EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32019R1753

Rialachán (AE) 2019/1753 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le gníomhaíocht an Aontais tar éis a aontachais le hIonstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha

PE/74/2019/REV/1

OJ L 271, 24.10.2019, p. 1–11 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1753/oj

24.10.2019   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

L 271/1


RIALACHÁN (AE) 2019/1753 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 23 Deireadh Fómhair 2019

maidir le gníomhaíocht an Aontais tar éis a aontachais le hIonstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Chun gur féidir leis an Aontas a inniúlacht eisiach a fheidhmiú go hiomlán i ndáil lena chomhbheartas tráchtála, agus i gcomhlíonadh iomlán a ghealltanas faoin gComhaontú maidir le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil (TRIPS) de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála, tiocfaidh sé chun bheith ina Pháirtí Conarthach in Ionstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha (“Ionstraim na Ginéive”) de bhun Chinneadh (AE) 2019/1754 (3) ón gComhairle, ar ní é lena n-údaraítear na Ballstáit freisin Ionstraim na Ginéive a dhaingniú nó aontú di chun leas an Aontais. I dtaca leis na páirtithe conarthacha in Ionstraim na Ginéive, is baill iad d'Aontas Speisialta a cuireadh ar bun le Comhaontú Liospóin maidir le hAinmniúcháin Tionscnaimh a Chosaint agus a Chlárú go hIdirnáisiúnta (“Aontas Speisialta”). I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2019/1754, déanfaidh an Coimisiún ionadaíocht don Aontas agus do na Ballstáit a dhaingnigh nó a d'aontaigh Ionstraim na Ginéive san Aontas Speisialta i ndáil le hIonstraim na Ginéive.

(2)

Is iomchuí rialacha a leagan síos lena gceadaítear don Aontas na cearta a leagtar síos in Ionstraim na Ginéive a fheidhmiú agus na hoibleagáidí a leagtar síos ann a chomhlíonadh, thar a cheann féin agus thar ceann na mBallstát a dhaingníonn an Ionstraim sin nó a aontaíonn don Ionstraim sin.

(3)

Le hIonstraim na Ginéive, déantar ainmniúcháin tionscnaimh, lena n-áirítear ainmniúcháin tionscnaimh de réir bhrí Rialacháin (AE) Uimh 1151/2012 (4) agus (AE) Uimh 1308/2013 (5) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, mar aon le tásca geografacha de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) Uimh. 251/2014 (6) agus (AE) 2019/787 (7) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, dá ngairtear “tásca geografacha” le chéile sa Rialachán seo, a chosaint.

(4)

Ar aontachas an Aontais le hIonstraim na Ginéive agus, ar bhonn rialta, ina dhiaidh, ba cheart don Choimisiún iarratais a dhéanamh chuig Biúró Idirnáisiúnta na hEagraíochta Domhanda um Maoin Intleachtúil (“an Biúró Idirnáisiúnta”) maidir le clárú idirnáisiúnta na dtásc geografach ar de thionscnamh chríoch an Aontais iad agus atá faoi chosaint sa chríoch sin, a chlárú i gclár an Bhiúró Idirnáisiúnta (“an Clár Idirnáisiúnta”). Ba cheart iarratais den sórt sin a bhunú ar fhógraí ó na Ballstáit atá ag gníomhú ar a dtionscnamh féin nó arna iarraidh sin ag duine nádúrtha nó ag eintiteas dlítheanach dá dtagraítear i bpointe (ii) d'Airteagal 5(2) d'Ionstraim na Ginéive nó ag tairbhí mar a shainmhínítear é i bpointe (xvii) d'Airteagal 1 de. Agus na fógraí á n-ullmhú, ba cheart do na Ballstáit an leas eacnamaíoch a ghabhann le cosaint idirnáisiúnta na dtásc geografach lena mbaineann a bhreithniú agus a chur san áireamh go háirithe an luach táirgeachta agus an luach onnmhairiúcháin, cosaint faoi chomhaontuithe eile, chomh maith le mí-úsáid reatha nó féideartha i dtríú tíortha.

(5)

Trí thásca geografacha a chlárú sa Chlár Idirnáisiúnta, ba cheart go mbeifí in ann táirgí cáilíochta, iomaíocht chothrom agus cosaint tomhaltóirí a sholáthar. I bhfianaise a luach cultúrtha agus eacnamaíoch suntasach, ba cheart clárú na dtásc geografach a mheasúnú i ndáil leis an luach a chruthaítear do phobail áitiúla, le súil le tacaíocht a thabhairt don fhorbairt tuaithe agus deiseanna nua fostaíochta a chur chun cinn i dtáirgeadh, próiseáil agus i seirbhísí bainteacha eile.

(6)

D'fhonn idirphlé leanúnach a bhunú leis na páirtithe leasmhara ábhartha, ba cheart don Choimisiún sásraí atá ann cheana a úsáid chun dul i gcomhairle go rialta leis na Ballstáit, le comhlachais trádála agus le táirgeoirí an Aontais.

(7)

Ba cheart nósanna imeachta iomchuí a bhunú ionas gur féidir leis an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar thásca geografacha, ar de thionscnamh na bPáirtithe Conarthacha in Ionstraim na Ginéive nach Ballstáit iad (“tríú Páirtithe Conarthacha”), agus atá cláraithe sa Chlár Idirnáisiúnta, chun cinntí a dhéanamh i dtaca le cosaint san Aontas agus chun an chosaint sin a neamhbhailíochtú, nuair is ábhartha.

(8)

Ba cheart don Aontas forfheidhmiú cosaint tásc geografach ar de thionscnamh tríú páirtithe conarthacha iad agus atá cláraithe sa Chlár Idirnáisiúnta a dhéanamh i gcomhréir le Caibidil III d'Ionstraim na Ginéive, go háirithe i gcomhréir le hAirteagal 14 de, lena gceanglaítear ar gach páirtí conarthach leigheasanna éifeachtacha dlí a chur ar fáil chun tásca geografacha atá cláraithe a chosaint, agus a fhoráil go bhféadfaidh údarás poiblí nó aon pháirtí leasmhar, cibé acu duine nádúrtha nó eintiteas dlíthiúil é agus cibé acu poiblí nó príobháideach é, i gcomhréir le córas dlí agus le cleachtas an Pháirtí Chonarthaigh sin, imeachtaí dlí a thionscnamh le cosaint na dtásc sin a áirithiú.

