EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32019L1153

Treoir (AE) 2019/1153ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena leagtar síos rialacha lena n-éascaítear úsáid faisnéise airgeadais agus faisnéise eile le haghaidh cionta coiriúla áirithe a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2000/642/CGB ón gComhairle

PE/64/2019/REV/1

OJ L 186, 11.7.2019, p. 122–137 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/1153/oj

11.7.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

122


TREOIR (AE) 2019/1153Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Meitheamh 2019

lena leagtar síos rialacha lena n-éascaítear úsáid faisnéise airgeadais agus faisnéise eile le haghaidh cionta coiriúla áirithe a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2000/642/CGB ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 87(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá sé riachtanach úsáid faisnéise airgeadais a éascú chun coireanna tromchúiseacha a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh.

(2)

Chun an tslándáil a mhéadú, le hionchúiseamh coireanna airgeadais a fheabhsú, sciúradh airgid a chomhrac agus coireanna cánach a chosc sna Ballstáit agus ar fud an Aontais, tá sé riachtanach rochtain níos fearr ar fhaisnéis a thabhairt d’Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais (“AFAnna”) agus údaráis phoiblí atá freagrach as coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh, chun cur leis an gcumas atá acu imscrúduithe airgeadais a sheoladh agus chun feabhas a chur ar an gcomhar eatarthu.

(3)

De bhun Airteagal 4(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), tá an tAontas agus na Ballstáit chun comhoibriú le chéile. Ba cheart dóibh a bheith tiomanta freisin comhoibriú le chéile ar mhodh dílis agus mear.

(4)

Sa teachtaireacht uaidh an 2 Feabhra 2016 maidir le Plean Gníomhaíochta chun an comhrac a neartú in aghaidh mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, gheall an Coimisiún go ndéanfadh sé iniúchadh ar an bhféidearthacht atá ann ionstraim dlí neamhspleách ar leith a thabhairt isteach chun rochtain níos leithne ar chlárlanna láraithe cuntas bainc agus íocaíochta a thabhairt d’údaráis na mBallstát, lena n-áirítear ag údaráis atá inniúil ar chionta coiriúla a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh, ag Oifigí um Aisghabháil Sócmhainní, ag údaráis chánach agus ag údaráis frithéillithe. Ina theannta sin, iarradh sa Phlean Gníomhaíochta sin freisin go mapálfaí na bacainní atá ann ar fhaisnéis a rochtain, a mhalartú agus a úsáid mar aon leis an gcomhar oibríochtúil idir AFAnna.

(5)

Tosaíocht de chuid an Aontais go fóill is ea an choireacht thromchúiseach, lena n-áirítear an chalaois airgeadais agus an sciúradh airgid, a chomhrac.

(6)

Ceanglaítear le Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) ar na Ballstáit clárlanna láraithe cuntas bainc nó córais aisghabhála sonraí a chur i bhfeidhm lena gcumasaítear sainaithint thráthúil na ndaoine a shealbhaíonn cuntais bhainc, cuntais íocaíochta agus taisceadáin.

(7)

De bhun Threoir (AE) 2015/849, tá an fhaisnéis a choimeádtar sna clárlanna láraithe cuntas bainc sin le bheith inrochtana go díreach ag AFAnna agus ag údaráis náisiúnta atá inniúil ar sciúradh airgid, na cionta preideacáide gaolmhara agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc.

(8)

Rochtain dhíreach láithreach ar an bhfaisnéis a choimeádtar i gclárlanna láraithe cuntas bainc, is minic a bhíonn sí riachtanach chun go n-éireoidh le himscrúdú coiriúil nó chun sócmhainní gaolmhara a shainaithint, a rianú agus a chalcadh go tráthúil ar mhaithe lena gcoigistiú. Is é rochtain dhíreach an cineál is láithrí rochtana ar an bhfaisnéis a choimeádtar i gclárlanna láraithe cuntas bainc. Dá bhrí sin, ba cheart rialacha a leagan síos sa Treoir seo lena dtugtar rochtain dhíreach ar fhaisnéis a choimeádtar i gclárlanna láraithe cuntas bainc d’údaráis ainmnithe na mBallstát atá inniúil ar chionta coiriúla a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh. I gcás ina gcuireann Ballstát rochtain ar fáil ar shonraí i dtaca le faisnéis cuntas bainc trí chórais lárnacha leictreonacha aisghabhála sonraí, ba cheart don Bhallstát sin a áirithiú go ndéanfaidh an t-údarás atá ag oibriú na gcóras aisghabhála torthaí cuardaigh a thuairisciú do na húdaráis inniúla ainmnithe ar bhealach láithreach agus neamhscagtha. Níor cheart don Treoir seo difear a dhéanamh do bhealaí chun faisnéis a mhalartú idir na húdaráis inniúla nó na cumhachtaí atá acu chun faisnéis a fháil ó eintitis atá faoi oibleagáid faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta. I dtaca le haon rochtain ar fhaisnéis atá i gclárlanna lárnacha ag údaráis náisiúnta Bhallstáit chun críocha eile seachas iad siúd a chumhdaítear leis an Treoir seo nó maidir le cionta coiriúla eile seachas iad siúd a chumhdaítear leis an Treoir seo, ní chuimsítear sin faoina raon feidhme.

(9)

Ós rud é gurb ann i ngach Ballstát do roinnt údarás nó comhlachtaí atá inniúil ar chionta coiriúla a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh, agus chun rochtain chomhréireach a áirithiú ar fhaisnéis airgeadais agus faisnéis eile faoin Treoir seo, ba cheart ceangal a chur ar na Ballstáit a ainmniú cé na húdaráis nó na comhlachtaí dá dtugtar cumhacht rochtana ar na clárlanna láraithe cuntas bainc agus atá in ann faisnéis a iarraidh ó AFAnna chun críche na Treorach seo. Agus an Treoir seo á cur chun feidhme acu ba cheart do na Ballstáit cineál, stádas eagraíochtúil, cúraimí agus sainchumais na n-údarás agus na gcomhlachtaí sin a chur san áireamh, mar a bhunaítear lena ndlí náisiúnta, lena n-áirítear sásraí atá ann cheana féin chun na córais airgeadais a chosaint in aghaidh sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta.

(10)

Ba cheart Oifigí um Aisghabháil Sócmhainní a ainmniú as measc na n-údarás inniúil agus ba cheart rochtain dhíreach a bheith acu ar an bhfaisnéis a choimeádtar i gclárlanna láraithe cuntas bainc le linn dóibh cion coiriúil tromchúiseach ar leith a chosc, a bhrath nó a imscrúdú nó le linn dóibh tacú le himscrúdú coiriúil ar leith, lena n-áirítear sócmhainní a shainaithint, a rianú agus a chalcadh.

(11)

A mhéid atá údaráis chánach agus gníomhaireachtaí frithéillithe inniúil ar chionta coiriúla a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh faoin dlí náisiúnta, ba cheart a mheas gur údaráis iad a fhéadfar a ainmniú chun críocha na Treorach seo freisin. Níor cheart imscrúduithe riaracháin, cé is moite díobh sin a reáchtálann na AFAnna maidir le sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc, a bhrath agus a chomhrac go héifeachtach, a chumhdach leis an Treoir seo.

