Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32019R0493

Rialachán (AE, Euratom) 2019/493 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Márta 2019 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 a mhéid a bhaineann le nós imeachta fíorúcháin a bhaineann le sáruithe ar rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta i gcomhthéacs toghcháin do Pharlaimint na hEorpa

PE/14/2019/REV/1

IO L 85I, 27.3.2019, p. 7–10 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/493/oj

27.3.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

7


RIALACHÁN (AE, Euratom) 2019/493 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Márta 2019

lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 a mhéid a bhaineann le nós imeachta fíorúcháin a bhaineann le sáruithe ar rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta i gcomhthéacs toghcháin do Pharlaimint na hEorpa

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 224 de,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), bunaíodh stádas dlíthiúil Eorpach sonrach le haghaidh páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha agus foráiltear ann maidir lena gcistiú as buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. Bunaíodh leis freisin Údarás um Páirtithe Polaitiúla Eorpacha agus um Fhondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha (“an tÚdarás”).

(2)

Chun a chumasú don Údarás a chúraimí a dhéanamh go hiomlán, lena n-áirítear na cúraimí nua dá bhforáiltear sa Rialachán seo, agus chun a chumasú dó sin a dhéanamh ar bhealach neamhspleách, is gá foireann a sholáthar dó ar bhealach buan agus cumhachtaí údaráis ceapacháin a thabhairt do Stiúrthóir an Údaráis.

(3)

Is léir ar theagmhais a thit amach le déanaí cé na rioscaí a d'fhéadfadh a bheith ann do phróisis toghcháin agus don daonlathas, a rioscaí iad is féidir eascairt ó úsáid neamhdhleathach sonraí pearsanta. Is gá, dá bhrí sin, sláine an phróisis dhaonlathaigh Eorpaigh a chosaint trí fhoráil a dhéanamh maidir le smachtbhannaí airgeadais i gcásanna ina mbaineann páirtithe polaitiúla Eorpacha nó fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha leas as sáruithe ar rialacha cosanta sonraí pearsanta d'fhonn tionchar a imirt ar thoradh toghchán do Pharlaimint na hEorpa.

(4)

Chuige sin, ba cheart nós imeachta fíorúcháin a bhunú ina leagfar síos nach mór don Údarás, i gcásanna áirithe, a iarraidh ar choiste daoine neamhspleácha oirirce a bunaíodh le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 a mheas ar imir páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach tionchar d'aon turas nó ar fhéach sé nó sí le tionchar a imirt ar thoradh toghchán do Pharlaimint na hEorpa trí leas a bhaint as sárú ar na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí pearsanta. Más rud é, i gcomhréir leis an nós imeachta fíorúcháin, go gcinnfear gurb amhlaidh atá, ba cheart don Údarás smachtbhannaí a fhorchur faoin gcóras smachtbhannaí éifeachtacha comhréireacha athchomhairleacha a bunaíodh le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014.

(5)

I gcás ina bhforchuirfidh an tÚdarás smachtbhanna ar pháirtí polaitiúil Eorpach nó ar fhondúireacht pholaitiúil Eorpach i gcomhréir leis an nós imeachta fíorúcháin, ba cheart dó aird chuí a thabhairt ar an bprionsabal ne bis in idem ar dá réir nach féidir smachtbhannaí a fhorchur faoi dhó maidir leis an gcion céanna. Ba cheart don Údarás a áirithiú freisin go n-urramaítear prionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus go bhfuil an deis tugtha don pháirtí polaitiúil Eorpach lena mbaineann nó don fhondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann éisteacht a fháil.

(6)

Ba cheart an nós imeachta nua a bheith i bhfeidhm chomh maith leis na nósanna imeachta atá i bhfeidhm ann a úsáidtear chun comhlíonadh coinníollacha clárúcháin a fhíorú agus i gcásanna ina mbeidh sáruithe follasacha tromchúiseacha ar na luachanna ar a bhfuil an tAontas bunaithe. Mar sin féin, níor cheart feidhm a bheith ag na teorainneacha ama chun fíorú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcoinníollacha clárúcháin agus na gceanglas a shocraítear in Airteagal 10 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 maidir leis an nós imeachta nua.