(9)

D'fhonn cosaint trádmharcanna an Aontais, trádmharcanna réigiúnacha agus trádmharcanna náisiúnta agus cosaint tásc geografach a áirithiú in éineacht, ag féachaint don choimirce i ndáil le cearta thrádmhairc roimhe seo mar a leagtar síos in Airteagal 13(1) d'Ionstraim na Ginéive, ba cheart a choimirciú go bhféadfadh trádmharcanna roimhe seo agus tásca geografacha roimhe seo atá cláraithe sa Chlár Idirnáisiúnta dá ndeonaítear cosaint nó a úsáidtear san Aontas a bheith bailí go comhuaineach.

(10)

I bhfianaise inniúlacht eisiach an Aontais i dtaca leis an gcomhbheartas tráchtála, níor cheart do Bhallstáit nach páirtithe iad cheana i gComhaontú Liospóin maidir le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus a gClárú Idirnáisiúnta a Chosaint 1958 arna athbhreithniú i Stócólm ar an 14 Iúil 1967 agus arna leasú ar an 28 Meán Fómhair 1979 (“Comhaontú Liospóin”) an Comhaontú sin a dhaingniú ná aontú dó.

(11)

Ba cheart cead a thabhairt do na Ballstáit ar páirtithe iad cheana i gComhaontú Liospóin fanacht amhlaidh, go háirithe chun leanúnachas na gceart a dheonaítear faoin gComhaontú sin agus comhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar síos sa Chomhaontú sin a áirithiú. Ba cheart dóibh áfach gníomhú ar son leas an Aontais amháin agus le lánurraim d'inniúlacht eisiach an Aontais. Ba cheart do na Ballstáit sin, mar sin, a gcearta agus a n-oibleagáidí a fheidhmiú faoi Chomhaontú Liospóin i lánchomhlíonadh an údaraithe arna dheonú ag an Aontas de bhun an Rialacháin seo. D'fhonn urraim a thabhairt don chóras cosanta aonfhoirmí do thásca geografacha arna mbunú san Aontas maidir le táirgí talmhaíochta agus d'fhonn comhchuibhiú laistigh den mhargadh inmheánach a fheabhsú, níor cheart do na Ballstáit sin aon ainmniúcháin tionscnaimh nua a chlárú faoi Chomhaontú Liospóin le haghaidh táirgí a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 251/2014 nó (AE) 2019/787.

(12)

Tá ainmniúcháin tionscnaimh cláraithe ag na Ballstáit ar páirtithe iad cheana i gComhaontú Liospóin faoi Chomhaontú Liospóin. Ba cheart foráil a dhéanamh do shocruithe idirthréimhseacha ionas go mbeidh cosaint leanúnach na n-ainmniúchán tionscnaimh sin fós féideartha, faoi réir cheanglais an chomhaontaithe sin, Ionstraim na Ginéive agus dlí an Aontais.

(13)

Cosnaíonn na Ballstáit ar páirtithe iad cheana i gComhaontú Liospóin ainmniúcháin tionscnaimh na dtríú Páirtithe sa chomhaontú sin. Chun na hacmhainní a thabhairt dóibh le gur féidir leo a n-oibleagáidí idirnáisiúnta a ghlac siad orthu féin a chomhlíonadh sular aontaigh an tAontas Eorpach d'Ionstraim na Ginéive, ba cheart foráil a dhéanamh do shocrú idirthréimhseach, ar socrú ar cheart go mbeadh éifeachtaí ar an leibhéal náisiúnta, agus ar an leibhéal sin amháin aige, agus ar cheart nach mbeadh aon éifeachtaí aige ar an trádáil laistigh den Aontas ná ar an trádáil idirnáisiúnta.

(14)

Is iomchuí gur ar an mBallstát ar dá thionscnamh an tásc geografach, ar dhuine nádúrtha nó ar eintiteas dlítheanach dá dtagraítear i bpointe (ii) d'Airteagal 5(2) d'Ionstraim na Ginéive nó ar thairbhí mar a shainmhínítear é i bpointe (xvii) d'Airteagal 1 de a thitfidh na táillí a bheidh le híoc faoi Ionstraim na Ginéive agus na Comhrialacháin faoi Chomhaontú Liospóin agus faoi Ionstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin (“na Comhrialacháin”) as iarratas a chomhdú leis an mBiúró Idirnáisiúnta maidir le tásc geografach a chlárú go hidirnáisiúnta maille leis na táillí a bheidh le híoc i ndáil le hiontrálacha eile sa Chlár Idirnáisiúnta agus le soláthar sleachta, fianuithe nó faisnéise eile a bhaineann le hábhar an chlárúcháin idirnáisiúnta sin. Ba cheart rogha a bheith ag na Ballstáit a cheangal ar an duine nádúrtha, an t-eintiteas dlítheanach nó an tairbhí sin na táillí ar fad nó cuid díobh a íoc.

(15)

Chun íoc as aon ghannchion i ndáil le buiséad oibriúcháin an Aontais Speisialta, ba cheart go bhféadfadh an tAontas foráil a dhéanamh, ar feadh na n-acmhainní atá ar fáil chun na críche sin i mbuiséad bliantúil an Aontais, do ranníocaíocht speisialta mar a chinnfidh Tionól an Aontais Speisialta í de bhun Airteagal 24(4) d'Ionstraim na Ginéive, i bhfianaise luach eacnamaíoch agus cultúrtha chosaint na dtásc geografach.