(12)

Oibríonn déantóirí cionta coiriúla, go háirithe grúpaí coiriúla agus sceimhlitheoirí, ar fud roinnt Ballstát go minic agus is minic a bhíonn a sócmhainní, cuntais bhainc san áireamh, lonnaithe i mBallstáit eile. Mar gheall ar an ngné thrasteorann a bhaineann le coireanna tromchúiseacha, an sceimhlitheoireacht san áireamh, agus leis na gníomhaíochtaí airgeadais gaolmhara, is minic is gá do na húdaráis inniúla atá i mbun imscrúduithe coiriúla i mBallstáit amháin faisnéis a rochtain ar chuntais bhainc a choimeádtar i mBallstáit eile.

(13)

Féadfar an fhaisnéis arna fáil ag na húdaráis inniúla ó na clárlanna láraithe náisiúnta cuntas bainc a mhalartú leis na húdaráis inniúla atá lonnaithe i mBallstát eile, i gcomhréir le Cinneadh Réime 2006/960/CGB ón gComhairle (4), agus le Treoir 2014/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus leis na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí.

(14)

Ba le Treoir (AE) 2015/849 a feabhsaíodh go suntasach creat dlíthiúil an Aontais lena rialaítear gníomhaíocht AFAnna agus an comhar eatarthu, lena n-áirítear an measúnú arna dhéanamh ag an gCoimsiún ar an bhféidearthacht a bhaineann le sásra comhordúcháin agus tacaíochta a bhunú. Ní hionann stádas dlíthiúil AFAnna ar fud na mBallstát amhail stádas riaracháin, nó forfheidhmithe dlí nó stádas measctha. Áiritear leis na cumhachtaí atá ag AFAnna an ceart chun rochtain a fháil ar an bhfaisnéis airgeadais, riaracháin agus forfheidhmithe dlí a theastaíonn uathu chun sciúradh airgid, na cionta preideacáide gaolmhara agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc, a bhrath agus a chomhrac. Ní leagtar síos le dlí an Aontais, áfach, na huirlisí agus na sásraí sonracha uile ar cheart do AFAnna teacht a bheith acu orthu chun gur féidir leo faisnéis den sórt sin a rochtain agus a gcúraimí a chur i gcrích. Ós rud é go bhfuil na Ballstáit lánfhreagrach as cineál eagraíochtúil na AFAnna a bhunú agus a chinneadh, tá méideanna éagsúla rochtana ag AFAnna éagsúla ar bhunachair shonraí rialála, rud a fhágann gur malartú easnamhach a bhíonn sa mhalartú faisnéise idir seirbhísí forfheidhmithe dlí nó seirbhísí ionchúisimh agus AFAnna.

(15)

Chun deimhneacht dhlíthiúil agus éifeachtacht oibríochtúil a mhéadú, ba cheart rialacha a leagan síos sa Treoir seo chun go dtreiseofaían cumas atá ag na AFAnna faisnéis airgeadais agus anailís airgeadais a chomhroinnt leis na húdaráis inniúla ainmnithe ina mBallstát maidir le gach cion coiriúil tromchúiseach. Chun a bheith níos cruinne, ba cheart ceangal a bheith ar AFAnna obair i gcomhar le húdaráis inniúla ainmnithe a mBallstát agus a bheith in ann freagra a thabhairt, go tráthúil, d’iarrataí réasúnaithe i dtaca le faisnéis airgeadais nó anailís airgeadais a rinne na húdaráis inniúla ainmnithe sin i gcás go bhfuil an fhaisnéis airgeadais nó an anailís airgeadais sin riachtanach, de réir an cháis agus nuair is ábhair imní i dtaca le cionta coiriúla tromchúiseacha a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh a spreagann na hiarrataí sin, faoi réir na ndíolúintí dá bhforáiltear in Airteagal 32(5) de Treoir (AE) 2015/849. Níor cheart go gcuirfeadh an ceanglas sin bac ar uathriail na AFAnna faoi Threoir (AE) 2015/849. Go sonrach, i gcás ina dtagann an fhaisnéis arna hiarraidh ó AFA de chuid Bhallstát eile, ba cheart aon srianta nó coinníollacha arna bhforchur ag AFA sin i ndáil le húsáid na faisnéise sin a chomhlíonadh. Ba cheart aon úsáid chun críocha thar a formheasadh ar dtús, a bheith faoi réir toiliú a fháil roimh ré ón AFA sin. Ba cheart do AFAnna aon diúltú maidir le hiarraidh ar fhaisnéis nó anailís a mhíniú go hiomchuí. Níor cheart don Treoir seo difear a dhéanamh do neamhspleáchas agus uathriail oibríochtúil na AFAnna faoi Threoir (AE) 2015/849, lena n-áirítear uathriail na AFAnna faisnéis a scaipeadh go spontáineach ar a dtionscnamh féin chun críocha na Treorach seo.

(16)

Ba cheart creat dlíthiúil atá sainithe go soiléir a leagan amach sa Treoir seo freisin chun AFAnna a chumasú sonraí ábhartha arna stóráil ag na húdaráis inniúla ainmnithe ina mBallstát a iarraidh chun gur féidir leo sciúradh airgid, na cionta preideacáide gaolmhara agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc, a bhrath agus a chomhrac go héifeachtach.

(17)

Ba cheart do AFAnna iarracht a dhéanamh faisnéis nó anailís airgeadais a mhalartú go pras i gcásanna eisceachtúla agus práinneacha, i gcás go mbaineann faisnéis nó anailís den sórt sin leis an sceimhlitheoireacht nó leis an gcoireacht eagraithe a bhfuil baint aici leis an sceimhlitheoireacht.

(18)

Níor cheart go gcuirfeadh malartú den sórt sin bac ar an ról gníomhach atá ag AFAnna faoi Threoir (AE) 2015/849 in anailís a scaipeadh ar AFAnna eile i gcás ina nochtar san anailís sin fíorais, iompar nó amhras faoi sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta i gcás inarb ábhair spéise ar dhóigh dhíreach iad sin do na AFAnna eile. Cumhdaítear le hanailís airgeadais anailís oibríochtúil ina ndírítear ar chásanna aonair agus spriocanna sonracha nó ar fhaisnéis roghnaithe iomchuí, ag brath ar chineál agus líon na nochtuithe a fuarthas agus úsáid ionchais na faisnéise tar éis í a scaipeadh, mar aon le hanailís straitéiseach ina bhféachtar ar threochtaí agus patrúin i ndáil le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta. Mar sin féin, ba cheart nár dhochar an Treoir seo don stádas agus don ról eagraíochtúil a thugtar do AFAnna faoi dhlí náisiúnta na mBallstát.

(19)

Mar gheall ar a íogaire atá na sonraí airgeadais ar cheart do AFAnna anailís a dhéanamh orthu agus mar gheall ar na coimircí cosanta sonraí a theastaíonn, ba cheart cineál agus raon feidhme na faisnéise a fhéadfar a mhalartú idir AFAnna, idir AFAnna agus na húdaráis inniúla ainmnithe, agus idir údaráis inniúla ainmnithe i mBallstáit éagsúla, a leagan amach go sonrach sa Treoir seo. Níor cheart na modhanna bailithe sonraí atá comhaontaithe faoi láthair a athrú ar aon bhealach leis an Treoir seo. Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann a chinneadh, mar sin féin, go leathnófaí raon feidhme na faisnéise airgeadais agus na faisnéise cuntas bainc ar féidir a mhalartú idir na AFAnna agus na húdaráis inniúla ainmnithe. Anuas air sin, ba cheart do na Ballstáit bheith in ann éascú a dhéanamh ar an rochtain atá ag na húdaráis inniúla ainmnithe ar fhaisnéis airgeadais agus faisnéis cuntas bainc d’fhonn cionta coiriúla tromchúiseacha a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh. Níor cheart maolú a dhéanamh leis an Treoir seo ar na rialacha cosanta sonraí is infheidhme.

