Accept Refuse

EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32019R1240

Rialachán (AE) 2019/1240 ó Pharlaimint na hEorpa Agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le líonra Eorpach oifigeach idirchaidrimh inimirce a chruthú

PE/50/2019/REV/1

OJ L 198, 25.7.2019, p. 88–104 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1240/oj

25.7.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

88


RIALACHÁN (AE) 2019/1240 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Meitheamh 2019

maidir le líonra Eorpach oifigeach idirchaidrimh inimirce a chruthú

(athmhúnlú)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 74 agus Airteagal 79(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá Rialachán (CE) Uimh. 377/2004 (2) ón gComhairle leasaithe go suntasach. Ós rud é go bhfuil tuilleadh leasuithe le déanamh, ba cheart an Rialachán a athmhúnlú ar mhaithe le soiléireacht.

(2)

De dheasca an mhéadaithe mhóir ar shreafaí imirceacha measctha in 2015 agus 2016, tá brú curtha ar chórais imirceacha, tearmainn agus bainistithe teorainneacha. Mar thoradh air sin, tá dúshlán roimh an Aontas agus roimh na Ballstáit, rud a léiríonn an gá atá le beartas an Aontais i réimse na himirce a neartú d’fhonn freagairt Eorpach chomhordaithe agus éifeachtach a bhaint amach.

(3)

Tá sé mar chuspóir ag beartas an Aontais i réimse na himirce conairí sábháilte agus dea-bhainistithe a chur in ionad sreafaí imirce neamhrialta agus neamhrialaithe, trí chur chuige cuimsitheach, agus é mar aidhm leis, ag gach céim, bainistiú éifeachtúil ar shreafaí imirce a áirithiú i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal V den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

(4)

Tá urraim do chearta an duine ina phrionsabal bunúsach de chuid an Aontais. Tá an tAontas tiomanta do chearta an duine agus saoirsí bunúsacha gach imircigh a chosaint, beag beann ar a stádas imirceach, agus an dlí idirnáisiúnta á chomhlíonadh go hiomlán aige. Dá bhrí sin, nuair a dhéanfaidh oifigigh idirchaidrimh inimirce bearta, agus an Rialachán seo á chur chun feidhme acu, ba cheart dóibh bunchearta a urramú i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta ábhartha agus le dlí ábhartha an Aontais, lena n-áirítear Airteagail 2 agus 6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), agus i gcomhréir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(5)

Chun cur chun feidhme éifeachtach i ngnéithe uile bheartais an Aontais maidir le hinimirce a áirithiú, ba cheart idirphlé agus comhar comhsheasmhach a dhéanamh le tríú tíortha tionscnaimh agus idirthurais príomha de chuid imirceach agus iarrthóirí cosanta idirnáisiúnta. Leis an gcomhar sin, i gcomhréir leis an gcur chuige cuimsitheach a leagtar amach sa Chlár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le bainistiú feabhsaithe ar inimirce, lena n-áirítear imeachtaí agus fillteacha, tacú leis an acmhainneacht faisnéis a bhailiú agus a chomhroinnt, lena n-áirítear maidir le rochtain iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta agus, i gcás inar féidir agus inarb ábhartha, i dtaobh athlánpháirtiú agus inimirce neamhdhleathach, smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chosc agus cur ina gcoinne.

(6)

Áirítear ar na huirlisí cosanta bearta atá sa Chur Chuige Domhanda maidir le hImirce agus Soghluaisteacht (GAMM). Chomh maith leis sin, ba cheart go mbeadh imirce lucht saothair, víosaí do mhic léinn agus athaontú teaghlaigh sna straitéisí agus cainéil inimirce dlíthiúla idir an tAontas agus tríú tíortha, gan dochar d’inniúlachtaí náisiúnta na mBallstát.

(7)

I bhfianaise an éilimh mhéadaithigh atá ann anailís agus faisnéis chun tacú le déanamh beartas fianaisebhunaithe agus freagairtí oibríochtúla, tá gá le hoifigigh idirchaidrimh inimirce a áirithiú go mbeidh an léargas agus an t-eolas atá acu ina rannchuidiú iomlán le léiriú cuimsitheach ar an staid i dtríú tíortha a fháil.

(8)

Ba cheart, i gcás inar féidir agus inarb ábhartha, faisnéis maidir le haois dhearbhaithe imirceach, proifíl inscne agus teaghlaigh agus mionaoisigh neamhthionlactha a áireamh i bhfaisnéis ar chomhdhéanmah sreafaí imirceacha.

(9)

Bhí imscaradh na nOifigeach Eorpacha Idirchaidrimh Imirce reatha chuig na tríú tíortha tionscnaimh agus idirthurais príomha, arna iarraidh le conclúidí an chruinnithe speisialta de na cinn stáit agus rialtas an 23 Aibreán 2015, mar an chéad chéim chun feabhas a chur ar an rannpháirtíocht le tríú tíortha i dtaca le saincheisteanna a bhaineann le hinimirce agus dlús a chur le comhar le hoifigigh idirchaidrimh inimirce arna n-imscaradh ag na Ballstáit. Bunaithe ar an taithí sin, ba cheart beartaithe oifigigh idirchaidrimh inimirce a imscaradh chuig tríú tíortha ar feadh tréimhse níos fadtéarmaí ná mar a rinneadh roimhe sin chun tacú le forbairt agus le cur chun feidhme agus le tionchar ghníomhaíocht an Aontais maidir le himirce a uasmhéadú.

(10)

Is é is chuspóir don Rialachán seo a áirithiú gur fearr an comhordú a dhéanfar ar an líonra oifigeach idirchaidrimh arna n-imscaradh chuig tríú tíortha ag údaráis inniúla na mBallstát, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, ag údaráis forfheidhmithe dlí agus, ina theannta sin, ag an gCoimisiún agus ag gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, agus go ndéanfar a n-úsáid a bharrfheabhsú, chun freagairt ar bhealach níos éifeachtaí ná mar a rinneadh roimhe sin ar thosaíochtaí an Aontais a bhaineann le hinimirce neamhdhleathach agus coireacht trasteorann ghaolmhar amhail smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac, gníomhaíochtaí um fhilleadh, athligean isteach agus athlánpháirtiú díniteach agus éifeachtach a éascú, rannchuidiú le bainistiú comhtháite ar theorainneacha seachtracha an Aontais, mar aon le tacú le hinimirce dhlíthiúil a bhainistiú, lena n-áirítear i réimse na cosanta idirnáisiúnta, an athlonnaithe agus bearta lánpháirtíochta réamhimeachta arna ndéanamh ag na Ballstáit agus ag an Aontas. Leis an gcomhordú sin, ba cheart lánurraim a thabhairt don slabhra ceannais agus do na línte tuairiscithe atá ann cheana idir oifigigh idirchaidrimh inimirce agus a n-údaráis imscartha faoi seach, agus i measc na n-oifigeach idirchaidrimh inimirce iad féin.