(16)

D'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le ballraíocht an Aontais den Aontas Speisialta a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil le liosta de thásca geografacha a bhunú a bheidh le háireamh san iarratas a bheidh le comhdú leis na tásca sin a chlárú go hidirnáisiúnta ag an mBiúró Idirnáisiúnta ar aontú dó d'Ionstraim na Ginéive agus le haon iarratais eile a chomhdú ina dhiaidh sin, le diúltú do fhreasúra, le cinneadh a dhéanamh an bhfuil cosaint le deonú do thásc geografach atá cláraithe sa Chlár Idirnáisiúnta, le diúltú na n-éifeachtaí a ghabhann le clárú idirnáisiúnta a aistarraingt, le hiarraidh go gcuirfí ar ceal clárúchán idirnáisiúnta, le fógra a thabhairt maidir le neamhbhailíochtú ar chosaint táisc gheografaigh san Aontas atá cláraithe sa Chlár Idirnáisiúnta, chomh maith leis sin, le na Ballstáit a údarú foráil a dhéanamh d'aon mhodhnuithe riachtanacha maidir leis an ainmniúchán tionscnaimh do tháirge atá cosanta faoi Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) Uimh. 251/2014 nó (AE) 2019/787 agus le fógra a thabhairt don Bhiúró Idirnáisiúnta maidir leis sin. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

(17)

I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, is gá agus is iomchuí, chun go mbainfí amach an bunchuspóir arb é an tAontas a chumasú páirt a ghlacadh san Aontas Speisialta ar bhealach ina n-áiritheofar cosaint éifeachtúil tásca geografacha an Aontais ar an leibhéal idirnáisiúnta, rialacha agus nósanna imeachta a leagan síos a bhaineann le gníomhaíochtaí an Aontais tar éis dó aontú d'Ionstraim na Ginéive. Ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir atá á shaothrú a bhaint amach, i gcomhréir le hAirteagal 5(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

(18)

Tá sé tábhachtach a áirithiú go ndéanfaidh an Coimisiún faireachán agus meastóireacht ar rannpháirtíocht an Aontais in Ionstraim na Ginéive le himeacht ama. D'fhonn meastóireacht den saghas sin a dhéanamh, ba cheart don Choimisiún, inter alia, an méid seo a leanas a chur san áireamh: líon na dtásc geografach atá cosanta agus cláraithe faoi dhlí an Aontais a bhfuil iarratais ar chlárú idirnáisiúnta curtha isteach ina leith, cásanna inar dhiúltaigh tríú Páirtithe Conarthacha cosaint, an forfhás ar líon na dtríú tíortha atá rannpháirteach in Ionstraim na Ginéive, an ghníomhaíocht atá déanta ag an gCoimisiún chun an líon sin a mhéadú, chomh maith le tionchar staid reatha dlí an Aontais maidir le tásca geografacha ar tharraingteacht Ionstraim na Ginéive do thríú tíortha, agus líon agus cineál na dtásc geografach ar de thionscnamh thríú Páirtithe Conarthacha iad agus ar dhiúltaigh an tAontas dóibh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

1.   Bunaítear leis an Rialachán seo rialacha agus nósanna imeachta maidir le gníomhaíochtaí an Aontais ar a aontachais le hIonstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha (“Ionstraim na Ginéive”).

2.   Chun críche an Rialacháin seo, cumhdaítear sa téarma “tásca geografacha” ainmniúcháin tionscnaimh de réir bhrí Ionstraim na Ginéive, lena n-áirítear ainmniúcháin tionscnaimh de réir bhrí Rialacháin (AE) Uimh. 1151/2012 agus (AE) Uimh. 1308/2013, chomh maith le tásca geografacha de réir bhrí Rialacháin (AE) Uimh.1151/2012, (AE) Uimh.1308/2013, (AE) Uimh. 251/2014 agus (AE) 2019/787.

Airteagal 2

Clárú idirnáisiúnta tásc geografach

1.   Ar aontachas an Aontais le hIonstraim na Ginéive agus ina dhiaidh sin, ar bhonn rialta, déanfaidh an Coimisiún, ina cháil mar Údarás Inniúil de réir bhrí Airteagal 3 d'Ionstraim na Ginéive, iarratais a chomhdú maidir le tásca geografacha a chlárú go hidirnáisiúnta, ar tásca iad atá faoi chosaint ag dlí an Aontais agus cláraithe faoin dlí sin, agus a bhaineann le táirgí ar de thionscnamh an Aontais iad de bhun Airteagal 5(1) agus (2) d'Ionstraim na Ginéive chuig Biúró Idirnáisiúnta na hEagraíochta Domhanda um Maoin Intleachtúil (“an Biúró Idirnáisiúnta”).

2.   Chun críche mhír 1, féadfaidh na Ballstáit a iarraidh ar an gCoimisiún tásca geografacha ar de thionscnamh a gcríche iad, agus atá cosanta agus atá cláraithe faoi dhlí an Aontais, a chlárú sa Chlár Idirnáisiúnta. Beidh iarrataí den saghas sin bunaithe ar:

(a)

iarraidh arna déanamh ag duine nádúrtha nó ag eintiteas dlítheanach dá dtagraítear i bpointe (ii) d'Airteagal 5(2) d'Ionstraim na Ginéive nó ag tairbhí mar a shainmhínítear é i bpointe (xvii) d'Airteagal 1 d'Ionstraim na Ginéive; nó

(b)

ar a dtionscnamh féin.

3.   Ar bhonn na n-iarrataí sin, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena liostófar na tásca geografacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2).

Airteagal 3

Cealú táisc gheografaigh ar de thionscnamh Ballstáit é agus atá cláraithe sa Chlár Idirnáisiúnta

1.   Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme d'fhonn a iarradh ar an mBiúró Idirnáisiúnta clárúchán táisc gheografaigh sa Chlár Idirnáisiúnta ar de thionscnamh Ballstáit é, a chealú in aon cheann de na himthosca seo a leanas:

(a)

níl an tásc geografach cosanta a thuilleadh san Aontas;

(b)

arna iarraidh sin ag an mBallstát ar dá thionscnamh an tásc geografach, bunaithe ar an méid seo a leanas:

(i)

iarraidh ag duine nádúrtha nó ag eintiteas dlítheanach dá dtagraítear i bpointe (ii) d'Airteagal 5(2) d'Ionstraim na Ginéive nó ag tairbhí mar a shainmhínítear é i bpointe (xvii) d'Airteagal 1 d'Ionstraim na Ginéive; nó

(ii)

a thionscnamh féin.

