EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32019L1937

Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais

PE/78/2019/REV/1

OJ L 305, 26.11.2019, p. 17–56 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 11/03/2024

ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/1937/oj

26.11.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 305/17


TREOIR (AE) 2019/1937 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 23 Deireadh Fómhair 2019

maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 16, Airteagal 43(2), Airteagal 50, Airteagal 53(1), Airteagail 91, 100 agus 114, Airteagal 168(4), Airteagal 169, Airteagal 192(1) agus Airteagal 325(4) de, agus don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 31 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag féachaint don tuairim ón nGrúpa Saineolaithe an 30 Samhain 2018 dá dtagraítear in Airteagal 31 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is minic gurb iad daoine a oibríonn d’eagraíocht phoiblí nó phríobháideach nó a bhíonn i dteagmháil le heagraíocht den sórt sin i gcomhthéacs a gcuid gníomhaíochtaí a bhaineann leis an obair is túisce a bhíonn ar an eolas maidir le bagairtí nó díobháil do leas an phobail a thagann chun cinn sa chomhthéacs sin. Trí sháruithe ar dhlí an Aontais atá díobhálach do leas an phobail a thuairisciú, gníomhaíonn daoine den sórt sin mar “sceithirí” agus, ar an gcaoi sin, bíonn ról lárnach acu maidir le sáruithe den sórt sin a nochtadh agus a chosc agus maidir le leas na sochaí a chosaint. Mar sin féin, is minic a chuirtear sceithirí féideartha óna gcuid ábhar imní nó óna gcuid amhrais a thuairisciú mar gheall ar eagla roimh fhrithbheart. Sa chomhthéacs sin, aithnítear níos mó anois ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta araon a thábhachtaí atá sé cosaint chothromaithe éifeachtach a chur ar fáil do sceithirí.

(2)

Ar leibhéal an Aontais, gné réamhtheachtach amháin d’fhorfheidhmiú dhlí agus bheartais an Aontais is ea iad tuairiscí agus nochtadh poiblí ó sceithirí. Cuireann siad faisnéis ar fáil do chórais forfheidhmithe náisiúnta agus Aontais agus bíonn mar thoradh air sin gur féidir sáruithe ar dhlí an Aontais a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh go héifeachtach, rud a chuireann, ar an dóigh sin, leis an trédhearcacht agus leis an gcuntasacht.

(3)

I réimsí beartais áirithe, féadfaidh sáruithe ar dhlí an Aontais, is cuma an bhfuil siad catagóirithe faoin dlí náisiúnta mar sháruithe riaracháin, coiriúla nó cineálacha eile sáruithe, díobháil thromchúiseach a dhéanamh do leas an phobail, sa chaoi is go gcruthaíonn siad rioscaí suntasacha do leas na sochaí. I gcás inar aithníodh go bhfuil laigí ann ó thaobh fhorfheidhmiú an dlí sna réimsí sin, agus de ghnáth bíonn deiseanna ar leith ag sceithirí sáruithe a nochtadh, is gá forfheidhmiú a fheabhsú trí bhealaí tuairiscithe éifeachtacha, rúnda, slána a thabhairt isteach agus trína áirithiú go ndéantar sceithirí a chosaint go héifeachtach i gcoinne frithbhirt.

(4)

Tá an chosaint a thugtar do sceithirí san Aontas faoi láthair ilroinnte thar Bhallstáit agus níl an chosaint á cur i bhfeidhm sa tslí chéanna sna réimsí beartais éagsúla. Maidir le hiarmhairtí na sáruithe ar dhlí an Aontais a thuairiscíonn sceithirí agus a mbaineann gné thrasteorann leo, léirítear go mbíonn tionchar diúltach ag cosaint neamhleor i mBallstát amháin ar fheidhmiú bheartais an Aontais ní hamháin sa Bhallstát áirithe sin, ach i mBallstáit eile freisin agus san Aontas ar an iomlán.

(5)

Ba cheart feidhm a bheith ag íoschaighdeáin choiteanna lena n-áirithítear go ndéantar sceithirí a chosaint go héifeachtach maidir leis na gníomhartha agus na réimsí beartais sin i gcás ina bhfuil gá le forfheidhmiú a neartú, i gcás inar gné thábhachtach é tearcthuairsciú ag sceithirí a dhéanann difear d’fhorfheidhmiú, agus i gcás inar féidir le sáruithe ar dhlí an Aontais díobháil thromchúiseach a dhéanamh do leas an phobail. D’fhéadfadh na Ballstáit a chinneadh cur i bhfeidhm na bhforálacha náisiúnta a leathnú le go gcumhdófaí réimsí eile d’fhonn a áirithiú gurb ann do chreat cuimsitheach, comhleanúnach maidir le sceithirí a chosaint ar an leibhéal náisiúnta.

(6)

Tá cosaint do sceithirí riachtanach chun forfheidhmiú dhlí an Aontais maidir le soláthar poiblí a fheabhsú. Tá an chosaint sin riachtanach, ní hamháin chun calaois a bhaineann le soláthar agus éilliú a chosc agus a bhrath i gcomhthéacs chur chun feidhme bhuiséad an Aontais, ach freisin chun aghaidh a thabhairt ar fhadhb fhorfheidhmiú neamhleor na rialacha maidir le soláthar poiblí ag údaráis náisiúnta chonarthacha agus ag eintitis chonarthacha i dtaca le hoibreacha a dhéanamh, táirgí a sholáthar nó seirbhísí a chur ar fáil. Le sáruithe ar na rialacha sin, cruthaítear saobhadh iomaíochta, méadaítear costais i leith gnó a dhéanamh, baintear an bonn de leasanna infheisteoirí agus scairshealbhóirí agus, go ginearálta, baintear den tarraingteacht ó thaobh na hinfheistíochta de agus cruthaítear éagothroime iomaíochta do gach gnó ar fud an Aontais, agus dá réir sin cuirtear isteach ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh.

(7)

I réimse na seirbhísí airgeadais, tá breisluach na cosanta do sceithirí aitheanta ag reachtóir an Aontais cheana féin. Tar éis na géarchéime airgeadais, inar nochtadh easnaimh thromchúiseacha i bhforfheidhmiú na rialacha ábhartha, tugadh isteach bearta maidir le cosaint do sceithirí, lena n-áirítear bealaí tuairiscithe inmheánacha agus seachtracha, chomh maith le toirmeasc follasach ar fhrithbheart, i líon suntasach gníomhartha reachtacha i réimse na seirbhísí airgeadais mar a thug an Coimisiún le fios ina theachtaireacht an 8 Nollaig 2010 dar teideal “Reinforcing sanctioning regimes in the financial services sector” (“Córais smachtbhannaí a dhaingniú in earnáil na seirbhísí airgeadais”). Go háirithe, i gcomhthéacs an chreata stuamachta is infheidhme maidir le hinstitiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, foráiltear le Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) cosaint do sceithirí a bhfuil feidhm aici i gcomhthéacs Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(8)

Maidir le sábháilteacht táirgí a chuirtear ar an margadh inmheánach, is iad na gnóthaí a bhfuil baint acu leis an slabhra monaraíochta agus dáilte príomhfhoinse na fianaise, agus is é an toradh air sin go bhfuil breisluach mór ag tuairiscí ó sceithirí i ngnóthaí den sórt sin, ós rud é go bhfuil siad i bhfad níos gaire d’fhaisnéis faoi chleachtais fhéideartha éagóracha aindleathacha maidir le monarú, allmhairiú nó dáileadh a bhaineann le táirgí neamhshábháilte. Dá réir sin, is gá cosaint do sceithirí a thabhairt isteach i ndáil leis na ceanglais sábháilteachta is infheidhme maidir le táirgí a rialaítear le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú a leagtar amach in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), agus i ndáil leis na ceanglais ghinearálta sábháilteachta i gcomhair táirgí a leagtar amach i dTreoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). Bheadh cosaint do sceithirí dá bhforáiltear sa Treoir seo mórthábhachtach freisin maidir le haistriú arm tine, a gcodanna, a gcomhpháirteanna agus lón lámhaigh a sheachaint, agus maidir le haistriú táirgí a bhaineann leis an gcosaint a sheachaint, ós rud é go spreagann sé tuairisciú sáruithe ar dhlí an Aontais, amhail calaois doiciméad, marcáil athraithe agus fáil chalaoiseach arm tine laistigh den Aontais i gcás gur minic a bhíonn atreorú ón margadh dlíthiúil go dtí an margadh neamhdhlíthiúil i gceist leis na sáruithe sin. Ina theannta sin, chuideodh cosaint do sceithirí dá bhforáiltear sa Treoir seo chun cosc a chur ar mhonarú aindleathach pléascán baile trí rannchuidiú le cur i bhfeidhm cuí srianta agus rialuithe maidir le réamhtheachtaithe pléascán.

(9)

Le gníomhartha earnálacha de chuid an Aontais maidir le sábháilteacht eitlíochta, eadhon i Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), agus maidir le sábháilteacht iompair mhuirí, eadhon i dTreoracha 2013/54/AE (9) agus 2009/16/CE (10) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, sainaithníodh cheana an tábhacht a bhaineann le cosaint do sceithirí i ndáil le sáruithe ar rialacha an Aontais maidir le sábháilteacht iompair a chosc agus a dhíspreagadh, ar sáruithe iad ar féidir leo beatha daoine a chur i mbaol, agus déantar foráil sna gníomhartha sin do bhearta cosanta oiriúnaithe do sceithirí chomh maith le bealaí tuairiscithe sonracha. Leis na gníomhartha sin, foráiltear freisin do chosaint i gcoinne frithbhirt d’oibrithe a thuairiscíonn a gcuid botún macánta féin, rud ar a dtugtar “cultúr cóir”. Is gá na gnéithe den chosaint do sceithirí atá ann cheana a chomhlánú sa dá earnáil sin, chomh maith le cosaint a sholáthar i modhanna iompair eile, eadhon iompar d’uiscebhealaí intíre, de bhóthar agus d’iarnród, chun forfheidhmiú na gcaighdeán sábháilteachta i dtaca leis na modhanna iompair sin a fheabhsú.

(10)

Maidir le réimse chosaint an chomhshaoil, tá sé dúshlánach fós fianaise a bhailiú, agus coireanna comhshaoil agus iompar neamhdhleathach a chosc, a bhrath agus aghaidh a thabhairt orthu, agus is gá gníomhaíochtaí ina leith sin a threisiú, mar a shainaithin an Coimisiún ina theachtaireacht an 18 Eanáir 2018 dar teideal “EU actions to improve environmental compliance and governance” (Gníomhaíochtaí AE chun comhlíonadh agus rialachas comhshaoil a fheabhsú). Ós rud é, roimh theacht i bhfeidhm na Treorach seo, nach bhforáiltear do rialacha cosanta do sceithirí maidir le cosaint an chomhshaoil ach in aon ghníomh earnála amháin, eadhon Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), is gá cosaint den sórt sin a thabhairt isteach chun forfheidhmiú éifeachtach acquis an Aontais maidir leis an gcomhshaol a áirithiú, ar féidir sáruithe ar an acquis sin díobháil thromchúiseach a dhéanamh do leas an phobail agus d’fhéadfadh éifeachtaí iarmharta a bheith acu thar theorainneacha náisiúnta. Tá tabhairt isteach cosanta den sórt sin ábhartha freisin i gcásanna inar féidir le táirgí neamhshábháilte dochar a dhéanamh don chomhshaol.

(11)

Le cosaint do sceithirí a fheabhsú, chuideofaí freisin le sáruithe ar rialacha an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach maidir le sábháilteacht núicléach, cosaint ar radaíocht agus bainistiú freagrach agus sábháilte breosla spíonta agus dramhaíola radaighníomhaí a chosc agus a dhíspreagadh. Ina theannta sin, threiseodh sé forfheidhmiú fhorálacha ábhartha Threoir 2009/71/Euratom ón gComhairle (12), a bhaineann le cultúr éifeachtach um shábháilteacht núicléach a chur chun cinn agus a fheabhsú agus, go háirithe, pointe (a) d’Airteagal 8b(2) den Treoir sin, a éilíonn, inter alia, go mbunaíonn an t-údarás rialála inniúil córais bhainistíochta a thugann tosaíocht chuí do shábháilteacht núicléach agus a chuireann chun cinn, ar gach leibhéal foirne agus bainistíochta, an cumas chun feidhmiú éifeachtach na bprionsabal agus na gcleachtas sábháilteachta ábhartha a cheistiú agus tuairisciú a dhéanamh ar bhealach tráthúil ar shaincheisteanna sábháilteachta.

(12)

Le creat maidir le cosaint do sceithirí a thabhairt isteach, chuideofaí le forfheidhmiú na bhforálacha atá ann cheana i réimse an bhiashlabhra agus, go háirithe, maidir le sábháilteacht bia agus beatha, agus maidir le sláinte, cosaint agus leas ainmhithe a neartú, agus chuideofaí le sáruithe rialacha an Aontais sna réimsí sin a chosc. Tá dlúthnasc idir na rialacha éagsúla de chuid an Aontais a leagtar síos sna réimsí sin. Leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) na prionsabail ghinearálta agus na ceanglais ghinearálta a thugann tacaíocht do gach beart Aontais agus náisiúnta a bhaineann le bia agus beatha, agus díriú ar leith ar shábháilteacht bia, chun ardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus do leasanna tomhaltóirí a áirithiú maidir le bia agus chun feidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú. Foráiltear leis an Rialachán sin, inter alia, go gcuirtear cosc ar oibreoirí gnó bia agus beatha cur in aghaidh a gcuid fostaithe agus daoine eile i ndáil leis an gcomhar le húdaráis inniúla i gcás ina bhféadfadh an comhar sin baol a thagann ó bhia a chosc, a laghdú nó a dhíothú. Ghlac reachtóir an Aontais cur chuige den chineál céanna i réimse “an Dlí maidir le sláinte ainmhithe” trí Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) lena mbunaítear na rialacha maidir le cosc agus rialú galar ainmhithe atá in-tarchurtha chuig ainmhithe nó daoine agus i réimse chosaint agus fholláine na n-ainmhithe a choinnítear chun críoch feirmeoireachta, na n-ainmhithe a úsáidtear chun críoch eolaíochta, na n-ainmhithe le linn an iompair agus na n-ainmhithe tráth a maraithe, trí Threoir 98/58/CE ón gComhairle (15) agus Treoir 2010/63/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), chomh maith le Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 (17) agus (CE) Uimh. 1099/2009 (18) ón gComhairle, faoi seach.

(13)

An tuairisciú a dhéanann sceithirí ar sháruithe, is féidir leis a bheith ríthábhachtach chun rioscaí don tsláinte phoiblí agus do chosaint tomhaltóirí a bhrath agus a chosc, a laghdú nó a dhíothú, ar rioscaí iad a bhíonn ann de bharr sáruithe ar rialacha an Aontais, nach dtiocfadh chun solais, b’fhéidir, murach na tuairiscí sin. Go háirithe, tá baint mhór ag cosaint tomhaltóirí le cásanna inar féidir le táirgí neamhshábháilte díobháil mhór a dhéanamh do thomhaltóirí.

(14)

Maidir le príobháideachais a urramú agus sonraí pearsanta a chosaint, a chumhdaítear mar chearta bunúsacha in Airteagail 7 agus 8 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”), is réimsí eile iad inar féidir le sceithirí cuidiú chun sáruithe a nochtadh, ar sáruithe iad a d’fhéadfadh díobháil thromchúiseach a dhéanamh do leas an phobail. Is féidir le sceithirí cuidiú chun sáruithe ar Threoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) maidir le slándáil gréasán agus córas faisnéise a nochtadh, lena dtugtar isteach ceanglas chun fógra a thabhairt maidir le teagmhais, lena n-áirítear iad siúd nach gcuireann isteach ar shonraí pearsanta, agus ceanglais slándála d’eintitis a sholáthraíonn seirbhísí riachtanacha ar fud go leor earnálacha, mar shampla fuinneamh, sláinte, iompar agus baincéireacht, do sholáthraithe príomhsheirbhísí digiteacha, mar shampla seirbhísí néalríomhaireachta, agus do sholáthróirí fóntas bunúsach, amhail uisce, leictreachas agus gás. Tá tábhacht faoi leith ag baint le tuairisciú ó sceithirí sa réimse sin chun teagmhais slándála a chosc a mbeadh tionchar acu ar phríomhghníomhaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta agus ar sheirbhísí digiteacha a úsáidtear go forleathan, agus chun aon sárú ar rialacha cosanta sonraí an Aontais a chosc. Le tuairisciú den sórt sin, cuidítear le leanúnachas na seirbhísí atá riachtanach d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus do leas na sochaí a áirithiú.

(15)

Ina theannta sin, réimse tábhachtach nach mór dlí an Aontais a neartú ann is ea é cosaint leasanna airgeadais an Aontais, a bhaineann leis an gcomhrac i gcoinne na calaoise, an éillithe agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear d’úsáid chaiteachas an Aontais, do bhailiú ioncaim agus chistí an Aontais nó do shócmhainní an Aontais. Tá neartú chosaint leasanna airgeadais an Aontais ábhartha freisin maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais i ndáil le caiteachas a thabhaítear ar bhonn an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (Conradh Euratom). Mar thoradh ar easpa forfheidhmithe éifeachtaigh i réimse chosaint leasanna airgeadais an Aontais, lena n-áirítear i dtaca le calaois agus éilliú ar an leibhéal náisiúnta a chosc, bíonn laghdú ar ioncam an Aontais agus déantar cistí de chuid an Aontais a mhí-úsáid, rud is féidir infheistíochtaí poiblí a shaobhadh, bac a chur ar an bhfás agus an bonn a bhaint de mhuinín na saoránach i ngníomhaíochtaí an Aontais. Le hAirteagal 325 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ceanglaítear ar an Aontas agus ar na Ballstáit calaois agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhlíthiúla eile a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac. Áirítear ar bhearta ábhartha de chuid an Aontais i ndáil leis sin, go háirithe, Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle (20) agus Rialachán (AE, Euratom) Uimh 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21). Comhlánaítear Rialachán (CE, Euratom) Uimh 2988/95, do na cineálacha iompair is tromchúisí a bhaineann leis an gcalaois, le Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22) agus le Coinbhinsiún an 26 Iúil 1995, arna tharraingt suas ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, maidir le cosaint leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach (23), lena n-áirítear Prótacail an 27 Meán Fómhair 1996, (24) an 29 Samhain 1996 (25) agus an 19 Meitheamh 1997 (26). Tá an Coinbhinsiún agus na Prótacail sin fós i bhfeidhm maidir leis na Ballstáit nach bhfuil faoi cheangal ag Treoir (AE) 2017/1371.

(16)

Ba cheart íoschaighdeáin choiteanna maidir le cosaint do sceithirí a leagan síos freisin maidir le sáruithe a bhaineann leis an margadh inmheánach dá dtagraítear in Airteagal 26(2) CFAE. Thairis sin, i gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithniúnais an Aontais Eorpaigh (‘an Chúirt’), tá sé beartaithe, le bearta an Aontais arb é is aidhm leo feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a bhunú nó a áirithiú, rannchuidiú le díothú bacainní atá ann cheana nó bacainní atá ag teacht chun cinn ar shaorghluaiseacht earraí nó ar an tsaoirse seirbhísí a sholáthar, agus rannchuidiú le deireadh a chur le saobhadh iomaíochta.

(17)

Go sonrach, le cosaint do sceithirí chun forfheidhmiú dhlí iomaíochta an Aontais a fheabhsú, lena n-áirítear maidir leis an státchabhair, dhéanfaí feidhmiú éifeachtach na margaí san Aontas a choimirciú, bheadh cothrom na Féinne ann don ghnó agus rachadh sé chun sochair do thomhaltóirí. Maidir le rialacha iomaíochta a bhfuil feidhm acu maidir le gnóthais, tá tábhacht an tuairiscithe cos istigh maidir le sáruithe ar dhlí na hiomaíochta a bhrath aitheanta cheana féin sa chlár trócaire arna shaothrú ag an gCoimisiún faoi Airteagal 4a de Rialachán (CE) Uimh. 773/2004 ón gCoimisiún (27) agus aithníodh í freisin le tabhairt isteach uirlise le haghaidh sceithireacht anaithnid ag an gCoimisiún le déanaí. Baineann sáruithe i dtaca le dlí na hiomaíochta agus le rialacha maidir leis an státchabhair le hAirteagail 101, 102, 106, 107 agus 108 CFAE agus le rialacha an dlí thánaistigh arna nglacadh lena gcur i bhfeidhm.

(18)

Sáruithe ar dhlí na cánach corparáide agus socruithe arb é is cuspóir dóibh buntáiste cánach a fháil agus oibleagáidí dlíthiúla a sheachaint, rud a chuireann ar neamhní ar an gcaoi sin an cuspóir nó an chúis le dlí na cánach corparáide is infheidhme, bíonn tionchar diúltach acu ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh. Is féidir iomaíocht éagórach cánach agus imghabháil fhorleathan cánach a bheith ag eascairt as sáruithe agus socruithe den sórt sin, rud a dhéanann an chothroime iomaíochta do ghnóthaí a shaobhadh agus mar thoradh air bíonn caillteanas in ioncam cánach do na Ballstáit agus do bhuiséad an Aontais ina iomláine. Ba cheart a fhoráil leis an Treoir seo do chosaint i gcoinne frithbhirt ar dhaoine a thuairiscíonn socruithe seachantacha agus/nó drochúsáide, ar socruithe iad nach mbraithfí, b’fhéidir, ar shlí eile, agus é mar aidhm leis sin cumas na n-údarás inniúil a neartú i dtaca le feidhmiú cuí an mhargaidh aonair a choimirciú agus saobhadh agus bacainní ar thrádáil a bhaint a dhéanann difear d’iomaíochas na ngnóthaí sa mhargadh inmheánach, agus a bhfuil nasc díreach acu le rialacha na saorghluaiseachta agus is ábhartha freisin iad maidir le cur i bhfeidhm na rialacha maidir leis an státchabhair. Le cosaint do sceithirí, dá bhforáiltear sa Treoir seo, chuideofaí le tionscnaimh de chuid an Choimisiúin a rinneadh le déanaí atá dírithe ar thrédhearcacht agus malartú faisnéise i réimse an chánachais a fheabhsú, agus ar thimpeallacht cánach corparáide níos cothroime laistigh den Aontas a chruthú, d’fhonn éifeachtúlacht na mBallstát a mhéadú maidir le socruithe seachantacha agus/nó drochúsáide a aithint, agus chabhródh an chosaint sin le socruithe den sórt sin a dhíspreagadh. Mar sin féin, ní dhéantar forálacha maidir le cánacha a chomhchuibhiú leis an Treoir seo, bíodh siad ina bhforálacha substainteacha nó ina bhforálacha nós imeachta, agus ní fhéachtar leis an Treoir seo forfheidhmiú rialacha náisiúnta maidir le cáin chorparáide a threisiú, gan dochar don fhéidearthacht go bhféadfadh na Ballstáit faisnéis tuairiscithe a úsáid chun na críche sin.

(19)

I bpointe (a) d’Airteagal 2(1), sainítear raon feidhme ábhartha na Treorach seo trí bhíthin tagairt a dhéanamh do liosta de ghníomhartha de chuid an Aontais a leagtar amach san Iarscríbhinn. Tugann sé sin le tuiscint, i gcás ina sainíonn na gníomhartha sin de chuid an Aontais a raon feidhme ábhartha trí thagairt a dhéanamh do ghníomhartha de chuid an Aontais a liostaítear ina gcuid iarscríbhinní, gur cuid de raon feidhme ábhartha na Treorach seo iad na gníomhartha deireacnacha sin freisin. Thairis sin, ba cheart a thuiscint go n-áirítear leis an tagairt do na gníomhartha san Iarscríbhinn gach beart cur chun feidhme nó tarmligthe náisiúnta agus de chuid an Aontais arna nglacadh de bhun na ngníomhartha sin. Ina theannta sin, ní mór a thuiscint gur tagairt dhinimiciúil í an tagairt do na gníomhartha de chuid an Aontais atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo, i gcomhréir leis an gcóras caighdéanach le haghaidh tagairtí a dhéanamh do ghníomhartha dlí an Aontais. Mar sin, más rud é gur leasaíodh gníomh de chuid an Aontais atá san Iarscríbhinn nó más rud é go leasaítear é, baineann an tagairt leis an ngníomh arna leasú; más rud é gur cuireadh gníomh eile in ionad gnímh de chuid an Aontais atá san Iarscríbhinn nó más rud é go gcuirtear gníomh eile ina ionad, baineann an tagairt leis an ngníomh nua.