(11)

Bunaithe ar Rialachán (CE) Uimh. 377/2004, tá sé mar aidhm leis an Rialachán seo a áirithiú go rannchuideoidh oifigigh idirchaidrimh inimirce ar bhealach níos fearr le feidhmiú líonra Eorpaigh oifigeach idirchaidrimh inimirce agus go ndéanfar amhlaidh go príomha trí shásra a bhunú trína bhféadfaidh na Ballstáit, an Coimisiún agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais cúraimí agus róil a n-oifigeach idirchaidrimh arna n-imscaradh chuig tríú tíortha a chomhordú ar bhealach níos córasaí.

(12)

Ós rud é go ndéanann údaráis inniúla éagsúla oifigigh idirchaidrimh a bhíonn ag déileáil le saincheisteanna imirce a imscaradh agus go bhféadfadh forluí a bheith ann idir a sainorduithe agus a gcúraimí, ba cheart iarrachtaí a dhéanamh chun comhar a fheabhsú i measc na n-oifigeach atá ag oibriú laistigh den tríú tír nó den réigiún céanna. I gcás ina ndéanfaidh an Coimisiún nó gníomhaireachtaí an Aontais oifigigh idirchaidrimh inimirce a imscaradh chuig misin taidhleoireachta an Aontais i dtríú tír, ba cheart dóibh an líonra oifigeach idirchaidrimh inimirce a éascú agus tacaíocht a thabhairt dóibh sa tríú tír sin. I gcás inarb iomchuí, féadfar na líonraí sin a leathnú d’oifigigh idirchaidrimh arna n-imscaradh ag tíortha nach Ballstáit iad.

(13)

Tá sé bunriachtanach sásra láidir a bhunú lena n-áiritheofar go ndéanfar comhordú feabhsaithe i measc na n-oifigeach idirchaidrimh go léir atá ag déileáil le saincheisteanna inimirce mar chuid dá ndualgais agus go mbeidh comhar níos fearr eatarthu, agus is amhlaidh go bhfuil an méid sin bunriachtanach chun bearnaí faisnéise agus dúbláil oibre a íoslaghdú agus cumais agus éifeachtacht oibríochtúil a uasmhéadú. Ba cheart do Bhord Stiúrtha treoir a thabhairt i gcomhréir le tosaíochtaí beartais an Aontais, agus caidreamh seachtrach de chuid an Aontais á chur san áireamh, agus ba cheart na cumhachtaí riachtanacha a thabhairt dó, go háirithe chun cláir oibre dhébhliantúla maidir le gníomhaíochtaí líonraí oifigeach idirchaidrimh inimirce a ghlacadh, teacht ar chomhaontú maidir le bearta saincheaptha ad-hoc d’oifigigh idirchaidrimh inimirce lena dtugtar aghaidh ar thosaíochtaí agus riachtanais atá ag teacht chun cinn nach gcumhdaítear leis an gclár oibre débhliantúil cheana, acmhainní a leithdháileadh le haghaidh gníomhaíochtaí arna gcomhaontú agus a bheith freagrach as iad a chur i gcrích. Níor cheart éifeacht a bheith ag cúraimí an Bhoird Stiúrtha nó cúraimí éascaitheoirí líonraí na n-oifigeach idirchaidrimh inimirce ar inniúlacht na n-údarás imscartha maidir le cúraimí a thabhairt dá n-oifigigh idirchaidrimh inimirce faoi seach. Agus a chúraimí á gcomhlíonadh aige, ba cheart don Bhord Stiúrtha aird a thabhairt ar éagsúlacht líonraí na n-oifigeach idirchaidrimh agus ar thuairimí na mBallstát is mó lena mbaineann maidir le caidreamh le tríú tíortha sonrach.

(14)

Ba cheart liosta d’oifigigh idirchaidrimh inimirce arna n-imscaradh chuig tríú tíortha a bhunú agus ba cheart don Bhord Stiúrtha é a thabhairt cothrom le dáta go rialta. Ba cheart faisnéis a chur san áireamh sa liosta sin, faisnéis a bhaineann le suíomh, le comhdhéanamh agus le gníomhaíochtaí líonraí éagsúla, lena n-áirítear sonraí teagmhála na n-oifigeach idirchaidrimh inimirce arna n-imscaradh agus an achoimre ar a ndualgais.

(15)

Ba cheart imscaradh comhpháirteach oifigeach idirchaidrimh a chur chun cinn agus é mar aidhm leis feabhas a chur ar chomhar oibríochtúil agus comhroinnt faisnéise idir na Ballstáit, agus freagairt ar riachtanais ar leibhéal an Aontais, arna sainiú ag an mBord Stiúrtha. Ba cheart tacú le himscaradh comhpháirteach arna dhéanamh ag dhá Bhallstát ar a laghad trí chistí an Aontais lena spreagtar rannpháirtíocht agus lena soláthraítear luach breise do na Ballstáit uile.

(16)

Ba cheart foráil ar leith a dhéanamh maidir le gníomhaíocht leathan forbartha acmhainneachta de chuid an Aontais d’oifigigh idirchaidrimh inimirce. Ba cheart go gcuimseofaí leis an bhforbairt acmhainneachta sin lárchuraclaim choiteanna agus cúrsaí oiliúna réamh-imscartha, lena n-áirítear maidir le cearta bunúsacha, a fhorbairt i gcomhar le gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, agus acmhainneacht oibríochtúil líonraí oifigeach idirchaidrimh inimirce a neartú. Ba cheart go mbeadh na curaclaim sin neamhéigeantach agus forlíontach do churaclaim náisiúnta arna mbunú ag údaráis imscartha.

(17)

Ba cheart do líonraí oifigeach idirchaidrimh inimirce dúbláil ar obair Gníomhaireachtaí de chuid an Aontais agus ar ionstraimí nó struchtúir eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear obair ghrúpaí comhair áitiúla Schengen, a sheachaint agus ba cheart dóibh luach breise a thabhairt dá bhfuil bainte amach cheana acu ó thaobh bailiú agus malartú faisnéise i réimse na hinimirce de, go háirithe trí dhíriú ar ghnéithe oibríochtúla. Ba cheart do na líonra sin gníomhú mar éascaitheoirí agus mar sholáthraithe i ndáil le faisnéis ó thríú tíortha nó ina dtaobh, chun tacú le Gníomhaireachtaí de chuid an Aontais i dtaca lena bhfeidhmeanna agus lena gcúraimí, go háirithe i gcás nach mbeidh caidreamh comhoibríoch bunaithe ag Gníomhaireachtaí de chuid an Aontais le tríú tíortha go fóill. Ba cheart dlúthchomhar idir líonraí oifigeach idirchaidrimh inimirce agus Gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais a bhunú chuige sin. Ba cheart d’oifigigh idirchaidrimh inimirce a bheith ar an eolas i gcónaí go bhféadfadh iarmhairtí oibríochtúla nó iarmhairtí clú do líonraí áitiúla agus réigiúnacha oifigeach idirchaidrimh inimirce a bheidh ag a gníomhaíochtaí. Ba cheart dóibh gníomhú dá réir, agus a gcúraimí á ndéanamh acu.