2.   Déanfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2).

3.   Tabharfaidh an Coimisiún fógra, gan mhoill, don Bhiúró idirnáisiúnta maidir leis an iarraidh ar chealú.

Airteagal 4

Foilsiú tásc geografach tríú tír arna gclárú sa Chlár Idirnáisiúnta

1.   Foilseoidh an Coimisiún aon chlárú idirnáisiúnta a dtugann an Biúró Idirnáisiúnta fógra ina leith de bhun Airteagal 6(4) d'Ionstraim na Ginéive ar clárú é:

(a)

a bhaineann leis na tásca geografacha atá cláraithe sa Chlár Idirnáisiúnta agus nach Ballstát ina leith sin é an Páirtí Conarthach Tionscnaimh, mar a shainmhínítear é faoi phointe (xv) d'Airteagal 1 d'Ionstraim na Ginéive; agus

(b)

a bhaineann le táirge dá dtugtar cosaint ar leibhéal an Aontais do thásca geografacha.

2.   Déanfar an clárú idirnáisiúnta dá dtagraítear i mír 1 a fhoilsiú i Sraith C d'Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Áireofar san fhoilsiú tagairt do chineál agus do thír thionscnaimh an táirge.

Airteagal 5

Measúnú ar thásca geografacha tríú tír arna gclárú sa Chlár Idirnáisiúnta

1.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar aon chlárú idirnáisiúnta a mbeidh fógra ina leith tugtha ag an mBiúró Idirnáisiúnta de bhun Airteagal 6(4) d'Ionstraim na Ginéive maidir leis na tásca geografacha atá cláraithe sa Chlár Idirnáisiúnta agus nach Ballstát ina leith sin an Páirtí Conarthach Tionscnaimh, mar a shainmhínítear é faoi phointe (xv) d'Airteagal 1 d'Ionstraim na Ginéive, chun a chinneadh an áirítear leis inneachar éigeantach a leagtar síos le Riail 5(2) de na Comhrialacháin faoi Chomhaontú Liospóin agus faoi Ionstraim na Ginéive (“na Comhrialacháin”), agus na mionsonraí a bhaineann le cáilíocht, clú nó tréithe mar a leagtar síos iad i Riail 5(3) de na Comhrialacháin, agus chun a fhíorú an mbaineann an foilsiú dá dtagraítear in Airteagal 4 le táirge dá dtugtar cosaint ar leibhéal an Aontais dá thásca geografacha.

2.   Déanfar an measúnú dá dtagraítear i mír 1 laistigh de cheithre mhí ó dháta cláraithe an táisc gheografaigh sa Chlár Idirnáisiúnta agus, mar chuid de sin, ní áireofar ann measúnú ar aon fhorálacha sonracha eile de chuid an Aontais a bhaineann le táirgí a chur ar an margadh agus, go háirithe, le caighdeáin sláintíochta agus fíteashláintíochta, caighdeáin mhargaíochta nó le lipéadú bia.

Airteagal 6

Nós imeachta freasúra le haghaidh tásca geografacha tríú tír arna gclárú sa Chlár Idirnáisiúnta

1.   Laistigh de cheithre mhí ón dáta a bhfoilseofar an clárú idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 4, féadfaidh údaráis Bhallstáit nó tríú Páirtí Conarthach nach é an Páirtí Conarthach Tionscnaimh é mar a shainítear faoi phointe (xv) d'Airteagal 1 d'Ionstraim na Ginéive, nó duine nádúrtha nó dlítheanach ag a bhfuil leas dlisteanach agus atá bunaithe san Aontas nó i dtríú Páirtí Conarthach nach é an Páirtí Conarthach Tionscnaimh é, féadfaidh siad freasúra a thaisceadh leis an gCoimisiún.

Beidh an freasúra i gceann de theangacha oifigiúla institiúidí an Aontais.

2.   Ní ghlacfar leis an bhfreasúra dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ach amháin i gcás ina dtaiscfear é laistigh den teorainn ama a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo agus i gcás ina mbeidh sé bunaithe ar cheann amháin nó níos mó de na forais seo a leanas:

(a)

tá an tásc geografach atá cláraithe sa Chlár Idirnáisiúnta ag teacht salach ar ainm cineáil planda nó ainm póir ainmhí agus is dóigh don chlárú sin an tomhaltóir a chur ar míthreoir maidir le tionscnamh ceart an táirge;

(b)

tá an tásc geografach atá cláraithe sa Chlár Idirnáisiúnta comhainmneach go hiomlán nó i bpáirt le tásc geografach atá faoi chosaint san Aontas cheana agus níl idirdhealú leordhóthanach i gcleachtas idir na coinníollacha úsáide áitiúla agus traidisiúnta agus cur i láthair an táisc gheografaigh a bhfuil sé molta é a chur faoi chosaint agus an tásc geografach atá faoi chosaint san Aontas cheana, á chur san áireamh gur gá a áirithiú go gcaithfear go cothrom leis na táirgeoirí lena mbaineann agus nach gcuirfear na tomhaltóirí ar míthreoir;

(c)

shárófaí ceart thrádmhairc roimhe seo ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal náisiúnta de thoradh ar an tásc geografach atá cláraithe sa Chlár Idirnáisiúnta a bheith faoi chosaint san Aontas;

(d)

chuirfeadh cosaint an táisc gheografaigh tríú tír san Aontas na nithe seo a leanas i gcontúirt: úsáid ainm eile atá comhionann go hiomlán nó i bpáirt nó cineál eisiach trádmhairc ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal náisiúnta nó táirgí arb ann dóibh cheana agus a bhí á gcur ar an margadh go dlíthiúil ar feadh cúig bliana ar a laghad roimh dháta foilsithe an chláraithe idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 4;

(e)

baineann an tásc geografach atá cláraithe sa Chlár Idirnáisiúnta le táirge nach dtugtar cosaint ar leibhéal an Aontais dá thásca geografacha faoi láthair;

(f)

is téarma cineálach i gcríoch an Aontais an t-ainm a bhfuil clárú iarrtha ina leith;

(g)

ní chomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i bpointí (i) agus (ii) d'Airteagal 2(1) d'Ionstraim na Ginéive;

(h)

is ainm comhainmneach é an tásc geografach atá cláraithe sa Chlár Idirnáisiúnta a chuirfeadh an tomhaltóir ar míthreoir sa chaoi go gcreidfeadh sé gur tháinig na táirgí ó chríoch eile, fiú má tá an t-ainm cruinn a mhéid a bhaineann le críoch, le réigiún nó le háit tionscnaimh iarbhír na dtáirgí atá i gceist.

3.   Déanfaidh an Coimisiún na forais atá leis an bhfreasúra a leagtar amach i mír 2 a mheasúnú i ndáil le críoch an Aontais nó le cuid di.