(7)

Ós rud é gur le cinneadh ó údarás inniúil maoirsithe cosanta sonraí a chuirfear an nós imeachta ar siúl, ba cheart an deis a bheith ag an bpáirtí polaitiúil Eorpach lena mbaineann nó ag an bhfondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann a iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar an smachtbhanna má aisghairtear an cinneadh ón údarás maoirsithe náisiúnta, nó má deonaíodh leigheas in éadan an chinnidh sin, ar choinníoll go mbeidh na leigheasanna dlíthiúla uile ídithe.

(8)

Chun a áirithiú go reáchtálfar toghcháin 2019 do Parlaimint na hEorpa faoi rialacha daonlathacha daingne agus lánurraim á tabhairt do luachanna Eorpacha an daonlathais, an smachta reachta agus na hurraime do chearta bunúsacha, tá sé tábhachtach go dtiocfaidh na forálacha maidir leis an nós imeachta fíorúcháin nua i bhfeidhm go luath agus go mbeidh feidhm ag an nós imeachta a luaithe is féidir. Chun an méid sin a bhaint amach, ba cheart na leasuithe ar Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 a thugtar isteach leis an Rialachán seo teacht i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(9)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír (5):

“5.   Tabharfaidh baill foirne cúnamh do Stiúrthóir an Údaráis, ar ina leith a fheidhmeoidh sé nó sí na cumhachtaí a thugtar don údarás ceapacháin le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus na cumhachtaí a thugtar don údarás ar tugadh de chumhacht dó conarthaí fostaíochta seirbhíseach eile a thabhairt chun críche le Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (“cumhachtaí an údaráis ceapacháin”). Féadfaidh an tÚdarás leas a bhaint in aon réimse dá chuid oibre as saineolaithe náisiúnta ar iasacht nó baill foirne eile nach bhfuil fostaithe ag an Údarás.

Na Rialacháin Foirne agus ag na Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile agus na rialacha arna nglacadh le comhaontú idir institiúidí an Aontais chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne sin agus do na Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, beidh feidhm acu maidir le foireann an Údaráis.

Ní fhéadfaidh a bheith mar thoradh ar roghnú na mball foirne go mbeadh an baol ann go gcruthófaí coinbhleacht leasa idir dualgais an Údaráis agus aon dualgais oifigiúla eile, agus staonfaidh na baill foirne ó aon ghníomh atá ar neamhréir le nádúr a gcuid dualgas.”.

(2)

in Airteagal 10(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

“Na nósanna imeachta a leagtar amach sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír, ní dhéanfar iad a thionscnamh laistigh de thréimhse dhá mhí roimh na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa. Ní bheidh feidhm ag an teorainn ama sin maidir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 10a.”.

(3)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 10a

An nós imeachta fíorúcháin a bhaineann le sáruithe ar rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta

1.   Ní imreoidh aon pháirtí polaitiúil Eorpach ná aon fhondúireacht pholaitiúil Eorpach tionchar d'aon turas, nó ní fhéachfaidh siad le tionchar a imirt, ar thoradh toghchán do Pharlaimint na hEorpa trí leas a bhaint as sárú a bheith déanta ag duine nadúrtha nó dlítheanach ar na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí pearsanta.

2.   Má chuirtear an tÚdarás ar an eolas go ndearna údarás maoirseachta náisiúnta de réir bhrí phointe 21 d'Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) cinneadh inar fionnadh gur sháraigh duine nádúrtha nó dlítheanach na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí pearsanta. agus má fhágann an cinneadh sin, nó i gcás ina mbeidh forais réasúnacha eile lena chreidiúint, go bhfuil nasc ag an sárú le gníomhaíochtaí polaitiúla a rinne páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach i gcomhthéacs toghcháin do Pharlaimint na hEorpa, cuirfidh an tÚdarás an cás sin faoi bhráid choiste na ndaoine neamhspleácha oirirce a bhunaítear le hAirteagal 11 den Rialachán seo. Féadfaidh an tÚdarás, i gcás inar gá, idirchaidreamh a dhéanamh leis an údarás maoirseachta náisiúnta lena mbaineann.