(18)

Ba cheart d’údaráis na mBallstát a áirithiú, i gcás inarb iomchuí agus i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta, go mbeidh teacht ag oifigigh idirchaidrimh inimirce ar fhaisnéis a gheobhaidh oifigigh idirchaidrimh arna n-imscaradh chuig Ballstáit eile agus táirgí anailíseacha straitéiseacha agus oibríochtúla de chuid na ngníomhaireachtaí Aontais i ndáil le hinimirce neamhdhleathach, le filleadh agus athlánpháirtiú díniteach agus éifeachtach, le coireacht trasteorann nó le cosaint idirnáisiúnta agus le hathlonnú agus go ndéanfar an fhaisnéis arna soláthar ag oifigigh idirchaidrimh inimirce a chomhroinnt leis na Gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais; go háirithe an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Europol) agus Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn (EASO) laistigh de chreat dlíthiúil gach ceann díobh.

(19)

Chun a áirithiú go mbainfear an úsáid is éifeachtaí is féidir as faisnéis arna bailiú ag na líonraí oifigeach idirchaidrimh inimirce, ba cheart an fhaisnéis sin a chur ar fáil trí ardán slán gréasánbhunaithe um malartú faisnéise i gcomhréir leis an reachtaíocht cosanta sonraí is infheidhme.

(20)

San fhaisnéis arna bailiú ag oifigigh idirchaidrimh inimirce, ba cheart tacú le cur chun feidhme an bhainistithe chomhtháite teorainneacha san Eoraip ar de chineál teicniúil agus oibríochtúil é dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus rannchuidiú le córais náisiúnta um fhaireachas ar theorainneacha a fhorbairt agus a choimeád ar bun i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(21)

Ba cheart go mbeifí in ann úsáid a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil a bhuí le Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) chun tacú le gníomhaíochtaí líonra Eorpaigh oifigeach idirchaidrimh inimirce agus leanúint le himscaradh comhpháirteach oifigeach idirchaidrimh inimirce arna dhéanamh ag na Ballstáit.

(22)

Aon phróiseáil ar shonraí pearsanta, lena n-áirítear a n-aistriú, a dhéanfaidh na Ballstáit faoi chuimsiú an Rialacháin seo, ba cheart í a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Ba cheart don Choimisiún agus do ghníomhaireachtaí de chuid an Aontais Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) a chur i bhfeidhm agus sonraí pearsanta á bpróiseáil acu.

(23)

Ba cheart próiseáil sonraí pearsanta faoi chuimsiú an Rialacháin seo a bheith chun críocha cúnamh a thabhairt do náisiúnaigh tríú tír atá ag filleadh, athlonnú daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu a éascú agus bearta de chuid an Aontais agus bearta náisiúnta a chur chun feidhme i leith imircigh dhleathacha a ligean isteach agus chun inimirce neamhdhleathach, smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac. Dá bhrí sin, tá gá le creat dlíthiúil lena n_aithnítear ról oifigeach idirchaidrimh inimirce sa chomhthéacs sin.

(24)

Ní mór d’oifigigh idirchaidrimh inimirce sonraí pearsanta a phróiseáil chun cur chun feidhme cuí nósanna imeachta um fhilleadh, forfheidhmiú rathúil cinntí um fhilleadh, agus athlánpháirtiú, i gcás inarb ábhartha agus inar féidir, a éascú. Is minic nach mbíonn na tríú tíortha a mbeifear ag filleadh orthu faoi réir cinntí leordhóthanachta arna nglacadh ag an gCoimisiún faoi Airteagal 45 de Rialachán (AE) 2016/679, agus nach bhfuil comhaontú um athligean isteach tugtha i gcrích acu leis an Aontas nó nach bhfuil sé beartaithe acu comhaontú den sórt sin a thabhairt i gcrích nó foráil a dhéanamh ar shlí eile maidir le coimircí iomchuí de réir bhrí Airteagal 46 de Rialachán (AE) 2016/679. In ainneoin na n-iarrachtaí móra atá an tAontas a dhéanamh i gcomhar le príomhthíortha tionscnaimh na náisiúnach tríú tír a fhanann go neamhdhlíthiúil faoi réir oibleagáid um fhilleadh, ní féidir a áirithiú i gcónaí go gcomhlíonann tríú tíortha den sórt sin ar bhealach córasach an oibleagáid arna bunú leis an dlí idirnáisiúnta a bhaineann lena náisiúnaigh féin a athligean isteach. Dá bhrí sin, maidir le comhaontuithe um athligean isteach arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas nó ag na Ballstáit agus lena ndéantar foráil do choimircí iomchuí maidir le sonraí a aistriú chuig tríú tíortha de bhun Airteagal 46 de Rialachán (AE) 2016/679, cumhdaítear líon teoranta de na tríú tíortha sin leo. I gcás nach ann do na comhaontuithe sin, ba cheart d’oifigigh idirchaidrimh inimirce sonraí pearsanta a aistriú chun críocha na hoibríochtaí um fhilleadh de chuid an Aontais a chur chun feidhme, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 49 de Rialachán (AE) 2016/679.

(25)

Mar eisceacht ón gceanglas maidir le cinneadh leordhóthanach nó coimircí iomchuí, ba cheart aistriú sonraí pearsanta chuig údaráis tríú tíortha faoin Rialacháin seo a cheadú chun beartas an Aontais um fhilleadh a chur chun feidhme. Ba cheart, dá bhrí sin, go bhféadfadh oifigigh idirchaidrimh inimirce an maolú dá bhforáiltear in Airteagal 49(1)(d) de Rialachán (AE) 2016/679 a úsáid faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha amach san Airteagal sin chun críocha an Rialacháin seo, eadhon, maidir le filleadh díniteach agus éifeachtach náisiúnach tríú tír nach bhfuil na coinníollacha á gcomhlíonadh a thuilleadh acu maidir le dul isteach, fanacht nó a bheith ina gcónaí sna Ballstáit, i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

(26)

Ar mhaithe leis na daoine lena mbaineann, ba cheart d’oifigigh idirchaidrimh inimirce a bheith in ann sonraí pearsanta daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu a phróiseáil faoi réir athlonnú agus ba cheart dóibh a bheith in ann sonraí pearsanta daoine ar mian leo dul ar imirce go dlíthiúil san Aontas a phróiseáil chun a gcéannacht agus a náisiúntacht a dheimhniú. Oibríonn oifigigh idirchaidrimh inimirce i gcomhthéacs ina dócha go bhfaightear léargais thábhachtacha maidir le gníomhaíochtaí eagraíochtaí coiriúla a bhfuil baint acu le smuigleáil daoine agus gáinneáil ar dhaoine. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeidís in ann freisin sonraí pearsanta a phróiseáiltear le linn a ndualgas a chomhroinnt le húdaráis forfheidhmithe agus laistigh de líonraí oifigeach idirchaidrimh ar choinníoll go bhfuil gá leis na sonraí pearsanta i dtrácht chun imirce neamhrialta a chosc agus chun dul i ngleic léi nó chun smuigleáil imirceach nó gáinneáil ar dhaoine a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh.

