EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32019R0880

Rialachán (AE) 2019/880 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le hearraí cultúir a thabhairt isteach agus a allmhairiú

PE/82/2018/REV/1

OJ L 151, 7.6.2019, p. 1–14 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/880/oj

7.6.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2019/880 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Aibreán 2019

maidir le hearraí cultúir a thabhairt isteach agus a allmhairiú

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas,

(1)

I bhfianaise na gConclúidí ón gComhairle an 12 Feabhra 2016 maidir leis an gcomhrac in aghaidh mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, i bhfianaise na Teachtaireachta ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle an 2 Feabhra 2016 maidir le Plean Gníomhaíochta chun an comhrac i gcoinne mhaoiniú na sceimhlitheoireachta a neartú (Action Plan for strengthening the fight against terrorist financing) agus Threoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), ba cheart rialacha comhchoiteanna a ghlacadh maidir leis an trádáil le tríú tíortha chun a áirithiú go mbeidh cosaint éifeachtach ann i gcoinne na trádála aindleathaí ar earraí cultúir, go gcosnófar earraí cultúir go héifeachtach ar a gcailliúint agus ar a scriosadh, go gcaomhnófar oidhreacht chultúrtha an chine dhaonna agus go gcuirfear cosc ar sceimhlitheoireacht a mhaoiniú agus ar sciúradh airgid tríd earraí cultúir creachta a dhíol le ceannaitheoirí san Aontas.

(2)

Maidir le dúshaothrú pobal agus críoch ar féidir leo a bheith ina chúis le trádáil aindleathach in earraí cultúir, go háirithe nuair is as limistéar ina bhfuil coinbhleacht armtha ar siúl a eascraíonn an trádáil aindleathach sin. Ina thaobh sin, ba cheart go gcuirfí san áireamh sa Rialachán seo tréithe réigiúnacha agus áitiúla pobal agus críoch, seachas margadhluach earraí cultúir.

(3)

Is cuid den oidhreacht chultúrtha iad na hearraí cultúir seo agus is minic mórthábhacht chultúrtha, ealaíonta, stairiúil agus eolaíoch ag roinnt leo. Tá an oidhreacht chultúrtha ar cheann de bhuneilimintí na sibhialtachta mar aon le luach siomblach, agus mar chuid de chuimhne chultúrtha an chine dhaonna, i measc nithe eile. Cuireann sí le saol cultúrtha gach pobail agus tugann sí daoine le chéile faoi scáth na comhchuimhne agus na forbartha ar an tsibhialtacht. Ba cheart í a chosaint, dá bhrí sin, ar shealbhúú mídhleathach agus ar fhoghail. Tá láithreáin seandálaíochta riamh á gcreachadh, ach bíonn siad á gcreachadh ar an mórchóir faoi láthair agus, is coir thromchúiseach as a n-eascraíonn mórfhulaingt dóibh siúd a mbíonn tionchar díreach nó indíreach aici orthu is ea seo agus an trádáil in earraí cultúir arna dtochailt go neamhdhleathach. In a lán cásanna, bíonn an trádáil aindleathach in earraí cultúir ina cúis le homaiginiú cultúrtha nó díbirt éigeantach, agus is é a bhíonn mar thoradh ar fhoghail earraí cultúir ná go mbíonn cultúir ag dealú ó chéile, i measc nithe eile. Fad a bheifear in ann gabháil den trádáil bhrabúsach in earraí cultúir arna dtochailt go neamhdhleathach agus brabús a dhéanamh as sin gan aon bhaol suntasach a bheith ann ina leith, leanfaidh an tochailt agus an creachadh sin de bheith á ndéanamh. Mar gheall ar luach eacnamaíoch agus ealaíonta na hearraí cultúir, tá éileamh mór ann ar an margadh idirnáisiúnta, ach, os a choinne sin, toisc nach ann do bhearta láidre idirnáisiúnta dlíthiúla agus mar gheall ar fhorfheidhmiú neamhéifeachtach aon bhearta atá ann, déantar na hearraí sin a aistriú chuig an scáthgheilleagar. Ba cheart don Aontas, dá réir sin, toirmeasc a chur ar earraí cultúir a onnmhairíodh go mídhleathach as tríú tíortha a thabhairt isteach i gcríoch chustaim an Aontais, le béim ar leith ar earraí cultúir ó thríú tíortha atá thíos le coinbhleachtaí armtha, go háirithe i gcás ina ndearna eagraíochtaí sceimhlitheoireachta nó eagraíochtaí coiriúla eile na hearraí cultúir sin a thrádáil go haindleathach. Cé nár cheart go ngabhfadh rialuithe córasacha leis an gcosc ginearálta sin, ba cheart a bheith de chead ag na Ballstáit idirghabháil a dhéanamh agus faisnéis á fáil acu faoi lastais amhrasacha agus é a bheith de chead acu gach beart iomchuí a dhéanamh chun earraí cultúir a onnmhairíodh go haindleathach a thascradh.

(4)

I bhfianaise na rialacha éagsúla atá i bhfeidhm i mBallstáit maidir le hearraí cultúir a allmhairiú isteach i gcríoch chustaim an Aontais, ba cheart bearta a dhéanamh go háirithe chun a áirithiú go mbeidh allmhairithe áirithe earraí cultúir faoi réir rialuithe aonfhoirmeacha ar theacht isteach dóibh i gcríoch chustaim an Aontais, go háirithe ar bhonn na bpróiseas, na nósanna imeachta agus na n-uirlisí riaracháin atá ann cheana a bhfuil sé mar aidhm leo cur chun feidhme aonfhoirmeach Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bhaint amach (3).

(5)

Cumhdaítear cosaint earraí cultúir a meastar gur seoda náisiúnta na mBallstát iad le Rialachán (CE) Uimh. 116/2009 ón gComhairle (4) agus le Treoir 2014/60/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón Comhairle (5). Dá bhrí sin, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le hearraí cultúir a cruthaíodh nó a aimsíodh i gcríoch chustaim an Aontais. Ba cheart an chaoi a ndéileálann na húdaráis custaim le hearraí cultúir, nach earraí de chuid an Aontais iad, atá ag teacht isteach i gcríoch chustaim an Aontais a chumhdach leis na rialacha comhchoiteanna arna dtabhairt isteach leis an Rialachán seo. Ba cheart méid chríoch chustaim an Aontais tráth an allmhairithe a bheith ábhartha chun críocha an Rialacháin seo.

(6)

I dtaca leis na bearta rialaithe atá le cur i bhfeidhm maidir le limistéir saorthrádála agus maidir leis na “saorphoirt”, ba cheart raon feidhme a leithne agus is féidir ó thaobh na nósanna imeachta custaim lena mbaineann a bheith ag gabháil leo chun cosc a chur ar dhul timpeall ar an Rialachán seo trí shaothrú na limistéar saorthrádála sin, arb ionann iad agus limistéir a d’fhéadfadh a úsáid do leathadh leanúnach na trádála aindleathaí. Dá bhrí sin, níor cheart na bearta rialaithe sin a bheith bainteach le hearraí cultúir a scaoileadh i saorchúrsaíocht agus leis na hearraí cultúir sin amháin, ach freisin le hearraí ar cuireadh nós imeachta custaim speisialta i bhfeidhm orthu. Mar sin féin, níor cheart don raon feidhme sin dul níos faide ná an cuspóir cosc a chur ar earraí cultúir a onnmhairíodh go haindleathach a theacht isteach i gcríoch chustaim an Aontais. Dá réir sin, cé go gcuimseofar sna bearta rialaithe scaoileadh i saorchúrsaíocht agus roinnt de na nósanna imeachta custaim speisialta is féidir a chur i bhfeidhm ar earraí atá ag teacht isteach i gcríoch chustaim an Aontais, níor cheart idirthuras a chuimsiú sna bearta rialaithe córasacha sin.

