EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32018R1240

Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226

PE/21/2018/REV/1

OJ L 236, 19.9.2018, p. 1–71 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1240/oj

19.9.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2018/1240 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Meán Fómhair 2018

lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe pointí (b) agus (d) d’Airteagal 77(2) agus pointe (a) d’Airteagal 87(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I dteachtaireacht ón gCoimisiún an 6 Aibreán 2016 dar teideal Stronger and Smarter Information Systems for Borders and Security (Córais Faisnéise níos Láidre agus níos Cliste le haghaidh Teorainneacha agus Slándála), rinneadh cur síos ar an ngá atá ann go ndéanfadh an tAontas neartú agus feabhsú ar a chuid córas TF, a ailtireacht sonraí agus a mhalartú faisnéise i réimse an bhainistithe teorann, fhorghníomhú an dlí agus na frithsceimhlitheoireachta. Leagtar béim inti ar an ngá atá le feabhas a chur ar idir-inoibritheacht na gcóras faisnéise. Rud atá tábhachtach, leagtar amach inti roghanna a d’fhéadfadh a bheith ann chun an leas is fearr is féidir a bhaint as buntáistí na gcóras faisnéise atá ann cheana agus, más gá, cinn chomhlántacha nua a fhorbairt chun dul i ngleic le bearnaí eolais atá fós ann.

(2)

Go deimhin, sainaithníodh sraith de bhearnaí eolais i dteachtaireacht an 6 Aibreán 2016. Mar shampla, níl aon fhaisnéis ag údaráis teorann ag teorainneacha seachtracha Schengen faoi thaistealaithe atá díolmhaithe ón gceanglas víosa a bheith ina seilbh acu agus iad ag trasnú na dteorainneacha seachtracha (“an ceanglas víosa”). Fógraíodh i dteachtaireacht an 6 Aibreán 2016 go raibh an Coimisiún le staidéar a sheoladh ar an bhféidearthacht i dtaobh Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) a bhunú. Tugadh an staidéar féidearthachta chun críche i Samhain 2016. Faoin gcóras, chinnfí incháilitheacht náisiúnach tríú tír atá díolmhaithe ó cheanglas víosa sula dtaistealóidís chuig Limistéar Schengen, agus chinnfí an mbeadh riosca slándála nó riosca inimirce neamhdhlíthiúla nó ardriosca eipidéime i gceist leis an taisteal sin.

(3)

I dteachtaireacht an 14 Meán Fómhair 2016 dar teideal “Enhancing security in a world of mobility: improved information exchange in the fight against terrorism and stronger external borders” (An tslándáil a fheabhsú i ré na soghluaisteachta: malartú faisnéise feabhsaithe chun sceimhlitheoireacht a chomhrac agus teorainneacha seachtracha a neartú), deimhníodh go bhfuil tosaíocht ann i dtaobh teorainneacha seachtracha a dhaingniú agus cuireadh i láthair tionscnaimh nithiúla chun freagra an Aontais a luathú agus a leathnú maidir le leanúint de bhainistiú na dteorainneacha seachtracha a neartú.

(4)

Is gá cuspóirí ETIAS a shonrú, a ailtireacht theicniúil agus eagraíochtúil a shainiú, Láraonad ETIAS, rialacha a leagan síos maidir le hoibriú agus le húsáid na sonraí a chuirfidh an t-iarratasóir isteach sa chóras agus rialacha a leagan síos maidir le heisiúint nó diúltú na n-údaruithe taistil, na cuspóirí a leagan síos dá mbeidh na sonraí le próiseáil, na húdaráis a shainaithint a bheidh údaraithe chun na sonraí a rochtain agus cosaint sonraí pearsanta a áirithiú.

(5)

Ba cheart feidhm a bheith ag ETIAS maidir le náisiúnaigh tríú tír atá díolmhaithe ón gceanglas víosa.

(6)

Ba cheart feidhm a bheith aige freisin maidir le náisiúnaigh tríú tír atá díolmhaithe ón gceanglas víosa ar baill teaghlaigh iad le saoránach den Aontas a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) maidir leo nó ar baill teaghlaigh iad le náisiúnach tríú tír ag a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta atá coibhéiseach le ceart shaoránaigh an Aontais faoi chomhaontú idir an tAontas agus a Bhallstáit, ar an taobh amháin, agus tríú tír, ar an taobh eile, agus nach bhfuil cárta cónaithe de bhun Threoir 2004/38/CE nó cead cónaithe de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle (4) ina seilbh acu. Sonraítear in Airteagal 21(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) go mbeidh an ceart ag gach saoránach den Aontas gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát, faoi réir na dteorainneacha agus na gcoinníollacha dá bhforáiltear sna Conarthaí agus sna forálacha arna nglacadh lena gcur chun feidhme. Tá na teorainneacha agus na coinníollacha faoi seach sonraithe i dTreoir 2004/38/CE.

(7)

Mar a dheimhnigh an Chúirt Bhreithiúnais (5), tá sé de cheart ag na baill teaghlaigh sin dul isteach ar chríoch na mBallstát agus víosa iontrála a fháil chun na críche sin. Dá bhrí sin, ba cheart an ceart a bheith ag baill teaghlaigh atá díolmhaithe ón gceanglas víosa údarú taistil a fháil. Ba cheart do na Ballstáit gach saoráid a dheonú do na daoine sin chun an t-údarú taistil is gá a fháil, agus ba cheart é a eisiúint saor in aisce.

