EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32018R1671

Rialachán (AE) 2018/1671 Ó Pharlaimint Na hEorpa Agus Ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/825 chun imchlúdach airgeadais an Chláir Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach a mhéadú agus cuspóir ginearálta an Chláir sin a oiriúnú

PE/58/2018/REV/2

OJ L 284, 12.11.2018, p. 3–5 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1671/oj

12.11.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

3


RIALACHÁN (AE) 2018/1671 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Deireadh Fómhair 2018

lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/825 chun imchlúdach airgeadais an Chláir Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach a mhéadú agus cuspóir ginearálta an Chláir sin a oiriúnú

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an tríú mír d’Airteagal 175 agus Airteagal 197(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Féadfaidh an tAontas tacú le hiarrachtaí na mBallstát, arna iarraidh sin dóibh, a gcumas riaracháin a fheabhsú chun dlí an Aontais a chur chun feidhme.

(2)

Bunaíodh an Clár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach (“an Clár”) agus é mar aidhm aige cumas na mBallstát a neartú chun athchóirithe struchtúracha riaracháin agus fáschothaitheacha atá chun leasa an Aontais a ullmhú agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear trí chúnamh a chur ar fáil chun úsáid éifeachtúil agus éifeachtach a bhaint as cistí an Aontais. Is é an Coimisiún a chuireann an tacaíocht ar fáil faoin gClár, arna iarraidh sin do Bhallstát, agus is féidir leis an tacaíocht sin raon leathan réimsí beartais a chumhdach. Trí gheilleagair bhuanseasmhacha agus sochaí bhuanseasmhach a fhorbairt ar bhonn struchtúir láidre eacnamaíocha, shóisialta agus chríochacha, a ligeann do na Ballstáit suaitheadh a sheasamh go héifeachtúil agus teacht aniar go pras, cuirtear leis an gcomhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta agus scaoiltear acmhainneacht fáis. Ba cheart do na Ballstáit, i gcomhréir lena gcreat dlíthiúil, rannchuidiú agus rannpháirtíocht oiriúnach an riaracháin phoiblí náisiúnta agus réigiúnaigh agus na ngeallsealbhóirí a spreagadh. Uirlisí tábhachtacha chun forbairtí den sórt sin a bhaint amach is ea athchóirithe struchtúracha institiúideacha, riaracháin agus fáschothaitheacha, rud atá tábhachtach do na Ballstáit, a chur chun feidhme agus úinéireacht ar an talamh ar athchóirithe struchtúracha atá chun leasa an Aontais.

(3)

Tá sé bunriachtanach bearta agus gníomhaíochtaí an Chláir agus a dtorthaí a chur in iúl go héifeachtach ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach, de réir mar is iomchuí, chun feasacht a mhúscailt maidir lena bhfuil bainte amach ag an gClár, chun feiceálacht a áirithiú agus chun faisnéis a sholáthar maidir lena éifeachtaí ar an talamh.

(4)

Ós rud é go bhféadfadh an t-éileamh ar thacaíocht cistiú an Chláir a shárú, ba cheart don Bhallstát lena mbaineann na hiarrataí a chur in ord tosaíochta, i gcás inarb iomchuí, le linn an nós imeachta um iarraidh ar thacaíocht. Sa chomhthéacs sin, ba cheart aird a thabhairt ar iarrataí ar thacaíocht a bhfuil naisc acu leis an Seimeastar Eorpach agus le réimsí beartais a bhaineann le comhtháthú, nuálaíocht, fostaíocht, agus fás cliste agus inbhuanaithe. Ba cheart don Chlár a bheith ina chomhlánú ar ionstraimí eile chun forluí a sheachaint.

(5)

Ós rud é nach soláthraíonn an Clár cistiú do na Ballstáit, agus nach soláthraíonn sé ach tacaíocht theicniúil, níl sé mar aidhm leis gabháil in ionad cistiú ó bhuiséid náisiúnta nó go n-úsáidfí ina ionad é.

(6)

Tá méadú tagtha ar an úsáid atá á baint ag na Ballstáit as an tacaíocht faoin gClár, sa dóigh gur sáraíodh a rabhthas ag súil leis ag an tús. Ar bhonn a luacha mheasta, ba mhó i bhfad na hiarrataí ar thacaíocht a fuair an Coimisiún le linn thimthriall 2017 ná an leithdháileadh bliantúil a bhí ar fáil. Le linn thimthriall 2018, bhí luach measta na n-iarrataí a fuarthas cúig huaire ní ba mhó ná na hacmhainní airgeadais a bhí ar fáil don bhliain sin. Tá beagnach gach Ballstát tar éis tacaíocht a iarraidh faoin gClár, agus tá na hiarrataí roinnte i measc na réimsí beartais uile atá cumhdaithe ag an gClár.

(7)

Maidir leis an gcomhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta a neartú trí athchóirithe struchtúracha, a théann chun tairbhe an Aontais agus atá i gcomhréir le prionsabail agus luachanna an Aontais, is ríthábhachtach é chun taca a chur faoin athléimneacht eacnamaíoch agus faoi rannpháirtíocht rathúil agus cóineasú réadach feabhsaithe san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta, lena n-áiritheofar cobhsaíocht fhadtéarmach agus rathúnas fadtéarmach an Aontais. Tá an tábhacht chéanna ag baint leis sin i gcás na mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, agus iad ag ullmhú le dul isteach sa limistéar euro, agus atá i gcás Bhallstáit an limistéir euro.