(20)

I ngníomhartha áirithe de chuid an Aontais, go háirithe i réimse na seirbhísí airgeadais, amhail Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28), agus Treoir Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2392 ón gCoimisiún (29), arna ghlacadh ar bhonn an Rialacháin sin, tá rialacha mionsonraithe cheana maidir le cosaint do sceithirí. Aon rialacha sonracha i ndáil leis sin dá bhforáiltear i reachtaíocht an Aontais atá ann cheana, lena n-áirítear gníomhartha an Aontais a liostaítear i gCuid II den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo, ar gníomhartha iad atá oiriúnaithe do na hearnálacha ábhartha, ba cheart iad a choinneáil. Tá sé seo ríthábhachtach chun a fháil amach cé na heintitis dhlíthiúla i réimse na seirbhísí airgeadais, an choisc ar sciúradh airgid agus ar mhaoiniú sceimhlitheoireachta a bhfuil sé d’oibleagáid orthu faoi láthair bealaí tuairiscithe inmheánacha a bhunú. Ag an am céanna, chun comhsheasmhacht agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú ar fud na mBallstát, ba cheart an Treoir seo a bheith infheidhme maidir leis na hábhair go léir nach rialaítear faoi na gníomhartha earnáilsonracha, agus ar an gcaoi sin ba cheart di gníomhartha den sórt sin a chomhlánú, ionas go mbeidh siad ailínithe go hiomlán leis na híoschaighdeáin. Go háirithe, ba cheart don Treoir seo tuilleadh mionsonraí a chur ar fáil i dtaobh dhearadh na mbealaí tuairiscithe inmheánacha agus seachtracha, oibleagáidí na n-údarás inniúil, agus chineálacha sonracha na cosanta i gcoinne idirbhirt atá le soláthar ar an leibhéal náisiúnta. Maidir leis sin, le hAirteagal 28(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30), tugtar an deis do na Ballstáit bealach tuairiscithe inmheánach a sholáthar sa réimse a chumhdaítear leis an Rialachán sin. Ar mhaithe leis an gcomhsheasmhacht leis na híoschaighdeáin a leagtar síos leis an Treoir seo, ba cheart feidhm a bheith freisin ag an oibleagáid chun bealaí tuairiscithe inmheánacha a bhunú dá bhforáiltear sa Treoir seo i dtaca le Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014.

(21)

Níor cheart gur dhochar an Treoir seo don chosaint a thugtar d’oibrithe nuair a thuairiscíonn siad sáruithe ar dhlí fostaíochta an Aontais. Go háirithe, i réimse na sábháilteachta agus na sláinte gairme, ceanglaítear ar Bhallstáit le hAirteagal 11 de Threoir 89/391/CEE ón gComhairle (31) cheana féin a áirithiú nach gcuirfear oibrithe nó ionadaithe oibrithe faoi mhíbhuntáiste mar gheall ar iarrataí nó moltaí a dhéanann siad d’fhostóirí bearta iomchuí a ghlacadh chun guaiseacha a mhaolú d’oibrithe agus/nó chun foinsí contúirte a bhaint. Faoin Treoir sin, tá oibrithe agus a n-ionadaithe i dteideal ceisteanna a ardú leis an údarás inniúil má mheasann siad go bhfuil na bearta a glacadh agus na modhanna atá in úsáid ag an bhfostóir neamhleor chun sábháilteacht agus sláinte a áirithiú.

(22)

I gcás tuairisciú a bhaineann le casaoidí idirphearsanta a dhéanann difear eisiach don duine tuairiscithe, eadhon casaoidí faoi choinbhleachtaí idirphearsanta idir an duine tuairiscithe agus oibrí eile, d’fhéadfadh na Ballstáit a chinneadh gur féidir an tuairisciú sin a tharchur chuig nósanna imeachta eile.

(23)

Níor cheart gur dhochar an Treoir seo don chosaint a thugtar leis na nósanna imeachta i dtaca le gníomhaíochtaí neamhdhlíthiúla a d’fhéadfadh a bheith ann a thuairisciú, lena n-áirítear calaois nó éilliú, ar gníomhaíochtaí iad a dhéanann dochar do leasanna an Aontais, nó i dtaca le hiompar a thuairisciú a bhaineann le dualgais ghairmiúla a dhéanamh a d’fhéadfadh a bheith ina mainneachtain thromchúiseach oibleagáidí oifigigh agus sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh, a bhunaítear faoi Airteagail 22a, 22b agus 22c de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh, a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (32). Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo i gcás ina dtuairiscíonn oifigigh agus seirbhísigh eile de chuid an Aontais sáruithe a tharlaíonn i gcomhthéacs oibre lasmuigh dá gcaidreamh fostaíochta le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais.

(24)

Fanann an tslándáil náisiúnta ina freagracht ar gach Ballstát faoi leith agus air siúd amháin. Níor cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le tuairiscí faoi sháruithe ar sholáthar a bhaineann le gnéithe cosanta nó slándála i gcás ina gcumhdaítear iad sin le hAirteagal 346 CFAE, i gcomhréir le cásdlí na Cúirte. Má shocraíonn na Ballstáit an chosaint dá bhforáiltear faoin Treoir seo a leathnú le go gcuimseofaí tuilleadh réimsí nó gníomhartha nach bhfuil laistigh dá raon feidhme ábhartha, ba cheart dóibh a bheith in ann forálacha sonracha a ghlacadh chun leasanna bunúsacha na slándála náisiúnta a chosaint i ndáil leis an méid sin.

(25)

Ina theannta sin, níor cheart gur dhochar an Treoir seo do chosaint na faisnéise rúnaicmithe nach mór a chosaint ar rochtain neamhúdaraithe, ar chúiseanna slándála, faoi réir dhlí an Aontais nó faoi réir forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin atá i bhfeidhm sa Bhallstát lena mbaineann. Thairis sin, níor cheart don seo difear a dhéanamh do na hoibleagáidí a eascraíonn as Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle (33) nó Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún (34).

(26)

Níor cheart don Treoir seo difear a dhéanamh do chosaint rúndacht na cumarsáide idir dlíodóirí agus a gcliaint (“pribhléid ghairmiúil dlíodóra”) dá bhforáiltear faoin dlí náisiúnta agus, i gcás inarb infheidhme, faoi dhlí an Aontais, i gcomhréir le cásdlí na Cúirte. Ina theannta sin, níor cheart don Treoir seo difear a dhéanamh don oibleagáid cineál rúnda na cumarsáide idir soláthraithe cúraim sláinte, lena n-áirítear teiripeoirí, agus a n-othair agus cineál rúnda taifead othar (“príobháideachas leighis”) a chosaint dá bhforáiltear faoin dlí náisiúnta agus faoi dhlí an Aontais.

(27)

Ba cheart do chomhaltaí de ghairmeacha eile seachas dlíodóirí agus soláthraithe cúraim sláinte a bheith in ann cáiliú le haghaidh cosaint faoin Treoir seo nuair a thuairiscíonn siad faisnéis a chosnaítear leis na rialacha gairmiúla is infheidhme, ar choinníoll gur gá an fhaisnéis sin a thuairisciú chun críocha sárú a thagann laistigh de raon feidhme na Treorach seo a nochtadh.

(28)

Cé gur cheart don Treoir seo foráil a dhéanamh, faoi choinníollacha áirithe, maidir le díolúine theoranta ó dhliteanas, lena n-áirítear dliteanas coiriúil, i gcás sárú rúndachta, níor cheart di difear a dhéanamh do rialacha náisiúnta maidir leis an nós imeachta coiriúil, go háirithe dóibh sin atá dírithe ar shláine na n-imscrúduithe agus na nósanna imeachta nó ar chearta cosanta na ndaoine lena mbaineann a choimirciú. Níor cheart gur dhochar an méid sin do bhearta cosanta a thabhairt isteach i gcineálacha eile de dhlí nós imeachta, go háirithe, aisiompú an dualgais cruthúnais i nósanna imeachta náisiúnta riaracháin, sibhialta nó saothair.

(29)

Níor cheart don Treoir seo difear a dhéanamh do na rialacha náisiúnta maidir le feidhmiú chearta ionadaithe na bhfostaithe ar fhaisnéis, comhairle, agus rannpháirtíocht i gcómhargáil ná dá gcosaint ar chearta fostaíochta oibrithe. Níor cheart gur dhochar an méid sin don leibhéal cosanta a dheonaítear faoin Treoir seo.

(30)

Níor cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo i gcásanna ina bhfuil daoine, tar éis dóibh a dtoiliú feasach a thabhairt, sainaitheanta mar fhaisnéiseoirí nó cláraithe mar fhaisnéiseoirí i mbunachair sonraí arna mbainistiú ag údaráis atá ceaptha ar an leibhéal náisiúnta, amhail údaráis chustaim, agus a thuairiscíonn sáruithe chuig údaráis forfheidhmithe, in aghaidh luach saothair nó cúitimh. Déantar tuairiscí den sórt sin de bhun nósanna imeachta sonracha a bhfuil sé mar aidhm acu anaithnideacht daoine den sórt sin a ráthú chun a sláine fhisiceach a chosaint, agus atá éagsúil ó na bealaí tuairiscithe dá bhforáiltear faoin Treoir seo.

(31)

Daoine a thuairiscíonn faisnéis faoi bhagairtí nó díobháil do leas an phobail a fhaigheann siad i gcomhthéacs a ngníomhaíochtaí a bhaineann leis an obair, is ag feidhmiú a gcirt chun tuairimí a nochtadh atá siad. Leis an gceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, atá cumhdaithe in Airteagal 11 den Chairt agus in Airteagal 10 den Choinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, cuimsítear an ceart chun faisnéis a fháil agus a thabhairt amach mar aon le saoirse agus iolrachas na meán. Dá réir sin, sa Treoir seo, baintear leas as cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine (ECHR) maidir leis an gceart chun tuairimí a nochtadh, agus na prionsabail a d’fhorbair An Chomhairle Eorpach ar an mbonn sin ina Moladh maidir le Cosaint do Sceithirí a ghlac a Coiste Airí an 30 Aibreán 2014.

(32)

Chun tairbhe a bhaint as cosaint faoin Treoir seo, ba cheart do na daoine tuairiscithe forais réasúnacha a bheith acu a chreidiúint, i bhfianaise na n-imthosca agus na faisnéise atá ar fáil dóibh tráth an tuairiscithe, go bhfuil na nithe a thuairiscíonn siad fíor. Is cosaint riachtanach é an ceanglas sin i gcoinne tuairisciú mailíseach agus suaibhreosach nó tuairisciú mí-úsáideach, toisc go n-áirithítear leis nach mbainfidh na daoine a thuairiscíonn, tráth an tuairiscithe, faisnéis mhícheart nó mhíthreorach d’aon ghnó agus go feasach, tairbhe den chosaint. Ag an am céanna, áirithítear leis an gceanglas nach gcaillfear an chosaint nuair a thuairiscigh an duine tuairiscithe faisnéis mhíchruinn faoi sháruithe de bhotún macánta. Ar an gcuma chéanna, ba cheart do dhaoine tuairiscithe a bheith i dteideal cosanta faoin Treoir seo má tá forais réasúnacha acu chun a chreidiúint go dtagann an fhaisnéis a thuairiscítear laistigh dá raon feidhme. Ba cheart na cúiseanna a bhí ag na daoine tuairiscithe leis an tuairisciú a bheith neamhábhartha agus cinneadh á dhéanamh i dtaobh ba cheart nó nár cheart don duine sin cosaint a fháil.

(33)

Dé ghnáth, bíonn daoine tuairiscithe níos mó ar a gcompord faoi thuairisciú a dhéanamh go hinmheánach, ach amháin má bhíonn cúiseanna acu le tuairisciú go seachtrach. Léirítear i staidéir eimpíreacha gurb iondúil go dtuairiscíonn bunús na sceithirí go hinmheánach, laistigh den eagraíocht ina bhfuil siad ag obair. Is é tuairisciú inmheánach freisin an bealach is fearr le faisnéis a chur chuig na daoine ar féidir leo cuidiú le réiteach luath éifeachtach na rioscaí do leas an phobail. Ag an am céanna, ba cheart an deis a bheith ag an duine tuairiscithe an bealach tuairiscithe is oiriúnaí a roghnú ag brath ar imthosca aonair an cháis. Thairis sin, tá sé riachtanach nochtadh poiblí a chosaint, ag cur san áireamh prionsabail dhaonlathacha, amhail trédhearcacht agus cuntasacht, agus cearta bunúsacha, amhail an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus saoirse agus iolrachas na meán, agus leas na bhfostóirí chun a gcuid eagraíochtaí a bhainistiú agus a leasanna a chosaint, ar láimh amháin, á chothromú ag an am céanna le leas an phobail a bheith cosanta ó dhíobháil, ar an láimh eile, i gcomhréir leis na critéir a forbraíodh i gcásdlí ECHR.

(34)

Gan dochar d’oibleagáidí atá ann cheana foráil a dhéanamh do thuairisciú anaithnid de bhua dhlí an Aontais, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a chinneadh an bhfuil ceangal ar eintitis dhlithiúla san earnáil phríobháideach agus phoiblí agus údaráis inniúla glacadh le tuairisciú anaithnid ar fhaisnéis faoi sháruithe a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo agus an ndéanfaidh siad bearta leantacha ina leith. Mar sin féin, maidir le daoine a thuairiscigh ar bhonn anaithnid nó a rinne nochtadh poiblí ar bhonn anaithnid a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo agus a chomhlíonann a coinníollacha, ba cheart dóibh tairbhe a bhaint as cosaint faoin Treoir seo má aithnítear iad ina dhiaidh sin agus má bhíonn siad thíos le frithbheart.

(35)

Leis an Treoir seo, ba cheart foráil a dheanamh maidir le cosaint a dheonú i gcásanna ina dtuairiscíonn daoine, de bhun reachtaíocht an Aontais, d’institiúidí, comhlachtaí, oifigigh nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, mar shampla i gcomhthéacs calaoise a bhaineann le buiséad an Aontais.

(36)

Teastaíonn cosaint dhlíthiúil shonrach ó dhaoine má fhaigheann siad an fhaisnéis a thuairiscíonn siad trína gcuid gníomhaíochtaí a bhaineann leis an obair agus dá bhféadfaidís a bheith i mbaol frithbhirt san obair dá bharr sin, mar shampla, as dualgas rúndachta nó dílseachta a shárú. Is é an chúis bhunúsach gur cheart cosaint a thabhairt do dhaoine den sórt sin ná go bhfuil a seasamh eacnamaíoch leochaileach i leith an duine ar a bhfuil siad de facto ag brath don obair. I gcás nach bhfuil aon éagothroime cumhachta a bhaineann leis an obair ann, mar shampla i gcás gnáthghearánach nó saoránaigh ar an láthair, níl aon ghá le cosaint i gcoinne frithbhirt.

(37)

Le forfheidhmiú éifeachtach dhlí an Aontais, éilítear gur cheart cosaint a thabhairt don réimse is leithne is féidir de chatagóirí daoine, bíodh siad ina saoránaigh de chuid an Aontais nó ina náisiúnaigh tríú tíortha, ar daoine iad a bhfuil rochtain phribhléideach acu, de bhua a gcuid gníomhaíochtaí a bhaineann leis an obair, beag beann ar chineál na ngníomhaíochtaí sin agus ar cé acu a íoctar nó nach n-íoctar iad, ar fhaisnéis faoi sháruithe a mbeadh sé ar leas an phobail iad a thuairisciú, agus a d’fhéadfadh a bheith thíos le frithbheart má thuairiscíonn siad na sáruithe sin. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéantar an gá atá le cosaint a shocrú trí thagairt a dhéanamh do na himthosca ábhartha go léir agus ní hamháin trí thagairt a dhéanamh do chineál an chaidrimh, ionas go gcumhdófar raon iomlán na ndaoine a bhfuil baint acu leis an eagraíocht inar tharla an sárú.

(38)

Ba cheart feidhm a bheith ag cosaint, ar dtús, maidir le daoine a bhfuil stádas “oibrithe” acu, de réir bhrí Airteagal 45(1) CFAE, mar atá léirithe ag an gCúirt, eadhon daoine a dhéanann seirbhísí, ar feadh tréimhse áirithe ama, i gcomhair duine eile agus faoina stiúradh, agus go bhfaigheann siad luach saothair mar chúiteamh air sin. Dá bhrí sin, ba cheart cosaint a thabhairt freisin d’oibrithe i gcaidreamh fostaíochta neamhchaighdeánach, lena n-áirítear oibrithe páirtaimseartha agus oibrithe ar chonarthaí ar théarma seasta, chomh maith le daoine a bhfuil conradh fostaíochta nó caidreamh fostaíochta acu le gníomhaireacht shealadach, cineálacha neamhchinnte caidrimh ina mbíonn sé deacair go minic cineálacha caighdeánacha cosanta i gcoinne cóir éagórach a chur i bhfeidhm. Le coincheap an “oibrithe”, áirítear freisin státseirbhísigh, fostaithe seirbhíse poiblí, mar aon le haon daoine eile atá ag obair san earnáil phoiblí.

(39)

Ba cheart cosaint a leathnú le go gcuimseofaí catagóirí breise daoine nádúrtha freisin, agus, cé nach “oibrithe” iad de réir bhrí Airteagal 45(1) CFAE, is féidir ról lárnach a bheith acu maidir le sáruithe ar dhlí an Aontais a nochtadh agus féadfaidh siad féin a bheith in áit na leochaileachta eacnamaíche i gcomhthéacs a ngníomhaíochtaí a bhaineann leis an obair. Mar shampla, maidir le sábháilteacht táirgí, tá soláthróirí i bhfad níos gaire d’fhoinse na faisnéise faoi chleachtais fhéideartha éagóracha aindleathacha maidir le monarú, allmhairiú nó dáileadh a bhaineann le táirgí neamhshábháilte; agus maidir le cur chun feidhme chistí an Aontais, tá sainchomhairleoirí a sholáthraíonn a gcuid seirbhísí in ionad pribhléide chun aird a tharraingt ar sháruithe a bhfuil siad mar fhinné orthu. De ghnáth, tá na catagóirí sin daoine, ar féidir daoine féinfhostaithe a sholáthraíonn seirbhísí, oibrithe neamhspleácha, conraitheoirí, fochonraitheoirí agus soláthróirí a bheith ar áireamh leo, faoi réir frithbhirt is féidir a bheith, mar shampla, i bhfoirm conradh le haghaidh seirbhísí, ceadúnas nó cead a fhoirceannadh go luath nó a chealú, caillteanas gnó, caillteanas ioncaim, comhéigean, imeaglú nó ciapadh, dúliostáil nó gnó a bhaghcatáil nó damáiste dá gclú. Is féidir le scairshealbhóirí agus daoine i gcomhlachtaí bainistíochta a bheith thíos le frithbheart freisin, mar shampla i dtéarmaí airgeadais nó le himeaglú nó ciapadh, dúliostáil nó damáiste dá gclú. Ba cheart cosaint a thabhairt freisin do dhaoine a bhfuil a gcaidreamh oibre críochnaithe, agus d’iarrthóirí fostaíochta nó daoine a bhíonn ag iarraidh seirbhísí a sholáthar d’eagraíocht, ar daoine iad a fuair an fhaisnéis faoi sháruithe le linn an phróisis earcaíochta nó le linn céim idirbheartaíochta réamhchonarthaí eile, agus a d’fhéadfadh a bheith thíos le frithbheart, mar shampla i bhfoirm teistiméireachtaí diúltacha fostaíochta, dúliostáil nó baghcatáil gnó.

(40)

Tuigtear le cosaint éifeachtach do sceithirí go gcosnófar freisin catagóirí daoine, ar daoine iad, cé nach bhfuil siad ag brath ar a gcuid gníomhaíochtaí a bhaineann leis an obair go heacnamaíoch, a d’fhéadfadh a bheith thíos le frithbheart mar gheall ar fhaisnéis faoi sháruithe a thuairisciú. I gcás frithbheart i gcoinne saorálaithe agus oiliúnaithe íoctha nó neamhíoctha, is é a d’fhéadfadh a bheith i gceist nach mbainfí úsáid as a gcuid seirbhísí a thuilleadh, nó go dtabharfaí teistiméireacht dhiúltach fostaíochta sa todhchaí nó go ndéanfaí damáiste dá gclú ná dá n-ionchais ghairme ar shlí eile.

(41)

Ba cheart cosaint a chur ar fáil i gcoinne frithbhearta a ghlactar ní hamháin go díreach i leith daoine tuairiscithe iad féin, ach i gcoinne na bhfrithbheart is féidir a ghlacadh go hindíreach freisin, lena n-áirítear i leith éascaitheoirí, chomhoibrithe nó ghaolta an duine tuairiscithe a bhfuil nasc a bhaineann leis an obair acu freisin i dtaca le fostóir, custaiméir nó faighteoir seirbhísí an duine tuairiscithe sin. Gan dochar don chosaint a mbaineann ionadaithe ceardchumainn nó ionadaithe fostaithe tairbhe aisti ina gcáil mar ionadaithe den sórt sin faoi rialacha eile de chuid an Aontais agus faoi rialacha náisiúnta eile, ba cheart dóibh tairbhe a bhaint as an gcosaint dá bhforáiltear faoin Treoir seo i gcás ina dtuairiscíonn siad ina gcáil mar oibrithe agus i gcás inar thug siad comhairle agus tacaíocht don duine tuairiscithe. Ina theannta sin, áirítear mar fhrithbheart indíreach gníomhaíochtaí a dhéantar i gcoinne an eintitis dhlíthiúil ar leis an duine tuairiscithe é, a n-oibríonn an duine tuairiscithe dó nó a bhfuil an duine tuairiscithe nasctha leis ar shlí eile i gcomhthéacs a bhaineann leis an obair, amhail cur ar fáil seirbhísí a dhiúltú, dúliostáil nó gnó a bhaghcatáil.

(42)

Chun go ndéanfaí díobháil thromchúiseach do leas an phobail a bhrath agus a chosc go héifeachtach, is gá a áireamh ar choincheap an tsáraithe freisin cleachtais drochúsáide, mar a shainítear iad le cásdlí na Cúirte, eadhon gníomhartha nó neamhghníomhartha nach bhfuil neamhdhleathach i dtéarmaí foirmiúla ach a chuireann ar neamhní cuspóir nó críoch an dlí.

(43)

Chun go ndéanfaí sáruithe ar dhlí an Aontais a chosc go héifeachtach, is gá cosaint a thabhairt do dhaoine a sholáthraíonn faisnéis lena bhfuil gá chun sáruithe a nochtadh, ar sáruithe iad a tharla cheana, ar sáruithe iad nár tharla fós, ach gur an-dócha go dtarlóidh siad, agus chun gníomhartha nó neamhghníomhartha a nochtadh dá bhfuil forais réasúnacha ag an duine tuairiscithe a mheas mar sháruithe, agus chun iarrachtaí chun sáruithe a cheilt a nochtadh freisin. Ar na cúiseanna céanna, tá bonn cirt le cosaint freisin do dhaoine nach soláthraíonn fianaise dhearfach ach a ardaíonn údair imní nó amhrais réasúnacha. Ag an am céanna, níor cheart feidhm a bheith ag cosaint maidir le daoine a thuairiscíonn faisnéis atá ar fáil ina hiomláine cheana féin san fhearann poiblí nó a thuairiscíonn ráflaí nár cruthaíodh nó clostrácht.

(44)

Ba cheart dlúthnasc a bheith ann idir an tuairisciú agus an chóir dhochrach a d’fhulaing an duine tuairiscithe, go díreach nó go hindíreach, ionas gur féidir an chóir dhochrach sin a mheas mar fhrithbheart agus, dá bhrí sin, ionas gur féidir leis an duine sin tairbhe a bhaint as cosaint dhlíthiúil. Chun go ndéanfaí daoine tuairiscithe a chosc go héifeachtach mar mhodh chun forfheidhmiú dhlí an Aontais a fheabhsú, is gá frithbheart a shainmhíniú ar bhealach leathan, trí aon ghníomh nó neamhghníomh a tharlaíonn i gcomhthéacs oibre agus a dhéanann díobháil dóibh a chuimsiú. Níor cheart don Treoir seo, áfach, cosc a chur ar fhostóirí cinntí a bhaineann le fostaíocht a dhéanamh nach n-eascraíonn as an tuairisciú nó as an nochtadh poiblí.

(45)

Cosaint i gcoinne frithbhirt mar mhodh chun saoirse tuairimí a nochtadh agus saoirse agus iolrachas na meán a chaomhnú, ba cheart í a chur ar fáil do dhaoine a thuairiscíonn faisnéis faoi ghníomhartha nó neamhghníomhartha laistigh d’eagraíocht (“tuairisciú inmheánach”) nó d’údarás lasmuigh (“tuairisciú seachtrach”) agus do dhaoine a chuireann faisnéis den sórt sin ar fáil san fhearann poiblí, mar shampla, go díreach chuig an bpobal trí ardáin ar líne nó na meáin shóisialta, nó chuig na meáin, oifigigh thofa, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, ceardchumainn, nó eagraíochtaí gairmiúla agus gnó.

(46)

Is foinsí tábhachtacha iad sceithirí, go háirithe, d’iriseoirí iniúchta. Trí chosaint éifeachtach a sholáthar do sceithirí ó fhrithbheart, méadaítear ar an deimhneacht dhlíthiúil do sceithirí féideartha agus, leis sin, spreagtar an sceithireacht trí na meáin. Maidir leis sin, tá cosaint do sceithirí mar fhoinsí iriseoireachta ríthábhachtach chun ról na hiriseoireachta iniúchta mar “fhoras faire” a chosaint i sochaithe daonlathacha.