(7)

Tá eolas maith ag a lán tríú tíortha agus ag formhór na mBallstát ar fhorálacha na gCoinbhinsiún sin, ar na sainmhínithei gCoinbhinsiún Unesco maidir le Modhanna chun Allmhairiú, Onnmhairiú agus Aistriú Aindleathach Úinéireachta de Mhaoin Chultúrtha a Thoirmeasc agus a Chosc arna shíniú i bPáras an 14 Samhain 1970 (“Coinbhinsiún Unesco 1970”), coinbhinsiúin a bhfuil líon mór Ballstát ina bpáirtí iontu, agus i gCoinbhinsiún UNIDROIT maidir le Réada Cultúrtha a Goideadh nó a Onnmhairíodh go Neamhdhleathach arna shíniú sa Róimh an 24 Meitheamh 1995. Chuige sin, is iad na sainmhínithe a úsáidtear sa Rialachán seo atá bunaithe ar na sainmhínithe sin.

(8)

Ba cheart dlíthiúlacht onnmhairiú na n-earraí cultúir sin a scrúdú go príomha ar bhonn dhlíthe agus rialacháin na tíre sin inar cruthaíodh nó inar aimsíodh na hearraí cultúir sin. Chun nach gcuirfear bac díréireach ar thrádáil dhlistineach, áfach, ba cheart a cheadú, go heisceachtúil, don té a fhéachann le hearraí cultúir a allmhairiú isteach i gcríoch chustaim an Aontais, i gcásanna áirithe, go léireoidh an duine sin gur onnmhairíodh na hearraí cultúir go dleathach ó thríú tír éagsúil ina raibh siad lonnaithe sular seoladh na hearraí chuig an Aontas. Ba cheart go mbeadh feidhm ag an díolúine sin i gcás nach féidir an tír inar cruthaíodh nó inar aimsíodh na hearraí cultúir a chinntiú go hiontaofa nó i gcás inar onnmhairíodh na hearraí cultúir i gceist sular tháinig Coinbhinsiún 1970 Unesco i bhfeidhm, eadhon 24 Aibreán 1972. Chun cosc a chur ar dhul timpeall ar an Rialachán seo trí earraí cultúir a allmhairítear go neamhdhleathach chuig tríú tír eile sula ndéanfaí iad a allmhairiú isteach san Aontas, ba cheart feidhm a bheith ag na heisceachtaí sin i gcás ina bhfuil na hearraí cultúir sin lonnaithe i dtríú tír ar feadh tréimhse níos mó ná 5 bliana chun críocha eile seachas úsáid shealadach, idirthuras, ath-onnmhairiú nó trasloingsiú. I gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha sin le haghaidh níos mó ná tír amháin, ba cheart don tír ábhartha a bheith an tír dheireanach díobh sin sula ndéanfar na hearraí cultúir a thabhairt isteach i gcríoch chustaim an Aontais.

(9)

Le hAirteagal 5 de Choinbhinsiún Unesco 1970, iarrtar ar na Stáit is Páirtithe seirbhís náisiúnta amháin nó níos mó a bhunú chun earraí cultúir dílse ar allmhairiú, onnmhairiú agus aistriú mídhleathach úinéireachta a chosaint. Ba cheart líon leordhóthanach pearsanra cáilithe ag obair i seirbhísí den chineál sin chun an cosaint sin a áirithiú, i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún sin, agus chun comhoibriú gníomhach riachtanach idir údaráis inniúla na mBallstát atá ina bPáirtithe sa Choinbhinsiún sin i réimse na slándála agus sa chomhrac in aghaidh allmhairiú neamhdhleathach earraí cultúir, go háirithe ó limistéir atá buailte i dtíortha atá thíos le coinbhleacht armtha.

(10)

Le nach gcuirfear bac díréireach ar thrádáil earraí cultúir thar theorainn sheachtrach an Aontais, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le hearraí cultúir nach sáraíonn teorainn aoise áirithe, a bhunaítear leis an Rialachán seo. Is amhlaidh gur iomchuí freisin go leagfaí síos tairseach airgeadais d’fhonn earraí cultúir le luachanna níos ísle a eisiamh ó chur i bhfeidhm na gcoinníollacha agus na nósanna imeachta a bhaineann le hearraí cultúir a allmhairiú isteach i gcríoch chustaim an Aontais. Leis na tairsí sin, áiritheofar gur ar na hearraí cultúir sin is dóichí a mbeadh tóir ag creachadóirí i limistéir coinbhleachta orthu a bheidh na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo dírithe, agus nach n-eisiafar earraí eile is gá a rialú chun an oidhreacht chultúrtha a chosaint.

(11)

Sa mheasúnú riosca fornáisiúnta ar na rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a théann i gcion ar an margadh inmheánach, tá an trádáil aindleathach ar earraí cultúir creachta aitheanta mar fhoinse a d’fhéadfaí a úsáid do mhaoiniú na sceimhlitheoireachta agus do ghníomhaíochtaí sciúrtha airgid.

(12)

Ós rud é go mbaineann baol foghla nó scriosta ar leith le catagóirí áirithe earraí cultúir, eadhon réada seandálaíochta agus eilimintí de shéadchomharthaí, dealraíonn sé gurb iomchuí foráil a dhéanamh maidir le córas grinnscrúdaithe bhreise sula dtugtar cead dóibh teacht isteach i gcríoch chustaim an Aontais. Faoi chóras den sórt sin, ba cheart é a bheith ina cheangal ceadúnas allmhairiúcháin a thaispeáint a d’eisigh údarás inniúil an Bhallstáit inar tháinig na hearraí cultúir isteach san Aontas sula bhféadfaí na hearraí sin a scaoileadh i saorchúrsaíocht nó nós imeachta custaim speisialta nach é an nós imeachta idirthurais é a chur i bhfeidhm orthu. Aon duine atá ag iarraidh ceadúnas den sórt sin a fháil, ba cheart é a bheith in ann a chruthú gur onnmhairíodh na hearraí go dleathach as an tír inar cruthaíodh nó inar aimsíodh na hearraí cultúir leis na doiciméid tacaíochta cuí agus leis an bhfianaise chuí, amhail deimhnithe onnmhairiúcháin nó teidil úinéireachta, sonraisc, conarthaí díolacháin, doiciméid árachais, doiciméid iompair agus meastóireachtaí saineolaithe. Ar bhonn iarratas atá iomlán agus cruinn, ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát a chinneadh gan moill mhíchuí an eiseofar ceadúnas. Ba cheart na ceadúnas allmhairiúcháin uile a stóráil i gcóras leictreonach.