(8)

Níl an ceart chun údarú taistil a fháil gan choinníollacha toisc gur féidir é a dhiúltú do na baill teaghlaigh lena mbaineann riosca i leith an bheartais phoiblí, na slándála poiblí nó na sláinte poiblí de bhun Threoir 2004/38/CE. Ina fhianaise sin, ní féidir a cheangal ar bhaill teaghlaigh a gcuid sonraí pearsanta a bhaineann lena gcéannacht agus lena stádas a sholáthar ach amháin sa mhéid go bhfuil siadsan ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar an mbagairt slándála a d’fhéadfadh a bheith i gceist leo. Ar an gcaoi chéanna, níor cheart scrúdú a dhéanamh ar na hiarratais uathu ar údarú taistil ach amháin i bhfianaise na n-ábhar imní ó thaobh slándála, agus ní na hábhair imní a bhaineann le riosca imirce.

(9)

Ba cheart do ETIAS údarú taistil a sholáthar do náisiúnaigh tríú tír atá díolmhaithe ón gceanglas víosa lena gcumasaítear a mheas nach bhfuil agus nach mbeidh riosca slándála, riosca inimirce neamhdhlíthiúla ná ardriosca eipidéime ann de dheasca na daoine sin a bheith ar chríoch na mBallstát. Ba cheart, dá bhrí sin, gurb ionann údarú taistil agus cinneadh ina léirítear nach bhfuil aon táscairí fíriciúla ná aon fhorais réasúnacha ann lena cheapadh go bhfuil rioscaí den sórt sin ann de dheasca duine a bheith ar chríoch na mBallstát. Dá réir sin, tá údarú taistil, de thoradh a chineáil, éagsúil le víosa; ní cheanglófar tuilleadh faisnéise leis ná ní chuirfear ualach níos troime ar iarratasóirí ná mar a bhíonn i gceist le víosa. Ba cheart údarú bailí taistil a bheith i seilbh an duine a leagan síos mar choinníoll i dtaobh dul isteach chuig críoch na mBallstát. Níor cheart, áfach, ceart chun dul isteach a thabhairt do dhuine díreach toisc go bhfuil údarú taistil i seilbh an duine sin.

(10)

Ba cheart do ETIAS cur le leibhéal ard slándála, leis an gcosc ar inimirce neamhdhlíthiúil agus le cosaint na sláinte poiblí trí mheasúnú ar chuairteoirí a sholáthar sula sroicheann siad na pointí trasnaithe teorann seachtraí.

(11)

Ba cheart do ETIAS cur le héascú na seiceálacha teorann a dhéanann gardaí teorann ag na pointí trasnaithe teorann seachtraí. Ba cheart dó a áirithiú freisin go ndéanfar measúnú comhordaithe comhchuibhithe ar náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir an cheanglais i dtaobh údarú taistil agus a bhfuil sé beartaithe acu taisteal chuig na Ballstáit. Thairis sin, ba cheart dó cur ar chumas na n-iarratasóirí a bheith in ann eolas níos cruinne a fháil freisin maidir lena gcáilitheacht taisteal chuig na Ballstáit. Ina theannta sin, ba cheart do ETIAS cur le héascú na seiceálacha teorann trí laghdú a dhéanamh ar líon na ndiúltuithe cead isteach ag na teorainneacha seachtracha agus trí fhaisnéis bhreise áirithe a bhaineann le bratacha a sholáthar do na gardaí teorann.

(12)

Ba cheart do ETIAS tacú freisin le cuspóirí Chóras Faisnéise Schengen (SIS) a bhaineann leis na foláirimh maidir le náisiúnaigh tríú tír ar diúltaíodh dá gcead isteach agus dá bhfanacht, maidir le daoine a bhfuiltear sa tóir orthu lena ngabháil chun críocha géillte nó chun críocha eiseachadta, maidir le daoine atá ar iarraidh, maidir le daoine a bhfuiltear sa tóir orthu chun cabhrú le nós imeachta breithiúnach agus maidir le daoine i ndáil le seiceálacha discréideacha nó seiceálacha sonracha. Chun na críche sin, ba cheart do ETIAS na sonraí ábhartha ó na comhaid iarratais a chur i gcomparáid leis na foláirimh ábhartha in SIS. I gcás ina léirítear sa chomparáid go bhfuil comhfhreagras idir na sonraí pearsanta sa chomhad iarratais agus na foláirimh maidir le náisiúnaigh tríú tír ar diúltaíodh dá gcead isteach agus dá bhfanacht nó maidir le daoine a bhfuiltear sa tóir orthu lena ngabháil chun críocha géillte nó chun críocha eiseachadta, ba cheart d’Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach an comhad iarratais a phróiseáil de láimh. Ba cheart cinneadh i dtaobh údarú taistil a eisiúint nó gan é a eisiúint a bheith ina thoradh ar an measúnú arna dhéanamh ag Aonad Náisiúnta ETIAS. I gcás ina léirítear sa chomparáid go bhfuil comhfhreagras idir na sonraí pearsanta sa chomhad iarratais agus na foláirimh maidir le daoine atá ar iarraidh, maidir le daoine a bhfuiltear sa tóir orthu chun cabhrú le nós imeachta breithiúnach agus maidir le daoine i ndáil le seiceálacha discréideacha nó seiceálacha sonracha, ba cheart an fhaisnéis sin a aistriú chuig biúró SIRENE agus ba cheart déileáil léi i gcomhréir leis an reachtaíocht ábhartha a bhaineann le SIS.

(13)

Ba cheart na coinníollacha i dtaobh údarú taistil a eisiúint a bheith comhleanúnach leis na cuspóirí sonracha a bhaineann leis na cineálacha éagsúla foláireamh a thaifeadtar in SIS. Go háirithe, ós rud é go mbeadh iarratasóirí faoi réir foláireamh maidir le daoine a bhfuiltear sa tóir orthu lena ngabháil chun críocha géillte nó chun críocha eiseachadta nó faoi réir foláireamh maidir le daoine i ndáil le seiceálacha discréideacha nó seiceálacha sonracha, níor cheart cosc a chur leis an méid sin údarú taistil a eisiúint dóibh d’fhonn go ndéanfadh na Ballstáit an ghníomhaíocht iomchuí i gcomhréir le Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle (6).