(47)

Chun sáruithe ar dhlí an Aontais a bhrath agus a chosc go héifeachtach, tá sé ríthábhachtach go sroicheann an fhaisnéis ábhartha go tapa iad siúd is gaire do fhoinse na faidhbe, iad siúd is fearr is féidir imscrúdú a dhéanamh uirthi agus cumhachtaí acu chun í a leigheas, i gcás inar féidir. Mar phrionsabal, dá bhrí sin, ba cheart daoine tuairiscithe a spreagadh chun na bealaí tuairiscithe inmheánacha a úsáid agus tuairisciú dá bhfostóir i dtosach, má tá fáil acu ar na bealaí sin agus más féidir a bheith ag súil go bhfeidhmeoidh siad. Is amhlaidh atá, go háirithe, i gcás ina gcreideann na daoine tuairiscithe gur féidir aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar an sárú laistigh den eagraíocht ábhartha, agus nach bhfuil aon riosca frithbhirt ann. Mar thoradh air sin, ba cheart d’eintitis dhlíthiúla san earnáil phríobháideach agus san earnáil phoiblí nósanna imeachta inmheánacha iomchuí a bhunú chun tuairiscí a fháil agus bearta leantacha a dhéanamh ina leith. Baineann an spreagadh sin freisin le cásanna inar bunaíodh bealaí den sórt sin gan é a bheith ina cheangal faoi dhlí an Aontais ná faoin dlí náisiúnta. Ba cheart don phrionsabal sin a bheith ina chuidiú chun cultúr dea-chumarsáide agus freagrachta sóisialta corparáidí a chothú in eagraíochtaí, sa chaoi go meastar go gcuireann daoine tuairiscithe go mór le féincheartú agus barr feabhais laistigh den eagraíocht.

(48)

Maidir le heintitis dhlíthiúla san earnáil phríobháideach, ba cheart an oibleagáid bealaí tuairiscithe inmheánacha a bhunú a bheith comhréireach lena méid agus le leibhéal an riosca a chruthaíonn a ngníomhaíochtaí do leas an phobail. Ba cheart gach fiontar ag a bhfuil 50 oibrí nó níos mó a bheith faoi réir na hoibleagáide bealaí tuairiscithe inmheánacha a bhunú, beag beann ar chineál a gcuid gníomhaíochtaí, bunaithe ar a n-oibleagáid CBL a bhailiú. Tar éis measúnú riosca iomchuí, d’fhéadfadh na Ballstáit a cheangal ar fhiontair eile freisin bealaí tuairiscithe inmheánacha a bhunú i gcásanna ar leith, mar shampla mar gheall ar na rioscaí suntasacha a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar a gcuid gníomhaíochtaí.

(49)

Níor cheart gur dhochar an Treoir seo d’fhéidearthacht a bheith ag na Ballstáit eintitis dhlíthiúla san earnáil phríobháideach ag a bhfuil níos lú ná 50 oibrí a spreagadh chun bealaí inmheánacha le haghaidh tuairiscithe agus obair leantach a bhunú, lena n-áirítear trí cheanglais a leagan síos do na bealaí sin nach bhfuil chomh forordaitheach céanna leo sin a leagtar síos faoin Treoir seo, ar choinníoll go ráthaítear leis na ceanglais sin rúndacht agus bearta leantach dícheallacha.

(50)

Níor cheart feidhm a bheith ag an díolúine atá ag fiontair bheaga agus ag micrifhiontair ón oibleagáid bealaí tuairiscithe inmheánacha a bhunú maidir le fiontair phríobháideacha a bhfuil oibleagáid orthu bealaí tuairiscithe inmheánacha a bhunú de bhua na ngníomhartha de chuid an Aontais dá dtagraítear i gCodanna I.B agus II den Iarscríbhinn.

(51)

Ba cheart é a bheith soiléir, i gcás eintitis dhlíthiúla san earnáil phríobháideach nach bhforálann do bhealaí tuairiscithe inmheánacha, gur cheart daoine tuairiscithe a bheith in ann tuairisciú seachtrach a dhéanamh chuig na húdaráis inniúla agus ba cheart daoine den sórt sin tairbhe a bhaint den chosaint i gcoinne frithbhirt dá bhforáiltear leis an Treoir seo.

(52)

Chun a áirithiú, go háirithe, go n-urramaítear rialacha soláthair phoiblí san earnáil phoiblí, ba cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid bealaí tuairiscithe inmheánacha a chur i bhfeidhm maidir leis na húdaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha uile, ar leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta, agus a bheith comhréireach lena méid.

(53)

Ar choinníoll go n-áiritheofar rúndacht chéannacht an duine tuairiscithe, is faoi gach aon eintiteas dlíthiúil san earnáil phríobháideach agus phoiblí é an cineál bealaí tuairiscithe atá le bunú a shainiú. Go sonrach, le bealaí tuairiscithe, ba cheart daoine a bheith in ann faisnéis faoi sháruithe a thuairisciú i scríbhinn agus an fhaisnéis sin a thíolacadh tríd an bpost, trí bhosca gearáin fisiceach nó trí bhoscaí gearáin fisiceacha, nó trí ardán ar líne, bíodh an t-ardán sin ar inlíon nó ar ardán idirlín, nó ó bhéal, trí bheolíne theileafóin nó trí chóras eile teachtaireachtaí gutha, nó an dá rud. Arna iarraidh sin don duine tuairiscithe, ba cheart, le bealaí den sórt sin, a bheith in ann faisnéis faoi sháruithe a thuairisciú trí bhíthin cruinnithe fisiceacha, laistigh de thréimhse ama réasúnach.

(54)

D’fhéadfaí a údarú do thríú páirtithe tuairiscí ar sháruithe a fháil thar ceann eintitis dhlíthiúla san earnáil phríobháideach agus phoiblí, ar choinníoll go dtairgeann siad ráthaíochtaí iomchuí go n-urramófar neamhspleáchas, rúndacht, cosaint sonraí agus sicréideacht. D’fhéadfadh soláthraithe ardáin le haghaidh tuairisciú seachtrach, dlíodóir seachtrach, iniúchóirí, ionadaithe ceardchumainn nó ionadaithe fostaithe a bheith i gceist leis na triú páirtithe sin.

(55)

Ba cheart nósanna imeachta tuairiscithe inmheánacha a chur ar chumas eintiteas dlíthiúil san earnáil phríobháideach tuairiscí ó oibrithe an eintitis agus óna fhochuideachtaí nó óna chleamhnaithe (“an grúpa”) a fháil agus a imscrúdú, faoi lán-rúndacht, ach ina theannta sin, a mhéid is féidir, tuairiscí ó aon ghníomhairí nó soláthróirí de chuid an ghrúpa agus ó dhuine ar bith a fhaigheann faisnéis trína gcuid gníomhaíochtaí leis an eintiteas agus leis an ngrúpa, ar gníomhaíochtaí iad a bhaineann leis an obair.

(56)

Rogha na ndaoine nó na ranna is iomchuí laistigh d’eintiteas dlíthiúil san earnáil phríobháideach atá le bheith ainmnithe inniúil chun tuairiscí a fháil agus bearta leantacha a dhéanamh ina leith, bíonn sí ag brath ar struchtúr an eintitis, ach, i gcás ar bith, ba cheart dá bhfeidhm a bheith de chineál a áiritheodh go bhfuil neamhspleáchas ann agus nach bhfuil aon choinbhleacht leasa ann. In eintitis bheaga, d’fhéadfaí feidhm dhéach a bheith san fheidhm sin, ar feidhm í a bheadh ag oifigeach cuideachta atá in áit mhaith chun tuairisciú go díreach do cheannaire na heagraíochta, amhail príomhoifigeach um chomhlíonadh nó oifigeach acmhainní daonna, oifigeach sláine, oifigeach dlíthiúil nó príobháideachais, príomhoifigeach airgeadais, príomhoifigeach iniúchóireachta nó comhalta den bhord.

(57)

I gcomhthéacs an tuairiscithe inmheánaigh, tá sé ríthábhachtach an duine tuairiscithe a chur ar an eolas, a mhéid is féidir go dlíthiúil agus ar an gcaoi is cuimsithí is féidir, faoin mbeart leantach ar an tuairisc chun iontaoibh a thógáil ar éifeachtacht chóras foriomlán na cosanta do sceithirí agus laghdaítear leis aon dóchúlacht go mbeidh tuilleadh tuairiscithe nó nochtadh poiblí ann gan ghá. Ba cheart an duine tuairiscithe a chur ar an eolas laistigh de thréimhse ama réasúnach maidir leis an ngníomhaíocht atá beartaithe nó atá déanta mar bheart leantach ar an tuairisc agus maidir leis na forais ba chúis leis an mbeart leantach sin a roghnú. D’fhéadfaí a áireamh ar an mbeart leantach sin, mar shampla, tarchur chuig bealaí eile nó nósanna imeachta eile i gcás tuairiscí lena ndéantar difear eisiach do chearta aonair an duine tuairiscithe, an nós imeachta a dhúnadh bunaithe ar easpa fianaise leordhóthanaí nó ar fhorais eile, fiosrúchán inmheánach a sheoladh, agus, b’fhéidir, torthaí an fhiosrúcháin agus aon bheart atá déanta chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist a ardaíodh, tarchur chuig údarás inniúil chun tuilleadh imscrúdaithe a dhéanamh, a mhéid nach ndéanfadh faisnéis den sórt sin dochar don fhiosrúchán inmheánach nó don imscrúdú nó nach ndéanfadh sé difear do chearta an duine lena mbaineann. I ngach cás, ba cheart an duine tuairiscithe a chur ar an eolas faoi dhul chun cinn agus toradh an imscrúdaithe. Ba cheart é a bheith indéanta a iarraidh ar an duine tuairiscithe tuilleadh faisnéise a sholáthar, i rith an imscrúdaithe, ach gan aon oibleagáid a bheith ann faisnéis den sórt sin a sholáthar.

(58)

Níor cheart tréimhse ama réasúnach a bheith níos mó ná 3 mhí. I gcás ina mbíonn na bearta leantacha iomchuí á gcinneadh fós, ba cheart an duine tuairiscithe a chur ar an eolas faoi sin agus faoi aon aiseolas eile a d’fhéadfaí a bheith ag súil leis.

(59)

Ba cheart do dhaoine atá ag smaoineamh ar sháruithe ar dhlí an Aontais a thuairisciú a bheith in ann cinneadh feasach a dhéanamh i dtaobh an dtuairisceoidh siad, conas a thuairisceoidh siad agus cén uair a thuairisceoidh siad. Ba cheart é a bheith mar cheangal ar eintitis dhlíthiúla san earnáil phríobháideach agus phoiblí a bhfuil nósanna imeachta tuairiscithe inmheánacha i bhfeidhm acu faisnéis a chur ar fáil faoi na nósanna imeachta sin chomh maith le faisnéis faoi nósanna imeachta tuairiscithe seachtracha chuig údaráis inniúla ábhartha. Tá sé riachtanach go mbeidh faisnéis den sórt sin soiléir agus inrochtana go héasca, lena n-áirítear, a mhéid is féidir, do dhaoine seachas oibrithe chomh maith a thagann i dteagmháil leis an eintiteas trína gcuid gníomhaíochtaí a bhaineann leis an obair, amhail soláthraithe seirbhíse, dáileoirí, soláthróirí agus comhpháirtithe gnó. Mar shampla, d’fhéadfaí faisnéis den sórt sin a phostáil ar shuíomh infheicthe agus inrochtana ag na daoine sin go léir agus ar shuíomh gréasáin an eintitis, agus d’fhéadfaí í a chur san áireamh i gcúrsaí agus i seimineáir oiliúna ar eitic agus ionracas.

(60)

Chun sáruithe ar dhlí an Aontais a bhrath agus a chosc go héifeachtach, is gá a áirithiú gur féidir le sceithirí féideartha aird na n-údarás inniúil ábhartha a bhfuil sé ar a gcumas an fhadhb a imscrúdú agus a leigheas a tharraingt go héasca agus faoi lán-rúndacht ar an bhfaisnéis atá acu, i gcás inar féidir.

(61)

D’fhéadfadh sé tarlú nach ann do bhealaí inmheánacha nó gur úsáideadh iad ach nach raibh siad ag feidhmiú i gceart, mar shampla toisc nár déileáladh leis an tuairisc go dícheallach nó laistigh de thréimhse ama réasúnach, nó nár glacadh aon ghníomhaíocht iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar an sárú in ainneoin thorthaí dearfacha an fhiosrúcháin inmheánaigh ghaolmhair lenar deimhníodh gurbh ann do shárú.

(62)

I gcásanna eile, ní féidir a bheith ag súil leis, ar bhonn réasúnach, go bhfeidhmeodh na bealaí inmheánacha i gceart. Is amhlaidh atá, go háirithe, i gcás ina bhfuil cúiseanna bailí ag na daoine tuairiscithe a chreidiúint go mbeidís thíos le frithbheart i dtaca leis an tuairisciú, lena n-áirítear mar thoradh ar shárú ar rúndacht, agus gur fearr a bheadh na húdaráis inniúla in ann gníomhaíocht éifeachtach a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an sárú sin. Is fearr a bheadh na húdaráis inniúla, mar shampla, i gcás ina bhfuil baint ag sealbhóir na freagrachta deiridh laistigh den chomhthéacs oibre leis an sárú, nó go bhfuil an baol ann go bhféadfaí an sárú nó an fhianaise ghaolmhar a cheilt nó a scriosadh; nó, go ginearálta, go bhféadfaí cur isteach ar a éifeachtaí a bheadh gníomhaíochtaí imscrúdaithe a dhéanfadh údaráis inniúla, amhail socruithe cairtéil agus sáruithe eile ar rialacha iomaíochta a tuairiscíodh; nó toisc go bhfuil gníomhaíocht phráinneach de dhíth mar thoradh ar an sárú, mar shampla chun beatha, sláinte agus sábháilteacht daoine a choimirciú nó chun an comhshaol a chosaint. I ngach cás, ba cheart cosaint a thabhairt do dhaoine a thuairiscíonn go seachtrach chuig na húdaráis inniúla agus, más ábhartha, chuig institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais. Leis an Treoir seo, ba cheart cosaint a thabhairt freisin i gcás ina ndéantar, le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta, ceangal a chur ar dhaoine tuairiscithe tuairisciú a dhéanamh do na húdaráis náisiúnta inniúla, mar shampla mar chuid dá ndualgais agus freagrachtaí poist nó toisc gur cion coiriúil é an sárú.

(63)

Is é an easpa muiníne as éifeachtacht an tuairiscithe ceann de na príomhfhachtóirí a chuireann bac ar sceithirí féideartha. Dá réir sin, is gá oibleagáid shoiléir a fhorchur ar údaráis inniúla bealaí iomchuí seachtracha tuairiscithe a bhunú, bearta leantacha a dhéanamh go dícheallach ar na tuairiscí a fuarthas, agus, laistigh de thréimhse ama réasúnach, aiseolas a thabhairt do na daoine tuairiscithe.

(64)

Ba cheart gur faoi na Ballstáit a bheadh sé na húdaráis a ainmniú atá inniúil chun faisnéis faoi sháruithe a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo a fháil agus bearta leantacha a dhéanamh ar na tuairiscí. D’fhéadfadh na húdaráis inniúla sin a bheith ina n-údaráis bhreithiúnacha, ina gcomhlachtaí rialála nó maoirseachta atá inniúil sna réimsí sonracha lena mbaineann, nó ina n-údaráis a bhfuil inniúlacht níos ginearálta acu ar an leibhéal lárnach laistigh de Bhallstát, ina ngníomhaireachtaí um fhorfheidhmiú an dlí, ina gcomhlachtaí frith-éillithe nó ina n-ombudsman.

(65)

Ós rud é gurb iadsan a fhaigheann tuairiscí, ba cheart do na húdaráis a ainmnítear mar údaráis inniúla na hacmhainní agus na cumhachtaí a bheith acu a theastaíonn chun beart leantach iomchuí a áirithiú, lena n-áirítear cruinneas na líomhaintí a dhéantar sa tuairisc a mheas agus aghaidh a thabhairt ar na sáruithe a thuairiscítear trí fhiosrúchán inmheánach, imscrúdú, ionchúiseamh nó caingean chun cistí a ghnóthú a sheoladh, nó trí ghníomhaíocht feabhais iomchuí eile a sheoladh, i gcomhréir lena sainordú. De rogha air sin, ba cheart na cumhachtaí is gá a bheith ag na húdaráis inniúla sin chun an tuairisc a tharchur chuig údarás eile, údarás ar cheart dó an sárú a thuairiscítear a imscrúdú, agus a áirithiú go ndéanfaidh an t-údarás sin beart leantach iomchuí. Go háirithe, i gcás inar mian leis na Ballstáit bealaí tuairiscithe seachtracha a bhunú faoi chuimsiú a leibhéil lárnaigh, mar shampla i réimse na státchabhrach, ba cheart do na Ballstáit coimircí leordhóthanacha a chur ar bun chun a áirithiú go n-urramófar na ceanglais maidir le neamhspleáchas agus uathriail a leagtar síos sa Treoir seo. Le bunú na mbealaí tuairiscithe seachtracha sin, níor cheart difear a dhéanamh do chumhachtaí na mBallstát nó an Choimisiúin maidir le maoirseacht i réimse na státchabhrach, agus, leis an Treoir seo, níor cheart difear a dhéanamh do chumhacht eisiach an Choimisiúin maidir le dearbhú comhoiriúnachta beart státchabhrach go háirithe de bhun Airteagal 107(3) CFAE. Maidir le sáruithe ar Airteagail 101 agus 102 CFAE, ba cheart do na Ballstáit na húdaráis inniúla sin dá dtagraítear in Airteagal 35 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle (35) a ainmniú mar údaráis inniúla gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin sa réimse sin.

(66)

Ba cheart d’údaráis inniúla aiseolas a thabhairt freisin do na daoine tuairiscithe maidir leis an ngníomhaíocht atá beartaithe nó atá déanta mar bheart leantach, mar shampla, tarchur chuig údarás eile, an nós imeachta a dhúnadh bunaithe ar easpa fianaise leordhóthanaí nó ar fhorais eile, nó imscrúdú a sheoladh, agus, b’fhéidir, torthaí an imscrúdaithe agus aon ghníomhaíochtaí atá déanta chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist a ardaíodh agus, ina theannta sin, maidir leis na forais ba chúis leis an mbeart leantach sin a roghnú. Le cumarsáidí ar thoradh deiridh na n-imscrúduithe, níor cheart difear a dhéanamh do rialacha infheidhme an Aontais ar a n_áirítear srianta féideartha ar chinntí a fhoilsiú i réimse na rialála airgeadais. Ba cheart feidhm mutatis mutandis a bheith ag an méid sin i réimse an chánachais corparáide, má fhoráiltear do shrianta comhchosúla sa dlí náisiúnta is infheidhme.

(67)

Ba cheart bearta leantacha a dhéanamh agus aiseolas a thabhairt laistigh de thréimhse ama réasúnach, i bhfianaise an ghá atá ann aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb is ábhar don tuairisc go pras, chomh maith leis an ngá nochtadh poiblí gan ghá a sheachaint. Níor cheart tréimhse ama den sórt sin a bheith níos faide ná 3 mhí, ach d’fhéadfaí í a shíneadh go sé mhí más gá de bharr imthosca sonracha an cháis, go háirithe cineál agus castacht ábhar na tuairisce, a bhféadfadh imscrúdú fada a bheith ag teastáil lena aghaidh.

(68)

Foráiltear i ndlí an Aontais cheana féin i réimsí sonracha, amhail drochúsáid mhargaidh, eadhon Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 agus Treoir Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2392, eitlíocht shibhialta, eadhon Rialachán (AE) Uimh. 376/2014, nó sábháilteacht oibríochtaí ola agus gáis amach ón gcósta, eadhon Treoir 2013/30/AE, do bhunú bealaí tuairiscithe inmheánacha agus seachtracha. Leis na hoibleagáidí bealaí den sórt sin a bhunú a leagtar síos sa Treoir seo, ba cheart tógáil ar na bealaí atá ann cheana féin, dá bhforáiltear i ngníomhartha sonracha de chuid an Aontais, chomh fada agus is féidir.

(69)

Maidir leis an gCoimisiún, agus maidir le roinnt comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, amhail an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF), an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA), Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa (EASA), an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) agus an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA), tá bealaí tuairiscithe seachtracha agus nósanna imeachta tuairiscithe seachtracha chun tuairiscí a fháil ar sháruithe a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo i bhfeidhm acu, ar bealaí agus nósanna imeachta iad a dhéanann foráil go príomha do rúndacht chéannacht na ndaoine tuairiscithe. Níor cheart don Treoir seo difear do na bealaí tuairiscithe seachtracha agus na nósanna imeachta tuairiscithe seachtracha sin, i gcás ina bhfuil siad ann, ach ba cheart a áirithiú léi go mbainfidh daoine a thuairiscíonn do na hinstitiúidí, na comhlachtaí, na hoifigí nó na gníomhaireachtaí de chuid an Aontais leas as íoschaighdeáin choiteanna cosanta ar fud an Aontais.

(70)

Chun éifeachtacht na nósanna imeachta chun beart leantach a dhéanamh i leith tuairiscí agus chun aghaidh a thabhairt ar sháruithe ar rialacha an Aontais lena mbaineann, ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit bearta a dhéanamh chun ualaí ar údaráis inniúla a laghdú, ualaí a eascraíonn as tuairiscí ar mhionsáruithe ar fhorálacha a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo, tuairiscí atriallacha nó tuairiscí maidir le sáruithe ar fhorálacha coimhdeacha, mar shampla forálacha maidir le hoibleagáidí i ndáil le doiciméadacht nó i ndáil le fógra a thabhairt. D’fhéadfadh a bheith i gceist le bearta den sórt sin cead a thabhairt d’údaráis inniúla, tar éis measúnú cuí ar an ábhar, a chinneadh gur léir nach bhfuil i sárú tuairiscithe ach mionsárú agus nach gá bearta leantacha breise a dhéanamh de bhun na Treorach seo, seachas an nós imeachta a dhúnadh. Ina theannta sin, ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit cead a thabhairt d’údaráis inniúla an nós imeachta a dhúnadh maidir le tuairiscí atriallacha nach bhfuil aon fhaisnéis fhóinteach iontu atá nua agus a chuireann le tuairisc roimhe sin ar ina leith a tugadh na nósanna imeachta ábhartha chun críche, mura rud é go bhfuil bonn cirt le cineál eile bearta leantacha mar thoradh ar imthosca nua dlíthiúla nó fíorasacha. Ina theannta sin, ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit cead a thabhairt d’údaráis inniúla tosaíocht a thabhairt don chaoi a ndéileálfar le tuairiscí ar sháruithe tromchúiseacha nó ar sháruithe ar fhorálacha bunriachtanacha a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo i gcás ina dtíolactar líon mór tuairiscí.

(71)

I gcás ina bhforáiltear dó faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta, ba cheart do na húdaráis inniúla cásanna nó faisnéis ábhartha faoi sháruithe a tharchur chuig institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, lena n-áirítear, chun críocha na Treorach seo, OLAF agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (EPPO), gan dochar don fhéidearthacht go ndéanfaidh an duine tuairiscithe teagmháil dhíreach le comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí den sórt sin de chuid an Aontais.

(72)

I roinnt mhaith réimsí beartais a thagann faoi raon feidhme ábhartha na Treorach seo, tá sásraí comhair ann trína ndéanann údaráis inniúla náisiúnta faisnéis a mhalartú agus gníomhaíochtaí leantacha a dhéanamh i ndáil le sáruithe ar rialacha an Aontais a mbaineann gné thrasteorann leo. Ina measc siúd, tá an Córas um Chúnamh agus Comhar Riaracháin, a bunaíodh le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1918 ón gCoimisiún (36), i gcásanna sáruithe trasteorann ar reachtaíocht an Aontais maidir leis an slabhra agraibhia, agus Líonra na Calaoise Bia faoi Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (37), an córas mear-rabhaidh um tháirgí neamhbhia contúirteacha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (38), an Gréasán um Chomhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí faoi Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (39), an Fóram um Chomhlíonadh agus Rialachais Comhshaoil a cuireadh ar bun le Cinneadh ón gCoimisiún an 18 Eanáir 2018 (40), an Gréasán Eorpach Iomaíochta a bunaíodh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1/2003, agus an comhar riaracháin i réimse an chánachais faoi Threoir 2011/16/AE ón gComhairle (41). Ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát leas iomlán a bhaint as na sásraí comhair sin atá ann cheana más ábhartha mar chuid dá n-oibleagáid beart leantach a dhéanamh i leith tuairiscí maidir le sáruithe a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo. Ina theannta sin, d’fhéadfadh údaráis na mBallstát dul i gcomhar le chéile freisin taobh amuigh de na sásraí comhair atá ann cheana i gcásanna sáruithe a mbaineann gné thrasteorann leo i réimsí nach ann do shásraí comhair den sórt sin ina leith.