(13)

Is éard is íocón ann aon mhacasamhlú de phearsa reiligiúnach nó d’imeacht reiligiúnach. Is féidir é a tháirgeadh i meáin agus méideanna éagsúla, agus a bheith leachtmhar nó soghluaiste. Más rud é gur chuid den taobh istigh de shéipéal, de mhainistir, d’eaglais, a bhí ann uair amháin, bíodh sé gur píosa saorsheasaimh nó cuid den troscán ailtireachta atá i gceist, is é sin íocónastáis nó seastán íocóin mar shampla, ós cuid dhoscartha den adhradh diaga agus den saol liotúirgeach an t-íocón, agus ní mór é a mheas mar dhlúthchuid de shéadchomhartha reiligiúnach a deighleadh óna chéile. Fiú nuair nach eol an séadchomhartha sonrach lenar bhain an t-íocón, ach go bhfuil fianaise ann gur dhlúthchuid den séadchomhartha a bhí ann tráth, go háirithe nuair a chaomhnaíonn sé comharthaí nó eilimintí a thugann le fios gur chuid d’íocónastáis nó de sheastán íocóin a bhíodh ann uair amháin, ba cheart an t-íocón a chumhdach fós faoin gcatagóir “eilimintí de shéadchomharthaí ealaíne nó staire nó de láithreáin seandálaíochta nach bhfuil iomlán feasta” a liostaítear san Iarscríbhinn.

(14)

Agus cineál ar leith na n-earraí cultúir á chur san áireamh, is ríthábhachtach é ról na n-údarás custaim, agus ba cheart dóibh a bheith in ann, i gcás inar gá, breis faisnéise a iarraidh ar an dearbhóir agus anailís a dhéanamh ar na hearraí cultúir trí bhíthin scrúdú fisiceach.

(15)

I gcás catagóirí earraí cultúir nach n-éilíonn ceadúnas allmhairiúcháin, ba cheart do na daoine atá ag iarraidh earraí den chineál sin a allmhairiú i gcríoch chustaim an Aontais a dheimhniú gur onnmhairíodh go dleathach iad as an tríú tír agus freagracht a ghlacadh as an onnmhairiú sin agus faisnéis leordhóthanach a thabhairt le go bhféadfaidh na húdaráis chustaim na hearraí cultúir sin a shainaithint. Chun an nós imeachta a éascú agus ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart an fhaisnéis faoin earra cultúir a thabhairt trí bhíthin doiciméad caighdeánach. D’fhéadfaí an caighdeán “Object ID”, atá molta ag Unesco, a úsáid chun tuairisc a dhéanamh ar na hearraí cultúir. Ba cheart do shealbhóir na n-earraí na mionsonraí sin a chlárú sa chóras leictreonach, chun go sainaithneoidh na húdaráis chustaim go héasca iad agus chun anailís riosca agus rialuithe spriocdhírithe a cheadú agus chun inrianaitheacht a áirithiú tar éis do na hearraí cultúir teacht isteach ar an margadh inmheánach.

(16)

I gcomhthéacs thimpeallacht an ionaid ilfhreastail do chustaim, ba cheart é a bheith de fhreagracht ar an gCoimisiún córas láraithe leictreonach a bhunú chun iarratais a chur isteach ar cheadúnais allmhairiúcháin agus ar ráiteas ón allmhaireoir mar aon le faisnéis a stóráil agus a chomhroinnt idir údaráis na mBallstát, go háirithe i dtaca le ráitis ón allmhaireoir agus ceadúnais allmhairiúcháin.

(17)

Ba cheart go mbeifí in ann sonraí pearsanta a chumhdach le próiseáil sonraí faoin Rialachán seo agus ba cheart próiseáil den chineál sin a dhéanamh i gcomhréir le dlí an Aontais. Níor cheart do na Ballstáit ná don Choimisiún sonraí pearsanta a phróiseáil ach amháin chun críocha an Rialacháin seo nó i gcásanna a mbeadh údar cuí leo chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhraith nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fheidhmiú, lena n-áirítear cosaint a thabhairt i gcoinne bagairtí ar an tslándáil phoiblí nó bagairtí den chineál sin a chosc. Aon bhailiú, nochtadh, tarchur, cur in iúl agus próiseáil eile ar shonraí pearsanta laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo, ba cheart go mbeidís faoi réir cheanglais Rialacháin (AE) 2016/679 (6) agus (AE) 2018/1725 (7) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Maidir le próiseáil sonraí pearsanta chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart go n-urramófaí léi freisin an ceart go n-urramófaí an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh a aithnítear in Airteagal 8 de Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, mar aon leis an gceart go n-urramófaí an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh agus an ceart go gcosnófaí sonraí pearsanta a aithnítear, faoi seach, in Airteagal 7 agus Airteagal 8 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(18)

I dtaca le hearraí cultúir nár cruthaíodh nó nár aimsíodh i gcríoch chustaim an Aontais ach a onnmhairíodh mar earraí de chuid an Aontais, níor cheart dóibh a bheith faoi réir an choinníll ceadúnas allmhairiúcháin nó ráiteas ón allmhaireoir a thaispeáint nuair a thugtar ar ais iad ar an gcríoch sin mar earraí a thugtar ar ais de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

(19)

Níor cheart d’earraí cultúir a ligtear isteach go sealadach chun críocha oideachais, eolaíochta, caomhnaithe, athchóirithe, taispeána, digitithe, taibhealaíon, arna dhéanamh ag institiúidí acadúla, nó chun críocha comhair idir músaeim nó institiúidí comhchosúla, a bheith faoi réir ceadúnas allmhairiúcháin nó ráiteas ó allmhaireoir a thaispeáint ach oiread.

(20)

Níor cheart go bhféadfaí earraí cultúir as tíortha atá thíos le coinbhleacht armtha nó tubaiste nádúrtha a stóráil, chun sábháilteacht agus caomhnú na n-earraí sin a áirithiú, nó go gcoinneofaí slán iad faoi mhaoirseacht údaráis phoiblí, faoi réir ceadúnas allmhairiúcháin ná ráiteas ó allmhaireoir a thaispeáint chun.

(21)

D’fhonn taispeáint earraí cultúir ar aonaigh ealaíne tráchtála a éascú, níor cheart ceadúnas allmhairiúcháin a bheith riachtanach i gcás ina ligtear isteach na hearraí cultúir ar bhonn sealadach, de réir bhrí Airteagal 250 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, agus nuair a soláthraíodh ráiteas ón allmhaireoir seachas an ceadúnas allmhairiúcháin. Ba cheart gá a bheith le ceadúnas allmhairiúcháin a thaispeáint, áfach, i gcás ina bhfanann earraí cultúir den chineál sin san Aontas tar éis an aonaigh ealaíne.