(14)

Ba cheart ETIAS a bheith comhdhéanta de chóras mórscála faisnéise, Córas Faisnéise ETIAS, Láraonad ETIAS agus Aonaid Náisiúnta ETIAS.

(15)

Ba cheart Láraonad ETIAS a bheith ina chuid den Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta. Ba cheart do Láraonad ETIAS a bheith freagrach as a fhíorú, i gcásanna inar tuairiscíodh amas leis an uathphróiseas iarratais, an gcomhfhreagraíonn sonraí pearsanta an iarratasóra do shonraí pearsanta an duine ar spreagadh an t-amas sin. I gcás ina ndeimhnítear amas nó i gcás ina bhfuil amhras fós ann, ba cheart do Láraonad ETIAS an phróiseáil láimhe ar an iarratas a thionscnamh. Ba cheart dó a áirithiú go bhfuil na sonraí a chuireann sé isteach sna comhaid iarratais cothrom le dáta agus ba cheart dó na táscairí riosca sonracha a shainiú, a bhunú, a mheasúnú ar bhonn ex ante, a chur chun feidhme, a mheas ar bhonn ex post agus a scriosadh, trína áirithiú go ndéantar na fíoruithe a dhéantar agus torthaí na bhfíoruithe a thaifeadadh sna comhaid iarratais. Ba cheart dó iniúchtaí rialta a dhéanamh freisin ar phróiseáil na n-iarratas agus ar chur chun feidhme rialacha ETIAS maidir le scagadh, lena n-áirítear trí mheasúnú rialta a dhéanamh ar a dtionchar ar chearta bunúsacha, go háirithe maidir le príobháideacht agus cosaint sonraí pearsanta. Ina theannta sin, ba cheart dó a bheith freagrach freisin as roinnt cúraimí tacaíochta a chomhlíonadh amhail a áirithiú go seoltar na fógraí is gá agus faisnéis agus tacaíocht a sholáthar. Ba cheart dó a bheith oibríochtúil 24 huaire an chloig in aghaidh an lae, 7 lá na seachtaine.

(16)

Ba cheart do gach Ballstát Aonad Náisiúnta ETIAS a bhunú a bheidh freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratais agus as cinneadh a dhéanamh i dtaobh údaruithe taistil a eisiúint nó a dhiúltú, a neamhniú nó a chúlghairm. Ba cheart d’Aonaid Náisiúnta ETIAS comhoibriú lena chéile agus le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) chun measúnú a dhéanamh ar na hiarratais. Ba cheart dóthain acmhainní a chur ar fáil d’Aonaid Náisiúnta ETIAS ionas gur féidir leo a gcúraimí a chomhlíonadh i gcomhréir leis na spriocdhátaí a leagtar amach sa Rialachán seo. Chun an próiseas cinnteoireachta agus malartú faisnéise idir na Ballstáit a éascú agus chun costais a bhaineann leis an aistriúchán agus agaí freagartha a laghdú, is fearr do gach Aonad Náisiúnta ETIAS cumarsáid a dhéanamh i dteanga aonair.

(17)

Chun a chuid cuspóirí a chomhlíonadh, ba cheart do ETIAS foirm iarratais ar líne a sholáthar ar cheart don iarratasóir í a chomhlánú le dearbhuithe maidir le céannacht, doiciméad taistil, faisnéis faoi áit chónaithe, sonraí teagmhála, leibhéal oideachais agus grúpa poist an té sin, aon stádas atá ag an té sin i dtaobh a bheith mar bhall teaghlaigh le saoránaigh den Aontas nó le náisiúnaigh tríú tír ag a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta agus nach bhfuil cárta cónaithe de bhun Threoir 2004/38/CE nó cead cónaithe de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ina seilbh acu; i gcás iarratasóir is mionaoiseach, sonraí an duine atá freagrach as nó aisti agus freagraí ar shraith ceisteanna cúlra.

(18)

Ba cheart do ETIAS glacadh le hiarratais arna dtabhairt isteach thar ceann an iarratasóra i gcás taistealaithe nach féidir leo féin, ar chúis ar bith, iarratas a chruthú. I gcásanna den sórt sin, ba cheart gurb é tríú páirtí atá údaraithe ag an taistealaí agus atá freagrach as an taistealaí de réir an dlí a chuirfeadh isteach an t-iarratas, ar an gcoinníoll go n-áirítear céannacht an duine sin san fhoirm iarratais. Ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag taistealaithe údarú a thabhairt d’idirghabhálaithe tráchtála iarratas a chruthú agus a chur isteach thar a gceann. Ba cheart do Lárionad ETIAS gníomhú ar aon tuairisciú i leith drochúsáid ar thaobh idirghabhálaithe tráchtála.

(19)

Ba cheart paraiméadair a bhunú chun a áirithiú go bhfuil iarratas comhlánaithe ina iomláine agus go bhfuil na sonraí a cuireadh isteach comhleanúnach, chun inghlacthacht iarratas ar údarú taistil a fhíorú. Mar shampla, ba cheart d’fhíorú den sórt sin bac a chur ar úsáid doiciméad taistil a rachaidh in éag as sin go ceann 3 mhí, atá imithe in éag nó a eisíodh breis agus 10 mbliana roimhe sin. Ba cheart an fíorú a dhéanamh sula n-iarrtar ar an iarratasóir an táille a íoc.