(27)

Is iad cuspóirí an Rialacháin seo dul i muinín líonra na n-oifigeach idirchaidrimh inimirce a mhéid agus is féidir, ar oifigigh iad a dhéanann na Ballstáit, an Coimisiún agus Gníomhaireachtaí de chuid AE a imscaradh chuig tríú tíortha chun tosaíochtaí an Aontais a chur chun feidhme ar bhealach níos éifeachtaí, agus inniúlachtaí náisiúnta na mBallstát á n-urramú. Áirítear sna tosaíochtaí sin de chuid an Aontais tosaíochtaí maidir le bainistiú níos fearr ar imirce a áirithiú, d’fhonn conairí sábhailte agus dea-bhainistithe a chur in ionad sreafaí neamhrialta trí chur chuige cuimsitheach lena dtabharfar aghaidh ar gach gné d’inimirce, lena n-áirítear smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine agus inimirce neamhdhleathach a chosc agus a chomhrac. Is tosaíochtaí eile de chuid an Aontais iad filleadh díniteach agus éifeachtach, athligean isteach agus athlánpháirtiú a éascú, rannchuidiú le bainistiú comhtháite ar theorainneacha seachtracha an Aontais, mar aon le tacú le bainistiú inimirce dlíthiúla nó scéimeanna cosanta idirnáisiúnta, agus inniúlachtaí náisiúnta na mBallstát. Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach, agus, de bharr a scála mhór agus a n-éifeachtaí ar fud an Aontais, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(28)

Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen (9) a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (10).

(29)

Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen (11) a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointí A agus E, de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/149/CGB ón gComhairle (12).

(30)

Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen (13) a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointí A agus E, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (14).

(31)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo, níl sí faoi cheangal aige ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh maidir leis an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

(32)

An 1 Deireadh Fómhair 2018, i gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Phrótacal Uimh. 19 maidir le acquis Schengen arna chomhtháthú i gcreat an Aontais Eorpaigh, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, thug an Ríocht Aontaithe fógra don Chomhairle nach mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo. I gcomhréir le hAirteagal 5(3) den Phrótacal sin, an 31 Eanáir 2019, thíolaic an Coimisiún togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle maidir le fógra ón Ríocht Aontaithe nach mian léi a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen atá ina gcuid de Rialachán (CE) Uimh. 377/2004 an 19 Feabhra 2004. Ar an mbonn sin, chinn an Chomhairle an 18 Feabhra 2019 (15) amhail ó lá theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, nach mbeidh feidhm feasta ag Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle (16) agus nach mbeidh feidhm feasta ag pointe 6 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2004/926/CE ón gComhairle (17) maidir leis an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Rialachán (CE) Uimh. 377/2004 ná ag aon leasuithe eile a dhéanfar air.

(33)

Tá Éire rannpháirteach sa Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de Phrótacal Uimh. 19, agus i gcomhréir le hAirteagal 6(2) de Chinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (18).

(34)

Baineann rannpháirtíocht na hÉireann sa Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 6(2) de Chinneadh 2002/192/CE le freagrachtaí an Aontais chun bearta a dhéanamh lena bhforbraítear forálacha acquis Schengen i gcoinne inimirce neamhdhlíthiúil a eagrú ina bhfuil Éire rannpháirteach.

(35)

Is é atá sa Rialachán seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 3(1) d’Ionstraim Aontachais 2003 agus Airteagal 4(1) d’Ionstraim Aontachais 2005 agus Airteagal 4(1) d’Ionstraim Aontachais 2011 faoi seach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Raon feidhme

1.   Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha chun comhar agus comhordú a fheabhsú i measc oifigigh idirchaidrimh inimirce arna n-imscaradh chuig tríú tíortha ag na Ballstáit, ag an gCoimisiún agus ag gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, trí líonra Eorpach oifigeach idirchaidrimh inimirce a chruthú.

2.   Tá an Rialachán seo gan dochar d’fhreagracht údaráis na mBallstát, d’fhreagracht an Choimisiúin agus d’fhreagracht Ghníomhaireachtaí de chuid an Aontais maidir le raon feidhme agus sannadh chúraimí a n-oifigeach idirchaidrimh inimirce faoi seach, agus a línte tuairiscithe, a shainmhíniú, agus do chúraimí oifigeach idirchaidrimh inimirce faoi chuimsiú a bhfreagrachtaí faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí náisiúnta, faoi bheartais nó nósanna imeachta nó faoi chomhaontuithe speisialta arna dtabhairt i gcrích leis an tír óstach nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “oifigeach idirchaidrimh inimirce” oifigeach idirchaidrimh arna ainmniú agus arna imscaradh thar lear, ag údaráis inniúla ó cheann amháin de na Ballstáit, nó ag an gCoimisiún nó ag gníomhaireacht de chuid an Aontais, i gcomhréir leis an mbunús dlí faoi seach, chun déileáil le saincheisteanna a bhaineann le hinimirce, beag beann ar cibé an sa mhéid seo ach cuid dá ndualgais;

(2)

ciallaíonn “imscartha thar lear” imscartha chuig tríú tír, ar feadh tréimhse ama réasúnta a bheidh le cinneadh ag an údarás atá freagrach, chuig ceann díobh seo a leanas:

(a)

ionadaíocht taidhleoireachta Ballstáit;

(b)

údaráis inniúla tríú tír;

(c)

eagraíocht idirnáisiúnta;

(d)

misean taidhleoireachta de chuid an Aontais;

(3)

ciallaíonn “sonraí pearsanta” sonraí pearsanta mar a shainmhínítear iad i bpointe (1) d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/679;

(4)

ciallaíonn “filleadh” filleadh mar a shainmhínítear é i bpointe 3 d’Airteagal 3 de Threoir 2008/115/CE.

Airteagal 3

Cúraimí oifigeach idirchaidrimh inimirce

1.   Déanfaidh oifigigh idirchaidrimh inimirce a gcúraimí a chomhlíonadh faoi chuimsiú a bhfreagrachtaí arna gcinneadh ag na húdaráis imscartha agus i gcomhréir leis na forálacha, lena n-áirítear iad sin maidir le sonraí pearsanta a chosaint, a leagtar síos i ndlíthe an Aontais agus i ndlíthe náisiúnta agus in aon chomhaontuithe nó socruithe arna dtabhairt i gcrích le tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta.

2.   Déanfaidh oifigigh idirchaidrimh inimirce a gcúraimí a chomhlíonadh i gcomhréir le cearta bunúsacha mar phrionsabail ghinearálta dhlí an Aontais chomh maith leis an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear oibleagáidí maidir le cearta daonna. Tabharfaidh siad aird ar leith ar dhaoine leochaileacha agus déanfaidh siad gné inscne na sreafaí imirce a chur san áireamh.