(22)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun socruithe mionsonraithe a ghlacadh maidir le hearraí cultúir a thugtar ar ais nó maidir le hearraí cultúir a ligean isteach go sealadach i gcríoch chustaim an Aontais agus iad a choimeád slán, maidir leis na teimpléid le haghaidh iarratais agus foirmeacha na gceadúnas allmhairiúcháin, agus na teimpléid le haghaidh na ráiteas ón allmhaireoir agus na ndoiciméad a ghabhann leo, mar aon le rialacha breise nós imeachta maidir lena gcur isteach agus lena bpróiseáil. Ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún le go bhféadfaidh sé socruithe a dhéanamh maidir le córas leictreonach a bhunú chun iarratais ar cheadúnais allmhairiúcháin agus ar ráiteas ón allmhaireoir a chur isteach agus chun faisnéis a stóráil agus a mhalartú idir na Ballstáit. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

(23)

Chun comhordú éifeachtach a áirithiú agus dúbláil iarrachtaí a sheachaint nuair a eagraítear cúrsaí oiliúna, gníomhaíochtaí fothaithe acmhainní agus feachtais múscailte feasachta, agus chun an taighde is ábhartha a choimisiúnú agus caighdeán a fhorbairt, nuair is iomchuí, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit comhoibriú le heagraíochtaí agus comhlachtaí idirnáisiúnta, amhail Unesco, INTERPOL, EUROPOL, an Eagraíocht Dhomhanda Chustaim, Ionad Idirnáisiúnta um Chaomhnú agus Athchóiriú na Maoine Cultúrtha agus Comhairle Idirnáisiúnta na Músaem (ICOM).

(24)

Ba cheart faisnéis ábhartha faoi shreafaí trádála earraí cultúir a bhailiú go leictreonach agus a roinnt idir na Ballstáit agus an Coimisiún, chun tacú le cur chun feidhme éifeachtúil an Rialacháin seo agus chun bonn a chur leis an meastóireacht a dhéanfar air amach anseo. Ar mhaithe le trédhearcacht agus grinnscrúdú poiblí, ba cheart a mhéid faisnéise is féidir a chur ar fáil don phobal. Ní féidir faireachán éifeachtúil a dhéanamh ar shreafaí trádála earraí cultúir ar bhonn a luacha nó a meáchain amháin. Tá sé ríthábhachtach faisnéis a bhailiú go leictreonach faoi líon na n-ítimí a dhearbhaítear. Ós rud é nach sonraítear aon aonad eile tomhais i dtaca le hearraí cultúir san Ainmníocht Chomhcheangailte, is gá a cheangal go ndearbhófar líon na n-ítimí.

(25)

I measc na gcuspóirí atá le Straitéis agus Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh maidir le Bainistiú Riosca i dtaca le Rialú Custaim, tá cur le hinniúlachtaí na n-údarás custaim chun an fhreagrúlacht do rioscaí a mhéadú i réimse na n-earraí cultúir. Ba cheart an creat comhchoiteann bainistithe riosca a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 a úsáid agus ba cheart faisnéis ábhartha i dtaobh riosca a mhalartú idir na húdaráis custaim.

(26)

D’fhonn tairbhe a bhaint as saineolas eagraíochtaí agus comhlachtaí atá gníomhach i gcúrsaí cultúir agus as a saineolas faoin trádáil aindleathach in earraí cultúir, ba cheart moltaí agus treoir ó na heagraíochtaí sin agus comhlachtaí sin a thabhairt ar aird sa chreat comhchoiteann bainistithe riosca agus rioscaí a bhaineann le hearraí cultúir á sainaithint. Ba cheart ábhar treorach a bheith go háirithe sna Liostaí Dearga a fhoilsíonn ICOM chun na tríú tíortha sin is mó a bhfuil a n-oidhreacht i mbaol agus is minice a ndéanfaí trádáil aindleathach sna réada a onnmhairítear astu a shainaithint.

(27)

Is gá feachtais múscailte feasachta a bhunú, atá dírithe ar cheannaitheoirí earraí cultúir, maidir leis an mbaol a bhaineann le trádáil aindleathach, agus is gá cúnamh a thabhairt do ghníomhaithe an mhargaidh maidir lena dtuiscint ar an Rialachán seo agus leis an gcaoi a bhfuil an Rialachán á chur chun feidhme acu. Ba cheart do na Ballstáit páirt a thabhairt do na pointí teagmhála náisiúnta ábhartha agus do sheirbhísí eile soláthair faisnéise i scaipeadh na faisnéise sin.

(28)

Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go mbainfidh micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (“FBManna”) tairbhe as cúnamh teicniúil leordhóthanach agus ba cheart dó soláthar faisnéise leo a éascú chun an Rialachán seo a chur chun feidhme go héifeachtúil. Maidir le FBManna atá bunaithe san Aontas agus a allmhairíonn earraí cultúir, ba cheart, mar sin, go mbainfeadh siad tairbhe as cláir reatha an Aontais agus as cláir de chuid an Aontais a bheidh ann sa todhchaí a thacaíonn le hiomaíochas na bhfiontar beag agus meánmhéide.

(29)

Chun comhlíonadh a spreagadh agus seachaint a dhíspreagadh, ba cheart do na Ballstáit pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a thabhairt isteach do chásanna a dteipeann orthu forálacha an Rialacháin seo a chomhlíonadh agus na pionóis sin a chur in iúl don Choimisiún. Ba cheart go mbeadh éifeacht díspreagtha acu atá coibhéiseach ar fud an Aontais ar sháruithe a dhéantar ar an Rialachán seo.

(30)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh na húdaráis custaim agus na húdaráis inniúla ar aon fhocal faoi Airteagal 198 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. Ba cheart go mbeadh na sonraí maidir leis na bearta sin faoi réir an dlí náisiúnta.

(31)

Gan mhoill, ba cheart don Choimisiún rialacha a ghlacadh chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, go háirithe na rialacha sin a bhaineann leis na foirmeacha caighdeánaithe leictreonacha is iomchuí a úsáid chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnas allmhairiúcháin nó chun ráiteas ó allmhaireoir a ullmhú, agus an córas leictreonach a bhunú ina dhiaidh sin, a luaithe is féidir agus laistigh den tréimhse ama is giorra. Ba cheart cur i bhfeidhm na bhforálacha sin a bhaineann le ceadúnais allmhairiúcháin agus ráitis ón allmhaireoir a chur siar dá réir sin.

(32)

I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, is gá agus is iomchuí, chun bunchuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach, rialacha maidir le tabhairt isteach agus na coinníollacha agus na nósanna imeachta a bhaineann le hearraí cultúir a allmhairiú i gcríoch chustaim an Aontais. Ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí arna saothrú a ghnóthú, i gcomhréir le hAirteagal 5(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leagtar amach sa Rialachán seo na coinníollacha maidir le tabhairt isteach agus na coinníollacha agus na nósanna imeachta a bhaineann le hearraí cultúir a allmhairiú ar mhaithe le hoidhreacht chultúrtha an chine dhaonna a chosaint agus an trádáil aindleathach in earraí cultúir a chosc, go háirithe i gcás ina bhféadfaidh trádáil aindleathach den sórt sin a bheith ina chuidiú ag maoiniú na sceimhlitheoireachta.

