EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020D0752

Cinneadh (AE) 2020/752 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2020 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Bealarúise i ndáil le heisiúint víosaí a éascú

ST/12362/2019/REV/2

OJ L 180, 9.6.2020, p. 1–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/752/oj

Related international agreement

9.6.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 180/1


CINNEADH (AE) 2020/752 ÓN gCOMHAIRLE

an 27 Bealtaine 2020

maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Bealarúise i ndáil le heisiúint víosaí a éascú

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe pointe (a) d’Airteagal 77(2), i gcomhar le pointe (a) den dara fomhír d’Airteagal 218(6) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2019/1915 ón gComhairle (2), síníodh an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Bealarúise i ndáil le heisiúint víosaí a éascú (“Comhaontú an Aontais” anseo feasta) an 8 Eanáir 2020, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta is déanaí.

(2)

I nDearbhú Chruinniú Mullaigh Chomhpháirtíocht an Oirthir an 7 Bealtaine 2009, chuir an tAontas agus na tíortha comhpháirtíochta in iúl go dtacaíonn siad go polaitiúil le léirscaoileadh an chórais víosaí i dtimpeallacht shábháilte shlán agus d’athdhearbhaigh siad a rún céimeanna a ghlacadh, diaidh ar ndiaidh, chun córas taistil gan víosa a thabhairt i gcrích, in am trátha, dá saoránaigh.

(3)

Is é cuspóir an Chomhaontaithe éascú a dhéanamh, ar bhonn na cómhalartachta, ar eisiúint víosaí chuig saoránaigh an Aontais agus na Bealarúise, do chuairt bheartaithe do thréimhse nach faide ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá.

(4)

Is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (3); dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(5)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(6)

Rinne an Coimisiún measúnú ar shlándáil agus ar shláine chóras eisiúna pasanna taidhleoireachta bithmhéadracha na Bealarúise agus ar na sonraíochtaí teicniúla a ghabhann leis sin.

(7)

Ba cheart an Comhaontú a fhormheas,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, déantar an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Bealarúise i ndáil le heisiúint víosaí a éascú a fhormheas thar ceann an Aontais (4).

Airteagal 2

Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 14(1) den Chomhaontú (5).

Airteagal 3

Déanfaidh an Coimisiún Eorpach, le cúnamh ó ionadaithe na mBallstát, ionadaíocht thar ceann an Aontais laistigh den Chomhchoiste arna chur ar bun de bhun Airteagal 12 den Chomhaontú.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 27 Bealtaine 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. GRLIĆ RADMAN


(1)  Toiliú an 13 Bealtaine 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Cinneadh (AE) 2019/1915 ón gComhairle an 14 Deireadh Fómhair 2019 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Bealarúise i ndáil le heisiúint víosaí a éascú IO L 297, 18.11.2019, lch. 1..

(3)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i gcuid d’fhorálacha acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

(4)  Féach leathanach 3 den Iris Oifigiúil seo

(5)  Déanfaidh Ardrúnaíocht na Comhairle dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.


Top