3.   Tabharfaidh an coiste dá dtagraítear i mír 2 tuairim faoin gceist ar imir an páirtí polaitiúil Eorpach nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach tionchar d'aon turas, nó ar fhéach sé nó sí le tionchar a imirt, ar thoradh toghchán do Pharlaimint na hEorpa trí leas a bhaint as an sárú sin. Iarrfaidh an tÚdarás an tuairim gan moill mhíchuí, agus tráth nach déanaí ná 1 mí amháin tar éis a bheith curtha ar an eolas faoi chinneadh an údaráis maoirseachta náisiúnta. Socróidh an tÚdarás sprioc-am gearr réasúnta don choiste a thuairim a thabhairt. Cloífidh an coiste leis an sprioc-am sin.

4.   Ag féachaint don tuairim ón gcoiste, cinnfidh an tÚdarás, de bhun phointe (a)(vii) d'Airteagal 27(2), an bhforchuirfidh sé smachtbhannaí airgeadais ar an bpáirtí polaitiúil Eorpach lena mbaineann nó ar an bhfondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann. Beidh réasúnú cuí ag an gcinneadh ón Údarás, go háirithe maidir leis an tuairim ón gcoiste, agus foilseofar é go gasta.

5.   Ní dochar an nós imeachta a leagtar amach san Airteagal seo don nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 10.

(*1)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).”."

(4)

in Airteagal 11(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“I gcás ina n-iarrfaidh an tÚdarás air é sin a dhéanamh, tabharfaidh an coiste tuairim uaidh maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

aon sárú follasach agus tromchúiseach féideartha a dhéanfaidh páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach ar na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe, dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 3(1) agus i bpointe (c) d'Airteagal 3(2);

(b)

ar imir páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach tionchar d'aon turas, nó ar fhéach sé nó sí le tionchar a imirt, ar thoradh toghchán do Pharlaimint na hEorpa trí leas a bhaint as sárú ar na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí pearsanta.

Sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (a) agus pointe (b) den chéad fhomhír, féadfaidh an coiste aon doiciméad ábhartha nó aon fhianaise ábhartha a iarraidh ar an Údarás, ar Pharlaimint na hEorpa, ar an bpáirtí polaitiúil Eorpach lena mbaineann nó ar an bhfondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann, ar pháirtithe polaitiúla, fondúireachtaí polaitiúla nó geallsealbhóirí eile, agus féadfaidh sé a iarraidh go dtabharfaí éisteacht dá n-ionadaithe. Sa chás dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír, comhoibreoidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 10a leis an gcoiste i gcomhréir leis an dlí is infheidhme.”.

(5)

in Airteagal 18, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír (2):

“2.   Ní mór don pháirtí polaitiúil Eorpach agus don fhondúireacht pholaitiúil Eorpach, tráth a iarratais nó a hiarratais, na hoibleagáidí a liostaítear in Airteagal 23 a chomhlíonadh, agus, ó dháta an iarratais go dtí deireadh na bliana airgeadais nó na gníomhaíochta arna cumhdach ag an ranníocaíocht nó deontas, fanacht faoi chlárú sa Chlár agus ní fhéadfaidh sé nó sí faoi réir aon cheann de na smachtbhannaí dá bhforáiltear in Airteagal 27(1) agus i bpointe (a)(v), (vi) agus (vii) d'Airteagal 27(2).”.

(6)

leasaítear Airteagal 27 mar a leanas:

(a)

i bpointe (a) de mhír (2), cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(vii)

nuair a shuitear, i gcomhréir leis an nós imeachta fíorúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 10a, gur imir páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach tionchar d'aon turas, nó gur fhéach sé nó sí le tionchar a imirt, ar thoradh toghchán do Pharlaimint na hEorpa trí leas a bhaint as sárú ar na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí pearsanta.”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“7.   I gcás inar aisghaireadh cinneadh ón údarás maoirseachta náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 10a, nó inar deonaíodh leigheas in éadan an chinnidh sin, agus ar choinníoll go bhfuil na leigheasanna náisiúnta uile ídithe, athbhreithneoidh an tÚdarás aon smachtbhanna a forchuireadh de bhun phointe (a)(vii) de mhír 2 ar iarraidh ón bpáirtí polaitiúil Eorpach nó ón bhfondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 25 Márta 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  Tuairim an 12 Nollaig 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 19 Márta 2019.

(3)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha (IO L 317, 4.11.2014, lch. 1).


Top