(20)

Faoi inniúlachtaí agus cúraimí sonracha na Gníomhaireachta i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (“Europol”), arna bunú le Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus mar a leagtar síos sa Rialachán sin, tacaíonn Europol leis na himscrúduithe trasteorann a dhéanann na Ballstáit ar na gníomhaíochtaí sciúrtha airgid de chuid eagraíochtaí coiriúla trasnáisiúnta. Sa chomhthéacs sin, ba cheart do Europol na Ballstáit a chur ar an eolas maidir le haon fhaisnéis agus naisc idir cionta coiriúla a bhaineann leo. I gcomhréir leis an Rialachán sin, is iad aonaid náisiúnta Europol na comhlachtaí idirchaidrimh idir Europol agus údaráis na mBallstát atá inniúil ar chionta coiriúla a imscrúdú. Chun an fhaisnéis a thabhairt do Europol a theastaíonn uaidh chun a chúraimí a dhéanamh, ba cheart go gceadódh gach Ballstát dá AFA freagra a thabhairt ar iarrataí ar fhaisnéis airgeadais agus anailís airgeadais arna ndéanamh ag Europol trí aonad náisiúnta Europol an Bhallstáit sin, nó trí theagmháil dhíreach, nuair is iomchuí. Maidir lena n-aonad náisiúnta Europol agus, nuair is iomchuí, a n-údaráis inniúla, ba cheart do na Ballstáit a fhoráil freisin go mbeidh siad i dteideal freagra a thabhairt ar iarrataí arna ndéanamh ag Europol ar fhaisnéis faoi chuntais bhainc. Ba cheart údar iomchuí a bheith le haon iarrataí arna ndéanamh ag Europol. Ba cheart iad a dhéanamh de réir an cháis, laistigh de theorainneacha fhreagrachtaí Europol agus le haghaidh chomhlíonadh a chúraimí. Níor cheart go gcuirfí neamhspleáchas oibríochtúil agus uathriail na AFAnna i mbaol agus ba cheart gur faoi na AFAnna a bheidh sé cinneadh a dhéanamh maidir leis an bhfaisnéis nó anailís arna hiarraidh a chur ar fáil. Chun comhar tapa éifeachtach a áirithiú, ba cheart do na AFAnna freagra a thabhairt ar iarrataí ó Europol ar bhealach tráthúil. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/794, ba cheart do Europol leanúint leis an gcleachtas reatha agus aiseolas a sholáthar do na Ballstáit faoin úsáid a bhaintear as an bhfaisnéis nó anailís arna soláthar faoin Treoir seo.

(21)

Ba cheart go gcuirfí san áireamh freisin sa Treoir seo an fíric gurb amhlaidh, nuair is iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 43 de Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle (7), go gcumhachtaítear na hIonchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha de chuid Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh aon fhaisnéis ábhartha a stóráltar i mbunachair shonraí náisiúnta um imscrúdú coiriúil agus forfheidhmiú an dlí a fháil, mar aon leis an bhfaisnéis sin a stóráltar i gclárlanna ábhartha eile de chuid údarás poiblí, lena n-áirítear clárlanna lárnaithe cuntas bainc agus córais aisghabhála sonraí, faoi na coinníollacha céanna leo sin a bhfuil feidhm acu faoin dlí náisiúnta i gcásanna den chineál céanna.

(22)

Chun an comhar idir AFAnna a neartú, ba cheart don Choimisiún measúnú tionchair a dhéanamh, go luath amach anseo, ar an bhféidearthacht agus an oiriúnacht a bhaineann le sásra comhordúcháin agus tacaíochta, amhail “AFA de chuid an AE” a bhunú.

(23)

Chun an chothromaíocht iomchuí a bhaint amach idir éifeachtúlacht agus ardleibhéal cosanta sonraí, ba cheart ceangal a chur ar na Ballstáit a áirithiú nár cheart an phróiseáil a dhéanfaí ar fhaisnéis airgeadais íogair lena bhféadfaí sonraí íogaire a bhaineann le cine nó bunadh eitneach duine, a thuairimí polaitiúla, a chreidimh reiligiúnacha nó fhealsúnacha, nó a bhallraíocht i gceardchumann, nó sonraí a bhaineann le sláinte duine nádúrtha, a shaol gnéis nó a ghnéaschlaonadh a nochtadh, nár cheart an phróiseáil sin a cheadú ach amháin ag daoine atá údaraithe go sonrach ina leith agus i gcomhréir leis na rialacha cosanta sonraí is infheidhme.

(24)

Leis an Treoir seo, urramaítear cearta bunúsacha agus cloítear leis na prionsabail a aithnítear le hAirteagal 6 CAE agus le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart go ndéanfar an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh a urramú, an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, an toirmeasc ar idirdhealú, an tsaoirse chun gnó a sheoladh, an ceart chun leighis éifeachtaigh agus chun trialach córa, toimhde na neamhchiontachta agus cearta na cosanta agus prionsabail na dlíthiúlachta agus na comhréireachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis, mar aon leis na cearta bunúsacha agus na prionsabail bhunúsacha dá bhforáiltear sa dlí idirnáisiúnta agus le comhaontuithe idirnáisiúnta a bhfuil an tAontas ina pháirtí iontu nó a bhfuil na Ballstáit uile ina bpáirtí iontu, lena n-áirítear an Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, agus i mbunreachtanna na mBallstát, sna réimsí faoi seach dá gcur i bhfeidhm.

(25)

Tá sé riachtanach a áirithiú go n-urramófar go hiomlán an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint le linn sonraí pearsanta a phróiseáil faoin Treoir seo. Tá aon phróiseáil den sórt sin faoi réir Rialachán (AE) 2016/679 (8) agus Threoir (AE) 2016/680 (9) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle sa raon feidhme faoi seach dá gcur i bhfeidhm. A mhéid a bhaineann sé leis an rochtain atá ag Oifigí um Aisghabháil Sócmhainní ar chlárlanna láraithe cuntas bainc agus ar chórais aisghabhála sonraí, tá feidhm ag Treoir (AE) 2016/680, ach níl feidhm ag Airteagal 5(2) de Chinneadh 2007/845/CGB ón gComhairle (10) maidir. A mhéid a bhaineann le Europol, tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/794 ina leith sin. Le haghaidh cosaint sonraí pearsanta a áirithiú, ba cheart coimircí agus coinníollacha sonracha agus breise a leagan síos sa Treoir seo i ndáil le sásraí arb é is aidhm dóibh próiseáil sonraí íogaire agus próiseáil taifead iarrataí faisnéise a áirithiú.

(26)

Maidir le haon sonraí pearsanta a fhaightear faoin Treoir seo, níor cheart do na húdaráis inniúla iad a phróiseáil i gcomhréir leis na rialacha cosanta sonraí is infheidhme ach nuair is gá sin agus nuair is comhréireach sin chun críocha coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh.