(8)

Dá bhrí sin, is iomchuí béim a leagan air i gcuspóir ginearálta an Chláir — mar chuid den mhéid atá ann chun freagairt a thabhairt ar dhúshláin eacnamaíocha agus shóisialta — go bhféadfaí a chur freisin, le feabhsú an chomhtháthaithe eacnamaíoch agus shóisialta, an iomaíochais, na táirgiúlachta, an fháis inbhuanaithe, an chruthaithe post, na hinfheistíochta agus an chuimsithe shóisialta, le hullmhúcháin na mBallstát sin nach bhfuil an euro mar airgeadra acu do rannpháirtíocht amach anseo sa limistéar euro.

(9)

D’fhonn na cuspóirí ginearálta agus sonracha a shaothrú agus laistigh de na bearta incháilithe atá le maoiniú leis an gClár, ba cheart a chur in iúl gur cheart do bhearta agus gníomhaíochtaí an Chláir a bheith in ann tacaíocht a thabhairt freisin d’athchóirithe a d’fhéadfadh a bheith ina gcuidiú ag na Ballstáit agus iad ag ullmhú le dul isteach sa limistéar euro, agus urraim á tabhairt do phrionsabal na córa comhionainne do na Ballstáit uile.

(10)

Chun freastal ar an méadú ar éileamh na mBallstát ar thacaíocht, agus i bhfianaise an ghá atá ann tacú le cur chun feidhme athchóirithe struchtúracha atá chun leasa an Aontais, lena n-áirítear sna Ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra acu agus iad ag ullmhú le dul isteach sa limistéar euro, ba cheart an leithdháileadh airgeadais don Chlár a mhéadú go leibhéal ar leor é chun go mbeidh sé ar chumas an Aontais tacaíocht a thabhairt, tacaíocht a fhreastalóidh ar riachtanais na mBallstát iarrthach, agus a úsáidfear i gcomhréir le bainistíocht fhónta airgeadais. Leis an méadú sin, níor cheart difear díobhálach a dhéanamh do thosaíochtaí eile an bheartais comhtháthaithe. Sa bhreis air sin, níor cheart é a bheith mar oibleagáid ar na Ballstáit a leithdháiltí naisiúnta agus réigiúnacha a aistriú ó Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa.

(11)

Chun tacaíocht ar ardcháilíocht a thabhairt lena laghad moille is féidir, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann cuid den imchlúdach airgeadais a úsáid freisin chun costas gníomhaíochtaí lena dtugtar tacaíocht don Chlár a chumhdach, amhail speansais a bhaineann le rialú cáilíochta agus faireachán, agus le meastóireacht ar thionscadail ar an talamh. Tá na gníomhaíochtaí sin tábhachtach chun éifeachtúlacht chur chun feidhme na dtionscadal a áirithiú.

(12)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 2017/825 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) a leasú dá réir sin.

(13)

Ionas go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2017/825 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

“Airteagal 4

Cuspóir ginearálta

Is é an cuspóir ginearálta a bheidh ag an gClár rannchuidiú le hathchóirithe institiúideacha, riaracháin agus struchtúracha fáschothaitheacha sna Ballstáit trí thacaíocht a thabhairt do na húdaráis náisiúnta maidir le bearta arb é is aidhm leo institiúidí, an rialachas, an riarachán poiblí agus na hearnálacha eacnamaíocha agus sóisialta a athchóiriú agus a neartú mar fhreagairt ar dhúshláin eacnamaíocha agus sóisialta, d’fhonn an comhtháthú, an t-iomaíochas, an táirgiúlacht, an fás inbhuanaithe, an cruthú post, an infheistíocht agus an cuimsiú sóisialta a fheabhsú agus d’fhonn rannchuidiú le cóineasú réadach san Aontas, rud a d’fhéadfadh a bheith mar ullmhúchán, freisin, do rannpháirtíocht sa limistéar euro, go háirithe i gcomhthéacs próiseas rialachais eacnamaíoch, lena n-áirítear trí chúnamh chun úsáid éifeachtúil, éifeachtach agus thrédhearcach a bhaint as cistí an Aontais.”;

(2)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 5a

Tacaíocht le haghaidh ullmhú do bhallraíocht sa limistéar euro

D’fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 4 agus Airteagal 5 a shaothrú, agus laistigh de na gníomhaíochtaí incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 6, féadfar bearta agus gníomhaíochtaí a mhaoiniú faoin gClár freisin lena dtabharfar tacaíocht d’athchóirithe a d'fhéadfadh a bheith ina gcuidiú ag Ballstáit agus iad ag ullmhú le dul isteach sa limistéar euro. ”;

(3)

leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   EUR 222 800 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir.”;

(b)

i mír 2, cuirtear an abairt seo a leanas léi:

“Féadfar costais gníomhaíochtaí eile tacaíochta, amhail rialú cáilíochta agus faireachán ar thionscadail tacaíochta ar an talamh, a chumhdach le speansais freisin.”.

(4)

in Airteagal 16(2), cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(f)

bearta tacaíochta a chur chun feidhme.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 23 Deireadh Fómhair 2018.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. EDTSTADLER


(1)  IO C 237, 6.7.2018, lch. 53.

(2)  IO C 247, 13.7.2018, lch. 54.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Meán Fómhair 2018 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2018.

(4)  Rialachán (AE) 2017/825 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 maidir le bunú an Chláir Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach don tréimhse 2017 go 2020 agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 (IO L 129, 19.5.2017, lch. 1).


Top