EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020D0462

Cinneadh (AE) 2020/462 ón gComhairle An 20 Feabhra 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh den Choiste Comhlachais a bunaíodh faoin gComhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile, maidir le malartú faisnéise d’fhonn meastóireacht a dhéanamh ar thionchar an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha lena leasaítear an Comhaontú sin

ST/5588/2020/INIT

OJ L 99, 31.3.2020, p. 13–17 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/462/oj

31.3.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 99/13


CINNEADH (AE) 2020/462 ÓN gCOMHAIRLE

An 20 Feabhra 2020

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh den Choiste Comhlachais a bunaíodh faoin gComhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile, maidir le malartú faisnéise d’fhonn meastóireacht a dhéanamh ar thionchar an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha lena leasaítear an Comhaontú sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(3) agus an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tugadh an Comhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile (1) ("an Comhaontú Comhlachais") i gcrích thar ceann an Aontais trí bhíthin Cinneadh 2000/204/CE, CEGC ón gComhairle agus ón gCoimisiún (2) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Márta 2000.

(2)

Trí bhíthin Cinneadh (AE) 2019/217 (3), d’fhormheas an Chomhairle tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Mharacó maidir le leasú ar Phrótacail 1 agus 4 den Chomhaontú Comhlachais (4) ("an Comhaontú leasaitheach"), d'fhonn na fabhair tharaife dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhlachais a leathnú chuig táirgí ar de thionscnamh an tSahára Thiar iad.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 81 den Chomhaontú Comhlachais, bunaíodh Coiste Comhlachais a bheidh freagrach as bainistiú an Chomhaontaithe Comhlachais. De bhun Airteagal 83 den Chomhaontú Comhlachais céanna, tá sé de chumhacht ag an gCoiste Comhlachais cinntí a dhéanamh maidir le bainistiú an Chomhaontaithe Comhlachais agus sna réimsí sin ina bhfuil a cumhachtaí tarmligthe ag an gComhairle chuige.

(4)

Ní mór don Choiste Comhlachais, ar a dhéanaí dhá mhí tar éis don leasú ar an gComhaontú leasaitheach teacht i bhfeidhm, cinneadh a ghlacadh maidir leis na socruithe chun meastóireacht a dhéanamh ar thionchar an Chomhaontaithe leasaithigh, go háirithe maidir le forbairt inbhuanaithe, go mór mór i ndáil leis na sochair a bheidh ann do na pobail lena mbaineann agus le saothrú acmhainní nádúrtha an tSahára Thiar.

(5)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Comhlachais a bhunú, ós rud é go mbeidh an cinneadh atá beartaithe ina cheangal ar an Aontas.

(6)

D’fhonn faireachán a dhéanamh ar éifeachtaí an Chomhaontaithe leasaitheach ar na pobail lena mbaineann agus ar shaothrú acmhainní nádúrtha na gcríoch lena mbaineann, foráiltear go sainráite sa Chomhaontú leasaitheach do chreat agus nós imeachta iomchuí le go mbeidh na Páirtithe, ar bhonn malartuithe rialta faisnéise, in ann meastóireacht a dhéanamh ar a thionchar le linn a chur chun feidhme. Chomhaontaigh an tAontas agus Ríocht Mharacó faisnéis a mhalartú le chéile, uair in aghaidh na bliana, ar a laghad, faoi chuimsiú an Choiste Comhlachais. Is iomchuí, dá bhrí sin, socruithe sonracha a leagan síos don mheastóireacht seo lena nglacadh ag an gCoiste Comhlachais.

(7)

Tá cuspóir an mhalartaithe faisnéise ar aon dul le cuspóir na tuarascála comhpháirtí an 11 Meitheamh 2018ón gCoimisiúin agus ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, maidir leis na tairbhí a bheidh ann do mhuintir an tSahára Thiar agus maidir le dul i gcomhairle leis an bpobal sin maidir le fabhair tharaife a leathnú chuig táirgí an tSahára Thiar.

(8)

Maidir leis an tionchar ar gheilleagar na críche, baineann an fhaisnéis atá ar fáil go dtí seo le talmhaíocht agus iascach go príomha, ach is le gach táirge a bhaineann na fabhair; dá bhrí sin, d’fhéadfadh athrú teacht ar na sonraí a bheidh le malartú, de réir an méid a tharlóidh sa Sahára Thiar. Ina theannta sin, ní ar ghnéithe eacnamaíocha amháin ("sochair" sa chiall is cúinge) atá an malartú faisnéise dírithe; tá sé beartaithe meastóireacht níos leithne a dhéanamh, lena n-áirítear gnéithe amhail forbairt inbhuanaithe agus an tionchar a imrítear ar shaothrú acmhainní nádúrtha.

(9)

Ina theannta sin, thoiligh Ríocht Mharacó chomh maith sásra bailithe sonraí staidrimh ar leithligh a chur ar bun maidir le honnmhairithe táirgí ar de thionscnamh an tSahára Thiar iad chuig an Aontas, ar sonraí iad a chuirfear ar fáil go míosúil don Choimisiún agus do na húdaráis chustaim sna Ballstáit.