(27)

Ina theannta sin, ar mhaithe leis an gceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint agus an ceart chun príobháideachta a urramú, agus ar mhaithe le srian a chur le tionchar na rochtana ar an bhfaisnéis atá i gclárlanna láraithe cuntas bainc agus i gcórais aisghabhála sonraí, tá sé riachtanach foráil a dhéanamh maidir le coinníollacha lena gcuirtear srian leis an rochtain sin. Go háirithe, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh feidhm ag beartais iomchuí chosanta sonraí agus ag bearta iomchuí cosanta sonraí maidir leis an rochtain ar shonraí pearsanta ag na húdaráis inniúla chun críocha na Treorach seo. Is ag comhaltaí foirne údaraithe amháin a bheidh rochtain ar fhaisnéis ina bhfuil sonraí pearsanta is féidir a fháil ó na clárlanna láraithe cuntas bainc nó trí phróisis fíordheimhniúcháin. Ba cheart do na baill foirne sin ar deonaíodh rochtain dóibh ar shonraí íogaire den sórt seo, oiliúint a fháil i dtaca leis na cleachtais slándála maidir leis na sonraí a mhalartú agus a láimhseáil.

(28)

Níor cheart aistriú sonraí airgeadais chuig tríú tíortha agus chuig comhpháirtithe idirnáisiúnta chun críocha na Treorach seo a cheadú ach amháin faoi na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil V de Rialachán (AE) 2016/679 nó i gCaibidil V de Threoir (AE) 2016/680.

(29)

Ba cheart don Choimisiún tuairisc a thabhairt ar chur chun feidhme na Treorach seo 3 bliana tar éis a dáta trasuí agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin. I gcomhréir leis an gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (11), ba cheart don Choimisiún freisin meastóireacht a dhéanamh ar an Treoir seo ar bhonn na faisnéise arna bailiú trí shocruithe faireacháin sonracha chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí iarbhír na Treorach agus ar an ngá atá ann le haon ghníomhaíocht eile.

(30)

Is é is aidhm don Treoir seo a áirithiú go nglacfar rialacha chun leibhéal níos airde slándála a thabhairt do shaoránaigh an Aontais tríd an gcoireacht a chosc agus a chomhrac, de bhun Airteagal 67 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). De bharr a gcineáil thrasnáisiúnta, is ar an Aontas ina iomláine a théann na bagairtí sceimhlitheoireachta agus coiriúla i bhfeidhm agus, dá bhrí sin, teastaíonn freagairt uile-Aontais dóibh. Tá seans ann go ndéanfadh coirpigh dúshaothrú ar an easpa úsáide éifeachtúla a bhaintear as faisnéis cuntas bainc agus faisnéis airgeadais i mBallstát agus go mbainfidh siad tairbhe as sin, agus is féidir leis an méid sin iarmhairtí a bheith aige ar Bhallstát eile.

(31)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, eadhon feabhas a chur ar an rochtain ar fhaisnéis atá ag AFAnna agus ag údaráis phoiblí atá freagrach as coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh, feabhas a chur ar a gcumas imscrúduithe airgeadais a chur i gcríoch agus comhar eatarthu a fheabhsú, a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(32)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Treoir seo a chur chun feidhme i ndáil le húdarú Ballstát chun comhaontuithe a chur i bhfeidhm go sealadach nó a thabhairt i gcrích le tríú tíortha atá ina bpáirtithe conarthacha den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, maidir le hábhair a thagann faoi raon feidhme Chaibidil II den Treoir seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12).

(33)

Ba cheart Cinneadh 2000/642/CGB ón gComhairle a aisghairm toisc go rialáiltear ábhar an Chinnidh sin le gníomhartha eile ón Aontas agus nach bhfuil sé ag teastáil a thuilleadh.

(34)

I gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, tá fógra tugtha ag an Ríocht Aontaithe agus ag Éirinn gur mian leo bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm na Treorach seo.

(35)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh na Treorach seo agus níl sí faoi cheangal aici ná faoi réir a cur i bhfeidhm.

(36)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) agus thug sé tuairim an 10 Meán Fómhair 2018,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

1.   Leagtar síos leis an Treoir seo bearta arb é is aidhm dóibh éascú a dhéanamh ar an rochtain agus ar an úsáid atá ag na húdaráis inniúla ar fhaisnéis airgeadais agus faisnéis cuntas bainc d’fhonn cionta coiriúla tromchúiseacha a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh. Leagtar síos léi freisin bearta arb é is aidhm dóibh éascú a dhéanamh ar an rochtain atá ag Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais (“AFAnna”) ar fhaisnéis forfheidhmithe dlí le haghaidh sciúradh airgid, cionta preideacáide gaolmhara agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac agus bearta chun an comhar idir AFAnna a éascú.

2.   Ní dochar an Treoir seo do na nithe seo a leanas:

(a)

Treoir (AE) 2015/849 agus forálacha gaolmhara an dlí náisiúnta, lena n-áirítear an stádas eagraíochtúil a thugtar do AFAnna faoin dlí náisiúnta mar aon le neamhspleáchas oibríochtúil agus uathriail na nAonad sin;

(b)

bealaí chun faisnéis a mhalartú idir na húdaráis inniúla nó cumhachtaí na n-údarás inniúil faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta chun faisnéis a fháil ó eintitis atá faoi oibleagáid;

(c)

Rialachán (AE) 2016/794;

(d)

na hoibleagáidí a eascraíonn as ionstraimí de chuid an Aontais ar chúnamh dlíthiúil frithpháirteach nó maidir le haitheantas frithpháirteach cinntí i dtaca le hábhair choiriúla agus as Cinneadh Réime 2006/960/JHA.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “clárlanna láraithe cuntas bainc” na sásraí láraithe uathoibrithe, amhail clárlanna lárnacha nó córais lárnacha leictreonacha aisghabhála sonraí, arna gcur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 32a(1) de Threoir (AE) 2015/849;

(2)

ciallaíonn “Oifigí um Aisghabháil Sócmhainní” na hoifigí náisiúnta arna gcur ar bun nó arna n-ainmniú ag gach Ballstát de bhun Chinneadh 2007/845/CGB;

(3)

ciallaíonn “Aonad um Fhaisnéis Airgeadais (‘AFA’)” AFA arna bhunú de bhun Airteagal 32 de Threoir (AE) 2015/849;

(4)

ciallaíonn “eintitis atá faoi oibleagáid” na heintitis a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Threoir (AE) 2015/849;

(5)

ciallaíonn “faisnéis airgeadais” aon chineál faisnéise nó sonraí, amhail sonraí maidir le sócmhainní airgeadais, gluaiseachtaí cistí nó gaolmhaireachtaí gnó airgeadais, a choimeádann AFAnna cheana féin chun sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc, a bhrath agus a chomhrac go héifeachtach;

(6)

ciallaíonn “faisnéis forfheidhmithe dlí”:

(i)

aon chineál faisnéise nó sonraí a choimeádann na húdaráis inniúla cheana féin i dtaca le cionta coiriúla a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh;