3.   Déanfaidh gach údaráis imscartha a áirithiú go mbunóidh agus go gcoinneoidh oifigigh idirchaidrimh inimirce teagmhálacha díreacha le húdaráis inniúla na tríú tiortha, lena n-áirítear nuair is iomchuí, le húdaráis áitiúla, agus le haon eagraíochtaí ábhartha a oibríonn laistigh den tríú tír, lena n-áirítear eagraíochtaí idirnáisiúnta, go háirithe d’fhonn an Rialachán seo a chur chun feidhme.

4.   Déanfaidh oifigigh idirchaidrimh inimirce faisnéis a bhailiú, chun í a úsáid ar leibhéal oibríochtúil, leibhéal straitéiseach, nó orthu araon. Faisnéis a bhailítear faoin mhír seo, baileofar í i gcomhréir le hAirteagal 1(2) agus ní bheidh sonraí pearsanta san fhaisnéis sin gan dochar d’Airteagal 10(2). Cumhdófar leis an bhfaisnéis sin na saincheisteanna seo a leanas go háirithe:

(a)

bainistiú comhtháite teorainneacha Eorpacha ag na teorainneacha seachtracha d’fhonn imirce a bhainistiú go héifeachtach;

(b)

sreafaí imirceacha a thagann ón tír nó a aistríonn tríd an tír, lena n-airítear i gcás inar féidir agus inarb ábhartha, comhdhéanamh na sreafaí imirceacha agus ceann scríbe beartaithe na n-imirceach;

(c)

bealaí a úsáideann na sreafaí imirce de thionscnamh tríú tír nó a aistríonn tríd an tríú tír chun críocha na mBallstát a shroicheadh;

(d)

eagraíochtaí coiriúla a bheith ann, gníomhaíochtaí agus modi operandi na n-eagraíochtaí coiriúla sin a bhfuil baint acu le smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine feadh na mbealaí imirce;

(e)

teagmhais agus eachtraí a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le forbairtí nua i leith sreafaí imirceacha nó a d’fhéadfadh teacht chun bheith ina gcúis leo sin;

(f)

modhanna arna n-úsáid chun doiciméid chéannachta agus doiciméid taistil a ghóchumadh nó a fhalsú;

(g)

slite agus modhanna chun cúnamh a thabhairt do na húdaráis i dtríú tíortha sreafaí inimirce neamhdhlíthiúla a thagann óna gcríocha nó a aistríonn tríothu sin a chosc;

(h)

bearta réamhimeachta atá ar fáil d’inimircigh i dtír tionscnaimh nó i dtríú tíortha óstacha lena dtacaítear le comhtháthú rathúil imirceach ar theacht isteach go dlíthiúil i mBallstáit dóibh;

(i)

bealaí agus modhanna chun filleadh, athligean isteach agus athlánpháirtiú a éascú;

(j)

rochtain éifeachtach ar chosaint a chuir an tríú tír i bhfeidhm, lena n_áirítear i bhfabhar daoine leochaileacha;

(k)

straitéisí agus cainéil inimirce dlíthiúla atá cheana ann agus a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo idir an tAontas agus tríú tíortha, agus scileanna agus riachtanais an mhargaidh saothair sna Ballstáit á gcur san áireamh, chomh maith le hathlonnú agus uirlisí cosanta eile;

(l)

acmhainneacht, cumas, straitéisí polaitiúla, reachtaíocht agus cleachtais dlí tríú tíortha agus geallsealbhóirí, lena n-áirítear i gcás inar féidir agus inarb ábhartha, faisnéis maidir leis na hionaid glactha isteach agus na ionaid choinneála agus na dálaí atá iontu, de réir mar is ábhartha maidir leis na saincheisteanna dá dtagraítear i bpointí (a) go (k).

5.   Déanfaidh oifigigh idirchaidrimh inimirce soláthar comhordú eatarthu féin agus le páirtithe leasmhara ábhartha maidir lena gcúnamh i ndáil le gníomhaíochtaí forbartha acmhainneachta a chur ar fáil d’údarás agus do pháirtithe leasmhara eile i dtríú tíortha.

6.   Féadfaidh oifigigh idirchaidrimh inimirce cúnamh a thabhairt, agus a saineolas agus oiliúint á gcur san áireamh, chun:

(a)

céannacht agus náisiúntacht na náisiúnach tríú tíortha a shuíomh agus filleadh na náisiúnach sin a éascú i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE, chomh maith le cabhrú lena n-athlánpháirtiú, i gcás inarb ábhartha agus inar féidir;

(b)

céannacht daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu a dheimhniú chun críocha athlonnú na ndaoine sin san Aontas a éascú, lena n-áirítear trí fhaisnéis agus tacaíocht réamh-imeachta leordhóthanach a chur ar fáil dóibh, i gcás inar féidir;

(c)

céannacht a dheimhniú agus cur chun feidhme bhearta an Aontais agus beart náisiúnta a éascú i leith inimircigh dleathacha a ligean isteach;

(d)

faisnéis a fuarthas le linn chomhlíonadh a ndualgas a roinnt laistigh de líonraí oifigeach idirchaidrimh inimirce agus le húdaráis inniúla na mBallstát, lena n-áirítear le húdaráis forfheidhmithe dlí, chun inimirce neamhdhleathach a chosc agus a bhrath chomh maith le smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chomhrac.

Airteagal 4

Fógra maidir le himscaradh oifigeach idirchaidrimh inimirce

1.   Cuirfidh na Ballstáit, an Coimisiún agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais an Bord Stiúrtha a bhunaítear in Airteagal 7 ar an eolas faoina bpleananna le haghaigh imscartha agus imscaradh iarbhír na n-oifigeach idirchaidrimh inimirce, lena n-áirítear tuairisc ar a ndualgais agus ar fhad a n_imscartha.

Beidh forléargas ar imscaradh na n-oifigeach idirchaidrimh inimirce sna tuarascálacha gníomhaíochta dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 8(2).

2.   Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ar fáil ar an ardán slán gréasán-bhunaithe um malartú faisnéise dá bhforáiltear in Airteagal 9.