2.   Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le hearraí cultúir a cruthaíodh nó a aimsíodh i gcríoch chustaim an Aontais.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “earraí cultúir” aon ítim a bhfuil tábhacht ag baint léi ó thaobh na seandálaíochta, na réamhstaire, na staire, na litríochta, na healaíona nó na heolaíochta de a liostaítear san Iarscríbhinn;

(2)

ciallaíonn “earraí cultúir a thabhairt isteach” aon uair a thugtar isteach earra cultúir i gcríoch chustaim an Aontais atá faoi réir maoirseachta custaim nó rialaithe custaim laistigh de chríoch chustaim an Aontais i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;

(3)

ciallaíonn “allmhairiú earraí cultúir”:

(a)

earraí cultúir a scaoileadh i saorchúrsaíocht dá dtagraítear in Airteagal 201 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013; nó

(b)

earraí cultúir a chuirtear faoi cheann de na catagóirí nósanna imeachta speisialta seo a leanas dá dtagraítear in Airteagal 210 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013:

(i)

stóráil, lena gcuimsítear trádstóráil chustaim agus saorlimistéir;

(ii)

úsáid shonrach, lena gcuimsítear ligean isteach sealadach agus úsáid deiridh;

(iii)

próiseáil isteach;

(4)

ciallaíonn “sealbhóir na n-earraí” sealbhóir na n-earraí mar a shainmhínítear i bpointe (34) d’Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;

(5)

ciallaíonn “údaráis inniúla” na húdaráis phoiblí sin arna n-ainmniú ag na Ballstáit chun ceadúnais allmhairiúcháin a eisiúint.

Airteagal 3

Earraí cultúir a thabhairt isteach agus a allmhairiú

1.   Beidh toirmeasc ar thabhairt isteach na hearraí cultúir sin, dá dtagraítear i gCuid A den Iarscríbhinn, a tógadh as críoch na tíre inar cruthaíodh nó inar aimsíodh iad de shárú ar na dlíthe agus ar rialacháin na tíre sin.

Déanfaidh na húdaráis custaim agus na húdaráis inniúla pé beart is iomchuí nuair a dhéantar iarracht earraí cultúir dá dtagraítear sa chéad fhomhír a thabhairt isteach.

2.   Ní cheadófar na hearraí cultúir sin a liostaítear i gCuid B agus i gCuid C den Iarscríbhinn a allmhairiú ach amháin ar sholáthar ceachtar de na nithe seo a leanas:

(a)

go dtaispeántar ceadúnas allmhairiúcháin a eisíodh i gcomhréir le hAirteagal 4; nó

(b)

ráiteas ón allmhaireoir a tíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 5.

3.   Cuirfear an ceadúnas allmhairiúcháin nó an ráiteas ón allmhaireoir dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo ar fáil do na húdaráis custaim, i gcomhréir le hAirteagal 163 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. I gcás go gcumhdaítear na hearraí cultúir faoin nós imeachta saorchreasa cuirfidh sealbhóir na n-earraí an ceadúnas allmhairiúcháin nó an ráiteas ón allmhaireoir ar fáil ach a dtaispeántar na hearraí i gcomhréir le pointe (a) agus pointe (b) d’Airteagal 245 (1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

4.   Ní bheidh feidhm ag mír 2 den Airteagal seo:

(a)

i gcás earraí cultúir ar earraí a thugtar ar ais iad, de réir bhrí Airteagal 203 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;

(b)

i gcás ina n-allmhairítear earraí cultúir chun iad a choinneáil slán agus chun na críche sin amháin, nó faoi mhaoirseacht údarás poiblí, agus é ar intinn na hearraí cultúir sin a thabhairt ar ais, i gcás ina gceadaítear amhlaidh;

(c)

i gcás earraí cultúir a ligtear isteach go sealadach i gcríoch chustaim an Aontais, de réir bhrí Airteagal 250 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, chun críocha oideachais, eolaíochta, athchóirithe, caomhnaithe, taispeána, digitithe, taibhealaíon, chun críocha taighde arna déanamh ag institiúidí acadúla nó comhair idir músaeim nó institiúidí comhchosúla.

5.   Ní theastóidh aon cheadúnas allmhairiúcháin i gcás earraí cultúir a cuireadh faoi nós imeachta custaim a ligtear isteach go sealadach, de réir bhrí Airteagal 250 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, lena dtaispeáint ar aonaigh ealaíne tráchtála ach ráiteas a bheith curtha ar fáil ag an allmhaireoir i gcomhréir leis an nós imeachta in Airteagal 5 den Rialachán seo.

Mar sin féin, má chuirtear na hearraí cultúir sin faoi nós imeachta custaim eile ina dhiaidh sin, dá dtagraítear i bpointe (3) d’Airteagal 2 den Rialachán seo, ní mór ceadúnas allmhairiúcháin a eisíodh i gcomhréir le hAirteagal 4 den Rialachán seo, a thaispeáint.

6.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, módúlachtaí faoi leith a leagan síos i dtaca leis na hearraí cultúir ar earraí a thugtar ar ais iad, do na hearraí cultúir a allmhairítear chun iad a choinneáil slán, agus do na hearraí cultúir a ligtear isteach go sealadach dá dtagraítear i mír 4 agus mír 5 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13(2).

7.   Ní dochar mír 2 den Airteagal seo do bhearta eile a ghlac an tAontas i gcomhréir le hAirteagal 215 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

8.   Nuair a bheidh dearbhú custaim á chur isteach i dtaca le hallmhairiú earraí cultúir, a liostaítear i gCuid B agus i gCuid C den Iarscríbhinn, cuirfear líon na n-ítimí atá i gceist in iúl trí úsáid a bhaint as an aonad breise mar a leagtar amach san Iarscríbhinn sin. I gcás go gcuirtear na hearraí cultúir faoin nós imeachta saorchreasa cuirfear sealbhóir na n_earraí an méid ítimí atá ann in iúl, ach a dtaispeántar na hearraí i gcomhréir le pointe (a) agus pointe (b) d’Airteagal 245 (1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

Airteagal 4

Ceadúnas allmhairiúcháin

1.   Beidh earraí cultúir a allmhairítear, a liostaítear i gCuid B den Iarscríbhinn, seachas iad siúd dá dtagraítear in Airteagal 3(4) agus (5) faoi réir cheadúnas allmhairiúcháin. Eiseofar an ceadúnas allmhairiúcháin ag údarás inniúil an Bhallstáit ina gcuirtear na hearraí cultúir faoi aon cheann de na nósanna imeachta custaim den chéad uair dá dtagraítear i bpointe (3) d’Airteagal 2.

2.   Beidh na ceadúnais allmhairiúcháin arna n-eisiúint ag údaráis inniúla i mBallstát bailí i gcomhréir leis an Airteagal seo ar fud an Aontais.

3.   Ní forléiriú a bheidh sa cheadúnas allmhairiúcháin a eisítear i gcomhréir leis an Airteagal seo, ar fhianaise do bhunáitíocht nó úinéireacht dhleathach na n-earraí cultúir i gceist.

4.   Déanfaidh sealbhóir na n-earraí iarratas ar cheadúnas allmhairiúcháin ar údarás inniúil an Bhallstáit dá dtagraítear in mír 1 den Airteagal seo tríd an gcóras leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 8. Ag gabháil leis an iarratas beidh doiciméid tacaíochta ar bith agus faisnéis ar bith a chruthaíonn go ndearnadh na hearraí cultúir atá i gceist a onnmhairiú ón tír inar cruthaíodh nó inar aimsíodh iad i gcomhréir le dlíthe agus rialacháin na tíre sin nó a chruthaíonn go raibh na dlíthe agus na rialacháin sin in easnamh ag an am ar baineadh amach na hearraí as an gcríoch úd.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, agus de rogha air sin, féadfaidh doiciméid tacaíochta ar bith agus faisnéis ar bith a bheith ag gabháil leis an iarratas a chruthaíonn go ndearnadh na hearraí cultúir atá i gceist a onnmhairiú i gcomhréir le dlíthe agus rialacháin na tíre deirí sin inar aimsíodh iad le haghaidh tréimhse níos faide ná 5 bliana agus chun críocha eile seachas úsáid shealadach, idirthuras, ath-onnmhairiú nó trasloingsiú, sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás nach féidir an tír inar cruthaíodh nó inar aimsíodh na hearraí cultúir inti a chinntiú go hiontaofa; nó

(b)

i gcás gur baineadh na hearraí cultúir ón tír inar cruthaíodh nó inar aimsíodh iad roimh an 24 Aibreán 1972.