Airteagal 7

Cinneadh maidir le tásca geografacha tríú tír arna gclárú sa Chlár Idirnáisiúnta a chur faoi chosaint san Aontas

1.   I gcás, ar bhonn an mheasúnaithe arna dhéanamh de bhun Airteagal 5, go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal sin agus nach bhfaighfear aon fhreasúra nó aon fhreasúra inghlactha, diúltóidh an Coimisiún, de réir mar is iomchuí, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, aon fhreasúra neamh-inghlactha a dhiúltú agus cinnfidh sé cosaint a dheonú don tásc geografach trí bhíthin gníomh cur chun feidhme. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2).

2.   I gcás, ar bhonn an mheasúnaithe arna dhéanamh de bhun Airteagal 5, nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal sin nó go bhfaightear freasúra atá inghlactha mar a leagtar amach in Airteagal 6(2), cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, an ndéanfaidh sé cosaint a dheonú do thásc geografach arna chlárú sa Chlár Idirnáisiúnta. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2). I ndáil le tásca geografacha lena gcumhdaítear táirgí nach dtagann faoi inniúlacht na gcoistí dá bhforáiltear in Airteagal 15(1), déanfaidh an Coimisiún an cinneadh an ndéanfaidh sé cosaint a dheonú a ghlacadh.

3.   Sa chinneadh maidir le tásc geografach a chur faoi chosaint i gcomhréir le mír 1 nó le mír 2 den Airteagal seo, leagfar amach raon feidhme na cosanta arna deonú agus féadfar a áireamh inti coinníollacha atá ag luí le hIonstraim na Ginéive agus go háirithe féadfar idirthréimhse shainithe a dheonú ina chomhair, mar a shonraítear sin in Airteagal 17 d'Ionstraim na Ginéive agus i Riail 14 de na Comhrialacháin.

4.   I gcomhréir le hAirteagal 15(1) d'Ionstraim na Ginéive, tabharfaidh an Coimisiún fógra don Bhiúró Idirnáisiúnta faoi dhiúltú éifeachtaí an chlárúcháin idirnáisiúnta lena mbaineann i gcríoch an Aontais, laistigh de bhliain amháin ón dáta a bhfaighfear an fógra maidir le clárú idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 6(4) d'Ionstraim na Ginéive, nó, sna cásanna dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 5 de Chinneadh (AE) 2019/1754 laistigh de dhá bhliain ón tráth a bhfaighfear an fógra sin.

5.   Féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh chuí-réasúnaithe ó Bhallstát, ó thríú tír nó ó dhuine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige, diúltú ar tugadh fógra ina leith cheana don Bhiúró Idirnáisiúnta a tharraingt siar, go hiomlán nó go páirteach, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2).

Tabharfaidh an Coimisiún fógra gan mhoill don Bhiúró Idirnáisiúnta maidir le tarraingt siar den sórt sin.

Airteagal 8

Úsáid tásc geografach

1.   Beidh feidhm ag na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 7 gan dochar d'aon fhorálacha sonracha de chuid an Aontais a bhaineann le táirgí a chur ar an margadh agus, go háirithe, le comheagrú margaí talmhaíochta, le caighdeáin sláintíochta agus fíteashláintíochta, agus le lipéadú bia.

2.   Faoi réir mhír 1, féadfaidh aon oibreoir leas a bhaint as na tásca geografacha arna gcosaint de bhun an Rialacháin seo, ar oibreoir é a bhfuil margú á dhéanamh aige ar tháirge i gcomhréir le clárú idirnáisiúnta na dtásc geografach sin.

Airteagal 9

Na héifeachtaí atá ag tásc geografach tríú tír arna chlárú sa Chlár Idirnáisiúnta a neamhbhailíochtú san Aontas

1.   Féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh chuí-réasúnaithe ó Bhallstát, ó thríú tír nó ó dhuine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige, éifeachtaí na cosanta san Aontas atá ag tásc geografach a neamhbhailíochtú, go hiomlán nó i bpáirt, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, i gceann amháin nó níos mó de na himthosca seo a leanas:

(a)

i gcás nach bhfuil an tásc geografach faoi chosaint a thuilleadh ag an bPáirtí Conarthach Tionscnaimh;

(b)

i gcás nach bhfuil an tásc geografach cláraithe a thuilleadh sa Chlár Idirnáisiúnta;

(c)

i gcás nach bhfuil comhlíonadh an inneachair éigeantaigh a leagtar síos i Riail 5(2) de na Comhrialacháin nó na mionsonraí a bhaineann le cáilíocht, clú nó tréithe a leagtar síos i Riail 5(3) de na Comhrialacháin a áirithiú a thuilleadh.

2.   Ní ghlacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2), ach amháin i gcás inar tugadh deis do dhaoine nádúrtha nó d'eintitis dhlítheanacha amhail faoi mar a thagraítear dóibh i bpointe (ii) d'Airteagal 5(2) d'Ionstraim na Ginéive nó do na tairbhithe, mar a shainmhínítear iad i bpointe (xvii) d'Airteagal 1 d'Ionstraim na Ginéive, a gcearta a chosaint.

3.   I gcás nach bhfuil an neamhbhailíochtú faoi réir achomhairc a thuilleadh, tabharfaidh an Coimisiún fógra gan mhoill don Bhiúró Idirnáisiúnta faoi neamhbhailíochtú éifeachtaí chlárú idirnáisiúnta an táisc gheografaigh i gcríoch an Aontais i gcomhréir le pointe (a) nó (c) de mhír 1.

Airteagal 10

Gaolmhaireacht le trádmharcanna

1.   Beidh cosaint táisc gheografaigh gan dochar do bhailíocht thrádmhairc roimhe seo ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal náisiúnta a ndéanfar iarratas ina leith nó a chlárófar de mheon macánta, nó a gheofar trína úsáid de mheon macánta i gcríoch Ballstáit, aontais réigiúnaigh Ballstát nó i gcríoch an Aontais.

2.   Ní chuirfear tásc geografach atá cláraithe sa Chlár Idirnáisiúnta faoi chosaint i gcríoch an Aontais más rud é, i bhfianaise an chlú agus na cáile atá ar thrádmharc, agus an mhéid ama atá sé in úsáid, gur cosúil go gcuirfeadh cosaint an táisc gheografaigh sin i gcríoch an Aontais an tomhaltóir ar míthreoir maidir le fíorchéannacht an táirge.