(20)

Chun an t-iarratas a thabhairt chun críche, ba cheart a cheangal ar iarratasóirí táille údaraithe taistil a íoc. Ba cheart do bhanc nó d’idirghabhálaí airgeadais an íocaíocht a bhainistiú. Níor cheart na sonraí is gá chun an íocaíocht leictreonach a dhéanamh a sholáthar ach don bhanc nó don idirghabhálaí airgeadais a bheadh ag feidhmiú an idirbhirt airgeadais, agus níor cheart don sonraí sin a bheith mar chuid de shonraí arna stóráil in ETIAS.

(21)

Ba cheart formhór na n-údaruithe taistil a eisiúint laistigh de chúpla nóiméad, cé go bhféadfadh sé go n-éileodh líon beag díobh níos faide ná sin, go háirithe i gcásanna eisceachtúla. I gcásanna eisceachtúla den sórt sin, d’fhéadfadh sé gur gá faisnéis bhreise nó doiciméadacht bhreise a iarraidh ón iarratasóir, an fhaisnéis bhreise agus an doiciméideacht bhreise a phróiseáil agus, tar éis scrúdú a dhéanamh ar an bhfaisnéis nó ar an doiciméadacht a sholáthair an t-iarratasóir, cuireadh chun agallaimh a thabhairt dó nó di. Níor cheart agallaimh a dhéanamh ach i gcúinsí eisceachtúla amháin, mar rogha dheiridh agus i gcás ina bhfuil amhras tromchúiseach ann fós maidir leis an bhfaisnéis nó leis an doiciméadacht a sholáthair an t-iarratasóir. Mar thoradh ar chineál eisceachtúil na n-agallamh, thabharfaí cuireadh chun agallaimh do níos lú ná 0,1 % de na hiarratasóirí. Ba cheart líon na n-arratasóir a dtugtar cuireadh chun agallaimh dóibh a bheith faoi réir athbhreithniú rialta ón gCoimisiún.

(22)

Ba cheart do ETIAS na sonraí pearsanta arna soláthar ag an iarratasóir a phróiseáil chun críocha measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhféadfadh teacht an iarratasóra isteach san Aontas a bheith ina riosca don tslándáil, don inimirce neamhdhlíthiúil nó d’eipidéime san Aontas, agus chun na gcríoch sin amháin.

(23)

Ní féidir an measúnú ar rioscaí den sórt sin a chur i gcrích gan próiseáil a dhéanamh ar na sonraí pearsanta atá le soláthar in iarratas ar údárú taistil. Ba cheart na sonraí pearsanta sna hiarratais a chur i gcomparáid leis na sonraí atá i dtaifead, comhad nó foláireamh atá cláraithe i gcóras faisnéise AE nó i mbunachar sonraí AE (Lárchóras ETIAS, SIS, an Córas Faisnéise Víosaí (VIS), an Córas Dul Isteach/Iimeachta (EES) nó Eurodac), i sonraí Europol nó i mbunachair sonraí Interpol (bunachar sonraí Interpol faoi Dhoiciméid Taistil a Goideadh agus a Cailleadh (DTGC) nó bunachar sonraí Interpol faoi Dhoiciméid Taistil a mBaineann Fógraí leo (TDAWN)). Ba cheart na sonraí pearsanta sna hiarratais a chur i gcomparáid freisin le liosta faire ETIAS agus le táscairí riosca sonracha. Ba cheart na catagóirí sonraí pearsanta ar cheart iad a úsáid chun comparáid a dhéanamh a bheith teoranta do na catagóirí sonraí atá i gcórais faisnéise AE arna gceadú, i sonraí Europol agus i mbunachair sonraí Interpol, i liosta faire ETIAS nó sna táscairí riosca sonracha.

(24)

Ba cheart an chomparáid a dhéanamh trí mhodhanna uathoibrithe. Aon uair a léiríonn comparáid den sórt sin gurb ann do chomhfhreagras (“amas”) idir aon cheann de na sonraí pearsanta nó teaglaim díobh san iarratas agus na táscairí riosca sonracha nó na sonraí pearsanta atá i dtaifead, comhad nó foláireamh sna córais faisnéise thuasluaite nó i liosta faire ETIAS nó sna táscairí riosca sonracha, ba cheart d’Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach an t-iarratas a phróiseáil de láimh. Ba cheart an cinneadh i dtaobh údarú taistil a eisiúint nó gan é a eisiúint a bheith ina thoradh ar an measúnú a dhéanann Aonad Náisiúnta ETIAS.

(25)

Táthar ag súil go mbeidh freagra dearfach trí mhodhanna uathoibrithe ar fhormhór mór na n-iarratas. Níor cheart údarú taistil ar bith a dhiúltú, a neamhniú nó a chúlghairm bunaithe ar uathphróiseáil na sonraí pearsanta sna hiarratais agus bunaithe uirthi sin amháin. Ar an gcúis sin, ba cheart d’Aonad Náisiúnta ETIAS na hiarratais a n-eascraíonn amas astu a phróiseáil de láimh.

(26)

Ba cheart ceart achomhairc a bheith ag na hiarratasóirí a ndiúltófar údarú taistil dóibh. Ba cheart na hachomhairc a sheoladh sa Bhallstát a rinne an cinneadh maidir leis an iarratas agus i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin.

