EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32019D0584

Cinneadh (AE) 2019/584 ón gComhairle Eorpach arna dhéanamh i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe an 11 Aibreán 2019 lena gcuirtear síneadh leis an tréimhse faoi Airteagal 50(3)CAE

OJ L 101, 11.4.2019, p. 1–3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2019/584/oj

11.4.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


CINNEADH (AE) 2019/584 ÓN gCOMHAIRLE EORPACH

arna dhéanamh i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe

an 11 Aibreán 2019

lena gcuirtear síneadh leis an tréimhse faoi Airteagal 50(3)CAE

TÁ AN CHOMHAIRLE EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 50(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 29 Márta 2017, thug an Ríocht Aontaithe fógra don Chomhairle Eorpach go raibh sé ar intinn aici tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach ('Euratom) i gcomhréir le hAirteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, a bhfuil feidhm aige maidir le Euratom de bhua Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 50 CAE, chaibidligh an tAontas Eorpach comhaontú leis an Ríocht Aontaithe lena leagtar amach na socruithe dá tarraingt siar, ag féachaint don chreat don chaidreamh a bheidh aici leis an Aontas sa todhchaí.

(3)

An 25 Samhain 2018, d'fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an dréacht-Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach ('an Comhaontú um Tharraingt Siar'), agus d'fhormheas sí an Dearbhú Polaitiúil lena leagtar amach an creat don chaidreamh a bheidh ann sa todhchaí idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann. An 11 Eanáir 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2019/274 (1) maidir le síniú an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar (2).

(4)

De réir Airteagal 50(3) CAE, tá na Conarthaí le scor d'fheidhm a bheith acu maidir leis an mBallstát atá ag tarraingt siar ó dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar nó, ina éagmais sin, dhá bhliain tar éis an fhógra, ach amháin má chinneann an Chomhairle Eorpach d'aon toil, i gcomhaontú leis an mBallstát i dtrácht, an tréimhse sin a shíneadh.

(5)

Thíolaic an Ríocht Aontaithe, i litir an 20 Márta 2019, iarraidh ar an tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 50(3) CAE a shíneadh go dtí an 30 Meitheamh 2019, d'fhonn daingniú an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar a chur i gcrích.

(6)

Le Cinneadh (EU) 2019/476 (3), chinn an Chomhairle Eorpach, i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, síneadh a chur leis an tréimhse faoi Airteagal 50(3) CAE go dtí an 22 Bealtaine 2019 i gcás ina bhformheasfadh Teach na dTeachtaí an Comhaontú um Tharraingt Siar faoin 29 Márta 2019. Mura ndéanfaí an formheas, d'aontaigh an Chomhairle Eorpach le síneadh go dtí an 12 Aibreán 2019 agus shonraigh sí go raibh sí ag súil go léireodh an Ríocht Aontaithe bealach chun cinn roimh an 12 Aibreán 2019, a mbreithneodh an Chomhairle Eorpach é.

(7)

Ní dhearna Teach na dTeachtaí an Comhaontú um Tharraingt Siar a fhormheas faoin 29 Márta 2019.

(8)

Thíolaic an Ríocht Aontaithe, i litir an 5 Aibreán 2019, iarraidh ar an tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 50(3) CAE, arna síneadh ag an gComhairle Eorpach, a shíneadh arís go dtí an 30 Meitheamh 2019, d'fhonn daingniú an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar a chur i gcrích.

(9)

An 10 Aibreán 2019, d'aontaigh an Chomhairle Eorpach le síneadh breise chun go bhféadfadh an dá Pháirtí an Comhaontú um Tharraingt Siar a dhaingniú. Ba cheart an síneadh sin a bheith ann fad is gá ach ní bheidh sé ann, in aon chás, tar éis an 31 Deireadh Fómhair 2019. Mheabhraigh an Chomhairle Eorpach freisin go bhféadfadh an Comhaontú um Tharraingt Siar teacht i bhfeidhm ar dháta ba luaithe ná sin, i gcás ina gcuirfeadh na Páirtithe a nósanna imeachta daingniúcháin faoi seach i gcrích roimh an 31 Deireadh Fómhair 2019. Dá thoradh sin, ba cheart an tarraingt siar a dhéanamh an chéad lá den mhí tar éis chur i gcrích na nósanna imeachta daingniúcháin nó an 1 Samhain 2019, cibé acu is túisce.