3.   Gan dochar do mhír 2 i gcás trádmharc a ndearnadh iarratas ina leith, nó a cláraíodh de mheon macánta, nó a fuarthas trína úsáid, agus má dhéantar foráil don fhéidearthacht sin sa dlí infheidhme, laistigh de chríoch Ballstáit, aontais réigiúnaigh Ballstát nó de chríoch an Aontais, roimh an dáta ar thug an Biúró Idirnáisiúnta fógra don Choimisiún maidir le foilsiú chlárú idirnáisiúnta an táisc gheografaigh, agus a sháródh a úsáid sin cosaint an táisc gheografaigh, féadfar leanúint ar aghaidh á úsáid agus á athnuachan le haghaidh an táirge lena mbaineann d'ainneoin cosaint a bheith tugtha don tásc geografach, ar choinníoll nach bhfuil aon fhorais ann chun an trádmharc a neamhbhailíochtú nó a chúlghairm faoi Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) ná faoi Rialachán (AE) 2015/2436 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). I gcásanna den sórt sin, ceadófar úsáid an táisc gheografaigh agus úsáid an trádmhairc lena mbaineann ar aon.

Airteagal 11

Forálacha idirthréimhseacha d'ainmniúcháin tionscnaimh ar de thionscnamh Ballstát iad agus atá cláraithe cheana faoi Chomhaontú Liospóin

1.   I ndáil le gach ainmniúchántionscnaimh ar de thionscnamh Ballstáit ar páirtí é i gComhaontú Liospóin é, le haghaidh táirge atá cosanta faoi cheann amháin de na Rialacháin dá dtagraítear in Airteagal 1 den Rialachán seo, roghnóidh an Ballstát lena mbaineann, ar bhonn iarraidh ó dhuine nádúrtha nó ó eintiteas dlítheanach dá dtagraítear i bpointe (ii) d'Airteagal 5(2) d'Ionstraim na Ginéive nó ag tairbhí mar a shainmhínítear é i bpointe (xvii) d'Airteagal 1 d'Ionstraim na Ginéive, nó ar a thionscnamh féin, cinneadh a dhéanamh ceann de na nithe seo a leanas a iarraidh:

(a)

clárú idirnáisiúnta an ainmniúcháin tionscnaimh sin faoi Ionstraim na Ginéive, i gcás gur dhaingnigh an Ballstát lena mbaineann Ionstraim na Ginéive nó gur aontaigh sé di de bhun an údaraithe dá dtagraítear in Airteagal 3 de Chinneadh (AE) 2019/1754, nó

(b)

cealú chlárú an ainmniúcháin tionscnaimh sin sa Chlár Idirnáisiúnta.

Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún maidir leis an rogha dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoin

Sna himthosca dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír, fíoróidh an Ballstát lena mbaineann, i gcomhordú leis an gCoimisiún, leis an mBiúró Idirnáisiúnta an bhfuil aon mhodhnuithe ann a bheidh le déanamh faoi Riail 7 (4) de na Comhrialacháin chun críche clárú faoi Ionstraim na Ginéive.

Údaróidh an Coimisiún don Bhallstát, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, chun foráil a dhéanamh do na modhnuithe riachtanacha agus chun fógra a thabhairt don Bhiúró Idirnáisiúnta. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2).

2.   I ndáil le gach ainmniúchántionscnaimh ar de thionscnamh Ballstáit é, ar páirtí conarthach é i gComhaontú Liospóin, le haghaidh táirge a thagann faoi raon feidhme ceann amháin de na Rialacháin dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo, ach nach bhfuil faoi chosaint aon cheann de na Rialacháin sin, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann, ar bhonn iarrata ag duine nádúrtha nó ag eintiteas dlítheanach dá dtagraítear i bpointe (ii) d'Airteagal 5(2) d'Ionstraim na Ginéive nó ag tairbhí mar a shainmhínítear é i bpointe (xvii) d'Airteagal 1 d'Ionstraim na Ginéive, nó ar a thiosncnamh féin, cinneadh a dhéanamh ceann de na nithe seo a leanas a iarraidh:

(a)

clárú an ainmniúcháin tionscnaimh sin faoin Rialachán lena mbaineann; nó

(b)

cealú chlárú an ainmniúcháin tionscnaimh sin sa Chlár Idirnáisiúnta.

Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún maidir leis an rogha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, agus déanfaidh siad an iarraidh faoi seach a thaisceadh, faoin 14 Samhain 2022

Sna himthosca dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír, iarrfaidh an Ballstát lena mbaineann clárú idirnáisiúnta an t-ainmniúcháin tionscnaimh sin faoi Ionstraim na Ginéive, i gcás gur dhaingnigh an Ballstát sin Ionstraim na Ginéive nó gur aontaigh sé di de bhun an údaraithe dá dtagraítear in Airteagal 3 de Chinneadh (AE) 2019/1754 ón gComhairle, laistigh de bhliain amháin ó dháta clárúcháin an táisc gheografaigh faoin Rialachán is infheidhme. Beidh feidhm ag an tríú agus ag an gceathrú fomhír de mhír 1.

I gcás go ndiúltófar don iarraidh ar chlárú faoin Rialachán is infheidhme agus go mbeidh na leighis riaracháin agus bhreithiúnacha bainteacha ídithe, nó mura mbeidh an iarraidh ar chlárú faoi Ionstraim na Ginéive déanta de bhun an tríú fomhír den mhír seo, iarrfaidh an Ballstát lena mbaineann, gan mhoill, cealú chlárú an ainmniúcháintionscnaimh sin sa Chlár Idirnáisiúnta.

3.   I ndáil leis na hainmniúcháin tionscnaimh do tháirgí nach dtagann faoi raon feidhme ceann amháin de na Rialacháin dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo, nach dtugtar cosaint ar leibhéal an Aontais dá dtásca geografacha, féadfaidh Ballstát, ar páirtí cheana i gComhaontú Liospóin é, aon chlárú atá ann sa Chlár Idirnáisiúnta a choinneáil.