(27)

Ba cheart rialacha ETIAS maidir le scagadh a úsáid chun anailís a dhéanamh ar chomhad iarratais trína chumasú do chomparáid idir na sonraí atá ar taifead ann agus táscairí riosca sonracha a chomhfhreagraíonn do rioscaí slándála, rioscaí inimirce neamhdhlíthiúla nó ardrioscaí eipidéime a sainaithníodh roimhe sin. Níor cheart, in imthosca ar bith, do na critéir a úsáidtear chun na táscairí riosca sonracha a shainiú a bheith bunaithe ar inscne nó aois duine agus orthu sin amháin. Ina theannta sin, níor cheart dóibh, in imthosca ar bith, a bheith bunaithe ar fhaisnéis ina léirítear dath, cine, bunadh ciníoch nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, tuairimí polaitiúla nó eile, reiligiún nó creideamh fealsúnach duine, duine a bheith ina bhall nó ina ball de cheardchumann nó de mhionlach náisiúnta, nó maoin, breith, míchumas, nó claonadh gnéis duine. Ba cheart do Láraonad ETIAS na táscairí riosca sonracha a shainiú, a bhunú, a mheasúnú ar bhonn ex ante, a chur chun feidhme, a mheas ar bhonn ex post, a athbhreithniú agus a scriosadh, tar éis dó dul i gcomhairle le bord ETIAS um scagadh comhdhéanta d’ionadaithe ó Aonaid Náisiúnta ETIAS agus na gníomhaireachtaí atá rannpháirteach. Chun a áirithiú go ndéantar urraim a thabhairt do chearta bunúsacha i dtaca le cur chun feidhme rialacha ETIAS maidir le scagadh agus na dtáscairí riosca sonracha, ba cheart Treoirbhord ETIAS um Chearta Bunúsacha a bhunú. Ba cheart gurb é Oifigeach um Chearta Bunúsacha na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta a sholáthróidh an rúnaíocht dá chruinnithe.

(28)

Ba cheart liosta faire ETIAS a bhunú chun naisc a aithint idir sonraí i gcomhad iarratais agus faisnéis a bhaineann le daoine a bhfuil amhras fúthu go ndearna siad cion sceimhlitheoireachta nó cion tromchúiseach coiriúil eile nó go raibh siad páirteach i gcion sceimhlitheoireachta nó i gcion tromchúiseach coiriúil eile, nó a bhfuil táscairí fíriciúla nó forais réasúnacha ann lena chreidiúint, bunaithe ar an measúnú foriomlán a rinneadh ar dhuine, go ndéanfaidh siad cion sceimhlitheoireachta nó cionta tromchúiseacha coiriúla eile. Ba cheart liosta faire ETIAS a bheith mar chuid de Lárchóras ETIAS. Ba cheart do Europol, gan dochar d’fhorálacha ábhartha i ndáil le comhar idirnáisiúnta i Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), agus do na Ballstáit na sonraí a iontráil i liosta faire ETIAS. Sula ndéantar sonraí a iontráil i liosta faire ETIAS, ba cheart a chinneadh go bhfuil na sonraí leormhaith, cruinn agus tábhachtach go leor le gur féidir iad a áireamh i liosta faire ETIAS agus nach mbeadh líon díréireach iarratas a bheadh le próiseáil de láimh mar thoradh ar a n-iontráil. Ba cheart na sonraí a athbhreithniú agus a fhíorú go rialta chun a gcruinneas leanúnach a áirithiú.

(29)

Ní mór freagraí éifeachtacha maidir le húsáid modhanna nua-aimseartha a thabhairt ar theacht chun cinn leanúnach cineálacha nua bagairtí slándála, patrún nua inimirce neamhdhlíthiúla agus rioscaí eipidéime. Ós rud é gur minic a bhíonn próiseáil méideanna suntasacha sonraí pearsanta i gceist leis na modhanna sin, ba cheart coimircí iomchuí a thabhairt isteach chun an cur isteach ar an gceart chun an saol príobháideach a chosaint agus ar an gceart chun sonraí pearsanta a chosaint a choimeád teoranta don mhéid is gá i sochaí dhaonlathach.

(30)

Dá bhrí sin, ba cheart sonraí pearsanta in ETIAS a choinneáil slán. Ba cheart rochtain orthu sin a bheith teoranta do phearsanra dian-údaraithe amháin. Níor cheart rochtain a úsáid, in imthosca ar bith, chun cinntí a dhéanamh ar bhonn cineál ar bith idirdhealaithe. Ba cheart na sonraí pearsanta arna stóráil a choimeád go slán i saoráidí na Gníomhaireachta Eorpaí chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais faisnéise mhórscála sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (eu-LISA) san Aontas.

(31)

Ba cheart údaruithe taistil atá eisithe a neamhniú nó a chúlghairm a luaithe a thagann sé chun solais nár comhlíonadh na coinníollacha eisiúna nó nach bhfuil siad á gcomhlíonadh a thuilleadh. Go háirithe, i gcás ina gcuirtear isteach in SIS foláireamh nua um dhiúltú cead isteach agus fanachta nó foláireamh lena dtuairiscítear doiciméad taistil mar bheith caillte, goidte, mí-leithghabhála, nó neamhbhailithe, ba cheart do SIS é sin a chur in iúl do ETIAS. Ansin, ba cheart do ETIAS a fhíorú an bhfuil an foláireamh nua sin ag comhfhreagairt d’údarú bailí taistil. I gcás inar eisíodh foláireamh nua um dhiúltú cead isteach agus fanachta ann, ba cheart d’Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach an t-údarú taistil a chúlghairm. I gcás ina bhfuil an t-údarú taistil nasctha le doiciméad taistil ar tuairiscíodh gur cailleadh, gur goideadh, gur mí-leithghabháladh nó gur neamhbhailíodh é in SIS, nó gur tuairiscíodh gur cailleadh, gur goideadh nó gur neamhbhailíodh é in DTGC, ba cheart d’Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach an comhad iarratais a phróiseáil de láimh. Ag teacht le cur chuige den chineál céanna, ba cheart sonraí nua arna n-iontráil i liosta faire ETIAS a chur i gcomparáid leis na comhaid iarratas atá stóráilte in ETIAS chun a fhíorú an gcomhfhreagraíonn na sonraí nua sin d’údarú bailí taistil. I gcásanna den sórt sin, ba cheart d’Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit a chuir na sonraí nua isteach, nó Ballstát an chéad fhanachta i gcás sonraí atá curtha isteach ag Europol, measúnú a dhéanamh ar an amas agus, más gá, an t-údarú taistil a chúlghairm. Ba cheart é a bheith indéanta freisin údarú taistil a chúlghairm arna iarraidh sin ag an iarratasóir.

