nár gealladh nó de chistí saortha ó thionscadail faoin 8ú EDFagus faoin 9ú CEF a aisíoc trí laghdú a dhéanamh ar mhéid na híocaíochta i leith na chéad tráthchoda le haghaidh 2021, faoi mar a luaitear in Airteagal 3.
Airteagal 5
Maidir leis an réamhaisnéis tháscach neamhcheangailteach i dtaca le méid bliantúil na ranníocaíochtaí a mheastar a dhéanfar le haghaidh 2023, socraítear leis seo í ag EUR 1 800 000 000 don Choimisiún agus ag EUR 300 000 000 do BEI, agus maidir leis an réamhaisnéis chéanna le haghaidh 2024, socraítear í sin ag EUR 1 500 000 000 don Choimisiún agus EUR 200 000 000 do BEI.
Airteagal 6
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Samhain 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. ROTH
(1) IO L 210, 6.8.2013, lch. 1
(2) IO L 307, 3.12.2018, lch. 1.
(3) IO L 29, 31.1.2020, lch. 7.
(4) Cinneadh (AE) 2019/1800 ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2019 maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais a bheidh le híoc ag na Ballstáit chun an Ciste Eorpach Forbraíochta a mhaoiniú, lena n áirítear an uasteorainn le haghaidh 2021, an méid bliantúil le haghaidh 2020, an chéad tráthchuid le haghaidh 2020 agus réamhaisnéis tháscach neamhcheangailteach i dtaca leis na méideanna bliantúla a mheastar a bheidh sna ranníocaíochtaí le haghaidh na mblianta 2022 agus 2023 (IO L 274, 28.10.2019, lch. 9).
IARSCRÍBHINN
NA BALLSTÁIT & AN RÍOCHT AONTAITHE |
Scála 8/9ú CEF % |
Scála 10ú CEF % |
Scála 11ú CEF % |
An chéad tráthchuid 2021 (EUR) |
|||
BEI |
an Coimisiún |
an Coimisiún |
an Coimisiún |
||||
10ú CEF |
11ú CEF |
Aisíocaíocht 8/9ú CEF |
11ú CEF lúide |
||||
AN BHEILG |
3,92 |
3,53 |
3,24927 |
2 471 000,00 |
51 988 320,00 |
-8 741 600,00 |
43 246 720,00 |
AN BHULGÁIR |
|
0,14 |
0,21853 |
98 000,00 |
3 496 480,00 |
0,00 |
3 496 480,00 |
AN tSEICIA |
|
0,51 |
0,79745 |
357 000,00 |
12 759 200,00 |
0,00 |
12 759 200,00 |
AN DANMHAIRG |
2,14 |
2,00 |
1,98045 |
1 400 000,00 |
31 687 200,00 |
-4 772 200,00 |
26 915 000,00 |
AN GHEARMÁIN |
23,36 |
20,50 |
20,57980 |
14 350 000,00 |
329 276 800,00 |
-52 092 800,00 |
277 184 000,00 |
AN EASTÓIN |
|
0,05 |
0,08635 |
35 000,00 |
1 381 600,00 |
0,00 |
1 381 600,00 |
ÉIRE |
0,62 |
0,91 |
0,94006 |
637 000,00 |
15 040 960,00 |
-1 382 600,00 |
13 658 360,00 |
AN GHRÉIG |
1,25 |
1,47 |
1,50735 |
1 029 000,00 |
24 117 600,00 |
-2 787 500,00 |
21 330 100,00 |
AN SPÁINN |
5,84 |
7,85 |
7,93248 |
5 495 000,00 |
126 919 680,00 |
-13 023 200,00 |
113 896 480,00 |
AN FHRAINC |
24,30 |
19,55 |
17,81269 |
13 685 000,00 |
285 003 040,00 |
-54 189 000,00 |
230 814 040,00 |
AN CHRÓIT |
|
0,00 |
0,22518 |
0,00 |
3 602 880,00 |
0,00 |
3 602 880,00 |
AN IODÁIL |
12,54 |
12,86 |
12,53009 |
9 002 000,00 |
200 481 440,00 |
-27 964 200,00 |
172 517 240,00 |
AN CHIPIR |
|
0,09 |
0,11162 |
63 000,00 |
1 785 920,00 |
0,00 |
1 785 920,00 |
AN LAITVIA |
|
0,07 |
0,11612 |
49 000,00 |
1 857 920,00 |
0,00 |
1 857 920,00 |
AN LIOTUÁIN |
|
0,12 |
0,18077 |
84 000,00 |
2 892 320,00 |
0,00 |
2 892 320,00 |
LUCSAMBURG |
0,29 |
0,27 |
0,25509 |
189 000,00 |
4 081 440,00 |
-646 700,00 |
3 434 740,00 |
AN UNGÁIR |
|
0,55 |
0,61456 |
385 000,00 |
9 832 960,00 |
0,00 |
9 832 960,00 |
MÁLTA |
|
0,03 |
0,03801 |
21 000,00 |
608 160,00 |
0,00 |
608 160,00 |
AN ÍSILTÍR |
5,22 |
4,85 |
4,77678 |
3 395 000,00 |
76 428 480,00 |
-11 640 600,00 |
64 787 880,00 |
AN OSTAIR |
2,65 |
2,41 |
2,39757 |
1 687 000,00 |
38 361 120,00 |
-5 909 500,00 |
32 451 620,00 |
AN PHOLAINN |
|
1,30 |
2,00734 |
910 000,00 |
32 117 440,00 |
0,00 |
32 117 440,00 |
AN PHORTAINGÉIL |
0,97 |
1,15 |
1,19679 |
805 000,00 |
19 148 640,00 |
-2 163 100,00 |
16 985 540,00 |
AN RÓMÁIN |
|
0,37 |
0,71815 |
259 000,00 |
11 490 400,00 |
0,00 |
11 490 400,00 |
AN tSLÓIVÉIN |
|
0,18 |
0,22452 |
126 000,00 |
3 592 320,00 |
0,00 |
3 592 320,00 |
AN tSLÓVAIC |
|
0,21 |
0,37616 |
147 000,00 |
6 018 560,00 |
0,00 |
6 018 560,00 |
AN FHIONLAINN |
1,48 |
1,47 |
1,50909 |
1 029 000,00 |
24 145 440,00 |
-3 300 400,00 |
20 845 040,00 |
AN tSUALAINN |
2,73 |
2,74 |
2,93911 |
1 918 000,00 |
47 025 760,00 |
-6 087 900,00 |
40 937 860,00 |
AN RÍOCHT AONTAITHE |
12,69 |
14,82 |
14,67862 |
10 374 000,00 |
234 857 920,00 |
-28 298 700,00 |
206 559 220,00 |
IOMLÁN – AE-27 & AN RÍOCHT AONTAITHE |
100,00 |
100,00 |
100,00 |
70 000 000,00 |
1 600 000 000,00 |
-223 000 000,00 |
1 377 000 000,00 |