(ii)

aon chineál faisnéise nó sonraí a choimeádann na húdaráis phoiblí nó eintitis phríobháideacha i gcomhthéacs cionta coiriúla a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh agus atá ar fáil do na húdaráis inniúla gan bearta comhéigneacha a dhéanamh faoin dlí náisiúnta;

féadfar a áireamh san fhaisnéis sin, inter alia, taifid choiriúla, faisnéis i ndáil le himscrúduithe, faisnéis i ndáil le calcadh nó urghabháil sócmhainní nó i ndáil le bearta imscrúdaitheacha nó sealadacha eile agus faisnéis maidir le ciontuithe agus coigistithe;

(7)

ciallaíonn “faisnéis cuntas bainc” an fhaisnéis seo a leanas maidir le cuntais bhainc agus cuntais íocaíochta agus taisceadáin atá sna clárlanna láraithe cuntas bainc:

(i)

maidir le sealbhóir an chuntais custaiméara agus aon duine a bheartaíonn a bheith ag gníomhú thar ceann an chustaiméara: an t-ainm, arna chomhlánú leis na sonraí aitheantais eile a cheanglaítear faoi na forálacha náisiúnta lena dtrasuítear pointe (a) d’Airteagal 13(1) de Threoir (AE) 2015/849 nó le huimhir aitheantais uathúil;

(ii)

maidir le húinéir tairbhiúil shealbhóir an chuntais custaiméara: an t-ainm, arna chomhlánú leis na sonraí aitheantais eile a cheanglaítear faoi na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear i bpointe (b) d’Airteagal 13(1) de Threoir (AE) 2015/849 nó le huimhir aitheantais uathúil;

(iii)

maidir leis an gcuntas bainc nó an cuntas íocaíochta: an uimhir IBAN agus an dáta a osclaíodh agus a dúnadh an cuntas;

(iv)

maidir leis an taisceadáin: ainm an léasaí, arna chomhlánú leis na sonraí aitheantais eile a cheanglaítear faoi na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 13(1) de Threoir (AE) 2015/849 nó le huimhir aitheantais uathúil, agus fad na tréimhse léasa;

(8)

ciallaíonn “sciúradh airgid” an t-iompar a shainmhínítear in Airteagal 3 de Threoir (AE) 2018/1673 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14);

(9)

ciallaíonn “cionta preideacáide gaolmhara” na cionta dá dtagraítear i bpointe (1) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/1673;

(10)

ciallaíonn “maoiniú na sceimhlitheoireachta” an t-iompar a shainmhínítear in Airteagal 11 de Threoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15);

(11)

ciallaíonn “anailís airgeadais” torthaí na hanailíse oibríochtúla agus straitéisí arna déanamh cheana féin ag AFAnna chun a gcúraimí de bhun Threoir (AE) 2015/849 a chomhlíonadh;

(12)

ciallaíonn “cionta coiriúla tromchúiseacha” na saghsanna coireachta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/794.

Airteagal 3

Údaráis inniúla a ainmniú

1.   Ainmneoidh gach Ballstát, as measc a chuid údarás atá inniúil ar chionta coiriúla a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh, na húdaráis inniúla a bhfuil an chumhacht tugtha dóibh a chlárlann láraithe náisiúnta cuntas bainc a rochtain agus a chuardach. Áireofar ar na húdaráis inniúla sin, ar a laghad, na hOifigí um Aisghabháil Sócmhainní.

2.   Ainmneoidh gach Ballstát, as measc a chuid údarás atá inniúil ar chionta coiriúla a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh, na húdaráis inniúla ar féidir leo faisnéis airgeadais nó anailís airgeadais a iarraidh nó a fháil ón AFA.

3.   Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún faoina údaráis inniúla ainmnithe de bhun mhír 1 agus mír 2 faoin 2 Nollaig 2021, agus tabharfaidh sé fógra don Choimisiún faoi aon leasú ina leith. Foilseoidh an Coimisiún na fógraí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

CAIBIDIL II

ROCHTAIN AG ÚDARÁIS INNIÚLA AR FHAISNÉIS CUNTAS BAINC

Airteagal 4

Rochtain agus cuardaigh ag údaráis inniúla ar fhaisnéis cuntas bainc

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ag na húdaráis inniúla náisiúnta arna n-ainmniú de bhun Airteagal 3(1) an chumhacht chun faisnéis cuntas bainc a rochtain agus a chuardach, go díreach agus go láithreach, nuair is gá dóibh déanamh amhlaidh chun cion coiriúil tromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh nó chun tacú le himscrúdú coiriúil ar chion coiriúil tromchúiseach, lena n-áirítear na sócmhainní a bhaineann le himscrúdú den sórt sin a shainaithint, a rianú agus a chalcadh. Measfar an rochtain agus na cuardaigh a bheith díreach agus láithreach, inter alia, i gcás ina dtarchuireann na húdaráis náisiúnta a oibríonn na clárlanna láraithe cuntas bainc an fhaisnéis cuntas bainc chuig údaráis inniúla go mear trí shásra uathoibrithe, ar choinníoll nach mbeidh aon institiúid idirmheánach ábalta cur isteach ar na sonraí a iarradh ná ar an bhfaisnéis atá le cur ar fáil.

2.   An fhaisnéis bhreise a mheasann na Ballstáit a bheith riachtanach agus a chuireann siad ar áireamh sna clárlanna láraithe cuntas bainc de bhun Airteagal 32a(4) de Threoir (AE) 2015/849, ní bheidh sí inrochtana ná inchuardaithe ag údaráis inniúla de bhun na Treorach seo.

Airteagal 5

Coinníollacha don rochtain agus do na cuardaigh ag údaráis inniúla

1.   Baill foirne gach údarás inniúil ar ainmníodh agus ar údaraíodh go sonrach iad chun faisnéis cuntas bainc a rochtain agus a chuardach i gcomhréir le hAirteagal 4, is iad na daoine sin amháin a chomhlíonfaidh na cúraimí sin agus déanfaidh siad amhlaidh ar bhonn cáis.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcoinneoidh foirne na n-údarás inniúil ainmnithe ardchaighdeáin maidir le rúndacht agus le cosaint sonraí, go mbeidh ardleibhéal ionracais acu agus go mbeidh na scileanna iomchuí acu.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil bearta teicniúla agus eagraíochtúla ar bun lena n-áirithítear slándáil na sonraí ar ardchaighdeáin teicneolaíochta chun críche feidhmiú na gcumhachtaí ag údaráis inniúla le rochtain a fháil ar fhaisnéis maidir le cuntais bainc i gcomhréir le hAirteagal 4 agus maidir leis an bhfaisnéis sin a chuardach.

Airteagal 6

Faireachán a dhéanamh ar rochtain agus ar chuardaigh ag údaráis inniúla

1.   Déanfaidh na Ballstáit foráil go n-áiritheoidh na húdaráis a oibríonn na clárlanna láraithe cuntas bainc go ndéanfar logaí a choinneáil gach uair a dhéanann údaráis inniúla ainmnithe faisnéis cuntas bainc a rochtain agus a chuardach. Áireofar an méid seo a leanas go háirithe leis na logaí:

(a)

an tagairt comhaid náisiúnta;

(b)

dáta agus am an fhiosraithe nó an chuardaigh;

(c)

an cineál sonraí a úsáideadh chun an fiosrú nó an cuardach a sheoladh;

(d)

sainaitheantóir uathúil na dtorthaí;

(e)

ainm an údaráis inniúil ainmnithe a bhreathnaigh ar an gclárlann;

(f)

sainaitheantóir uathúil úsáideora an oifigigh a rinne an fiosrú nó an cuardach agus, i gcás inarb infheidhme, an oifigigh a d’ordaigh an fiosrú nó an cuardach agus, a mhéid is féidir, sainaitheantóir uathúil úsáideora fhaighteoir na dtorthaí nó an fhiosraithe nó an chuardaigh.