(10)

Maidir le táirgeadh agus trádáil i réimse catagóirí sonracha táirgí a ngabhann leas do Ríocht Mharacó leo, beidh Ríocht Mharacó in ann faisnéis a iarraidh ar an Aontas ar bhonn na gcóras faisnéise atá ann cheana,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh de Choiste Comhlachais AE-Ríocht Mharacó a bunaíodh faoin gComhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ón gCoiste Comhlachais sin, atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Feabhra 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

B. DIVJAK


(1)  IO L 70; an 18.3.2000, lch.2.

(2)  Cinneadh 2000/204/CE/CECG ón gComhairle agus ón gCoimisiún an 26 Eanáir 2000 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile (IO L 70 an 18.3.2000, lch. 1).

(3)  Cinneadh (AE) 2019/217 ón gComhairle an 28 Eanáir 2019 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Mharacó maidir le leasú ar Phrótacail 1 agus 4 den Chomhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile (IO L 34 an 6.2.2019, lch. 1).

(4)  IO L 34 an 6.2.2019, lch. 4.


DRÉACHT

CINNEADH UIMH../…..

DE CHOISTE COMHLACHAIS AE-RÍOCHT MHARACÓ

an ...

maidir le malartú faisnéise idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Mharacó d'fhonn meastóireacht a dhéanamh ar thionchar an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha an 25 Deireadh Fómhair 2018 maidir le leasú ar Phrótacail 1 agus 4 den Chomhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit , de pháirt amháin, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile

COISTE COMHLACHAIS AE-RÍOCHT MHARACÓ,

Ag féachaint do Chomhaontú Eora-Mheánmhara an 26 Feabhra 1996 lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile, agus go háirithe Airteagal 83 de,

Ag féachaint don Chomhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Mharacó an 25 Deireadh Fómhair 2018 maidir le leasú a dhéanamh ar Phrótacail 1 agus 4 den Chomhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ar an 19 Iúil 2019 a tháinig i bhfeidhm an Comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Mharacó ("an Comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha") maidir le leasú a dhéanamh ar Phrótacail 1 agus 4 den Chomhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile.

(2)

Tugadh an Comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha sin i gcrích gan dochar do sheasaimh faoi seach an Aontais Eorpaigh maidir le stádas an tSahára Thiar agus stádas Ríocht Mharacó maidir leis an réigiún sin.

(3)

Faoin gComhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha seo, na táirgí ar de thionscnamh an tSahára Thiar iad, atá faoi réir a rialaithe ag údaráis chustaim Ríocht Mharacó, is ionann na fabhair thrádála a bheidh acu agus na fabhair thrádála sin a dheonaíonn an tAontas Eorpach do na táirgí a chumhdaítear faoin gComhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile ("an Comhaontú Comhlachais").

(4)

De mheon comhpháirtíochta agus chun a chur ar chumas na bPáirtithe measúnú a dhéanamh ar thionchar an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha, go háirithe a thionchar ar an bhforbairt inbhuanaithe, go mór mór i ndáil leis na sochair a bheidh ann do na daoine lena mbaineann agus le saothrú acmhainní nádúrtha na gcríoch lena mbaineann, tá sé comhaontaithe ag an Aontas Eorpach agus ag Ríocht Mharacó faisnéis a mhalartú faoi chuimsiú an Choiste Comhlachais uair sa bhliain ar a laghad.

(5)

Tá an Coiste Comhlachais chun na socruithe sonracha don chleachtadh meastóireachta sin a ghlacadh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   De mheon comhpháirtíochta agus d'fhonn a chur ar chumas na bPáirtithe measúnú a dhéanamh ar thionchar an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha le linn a chur i bhfeidhm ó thaobh na forbartha inbhuanaithe de, chomhaontaigh an tAontas Eorpach agus Ríocht Mharacó faisnéis a mhalartú le chéile, uair in aghaidh na bliana, faoi chuimsiú an Choiste Comhlachais.

2.   Malartóidh an tAontas Eorpach agus Ríocht Mharacó sonraí a mheastar a bheith ábhartha sna príomhearnálacha gníomhaíochta lena mbaineann chomh maith le faisnéis staidrimh, eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil, agus go háirithe faisnéis faoi thairbhí an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha do na pobail lena mbaineann agus faoi shaothrú acmhainní nádúrtha na gcríoch atá i gceist. Leagtar amach liosta faisnéise ábhartha san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Déanfar an malartú sin ar bhonn teachtaireacht i scríbhinn a sheolfar roimh ré tráth nach déanaí ná deireadh mhí na Márta gach bliain; tar éis na teachtaireachta sin, féadfar iarrataí ar shoiléiriú agus ar cheisteanna breise a eascraíonn as na saincheisteanna a leagtar síos sa Chinneadh seo. Cuirfear freagraí ar fáil faoi dheireadh mhí an Mheithimh gach bliain.