(73)

Chun gur féidir cumarsáid éifeachtach a dhéanamh le comhaltaí foirne atá freagrach as tuairiscí a láimhseáil, is gá do na húdaráis inniúla bealaí a bheith i bhfeidhm atá furasta le húsáid, atá slán, a áirithíonn an rúndacht i leith faisnéis a fháil agus a láimhseáil, ar faisnéis í a sholáthair an duine tuairiscithe faoi sháruithe, agus lenar féidir faisnéis a stóráil go buanfasach chun go bhféadfaí tuilleadh imscrúduithe a dhéanamh. D’fhéadfadh gur ghá, leis an méid sin, go ndéanfaí bealaí den sórt sin a scaradh ó na bealaí ginearálta trína ndéanann na húdaráis inniúla cumarsáid leis an bpobal, amhail gnáthchórais phoiblí gearán nó bealaí trína ndéanann an t-údarás inniúil cumarsáid go hinmheánach agus le tríú páirtithe ina ghnáthchúrsa gnó.

(74)

Comhaltaí foirne na n-údarás inniúil atá freagrach as tuairiscí a láimhseáil, ba cheart iad a bheith oilte go gairmiúil, lena n-áirítear oilte ar na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí, chun tuairiscí a láimhseáil agus chun cumarsáid leis an duine tuairiscithe a áirithiú, chomh maith le bearta leantacha a dhéanamh ar an tuairisc ar bhealach iomchuí.

(75)

Ba cheart do dhaoine a bheartaíonn tuairisc a thabhairt a bheith in ann cinneadh feasach a dhéanamh i dtaobh an dtuairisceoidh siad, conas a thuairisceoidh siad agus cén uair a thuairisceoidh siad. Dá bhrí sin, ba cheart d’údaráis inniúla faisnéis atá soiléir agus inrochtana go héasca a sholáthar faoi na bealaí tuairiscithe atá ar fáil le húdaráis inniúla, faoi na nósanna imeachta is infheidhme agus faoi na comhaltaí foirne laistigh de na húdaráis sin atá freagrach as tuairiscí a láimhseáil. Ba cheart an fhaisnéis uile maidir le tuairiscí a bheith trédhearcach, intuigthe go héasca agus iontaofa chun tuairisciú a chur chun cinn agus gan tuairisciú a dhíspreagadh.

(76)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil nósanna imeachta cosanta leordhóthanacha i bhfeidhm ag údaráis inniúla chun tuairiscí a phróiseáil agus chun sonraí pearsanta na ndaoine dá dtagraítear sa tuairisc a chosaint. Le nósanna imeachta den sórt sin, ba cheart a áirithiú go gcosnófar, ag gach céim den nós imeachta, céannacht gach duine tuairiscithe, céannacht gach duine lena mbaineann, agus céannacht tríú daoine dá dtagraítear sa tuairisc, mar shampla finnéithe nó comhghleacaithe.

(77)

Is gá go gcomhlíonann comhaltaí foirne an údaráis inniúil atá freagrach as tuairiscí a láimhseáil agus comhaltaí foirne an údaráis inniúil ag a bhfuil an ceart chun rochtain a fháil ar an bhfaisnéis a sholáthraíonn an duine tuairiscithe an dualgas i ndáil le sicréideacht ghairmiúil agus rúndacht agus na sonraí á dtarchur acu laistigh agus lasmuigh den údarás inniúil, lena n-áirítear i gcás ina n-osclaíonn údarás inniúil imscrúdú nó fiosrúchán inmheánach nó ina mbíonn gníomhaíochtaí forfheidhmithe ar bun aige i ndáil leis an tuairisc.

(78)

Leis an athbhreithniú rialta a dhéanann na húdaráis inniúla ar nósanna imeachta agus an malartú dea-chleachtas eatarthu, ba cheart a ráthú go bhfuil na nósanna imeachta sin leordhóthanach agus, dá bhrí sin, ag freastal ar a gcuspóir.

(79)

Daoine a dhéanann nochtadh poiblí, ba cheart iad a bheith incháilithe do chosaint i gcásanna inarb amhlaidh, in ainneoin an tuairiscithe inmheánaigh agus sheachtraigh a rinneadh, nach dtabharfaí aghaidh ar an sárú fós, mar shampla i gcásanna nach ndearnadh an sárú a mheasúnú ná a imscrúdú go hiomchuí, nó nach ndearnadh aon ghníomhaíocht cheartaitheach iomchuí ina leith. Ba cheart oiriúnacht an bhirt leantaigh a mheasúnú de réir critéir oibiachtúla, nasctha le hoibleagáid na n-údarás inniúil cruinneas na líomhaintí a mheasúnú agus deireadh a chur le haon sárú a d’fhéadfaí a bheith ann ar dhlí an Aontais. Beidh oiriúnacht an bhirt leantaigh ag brath, dá bhrí sin, ar imthosca gach cáis agus ar chineál na rialacha a sáraíodh. Go háirithe, d’fhéadfadh gur beart leantach iomchuí é de bhun na Treorach seo go gcinnfeadh na húdaráis gur léir nach raibh ach mionsárú i gceist le sárú agus nár ghá tuilleadh beart leantach a dhéanamh, seachas an nós imeachta a dhúnadh.

(80)

Ba cheart daoine a dhéanann nochtadh poiblí go díreach a bheith incháilithe do chosaint freisin i gcásanna ina bhfuil forais réasúnacha acu le creidiúint go bhfuil garchontúirt nó contúirt fhollasach ann do leas an phobail, nó go bhfuil baol ann go ndéanfaí damáiste dochúlaithe, lena n-áirítear dochar ar iomláine coirp duine.

(81)

Ba cheart daoine a dhéanann nochtadh poiblí go díreach a bheith incháilithe do chosaint freisin i gcás ina bhfuil forais réasúnacha acu le creidiúint go bhfuil, i gcás tuairisciú seachtrach, baol an fhrithbhirt ann nó gur beag seans go dtabharfar aghaidh go héifeachtach ar an sárú, de bharr imthosca sonracha an cháis, amhail cásanna ina bhféadfaí fianaise a cheilt nó a scriosadh nó i gcás ina bhfuil údarás i gclaonpháirteachas le déantóir an tsáraithe nó go bhfuil baint ag an údarás leis an sárú.

(82)

Is beart bunriachtanach ex ante é chun an frithbheart a chosc rúndacht chéannacht an duine tuairiscithe a chosaint le linn an phróisis tuairiscithe agus le linn imscrúduithe a chuirtear ar bun mar gheall ar an tuairisciú. Níor cheart é a bheith indéanta céannacht an duine tuairiscithe a nochtadh ach amháin i gcás inar oibleagáid riachtanach chomhréireach é sin faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta i gcomhthéacs imscrúduithe a dhéanfaidh údaráis nó imeachtaí breithiúnacha, go háirithe chun cearta cosanta na ndaoine lena mbaineann a choimirciú. D’fhéadfadh oibleagáid den sórt sin teacht, go háirithe, as Treoir 2012/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (42). Níor cheart feidhm a bheith ag cosaint rúndachta i gcás inar nocht an duine tuairiscithe a chéannacht nó a céannacht d’aon ghnó i gcomhthéacs nochtadh poiblí.

(83)

Aon phróiseáil ar shonraí pearsanta a dhéantar de bhun na Treorach seo, lena n-áirítear sonraí pearsanta a dhéanann na húdaráis inniúla a mhalartú nó a tharchur, ba cheart í a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (43), agus le Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (44). Aon mhalartú nó tarchur faisnéise a dhéanfaidh institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais, ba cheart é a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (45). Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar na prionsabail a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta a leagtar amach in Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2016/679, Airteagal 4 de Threoir (AE) 2016/680 agus Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2018/1725, agus ar phrionsabal na cosanta sonraí trí dhearadh agus mar réamhshocrú atá leagtha síos in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2016/679, Airteagal 20 de Threoir (AE) 2016/680 agus Airteagail 27 agus 85 de Rialachán (AE) 2018/1725.

(84)

Na nósanna imeachta dá bhforáiltear sa Treoir seo agus a bhaineann le bearta leantacha i leith tuairiscí ar sháruithe ar dhlí an Aontais sna réimsí a thagann faoina raon feidhme, tá siad mar thacú do chuspóir tábhachtach leas ginearálta poiblí an Aontais agus na mBallstát, de réir bhrí phointe (e) d’Airteagal 23(1) de Rialachán (AE) 2016/679, toisc go bhfuil sé mar aidhm leo forfheidhmiú dhlí agus bheartais an Aontais a fheabhsú i réimsí sonracha inar féidir sáruithe a bheith ina gcúis le díobháil thromchúiseach do leas an phobail. Is gá rúndacht chéannacht na ndaoine tuairiscithe a chosaint go héifeachtach chun cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint, go háirithe cearta agus saoirsí na ndaoine tuairiscithe, dá bhforáiltear faoi phointe (i) d’Airteagal 23(1) de Rialachán (AE) 2016/679. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil an Treoir seo éifeachtach, lena n-áirítear, i gcás inar gá, trí fheidhmiú chearta áirithe cosanta sonraí na ndaoine lena mbaineann a shrianadh, trí bhíthin bearta reachtacha, i gcomhréir le pointí (e) agus (i) d’Airteagal 23(1) agus Airteagal 23(2) de Rialachán (AE) 2016/679 a mhéid agus a fhad is gá chun cosc a chur agus aghaidh a thabhairt ar iarrachtaí ar bhac a chur ar thuairisciú nó ar iarrachtaí ar bhac a chur ar bheart leantach, moill a chur le beart leantach nó beart leantach a chur ó mhaith, go háirithe imscrúduithe, nó ar iarrachtaí chun céannacht na ndaoine tuairiscithe a fháil amach.

(85)

Ar an gcaoi chéanna, is gá rúndacht chéannacht na ndaoine tuairiscithe a chosaint go héifeachtach chun cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint, go háirithe cearta agus saoirsí na ndaoine tuairiscithe, i gcás ina ndéanann údaráis, mar a shainmhínítear iad i bpointe (7) d’Airteagal 3 de Threoir (AE) 2016/680, tuairiscí a láimhseáil. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil an Treoir seo éifeachtach, lena n-áirítear, i gcás inar gá, trí fheidhmiú chearta áirithe cosanta sonraí na ndaoine lena mbaineann a shrianadh, trí bhíthin bearta reachtacha, i gcomhréir le pointí (a) agus (e) d’Airteagal 13(3), pointí (a) agus (e) d’Airteagal 15(1), pointí (a) agus (e) d’Airteagal 16(4) agus Airteagal 31(5) de Threoir (AE) 2016/680 a mhéid agus a fhad is gá chun cosc a chur agus aghaidh a thabhairt ar iarrachtaí ar bhac a chur ar thuairisciú nó ar iarrachtaí ar bhac a chur ar bheart leantach, moill a chur le beart leantach nó beart leantach a chur ó mhaith, go háirithe imscrúduithe, nó ar iarrachtaí chun céannacht na ndaoine tuairiscithe a fháil amach.

(86)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcoimeádtar taifead leordhóthanach maidir le gach tuairisc ar sháruithe, go bhfuil gach tuairisc inghnóthaithe agus gur féidir an fhaisnéis sin a fhaightear trí thuairiscí a úsáid mar fhianaise i mbearta forfheidhmithe i gcás inarb iomchuí.

(87)

Ba cheart daoine tuairiscithe a chosaint i gcoinne aon chineál frithbhirt, bíodh sé díreach nó indíreach, a dhéanann, a spreagann nó a sheasann a bhfostóir nó custaiméir nó faighteoir seirbhísí agus daoine atá ag obair le haghaidh nó ag gníomhú thar ceann an fhostóra nó an chustaiméara nó an fhaighteora, lena n_áirítear comhghleacaithe agus bainisteoirí san eagraíocht chéanna nó in eagraíochtaí eile lena mbíonn an duine tuairiscithe i dteagmháil i gcomhthéacs a ghníomhaíochtaí nó a gníomhaíochtaí a bhaineann leis an obair.

(88)

I gcás ina dtarlaíonn frithbheart gan bhrath agus gan phionós, tá éifeacht mhór dhiúltach aige sin ar sceithirí féideartha. Bheadh éifeacht thábhachtach athchomhairleach ag toirmeasc dlí soiléir ar fhrithbheart, agus dhéanfaí é a neartú tuilleadh ag forálacha maidir le dliteanas pearsanta agus pionóis do dhaoine a dhéanann frithbheart.

(89)

D’fhéadfadh sé go gcuirfí bac ar thuairisciú ó sceithirí féideartha nach bhfuil cinnte conas tuairisc a thabhairt nó an mbeidh siad cosanta sa deireadh. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear faisnéis ábhartha chruinn ina leith sin ar fáil ar bhealach atá soiléir agus inrochtana go héasca ag an bpobal i gcoitinne. Ba cheart comhairle aonair, neamhchlaonta agus rúnda, saor in aisce, a bheith ar fáil i dtaobh, mar shampla, an bhfuil fhaisnéis atá i gceist cumhdaithe ag na rialacha is infheidhme maidir le cosaint do sceithirí, i dtaobh cé acu bealach tuairiscithe is fearr a d’fhéadfaí a úsáid agus i dtaobh na nósanna imeachta malartacha atá ar fáil i gcás nach bhfuil an fhaisnéis faoi réir na rialacha is infheidhme, “comharthaíocht” mar a thugtar air. Is féidir rochtain ar chomhairle den sórt sin cabhrú lena áirithiú go ndéantar tuairiscí trí na bealaí iomchuí, ar bhealach freagrach, agus go ndéantar sáruithe a bhrath go tráthúil nó fiú a chosc. D’fhéadfadh lárionad faisnéise nó údarás riaracháin neamhspleách aonair comhairle agus faisnéis den sórt sin a chur ar fáil. D’fhéadfadh na Ballstáit a roghnú comhairle dlí a chuimsiú sa chomhairle sin. I gcás ina dtugann eagraíochtaí na sochaí sibhialta, atá faoi cheangal ag dualgas chun cineál rúnda na faisnéise a fhaightear a choimeád, an chomhairle sin do dhaoine tuairiscithe, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach ndéanfar frithbheart i gcoinne na n-eagraíochtaí sin, mar shampla i bhfoirm dochar eacnamaíoch trí shrian a chur ar an rochtain atá acu ar chistiú nó tríd an dúliostáil a d’fhéadfadh bac a chur ar fheidhmiú ceart na heagraíochta.

(90)

Ba cheart d’údaráis inniúla an tacaíocht is gá a thabhairt do dhaoine tuairiscithe chun go bhféadfaidh siad rochtain éifeachtach a fháil ar chosaint. Go háirithe, ba cheart dóibh cruthúnas, nó doiciméadacht eile, a sholáthar a theastaíonn chun a dheimhniú os comhair údaráis eile nó os comhair cúirteanna go ndearnadh tuairisciú seachtrach. Faoi chreatlaí náisiúnta áirithe agus i gcásanna áirithe, féadfaidh daoine tuairiscithe leas a bhaint as foirmeacha deimhniúcháin ar an bhfíric go gcomhlíonann siad coinníollacha na rialacha is infheidhme. D’ainneoin na bhféidearthachtaí sin, ba cheart rochtain éifeachtach a bheith acu ar athbhreithniú breithiúnach, ar a dtéann sé ar na cúirteanna cinneadh a dhéanamh, bunaithe ar chúinsí aonair uile an cháis, cibé acu a chomhlíonann siad coinníollacha na rialacha is infheidhme.

(91)

Ba cheart é a bheith indéanta a bheith ag brath ar oibleagáidí dlíthiúla nó conarthacha daoine aonair, amhail clásail dílseachta i gconarthaí nó i gcomhaontuithe rúndachta nó neamhnochta, d’fhonn tuairisciú a chosc, diúltú do chosaint nó pionós a ghearradh ar dhaoine tuairiscithe toisc go ndearna siad faisnéis ar sháruithe a thuairisciú nó go ndearna siad nochtadh poiblí i gcás inar gá an fhaisnéis a thagann faoi raon feidhme na gclásal agus na gcomhaontuithe sin a sholáthar chun an sárú a nochtadh. I gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha sin, níor cheart do dhaoine tuairiscithe aon chineál dliteanais a thabhú, bíodh sé ina dhliteanas sibhialta, coiriúil, riaracháin nó ina dhliteanas a bhaineann le fostaíocht. Is iomchuí gurb ann do chosaint ar dhliteanas i leith faisnéis a thuairisciú nó a nochtadh go poiblí faoin Treoir seo, a raibh forais réasúnacha ag an duine tuairiscithe a chreidiúint ina leith gur ghá í a thuairisciú nó a nochtadh go poiblí chun sárú a nochtadh de bhun na Treorach seo. Níor cheart an chosaint sin a thabhairt i gcás faisnéis iomarcach a nocht an duine gan na forais réasúnacha sin a bheith ann.

(92)

I gcás ina bhfuair daoine tuairiscithe rochtain go dleathach ar an bhfaisnéis faoi sháruithe a tuairiscíodh nó ar na doiciméid ina raibh an fhaisnéis sin, ba cheart iad a bheith díolmhaithe ó dhliteanas. Ba cheart feidhm a bheith aige sin maidir le cásanna ina nochtann daoine tuairiscithe inneachar doiciméad a bhfuil rochtain dhleathach acu orthu agus i gcásanna ina ndéanann siad cóipeanna de dhoiciméid den sórt sin nó ina dtógann siad iad ó áitreabh na heagraíochta ina bhfuil siad fostaithe, de shárú ar chlásail chonarthacha nó ar chlásail eile lena sonraítear gur maoin de chuid na heagraíochta iad na doiciméid ábhartha. Ba cheart do na daoine tuairiscithe a bheith díolmhaithe ó dhliteanas i gcás, mar thoradh ar an bhfaisnéis ábhartha nó na doiciméid ábhartha a fháil nó mar thoradh ar rochtain ar an bhfaisnéis nó ar na doiciméid sin, ina mbeadh dliteanas sibhialta nó riaracháin nó dliteanas a bhaineann le saothar i gceist. Chuimseofaí, mar shampla, cásanna ina bhfuair na daoine tuairiscithe an fhaisnéis trí rochtain a fháil ar ríomhphoist comhoibrí nó ar chomhaid nach n-úsáideann siad de ghnáth laistigh de raon feidhme a gcuid oibre, trí ghrianghraif a ghlacadh d’áitreabh na heagraíochta nó trí rochtain a fháil ar shuíomhanna nach mbíonn rochtain acu orthu de ghnáth. I gcás ina bhfuair na daoine tuairiscithe rochtain ar an bhfaisnéis ábhartha nó ar na doiciméid ábhartha trí chion coiriúil a dhéanamh, amhail foghail fhisiceach nó haiceáil, ba cheart a ndliteanas coiriúil a bheith fós faoi rialú an dlí náisiúnta is infheidhme, gan dochar don chosaint a thugtar faoi Airteagal 21(7) den Treoir seo. Ar an gcaoi chéanna, aon dliteanas eile a d’fhéadfadh a bheith ar na daoine tuairiscithe a eascraíonn as gníomhartha nó neamhghníomhartha nach mbaineann leis an tuairisciú nó nach bhfuil riachtanach chun sárú a nochtadh de bhun na Treorach seo, ba cheart an dliteanas sin a bheith fós faoi rialú dhlí infheidhme an Aontais nó an dlí náisiúnta is infheidhme. Sna cásanna sin, ba cheart gur faoi na cúirteanna náisiúnta a bheadh sé dliteanas na ndaoine tuairiscithe a mheasúnú i bhfianaise na faisnéise fíorasacha ábhartha ar fad, agus imthosca aonair an cháis á gcur san áireamh, lena n-áirítear riachtanas agus comhréireacht an ghnímh nó an neamhghnímh i ndáil leis an tuairisc nó an nochtadh poiblí.

(93)

Is dócha go gcuirfear frithbheart i láthair mar a bheadh bonn cirt leis ar fhorais seachas an tuairisciú agus is féidir é a bheith an-deacair do dhaoine tuairiscithe an nasc idir an tuairisciú agus an frithbheart a chruthú, cé go bhféadfadh níos mó cumhachta agus acmhainní a bheith ag lucht an fhrithbhirt leis an ngníomhaíocht a rinneadh agus an réasúnaíocht a dhoiciméadú. Dá bhrí sin, nuair a léiríonn an duine tuairiscithe prima facie go ndearna sé nó sí sáruithe a thuairisciú nó go ndearna sé nó sí nochtadh poiblí i gcomhréir leis an Treoir seo agus go raibh dochar air nó uirthi, ba cheart an t-ualach cruthúnais a aistriú don duine a ghlac an gníomhaíocht dhíobhálach, agus ba cheart a cheangal air nó uirthi a léiriú ansin nach raibh an ghníomhaíocht a rinneadh nasctha ar bhealach ar bith leis an tuairisciú nó leis an nochtadh poiblí.

(94)

Lasmuigh de thoirmeasc follasach ar fhrithbheart dá bhforáiltear sa dlí, tá sé ríthábhachtach go mbeidh rochtain ag daoine atá thíos le frithbheart ar leigheasanna dlí agus ar chúiteamh. Ba cheart an leigheas iomchuí i ngach cás a chinneadh de réir an chineáil frithbhirt a raibh an duine thíos leis, agus ba cheart an damáiste a rinneadh i gcásanna den sórt sin a chúiteamh go hiomlán i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. D’fhéadfadh an leigheas iomchuí a bheith i bhfoirm gníomhaíochtaí le haghaidh aischur i bpost, mar shampla, i gcás dífhostaithe, aistrithe nó ísliú céime, nó coimeád siar oiliúna nó ardú céime, nó le haghaidh cead, ceadúnas nó conradh a cealaíodh a athbhunú; cúiteamh i leith caillteanais airgeadais iarbhír agus sa todhchaí, mar shampla maidir le pá a cailleadh roimhe sin, ach freisin le haghaidh caillteanas ioncaim amach anseo, costais a bhaineann le hathrú slí bheatha; agus cúiteamh i leith damáistí eacnamaíocha eile, amhail costais dhlíthiúla agus costais cóireála leighis, agus i leith damáiste doláimhsithe, amhail pian agus fulaingt.

(95)

Cé go bhféadfaidh na cineálacha caingne dlí a bheith éagsúil idir córais dhlíthiúla, ba cheart a áirithiú leo gur fíorchúiteamh éifeachtach nó fíor-leorghníomh éifeachtach a bheadh ann, ar bhealach atá comhréireach leis an dochar a fulaingíodh agus athchomhairleach. Is ábhartha sa chomhthéacs sin Prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, go háirithe Prionsabal 7 ar dá réir “Sula ndéanfar oibrithe a dhífhostú, tá an ceart acu eolas a fháil faoi na cúiseanna atá leis agus tréimhse fógra réasúnta a bheith tugtha dóibh. Tá an ceart acu rochtain a fháil ar phróiseas réitigh díospóidí éifeachtach neamhchlaonta agus, i gcás dífhostú gan údar maith, tá an ceart acu ar shásamh, lena n-áirítear cúiteamh leordhóthanach”. Níor cheart do leigheasanna a bhunaítear ar an leibhéal náisiúnta sceithirí féideartha amach anseo a dhíspreagadh. Mar shampla, trí fhoráil a dhéanamh do chúiteamh mar rogha ar aischur i bpost i gcás dífhostaithe, d’fhéadfaí sin a bheith ina chúis le cleachtas córasach, go háirithe in eagraíochtaí níos mó, rud a d’fhéadfadh éifeacht athchomhairleach a bheith aige ar sceithirí sa todhchaí.

(96)

Tá sé ríthábhachtach do dhaoine tuairiscithe go bhfuil leigheasanna eatramhacha ann le linn a bheith ag feitheamh ar réiteach ó imeachtaí dlíthiúla a d’fhéadfadh a bheith an-fhada. Go háirithe, ba cheart gníomhaíochtaí maidir le faoiseamh eatramhach, dá bhforáiltear faoin dlí náisiúnta, a bheith ar fáil do dhaoine tuairiscithe freisin chun bagairtí, iarrachtaí ar fhrithbheart nó gníomhartha leanúnacha frithbhirt, amhail ciapadh, nó chun cosc a chur ar chineálacha frithbhirt, amhail dífhostú, a d’fhéadfadh a bheith deacair a fhreaschur tar éis tréimhsí fada ama agus a d’fhéadfadh an duine aonair a scriosadh ar bhonn airgeadais, is rud é sin a fhéadann sceithirí féideartha a dhíspreagadh go mór.

(97)

Gníomhaíochtaí a dhéantar i gcoinne daoine tuairiscithe lasmuigh den chomhthéacs oibre, trí imeachtaí, mar shampla, a bhaineann le clúmhilleadh, sárú ar chóipcheart, rúin trádála, rúndacht agus cosaint sonraí pearsanta, is féidir léi a bheith ina hiombhagairt thromchúiseach ar sceithireacht. In imeachtaí den sórt sin, ba cheart daoine tuairiscithe a bheith in ann brath ar sháruithe a bheith tuairiscithe acu nó nochtadh poiblí a bheith déanta acu i gcomhréir leis an Treoir seo mar chosaint, ar choinníoll go raibh gá leis an bhfaisnéis a tuairiscíodh nó leis an bhfaisnéis a nochtadh go poiblí chun an sárú a nochtadh. I gcásanna den sórt sin, ba cheart don duine a thionscnaíonn na himeachtaí an t-ualach a iompar chun a chruthú nach gcomhlíonann an duine tuairiscithe coinníollacha a leagtar síos leis an Treoir seo.