5.   Áireofar ar an bhfianaise go ndearnadh na hearraí cultúir atá i gceist a onnmhairiú i gcomhréir le mír 4 foirm deimhnithe nó ceadúnais onnmhairiúcháin i gcásanna ina bhfuil doiciméid den chineál seo le haghaidh onnmhairiú na hearraí cultúir bunaithe ag an tír atá i gceist tráth an onnmhairithe.

6.   Déanfaidh an t-údarás inniúil a sheiceáil cibé acu atá nó nach bhfuil an t-iarratas iomlán. Iarrfaidh sé ar an iarratasóir aon fhaisnéis nó doiciméad atá in easnamh nó breis faisnéise a chur ar fáil laistigh de 21 lá ón lá bhfaightear an t-iarratas.

7.   Laistigh de 90 lá ón dáta a bhfaightear an t-iarratas iomlán, déanfaidh an t-údarás inniúil an t-iarratas a scrúdú agus cinnfidh sé an ceadúnas allmhairiúcháin a eisiúint nó an t-iarratas a dhiúltú.

Diúltóidh an t-údarás inniúil don iarratas sa chás:

(a)

go bhfuil faisnéis nó forais réasúnacha aige lena chreidiúint gur baineadh na hearraí cultúir as críoch na tíre sin inar cruthaíodh nó inar aimsíodh iad de shárú ar dhlíthe agus ar rialacháin na tíre sin;

(b)

nach gcuirtear an fhianaise atá de dhíth faoi Airteagal 4 ar fáil;

(c)

go bhfuil faisnéis nó forais réasúnacha aige lena chreidiúint nach bhfuair sealbhóir na n-earraí seilbh ar na hearraí sin go dleathach; nó

(d)

go gcuirtear é ar an eolas go bhfuil éilimh ar fhilleadh na hearraí cultúir sin ó na húdaráis sa tír inar cruthaíodh nó inar aimsíodh iad.

8.   Más rud é go ndiúltaítear don iarratas, beidh ráiteas faoi na cúiseanna ag gabháil leis an gcinneadh riaracháin dá dtagraítear i mír 7, lena n-áirítear faisnéis maidir leis an nós imeachta achomhairc, a chuirfear chuig an iarratasóir gan mhoill.

9.   I gcás ina ndéantar iarratas ar cheadúnas allmhairiúcháin maidir le hearraí cultúir ar diúltaíodh d’iarratas den sórt sin ina leith roimhe sin, cuirfidh an t-iarratasóir in iúl don údarás inniúil a gcuirfear an t-iarratas chuige an diúltú a fuarthas roimhe sin.

10.   I gcás ina ndiúltóidh Ballstát d’iarratas, déanfar an diúltú sin, chomh maith leis na forais ar a raibh sé bunaithe a chur in iúl do na Ballstáit eile agus don Choimisiún tríd an gcóras leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 8.

11.   Ainmneoidh na Ballstáit gan mhoill na húdaráis inniúla ar cheadúnais allmhairiúcháin a eisiúint i gcomhréir leis an Airteagal seo. Déanfaidh na Ballstáit sonraí na n-údarás inniúil sin, maille le haon athrú a bhaineann dóibh, a chur in iúl don Choimisiún.

Foilseoidh an Coimisiún sonraí na n-údarás inniúil sin, agus aon athrú orthu, i sraith “C” d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

12.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an teimpléad agus an fhormáid don iarratas ar cheadúnas allmhairiúcháin a leagan síos agus cuirfidh sé doiciméid tacaíochta iomchuí in iúl, chun bunáitíocht dhleathach na n-earraí cultúir atá i gceist a chruthú mar aon leis na rialacha nós imeachta a bhaineann le hiarratas den chineál sin a chur isteach agus a phróiseáil. Maidir leis na heilimintí sin, déanfaidh an Coimisiún gach iarracht cur i bhfeidhm aonfhoirmeach a bhaint amach i measc na n-údarás inniúil ó thaobh nósanna imeachta ceadúnúcháin maidir le hallmhairiú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13.

Airteagal 5

Ráiteas ón allmhaireoir

1.   Le haghaidh allmhairiú na n-earraí cultúir a liostaítear i gCuid C den Iarscríbhinn, beidh gá le ráiteas ón allmhaireoir a thíolacfaidh sealbhóir na n-earraí ar an gcóras leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 8.

2.   Is é a bheidh sa ráiteas ón allmhaireoir ná an méid seo a leanas:

(a)

dearbhú sínithe ag sealbhóir na n-earraí cultúir ina gcuirtear in iúl gur onnmhairíodh na hearraí as an tír inar cruthaíodh agus inar aimsíodh iad i gcomhréir le dlíthe agus rialacháin na tíre sin ag an am ar baineadh as an gcríoch úd iad; agus

(b)

doiciméad caighdeánach ina bhfuil tuairisc mionsonraithe go leor ar na hearraí cultúir atá i gceist le gur féidir leis na húdaráis iad a shainaithint agus anailís ar an mbaol agus rialuithe níos spriocdhírithe a dhéanamh ina leith.

De mhaolú ar phointe (a) den chéad fhomhír, féadfar a chur in iúl sa dearbhú, in ionad sin, gur onnmhairíodh na hearraí cultúir atá i gceist, i gcomhréir le dlíthe agus rialacháin an tír dheiridh inar aimsíodh iad i gcomhréir le dlíthe agus rialacháin na tíre sin ina bhfuarthas iad le haghaidh tréimhse níos faide ná 5 bliana agus chun críocha eile seachas úsáid shealadach, idirthuras, ath-onnmhairiú nó trasloingsiú, sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás nach féidir an tír inar cruthaíodh nó inar aimsíodh na hearraí cultúir inti a chinntiú go hiontaofa; nó

(b)

i gcás gur baineadh na hearraí cultúir ón tír inar cruthaíodh nó inar aimsíodh iad roimh an 24 Aibreán 1972.

3.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an teimpléad caighdeánaithe agus an fhormáid don ráiteas ón allmhaireoir mar aon leis na rialacha nós imeachta a bhaineann le hiarratas den chineál sin a chur isteach a leagan síos, agus léireoidh sé na doiciméid tacaíochta is iomchuí (ar ceart iad a bheith ag sealbhóir na n-earraí) chun bunáitíocht dhleathach na n-earraí cultúir atá i gceist agus na rialacha a bhaineann le ráiteas ón allmhaireoir a phróiseáil. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13(2).

Airteagal 6

Oifigí inniúla custaim

Féadfaidh na Ballstáit, faoi réir an Rialacháin seo, teorainn a chur le líon na n-oifigí custaim sin a bheidh inniúil ar allmhairiú earraí cultúir a láimhseáil. I gcás go gcuireann na Ballstáit teorainn den chineál seo i bhfeidhm, déanfaidh siad sonraí na n-údarás sin, maille le haon athrú a bhaineann dóibh, a chur in iúl don Choimisiún.