3.   Anuas air sin, comhaontaíodh idir na páirtithe freisin, de mheon comhpháirtíochta agus chun a chur ar a gcumas meastóireacht a dhéanamh ar thionchar an chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha, go bhféadfadh Ríocht Mharacó faisnéis a iarraidh ar an Aontas Eorpach maidir le táirgeadh agus trádáil i gcatagóirí sonracha táirgí a ngabhann leas do Ríocht Mharacó leo, ar bhonn na gcóras faisnéise atá ann cheana.

Chun na críche sin, cuirfidh Ríocht Mharacó a iarraidh ar aghaidh i scríbhinn chuig an Aontas Eorpach faoi dheireadh mhí na Márta gach bliain; tar éis na teachtaireachta sin, féadfar iarrataí ar shoiléiriú agus ar cheisteanna breise a chur ar aghaidh. Cuirfear freagraí ar fáil ar a dhéanaí faoi dheireadh mhí an Mheithimh gach bliain.

4.   Tabharfaidh na Páirtithe aird ar na malartuithe sin laistigh den Choiste Comhlachais, uair sa bhliain.

5.   Déanfaidh na Páirtithe na miontuairiscí, lena n-áirítear conclúidí an Choiste Comhlachais, a fhormheas faoi dheireadh na míosa a thagann i ndiaidh na míosa ina raibh an cruinniú ar siúl.

Airteagal 2

Is cuid dhílis den Chinneadh seo an Iarscríbhinn.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an dáta a ghlacfar é.

Arna dhéanamh in/ sa…., an … 2020

Do Choiste Comhlachais AE- Ríocht Mharacó


IARSCRÍBHINN

FAISNÉIS IS ÁBHARTHA MAIDIR LE MALARTÚ FAISNÉISE FAOIN gCOMHAONTÚ I bhFOIRM MALARTÚ LITREACHA

Úsáidfear an fhaisnéis a mhalartófar chun an tuarascáil a dhréachtaigh an Coimisiúin agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) (1) ar an 11 Meitheamh 2018. Ní mór, dá bhrí sin, faisnéis mhionsonraithe a bheith sa mhalartú faisnéise ionas gur féidir meastóireacht a dhéanamh ar thionchar an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha le linn a chur chun feidhme, lena n‐áirítear faisnéis ghinearálta ar na críocha agus ar na pobail lena mbaineann. Is chun críche meastóireachta agus chun críche an nuashonraithe arna dhéanamh ag an Coimisiún agus SEGS ar an tuarascáil, agus chun na críche sin amháin, an fhaisnéis sin. Seo a leanas samplaí den fhaisnéis ábhartha, mar shampla:

1.

Faisnéis arna soláthar ag Ríocht Mharacó

(a)

Faisnéis ghinearálta

*

Staitisticí socheacnamaíoch agus comhshaoil.

(b)

Faisnéis maidir leis na príomhearnálacha eacnamaíocha onnmhairiúcháin

*

táirgeadh de réir cineáil táirge;

*

achar dromchla arna úsáid agus toirteanna arna mbaint

*

onnmhairí chuig an Aontas Eorpach de réir méide agus luacha

*

gníomhaíochtaí na n-oibreoirí áitiúla a mbaineann an comhaontú i bhfoirm malartú litreacha leo agus an fhostaíocht a ghintear leis an méid sin;

*

bainistíocht inbhuanaithe na n-acmhainní nádúrtha;

*

córais costála.

2.

Faisnéis arna soláthar ag an Aontas

Faisnéis maidir le trádáil i dtáirgí sonracha a onnmhairítear go Maracó de réir cóid custaim, méid agus dtéarmaí méid agus luach an táirge agus, i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil, maidir lena dtáirgeadh.

3.

Faisnéis ábhartha eile

De réir mar a deirtear sa chomhfhreagras idir an Coimisiún agus Misean Ríocht Mharacó an 6 Nollaig 2018, bunóidh Ríocht Mharacó sásra chun faisnéis a bhailiú faoi onnmhairí a chumhdaítear faoin gComhaontú Comhlachais, arna leasú leis an malartú litreacha, a sholáthróidh faisnéis chórasach agus rialta agus a chuirfidh ar fáil ar bhonn míosúil sonraí beachta a chuirfidh ar chumas an Aontais Eorpaigh faisnéis thrédhearcach iontaofa a bheith acu maidir le tionscnamh na n‐onnmhairí sin chuig an Aontas, de réir réigiúin (2). Beidh rochtain dhíreach ag an gCoimisiún Eorpach ar shonraí den sórt sin agus roinnfidh siad iad le húdaráis custaim Ballstáit agus an Aontais Eorpaigh.

Beidh ag Ríocht Mharacó, ar a taobh féin, faisnéis thrédhearcach agus iontaofa faoi onnmhairithe ón Aontas Eorpach chuig Ríocht Mharacó.


(1)  "Tuarascáil maidir le buntáistí do phobail an tSahára Thiar agus comhairliúchán poiblí maidir leis na fabhair tharaife a leathnú chuig táirgí an tSahára Thiar" an 11 Meitheamh 2018 (SWD (2018) 346 críochnaitheach).

(2)  NB: Tá feidhm ag an sásra seo ó 1 Deireadh Fómhair 2019 i leith.


Top