(98)

Le Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (46), leagtar síos rialacha chun leibhéal leordhóthanach comhsheasmhach sásaimh shibhialta a áirithiú i gcás ina ndéantar rún trádála a fháil, a úsáid nó a nochtadh go neamhdhleathach. Foráiltear léi freisin, áfach, go measfar é a bheith dleathach rún trádála a fháil, a úsáid nó a nochtadh a mhéid a cheadaítear dó sin le dlí an Aontais. Daoine a nochtann rúin trádála a fhaightear i gcomhthéacs oibre, níor cheart dóibh tairbhe a bhaint as an gcosaint a dheonaítear leis an Treoir seo, lena n-áirítear maidir le gan dliteanas sibhialta a thabhú, ach amháin ar choinníoll go gcomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar síos sa Treoir seo, lena n-áirítear go raibh gá leis an nochtadh chun sárú a thagann faoi raon feidhme ábhartha na Treorach seo a nochtadh. I gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha sin, measfar go bhfuil nochtadh na rún trádála “ceadaithe” faoi dhlí an Aontais de réir bhrí Airteagal 3(2) de Threoir (AE) 2016/943. Thairis sin, ba cheart a mheas go bhfuil an dá Threoir comhlántach agus ba cheart do na bearta, nósanna imeachta agus leigheasanna um shásamh sibhialta mar aon le díolúintí dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2016/943 leanúint de bheith infheidhme maidir le gach nochtadh rún trádála a thagann lasmuigh de raon feidhme na Treorach seo. Údaráis inniúla a fhaigheann faisnéis faoi sháruithe a chuimsíonn rúin trádála, ba cheart dóibh a áirithiú nach ndéantar iad sin a úsáid ná a nochtadh chun críocha a théann thar a bhfuil riachtanach chun beart leantach cuí a dhéanamh ar na tuairiscí.

(99)

Is féidir gur costas suntasach iad na táillí dlíthiúla ábhartha do dhaoine tuairiscithe a chuireann in aghaidh frithbheart a dhéantar ina gcoinne in imeachtaí dlíthiúla. Cé go bhféadfadh siad táillí den sórt sin a ghnóthú ag deireadh na n-imeachtaí, d’fhéadfadh sé nach mbeidís in ann na táillí sin a chumhdach más rud é go ngearrtar iad ag tús na n-imeachtaí, go háirithe má tá siad dífhostaithe agus dúliostaithe. Cúnamh le haghaidh imeachtaí dlí coiriúla, go háirithe i gcás ina gcomhlíonann na daoine tuairiscithe coinníollacha Threoir (AE) 2016/1919 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (47), agus, ar bhonn níos ginearálta, tacaíocht dóibh siúd atá i ngéarchéim airgeadais, d’fhéadfadh sé go mbeadh ríthábhacht leis an méid sin, i gcásanna áirithe, d’fhonn a gcearta chun cosanta a fhorfheidhmiú go héifeachtach.

(100)

Ba cheart cearta an duine lena mbaineann a chosaint chun damáiste do chlú nó iarmhairtí diúltacha eile a sheachaint. Ina theannta sin, ba cheart cearta cosanta agus rochtain ar leigheasanna an duine lena mbaineann a urramú go hiomlán ag gach céim den nós imeachta i ndiaidh na tuairisce, i gcomhréir le hAirteagail 47 agus 48 den Chairt. Ba cheart do na Ballstáit rúndacht chéannacht an duine lena mbaineann a chosaint agus na cearta cosanta a áirithiú, lena n-áirítear an ceart chun rochtain a fháil ar an gcomhad, an ceart chun éisteacht a fháil agus an ceart chun leigheas éifeachtach a lorg i gcoinne cinnidh maidir leis an duine lena mbaineann faoi na nósanna imeachta is infheidhme a leagtar amach sa dlí náisiúnta i gcomhthéacs imscrúduithe nó imeachtaí breithiúnacha ina dhiaidh sin.

(101)

Ba cheart d’aon duine a ndearnadh dochar dó nó di, cibé acu go díreach nó go hindíreach, mar thoradh ar fhaisnéis mhíchruinn nó mhíthreorach a thuairisciú nó a nochtadh go poiblí, an chosaint agus na leigheasanna atá ar fáil dó nó di faoi na rialacha dlí náisiúnta ginearálta a choinneáil. I gcás ina ndearnadh an fhaisnéis mhíchruinn nó mhíthreorach a thuairisciú nó a nochtadh go poiblí d’aon ghnó agus go feasach, ba cheart na daoine lena mbaineann a bheith i dteideal cúitimh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

(102)

Tá pionóis choiriúla, shibhialta nó riaracháin riachtanach chun éifeachtacht na rialacha maidir le cosaint do sceithirí a áirithiú. Is féidir le pionóis i gcoinne iad siúd a dhéanann frithbheart nó gníomhaíochtaí díobhálacha eile i gcoinne daoine tuairiscithe gníomhaíochtaí eile den sórt sin a dhíspreagadh. Is gá pionóis i gcoinne daoine a dhéanann faisnéis faoi sháruithe a thuairisciú nó a nochtadh go poiblí a léirítear a bheith bréagach go feasach freisin chun tuilleadh tuairiscithe mailísí a dhíspreagadh agus chun creidiúnacht an chórais a chaomhnú. Ba cheart comhréireacht na bpionós sin a áirithiú nach mbíonn éifeacht athchomhairleach acu ar sceithirí féideartha.

(103)

Aon chinneadh a dhéanann údaráis, ar cinneadh é a dhéanann dochar do na cearta a dheonaítear leis an Treoir seo, go háirithe cinntí trína gcinneann údaráis inniúla an nós imeachta a dhúnadh i dtaca le sárú tuairiscithe toisc gur léir nach raibh ann ach mionsárú nó toisc gur tuairisc atriallach í an tuairisc, nó trína gcinneann siad nár fiú tosaíocht a thabhairt do thuairisc ar leith, tá sé faoi réir athbhreithniú breithiúnach i gcomhréir le hAirteagal 47 den Chairt.

(104)

Leis an Treoir seo, tugtar isteach íoschaighdeáin agus ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann forálacha níos fabhraí a thabhairt isteach nó a chothabháil don duine tuairiscithe, ar choinníoll nach gcuirfidh na forálacha sin isteach ar na bearta chun daoine lena mbaineann a chosaint. Níor cheart do thrasuí na Treorach seo a bheith ina chúis, in imthosca ar bith, le laghdú ar an leibhéal cosanta a thugtar do dhaoine tuairiscithe cheana faoin dlí náisiúnta sna réimsí a bhfuil feidhm aici maidir leo.

(105)

I gcomhréir le hAirteagal 26(2) CFAE, ní mór don mhargadh inmheánach limistéar gan teorainneacha inmheánacha a chuimsiú ina n-áiritheofar saorghluaiseacht earraí agus seirbhísí. Ba cheart don mhargadh inmheánach luach breise a chur ar fáil do shaoránaigh an Aontais i bhfoirm caighdeán agus sábháilteacht níos fearr earraí agus seirbhísí, lena n-áiritheofar ardchaighdeáin sláinte poiblí agus cosaint an chomhshaoil chomh maith le saorghluaiseacht sonraí pearsanta. Dá bhrí sin, is é Airteagal 114 CFAE an bunús dlí iomchuí chun na bearta is gá a ghlacadh d’fhonn an margadh inmheánach a bhunú agus a fheidhmiú. I dteannta Airteagal 114 CFAE, ba cheart bunúis dlí bhreise a bheith ag an Treoir seo chun na réimsí a chumhdach atá ag brath ar Airteagal 16, Airteagal 43(2), Airteagal 50, Airteagal 53(1), Airteagail 91 agus 100, Airteagal 168(4), Airteagal 169, Airteagal 192(1) agus Airteagal 325(4) CFAE agus Airteagal 31 de Chonradh Euratom chun bearta an Aontais a ghlacadh.

(106)

Tá raon feidhme ábhartha na Treorach seo bunaithe ar na réimsí a shainaithint ina bhfuil údar maith agus gá le cosaint do sceithirí a thabhairt isteach ar bhonn na fianaise atá ar fáil faoi láthair. D’fhéadfaí raon feidhme ábhartha den sórt sin a leathnú chuig réimsí breise nó gníomhartha breise de chuid an Aontais, más gá sin mar bhealach chun a bhforfheidhmiú a neartú bunaithe i bhfianaise na fianaise a d’fhéadfadh teacht chun cinn sa todhchaí, nó ar bhonn na meastóireachta ar an gcaoi inar fheidhmigh an Treoir seo.

(107)

I gcás ina nglacfar gníomhartha reachtaíochta as seo amach atá ábhartha do réimsí beartais a chumhdaítear leis an Treoir seo, ba cheart a shonrú iontu, i gcás inarb iomchuí, go bhfuil feidhm ag an Treoir seo. I gcás inar gá, ba cheart raon feidhme ábhartha na Treorach seo a oiriúnú agus an Iarscríbhinn a ghabhann léi a leasú dá réir sin.

(108)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, eadhon forfheidhmiú a neartú i réimsí beartais agus gníomhartha áirithe i gcás ina bhféadfadh sáruithe ar dhlí an Aontais díobháil thromchúiseach a dhéanamh do leas an phobail trí chosaint éifeachtach do sceithirí, a ghnóthú go leordhóthanach agus iad ag gníomhú ina n-aonar ná ar bhealach neamhchomhordaithe, agus gur fearr is féidir é a ghnóthú trí íoschaighdeáin chomhchoiteanna maidir le cosaint do sceithirí a leagan síos, agus toisc gurb é gníomhaíocht an Aontais amháin is féidir comhleanúnachas a sholáthar agus rialacha reatha an Aontais maidir le cosaint do sceithirí a ailíniú, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(109)

Urramaítear leis an Treoir seo na cearta bunúsacha agus na prionsabail bhunúsacha a aithnítear, go háirithe, sa Chairt, go háirithe Airteagal 11 di. Dá réir sin, tá sé riachtanach go ndéanfar an Treoir seo a chur chun feidhme i gcomhréir leis na cearta agus na prionsabail sin, trína áirithiú go n-urramófar go hiomlán, inter alia, an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, an ceart chun sonraí pearsanta a chosaint, an tsaoirse chun gnó a sheoladh, an ceart chun ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí, an ceart chun ardleibhéil cosanta ar shláinte an duine, an ceart chun ardleibhéil cosanta don chomhshaol, an ceart chun dea-riaracháin, an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil agus cearta cosanta.

(110)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

RAON FEIDHME, SAINMHÍNITHE AGUS COINNÍOLLACHA LE HAGHAIDH NA COSANTA

Airteagal 1

Cuspóir

Is é is cuspóir don Treoir seo forfheidhmiú dhlí agus bheartais an Aontais a fheabhsú i réimsí sonracha trí íoschaighdeáin choiteanna a leagan síos lena bhforáiltear d’ardleibhéal cosanta do dhaoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais.

Airteagal 2

Raon feidhme ábhartha

1.   Leis an Treoir seo, leagtar síos íoschaighdeáin choiteanna maidir le daoine a thuairiscíonn na sáruithe seo a leanas ar dhlí an Aontais a chosaint:

(a)

sáruithe a thagann faoi raon feidhme ghníomhartha an Aontais a leagtar amach san Iarscríbhinn maidir leis na réimsí seo a leanas:

(i)

soláthar poiblí;

(ii)

seirbhísí, táirgí agus margaí airgeadais, agus cosc ar sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta;

(iii)

sábháilteacht agus comhlíonadh táirgí;

(iv)

sábháilteacht iompair;

(v)

cosaint an chomhshaoil;

(vi)

cosaint ar radaíocht agus sábháilteacht núicléach;

(vii)

sábháilteacht bia agus beatha, sláinte agus leas ainmhithe;

(viii)

sláinte phoiblí;

(ix)

cosaint tomhaltóirí;

(x)

cosaint príobháideachais agus sonraí pearsanta, agus slándáil gréasán agus córas faisnéise;

(b)

sáruithe a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 325 CFAE agus mar a shonraítear tuilleadh i mbearta ábhartha de chuid an Aontais;

(c)

sáruithe a bhaineann leis an margadh inmheánach, dá dtagraítear in Airteagal 26(2) CFAE, lena n-áirítear sáruithe ar rialacha iomaíochta an Aontais agus ar rialacha an Aontais maidir leis an státchabhair, mar aon le sáruithe a bhaineann leis an margadh inmheánach i ndáil le gníomhartha a sháraíonn rialacha cánach corparáide nó le socruithe arb é is cuspóir dóibh buntáiste cánach a fháil a chuireann ar neamhní cuspóir nó críoch dhlí na cánach corparáide is infheidhme.

2.   Ní dochar an Treoir seo do chumhacht na mBallstát an chosaint faoin dlí náisiúnta a leathnú i ndáil le réimsí nó le gníomhartha nach gcumhdaítear le mír 1.

Airteagal 3

Gaol le gníomhartha eile de chuid an Aontais agus le forálacha náisiúnta

1.   I gcás ina bhforáiltear rialacha sonracha maidir le tuairisciú sáruithe sna gníomhartha earnáil-sonracha de chuid an Aontais a liostaítear i gCuid II den Iarscríbhinn, beidh feidhm ag na rialacha sin. Beidh forálacha na Treorach seo infheidhme a mhéid nach ndéantar ábhar a rialú go héigeantach sna gníomhartha earnáil-sonracha sin de chuid an Aontais.

2.   Ní dhéanfaidh an Treoir seo difear do fhreagracht na mBallstát slándáil náisiúnta a áirithiú ná dá gcumhacht a leasanna slándála bunriachtanacha a chosaint. Go háirithe, ní bheidh feidhm aici maidir le tuairiscí ar sháruithe ar na rialacha soláthair lena mbaineann gnéithe cosanta nó slándála mura bhfuil siad cumhdaithe ag ionstraimí ábhartha an Aontais.

3.   Ní dhéanfaidh an Treoir seo difear do chur i bhfeidhm dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta a bhaineann le haon cheann díobh seo a leanas:

(a)

faisnéis rúnaicmithe a chosaint;

(b)

pribhléid ghairmiúil dlí agus leighis a chosaint;

(c)

rúndacht an phlé bhreithiúnaigh;

(d)

rialacha maidir le nós imeachta coiriúil.

4.   Ní dhéanfaidh an Treoir seo difear do na rialacha náisiúnta maidir le hoibrithe d’fheidhmiú na gceart atá acu dul i gcomhairle lena n-ionadaithe nó lena gceardchumann, agus maidir leis an gcosaint ar aon bheart díobhálach gan údar mar thoradh ar an gcomhairliúchán sin, agus maidir le neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta agus a gceart chun comhaontuithe comhchoiteanna a dhéanamh. Ní dochar an méid sin don leibhéal cosanta a dheonaítear leis an Treoir seo.

Airteagal 4

Raon feidhme pearsanta

1.   Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le daoine tuairiscithe atá ag obair san earnáil phríobháideach nó san earnáil phoiblí a fuair faisnéis faoi sháruithe i gcomhthéacs oibre, lena n-áirítear, ar a laghad, an méid a leanas:

(a)

daoine a bhfuil stádas an oibrí acu, de réir bhrí Airteagal 45(1) CFAE, lena n_áirítear státseirbhísigh;

(b)

daoine a bhfuil stádas féinfhostaithe acu, de réir bhrí Airteagal 49 CFAE;

(c)

scairshealbhóirí agus daoine a bhaineann le comhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta gnóthais, lena n-áirítear comhaltaí neamhfheidhmiúcháin, chomh maith le saorálaithe agus oiliúnaithe le pá nó gan phá;

(d)

aon duine atá ag obair faoi mhaoirseacht agus faoi stiúir conraitheoirí, fochonraitheoirí agus soláthróirí.

2.   Beidh feidhm ag an Treoir seo freisin maidir le daoine tuairiscithe i gcás ina ndéanann siad faisnéis faoi sháruithe a fuarthas i gcaidreamh oibre atá tagtha chun deiridh ó shin a thuairisciú nó a nochtadh go poiblí.

3.   Beidh feidhm ag an Treoir seo freisin maidir le daoine tuairiscithe a bhfuil a gcaidreamh oibre le tosú fós i gcásanna ina bhfuarthas faisnéis faoi sháruithe le linn an phróisis earcaíochta nó caibidlíocht réamhchonarthach eile.

4.   Beidh feidhm freisin, i gcás inarb ábhartha, ag na bearta i ndáil le daoine tuairiscithe a chosaint a leagtar amach i gCaibidil VI maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

éascaitheoirí;

(b)

tríú daoine a bhfuil nasc acu leis na daoine tuairiscithe agus a d’fhéadfadh a bheith thíos le frithbheart i gcomhthéacs oibre, amhail comhghleacaithe nó gaolta na ndaoine tuairiscithe; agus

(c)

eintitis dhlíthiúla ar leis na daoine tuairiscithe iad, a n-oibríonn na daoine tuairiscithe dóibh, nó a bhfuil nasc acu leo ar shlí eile i gcomhthéacs oibre.

Airteagal 5

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe a leanas:

(1)

ciallaíonn “sáruithe” gníomhartha nó neamhghníomhartha:

(i)

atá neamhdhleathach agus a bhaineann le gníomhartha an Aontais agus na réimsí a thagann faoin raon feidhme ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 2; nó

(ii)

a chuireann ar neamhní cuspóir nó críoch na rialacha i ngníomhartha an Aontais agus sna réimsí a thagann faoin raon feidhme ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 2;

(2)

ciallaíonn “faisnéis faoi sháruithe” faisnéis, lena n-áirítear amhras réasúnach, faoi sháruithe iarbhír nó féideartha, a tharla nó ar ródhócha a tharlóidh san eagraíocht ina bhfuil nó ina raibh an duine tuairiscithe ag obair nó in eagraíocht eile lena bhfuil nó lena raibh an duine tuairiscithe i dteagmháil trína chuid nó trína cuid oibre, agus faoi iarrachtaí sáruithe den sórt sin a cheilt;

(3)

ciallaíonn “tuairisc” nó “tuairiscigh”, faisnéis faoi sháruithe a chur in iúl ó bhéal nó i scríbhinn;

(4)

ciallaíonn “tuairisciú inmheánach” faisnéis faoi sháruithe a chur in iúl ó bhéal nó i scríbhinn laistigh d’eintiteas dlíthiúil san earnáil phríobháideach nó phoiblí;

(5)

ciallaíonn “tuairisciú seachtrach” faisnéis faoi sháruithe a cur in iúl ó bhéal nó i scríbhinn do na húdaráis inniúla;

(6)

ciallaíonn “nochtadh poiblí” nó “nocht go poiblí” faisnéis faoi sháruithe a chur ar fáil san fhearann poiblí;

(7)

ciallaíonn “duine tuairiscithe” duine nádúrtha a thuairiscíonn faisnéis faoi sháruithe, nó a nochtann go poiblí í, a fuarthas i gcomhthéacs a chuid nó a cuid gníomhaíochtaí a bhaineann leis an obair;

(8)

ciallaíonn “éascaitheoir” duine nádúrtha a thugann cúnamh do dhuine tuairiscithe sa phróiseas tuairiscithe i gcomhthéacs oibre, agus ar cheart an cúnamh ón duine sin a bheith faoi rún;

(9)

ciallaíonn “comhthéacs oibre” gníomhaíochtaí oibre reatha nó san am atá caite san earnáil phoiblí nó san earnáil phríobháideach, beag beann ar chineál na ngníomhaíochtaí sin, trína bhfaigheann daoine faisnéis faoi sháruithe agus ina bhféadfadh na daoine sin a bheith thíos le frithbheart dá ndéanfaidís faisnéis den sórt sin a thuairisciú;

(10)

ciallaíonn “duine lena mbaineann” duine nádúrtha nó dlítheanach a ndéantar tagairt dó nó di sa tuairisciú nó sa nochtadh poiblí mar dhuine a bhfuil an sárú curtha ina leith nó duine nádúrtha nó dlítheanach lena bhfuil baint ag an duine sin;

(11)

ciallaíonn “frithbheart” aon ghníomh nó neamhghníomh, díreach nó indíreach, a tharlaíonn i gcomhthéacs oibre, a spreagtar ag an tuairisciú inmheánach nó seachtrach nó trí nochtadh poiblí, agus a dhéanann díobháil éagórach nó a d’fhéadfadh díobháil éagórach a dhéanamh don duine tuairiscithe;

(12)

ciallaíonn “beart leantach” aon ghníomhaíocht a dhéanann faighteoir tuairisce nó aon údarás inniúil chun cruinneas na líomhaintí a dhéantar sa tuairisc a mheas agus, i gcás inarb iomchuí, chun aghaidh a thabhairt ar an sárú a thuairiscítear, lena n-áirítear trí ghníomhaíochtaí amhail fiosrúchán inmheánach, imscrúdú, ionchúiseamh, caingean chun cistí a ghnóthú, nó an nós imeachta a dhúnadh;

(13)

ciallaíonn “aiseolas” faisnéis a sholáthar don duine tuairiscithe faoin ngníomhaíocht atá beartaithe nó atá déanta mar bheart leantach agus ar na forais atá leis an mbeart leantach sin;

(14)

ciallaíonn “údarás inniúil” aon údarás náisiúnta atá ainmnithe tuairiscí a fháil i gcomhréir le Caibidil III agus aiseolas a thabhairt do na daoine tuairiscithe, agus/nó atá ainmnithe chun na dualgais dá bhforáiltear sa Treoir seo a chomhlíonadh, go háirithe maidir le beart leantach.

Airteagal 6

Coinníollacha maidir le daoine tuairiscithe a chosaint

1.   Cáileoidh daoine tuairiscithe le haghaidh cosaint faoin Treoir seo ar an gcoinníoll:

(a)

go raibh forais réasúnacha acu chun a chreidiúint go raibh an fhaisnéis faoi sháruithe a tuairiscíodh fíor tráth a tuairiscithe agus gur tháinig faisnéis den sórt sin laistigh de raon feidhme na Treorach seo; agus

(b)

gur thuairiscigh siad go hinmheánach i gcomhréir le hAirteagal 7 nó go seachtrach i gcomhréir le hAirteagal 10, nó go ndearna siad nochtadh poiblí i gcomhréir le hAirteagal 15.

2.   Gan dochar do na hoibleagáidí atá ann cheana foráil a dhéanamh do thuairisciú anaithnid de bhua dhlí an Aontais, ní dhéanann an Treoir seo difear do chumhacht na mBallstát cinneadh a dhéanamh an bhfuil nó nach bhfuil ceangal ar eintitis dlíthiúla san earnáil phríobháideach nó phoiblí agus ar údaráis inniúla glacadh le tuairiscí anaithnide ar sháruithe agus beart leantach a dhéanamh ina leith.

3.   Daoine a thuairiscigh faisnéis faoi sháruithe, nó a nocht go poiblí í, ar bhealach anaithnid, ach a aithníodh ina dhiaidh sin agus a raibh thíos le frithbheart, beidh siad cáilithe ina ainneoin sin le haghaidh na cosanta dá bhforáiltear faoi Chaibidil VI, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar síos i mír 1.

4.   Daoine a thuairiscíonn sáruithe a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, cáileoidh siad le haghaidh cosanta mar a leagtar síos sa Treoir seo faoi na coinníollacha céanna le daoine a thuairiscigh go seachtrach.

CAIBIDIL II

TUAIRISCIÚ INMHEÁNACH AGUS BEARTA LEANTACHA

Airteagal 7

Tuairisciú trí bhealaí tuairiscithe inmheánacha

1.   Mar phrionsabal ginearálta agus gan dochar d’Airteagail 10 agus 15, féadfar faisnéis faoi sháruithe a thuairisciú trí na bealaí agus na nósanna imeachta inmheánacha dá bhforáiltear sa Chaibidil seo.

2.   Spreagfaidh na Ballstáit go ndéanfaí tuairisciú trí bhealaí tuairiscithe inmheánacha sula ndéantar tuairisciú trí bhealaí tuairiscithe seachtracha, i gcás inar féidir aghaidh a thabhairt ar an sárú go hinmheánach go héifeachtach agus i gcás ina measann an duine tuairiscithe nach bhfuil aon riosca ann go ndéanfar frithbheart.

3.   Déanfar faisnéis iomchuí a bhaineann le húsáid na mbealaí tuairiscithe inmheánacha dá dtagraítear i mír 2 a sholáthar i gcomhthéacs na faisnéise arna tabhairt ag eintitis dhlíthiúla san earnáil phríobháideach agus phoiblí de bhun phointe (g) d’Airteagal 9(1), agus ag údaráis inniúla de bhun phointe (a) d’Airteagal 12(4) agus Airteagal 13.