Foilseoidh an Coimisiún sonraí na n-oifigí inniúla custaim, agus aon athrú orthu, i sraith “C” d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 7

Comhar riaracháin

Chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, áiritheoidh na Ballstáit go gcomhoibreoidh a n-údaráis chustaim leis na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 4.

Airteagal 8

Córas leictreonach a úsáid

1.   Déanfaidh trí bhíthin córas láraithe leictreonach faisnéis a stóráil agus a mhalartú idir údaráis na mBallstát, go háirithe maidir le ceadúnais allmhairiúcháin agus ráitis ó allmhaireoirí.

I gcás teip shealadach an chórais leictreonaigh, féadfar úsáid a bhaint, ar bhonn sealadach, as modhanna eile don fhaisnéis a stóráil agus a mhalartú.

2.   Leagfaidh an Coimisiún síos, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme

(a)

na socruithe maidir leis an gcóras leictreonach dá dtagraítear i mír 1 a úsáid, a oibriú agus a chothabháil;

(b)

na rialacha mionsonraithe maidir le faisnéis a chur isteach, a phróiseáil, a stóráil agus a mhalartú idir údaráis na mBallstát tríd an gcóras leictreonach dá dtagraítear i mír 1, nó trí aon mhodh eile dá dtagraítear i mír 1.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13(2) faoin 28 Meitheamh 2021.

Airteagal 9

Córas leictreonach a bhunú

Bunóidh an Coimisiún an córas leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 8. Beidh an córas leictreonach oibríochtúil tráth nach déanaí ná ceithre bliana tar éis theacht i bhfeidhm an chéad cheann de na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 8(2).

Airteagal 10

Cosaint sonraí pearsanta agus tréimhsí coinneála sonraí

1.   Gníomhóidh údaráis chustaim na mBallstát agus údaráis inniúla na mBallstát mar rialaitheoirí ar na sonraí pearsanta arna bhfáil acu de bhun Airteagal 4, Airteagal 5 agus Airteagal 8.

2.   Ní dhéanfar próiseáil ar shonraí pearsanta ar bhonn an Rialacháin seo ach amháin chun na críocha mar a shainítear in Airteagal 1(1).

3.   Is ag foireann chuí-údaraithe na n-údarás amháin a bheidh rochtain ar na sonraí pearsanta arna bhfáil i gcomhréir le hAirteagal 4, Airteagal 5 agus Airteagal 8 agus déanfar na sonraí sin a chosaint go leormhaith i gcoinne rochtain nó cur in iúl neamhúdaraithe. Ní féidir na sonraí sin a nochtadh ná a chur in iúl gan údarú sainráite a fháil i scríbhinn ón údarás a raibh an fhaisnéis sin aige i dtosach báire. Ní bheidh údarú den sórt sin riachtanach, áfach, i gcás ina gceanglaítear ar na húdaráis an fhaisnéis sin a nochtadh nó a chur in iúl de bhun na bhforálacha dlíthiúla atá i bhfeidhm sa Bhallstát i dtrácht, go háirithe i dtaca le himeachtaí dlí.

4.   Déanfaidh na húdaráis sonraí pearsanta a fhaightear de bhun Airteagal 4, Airteagal 5 agus Airteagal 8 a oibriú a stóráil go ceann tréimhse 20 bliain ón dáta a fuarthas na sonraí sin. Léirscriosfar na sonraí pearsanta sin ar dhul in éag don tréimhse seo.

Airteagal 11

Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha a bhaineann le pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear na rialacha sin chun feidhme. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Faoin 28 Nollaig 2020, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis na rialacha agus na pionóis is infheidhme maidir le hearraí cultúir a thabhairt isteach de shárú ar Airteagal 3(1), agus maidir leis na bearta a bhaineann leo.

Faoin 28 Meitheamh 2025, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis na rialacha agus na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe eile ar an Rialachán seo, go háirithe maidir le ráiteas bréagach a thabhairt agus faisnéis bhréagach a thíolacadh, agus maidir leis na bearta a bhaineann leo.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear do na rialacha sin.

Airteagal 12

Comhar le tríú tíortha

I dtaca le hábhair a chumhdaítear faoi ghníomhaíochtaí an Choimisiúin agus a mhéid is gá chun a chúraimí a chomhlíonadh faoin Rialachán seo, féadfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, gníomhaíochtaí oiliúna agus gníomhaíochtaí fothaithe acmhainní i leith tríú tíortha a eagrú.

Airteagal 13

Nós imeachta coiste

1.   Beidh an coiste a bunaíodh le hAirteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 116/2009 ón gComhairle de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 14

Tuairisciú agus meastóireacht

1.   Déanfaidh na Ballstáit faisnéis i dtaobh chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur ar fáil don Choimisiún.

Chun na críche sin, cuirfidh an Coimisiún ceistneoirí ábhartha chuig na Ballstáit. Beidh 6 mhí ag na Ballstáit, ón tráth a bhfaightear an ceistneoir, an fhaisnéis a iarradh orthu a chur in iúl don Choimisiún.

2.   Laistigh de 3 bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo teacht ina iomláine agus, gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo. Cuirfear an tuarascáil sin ar fáil don phobal agus áireofar ann faisnéis staidreamh ábhartha ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, amhail líon na gceadúnas allmhairiúcháin a eisíodh agus líon na n-iarratas a diúltaíodh, mar aon leis na ráiteas ó allmhaireoirí a seoladh isteach. Áireofar inti breithniú ar chur i bhfeidhm praiticiúil, lena n-áirítear an tionchar ar oibreoirí eacnamaíocha an Aontais, go háirithe FBManna.

3.   Faoin 28 Meitheamh 2020 agus gach 12 mhí ina diaidh sin, go dtí go gcuirfear an córas leictreonach a leagtar amach in Airteagal 9 ar bun, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir lena bhfuil bainte amach go dtí seo i dtaca leis na gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, mar a leagtar amach in Airteagal 8(2) agus, maidir lena bhfuil bainte amach go dtí seo i dtaca le bunú an chórais leictreonaigh, mar a leagtar amach in Airteagal 9.

Airteagal 15

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 16

Cur i bhfeidhm

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo ó dháta a theacht i bhfeidhm.

2.   D’ainneoin mhír 1,

(a)

beidh feidhm ag Airteagal 3(1) ón 28 Nollaig 2020;

(b)

beidh feidhm ag Airteagal 3(2) go (5), (7) agus (8), Airteagal 4(1) go (10), Airteagal 5(1) agus (2) agus Airteagal 8(1)) ón dáta a mbeidh feidhm leis an gcóras leictreonach, dá dtagraítear in Airteagal 8, nó ar a dhéanaí faoin 28 Meitheamh 2025. Foilseoidh an Coimisiún an dáta a rinneadh coinníollacha na míre seo a chomhlíonadh, i sraith “C”d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 17 Aibreán 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 9 Aibreán 2019.

(2)  Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle (IO L 88, 31.3.2017, lch. 6).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1)

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 116/2009 ón gComhairle an 18 Nollaig 2008 maidir le hearraí cultúir a onnmhairiú (IO L 39, 10.2.2009, lch. 1

(5)  Treoir 2014/60/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le réada cultúrtha a aistríodh go mídhleathach ó chríoch Ballstáit a fháil ar ais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 159, 28.5.2014, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, p. 39).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún. (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).