(32)

Más rud é, in imthosca eisceachtúla, go measann Ballstát gur gá ceadú do náisiúnach tríú tír taisteal go dtí a chríoch ar fhorais dhaonnúla, ar chúiseanna leasa náisiúnta nó de bharr oibleagáidí idirnáisiúnta, ba cheart an fhéidearthacht a bheith aige údarú taistil a eisiúint a bheadh bailí i gcomhair críoch theoranta agus tréimhse theoranta amháin.

(33)

Roimh dhul ar bord, ba cheart oibleagáid a bheith ar aeriompróirí, iompróirí ar muir agus iompróirí idirnáisiúnta atá ag tabhairt grúpaí thar tír i gcoistí a fhíorú go bhfuil údarú bailí ag taistealaithe. Níor cheart an comhad ETIAS féin a bheith inrochtana ag iompróirí. Ba cheart rochtain shlán a bheith ag iompróirí ar Chóras Faisnéise ETIAS chun go mbeidís in ann é a cheadú trí úsáid a bhaint as sonraí doiciméad taistil.

(34)

Leis na sonraíochtaí teicniúla don rochtain ar Chóras Faisnéise ETIAS tríd an ngeata iompróra, ba cheart an tionchar ar thaisteal na bpaisinéirí agus ar iompróirí a theorannú a mhéid is féidir. Chun na críche sin, ba cheart comhtháthú le EES a mheas.

(35)

D’fhonn tionchar na n-oibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo ar iompróirí idirnáisiúnta a iompraíonn grúpaí thar tír i gcóiste a theorannú, ba cheart réitighmóibíleach atá soláimhsithe don úsáideoir a chur ar fáil.

(36)

Laistigh de 2 bhliain tar éis thús oibríochtaí ETIAS, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar a iomchuí, a chomhoiriúnaí agus a chomhleanúnaí atá na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 26 den Choinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 idir Rialtais Stáit Aontas Eacnamaíoch Benelux, Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Phoblacht na Fraince maidir le seiceálacha ag a gcomhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile a chur chun feidhme (8) chun críocha fhorálacha ETIAS le haghaidh iompar thar tír i gcóistí. Ba cheart forbairt iompair thar tír i gcóistí le déanaí a chur san áireamh. Ba cheart an gá atá le leasú a dhéanamh ar fhorálacha maidir le hiompar thar tír i gcóistí dá dtagraítear in Airteagal 26 sa Rialachán seo a mheas.

(37)

Chun a áirithiú go gcomhlíontar na coinníollacha athbhreithnithe le haghaidh dul isteach, ba cheart do ghardaí teorann a sheiceáil an bhfuil údarú bailí taistil ag taistealaithe. Dá bhrí sin, le linn an phróisis chaighdeánaigh um sheiceáil teorann, ba cheart do ghardaí teorann sonraí an doiciméid taistil a léamh go leictreonach. Ba cheart don oibríocht sin iarratas a thionscnamh i mbunachair sonraí éagsúla dá bhforáiltear faoi Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) (Cód Teorainneacha Schengen), lena n-áirítear iarratas in ETIAS ar cheart dó an stádas cothrom le dáta i dtaobh údarú taistil a sholáthar. Ba cheart sonraí áirithe i gcomhad ETIAS a bheith inrochtana ag údaráis teorann d’fhonn cuidiú leo a gcuid cúraimí a chomhlíonadh. Murab ann d’údarú bailí taistil, ba cheart don gharda teorann cead isteach a dhiúltú agus an próiseas um sheiceáil teorann a chur i gcrích dá réir. Más ann d’údarú bailí taistil, ba cheart don gharda teorann an cinneadh a dhéanamh cead isteach a údarú nó a dhiúltú. Ba cheart sonraí áirithe sa chomhad ETIAS a bheith inrochtana ag na gardaí teorann chun cuidiú leo a gcuid cúraimí a chomhlíonadh.

(38)

I gcás ina measann Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach gurbh fhiú do na húdaráis teorann tuilleadh scrúdaithe a dhéanamh ar ghnéithe áirithe den iarratas ar údarú taistil, ba cheart dó a bheith in ann bratach a chur i gceangal leis an údarú taistil a eisíonn sé lena moltar go ndéanfaí seiceáil ar an dara líne ag an bpointe trasnaithe teorann. Ba cheart é a bheith indéanta freisin bratach den sórt sin a chur i gceangal leis an údarú arna iarraidh sin do Bhallstát a ndeachthas i gcomhairle leis. I gcás ina measann Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach gur amas bréige a bhí in amas ar leith a tionscnaíodh agus an t-iarratas á phróiseáil nó i gcás ina léirítear sa phróiseáil de láimh nach raibh aon fhorais le húdarú taistil a dhiúltú, ba cheart do a bheith in ann bratach a chur i gceangal leis an údarú taistil a eisíonn sé chun seiceálacha ag an teorainn a éascú trí fhaisnéis a sholáthar do na húdaráis teorann a bhaineann leis na fíoruithe a rinneadh agus chun iarmhairtí diúltacha na n-amas bréige ar thaistealaithe a theorannú. Ba cheart na treoracha oibríochtúla d’údaráis teorann agus údaruithe taistil á láimhseáil acu a sholáthar i lámhleabhar praiticiúil.