(10)

Ní féidir ligean don síneadh breise seo dochar a dhéanamh do ghnáthfheidhmiú an Aontais agus institiúidí de chuid an Aontais. Fairis sin, beidh sé de thoradh ar an síneadh go leanfaidh an Ríocht Aontaithe de bheith ina Ballstát go dtí dáta nua na tarraingthe siar, go mbeidh na cearta uile aici agus na hoibleagáidí uile uirthi i gcomhréir le hAirteagal 50 CAE, agus go mbeidh an ceart aici an fógra a thug sí a chúlghairm tráth ar bith. Más Ballstát fós an Ríocht Aontaithe an 23-26 Bealtaine 2019, agus mura mbeidh an Comhaontú um Tharraingt Siar daingnithe aici faoin 22 Bealtaine 2019, beidh d'oibleagáid uirthi na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa a chomóradh i gcomhréir le dlí an Aontais. Mura dtarlaíonn na toghcháin sin sa Ríocht Aontaithe, ba cheart an síneadh scor d'fheidhm a bheith aige an 31 Bealtaine 2019. Tugann an Chomhairle Eorpach dá haire an gealltanas a thug an Ríocht Aontaithe gníomhú go cuiditheach agus go freagrach i gcaitheamh thréimhse an tsínidh i gcomhréir le dualgas an chomhair dhílis agus tá sí ag súil go gcomhlíonfaidh an Ríocht Aontaithe an gealltanas agus an dualgas Conarthach sin ar mhodh a léireoidh a cás mar Bhallstát atá ag tarraingt siar. Chuige sin, éascóidh an Ríocht Aontaithe gnóthú chúraimí an Aontais agus staonfaidh sí ó aon bheart a d'fhéadfadh gnóthú chuspóirí an Aontais a chur i gcontúirt, go háirithe nuair a bheidh sí rannpháirteach i bpróisis chinnteoireachta an Aontais.

(11)

Tiocfaidh deireadh le sainorduithe chomhaltaí na n-institiúidí, na gcomhlachtaí, na n-oifigí agus na ngníomhaireachtaí de chuid an Aontais a ainmníodh, a ceapadh nó a toghadh i dtaca le comhaltas na Ríochta Aontaithe san Aontas a luaithe a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe i.e. ar dháta na tarraingthe siar.

(12)

Eisiatar, leis an síneadh sin, aon athoscailt ar an gComhaontú um Tharraingt Siar. Aon ghealltanas nó ráiteas aontaobhach nó gníomh aontaobhach eile arna dhéanamh ag an Ríocht Aontaithe, ba cheart é a bheith ag luí le fuarlitir agus le spiorad an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar, agus ní fhéadfaidh sé cur isteach ar a chur chun feidhme. Ní fhéadfar an síneadh sin a úsáid chun tús a chur leis an gcaibidlíocht faoin gcaidreamh a bheidh ann sa todhchaí.

(13)

Déanfaidh an Chomhairle Eorpach athbhreithniú ar a ndul chun cinn ag a cruinniú i mí an Mheithimh 2019

(14)

Faoi mar a fhoráiltear in Airteagal 50(4) CAE, níor ghlac an Ríocht Aontaithe páirt i bpléití na Comhairle Eorpaí maidir leis an gcinneadh seo ná ina ghlacadh. Mar sin féin, mar a leagtar amach sa litir ó Bhuanionadaí na Ríochta Aontaithe chuig an Aontas Eorpach, an Ridire Timothy Barrow an 11 Aibreán 2019, d'aontaigh sí, i gcomhréir le hAirteagal 50(3) CAE, go gcuirfí síneadh leis an tréimhse dá dtagraítear san Airteagal sin agus leis an gcinneadh seo,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, cuirtear síneadh breise, go dtí 31 Deireadh Fómhair 2019 leis an tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 50(3) CAE, arna síneadh le Cinneadh (AE) 2019/476 ón gComhairle Eorpach.

Airteagal 2

Tiocfaidh an cinneadh seo i bhfeidhm an lá a nglacfar é.

Scoirfidh an cinneadh seo d'fheidhm a bheith aige an 31 Bealtaine 2019 i gcás nach ndearna an Ríocht Aontaithe toghcháin do Pharlaimint na hEorpa a chomóradh i gcomhréir leis an dlí is infheidhme de chuid an Aontais agus nár fhormheas sí an Comhaontú um Tharraingt Siar faoin 22 Bealtaine 2019.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 11 Aibreán 2019.

Thar ceann na Comhairle Eorpaí

An tUachtarán

D. TUSK


(1)  Cinneadh (AE) 2019/274 ón gComhairle an 11 Eanáir 2019 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach. (IO L 47 I, 19.2.2019, lch. 1).

(2)  Foilsíodh téacs an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar atá i gceangal le Cinneadh (AE) 2019/274 in IO C 66 I, 19.2.2019, lch. 1.

(3)  Cinneadh (AE) 2019/476 ón gComhairle Eorpach arna dhéanamh i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe an 22 Márta 2019 lena gcuirtear síneadh leis an tréimhse faoi Airteagal 50(3) CAE (IO L 80 I, 22.3.2019, lch. 1).


Top