Airteagal 8

Oibleagáid chun bealaí tuairiscithe inmheánacha a bhunú

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbunóidh eintitis dhlíthiúla san earnáil phríobháideach agus san earnáil phoiblí bealaí agus nósanna imeachta maidir le tuairisciú inmheánach agus bearta leantacha a dhéanamh, tar éis dul i gcomhairle agus I gcomhaontú leis na comhpháirtithe sóisialta, i gcás ina bhforáiltear dó sin sa dlí náisiúnta.

2.   Leis na bealaí agus na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, beidh oibrithe de chuid an eintitis in ann faisnéis faoi sháruithe a thuairisciú. Féadfaidh siad an deis a thabhairt freisin do dhaoine eile, dá dtagraítear i bpointí (b), (c) agus (d) d’Airteagal 4(1) agus in Airteagal 4(2), a bhíonn i dteagmháil leis an eintiteas i gcomhthéacs a ngníomhaíochtaí a bhaineann leis an obair faisnéis faoi sháruithe a thuairisciú freisin.

3.   Beidh feidhm ag mír 1 maidir le heintitis dhlíthiúla san earnáil phríobháideach ag a bhfuil 50 oibrí nó níos mó.

4.   Ní bheidh feidhm ag an tairseach a leagtar síos i mír 3 maidir le heintitis a thagann faoi raon feidhme gníomhartha de chuid an Aontais dá dtagraítear i gCodanna I.B agus II den Iarscríbhinn.

5.   Féadfaidh duine nó roinn a ainmneofar chun na críche sin bealaí tuairiscithe a oibriú go hinmheánach nó féadfaidh tríú páirtí iad a sholáthar go seachtrach. Beidh feidhm ag na coimircí agus na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 9(1) freisin maidir le tríú páirtithe iontaoibhe a oibríonn an bealach tuairiscithe d’eintiteas príobháideach san earnáil phríobháideach.

6.   Féadfaidh eintitis dhlíthiúla san earnáil phríobháideach ag a bhfuil 50 oibrí go 249 n-oibrí acmhainní a chomhroinnt i ndáil le tuairiscí a fháil agus aon imscrúdú atá le déanamh. Ní dochar an méid sin do na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar eintitis den sórt sin leis an Treoir seo maidir le rúndacht a choinneáil, aiseolas a thabhairt, agus aghaidh a thabhairt ar an sárú a tuairiscíodh.

7.   Tar éis measúnú riosca iomchuí a dhéanamh agus cineál gníomhaíochtaí na n-eintiteas agus an leibhéal riosca ina dhiaidh sin, go háirithe don chomhshaol agus don tsláinte phoiblí, á gcur san áireamh, féadfaidh na Ballstáit a chur de cheangal ar eintitis dhlíthiúla san earnáil phríobháideach ag a bhfuil níos lú ná 50 oibrí bealaí agus nósanna imeachta tuairiscithe inmheánacha a bhunú i gcomhréir le Caibidil II.

8.   Déanfaidh na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi aon chinneadh a ghlacann siad chun ceangal a chur ar na heintitis dhlíthiúla san earnáil phríobháideach bealaí tuairiscithe inmheánacha a bhunú de bhun mhír 7. Leis an bhfógra sin, áireofar na cúiseanna a bhí leis an gcinneadh agus na critéir a úsáideadh sa mheasúnú riosca dá dtagraítear i mír 7. Cuirfidh an Coimisiún an cinneadh sin in iúl do na Ballstáit eile.

9.   Beidh feidhm ag mír 1 maidir leis na heintitis dhlíthiúla uile san earnáil phoiblí, lena n-áirítear aon eintiteas atá faoi úinéireacht nó faoi rialú eintiteas den sórt sin.

Féadfaidh Ballstáit bardais a bhfuil níos lú ná 10 000 áitritheoir iontu, nó níos lú ná 50 oibrí, nó eintitis eile dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo ag a bhfuil níos lú ná 50 oibrí, a dhíolmhú ón oibleagáid dá dtagraítear i mír 1.

Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh gur féidir bealaí tuairiscithe inmheánacha a chomhroinnt idir bardais nó gur féidir iad a bheith á n-oibriú ag údaráis bhardasacha chomhpháirteacha i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ar choinníoll go mbeidh na bealaí inmheánacha éagsúil agus neamhspleách ó na bealaí tuairiscithe seachtracha ábhartha.

Airteagal 9

Nósanna imeachta maidir le tuairisciú inmheánach agus bearta leantacha

1.   Ar na nósanna imeachta maidir le tuairisciú inmheánach agus bearta leantacha a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 8, áireofar an méid a leanas:

(a)

bealaí chun na tuairiscí a fháil, agus iad ceaptha, bunaithe agus á n-oibriú ar bhealach slán a áirithíonn rúndacht chéannacht an duine tuairiscithe agus aon tríú páirtí a luaitear sa tuairisc, agus a choisceann rochtain ar an bhfaisnéis ag comhaltaí foirne neamhúdaraithe;

(b)

admháil don duine tuairiscithe go bhfuarthas an tuairisc, laistigh de sheacht lá ón lá a bhfuarthas í;

(c)

ainmniú duine nó roinne neamhchlaonta atá inniúil maidir le bearta leantacha a dhéanamh i leith na dtuairiscí, agus ar féidir gurb é an duine céanna nó an roinn chéanna a bheadh ann leis an duine nó an roinn a fhaigheann na tuairiscí agus a dhéanfaidh teagmháil leis an duine tuairiscithe a chothabháil agus, i gcás inar gá, a iarrfaidh tuilleadh faisnéise ón duine tuairiscithe agus a sholáthróidh aiseolas don duine tuairiscithe sin;

(d)

bearta leantacha dícheallacha ag an duine nó an roinn ainmnithe dá dtagraítear i bpointe (c);

(e)

bearta leantacha dícheallacha, i gcás ina bhforáiltear amhlaidh sa dlí náisiúnta, maidir le tuairisciú anaithnid;

(f)

tréimhse ama réasúnach chun aiseolas a sholáthar, nach faide ná 3 mhí ón admháil fála nó, mura seoladh admháil chuig an duine tuairiscithe, 3 mhí ó dhul in éag na tréimhse 7 lá tar éis an tuairisc a dhéanamh;

(g)

faisnéis atá soiléir agus inrochtana go héasca a sholáthar maidir leis na nósanna imeachta maidir le tuairisciú go seachtrach d’údaráis inniúla de bhun Airteagal 10 agus, i gcás inarb ábhartha, d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais.

2.   Leis na bealaí dá bhforáiltear i bpointe (a) de mhír 1, beifear in ann tuairisciú i scríbhinn nó ó bhéal, nó an dá rud, a dhéanamh. Féadfar tuairisciú ó bhéal a dhéanamh trí theileafón nó trí chórais eile teachtaireachtaí gutha, agus, arna iarraidh sin don duine tuairiscithe, trí bhíthin cruinniú aghaidh ar aghaidh laistigh de thréimhse ama réasúnach.

CAIBIDIL III

TUAIRISCIÚ SEACHTRACH AGUS BEARTA LEANTACHA

Airteagal 10

Tuairisciú trí bhealaí tuairiscithe seachtracha

Gan dochar do phointe (b) d’Airteagal 15(1), tuairisceoidh daoine tuairiscithe faisnéis faoi sháruithe trí úsáid á baint as na bealaí agus na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagail 11 agus 12, tar éis tuairisciú a bheith déanta acu ar dtús trí bhealaí tuairiscithe inmheánacha, nó trí thuairisciú a dhéanamh go díreach trí bhealaí tuairiscithe seachtracha.

Airteagal 11

Oibleagáid chun bealaí tuairiscithe seachtracha a bhunú agus chun bearta leantacha i leith tuairiscí a dhéanamh

1.   Ainmneoidh na Ballstáit na húdaráis atá inniúil chun tuairiscí a fháil, aiseolas maidir le tuairiscí a thabhairt agus bearta leantacha a dhéanamh ina leith, agus cuirfidh siad acmhainní leordhóthanacha ar fáil dóibh.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla an méid a leanas:

(a)

bealaí tuairiscithe seachtracha atá neamhspleách agus uathrialach a bhunú, chun faisnéis faoi sháruithe a fháil agus a láimhseáil;

(b)

admháil a thabhairt go pras, agus in aon chás laistigh de sheacht lá ón tuairisc a fháil, go bhfuarthas na tuairiscí sin, mura rud é gur iarr an duine tuairiscithe a mhalairt go sainráite nó go gcreideann an t-údarás inniúil go réasúnach go gcuirfí cosaint chéannacht an duine tuairiscithe i mbaol dá n-admhófaí go bhfuarthas an tuairisc;

(c)

bearta leantacha a dhéanamh go dícheallach maidir leis na tuairiscí;

(d)

aiseolas a sholáthar don duine tuairiscithe laistigh de thréimhse ama réasúnach nach faide ná 3 mhí, nó sé mhí i gcásanna a bhfuil údar cuí leo;

(e)

toradh críochnaitheach imscrúduithe a chuirtear ar bun mar gheall ar an tuairisciú a chur in iúl don duine tuairiscithe, i gcomhréir le nósanna imeachta dá bhforáiltear faoin dlí náisiúnta;

(f)

an fhaisnéis atá sa tuairisc a tharchur in am trátha chuig comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí inniúla de chuid an Aontais, de réir mar is iomchuí, le haghaidh tuilleadh imscrúdaithe, i gcás ina bhforáiltear maidir leis sin faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta.

3.   Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh gur féidir leis na húdaráis inniúla, tar éis an t-ábhar a mheasúnú go cuí, cinneadh a dhéanamh gur léir gur mionsárú é an sárú a tuairiscíodh agus nach bhfuil bearta leantacha ag teastáil de bhun na Treorach seo, seachas an nós imeachta a dhúnadh. Ní dhéanfaidh sin difear d’oibleagáidí eile nó nósanna imeachta is infheidhme eile chun aghaidh a thabhairt ar an sárú a tuairiscíodh nó don chosaint a dheonaítear leis an Treoir seo maidir le tuairisciú inmheánach nó seachtrach. I gcás den sórt sin, cuirfidh na húdaráis inniúla a gcinneadh agus na cúiseanna a bhí leis in iúl don duine tuairiscithe.

4.   Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh gur féidir le húdaráis inniúla cinneadh a dhéanamh nósanna imeachta a dhúnadh maidir le tuairiscí atriallacha nach bhfuil aon fhaisnéis fhónta nua faoi sháruithe iontu i gcomparáid le tuairisc roimhe sin ar tugadh na nósanna imeachta ábhartha chun críche ina leith, mura rud é go bhfuil bonn cirt le bearta leantacha eile mar thoradh ar imthosca nua dlíthiúla nó fíorasacha. I gcás den sórt sin, cuirfidh na húdaráis inniúla a gcinneadh agus na cúiseanna a bhí leis in iúl don duine tuairiscithe.

5.   Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh, i gcás insreabhadh ard tuairiscí, go bhféadfaidh údaráis inniúla déileáil le tuairiscí faoi sháruithe tromchúiseacha nó le sáruithe ar fhorálacha éigeantacha a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo mar ábhar tosaíochta, gan dochar don tréimhse ama a leagtar amach i bpointe (d) de mhír 2.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh aon údarás a fuair tuairisc ach nach bhfuil an inniúlacht aige aghaidh a thabhairt ar an sárú a tuairiscíodh, go ndéanfaidh sé í a tharchur chuig an údarás inniúil, laistigh de thréimhse réasúnta ama, ar bhealach slán, agus an duine tuairiscithe a chur ar an eolas, gan mhoill, i leith an tarchurtha sin.

Airteagal 12

Ceapadh bealaí tuairiscithe seachtracha

1.   Measfar bealaí tuairiscithe seachtracha a bheith neamhspleách agus uathrialach, má chomhlíonann siad na critéir go léir a leanas:

(a)

déantar iad a cheapadh, a chur ar bun agus a oibriú ar bhealach a áirithíonn iomláine, ionracas agus rúndacht na faisnéise agus a choisceann rochtain ar an bhfaisnéis ag comhaltaí foirne neamhúdaraithe an údaráis inniúil;

(b)

fágann siad gur féidir faisnéis a stóráil go buan i gcomhréir le hAirteagal 18 sa dóigh agus go bhféadfaí tuilleadh imscrúduithe a dhéanamh.

2.   Leis na bealaí tuairiscithe seachtracha, beifear in ann tuairisciú i scríbhinn agus ó bhéal a dhéanamh. Beifear in ann tuairisciú ó bhéal a dhéanamh trí theileafón nó trí chórais eile teachtaireachtaí gutha agus, arna iarraidh don duine tuairiscithe, trí bhíthin cruinniú aghaidh ar aghaidh laistigh de thréimhse ama réasúnach.

3.   Áiritheoidh na húdaráis inniúla, i gcás ina bhfaighfear tuairisc trí bhealaí seachas na bealaí tuairiscithe dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 nó i gcás ina bhfaighidh comhaltaí foirne, seachas na comhaltaí foirne atá freagrach as tuairiscí a láimhseáil, tuairisc, go gcuirfear cosc ar na comhaltaí foirne a fuair í aon fhaisnéis a nochtadh a d’fhéadfadh céannacht an duine tuairiscithe nó an duine lena mbaineann a thabhairt le fios, agus go gcuiridh siad an tuairisc ar aghaidh go pras gan mhodhnú chuig na comhaltaí foirne atá freagrach as tuairiscí a láimhseáil.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go n-ainmneoidh údaráis inniúla comhaltaí foirne a bheidh freagrach as tuairiscí a láimhseáil, agus go háirithe i ndáil leis an méid a leanas:

(a)

faisnéis a sholáthar d’aon duine leasmhar faoi na nósanna imeachta tuairiscithe;

(b)

tuairiscí a ghlacadh agus bearta leantacha a dhéanamh ina leith;

(c)

teagmháil leis an duine tuairiscithe a chothabháil chun críche aiseolas a sholáthar agus tuilleadh faisnéise a iarraidh más gá.

5.   Gheobhaidh na comhaltaí foirne dá dtagraítear i mír 4 sainoiliúint chun críocha tuairiscí a láimhseáil.

Airteagal 13

Faisnéis maidir le tuairiscí a fháil agus maidir le bearta leantacha i leith na dtuairiscí

Áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseoidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis a leanas, ar a laghad, ar a láithreán ghréasáin, i rannán ar leithligh atá inaitheanta agus inrochtana go héasca:

(a)

na coinníollacha faoinar féidir cáiliú le haghaidh cosaint faoin Treoir seo;

(b)

na sonraí teagmhála do na bealaí tuairiscithe seachtracha dá bhforáiltear faoi Airteagal 12, go háirithe na seoltaí leictreonacha agus poist, agus na huimhreacha teileafóin le haghaidh bealaí den sórt sin, á chur in iúl cibé acu atá na comhráite teileafóin ar taifead;

(c)

na nósanna imeachta is infheidhme maidir le sáruithe a thuairisciú, lena n-áirítear an modh a bhféadfaidh an t-údarás inniúil iarraidh ar an duine tuairiscithe an fhaisnéis arna tuairisciú a shoiléiriú nó faisnéis bhreise a sholáthar, an tréimhse ama chun aiseolas a sholáthar don duine tuairiscithe agus cineál agus ábhar aiseolais den sórt sin;

(d)

an córas rúndachta is infheidhme maidir le tuairiscí, agus go háirithe an fhaisnéis maidir le próiseáil sonraí pearsanta i gcomhréir le hAirteagal 17 den Treoir seo agus Airteagail 5 agus 13 de Rialachán (AE) 2016/679, Airteagal 13 de Threoir (AE) 2016/680 agus Airteagal 15 de Rialachán (AE) 2018/1725, de réir mar is infheidhme;

(e)

cineál na mbeart leantach atá le déanamh ar na tuairiscí;

(f)

na leigheasanna agus na nósanna imeachta maidir le cosaint i gcoinne frithbhirt agus infhaighteacht comhairle rúnda do dhaoine atá ag smaoineamh ar thuairisciú;

(g)

ráiteas ina míneofar go soiléir na coinníollacha faoina bhfuil daoine a thuairiscíonn don údarás inniúil cosanta ó dhliteanas a thabhú de bharr sárú ar rúndacht de bhun Airteagal 21(2); agus

(h)

sonraí teagmhála an larionaid faisnéise nó an údaráis riaracháin neamhspleách aonair dá bhforáiltear in Airteagal 20(3), i gcás inarb infheidhme.

Airteagal 14

Athbhreithniú ar na nósanna imeachta ag údaráis inniúla

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh údaráis inniúla athbhreithniú rialta ar a nósanna imeachta maidir le tuairiscí a fháil, agus bearta leantacha ina leith, agus uair amháin gach 3 bliana ar a laghad. Le linn athbhreithniú a dhéanamh ar na nósanna imeachta sin, cuirfidh údaráis inniúla a dtaithí féin agus taithí údarás inniúil eile san áireamh agus déanfaidh siad a nósanna imeachta a oiriúnú dá réir.

CAIBIDIL IV

NOCHTADH POIBLÍ

Airteagal 15

Nochtadh poiblí

1.   Beidh duine a dhéanann nochtadh poiblí incháilithe le haghaidh cosanta faoin Treoir seo má chomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

gur thuairiscigh an duine den chéad uair go hinmheánach agus go seachtrach, nó go díreach go seachtrach i gcomhréir le Caibidlí II agus III, ach nach ndearnadh aon ghníomhaíocht iomchuí mar fhreagra ar an tuairisc laistigh den tréimhse ama dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 9(1) nó i bpointe (d) d’Airteagal 11(2); nó

(b)

go bhfuil forais réasúnacha ag an duine chun a chreidiúint:

(i)

go bhféadfadh an sárú a bheith ina gharchontúirt nó ina chontúirt fhollasach do leas an phobail, amhail i gcás staid éigeandála nó riosca go ndéanfar damáiste do-aisiompaithe; nó

(ii)

i gcás tuairisciú seachtrach, baol an fhrithbhirt ann nó gur beag seans go dtabharfar aghaidh go héifeachtach ar an sárú, de bharr imthosca sonracha an cháis, mar shampla i gcásanna ina bhféadfaí fianaise a cheilt nó a scriosadh nó i gcás ina bhfuil údarás i gclaonpháirteachas le déantóir an tsáraithe nó go bhfuil baint ag an údarás leis an sárú.

2.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le cásanna ina nochtann duine faisnéis go díreach don phreas de bhun forálacha náisiúnta sonracha lena mbunaítear córas cosanta a bhaineann le saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil.

CAIBIDIL V

FORÁLACHA IS INFHEIDHME MAIDIR LE TUAIRISCIÚ INMHEÁNACH AGUS SEACHTRACH

Airteagal 16

Dualgas rúndachta

1.   Áiritheoidh na Ballstáit nach nochtfar céannacht an duine tuairiscithe, gan toiliú sainráite an duine sin, do dhuine ar bith seachas na comhaltaí foirne údaraithe a bheidh inniúil chun tuairiscí a fháil nó chun bearta leantach a dhéanamh ina leith. Beidh feidhm aige sin freisin maidir le haon fhaisnéis eile ónar féidir céannacht an duine tuairiscithe a oibriú amach go díreach nó go hindíreach.

2.   De mhaolú ar mhír 1, ní fhéadfar céannacht an duine tuairiscithe agus aon fhaisnéise eile dá dtagraítear i mír 1 a nochtadh ach amháin i gcás inar oibleagáid riachtanach chomhréireach é sin a fhorchuirtear le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta i gcomhthéacs imscrúduithe a dhéanfaidh údaráis náisiúnta nó imeachtaí breithiúnacha, lena n-áirítear d’fhonn cearta cosanta na ndaoine lena mbaineann a choimirciú.

3.   Beidh nochtadh a dhéantar de bhun an mhaolaithe dá bhforáiltear i mír 2 faoi réir coimircí iomchuí faoi rialacha an Aontais is infheidhme agus faoi na rialacha náisiúnta is infheidhme. Go háirithe, cuirfear daoine tuairiscithe ar an eolas sula nochtfar a gcéannacht, ach amháin dá gcuirfeadh an fhaisnéis sin na himscrúduithe gaolmhara nó na himeachtaí breithiúnacha gaolmhara i mbaol. Nuair a bheidh na daoine tuairiscithe á gcur ar an eolas, seolfaidh an t-údarás inniúil míniú i scríbhinn chucu faoi na cúiseanna a bhí leis na sonraí rúnda lena mbaineann a nochtadh.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfaidh na húdaráis inniúla a fhaigheann faisnéis faoi sháruithe, ina bhfuil rúin trádála, na rúin trádála sin a úsáid nó a nochtadh chun críocha thar a bhfuil riachtanach chun bearta leantacha cuí a dhéanamh.

Airteagal 17

Sonraí pearsanta a phróiseáil

Déanfar aon phróiseáil sonraí pearsanta de bhun na Treorach seo, lena n-áirítear malartú nó tarchur sonraí pearsanta ag na húdaráis inniúla, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 agus Treoir (AE) 2016/680. Aon mhalartú nó tarchur faisnéise a dhéanfaidh institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais, déanfar i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 é.

Ní bhaileofar sonraí pearsanta ar ríshoiléir nach ábhartha iad chun tuairisc shuntasach a láimhseáil, nó, má dhéantar iad a bhailiú trí thimpiste, scriosfar gan moill mhíchuí iad.

Airteagal 18

Coimeád taifead ar na tuairiscí

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcoinneoidh eintitis dhlíthiúla san earnáil phríobháideach agus phoiblí agus údaráis inniúla taifid de gach tuairisc a fhaightear, i gcomhréir leis na ceanglais rúndachta dá bhforáiltear in Airteagal 16. Déanfar tuairiscí a stóráil ar feadh tréimhse nach faide ná mar is gá agus is comhréireach chun na ceanglais a fhorchuirtear leis an Treoir seo, nó ceanglais eile a fhorchuirtear le dlí na Aontais nó leis an dlí náisiúnta, a chomhlíonadh.

2.   I gcás ina n-úsáidtear líne theileafóin taifeadta nó córas eile teachtaireachtaí gutha taifeadta le haghaidh tuairiscithe, faoi réir thoiliú an duine tuairiscithe, beidh sé de cheart ag eintitis dhlíthiúla san earnáil phríobháideach agus phoiblí agus údaráis inniúla an tuairisciú ó bhéal a dhoiciméadú ar cheann de na bealaí seo a leanas:

(a)

trí thaifeadadh a dhéanamh ar an gcomhrá i bhfoirm mharthanach agus in-aisghafa; nó

(b)

trí thras-scríbhinn iomlán chruinn den chomhrá arna hullmhú ag na comhaltaí foirne atá freagrach as an tuairisc a láimhseáil.

Tabharfaidh eintitis dhlíthiúla san earnáil phríobháideach agus phoiblí agus údaráis inniúla an deis don duine tuairiscithe an tras-scríbhinn den ghlaoch a sheiceáil, a cheartú agus a aontú trína síniú.

3.   I gcás ina n-úsáidtear líne theileafóin neamhthaifeadta nó córas eile teachtaireachtaí gutha neamhthaifeadta le haghaidh tuairiscithe, beidh sé de cheart ag eintitis dhlíthiúla san earnáil phríobháideach agus phoiblí agus údaráis inniúla an tuairisciú ó bhéal a dhoiciméadú i bhfoirm miontuairiscí beachta an chomhrá arna scríobh ag na comhaltaí foirne atá freagrach as an tuairisc a láimhseáil. Tabharfaidh eintitis dhlíthiúla san earnáil phríobháideach agus phoiblí agus údaráis inniúla an deis don duine tuairiscithe na miontuairiscí den chomhrá a sheiceáil, a cheartú agus a chomhaontú trína síniú.

4.   I gcás ina n-iarrfaidh duine cruinniú le comhaltaí foirne na n-eintiteas dlíthiúil san earnáil phríobháideach agus phoiblí nó na n-údarás inniúil chun críoch tuairiscithe de bhun Airteagail 9(2) agus 12(2), áiritheoidh eintitis dhlíthiúla san earnáil phríobháideach agus phoiblí agus údaráis inniúla, faoi réir thoiliú an duine tuairiscithe, go gcoimeádfar taifid iomlána agus bheachta an chruinnithe i bhfoirm mharthanach agus in-aisghafa.

Beidh sé de cheart ag eintitis dhlíthiúla san earnáil phríobháideach agus phoiblí agus ag údaráis inniúla taifid an chruinnithe a dhoiciméadú ar cheann de na bealaí seo a leanas:

(a)

trí thaifeadadh a dhéanamh ar an gcomhrá i bhfoirm mharthanach agus in-aisghafa; nó

(b)

trí mhiontuairiscí beachta ar an gcruinniú arna n-ullmhú ag comhaltaí foirne atá freagrach as an tuairisc a láimhseáil.

Tabharfaidh eintitis dhlíthiúla san earnáil phríobháideach agus phoiblí agus údaráis inniúla an fhéidearthacht don duine tuairiscithe miontuairiscí an chruinnithe a sheiceáil, a cheartú agus a chomhaontú trína síniú.