2.   Déanfaidh oifigigh cosanta sonraí na gclárlann láraithe cuntas bainc na logaí a sheiceáil go rialta. Cuirfear na logaí ar fáil, arna iarraidh sin, don údarás maoirseachta inniúil arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 41 de Threoir (AE) 2016/680.

3.   Ní úsáidfear na logaí ach amháin chun faireachán a dhéanamh ar chosaint sonraí, lena n-áirítear inghlacthacht na hiarrata agus dlíthiúlacht na próiseála sonraí a sheiceáil, agus chun slándáil sonraí a áirithiú. Cosnófar na logaí trí bhearta iomchuí a dhéanamh in aghaidh rochtain neamhúdaraithe agus léirscriosfar iad 5 bliana tar éis a gcruthaithe, ach amháin i gcás ina mbeidh siad ag teastáil le haghaidh faireachán a dhéanamh ar nósanna imeachta atá ar siúl.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis a oibreoidh na clárlanna láraithe cuntas bainc bearta iomchuí a ghlacadh ionas go mbeidh na baill foirne ar an eolas faoin dlí Aontais agus faoin dlí náisiúnta is infheidhme, lena n-áirítear na rialacha cosanta sonraí is infheidhme. Áireofar ar na bearta sin cláir oiliúna speisialaithe.

CAIBIDIL III

MALARTÚ FAISNÉISE IDIR ÚDARÁIS INNIÚLA AGUS AFAnna AGUS IDIR AFAnna

Airteagal 7

Iarrataí ar fhaisnéis arna ndéanamh ag údaráis inniúla chuig AFA

1.   Faoi réir coimircí nós imeachta náisiúnta, áiritheoidh gach Ballstát go gceanglófar ar a AFA dul i gcomhar lena údaráis inniúla ainmnithe dá dtagraítear in Airteagal 3(2) agus a bheith in ann freagra a thabhairt, go tráthúil, ar iarrataí réasúnaithe ar fhaisnéis airgeadais nó anailís airgeadais arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla ainmnithe sin ina mBallstát faoi seach, i gcás ina mbeidh an fhaisnéis airgeadais nó an anailís airgeadais sin riachtanach, ar bhonn cáis agus i gcás inarb é is bun leis an iarraidh sin ábhair imní a bhaineann le cionta coiriúla tromchúiseacha a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh.

2.   I gcás ina mbeidh forais oibiachtúla chun glacadh leis go mbeadh tionchar diúltach ag soláthar na faisnéise sin ar imscrúduithe nó anailísí leanúnacha, nó, i gcúinsí eisceachtúla, i gcás ina mbeadh nochtadh na faisnéise ar neamhréir go soiléir le leasanna dlisteanacha duine nádúrtha nó duine dhlítheanaigh nó neamhábhartha maidir leis na críocha dár iarradh é, ní bheidh aon oibleagáid ar an AFA an iarraidh ar fhaisnéis a chomhlíonadh.

3.   Déanfar aon úsáid chun críocha thar a formheasadh ar dtús, a chur faoi réir toiliú a fháil roimh ré ón AFA sin. Míneoidh AFAnna go hiomchuí aon diúltú maidir le hiarraidh ar fhaisnéis a rinneadh faoi mhír 1.

4.   Is faoin AFA i gcónaí an cinneadh maidir le scaipeadh faisnéise a dhéanamh.

5.   Féadfaidh na húdaráis inniúla ainmnithe an fhaisnéis airgeadais agus an anailís airgeadais a fhaightear ón AFA a phróiseáil chun na gcríoch sonrach arb iad cionta coiriúla tromchúiseacha a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh seachas na críocha ar chucu a bhailítear sonraí pearsanta i gcomhréir le hAirteagal 4(2) de Threoir (AE) 2016/680.

Airteagal 8

Iarrataí ar fhaisnéis arna ndéanamh ag AFA chuig údaráis inniúla

Faoi réir coimircí nós imeachta náisiúnta agus i dteannta na rochtana ar fhaisnéis ag AFAnna, dá bhforáiltear in Airteagal 32(4) de Threoir (AE) 2015/849, áiritheoidh gach Ballstát go gceanglófar ar a údaráis inniúla ainmnithe freagra a thabhairt, ar bhealach tráthúil, ar iarrataí ar fhaisnéis forfheidhmithe dlí arna ndéanamh ag AFA i gcás ina mbeidh an fhaisnéis sin riachtanach, ar bhonn cáis, chun sciúradh airgid, cionta preideacáide gaolmhara agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, a bhrath agus a chomhrac.

Airteagal 9

Malartú faisnéise idir AFAnna de chuid Ballstát éagsúil

1.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcásanna eisceachtúla práinneacha, go bhfuil a AFAnna i dteideal faisnéis airgeadais nó anailís airgeadais a mhalartú a d’fhéadfadh a bheith ábhartha maidir le próiseáil nó anailísiú faisnéise a bhaineann leis an sceimhlitheoireacht nó leis an gcoireacht eagraithe a bhfuil baint aici leis an sceimhlitheoireacht.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit sna cásanna dá dtagraítear i mír 1 agus faoi réir a gcuid srianta oibríochtúla, go bhféachann AFAnna leis an bhfaisnéis sin a mhalartú go pras.

Airteagal 10

Malartú faisnéise idir údaráis inniúla Ballstát éagsúil

1.   Faoi réir coimircí nós imeachta náisiúnta, áiritheoidh gach Ballstát go bhfuil a údaráis inniúla arna n-ainmniú de bhun Airteagal 3(2) in ann faisnéis airgeadais nó anailís airgeadais a mhalartú, arna iarraidh sin dó agus ar bhonn cáis, a fuarthas ó AFA a Bhallstáit, le húdarás inniúil ainmnithe i mBallstát eile, i gcás ina mbeidh an fhaisnéis airgeadais nó an anailís airgeadais sin riachtanach chun sciúradh airgid, cionta preideacáide gaolmhara agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, a bhrath agus a chomhrac.

Déanfaidh gach Ballstát a áirithiú nach mbainfidh a n-údarás inniúla ainmnithe úsáid as an bhfaisnéis airgeadais ná as an anailís airgeadais a mhalartaítear de bhun an Airteagail seo ach chun na críche ar iarradh nó ar soláthraíodh í.

Déanfaidh gach Ballstát a áirithiú go mbeidh aon scaipeadh faisnéise airgeadais nó anailíse airgeadais a fuair na húdaráis inniúla ainmnithe ó AFA an Bhallstáit sin ar aon údarás, gníomhaireacht nó roinn eile nó aon úsáid eile den fhaisnéis sin chun críocha thar a formheasadh ar dtús, faoi réir toiliú a fháil roimh ré ón AFA a sholáthraíonn an fhaisnéis.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéantar iarraidh arna déanamh de bhun an Airteagail seo agus an freagra ar an iarraidh sin a tharchur agus úsáid a bhaint as tiomnaithe slán cumarsáide leictreonaí lena n-áirithítear ardleibhéal slándála sonraí.