Féadfaidh an Ballstát sin tuilleadh iarratas a chur isteach ar ainmniúcháin tionscnaimh den sórt sin ar de thionscnamh a chríche iad a chlárú sa Chlár Idirnáisiúnta faoi Chomhaontú Liospóin má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

gur thug an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún maidir leis an dréacht-iarratas ar ainmniúcháintionscnaimh den sórt sin; áireofar san fhógra sin fianaise go gcomhlíonann an t-iarratas na ceanglais chlárúcháin faoi chomhaontú Liospóin; agus

(b)

nach n-eiseoidh an Coimisiún tuairim dhiúltach laistigh de dhá mhí ón bhfógra sin; ní féidir tuairim dhiúltach a eisiúint ach amháin tar éis comhairliúchán leis an mBallstát lena mbaineann, agus sna cásanna eisceachtúla cuí-réasúnaithe sin nach dtugtar bunús leordhóthanach san fhianaise a theastaíonn faoi phointe (a) go gcomhlíontar na ceanglais clárúcháin faoi Chomhaontú Liospóin, nó go ndéanfadh an clárú drochthionchar a imirt ar bheartas trádála an Aontais.

I gcás ina n-iarrfar tuilleadh faisnéise ón gCoimisiún maidir leis an bhfógra a dhéantar faoi phointe (a) den dara fomhír, is é an spriocdháta a bheidh ag an gCoimisiún chun gníomhú ná mí tar éis dó an fhaisnéis a iarradh a fháil.

Cuirfidh an Coimisiún aon fhógra a thabharfar faoi phointe (a) den dara fomhír in iúl do na Ballstáit eile láithreach.

Airteagal 12

Cosaint idirthréimhseach d'ainmniúcháin tionscnaimh ar de thionscnamh tríú tír iad agus atá cláraithe cheana faoi Chomhaontú Liospóin

1.   Féadfaidh na Ballstáit ar páirtithe iad i gComhaontú Liospóin roimh aontachas an Aontais le hIonstraim na Ginéive leanúint de chosaint a thabhairt d'ainmniúcháin tionscnaimh de thionscnamh tríú tír ar páirtí í an tríú tír i gComhaontú Liospóin trí bhíthin córas náisiúnta cosanta, le héifeacht ón dáta a ndéanfar páirtí conarthach den Aontas in Ionstraim na Ginéive, i ndáil le hainmniúcháin tionscnaimh arna gclárú faoin dáta sin faoi Chomhaontú Liospóin.

2.   I gcás na cosanta dá dtagraítear i mír 1:

(a)

gabhfaidh an chosaint a thugtar faoi chóras cosanta an Aontais a hionad maidir le hainmniúchán tionscnaimh i gcás ina dtabharfar í le hAirteagal 7 den Rialachán seo i ndiaidh aontachas an tríú tír lena mbaineann le hIonstraim na Ginéive, ar choinníoll go gcaomhnóidh an chosaint a thugtar le cinneadh faoi Airteagal 7 den Rialachán seo leanúnachas na cosanta a thugtar don ainmniúchántionscnaimh faoi seach sa Bhallstát faoi seach;

(b)

scoirfidh sí i gcás ainmniúchán tionscnaimh ar leith nuair a thiocfaidh deireadh le héifeacht an chlárúcháin idirnáisiúnta.

3.   I gcás nach mbeidh ainmniúchán tionscnaimh de thionscnamh tríú tír cláraithe faoin Rialachán seo, nó nach ngabhtar ionad na cosanta náisiúnta i gcomhréir le pointe (a) de mhír 2, is ar an mBallstát lena mbaineann amháin a bheidh an fhreagracht as iarmhairtí cosanta náisiúnta den sórt sin.

4.   Is ar an leibhéal náisiúnta amháin a bheidh éifeachtaí ag na bearta arna ndéanamh ag na Ballstáit faoi mhír 1, agus ní bheidh aon éifeacht acu ar an trádáil laistigh den Aontas ná ar an trádáil idirnáisiúnta.

5.   Déanfaidh na Ballstáit dá dtagraítear i mír 1 aon fhógra a dhéanfaidh an Biúró Idirnáisiúnta faoi Chonradh Liospóin a tharchur chuig an gCoimisiún. Déanfaidh an Coimisiún an fógra sin a tharchur ansin chuig na Ballstáit eile go léir.

6.   Dearbhóidh na Ballstáit dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo don Bhiúró Idirnáisiúnta nach féidir leo cosaint ainmniúcháin tionscnaimh a áirithiú do tháirge, a thagann faoi raon feidhme ceann amháin de na Rialacháin dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo, arna chlárú agus arna fhógairt faoi Chonradh Liospóin ón dáta ar a ndéanfar Páirtí Conarthach in Ionstraim na Ginéive den Aontas.

Airteagal 13

Táillí

Maidir leis na táillí atá le híoc faoi Airteagal 7 d'Ionstraim na Ginéive, mar a shonraítear sna Comhrialacháin, is ar an mBallstát ar dá thionscnamh an tásc geografach, nó ar dhuine nádúrtha nó eintiteas dlítheanach amhail dá dtagraítear i bpointe (ii) d'Airteagal 5(2) d'Ionstraim na Ginéive nó ar thairbhí mar a shainmhínítear é i bpointe (xvii) d'Airteagal 1 d'Ionstraim na Ginéive a bheidh sé iad a íoc. Féadfaidh Ballstáit a cheangal ar an duine nádúrtha sin, ar an eintiteas dlítheanach sin nó ar an tairbhí sin na táillí ar fad nó cuid díobh a íoc.

Airteagal 14

Ranníocaíocht speisialta airgeadais

I gcás ina ndíorthófar an t-ioncam ón Aontas Speisialta i gcomhréir le pointe (v) d'Airteagal 24(2) d'Ionstraim na Ginéive, féadfaidh an tAontas ranníocaíocht speisialta airgeadais a dhéanamh ar feadh na n-acmhainní atá ar fáil chun na críche sin i mbuiséad bliantúil an Aontais.