CAIBIDIL VI

BEARTA COSANTA

Airteagal 19

Toirmeasc ar fhrithbheart

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun gach cineál frithbhirt i gcoinne na ndaoine dá dtagraítear in Airteagal 4 a thoirmeasc, lena n-áirítear bagairtí frithbhirt agus iarrachtaí ar fhrithbheart lena n-áirítear go háirithe na cineálacha frithbhirt seo a leanas:

(a)

fionraí, leagan as, dífhostú nó bearta comhionanna;

(b)

ísliú céime, nó ardú céime a choimeád siar;

(c)

dualgais a aistriú, suíomh áite oibre a athrú, laghdú ar phá, uaireanta oibre a athrú;

(d)

oiliúint a choimeád siar;

(e)

measúnú diúltach maidir le feidhmíocht nó teistiméireacht dhiúltach fostaíochta;

(f)

aon bheart araíonachta, iomardú nó pionós eile a fhorchur nó a riar, lena n-áirítear pionós airgeadais;

(g)

comhéigean, imeaglú, ciapadh nó dúdhiúltú;

(h)

idirdhealú, cóir mhíbhuntáisteach nó éagórach;

(i)

mainneachtain conradh fostaíochta sealadach a aistriú ina cheann buan, i gcás ina raibh ionchais dhlisteanacha ag an oibrí go dtairgfí fostaíocht bhuan dó nó di;

(j)

mainneachtain conradh fostaíochta sealadach a athnuachan nó é a fhoirceannadh go luath;

(k)

damáiste, lena n-áirítear damáiste do chlú an duine, go háirithe ar na meáin shóisialta, nó caillteanas airgeadais, lena n-áirítear caillteanas gnó agus caillteanas ioncaim;

(l)

dúliostáil ar bhonn comhaontú neamhfhoirmiúil nó foirmiúil ar fud na hearnála nó an tionscail, a d’fhéadfadh a fhágáil nach bhfaighidh an duine fostaíocht san earnáil nó sa tionscal amach anseo;

(m)

foirceannadh luath nó cealú conartha le haghaidh earraí nó seirbhísí;

(n)

ceadúnas nó cead a chealú;

(o)

atreorú síciatrach nó leighis.

Airteagal 20

Bearta tacaíochta

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag na daoine sin dá dtagraítear in Airteagal 4, de réir mar is iomchuí, ar bhearta tacaíochta, agus go háirithe an méid seo a leanas:

(a)

faisnéis agus comhairle atá cuimsitheach agus neamhspleách, inrochtana go héasca don phobal agus saor in aisce, maidir le nósanna imeachta agus leigheasanna atá ar fáil, maidir le cosaint i gcoinne frithbhirt, agus maidir le cearta an duine lena mbaineann;

(b)

cúnamh éifeachtach ó na húdaráis inniúla roimh aon údarás iomchuí a bhfuil baint acu lena gcosaint i gcoinne frithbhirt, lena n-áirítear, i gcás ina bhforáiltear maidir leis sin faoin dlí náisiúnta, deimhniú go bhfuil siad incháilithe le haghaidh cosanta faoin Treoir seo; agus

(c)

cúnamh dlíthiúil in imeachtaí coiriúla agus in imeachtaí sibhialta trasteorann, i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/1919 agus Treoir 2008/52/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (48), agus, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, cúnamh dlíthiúil in imeachtaí breise agus comhairleoireacht dhlíthiúil nó cúnamh dlíthiúil eile.

2.   Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh do chúnamh airgeadais agus do bhearta tacaíochta, lena n_áirítear tacaíocht shíceolaíoch, do dhaoine tuairiscithe faoi chuimsiú imeachtaí dlíthiúla.

3.   Féadfaidh lárionad faisnéise nó aon údarás riaracháin neamhspleách amháin agus é sainaitheanta go soiléir, na bearta tacaíochta dá dtagraítear san Airteagal seo, a sholáthar, de réir mar is iomchuí.

Airteagal 21

Bearta le haghaidh cosaint i gcoinne frithbhirt

1.   Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfar daoine dá dtagraítear in Airteagal 4 a chosaint i gcoinne frithbhirt. Áireofar ar na bearta sin, go háirithe, na cinn a leagtar amach i míreanna 2 go 8 den Airteagal seo.

2.   Gan dochar d’Airteagal 3(2) agus (3), i gcás ina dtuairiscíonn daoine faisnéis faoi sháruithe nó ina ndéanann siad nochtadh poiblí i gcomhréir leis an Treoir seo, ní mheasfar iad a bheith ag sárú aon sriain maidir le faisnéis a nochtadh agus ní thabhóidh siad dliteanas de chineál ar bith maidir leis an tuairisciú nó an nochtadh poiblí sin a dhéanamh ar choinníoll go raibh forais réasúnacha acu chun a chreidiúint go raibh gá le tuairisciú nó nochtadh poiblí den sórt seo a dhéanamh d’fhonn sárú a nochtadh de bhun na Treorach seo.

3.   Ní thabhóidh daoine tuairiscithe dliteanas maidir le fáil nó rochtain a bheith acu ar an bhfaisnéis a thuairiscítear nó a nochtar go poiblí, ar choinníoll nár chion coiriúil ann féin a bhí san fháil nó sa rochtain sin. I gcás gurb é atá san fháil nó sa rochtain cion coiriúil ann féin, beidh dliteanas coiriúil á rialú de réir an dlí náisiúnta is infheidhme.

4.   I dtaca le haon dliteanas eile a bheith ar dhaoine tuairiscithe, a eascraíonn as gníomhartha nó neamhghníomhartha nach mbaineann leis an tuairisciú ná leis na nochtadh poiblí nó nach bhfuil gá leo chun sárú a nochtadh de bhun na Treorach seo, beidh an dliteanas sin fós á rialú de réir dhlí an Aontais is infheidhme nó an dlí náisiúnta is infheidhme.

5.   In imeachtaí os comhair cúirte nó údarás eile a bhaineann le díobháil a bhain don duine tuairiscithe, agus faoi réir don duine sin a shuíomh gur thuairiscigh sé nó sí nó go ndearna sé nó sí nochtadh poiblí agus gur bhain díobháil dó nó di dá réir, toimhdeofar go ndearnadh an díobháil mar fhrithbheart as an tuairisc nó as an nochtadh poiblí. I gcásanna den sórt sin, is faoin duine a rinne an frithbheart díobhálach a bheidh sé a chruthú go raibh an beart sin bunaithe ar fhorais a raibh údar cuí leo.

6.   Beidh rochtain ag daoine dá dtagraítear in Airteagal 4 ar bhearta feabhais i gcoinne frithbhirt, de réir mar is iomchuí, lena n-áirítear faoiseamh eatramhach go dtí go ndéanfar imeachtaí dlí a réiteach, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

7.   In imeachtaí dlíthiúla, lena n-áirítear maidir le clúmhilleadh, sárú ar chóipcheart, sárú ar rúndacht, sárú ar rialacha cosanta sonraí, rúin trádála a nochtadh, nó éilimh ar chúiteamh bunaithe ar an dlí príobháideach, an dlí poiblí, nó dlí an tsaothair chomhchoitinn, ní thabhóidh daoine dá dtagraítear in Airteagal 4 dliteanas de chineál ar bith mar thoradh ar na tuairiscithe nó ar an nochtadh poiblí faoin Treoir seo. Beidh sé de cheart ag na daoine sin dul i muinín an tuairiscithe nó an nochtadh poiblí sin chun díbhe an cháis a lorg, ar choinníoll go raibh forais réasúnacha acu chun a chreidiúint go raibh gá leis an tuairisciú nó an nochtadh poiblí sin a dhéanamh chun sárú, de bhun na Treorach, seo a nochtadh.

I gcás ina ndéanann duine faisnéis faoi sháruithe, a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo, a thuairisciú nó a nochtadh go poiblí, agus ina n-áirítear leis an bhfaisnéis sin rúin trádála, agus i gcás ina gcomhlíonann an duine sin coinníollacha na Treorach seo, measfar tuairisciú nó nochtadh poiblí den sórt seo a bheith dleathach faoi choinníollacha Airteagal 3(2) de Threoir (AE) 2016/943.

8.   Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go soláthrófar leigheasanna agus cúiteamh iomlán as damáiste a rinneadh do na daoine dá dtagraítear in Airteagal 4 i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

Airteagal 22

Bearta chun daoine lena mbaineann a chosaint

1.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an gCairt, go mbeidh an ceart iomlán ag na daoine lena mbaineann leigheas éifeachtach a fháil agus triail chothrom a fháil, chomh maith le toimhde na neamhchiontachta agus cearta cosanta, lena n-áirítear an ceart chun éisteacht a fháil agus an ceart chun rochtain a fháil ar a gcomhad.

2.   Áiritheoidh na húdaráis inniúla, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, go gcosnófar céannacht na ndaoine lena mbaineann fad a bhíonn aon imscrúduithe a chuirtear ar bun mar gheall ar an tuairisciú nó ar an nochtadh poiblí ar siúl.

3.   Beidh feidhm freisin ag na rialacha i dtaca le cosaint chéannacht na ndaoine tuairiscithe a leagtar amach in Airteagail 12, 17 agus 18 maidir le cosaint chéannacht na ndaoine lena mbaineann.

Airteagal 23

Pionóis

1.   Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha is infheidhme maidir le daoine nádúrtha nó dlítheanacha a dhéanann an méid a leanas:

(a)

bac a chur ar thuairisciú nó a dhéanann iarracht bac a chur ar thuairisciú;

(b)

frithbheart i gcoinne daoine dá dtagraítear in Airteagal 4;

(c)

a thugann imeachtaí cráiteacha i gcoinne daoine dá dtagraítear in Airteagal 4;

(d)

an dualgas a shárú maidir le rúndacht chéannacht daoine tuairiscithe a choinneáil dá dtagraítear in Airteagal 16.

2.   Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha is infheidhme maidir le daoine tuairiscithe, i gcás ina suitear go ndearna siad faisnéis bhréagach a thuairisciú nó a nochtadh go poiblí go feasach. Ina theannta sin, déanfaidh na Ballstáit foráil do bhearta chun cúiteamh a thabhairt as damáiste a eascraíonn as tuairisciú nó nochtadh poiblí den sórt sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

Airteagal 24

Neamh-tharscaoileadh ceart agus leigheasanna

Áiritheoidh na Ballstáit nach féidir na cearta agus na leigheasanna dá bhforáiltear faoin Treoir seo a tharscaoileadh ná a theorannú faoi aon chomhaontú, beartas, foirm ná coinníoll fostaíochta, lena n-áirítear comhaontú eadrána réamhdhíospóide.

CAIBIDIL VII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 25

Cóir níos fabhraí agus clásal neamh-chúlchéimnithe

1.   Féadfaidh na Ballstáit forálacha a thabhairt isteach nó a choinneáil atá níos fabhraí do chearta na ndaoine tuairiscithe seachas iad siúd a leagtar amach sa Treoir seo, gan dochar d’Airteagal 22 agus d’Airteagal 23(2).

2.   Ní bheidh cur chun feidhme na Treorach seo in imthosca ar bith ina fhoras chun laghdú a dhéanamh ar an leibhéal cosanta a thugann na Ballstáit cheana féin sna réimsí a chumhdaítear faoin Treoir seo.

Airteagal 26

Trasuí agus idirthréimhse

1.   Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 17 Nollaig 2021.

2.   De mhaolú ar mhír 1, maidir le heintitis dhlíthiúla san earnáil phríobháideach ag a bhfuil 50 oibrí go 249 n-oibrí, déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun go gcomhlíonfar an oibleagáid bealaí tuairiscithe inmheánacha a bhunú faoi Airteagal 8(3) a thabhairt i bhfeidhm faoin 17 Nollaig 2023.

3.   Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, beidh tagairt sna forálacha sin don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Airteagal 27

Tuairisciú, meastóireacht agus athbhreithniú

1.   Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis ábhartha uile ar fáil don Choimisiún maidir le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm na Treorach seo. Ar bhonn na faisnéise arna soláthar, ag. Déanfaidh an Coimisiún, faoin 17 Nollaig 2023, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm na Treorach seo.

2.   Gan dochar d’oibleagáidí tuairiscithe a leagtar síos i ngníomhartha dlí eile an Aontais, déanfaidh na Ballstáit, ar bhonn bliantúil, an staidreamh a leanas a thíolacadh don Choimisiún maidir leis na tuairiscí dá dtagraítear i gCaibidil III, i bhfoirm chomhiomlánaithe, más féidir, má tá siad ar fáil ar leibhéal lárnach sa Bhallstát lena mbaineann:

(a)

líon na dtuairiscí a fuair na húdaráis inniúla;

(b)

líon na n-imscrúduithe agus na n-imeachtaí a tionscnaíodh de thoradh na dtuairiscí sin agus an toradh a d’eascair astu; agus

(c)

má fionnadh é, an damáiste airgeadais measta, agus na suimeanna a aisghabhadh tar éis imscrúduithe agus imeachtaí, a bhaineann leis na sáruithe a tuairiscíodh.

3.   Déanfaidh an Coimisiún, faoin 17 Nollaig 2025, agus an tuarascáil arna tíolacadh aige de bhun mhír 1 agus staidreamh na mBallstát a tíolacadh de bhun mhír 2 á gcur san áireamh, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar measúnú ar thionchar an dlí náisiúnta lena ndéantar trasuí ar an Treoir seo. Déanfar meastóireacht sa tuarascáil ar an mbealach a d’fheidhmigh an Treoir seo agus measfaidh sé an gá atá le bearta breise, lena n-áirítear, nuair is iomchuí, leasuithe d’fhonn raon feidhme na Treorach seo a leathnú chuig réimsí nó gníomhartha breise Aontais, go háirithe an timpeallacht oibre a fheabhsú chun sláinte agus sábháilteacht agus dálaí oibre oibrithe a chosaint.

Anuas ar an meastóireacht dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfar meastóireacht sa tuarascáil ar an úsáid a bhain na Ballstáit as na sásraí comhair atá ann faoi láthair, mar chuid dá n-oibleagáidí obair leantach a dhéanamh ar na tuairiscí maidir le sáruithe a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo agus ar bhonn níos leithne, déanfar meastóireacht sa tuarascáil, ar cé mar a dhéanfaidh siad comhoibriú le chéile i gcás sáruithe a mbaineann gné thrasteorann leo.

4.   Cuirfidh an Coimisiún na tuarascálacha sin, dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3, ar fáil don phobal ar bhealach sorochtana.

Airteagal 28

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 29

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 23 Deireadh Fómhair 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

T. TUPPURAINEN


(1)  IO C 405, 9.11.2018, lch. 1.

(2)  IO C 62, 15.2.2019, lch. 155.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2019.

(4)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht na n-institiúidí creidmheasa agus ar mhaoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1).

(7)  Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Nollaig 2001 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí (IO L 11, 15.1.2002, lch. 4).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le tarluithe san eitlíocht shibhialta a thuairisciú, leis an anailís a dhéantar orthu agus leis na bearta leantacha a dhéantar ina leith, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1321/2007 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 1330/2007 ón gCoimisiún (IO L 122, 24.4.2014, lch. 18).

(9)  Treoir 2013/54/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le freagrachtaí áirithe na mbratstát maidir le comhlíonadh agus forfheidhmiú an Choinbhinsiúin Oibreachais Mhuirí, 2006 (IO L 329, 10.12.2013, lch. 1).

(10)  Treoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialú ag Stát an chalafoirt (IO L 131, 28.5.2009, lch. 57).

(11)  Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le sábháilteacht oibríochtaí ola agus gáis amach ón gcósta agus lena leasaítear Treoir 2004/35/CE (IO L 178, 28.6.2013, lch. 66).

(12)  Treoir 2009/71/Euratom ón gComhairle an 25 Meitheamh 2009 lena mbunaítear creat Comhphobail maidir le sábháilteacht núicléach na suiteálacha núicléacha (IO L 172, 2.7.2009, lch. 18).

(13)  Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1).

(14)  Rialachán (AE) Uimh. 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (IO L 84, 31.3.2016, lch. 1).

(15)  Treoir 98/58/CE ón gComhairle an 20 Iúil 1998 maidir le cosaint ainmhithe a choinnítear le haghaidh feirmeoireachta (IO L 221, 8.8.1998, lch. 23).

(16)  Treoir 2010/63/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2010 maidir le cosaint ainmhithe a úsáidtear chun críocha eolaíocha (IO L 276, 20.10.2010, lch. 33).

(17)  Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 ón gComhairle an 22 Nollaig 2004 maidir le cosaint ainmhithe le linn iompair agus oibríochtaí gaolmhara agus lena leasaítear Treoracha 64/432/CEE agus 93/119/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1255/97 (IO L 3, 5.1.2005, lch. 1).

(18)  Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2009 maidir le hainmhithe a chosaint tráth an mharaithe (IO L 303, 18.11.2009, lch. 1).

(19)  Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal coiteann slándála do ghréasáin agus do chórais faisnéise ar fud an Aontais (IO L 194, 19.7.2016, lch. 1).

(20)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).

(21)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(22)  Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).

(23)  IO C 316, 27.11.1995, lch. 49.

(24)  IO C 313, 23.10.1996, lch. 2.

(25)  IO C 151, 20.5.1997, lch. 2.

(26)  IO C 221, 19.7.1997, lch. 2.

(27)  Rialachán (CE) Uimh. 773/2004 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2004 maidir le himeachtaí a bheith á seoladh ag an gCoimisiún de bhun Airteagail 81 agus 82 de Chonradh CE (IO L 123, 27.4.2004, lch. 18).

(28)  Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid mhargaidh (an rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoracha 2003/124/CE, 2003/125/CE agus 2004/72/CE ón gCoimisiún (IO L 173, 12.6.2014, lch. 1).

(29)  Treoir Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2392 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2015 maidir le Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tuairisciú d’údaráis inniúla maidir le sáruithe iarbhír nó féideartha ar an Rialachán sin (IO L 332, 18.12.2015, lch. 126).

(30)  Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2014 maidir le doiciméid um fhaisnéis bhunriachtanach do tháirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) (IO L 352, 9.12.2014, lch. 1).

(31)  Treoir 89/391/CEE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1989 maidir le bearta a thabhairt isteach chun feabhsuithe ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe ag an obair a spreagadh (IO L 183, 29.6.1989, lch. 1).

(32)  IO L 56, 4.3.1968, lch. 1

(33)  Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2013 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint (IO L 274, 15.10.2013, lch. 1).

(34)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe de chuid an Aontais a chosaint (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53).

(35)  Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur chun feidhme na rialacha iomaíochta a leagtar síos in Airteagail 81 agus 82 den Chonradh (IO L 1, 4.1.2003, lch. 1).

(36)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1918 ón gCoimisiún an 22 Deireadh Fómhair 2015 lena mbunaítear an Córas um Chúnamh agus Comhar Riaracháin (“córas AAC”) de bhun Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feidhmiú rialuithe oifigiúla chun comhlíonadh dlí beatha agus bia, rialacha sláinte ainmhithe agus leasa ainmhithe a áirithiú (IO L 280, 24.10.2015, lch. 31).

(37)  Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le feidhmiú rialuithe oifigiúla chun comhlíonadh dlí beatha agus bia, rialacha sláinte ainmhithe agus leasa ainmhithe a áirithiú (IO L 165, 30.4.2004, lch. 1).

(38)  Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1).

(39)  Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú (an Rialachán maidir le comhar ar mhaithe le cosaint tomhaltóirí) (IO L 364, 9.12.2004, lch. 1).

(40)  Cinneadh ón gCoimisiún an 18 Eanáir 2018 lena gcuirtear ar bun grúpa saineolaithe maidir le comhlíonadh agus rialachas comhshaoil (IO C 19, 19.1.2018, lch. 3).

(41)  Treoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena n-aisghairtear Treoir 77/799/CEE (IO L 64, 11.3.2011, lch. 1).

(42)  Treoir 2012/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir leis an gceart i gcomhair faisnéise in imeachtaí coiriúla (IO L 142, 1.6.2012, lch. 1).

(43)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(44)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).

(45)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(46)  Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le fios gnó agus faisnéis neamhnochta (rúin trádála) a chosaint i gcoinne iad a fháil, a úsáid agus a nochtadh go neamhdhleathach (IO L 157, 15.6.2016, lch. 1).

(47)  Treoir (AE) 2016/1919 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le cúnamh dlí do dhaoine atá faoi dhrochamhras agus daoine cúisithe in imeachtaí coiriúla agus do dhaoine iarrtha in imeachtaí um barántas gabhála Eorpach (IO L 297 4.11.2016, lch. 1).

(48)  Treoir 2008/52/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2008 maidir le gnéithe áirithe d’idirghabháil in ábhair shibhialta agus thráchtála (IO L 136, 24.5.2008, lch. 3).


IARSCRÍBHINN

Cuid I

A.   Pointe (a)(i) d’Airteagal 2(1) — soláthar poiblí:

1.

Rialacha nós imeachta maidir le soláthar poiblí agus lamháltais a bhronnadh, conarthaí a dhámhachtain i réimsí na cosanta agus na slándála, agus conarthaí a dhámhachtain i dtaca le heintitis a oibríonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus aon chonradh eile, mar a leagtar amach sna gníomhartha seo a leanas:

(i)

Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain (IO L 94, 28.3.2014, lch. 1);

(ii)

Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65);

(iii)

Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar ag eintitis atá ag feidhmiú sna hearnálacha uisce, fuinnimh, iompair agus seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243);

(iv)

Treoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí áirithe oibreacha, conarthaí soláthair agus conarthaí seirbhíse ag údaráis chonarthacha nó ag eintitis i réimsí na cosanta agus na slándála, agus lena leasaítear Treoracha 2004/17/CE agus 2004/18/CE (IO L 216, 20.8.2009, lch. 76).

2.

Nósanna imeachta athbhreithnithe arna rialú ag na gníomhartha seo a leanas:

(i)

Treoir 92/13/CEE ón gComhairle an 25 Feabhra 1992 lena ndéantar comhordú ar na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin a bhaineann le rialacha an Chomhphobail a chur i bhfeidhm maidir le nósanna imeachta soláthair de chuid eintiteas a fheidhmíonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na teileachumarsáide (IO L 76, 23.3.1992, lch. 14);

(ii)

Treoir 89/665/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1989 maidir le comhordú na bhforálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin a bhaineann le feidhmiú nósanna imeachta athbhreithnithe chun conarthaí soláthair phoiblí agus oibreacha poiblí a dhámhachtain (IO L 395, 30.12.1989, lch. 33).

B.   Pointe (a)(ii) d’Airteagal 2(1) —seirbhísí airgeadais, táirgí agus margaí agus cosc ar sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta:

Rialacha lena mbunaítear creat rialála agus maoirseachta agus cosaint tomhaltóirí agus infheisteoirí i seirbhísí airgeadais agus i margaí caipitil an Aontais, baincéireacht, creidmheas, infheistíocht, árachas agus athárachas, táirgí pinsin cheirde nó phearsanta, urrúis, cistí infheistíochta, seirbhísí íocaíochta agus na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338), mar a leagtar amach sna gníomhartha seo a leanas:

(i)

Treoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí airgid leictreonaigh agus leanúint den ghnó sin agus maoirseoireacht stuamachta a dhéanamh air lena leasaítear Treoir 2005/60/CE agus Treoir 2006/48/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/46/CE (IO L 267, 10.10.2009, lch. 7);

(ii)

Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoir 2003/41/CE agus Treoir 2009/65/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009 agus (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1);

(iii)

Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 maidir le díol folamh agus gnéithe áirithe de bhabhtálacha mainneachtana creidmheasa (IO L 86, 24.3.2012, lch. 1);

(iv)

Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le cistí caipitil fiontair Eorpacha (IO L 115, 25.4.2013, lch. 1);

(v)

Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le cistí fiontraíochta sóisialta Eorpacha (IO L 115, 25.4.2013, lch. 18);

(vi)

Treoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí a bhaineann le maoin chónaithe dhochorraithe agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 60, 28.2.2014, lch. 34);

(vii)

Rialachán (AE) Uimh. 537/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le ceanglais shonracha a bhaineann le hiniúchóireacht reachtúil ar eintitis leasa phoiblí agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2005/909/CE ón gCoimisiún (IO L 158, 27.5.2014, lch. 77);

(viii)

Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84);

(ix)

Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoracha 2002/65/CE, 2009/110/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35);

(x)

Treoir 2004/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le tairiscintí táthcheangail (IO L 142, 30.4.2004, lch. 12);

(xi)

Treoir 2007/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir le cearta áirithe scairshealbhóirí i gcuideachtaí liostaithe a fheidhmiú (IO L 184, 14.7.2007, lch. 17);

(xii)

Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis i dtaobh eisitheoirí a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialaithe agus lena leasaítear Treoir 2001/34/CE (IO L 390, 31.12.2004, lch. 38);

(xiii)

Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1);

(xiv)

Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais, nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2014/17/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 (IO L 171, 29.6.2016, lch. 1);

(xv)

Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó an Árachais agus an Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Sócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1);

(xvi)

Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat le haghaidh institiúidí creidmheasa agus comhlachtaí infheistíochta a théarnamh agus a réiteach agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190);

(xvii)

Treoir 2002/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le maoirseacht fhorlíontach ar institiúidí creidmheasa, ar ghnóthais árachais agus ar ghnólachtaí infheistíochta in ilchuideachta airgeadais agus lena leasaítear Treoracha 73/239/CEE, 79/267/CEE, 92/49/CEE, 92/96/CEE, 93/6/CEE agus 93/22/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 98/78/CE agus 2000/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 35, 11.2.2003, lch. 1);

(xviii)

Treoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le scéimeanna ráthaíochta taiscí (IO L 173, 12.6.2014, lch. 149);

(xix)

Treoir 97/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Márta 1997 maidir le scéimeanna cúitimh d’infheisteoirí (IO L 84, 26.3.1997, lch. 22);

(xx)

Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

C.   Pointe (a)(iii) d’Airteagal 2(1) — sábháilteacht agus comhlíonadh táirgí:

1.