IARSCRÍBHINN

Cuid A.   Earraí cultúir a chumhdaítear le hAirteagal 3(1)

(a)

bailiúcháin uathúla agus eiseamail neamhchoitianta de fauna, flora, mianraí agus baill coirp, agus réada is inspéise ó thaobh na pailé-ointeolaíochta de;

(b)

réada a bhaineann leis an stair, lena n-áirítear stair na heolaíochta agus na teicneolaíochta agus an stair mhíleata agus shóisialta, le beatha ceannairí náisiúnta, smaointeoirí, eolaithe agus ealaíontóirí agus le heachtraí a bhfuil tábhacht náisiúnta ag baint leo;

(c)

torthaí tochailtí seandálaíochta (lena n-áirítear tochailtí rialta nó folaitheacha) nó fionnachtana seandálaíochta ar thír nó faoi uisce;

(d)

eilimintí de shéadchomharthaí ealaíne nó staire nó de láithreáin seandálaíochta nach bhfuil iomlán feasta (1);

(e)

seaniarsmaí is sine ná 100 bliain, amhail inscríbhinní, boinn agus séalaí greanta;

(f)

réada is inspéise ó thaobh na heitneolaíochta de;

(g)

réada is inspéise ó thaobh na healaíne de, amhail:

(i)

pictiúir, péintéireachtaí agus líníochtaí arna ndéanamh go hiomlán de láimh ar aon taca agus as aon ábhar (seachas dearthaí tionsclaíocha agus earraí monaraithe arna maisiú de láimh);

(ii)

bunsaothair ealaíne dealbhaí agus dealbhóireachta in aon ábhar;

(iii)

greantaí, priontaí agus liteagraif bhunaidh;

(iv)

bunchóimeálacha ealaíne agus bunmhontáisí ealaíne in aon ábhar;

(h)

lámhscríbhinní agus ioncúnabail uathúla;

(i)

seanleabhair, seandoiciméid agus seanfhoilseacháin ar díol spéise ar leith iad, (stairiúil, ealaíonta, eolaíoch, nó liteartha srl.) ina n-aonar nó i mbailiúcháin;

(j)

stampaí poist, stampaí ioncaim agus stampaí comhchosúla eile, ina n-aonar nó i mbailiúcháin;

(k)

cartlanna, lena n-áirítear cartlanna fuaime, grianghrafadóireachta agus cineamatagrafaíochta;

Cuid B.   Earraí cultúir a chumhdaítear le hAirteagal 4

Catagóirí earraí cultúir de réir Chuid A

Caibidil, Ceannteideal nó Fo-cheannteideal den Ainmníocht Chomhcheangailte (AC)

Tairseach aoise íosta

Tairseach airgeadais íosta (luach custaim)

Aonaid fhorlíontacha

(c)

torthaí tochailtí seandálaíochta (lena n-áirítear tochailtí rialta agus folaitheacha) nó fionnachtana seandálaíochta ar thír nó faoi uisce;

ex 9705 ; ex 9706

Is sine ná 250 bliain

Gan beann ar a luach

líon na n-ítimí (p/st)

(d)

gnéithe de shéadchomharthaí ealaíne nó staire nó de láithreáin seandálaíochta nach bhfuil iomlán feasta (2);

ex 9705 ; ex 9706

Is sine ná 250 bliain

Gan beann ar a luach

líon na n-ítimí (p/st)

Cuid C.   Earraí cultúir a chumhdaítear le hAirteagal 5

Catagóirí earraí cultúir de réir Chuid A

Caibidil, Ceannteideal nó Fo-cheannteideal den Ainmníocht Chomhcheangailte (AC)

Tairseach aoise íosta

Tairseach airgeadais íosta (luach custaim)

Aonaid fhorlíontacha

(a)

bailiúcháin uathúla agus eiseamail neamhchoitianta de fauna, flora, mianraí agus baill coirp, agus réada is inspéise ó thaobh na pailé-ointeolaíochta de;

ex 9705

Is sine ná 200 bliain

EUR 18 000 nó níos mó an ítim

líon na n-ítimí (p/st)

(b)

réada a bhaineann leis an stair, lena n-áirítear stair na heolaíochta agus na teicneolaíochta agus an stair mhíleata agus shóisialta, le beatha ceannairí náisiúnta, smaointeoirí, eolaithe agus ealaíontóirí agus le heachtraí a bhfuil tábhacht náisiúnta ag baint leo;

ex 9705

Is sine ná 200 bliain

EUR 18 000 nó níos mó an ítim

líon na n-ítimí (p/st)

(e)

seaniarsmaí, amhail inscríbhinní, boinn agus séalaí greanta;

ex 9706

Is sine ná 200 bliain

EUR 18 000 nó níos mó an ítim

líon na n-ítimí (p/st)

(f)

réada is inspéise ó thaobh na heitneolaíochta de;

ex 9705

Is sine ná 200 bliain

EUR 18 000 nó níos mó an ítim

líon na n-ítimí (p/st)

(g)

réada is inspéise ó thaobh na healaíne de, amhail:

 

 

 

 

(i)

pictiúir, péintéireachtaí agus líníochtaí arna ndéanamh go hiomlán de láimh ar aon taca agus as aon ábhar (seachas dearthaí tionsclaíocha agus earraí monaraithe arna maisiú de láimh);

ex 9701

Is sine ná 200 bliain

EUR 18 000 nó níos mó an ítim

líon na n-ítimí (p/st)

(ii)

bunsaothair ealaíne dealbhaí agus dealbhóireachta in aon ábhar;

ex 9703

Is sine ná 200 bliain

EUR 18 000 nó níos mó an ítim

líon na n-ítimí (p/st)

(iii)

greantaí, priontaí agus liteagraif bhunaidh;

ex 9702

Is sine ná 200 bliain

EUR 18 000 nó níos mó an ítim

líon na n-ítimí (p/st)

(iv)

bunchóimeálacha ealaíne agus bunmhontáisí ealaíne in aon ábhar;

ex 9701

Is sine ná 200 bliain

EUR 18 000 nó níos mó an ítim

líon na n-ítimí (p/st)

(h)

lámhscríbhinní agus ioncúnabail uathúla;

ex 9702 ; ex 9706

Is sine ná 200 bliain

EUR 18 000 nó níos mó an ítim

líon na n-ítimí (p/st)

(i)

seanleabhair, seandoiciméid, agus seanfhoilseacháin ar díol spéise ar leith iad (stairiúil, ealaíonta, eolaíoch, nó liteartha, srl.) ina n-aonar nó i mbailiúcháin;

ex 9705 ; ex 9706

Is sine ná 200 bliain

EUR 18 000 nó níos mó an ítim

líon na n-ítimí (p/st)


(1)  Is ceart caitheamh le híocóin agus dealbha liotúirgeacha, fiú iad sin atá ina saorsheasaimh, mar earraí cultúir chun críche na gcatagóire seo.

(2)  Is ceart caitheamh le híocóin agus dealbha liotúirgeacha, fiú iad sin atá ina saorsheasaimh, mar earraí cultúir chun críche na gcatagóire seo.


Top