Airteagal 15

Nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh na coistí seo a leanas cúnamh a thabhairt don Choimisiún de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 i ndáil leis na táirgí seo a leanas:

(a)

i gcás táirgí ó earnáil an fhíona a thagann faoi raon feidhme Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, is é an Coiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta arna bhunú le hAirteagal 229 den Rialachán sin é;

(b)

i gcás táirgí fíona chumhraithe mar a shainmhínítear iad in Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 251/2014, is é an Coiste um tháirgí fíona chumhraithe arna bhunú le hAirteagal 34 den Rialachán sin é;

(c)

i gcás deochanna biotáilleacha mar a shainmhínítear iad in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), is é an Coiste um Dheochanna Biotáilleacha arna bhunú le hAirteagal 25 den Rialachán sin é;

(d)

i gcás táirgí talmhaíochta agus bia-earraí a thagann faoi raon feidhme na chéad fhomhíre d'Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, is é an Coiste um Beartas Cáilíochta Táirgí Talmhaíochta arna bhunú le hAirteagal 57 den Rialachán sin é.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 16

Faireachán agus athbhreithniú

Faoin 14 Samhain 2021, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar rannpháirtíocht an Aontais in Ionstraim na Ginéive agus cuirfidh sé tuarascáil ar na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Beidh an measúnú sin bunaithe, inter alia, ar na gnéithe seo a leanas:

(a)

líon na dtásc geografach atá cosanta agus cláraithe faoi dhlí an Aontais agus a bhfuil iarratais ar chlárú idirnáisiúnta curtha isteach ina leith, agus líon na gcásanna inar dhiúltaigh tríú Páirtithe Conarthacha an chosaint;

(b)

an forfhás i líon na dtríú tíortha atá rannpháirteach in Ionstraim na Ginéive agus sa ghníomhaíocht atá déanta ag an gCoimisiún chun an líon sin a mhéadú, chomh maith le tionchar staid reatha dhlí an Aontais maidir le tásca geografacha ar tharraingteacht Ionstraim na Ginéive do thríú tíortha; agus

(c)

líon agus cineál na dtásc geografach tríú tír agus ar dhiúltaigh an Coimisiún dóibh.

Airteagal 17

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna déanamh in Strasbourg, 23 Deireadh Fómhair 2019

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

T. TUPPURAINEN


(1)  IO C 110, 22.3.2019, lch. 55.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2019.

(3)  Cinneadh (AE) 2019/1754 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2019… maidir le haontachas an Aontais le hIonstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 343, 14.12.2012, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 922/72 ón gComhairle, Rialachán (CEE) Uimh. 234/79 ón gComhairle, Rialachán Uimh. 1037/2001 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach ar tháirgí fíona cumhraithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle (IO L 84, 20.3.2014, lch. 14).

(7)  Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, úsáid ainmneacha deochanna biotáilleacha i gcur i láthair agus lipéadú earraí bia eile, agus cosaint tásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha, úsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta i ndeochanna alcólacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 (IO L 130, 17.5.2019, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(9)  Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh (IO L 154, 16.6.2017, lch. 1).

(10)  Treoir (AE) 2015/2436 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2015 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trádmharcanna (IO L 336, 23.12.2015, lch. 1).

(11)  Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le sainmhíniú, tuairisciú, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásca geografacha deochanna biotáilleacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle (IO L 39, 13.2.2008, lch. 16), atá i bhfeidhm go páirteach go dtí an 24 Bealtaine 2021.


Dearbhú ón gCoimisiún maidir leis an bhféidearthacht atá ann cosaint thásca geografacha an Aontais Eorpaigh a leathnú go gcumhdófar táirgí neamhthalmhaíochta

Tugann an Coimisiún dá aire rún an 6 Deireadh Fómhair 2015 ó Pharlaimint na hEorpa maidir leis an bhféidearthacht atá ann cosaint thásca geografacha an Aontais a leathnú go gcumhdófar táirgí neamhthalmhaíochta.

Thionscain an Coimisiún staidéar i mí na Samhna 2018 chun tuilleadh fianaise eacnamaíoch agus fianaise dhlíthiúil a fháil maidir le tásca geografacha neamhthalmhaíochta laistigh den Mhargadh Aonair a chosaint, rud a bheadh ina chomhlánú ar staidéar a rinneadh in 2013, agus chun tuilleadh sonraí a fháil faoi shaincheisteanna amhail iomaíochas, iomaíocht neamhchothrom, góchumadh, dearcadh an tomhaltóra, costas/tairbhe chomh maith le sonraí faoi éifeachtúlacht na samhlacha um chosaint tásc Geografach neamhthalmhaíochta i bhfianaise phrionsabal na comhréireachta.

I gcomhréir le prionsabail na Rialála Níos Fearr agus leis na gealltanais a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, scrúdóidh an Coimisiún an staidéar chomh maith leis an tuarascáil ar rannpháirtíocht an Aontais in Acht na Ginéive dá dtagraítear san Airteagal maidir le faireachán agus athbhreithniú an Rialacháin i ndáil le gníomhaíocht an Aontais tar éis a aontachais le hAcht na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le Sonrúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha agus déanfaidh sé aon chéim eile is féidir a thabhairt a mheas.


Dearbhú ón gCoimisiún maidir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 11(3) den Rialachán

Tugann an Coimisiún dá aire, cé gur riachtanas dlíthiúil é an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 11(3) den Rialachán i bhfianaise inniúlacht eisiach an Aontais, gur féidir leis a lua i gcomhthéacs acquis an Aontais atá ann faoi láthair, mar sin féin, go mbeadh aon idirghabháil den sórt sin a dhéanfadh an Coimisiún eisceachtúil agus go mbeadh údar cuí léi. Le linn an chomhairliúcháin le Ballstát, déanfaidh an Coimisiún gach iarracht aon ábhar imní a réiteach in éineacht leis an mBallstát ionas nach n-eiseofar tuairim dhiúltach. Tugann an Coimisiún dá aire go gcuirfí aon tuairim dhiúltach in iúl i scríbhinn don Bhallstát lena mbaineann agus, de bhun Airteagal 296 CFAE, go sonrófaí inti na cúiseanna is bun léi. Thabharfadh an Coimisiún dá aire, ina theannta sin, nach gcuirfeadh tuairim dhiúltach bac ar iarratas eile a bhaineann leis an sonrúchán tionscnaimh céanna a chur isteach, dá mbeadh aghaidh tugtha go cuí ar na cúiseanna leis an tuairim dhiúltach dá éis sin nó mura mbaineann siad le hábhar a thuilleadh.


Top