CAIBIDIL IV

MALARTÚ FAISNÉISE LE EUROPOL

Airteagal 11

Faisnéis cuntas bainc a sholáthar do Europol

Áiritheoidh gach Ballstát go bhfuil a údaráis inniúla i dteideal freagra a thabhairt, trí Aonad Náisiúnta Europol nó, má cheadaíonn an Ballstát sin é, trí theagmháil dhíreach le Europol, ar iarrataí a bhfuil údar iomchuí leo a bhaineann le faisnéis cuntas bainc arna ndéanamh ag Europol ar bhonn cáis laistigh de theorainneacha a fhreagrachtaí agus chun a chúraimí a chomhlíonadh. Beidh feidhm ag Airteagal 7(6) agus (7) de Rialachán (AE) 2016/794.

Airteagal 12

Malartú faisnéise idir Europol agus AFAnna

1.   Áiritheoidh gach Ballstát go bhfuil a AFA i dteideal freagra a thabhairt ar iarrataí a bhfuil údar iomchuí leo arna ndéanamh ag Europol trí Aonad Náisiúnta Europol, má cheadaíonn an Ballstát é, nó trí theagmháil dhíreach idir an AFA agus Europol. Beidh baint ag iarrataí den sórt sin le faisnéis airgeadais agus anailís airgeadais agus déanfar iad ar bhonn cáis laistigh de theorainneacha fhreagrachtaí Europol chun a chúraimí a chomhlíonadh.

2.   Beidh feidhm ag Airteagal 32(5) de Threoir (AE) 2015/849 agus Airteagal 7(6) agus (7) de Rialachán (AE) 2016/794 maidir leis na malartuithe a dhéantar de bhun an Airteagail seo.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar aon mhainneachtain iarraidh a chomhlíonadh a mhíniú go hiomchuí.

Airteagal 13

Socruithe mionsonraithe maidir le malartú faisnéise

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na malartuithe faisnéise go leictreonach de bhun Airteagail 11 agus 12 den Treoir seo i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/794 trí na nithe seo a leanas:

(a)

SIENA nó trína chomharba, sa teanga is infheidhme maidir le SIENA; nó

(b)

i gcás inarb infheidhme, trí FIU.Net nó trína chomharba.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar malartú faisnéise faoi Airteagal 12 go tráthúil agus i ndáil leis sin go gcaithfear le hiarrataí ar fhaisnéis arna ndéanamh ag Europol amhail agus gur tháinig siad ó AFA eile.

Airteagal 14

Ceanglais cosanta sonraí

1.   Na baill foirne laistigh de Europol ar ainmníodh agus ar údaraíodh go sonrach iad chun próiseáil a dhéanamh ar shonraí pearsanta a bhaineann le faisnéis cuntas bainc, faisnéis airgeadais agus anailís airgeadais dá dtagraítear in Airteagail 11 agus 12 den Treoir seo, is iad na baill foirne sin amháin a chomhlíonfaidh na cúraimí sin i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2016/794.

2.   Cuirfidh Europol an t-oifigeach cosanta sonraí arna cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 41 de Rialachán (AE) 2016/794 ar an eolas faoi gach malartú faisnéise de bhun Airteagail 11, 12 agus 13 den Treoir seo.

CAIBIDIL V

FORÁLACHA BREISE A BHAINEANN LE PRÓISEÁIL SONRAÍ PEARSANTA

Airteagal 15

Raon Feidhme

Ní bheidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le húdaráis inniúla ainmnithe agus AFAnna ach amháin maidir le malartú faisnéise de bhun Chaibidil III agus i ndáil le faisnéis airgeadais agus anailís airgeadais a bhaineann le haonaid náisiúnta Europol a mhalartú de bhun Chaibidil IV.

Airteagal 16

Sonraí pearsanta íogaire a phróiseáil

1.   Ní cheadófar próiseáil a dhéanamh ar shonraí pearsanta lena nochtar bunadh cine nó eitneach duine, a thuairimí polaitiúla, a chreidimh reiligiúnacha nó fealsúnachta, ná ar shonraí a bhaineann lena bhallraíocht i gceardchumann nó sonraí a bhaineann le sláinte, saol gnéis nó gnéaschlaonadh duine nádúrtha ach amháin faoi réir coimircí iomchuí maidir le cearta agus saoirsí an ábhair sonraí i gcomhréir leis na rialacha cosanta sonraí is infheidhme.

2.   Baill foirne sainoilte a bheidh údaraithe go sonrach ag an rialaitheoir déanamh amhlaidh, is iad na haon daoine sin a fhéadfaidh na sonraí dá dtagraítear i mír 1 a rochtain agus a phróiseáil faoi threoir an oifigigh chosanta sonraí.

Airteagal 17

Taifid ar iarrataí faisnéise

Áiritheoidh na Ballstáit go gcoinneofar taifid a bhaineann le hiarrataí ar fhaisnéis de bhun na Treorach seo. Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sna taifid sin:

(a)

ainm agus sonraí teagmhála na heagraíochta agus an bhaill foirne a d’iarr an fhaisnéis agus, a mhéid is féidir, faighteoir thorthaí an fhiosraithe nó an chuardaigh;

(b)

an tagairt don chás náisiúnta ar ina leith a iarradh an fhaisnéis;

(c)

ábhar na n-iarrataí; agus

(d)

aon bhearta a rinneadh chun na hiarrataí sin a chur i gcrích.

Coinneofar na taifid ar feadh tréimhse 5 bliana tar éis a gcruthaithe agus ní úsáidfear iad ach amháin chun dlíthiúlacht na próiseála sonraí pearsanta a sheiceáil. Cuirfidh na húdaráis lena mbaineann gach taifead ar fáil don údarás maoirseachta náisiúnta arna iarraidh sin dó.

Airteagal 18

Srianta ar chearta na n-ábhar sonraí

Féadfaidh na Ballstáit bearta reachtacha a ghlacadh lena gcuirfear srian, go hiomlán nó go páirteach, ar cheart ábhar sonraí chun rochtain a fháil ar shonraí pearsanta a bhaineann leo a phróiseáiltear faoin Treoir seo i gcomhréir le hAirteagal 23(1) de Rialachán (AE) 2016/679 nó le hAirteagal 15(1) de Threoir (AE) 2016/680, de réir mar is infheidhme.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 19

Faireachán

1.   Déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú ar a éifeachtaí atá a gcórais chun cionta coiriúla tromchúiseacha a chomhrac trí staitisticí cuimsitheacha a choinneáil.

2.   Faoin 1 Feabhra 2020, bunóidh an Coimisiún clár mionsonraithe chun faireachán a dhéanamh ar aschuir, torthaí agus tionchar na Treorach seo.

Leagfar amach sa chlár sin na modhanna trína mbaileofar na sonraí agus fianaise riachtanach eile agus na heatraimh ag a ndéanfar amhlaidh. Sonrófar ann an ghníomhaíocht a dhéanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit le linn dóibh na sonraí agus fianaise eile a bhailiú agus a anailísiú.

Soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún na sonraí agus fianaise eile atá riachtanach le haghaidh an fhaireacháin.

