This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32020D1223(01)
Decision of the Authority for European Political Parties and European Political Foundations of 26 November 2020 not to register Alliance for Peace and Freedom ASBL (Only the English text is authentic) 2020/C 448/01
Cinneadh ón Údarás um Páirtithe Polaitiúla Eorpacha agus um Fhondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha an 26 Samhain 2020 gan an Chomhghuaillíocht um Shíocháin agus um Shaoirse ASBL a chlárú (Is é an téacs Béarla amháin atá barántúil) 2020/C 448/01
Cinneadh ón Údarás um Páirtithe Polaitiúla Eorpacha agus um Fhondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha an 26 Samhain 2020 gan an Chomhghuaillíocht um Shíocháin agus um Shaoirse ASBL a chlárú (Is é an téacs Béarla amháin atá barántúil) 2020/C 448/01
IO C 448, 23.12.2020, pp. 1–3
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
23.12.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 448/1 |
Cinneadh ón Údarás um Páirtithe Polaitiúla Eorpacha agus um Fhondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha
an 26 Samhain 2020
gan an Chomhghuaillíocht um Shíocháin agus um Shaoirse ASBL a chlárú
(Is é an téacs Béarla amháin atá barántúil)
(2020/C 448/01)
TÁ AN tÚDARÁS UM PÁIRTITHE POLAITIÚLA EORPACHA AGUS UM FHONDÚIREACHTAÍ POLAITIÚLA EORPACHA,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha (1), go háirithe Airteagal 9 de,
Ag féachaint do na haighneachtaí a fuarthas ón gComhghuaillíocht um Shíocháin agus um Shaoirse ASBL,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Fuair an tÚdarás um Páirtithe Polaitiúla Eorpacha agus um Fhondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha (an “tÚdarás”) aighneachtaí ón gComhghuaillíocht um Shíocháin agus um Shaoirse ASBL (“APF”) chun í a chlárú mar pháirtí polaitiúil Eorpach an 12 agus an 26 Lúnasa 2020. |
|
(2) |
Ba chosúil go raibh na haighneachtaí sin ag brath ar réamhchlárú APF mar pháirtí polaitiúil Eorpach faoi Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 (2). |
|
(3) |
An 27 Lúnasa 2020, mheabhraigh an tÚdarás gur baineadh APF den Chlár le cinneadh an 13 Meán Fómhair 2018 (3), agus nár mhór dó, dá bhrí sin, iarratas ar chlárú a chur isteach de bhun Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 chun clárú nua a fháil. |
|
(4) |
An 4 Meán Fómhair 2020, chuir APF sraith doiciméad isteach a raibh an chosúlacht orthu gurbh iad na doiciméid chéanna iad is a cuireadh ar fáil cheana an 12 agus an 26 Lúnasa. |
|
(5) |
An 8 Meán Fómhair 2020, fuair an tÚdarás foirm bhallraíochta a tháinig ó Nationaldemokratische Partei Deutschlands (an Ghearmáin). |
|
(6) |
An 10 Meán Fómhair 2020, d’athdhearbhaigh an tÚdarás nár mhór do APF iarratas a chur isteach chun clárú mar pháirtí polaitiúil Eorpach. |
|
(7) |
An 18 Meán Fómhair 2020, chuir APF aighneacht bhreise isteach (i dteannta na n-aighneachtaí a cuireadh isteach roimhe sin dá ngairtear “an t-iarratas” anseo feasta), lena n-áirítear, i measc nithe eile, foirmeacha ballraíochta ó Falange Española de las JONS (an Spáinn) agus E.LA.SYN. (an Ghréig). |
|
(8) |
An 19 Deireadh Fómhair 2020, chuir an tÚdarás in iúl do APF go raibh an t-iarratas neamhiomlán agus, sa bhreis air sin, thug sé dá aire gur róléir nár leor, in aon chás, trí fhoirm bhallraíochta le haghaidh trí Bhallstát a chur ar fáil chun clárú a fháil. |