Ceanglais sábháilteachta agus chomhlíonta le haghaidh na dtáirgí a chuirtear ar mhargadh an Aontais, mar atá sainmhínithe agus mar atá á rialú ag na gníomhartha seo a leanas:

(i)

Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Nollaig 2001 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí (IO L 11, 15.1.2002, lch. 4);

(ii)

Reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais maidir le táirgí monaraithe, lena n-áirítear ceanglais lipéadaithe, seachas bia, beatha, táirgí íocshláinte d’úsáid an duine agus na tréidliachta, plandaí agus ainmhithe beo, táirgí de bhunús daonna agus táirgí plandaí agus ainmhithe a bhaineann go díreach lena n-atáirgeadh amach anseo mar a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1);

(iii)

Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear creat chun mótarfheithiclí agus a leantóirí a cheadú, mar aon le córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh a ceapadh do na feithiclí sin (Treoir Réime) (IO L 263, 9.10.2007, lch. 1).

2.

Rialacha maidir le margaíocht agus úsáid táirgí íogaire agus contúirteacha, mar a leagtar amach sna gníomhartha seo a leanas:

(i)

Treoir 2009/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 lena simplítear téarmaí agus coinníollacha aistrithe táirgí a bhaineann le cosaint laistigh den Chomhphobal (IO L 146, 10.06.2009, lch. 1);

(ii)

Treoir 91/477/CCE ón gComhairle an 18 Meitheamh 1991 maidir le fáil agus sealbhú arm a rialú (IO L 256, 13.9.1991, lch. 51);

(iii)

Rialachán (AE) Uimh. 98/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 maidir le margú agus úsáid réamhtheachtaithe pléascán (IO L 39, 9.2.2013, lch. 1).

D.   Pointe (a)(iv) d’Airteagal 2(1) — sábháilteacht iompair:

1.

Ceanglais sábháilteachta san earnáil iarnróid, mar atá á rialú ag Treoir (AE) 2016/798 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le sábháilteacht iarnróid (IO L 138, 26.5.2016, lch. 102).

2.

Ceanglais sábháilteachta in earnáil na heitlíochta sibhialta, mar atá á rialú ag Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir le tionóiscí agus teagmhais eitlíochta sibhialta a imscrúdú agus a chosc agus lena n-aisghairtear Treoir 94/56/CE (IO L 295, 12.11.2010, lch. 35).

3.

Ceanglais sábháilteachta san earnáil bhóithre, mar atá á rialú ag na gníomhartha seo a leanas:

(i)

Treoir 2008/96/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le sábháilteacht bonneagair bhóithre a bhainistiú (IO L 319, 29.11.2008, lch. 59);

(ii)

Treoir 2004/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta do tholláin sa Ghréasán Bóithre Tras-Eorpach (IO L 167, 30.4.2004, lch. 39);

(iii)

Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh agus lena n-aisghairtear Treoir 96/26/CE ón gComhairle (IO L 300, 14.11.2009, lch. 51).

4.

Ceanglais sábháilteachta san earnáil mhuirí, mar atá á rialú ag na gníomhartha seo a leanas:

(i)

Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d’eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge (IO L 131, 28.5.2009, lch. 11);

(ii)

Rialachán (CE) Uimh. 392/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le dliteanas iompróirí paisinéirí de mhuir i gcás tionóiscí (IO L 131, 28.5.2009, lch. 24);

(iii)

Treoir 2014/90/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le trealamh muirí agus lena n-aisghairtear Treoir 96/98/CE ón gComhairle (IO L 257, 28.8.2014, lch. 146);

(iv)

Treoir 2009/18/CE ó Pharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 lena mbunaítear na prionsabail bhunúsacha a rialaíonn imscrúdú ar thionóiscí san earnáil iompair mhuirí agus lena leasaítear Treoir 1999/35/CE ón gComhairle agus Treoir 2002/59/CE (IO L 131, 28.5.2009, lch. 114);

(v)

Treoir 2008/106/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir leis an leibhéal íosta oiliúna do mharaithe (IO L 323, 3.12.2008, lch. 33);

(vi)

Treoir 98/41/CE ón gComhairle an 18 Meitheamh 1998 maidir le clárú daoine atá ag taisteal ar bord long d’iompar paisinéirí ag feidhmiú isteach agus amach as calafoirt Bhallstáit an Chomhphobail (IO L 188, 2.7.1998, lch. 35);

(vii)

Treoir 2001/96/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Nollaig 2001 lena mbunaítear na ceanglais agus na nósanna imeachta comhchuibhithe maidir luchtú agus díluchtú sábháilte bulc-iompróirí (IO L 13, 16.1.2002, lch. 9).

5.

Ceanglais sábháilteachta, mar atá á rialú ag Treoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le hiompar intíre earraí contúirteacha (IO L 260, 30.9.2008, lch. 13).

E.   Pointe (a)(v) d’Airteagal 2(1) — cosaint an chomhshaoil:

1.

Aon chion coiriúil i gcoinne chosaint an chomhshaoil mar a rialaítear le Treoir 2008/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le cosaint an chomhshaoil tríd an dlí coiriúil (IO L 328, 6.12.2008, lch. 28) nó aon iompar neamhdhleathach a sháraíonn an reachtaíocht a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann le Treoir 2008/99/CE;

2.

Rialacha maidir leis an gcomhshaol agus leis an aeráid, mar a leagtar amach sna gníomhartha seo a leanas:

(i)

Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32);

(ii)

Treoir 2009/28/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear ina dhiaidh sin Treoracha 2001/77/CE agus 2003/30/CE (IO L 140, 5.6.2009, lch. 16);

(iii)

Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoracha 2009/125/CE agus 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2004/8/CE agus 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1);

(iv)

Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le sásra chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus chun faisnéis eile atá ábhartha don athrú aeráide a thuairisciú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 280/2004/CE (IO L 165, 18.6.2013, lch. 13);

(v)

Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).

3.

Rialacha maidir le forbairt inbhuanaithe agus bainistiú dramhaíola, mar a leagtar amach sna gníomhartha seo a leanas:

(i)

Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3);

(ii)

Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le hathchúrsáil long agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 agus Treoir 2009/16/CE (IO L 330, 10.12.2013, lch. 1);

(iii)

Rialachán (AE) Uimh. 649/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le ceimiceáin ghuaiseacha a onnmhairiú agus a allmhairiú (IO L 201, 27.7.2012, lch. 60).

4.

Rialacha maidir le muirthruailliú, aerthruailliú agus truailliú ó thorann, mar a leagtar amach sna gníomhartha seo a leanas:

(i)

Treoir 1999/94/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle na 13 Nollaig 1999 a bhaineann le hinfhaighteacht faisnéise do thomhaltóirí maidir le barainneacht bhreosla agus astaíochtaí CO2 i dtaca le gluaisteáin phaisinéirí nua a mhargú (IO L 12, 18.1.2000, lch. 16);

(ii)

Treoir 2001/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2001 maidir le teorainneacha astaíochtaí náisiúnta do thruailleáin atmaisféaracha áirithe (IO L 309, 27.11.2001, lch. 22);

(iii)

Treoir 2002/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 a bhaineann le torann timpeallachta a mheasúnú agus a bhainistiú (IO L 189, 18.7.2002, lch. 12);

(iv)

Rialachán (CE) Uimh. 782/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Aibreán 2003 maidir le toirmeasc ar chomhdhúile organaitín ar bord long (IO L 115, 9.5.2003, lch. 1);

(v)

Treoir 2004/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le dliteanas comhshaoil i ndáil le damáiste comhshaoil a chosc agus a leigheas (IO L 143, 30.4.2004, lch. 56);

(vi)

Treoir 2005/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle na 7 Meán Fómhair 2005 maidir le truailliú ó longa agus pionóis ar sháruithe a thabhairt isteach (IO L 255, 30.9.2005, lch. 11);

(vii)

Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Eanáir 2006 maidir le bunú Clár Eorpach um Scaoileadh Amach agus Aistriú Truailleán agus lena leasaítear Treoir 91/689/CEE agus Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 33, 4.2.2006, lch. 1);

(viii)

Treoir 2009/33/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le feithiclí iompair de bhóthar atá glan agus tíosach ar fhuinneamh a chur chun cinn (IO L 120, 15.5.2009, lch. 5);

(ix)

Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí do ghluaisteáin nua phaisinéirí mar chuid de chur chuige comhtháite an Chomhphobail chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú (IO L 140, 5.6.2009, lch. 1);

(x)

Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le substaintí a ídíonn an ciseal ózóin (IO L 286, 31.10.2009, lch. 1);

(xi)

Treoir 2009/126/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le gal pheitril Céim II a aisghabháil le linn mótarfheithiclí a athbhreoslú i stáisiúin pheitril (IO L 285, 31.10.2009, lch. 36);

(xii)

Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2011 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta d’astaíochtaí ó fheithiclí tráchtála éadroma nua mar chuid de chur chuige comhtháite an Aontais chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú (IO L 145, 31.5.2011, lch. 1);

(xiii)

Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le bonneagar breoslaí malartacha a úsáid (IO L 307, 28.10.2014, lch. 1);

(xiv)

Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE (IO L 123, 19.5.2015, lch. 55);

(xv)

Treoir (AE) 2015/2193 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le hastaíochtaí truailleán áirithe ó ghléasraí dócháin meánmhéide san aer a theorannú (IO L 313, 28.11.2015, lch. 1).

5.

Rialacha maidir le cosaint agus bainistiú uisce agus ithreacha, mar a leagtar amach sa gníomhartha seo a leanas:

(i)

Treoir 2007/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le measúnú agus bainistiú baol tuilte (IO L 288, 6.11.2007, lch. 27);

(ii)

Treoir 2008/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin cáilíochta comhshaoil i réimse an bheartais uisce, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear ina dhiaidh sin Treoracha 82/176/CEE, 83/513/CEE, 84/156/CEE, 84/491/CEE, 86/280/CEE ón gComhairle agus lena leasaítear Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 348, 24.12.2008, lch. 84);

(iii)

Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle na 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí atá ag tionscadail phoiblí agus phríobháideacha áirithe i ndáil leis an gcomhshaol (IO L 26, 28.1.2012, lch. 1).

6.

Rialacha maidir leis an dúlra agus an bhithéagsúlacht a chosaint, mar a leagtar amach sa gníomhartha seo a leanas:

(i)

Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 ón gComhairle an 27 Meán Fómhair 2001 lena leagtar síos na bearta is infheidhme maidir le hiascaireacht a dhéanamh ar stoic áirithe d’éisc mhór-imirceacha (IO L 263, 3.10.2001, lch. 1);

(ii)

Rialachán (CE) Uimh. 812/2004 ón gComhairle an 26 Aibreán 2004 lena leagtar síos bearta a bhaineann le foghabhálacha teagmhasacha céiticeach in iascaigh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 88/98 (IO L 150, 30.4.2004, lch. 12);

(iii)

Rialachán (CE) Uimh. 1007/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le trádáil i dtáirgí róin (IO L 286, 31.10.2009, lch. 36);

(iv)

Rialachán (CE) Uimh. 734/2008 ón gComhairle an 15 Iúil 2008 maidir le héiceachórais leochaileacha mhuirí ar an mórmhuir a chosaint ar éifeacht dhochrach gléasanna iascaireachta grinnill (IO L 201, 30.7.2008, lch. 8);

(v)

Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7);

(vi)

Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 lena leagtar síos oibleagáidí na n-oibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh (IO L 295, 12.11.2010, lch. 23);

(vii)

Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le tabhairt isteach agus leathadh speiceas coimhthíoch ionrach a chosc agus a bhainistiú (IO L 317, 4.11.2014, lch. 35).

7.

Rialacha maidir le ceimiceáin, mar a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún, chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).

8.

Rialacha maidir le táirgí orgánacha, mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (IO L 150, 14.6.2018, lch. 1).

F.   Pointe (a)(vi) d’Airteagal 2(1) — cosaint ar radaíocht agus sábháilteacht núicléach

Rialacha maidir le sábháilteacht núicléach, mar a leagtar amach sna gníomhartha seo a leanas:

(i)

Treoir 2009/71/Euratom ón gComhairle an 25 Meitheamh 2009 lena mbunaítear creat Comhphobail maidir le sábháilteacht núicléach na suiteálacha núicléacha (IO L 172, 2.7.2009, lch. 18);

(ii)

Treoir 2013/51/Euratom ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos na ceanglais maidir le sláinte an phobail i gcoitinne a chosaint maidir le substaintí radaighníomhacha in uisce a ceapadh lena chaitheamh ag an duine (IO L 296, 7.11.2013, lch. 12);

(iii)

Treoir 2013/59/Euratom ón gComhairle an 5 Nollaig 2013 lena leagtar síos na caighdeáin bhunúsacha sábháilteachta maidir le cosaint ar na contúirtí a éiríonn as nochtadh don radaíocht ianaíoch, agus lena n-aisghairtear Treoracha 89/618/Euratom, 90/641/Euratom, 96/29/Euratom, 97/43/Euratom agus 2003/122/Euratom (IO L 13, 17.1.2014, lch. 1);

(iv)

Treoir 2011/70/Euratom ón gComhairle an 19 Iúil 2011 lena mbunaítear creat Comhphobail maidir le bainistiú freagrach agus sábháilte breosla spíonta agus dramhaíola radaighníomhaí (IO L 199, 2.8.2011, lch. 48);

(v)

Treoir 2006/117/Euratom ón gComhairle an 20 Samhain 2006 maidir le maoirseacht agus rialú loingsithe ar dhramhaíl radaighníomhach agus breosla spíonta (IO L 337, 5.12.2006, lch. 21);

(vi)

Rialachán (Euratom) 2016/52 ón gComhairle an 15 Eanáir 2016 lena leagtar síos uasleibhéil cheadaithe éilliúcháin radaighníomhaigh ar bhia agus ar bheatha tar éis tionóisc núicléach nó i ndiaidh aon cháis eile ina dtarlaíonn éigeandáil raideolaíoch, agus lena n-aisghairtear Rialachán (Euratom) Uimh. 3954/87 agus Rialachán (Euratom) Uimh. 944/89 agus Rialachán (Euratom) Uimh. 770/90 ón gComhairle (IO L 13, 20.1.2016, lch. 2);

(vii)

Rialachán (Euratom) Uimh. 1493/93 ón gComhairle an 8 Meitheamh 1993 maidir le loingsiú substaintí radaighníomhacha ó Bhallstát go Ballstát (IO L 148, 19.6.1993, lch. 1).

G.   Pointe (a)(vii) d’Airteagal 2(1) — sábháilteacht bia agus beatha, sláinte agus leas ainmhithe:

1.

Dlí bia agus beatha an Aontais faoi rialú ag na prionsabail agus na ceanglais ghinearálta mar a shainmhínítear iad le Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta an dlí bia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1).

2.

Sláinte ainmhithe, mar atá á rialú ag na gníomhartha seo a leanas:

(i)

Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘an Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (IO L 84, 31.3.2016, lch. 1);

(ii)

Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus lena n-aisgheartar Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 (Rialachán maidir le seachtháirgí ainmhithe) (IO L 300, 14.11.2009, lch. 1).

3.

Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (an Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1).

4.

Rialacha agus caighdeáin maidir le cosaint agus leas ainmhithe, mar a leagtar amach sna gíomhartha seo a leanas:

(i)

Treoir 98/58/CE ón gComhairle an 20 Iúil 1998 maidir le cosaint ainmhithe a choinnítear le haghaidh feirmeoireachta (IO L 221, 8.8.1998, lch. 23);

(ii)

Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 ón gComhairle an 22 Nollaig 2004 maidir le cosaint ainmhithe le linn iompair agus oibríochtaí gaolmhara agus lena leasaítear Treoracha 64/432/CEE agus 93/119/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1255/97 (IO L 3, 5.1.2005, lch. 1);

(iii)

Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2009 maidir le hainmhithe a chosaint tráth an mharaithe (IO L 303, 18.11.2009, lch. 1);

(iv)

Treoir 1999/22/CE ón gComhairle an 29 Márta 1999 maidir le hainmhithe fiáine a choinneáil i zúnna (IO L 94, 9.4.1999, lch. 24);

(v)

Treoir 2010/63/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2010 maidir le cosaint ainmhithe a úsáidtear chun críoch eolaíoch (IO L 276, 20.10.2010, lch. 33).

H.   Pointe (a)(viii) d’Airteagal 2(1) — sláinte phoiblí:

1.

Bearta ag leagan síos ardchaighdeán cáilíochta agus sábháilteachta d’orgáin agus substaintí de bhunús daonna, mar atá á rialú ag na gníomhartha seo a leanas:

(i)

Treoir 2002/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Eanáir 2003 lena leagtar síos caighdeáin cháilíochta agus sábháilteachta do bhailiú, do thástáil, do phróiseáil, do stóráil agus do dháileadh fola agus comhábhar fola daonna agus lena leasaítear Treoir 2001/83/CE (IO L 33, 8.2.2003, lch. 30);

(ii)

Treoir 2004/23/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le caighdeáin cháilíochta agus sábháilteachta a leagan síos do dheonú, soláthar, tástáil, próiseáil, caomhnú, stóráil agus dáileadh fíochán agus ceall daonna (IO L 102, 7.4.2004, lch. 48);

(iii)

Treoir 2010/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 maidir le caighdeáin cháilíochta agus slándáil orgáin an duine atá beartaithe le haghaidh trasphlandaithe (IO L 207, 6.8.2010, lch. 14).

2.

Bearta lena leagtar síos ardchaighdeáin cháilíochta agus sábháilteachta do tháirgí íocshláinte agus feistí úsáide míochaine, mar atá á rialú ag na gníomhartha seo a leanas:

(i)

Rialachán (CE) Uimh. 141/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1999 maidir le táirgí íocshláinte dílleachta (IO L 18, 22.1.2000, lch. 1);

(ii)

Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (IO L 311, 28.11.2001, lch. 67);

(iii)

Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirge íocshláinte tréidliachta agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/82/CE (IO L 4, 7.1.2019 lch. 43);

(iv)

Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail chun údarú agus maoirseacht a dhéanamh ar tháirgí íocshláinte d’úsáid an duine agus na tréidliachta agus lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (IO L 136, 30.4.2004, lch. 1);

(v)

Rialachán (CE) Uimh. 1901/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le táirgí íocshláinte le haghaidh úsáide péidiatraicí agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1768/92, Treoir 2001/20/CE, Treoir 2001/83/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 (IO L 378, 27.12.2006, lch. 1);

(vi)

Rialachán (CE) Uimh. 1394/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le táirgí íocshláinte ardteiripe agus lena leasaítear Treoir 2001/83/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 (IO L 324, 10.12.2007, lch. 121);

(vii)

Rialachán (AE) Uimh. 536/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le trialacha cliniciúla ar tháirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine, agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/20/CE (IO L 158, 27.5.2014, lch. 1).

3.

Cearta othar, mar atá á rialú ag Treoir 2011/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 maidir le cearta othar i gcúram sláinte trasteorann a chur i bhfeidhm (IO L 88, 4.4.2011, lch. 45).

4.

Monarú, cur i láthair agus díol tobac agus táirgí gaolmhara, mar atá á rialú ag Treoir 2014/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le comhfhogasú fhorálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin na mBallstát a bhaineann le monarú, cur i láthair agus díol tobac agus táirgí gaolmhara agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/37/CE (IO L 127, 29.4.2014, lch. 1).

I.   Pointe (a)(ix) d’Airteagal 2(1) — cosaint tomhaltóirí:

Cearta tomhaltóirí agus cosaint tomhaltóirí mar atá á rialú ag na gníomhartha seo a leanas:

(i)

Treoir 98/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le cosaint tomhaltóirí ó thaobh praghsanna táirgí a chur in iúl do thomhaltóirí (IO L 80, 18.3.1998, lch. 27);

(ii)

Treoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar (IO L 136, 22.5.2019, lch. 1);

(iii)

Treoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí i ndáil le díolacháin earraí, lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE, agus lena n-aisgheartar Treoir 1999/44/CE (IO L 136, 22.5.2009, lch. 28);

(iv)

Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le gnéithe áirithe de dhíol earraí tomhaltais agus ráthaíochtaí gaolmhara (IO L 171, 7.7.1999, lch. 12);

(v)

Treoir 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2002 maidir le cianmhargú seirbhísí airgeadais tomhaltóirí agus lena leasaítear Treoir 90/619/CEE ón gComhairle agus Treoracha 97/7/CE agus 98/27/CE (IO L 271, 9.10.2002, lch. 16);

(vi)

Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagóracha gnólacht le tomhaltóir sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoracha 97/7/CE, 98/27/CE agus 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (“An Treoir maidir le cleachtais tráchtála éagóracha”) (IO L 149, 11.6.2005, lch. 22);

(vii)

Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa do thomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle (IO L 133, 22.5.2008, lch. 66);

(viii)

Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64);

(ix)

Treoir 2014/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le hinchomparáideacht táillí a bhaineann le cuntais íocaíochta, le malartú cuntas íocaíochta agus le rochtain ar chuntais íocaíochta a bhfuil gnéithe bunúsacha acu (IO L 257, 28.8.2014, lch. 214).

J.   Pointe (a)(x) d’Airteagal 2(1) —cosaint príobháideachais agus sonraí pearsanta, agus slándáil gréasán agus córas faisnéise:

(i)

Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37);

(ii)

Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1);

(iii)

Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta chun leibhéal ard slándála gréasán agus faisnéise a áirithiú ar fud an Aontais (IO L 194, 19.7.2016, lch. 1).

Cuid II

Tagraíonn Airteagal 3(1) don reachtaíocht Aontais a leanas:

A.   Pointe (a)(ii) d’Airteagal 2(1) — seirbhísí airgeadais, táirgí agus margaí, agus cosc ar sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta:

1.

Seirbhísí airgeadais:

(i)

Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin a bhaineann le gnóthais i gcomhair comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (UCITS) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32);

(ii)

Treoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le gníomhaíochtaí agus maoirseacht institiúidí um chóir ar scor ceirde (IORPanna) (IO L 354, 23.12.2016, lch. 37);

(iii)

Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hiniúchtaí reachtúla de chuntais bhliantúla agus cuntais chomhdhlúite, lena leasaítear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 84/253/CEE ón gComhairle (IO L 157, 9.06.2006, lch. 87);

(iv)

Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid mhargaidh (an rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoracha 2003/124/CE, 2003/125/CE agus 2004/72/CE ón gCoimisiún (IO L 173, 12.6.2014, lch. 1);

(v)

Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíochtaí institiúidí creidmheasa agus maidir le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338);

(vi)

Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349);

(vii)

Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoracha 98/26/CE agus 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (IO L 257, 28.8.2014, lch. 1);

(viii)

Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2014 maidir le doiciméid um fhaisnéis bhunriachtanach do tháirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) (IO L 352, 9.12.2014, lch. 1);

(ix)

Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús agus athúsáide agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 337, 23.12.2015, lch. 1);

(x)

Treoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Eanáir 2016 maidir le dáileadh árachais (IO L 26, 2.2.2016, lch. 19);

(xi)

Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/71/CE (IO L 168, 30.6.2017, lch. 12).

2.

Cosc ar sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta:

(i)

Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73);

(ii)

Rialachán (AE) 2015/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1781/2006 (IO L 141, 5.6.2015, lch. 1).

B.   Pointe (a)(iv) d’Airteagal 2(1) — sábháilteacht iompair:

(i)

Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le tarluithe san eitlíocht shibhialta a thuairisciú, leis an anailís a dhéantar orthu agus leis na bearta leantacha a dhéantar ina leith, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1321/2007 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 1330/2007 ón gCoimisiún (IO L 122, 24.4.2014, lch. 18);

(ii)

Treoir 2013/54/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le freagrachtaí áirithe bratstát a bhaineann le comhlíonadh agus cur chun feidhme an Choinbhinsiúin Oibreachais Mhuirí, 2006 (IO L 329, 10.12.2013, lch. 1);

(iii)

Treoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialú Stáit ar chalafoirt (IO L 131, 28.5.2009, lch. 57).

C.   Pointe (a)(v) d’Airteagal 2(1) — cosaint an chomhshaoil:

(i)

Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le sábháilteacht oibríochtaí ola agus gáis amach ón gcósta agus lena leasaítear Treoir 2004/35/CE ón gComhairle (IO L 178, 28.6.2013, lch. 66).


Top