3.   In aon chás, áireofar an fhaisnéis seo a leanas leis na staitisticí dá dtagraítear i mír 1:

(a)

an líon cuardach a rinne údaráis inniúla ainmnithe i gcomhréir le hAirteagal 4;

(b)

sonraí lena dtomhaistear an líon iarrataí a d’eisigh gach údarás faoin Treoir seo, an ghníomhaíocht a rinneadh de bhun na n-iarrataí sin, an líon cásanna a imscrúdaíodh agus an líon daoine a ionchúisíodh, an líon daoine a ciontaíodh i gcionta coiriúla tromchúiseacha, i gcás ina bhfuil faisnéis den sórt sin ar fáil;

(c)

sonraí lena dtomhaistear an t-am a thógann sé ar údarás freagra a thabhairt ar iarraidh tar éis an iarraidh a fháil;

(d)

má tá siad ar fáil, sonraí lena dtomhaistear costas na n-acmhainní daonna nó na n-acmhainní teicneolaíochta faisnéise atá dírithe ar iarrataí intíre agus trasteorann a thagann faoin Treoir seo.

4.   Eagróidh na Ballstáit táirgeadh agus bailiú na staitisticí agus cuirfidh siad na staitisticí dá dtagraítear i mír 3 faoi bhráid an Choimisiúin ar bhonn bliantúil.

Airteagal 20

An gaol le hionstraimí eile

1.   Ní chuirfear bac ar na Ballstáit, leis an Treoir seo, comhaontuithe nó socruithe déthaobhacha nó iltaobhacha nó socruithe eatarthu féin maidir leis an malartú faisnéise idir údaráis inniúla a choimeád nó a thabhairt i gcrích, a mhéid atá comhaontuithe nó socruithe den sórt sin ag teacht le dlí an Aontais, leis an Treoir seo go mór mór.

2.   Ní dochar an Treoir seo d’aon oibleagáidí atá ar Bhallstáit nó ar an Aontas faoi chomhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha atá ann le tríú tíortha ná ar aon cheangaltais atá ar na Ballstáit nó ar an Aontas fúthu.

3.   Gan dochar do roinnt na n-inniúlachtaí idir an tAontas agus na Ballstáit, i gcomhréir le dlí an Aontais, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún go bhfuil rún acu dul i mbun caibidlíochta faoi chomhaontuithe idir na Ballstáit agus tríú tíortha, ar páirtithe conarthacha sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch iad maidir le hábhair a thagann faoi raon feidhme Chaibidil II na Treorach seo, agus iad a thabhairt i gcrích,

Más rud é, laistigh de 2 mhí tar éis dó fógra a fháil go bhfuil rún ag Ballstát dul i mbun caibidlíochta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, go dtagann an Coimisiún ar an tátal gur dócha go mbainfeadh an chaibidlíocht an bonn de bheartais ábhartha an Aontais nó go dtiocfadh comhaontú as nach luíonn le dlí an Aontais, cuirfidh sé an Ballstát ar an eolas dá réir.

Coinneoidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas go rialta faoi aon chaibidlíocht den sórt sin agus, i gcás inarb infheidhme, iarrfaidh siad ar an gCoimisiún a bheith rannpháirteach mar bhreathnóir.

Údarófar dó na Ballstáit comhaontuithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur i bhfeidhm go sealadach nó a thabhairt i gcrích, ar choinníoll iad a bheith i gcomhréir le dlí an Aontais, agus nach ndéantar díobháil do chuspóir agus críoch bheartais ábhartha an Aontais. Glacfaidh an Coimisiún cinntí den sórt sin maidir le húdarú trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 22.

Airteagal 21

Meastóireacht

1.   Faoin 2 Lúnasa 2024, agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, dréachtóidh an Coimisiún tuarascáil ar chur chun feidhme na Treorach seo agus cuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle í. Cuirfear an tuarascáil ar fáil don phobal.

2.   I gcomhréir le hAirteagal 65(2) de Threoir (AE) 2015/849, déanfaidh an Coimisiún na bacainní agus na deiseanna a mheas ar mhaithe leis an comhar idir na AFAnna san Aontas a fheabhsú, lena n-áirítear an fhéidearthacht a bhaineann le sásra comhordúcháin agus tacaíochta a bhunú agus a iomchuí a bheidh sé sin.

3.   Faoin 2 Lúnasa 2024, eiseoidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle chun a riachtanaí agus a chomhréirí atá sé cur leis an sainmhíniú ar fhaisnéis le go gcuimseofaí aon chineál faisnéise nó sonraí atá i seilbh údaráis phoiblí nó eintitis atá faoi oibleagáid agus atá ar fáil d’AFAnna gan bearta comhéigneacha a dhéanamh faoin dlí náisiúnta, agus déanfaidh sé togra reachtach a thíolacadh i gcás inarb iomchuí.

4.   Faoin 2 Lúnasa 2024, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na deiseanna agus na dúshláin a bhaineann le malartú faisnéis airgeadais nó anailís airgeadais idir AFAnna laistigh den Aontas a leathnú le go gcuimseofaí malartuithe a bhaineann le cionta coiriúla tromchúiseacha seachas an sceimhlitheoireacht agus an choireacht eagraithe a bhaineann leis an sceimhlitheoireacht.

5.   Tráth nach luaithe ná 2 Lúnasa 2027, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Treoir seo agus cuirfidh sé tuarascáil ar na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Áireofar leis an tuarascáil freisin meastóireacht ar an dóigh ar urramaíodh na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

6.   Chun críocha mhíreanna 1 go 4 den Airteagal seo, soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún an fhaisnéis atá riachtanach. Tabharfaidh an Coimisiún aird ar na staitisticí arna gcur isteach ag na Ballstáit faoi Airteagal 19 agus féadfaidh sé faisnéis bhreise a iarraidh ó na Ballstáit agus ó údaráis mhaoirseachta.

Airteagal 22

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 23

Trasuí

Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a thabhairt i bhfeidhm faoin 1 Lúnasa 2021. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas maidir an méid sin láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a dhéanfaidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh a leagan síos.

Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 24

Aisghairm Chinneadh 2000/642/CGB

Déantar Cinneadh 2000/642/CGB a aisghairm le héifeacht ón 1 Lúnasa 2021..

Airteagal 25

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 26

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna déanamh sa Bhruiséil, an 20 Meitheamh 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  IO C 367, 10.10.2018, lch. 84.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil)] agus cinneadh ón gComhairle an 14 Meitheamh 2019.

(3)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).

(4)  Cinneadh Réime 2006/960/CGB ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir leis an malartú eolais agus faisnéise a shimpliú idir na húdaráis forfheidhmithe dlí, ar údaráis de chuid Bhallstáit an Aontais Eorpaigh iad (IO L 386, 29.12.2006, lch. 89).

(5)  Treoir 2014/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir leis an Ordú Imscrúdaithe Eorpach a úsáid in imeachtaí in ábhair choiriúla (IO L 130, 1.5.2014, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53).

(7)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe ar Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) a bhunú (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(9)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).

(10)  Cinneadh Réime 2007/845/CGB an 6 Nollaig 2007 maidir le comhar idir Oifigí Gnóthaithe Sócmhainní na mBallstát i dtaca le fáltas nó réadmhaoine eile a bhaineann le coireacht a rianú agus a aithint (IO L 332, 18.12.2007, lch. 103).

(11)  Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(13)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(14)  Treoir (AE) 2018/1673 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le sciúradh airgid a chomhrac tríd an dlí coiriúil (IO L 284, 12.11.2018, lch. 22).

(15)  Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle (IO L 88, 31.3.2017, lch. 6).


Top