Airteagal 5

Cruthú líonraí áitiúla nó réigiúnacha oifigeach idirchaidrimh inimirce

1.   Beidh oifigigh idirchaidrimh inimirce arna imscaradh chuig na tíortha nó réigiúin chéanna ina gcuid de líonraí comhair áitiúla nó réigiúnacha agus comhoibreoidh siad, i gcás inarb iomchuí agus nuair is iomchuí, le hoifigigh idirchaidrimh arna imscaradh ag tíortha nach Ballstáit iad. Faoi chuimsiú na líonraí sin, déanfaidh oifigigh idirchaidrimh inimirce i gcomhréir le hAirteagal 1(2), go háirithe an méid seo a leanas:

(a)

buailfidh siad le chéile go rialta agus aon uair is gá;

(b)

déanfaidh siad faisnéis agus taithí phraiticiúil a mhalartú, go háirithe i gcruinnithe agus trí bhíthin an ardáin shláin gréasánbhunaithe um malartú faisnéise dá bhforáiltear in Airteagal 9;

(c)

déanfaidh siad faisnéis a mhalartú, i gcás inarb iomchuí, faoi thaithí maidir le rochtain ar chosaint idirnáisiúnta;

(d)

déanfaidh siad seasaimh a bheidh le glacadh i dteagmhálacha le hiompróirí tráchtála a chomhordú, mar is cuí;

(e)

freastalóidh siad ar chúrsaí oiliúna speisialaithe comhpháirteacha, nuair is iomchuí, lena n-áirítear ar chearta bunúsacha, gáinneáil ar dhaoine, smuigleáil imirceach, calaois doiciméad nó rochtain ar chosaint idirnáisiúnta i dtríú tíortha;

(f)

déanfaidh siad seisiúin faisnéise agus cúrsaí oiliúna a eagrú do chomhaltaí fhoireann taidhleoireachta agus consalachta mhisin na mBallstát sa tríú tír, nuair is iomchuí;

(g)

glacfaidh siad cineálacha cur chuige coiteanna i leith modhanna chun faisnéis atá ábhartha go straitéiseach a bhailiú agus a thuairisciú, lena n-áirítear anailísí riosca;

(h)

cuirfidh siad teagmhálacha rialta ar bun le líonraí comhchosúla sa tríú tír agus i dtríú tíortha comharsanachta, mar is iomchuí.

2.   Déanfaidh oifigigh idirchaidrimh inimirce arna n-imscaradh ag an gCoimisiún na líonraí dá bhforáiltear i mír 1 a éascú agus tacóidh siad leo. I suíomhanna nach ndéanann an Coimisiún oifigigh idirchaidrimh inimirce a imscaradh, déanfaidh oifigigh idirchaidrimh inimirce arna imscaradh ag gníomhaireachtaí de chuid an Aontais na líonraí dá bhforáiltear i mír 1 a éascú agus tacóidh siad leo. I suíomhanna nach ndéanann an Coimisiún ná gníomhaireachtaí de chuid an Aontais oifigigh idirchaidrimh inimirce a imscaradh, déanfaidh oifigeach idirchaidrimh inimirce an líonra a éascú, mar a chomhaontaigh comhaltaí an líonra.

3.   Tabharfar fógra don Bhord Stiúrtha, gan moill mhíchuí, maidir le ceapachán éascaitheoir ainmnithe an líonra nó i gcás nach ndéantar aon éascaitheoir a ainmniú.

Airteagal 6

Imscaradh comhpháirteach oifigeach idirchaidrimh inimirce

1.   Féadfaidh na Ballstáit a chomhaontú go déthaobhach nó go hiltaobhach go mbeidh oifigigh idirchaidrimh inimirce a dhéanann Ballstát a imscaradh chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta freagrach as leasanna Ballstáit amháin nó níos mó.

2.   Féadfaidh na Ballstáit a chomhaontú freisin go gcomhroinnfidh a n-oifigigh idirchaidrimh inimirce cúraimí ar leith eatarthu féin, ar bhonn a n-inniúlachta agus a n-oiliúna.

3.   I gcás ina ndéanfaidh dhá Bhallstát nó níos mó oifigeach idirchaidrimh inimirce a imscaradh go comhpháirteach, féadfaidh na Ballstáit sin tacaíocht airgeadais a fháil ón Aontas de bhun Rialachán (AE) Uimh. 515/2014.

Airteagal 7

An Bord Stiúrtha

1.   Bunaítear Bord Stiúrtha le haghaidh líonra Eorpach oifigeach idirchaidrimh inimirce.

2.   Beidh an Bord Stiúrtha comhdhéanta d’ionadaí amháin ó gach Ballstát, de dhá ionadaí ón gCoimisiún, d’ionadaí amháin ón nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, d’ionadaí amháin ó Europol agus d’ionadaí amháin ó EASO. Chuige sin, ceapfaidh gach Ballstát comhalta den Bhord Bainistíochta chomh maith le comhalta malartach a dhéanfaidh ionadaíocht dó nó di nuair a bheidh sé nó sí as láthair. Ceapfar comhaltaí an Bhoird Stiúrtha go háirithe ar bhonn na taithí agus an tsaineolais ábhartha atá acu i dtaca le líonraí oifigeach idirchaidrimh a bhainistiú.

3.   Beidh tíortha atá comhlachaithe le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen rannpháirteach sa Bhord Stiúrtha agus ceapfaidh gach tír ionadaí amháin mar chomhalta ach ní bheidh cearta vótála aige nó aici. Beidh cead acu tuairimí a chur in iúl maidir leis na saincheisteanna go léir arna bplé agus na cinntí arna ndéanamh ag an mBord Stiúrtha.

Agus cinntí á ndéanamh ag an mBord Stiúrtha ar ábhair atá ábhartha d’oifigigh idirchaidrimh inimirce arna n-imscaradh ag tíortha atá comhlachaithe le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt an acquis Schengen, tabharfaidh an Bord Stiúrtha aird chuí ar na tuairimí arna gcur in iúl ag ionadaí na dtíortha sin.

4.   Féadfaidh an Bord Stiúrtha cuireadh a thabhairt do shaineolaithe, d’ionadaithe de chuid údaráis náisiúnta, d’eagraíochtaí idirnáisiúnta agus d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais nach comhaltaí den Bhord Stiúrtha iad chun freastal ar chruinnithe mar bhreathnóirí.

5.   Féadfaidh an Bord Stiúrtha cruinnithe comhpháirteacha a eagrú le líonraí nó le heagraíochtaí eile.

6.   Gníomhóidh ionadaí an Choimisiúin mar Chathaoirleach ar an mBord Stiúrtha. Déanfaidh an Cathaoirleach an méid seo a leanas:

(a)

áiritheoidh sé leanúnachas agus eagróidh sé obair an Bhoird Stiúrtha, agus tacóidh sé leis an gclár oibre débhliantúil agus le tuarascáil dhébhliantúil ar na gníomhaíochtaí a ullmhú ina theannta sin;

(b)

tabharfaidh sé comhairle don Bhord Stiúrtha maidir lena n-áirithiú go mbeidh na gníomhaíochtaí comhpháirteacha arna gcomhaontú, comhsheasmhach agus comhordaithe le hionstraimí agus struchtúir ábhartha de chuid an Aontais agus go léireofar leo tosaíochtaí an Aontais i réimse na himirce;

(c)

tionólfaidh sé cruinnithe de chuid an Bhoird Stiúrtha.

Ionas go mbainfear cuspóirí an Bhoird Stiúrtha amach, tabharfaidh Rúnaíocht cúnamh don Chathaoirleach.

7.   Tiocfaidh an Bord Stiúrtha le chéile dhá uair in aghaidh na bliana ar a laghad.

8.   Is le tromlach glan dá chomhaltaí a bhfuil ceart vótála acu a dhéanfaidh an Bord Stiúrtha a chinntí a ghlacadh.

9.   Cuirfidh na húdaráis imscartha faoi seach na cinntí arna nglacadh ag an mBord Stiúrtha in iúl do na hoifigigh idirchaidrimh inimirce ábhartha.