(39)

Ó tharla gur coinníoll maidir le dul isteach agus le fanacht i gcás catagóirí áirithe náisiúnach tríú tír é údarú bailí taistil a bheith ina seilbh acu, ba cheart d’údaráis inimirce na mBallstát a bheith in ann Lárchóras ETIAS a cheadú i gcás ina ndearnadh cuardach in EES roimhe sin agus go léirítear sa chuardach sin nach bhfuil taifead maidir le dul isteach in EES ar náisiúnach tríú tír a bheith ar chríoch na mBallstát. Ba cheart rochtain a bheith ag údaráis inimirce na mBallstát ar fhaisnéis ar leith a stóráiltear i Lárchóras ETIAS, go háirithe chun críche fillteacha.

(40)

Sa chomhrac i gcoinne cionta sceimhlitheoireachta agus cionta coiriúla tromchúiseacha eile, agus i bhfianaise dhomhandú na líonraí coiriúla, tá sé fíor-riachtanach an fhaisnéis is gá a bheith ag na húdaráis ainmnithe atá freagrach as cionta sceimhlitheoireachta agus cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú (“údaráis ainmnithe”) chun go bhféadfaidh siad a gcúraimí a dhéanamh go héifeachtach. Is léir cheana féin a éifeachtaí is atá rochtain ar shonraí in VIS chun na gcríoch sin i dtaobh cabhrú le himscrúdaitheoirí dul chun cinn mór a dhéanamh i gcásanna a bhaineann le gáinneáil ar dhaoine, sceimhlitheoireacht nó gáinneáil ar dhrugaí. Níl sonraí in VIS maidir le náisiúnaigh tríú tír atá díolmhaithe ó cheanglas víosa.

(41)

Is gá rochtain a bheith ar an bhfaisnéis atá in ETIAS chun na cionta sceimhlitheoireachta dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile dá dtagraítear i gCinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle (11) a chosc, a bhrath nó a imscrúdú. In imscrúdú ar leith agus chun fianaise agus faisnéis a bhunú a bhaineann le duine a bhfuil amhras ina leith go ndearna an duine sin coir thromchúiseach nó a bhaineann le híospartach coire tromchúisí, d’fhéadfadh sé gur ghá d’údaráis ainmnithe rochtain a bheith acu ar na sonraí arna nginiúint ag ETIAS. D’fhéadfadh na sonraí arna stóráil in ETIAS a bheith riachtanach freisin chun déantóir ciona sceimhlitheoireachta nó déantóir cionta coiriúla tromchúiseacha eile a shainaithint, go háirithe nuair a bhíonn gá le gníomh práinneach. Is éard atá in ETIAS a rochtain chun cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, ná cur isteach ar na cearta bunúsacha i dtaca le saol príobháideach daoine aonair a urramú agus le cosaint shonraí pearsanta na ndaoine sin a ndéantar próiseáil ar a gcuid sonraí pearsanta in ETIAS. Dá bhrí sin, níor cheart na sonraí atá in ETIAS a choimeád agus a chur ar fáil d’údaráis ainmnithe na mBallstát agus do Europol ach amháin faoi réir na gcoinníollacha dochta a leagtar amach sa Rialachán seo. Leis sin, áiritheofar go mbeidh próiseáil shonraí arna stóráil in ETIAS teoranta dá bhfuil fíor-riachtanach chun cionta sceimhlitheoireachta agus cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath agus a imscrúdú i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i gcásdlí na Cúirte, go háirithe i gcás Digital Rights Ireland (12).

(42)

Go háirithe, níor cheart rochtain a dheonú ar shonraí arna stóráil in ETIAS chun cionta sceimhlitheoireachta agus cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath agus a imscrúdú ach amháin tar éis iarraidh réasúnaithe ó aonad oibríochta de chuid údaráis ainmnithe ina mínítear an gá atá leis. I gcásanna práinne inar gá garchontúirt a chosaint do bheatha duine a bhaineann le cion sceimhlitheoireachta nó le cion coiriúil tromchúiseach eile, ba cheart an fíorú i dtaobh ar comhlíonadh na coinníollacha a dhéanamh tar éis rochtain ar na sonraí sin a bheith deonaithe do na húdaráis ainmnithe. Ba cheart an fíorú ex post sin a dhéanamh gan moill mhíchuí agus i gcás ar bith tráth nach déanaí ná 7 lá oibre tar éis an iarraidh a phróiseáil.

(43)

Dá bhrí sin, is gá údaráis na mBallstát a ainmniú atá údaraithe an rochtain sin a iarraidh chun críocha sonracha cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú.

(44)

Ba cheart don lárphointe nó do na lárphointí gníomhú neamhspleách ar na húdaráis ainmnithe agus ba cheart dó nó dóibh a fhíorú go gcomhlíontar na coinníollacha i dtaobh rochtain a iarraidh ar Lárchóras ETIAS sa chás nithiúil atá idir lámha.

(45)

Is é Europol an mol maidir le malartú faisnéise san Aontas. Tá ról lárnach aige sa chomhar idir údaráis na mBallstát atá freagrach as imscrúduithe coiriúla trasteorann trí thacú leis an gcoireacht a chosc, a anailísiú agus a imscrúdú ar fud an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart rochtain a bheith ag Europol freisin ar Lárchóras ETIAS faoi chuimsiú a chúraimí agus i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/794 i gcásanna sonracha nuair is gá sin ionas gur féidir le Europol tacú le gníomhaíocht Ballstát i dtaobh cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó imscrúdú, agus an ghníomhaíocht sin a threisiú.