|
(9) |
An 26 Deireadh Fómhair 2020, ghlac an tÚdarás réamh-mheasúnú a bhí dírithe chuig APF, inar leagadh a réamhthuairim amach nár chomhlíon an t-iarratas ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 3(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014. |
|
(10) |
Go háirithe, níor chruthaigh APF go gcomhlíonann sé an coinníoll a leagtar síos i bpointe (b) d’Airteagal 3(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 (na “ceanglais íosta ionadaíochta”). |
|
(11) |
De réir na forála sin, chun clárú mar pháirtí polaitiúil Eorpach, ní mór don iarratasóir a chruthú go bhfuil ionadaíocht á déanamh ar a bhallpháirtithe, in aon cheathrú de na Ballstáit ar a laghad, ag feisirí de Pharlaimint na hEorpa, de pharlaimintí náisiúnta, de pharlaimintí réigiúnacha nó de thionóil réigiúnacha, nó go bhfuair sé féin nó a bhallpháirtithe, in aon cheathrú de na Ballstáit ar a laghad, trí faoin gcéad ar a laghad de na vótaí a caitheadh i ngach ceann de na Ballstáit sin ag na toghcháin is déanaí do Pharlaimint na hEorpa. |
|
(12) |
Maidir le hionadaíocht ar na ballpháirtithe, níor bhain an doiciméadacht in iarratas APF a d‘fhéadfaí a choinneáil ach le trí Bhallstát: (i) an Ghearmáin, (ii) an Ghréig agus (iii) an Spáinn, agus ní leor an leibhéal ionadaíochta sin chun na ceanglais íosta ionadaíochta a chomhlíonadh, ceanglais lena n-éilítear ionadaíocht i seacht mBallstát ar a laghad. |
|
(13) |
Sa bhreis air sin, níor chuir APF doiciméadacht isteach lena gcruthófaí go bhfuair sé féin nó a bhallpháirtithe, i seacht mBallstát ar a laghad, trí faoin gcéad ar a laghad de na vótaí a caitheadh i ngach ceann de na Ballstáit sin ag na toghcháin is déanaí do Pharlaimint na hEorpa, agus, in aon chás, bheadh feidhm mutatis mutandis ag na breithnithe céanna a leagtar amach in Aithris (12). |
|
(14) |
Tríd an réamh-mheasúnú, d’iarr an tÚdarás ar APF aon bharúil i scríbhinn a theastaigh uaidh a chur isteach a chur ar fáil faoin 10 Samhain 2020 agus d’athdhearbhaigh sé freisin go raibh an t-iarratas neamhiomlán in aon chás. |
|
(15) |
Níor chuir APF aon bharúlacha ar fáil mar fhreagra ar an réamh-mheasúnú. |
|
(16) |
I bhfianaise an mhéid sin, ní gá don Údarás measúnú a dhéanamh ar fhiúntas an chuid eile den iarratas. |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Diúltaítear leis seo don iarratas a thaisc an Chomhghuaillíocht um Shíocháin agus um Shaoirse ASBL ar chlárú mar pháirtí polaitiúil Eorpach.
Airteagal 2
Gabhfaidh éifeacht leis an gCinneadh seo an lá a dhéanfar é a fhógairt.
Airteagal 3
Dírítear an Cinneadh seo chuig
|
An Chomhghuaillíocht um Shíocháin agus um Shaoirse |
|
Rue Abbé Cuypers 3 |
|
1040 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Samhain 2020.
Thar ceann an Údaráis um Páirtithe Polaitiúla Eorpacha
agus um Fhondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha
An Stiúrthóir
M. ADAM
(1) IO L 317, 4.11.2014, lch. 1.
(2) Cinneadh ón Údarás an 9 Feabhra 2018 maidir leis an gComhghuaillíocht um Shíocháin agus um Shaoirse a chlárú (IO C 193, 6.6.2018, lch. 9).
(3) Cinneadh ón Údarás an 13 Meán Fómhair 2018 maidir leis an gComhghuaillíocht um Shíocháin agus um Shaoirse a bhaint den Chlár (IO C 417, 16.11.2018, lch. 11).