Airteagal 8

Cúraimí an Bhoird Stiúrtha

1.   Déanfaidh an Bord Stiúrtha a rialacha nós imeachta féin a bhunú ar bhonn togra ón gCathaoirleach laistigh de thrí mhí tar éis a chéad chruinnithe. Leagfar amach sonraí na socruithe vótála sna rialacha nós imeachta. Áireofar sna rialacha nós imeachta, go háirithe, na coinníollacha faoina bhféadfaidh comhalta gníomhú thar ceann comhalta eile, maille le haon cheanglais chóraim.

2.   I bhfianaise thosaíochtaí an Aontais i réimse na hinimirce agus laistigh de raon feidhme cúraimí oifigeach idirchaidrimh inimirce mar a shainítear sa Rialachán seo agus i gcomhréir le hAirteagal 1(2), déanfaidh an Bord Stiúrtha na gníomhaíochtaí seo a leanas bunaithe ar phictiúr cuimsitheach staide agus ar anailísí arna gcur ar fáil ag Gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais:

(a)

bunóidh sé tosaíochtaí agus déanfaidh sé gníomhaíochtaí a phleanáil trí chlár oibre débhliantúil a ghlacadh agus acmhainní a léiriú chun tacú leis an obair sin;

(b)

déanfaidh sé athbhreithniú rialta ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí d’fhonn leasuithe ar an gclár oibre débhliantúil a mholadh, de réir mar is iomchuí, agus maidir le ceapadh éascaitheoirí líonra agus ar an dul chun cinn arna dhéanamh ag líonraí oifigeach idirchaidrimh inimirce i dtaca lena gcomhar le húdaráis inniúla i dtríú tíortha;

(c)

glacfaidh sé an tuarascáil ghníomhaíochta dhébhliantúil, lena n-áirítear an forléargas dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 4(1), a bheidh le hullmhú ag Cathaoirleach an Bhoird Stiúrtha;

(d)

tabharfaidh sé an liosta d’oifigí idirchaidrimh inimirce arna n-imscaradh cothrom le dáta roimh gach cruinniú den Bhord Stiúrtha;

(e)

sainaithneoidh sé bearnaí ó thaobh imscaradh de agus déanfaidh sé trácht ar fhéidearthachtaí le haghaidh imscaradh oifigeach idirchaidrimh inimirce;

Déanfaidh an Bord Stiúrtha na doiciméid dá dtagraítear i bpointí (a) agus (c) den chéad fhomhír den mhír seo a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa.

3.   I bhfianaise riachtanais oibríochtúla an Aontais i réimse na hinimirce agus laistigh de raon feidhme cúraimí oifigeach idirchaidrimh inimirce mar a shainítear sa Rialachán seo agus i gcomhréir le hAirteagal 1(2), déanfaidh an Bord Stiúrtha na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)

tiocfaidh sé ar chomhaontú maidir le gníomhaíochtaí líonraí oifigeach idirchaidrimh inimirce ar bhonn ad-hoc;

(b)

déanfaidh sé faireachán ar infhaighteacht faisnéise idir oifigigh idirchaidrimh inimirce agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, agus déanfaidh sé moltaí maidir le gníomhaíochtaí riachtanacha i gcás inar gá;

(c)

tacóidh sé le cumas oifigeach idirchaidrimh inimirce a fhorbairt, lena n-áirítear trí fhorbairt a dhéanamh ar lárchuraclaim choiteanna fhorlíontacha agus neamhéigeantacha, oiliúint réamh-imscartha, treoirlínte ar chearta bunúsacha a bhreathnú ina gcuid gníomhaíochtaí le béim ar leith ar dhaoine leochaileacha, agus eagrú seimineár comhpháirteach faoi ábhair dá dtagraítear in Airteagal 3(4), agus uirlisí oiliúna arna bhforbairt ag gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais nó eagraíochtaí idirnáisiúnta eile á gcur san áireamh aige;

(d)

áiritheoidh sé go ndéanfar faisnéis a mhalartú tríd an ardán slán gréasánbhunaithe um malartú faisnéise dá bhforáiltear in Airteagal 9.

4.   Chun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 a dhéanamh, féadfaidh na Ballstáit an tacaíocht airgeadais a fháil ón Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 515/2014.

Airteagal 9

Ardán malartaithe faisnéise

1.   Chun críocha a gcúraimí faoi seach, áiritheoidh oifigigh idirchaidrimh inimirce, comhaltaí den Bhord Stiúrtha agus éascaitheoirí an líonra dá dtagraítear in Airteagal 5(2) go ndéanfar an fhaisnéis agus an staidreamh ábhartha uile a uaslódáil agus a mhalartú trí bhíthin ardán shláin gréasánbhunaithe um malartú faisnéise. Déanfaidh an Coimisiún an t-ardán sin a chur ar bun i gcomhaontú leis an mBord Stiúrtha agus déanfaidh an Coimisiún é a choinneáil.

Ní dhéanfar aon fhaisnéis um fhorfheidhmiú an dlí oibríochtúil atá faoi rún daingean a mhalartú tríd an ardán slán gréasánbhunaithe um malartú faisnéise.

2.   Beidh na heilimintí seo a leanas ar laghad san áireamh san fhaisnéis arna malartú trí bhíthin an ardáin shláin gréasánbhunaithe um malartú faisnéise:

(a)

doiciméid, tuarascálacha agus táirgí anailíseacha ábhartha arna gcomhaontú ag an mBord Stiúrtha i gcomhréir le hAirteagal 8(2) agus (3);

(b)

cláir oibre dhébhliantúla, tuarascálacha gníomhaíochta débhliantúla agus torthaí gníomhaíochtaí agus cúraimí ad-hoc de chuid líonraí oifigeach idirchaidrimh inimirce dá dtagraítear in Airteagal 8(2) agus Airteagal (3);

(c)

liosta cothrom le dáta de chomhalta an Bhoird Stiúrtha;

(d)

liosta cothrom le dáta de shonraí teagmhála oifigeach idirchaidrimh inimirce arna n-imscaradh chuig tríú tíortha, lena n-áirítear a n-ainmneacha, a suíomhanna imscartha, agus a bhfreagracht réigiúnach, a n-uimhreacha teileafóin agus a seoltaí ríomhphoist;

(e)

doiciméid ábhartha eile a bhaineann le gníomhaíochtaí agus cinntí an Bhoird Stiúrtha.

3.   Cé is moite de na sonraí dá dtagraítear i bpointí (c) agus (d) de mhír 2, san fhaisnéis arna malartú tríd an ardán slán gréasánbhunaithe um malartú faisnéise, ní bheidh sonraí pearsanta ná aon naisc trína gcuirtear na sonraí pearsanta sin ar fáil go díreach nó go hindíreach. Beidh rochtain ar shonraí dá dtagraítear i bpointí (c) agus (d) de mhír 2 srianta d’oifigigh idirchaidrimh inimirce, do chomhalta den Bhord Stiúrtha agus d’fhoireann chuí-údaraithe chun críche chur chun feidhme an Rialacháin seo.

