EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020D1109

Cinneadh (AE) 2020/1109 ón gComhairle an 20 Iúil 2020 lena leasaítear Treoracha (AE) 2017/2455 agus (AE) 2019/1995 a mhéid a bhaineann leis na dátaí trasuí agus na dátaí cur i bhfeidhm mar fheagairt ar phaindéim COVID-19

ST/9123/2020/INIT

OJ L 244, 29.7.2020, p. 3–5 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/1109/oj

29.7.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 244/3


CINNEADH (AE) 2020/1109 ÓN GCOMHAIRLE

an 20 Iúil 2020

lena leasaítear Treoracha (AE) 2017/2455 agus (AE) 2019/1995 a mhéid a bhaineann leis na dátaí trasuí agus na dátaí cur i bhfeidhm mar fheagairt ar phaindéim COVID-19

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 113 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leasaíodh Treoir 2006/112/CE ón gComhairle (3) le Treoracha (AE) 2017/2455 (4) agus (AE) 2019/1995 (5) ón gComhairle chun creat dlíthiúil maidir leis an gcáin bhreisluacha (CBL) a nuachóiriú i gcás na ríomhthráchtála trasteorann gnólacht le tomhaltóir. Tá formhór na bhforálacha nua sin le cur i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2021.

(2)

An 30 Eanáir 2020, dhearbhaigh an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) gur éigeandáil sláinte poiblí arb ábhar imní ar leibhéal idirnáisiúnta í ráig COVID-19. An 11 Márta 2020, dhearbhaigh EDS gur paindéim í ráig COVID-19. Chuaigh paindéim COVID-19 i bhfeidhm ar Bhallstáit uile an Aontais. De bharr an mhéadaithe scáfair ar an líon cásanna agus an easpa modhanna éifeachtacha atá ar fáil láithreach chun dul i ngleic le paindéim COVID-19, tá staid éigeandála náisiúnta fógartha ag roinnt mhaith Ballstát.

(3)

Éigeandáil gan choinne agus gan fasach atá i bpaindéim COVID-19, paindéim atá ag imirt tionchar tromchúiseach ar na Ballstáit ar fad agus a fhágann go bhfuil orthu gníomhú láithreach ar an leibhéal náisiúnta chun dul i ngleic mar thosaíocht leis an ngéarchéim atá ar siúl trí acmhainní a cuireadh i leataobh do shaincheisteanna eile a athleithdháileadh. Mar thoradh ar an ngéarchéim seo, tá deacrachtaí ag roinnt Ballstát an fhorbairt a chríochnú faoin 31 Nollaig 2020, ar na córais TF atá riachtanach le haghaidh chur i bhfeidhm na rialacha a leagtar síos le Treoir (AE) 2017/2455 agus Treoir (AE) 2019/1995 agus na rialacha sin a chur i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2021 i leith. Dá bhrí sin, d’iarr roinnt Ballstát chomh maith le hoibreoirí poist agus cúiréara go gcuirfí siar dátaí cur i bhfeidhm Threoir (AE) 2017/2455 agus Threoir (AE) 2019/1995 araon.

(4)

Agus na dúshláin atá le sárú ag na Ballstáit chun dul i ngleic le géarchéim COVID-19 á gcur san áireamh, chomh maith lena chur san áireamh go bhfuil na forálacha nua bunaithe ar an bprionsabal go gcaithfidh na Ballstáit ar fad na córais TF atá acu a thabhairt cothrom le dáta chun go mbeidh siad in ann na rialacha a leagtar síos le Treoracha (AE) 2017/2455 agus (AE) 2019/1995 a chur i bhfeidhm, agus a áirithiú go ndeántar faisnéise agus íocaíochtaí faoi na scéimeanna modhnaithe a bhailiú agus a tharchur, tá sé riachtanach dátaí trasuí agus dátaí cur i bhfeidhm na dTreoracha sin a chur siar 6 mhí. Is iomchuí iad a chur siar 6 mhí, mar gur ceart an mhoill a choinneáil chomh gairid agus is féidir chun caillteanais bhuiséadacha bhreise do na Ballstáit a íoslaghdú.

(5)

I bhfianaise thionchar suntasach an tsuaite eacnamaíoch agus deacrachtaí breise a d’fhéadfadh teacht as paindéim COVID-19, agus chun tacú le cur i bhfeidhm ceart tráthúil na rialacha nua ríomhthráchtála CBL, d’fhéadfadh an Coimisiún oibriú i ndlúthchomhar leis na Ballstáit lena mbaineann chun faireachán a dhéanamh ar oiriúnú na gcóras náisiúnta TF agus chun cúnamh teicniúil a chur ar fáil nuair is gá sin.

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir (AE) 2017/2455 agus Treoir (AE) 2019/1995 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Threoir (AE) 2017/2455

Leasaítear Treoir (AE) 2017/2455 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheannteidil:

Leasuithe ar Threoir 2006/112/CE le héifeacht ón 1 Iúil 2021”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití:

“Le héifeacht ón 1 Iúil 2021, leasaítear Treoir 2006/112/CE mar seo a leanas:”;

(2)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

“Airteagal 3

Leasú ar Threoir 2009/132/CE

Le héifeacht ón 1 Iúil 2021, scriostar Teideal IV de Threoir 2009/132/CE.”;

(3)

in Airteagal 4, leasaítear mír 1 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun Airteagail 2 agus 3 den Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 30 Meitheamh 2021. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl láithreach don Choimisiún.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheathrú fomhír:

“Cuirfidh siad i bhfeidhm na bearta is gá chun Airteagail 2 agus 3 den Treoir seo a chomhlíonadh ón 1 Iúil 2021.”.

Airteagal 2

Leasuithe ar Threoir (AE) 2019/1995

In Airteagal 2(1) de Threoir (AE) 2019/1995, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre agus an dara fomhír:

“Na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 30 Meitheamh 2021 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl láithreach don Choimisiún.

Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm ón 1 Iúil 2021.”.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Iúil 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  Tuairim an 10 Iúil 2020 [nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil].

(2)  Tuairim an 10 Meitheamh 2020 [nár foilsíódh fós san Iris Oifigiúil].

(3)  Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1).

(4)  Treoir (AE) 2017/2455 ón gComhairle an 5 Nollaig 2017 lena leasaítear Treoir 2006/112/CE agus Treoir 2009/132/CE a mhéid a bhaineann le hoibleagáidí áirithe i ndáil le cáin bhreisluacha i gcás soláthairtí seirbhísí agus ciandíolacháin earraí. (IO L 348, 29.12.2017, lch. 7).

(5)  Treoir (AE) 2019/1995 ón gComhairle an 21 Samhain 2019 lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le forálacha i ndáil le ciandíolachán earraí agus soláthairtí baile áirithe earraí (IO L 310, 2.12.2019, lch. 1).


Top