4.   Tabharfar rochtain do Pharlaimint na hEorpa ar chodanna áirithe den ardán gréasánbhunaithe um malartú faisnéise, arna chinneadh ag an mBord Stiúrtha ina rialacha nós imeachta agus i gcomhréir le rialacha agus reachtaíocht an Aontais agus náisiúnta.

Airteagal 10

Sonraí pearsanta a phróiseáil

1.   Déanfaidh oifigigh idirchaidrimh inimirce a gcúraimí i gcomhréir le rialacha cosanta sonraí pearsanta an Aontais agus náisiúnta, chomh maith le rialacha den sórt sin atá i gcomhaontuithe idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích le tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta.

2.   Féadfaidh oifigigh idirchaidrimh inimirce sonraí pearsanta a phróiseáil chun críche na gcúraimí dá dtagraítear in Airteagal 3(6). Déanfar na sonraí pearsanta sin a léirscriosadh nuair nach mbeidh siad riachtanach a thuilleadh i ndáil leis na críocha a rinneadh iad a bhailiú ina leith nó nuair a dhéanfar iad a phróiseáil ar bhealeach éigin eile i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679.

3.   Mar chuid de na sonraí pearsanta arna bpróiseáil de bhun mhír 2 féadfar an méid seo a leanas a áireamh:

(a)

sonraí bithmhéadracha nó beathaisnéiseacha i gcás inar gá chun céannacht agus náisiúntacht náisiúnach tríú tír a dheimhniú chun críocha fillidh, lena n-áirítear gach cineál doiciméad ar féidir é a mheas mar chruthúnas nó mar fhianaise prima facie náisiúntachta;

(b)

liostaí paisinéirí d’eitiltí fillte agus do mhodhanna eile iompair chuig tríú tíortha;

(c)

sonraí bithmhéadracha nó beathaisnéiseacha chun céannacht agus náisiúntacht náisiúnach tríú tír a dheimhniú chun críche ligean isteach imirce dlíthiúla;

(d)

sonraí bithmhéadracha nó beathaisnéiseacha chun céannacht agus náisiúntacht náisiúnach tríú tír a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu chun críche athlonnaithe;

(e)

sonraí bithmhéadracha, sonraí beathaisnéiseacha chomh maith le sonraí pearsanta eile is gá chun céannacht an duine aonair a shuíomh agus is gá chun smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac, chomh maith le sonraí pearsanta a bhaineann le modi operandi líonraí coiriúla, modhanna iompair a úsáideadh, rannpháirtíocht idirghabhálaithe agus sreafaí airgeadais.

Déanfar sonraí faoi phointe (e) den chéad fhomhír den mhír seo a phróiseáil chun críche an taisc dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 3(6) a bhaint amach agus chun na críche sin amháin.

4.   Beidh aon mhalartú sonraí pearsanta teoranta go docht don mhéid is gá chun críocha an Rialacháin seo.

5.   Déanfaidh oifigigh idirchaidrimh inimirce sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta de bhun an Airteagal seo i gcomhréir le Caibidil V de Rialachán (AE) 2016/679.

Airteagal 11

Comhar consalachta

Tá an Rialachán seo gan dochar do na forálacha maidir le comhar consalachta ar leibhéal áitiúil atá i Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19).

Airteagal 12

Tuarascáil

1.   Cúig bliana tar éis dháta glactha an Rialacháin seo, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

2.   Soláthróidh na Ballstáit agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais an fhaisnéis is gá don Choimisiún chun an tuarascáil a ullmhú maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 13

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 377/2004.

Maidir le tagairtí a dhéantar don Rialachán aisghairthe, forléireofar iad mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn II.

Airteagal 14

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 20 Meitheamh 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 14 Meitheamh 2019.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 377/2004 ón gComhairle an 19 Feabhra 2004 maidir le gréasán oifigeach idirchaidrimh inimirce a chruthú (IO L 64, 2.3.2004, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 863/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 agus Cinneadh 2005/267/CE ón gComhairle (IO L 251, 16.9.2016, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena mbunaítear an Córas Eorpach um Fhaireachas ar Theorainneacha (EUROSUR) (IO L 295, 6.11.2013, lch. 11).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosaí agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 574/2007/CE (IO L 150, 20.5.2014, lch. 143).

(6)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(8)  Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tíortha atá ag fanacht go neamhdhlíthiúil a fhilleadh (IO L 348, 24.12.2008, lch. 98).

(9)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

(10)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá Stát sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

(11)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(12)  Cinneadh 2008/149/CGB ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, ar son an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 50).

(13)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

(14)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, ar son an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).

(15)  Cinneadh 2019/304 ón gComhairle an 18 Feabhra 2019 maidir le fógra ón Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann nach mian léi a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen atá ina gcuid de Rialachán (CE) Uimh. 377/2004 ón gComhairle maidir le líonra oifigeach idirchaidrimh inimirce a chruthú (IO L 51, 22.2.2019, lch. 7).

(16)  Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 131, 1.6.2000, lch. 43).

(17)  Cinneadh 2004/926/CE ón gComhairle an 22 Nollaig 2004 maidir le codanna de acquis Schengen a bheith á gcur i bhfeidhm ag Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (IO L 395, 31.12.2004, lch. 70).

(18)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

(19)  Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí) (IO L 243, 15.9.2009, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

Rialachán aisghairthe leis an leasú a rinneadh air

Rialachán (CE) Uimh. 377/2004 ón gComhairle

(IO L 64, 2.3.2004, lch. 1)

Rialachán (AE) Uimh. 493/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 141, 27.5.2011, lch. 13)


IARSCRÍBHINN II

Tábla Comhghaoil

Rialachán (CE) Uimh. 377/2004

An Rialachán Seo

Airteagal 1(1)

Airteagal 2, an fhoclaíocht réamhráiteach

Airteagal 1(1)

Airteagal 2, pointe (1)

Airteagal 1(2)

Airteagal 2, pointe (1) an fhoclaíocht chríochnaitheach

Airteagal 1(3)

Airteagal 2, pointe (2)

Airteagal 1(4)

Airteagal 1(2)

Airteagal 2(1)

Airteagal 3(3)

Airteagal 2(2) an fhoclaíocht réamhráiteach

Airteagal 3(4), an fhoclaíocht réamhraiteach

Airteagal 2(2), an chéad fhleasc

Airteagal 3(4)(b)

Airteagal 2(2), an dara fleasc

Airteagal 3(4)(c)

Airteagal 3(1)

Airteagal 4(1), an chéad fhomhír

Airteagal 4(1)

Airteagal 5(1)

Airteagal 5(1) agus (2)

Airteagal 6(1) agus (2)

Airteagal 7

Airteagal 11

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II


Top