(46)

Chun cuardaigh chórasacha a chosc, níor cheart sonraí arna stóráil i Lárchóras ETIAS a phróiseáil ach i gcásanna sonracha agus nuair is gá sin chun cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú. Níor cheart do na húdaráis ainmnithe ná do Europol rochtain ar ETIAS a iarraidh ach amháin nuair atá forais réasúnacha acu chun a chreidiúint go bhfaighidh siad faisnéis de thoradh na rochtana sin a chuideoidh leo cion sceimhlitheoireachta nó cion coiriúil tromchúiseach eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú.

(47)

Níor cheart na sonraí pearsanta atá ar taifead in ETIAS a choimeád níos faide ná mar is gá chun na gcríoch dá bhfuil na sonraí á bpróiseáil. Ionas gur féidir le ETIAS feidhmiú, is gá na sonraí a bhaineann le hiarratasóirí a choinneáil ar feadh thréimhse bhailíochta an údaraithe taistil. Tar éis don tréimhse bailíochta dul in éag, níor cheart na sonraí a stóráil ach amháin le toiliú sainráite ón iarratasóir agus ar mhaithe le hiarratas ETIAS nua a éascú. Le cinneadh chun údarú taistil a dhiúltú, a neamhniú nó a chúlghairm, d’fhéadfaí a thabhairt le fios go mbaineann riosca slándála, riosca inimirce neamhdhlíthiúla nó ardriosca eipidéime leis an iarratasóir. I gcás inar eisíodh cinneadh den sórt sin, ba cheart, dá bhrí sin, na sonraí a choinneáil go ceann 5 bliana ó dháta an chinnidh sin, ionas gur féidir le ETIAS a chur san áireamh go cruinn an riosca breise a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis an iarratasóir lena mbaineann. I gcás ina ndéanfaí na sonraí is cúis leis an gcinneadh sin a scriosadh níos luaithe, ba cheart an comhad iarratais a scriosadh laistigh de 7 lá. Tar éis dhul in éag na tréimhse sin, ba cheart na sonraí pearsanta a scriosadh.

(48)

Níor cheart sonraí pearsanta arna stóráil i Lárchóras ETIAS a chur ar fáil d’aon tríú tír, eagraíocht idirnáisiúnta ná páirtí príobháideach. Mar eisceacht ón riail sin, áfach, ba cheart é a bheith indéanta sonraí pearsanta den sórt sin a aistriú chuig tríú tír i gcás ina bhfuil an t-aistriú faoi réir coinníollacha dochta agus ina bhfuil gá leis sa chás aonair chun críocha fillidh. In éagmais cinneadh leordhóthanachta trí bhíthin gníomh cur chun feidhme de bhun Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) nó in éagmais coimircí iomchuí a bhfuil aistrithe faoina réir de bhun an Rialacháin sin, ba cheart é a bheith indéanta, ar bhonn eisceachtúil, sonraí arna stóráil in ETIAS a aistriú chuig tríú tír chun críocha fillidh, ach sin i gcás ina bhfuil gá leis an aistriú ar chúiseanna tábhachtacha a bhaineann le leas an phobail dá dtagraítear sa Rialachán sin agus sa chás sin amháin.

(49)

Ba cheart é a bheith indéanta freisin sonraí pearsanta a fhaigheann na Ballstáit de bhun an Rialacháin seo a aistriú chuig tríú tír i gcás eisceachtúil práinne, ina mbaineann garchontúirt le cion sceimhlitheoireachta nó ina bhfuil beatha duine a bhaineann le cion coiriúil tromchúiseach i ngarchontúirt. Ba cheart garchontúirt do bheatha duine a thuiscint mar chontúirt a eascraíonn as cion coiriúil tromchúiseach a dhéantar in aghaidh an duine sin amhail mórdhíobháil choirp, trádáil aindleathach in orgáin dhaonna agus fíochán daonna, fuadach, srianadh neamhdhlíthiúil agus gabháil giall, teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí, agus éigniú.

(50)

Chun feasacht an phobail maidir le ETIAS a áirithiú, go háirithe i measc náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir an cheanglais i dtaobh údarú taistil, ba cheart faisnéis maidir le ETIAS, lena n-áirítear reachtaíocht ábhartha an Aontais agus an nós imeachta maidir leis an iarratas ar údarú taistil a chur ar fáil don phobal i gcoitinne ar shuíomh gréasáin poiblí agus trí aip le haghaidh gléasanna móibíleacha atá le húsáid freisin chun iarratas a chur chuig ETIAS. Ba cheart an fhaisnéis sin a scaipeadh i mbileog eolais choiteann agus trí bhíthin aon mhodh iomchuí eile freisin. Ina theannta sin, ba cheart d’iarratasóirí ar údarú taistil fógra ríomhphoist a fháil le faisnéis a bhaineann lena n-iarratas. Ba cheart naisc idirlín do reachtaíocht an Aontais agus náisiúnta is infheidhme a bheith san fhógra ríomhphoist sin.

(51)

Ba cheart rialacha beachta a leagan síos maidir leis na freagrachtaí a bheidh ar an nGníomhaireacht chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála faisnéise sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (eu-LISA) i ndáil le dearadh, forbairt agus bainistiú teicniúil Chóras Faisnéise ETIAS. Ba cheart rialacha a leagan síos freisin lena rialaítear na freagrachtaí a bheidh ar an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, na freagrachtaí a bheidh ar na Ballstáit agus na freagrachtaí a bheidh ar Europol maidir le ETIAS. Ba cheart do eu-LISA aird ar leith a thabhairt ar an riosca a bhaineann le méaduithe costas agus ba cheart dó a áirithiú go ndéanfar monatóireacht leordhóthanach ar chostais conraitheoirí.

(52)

Tá feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) maidir le gníomhaíochtaí eu-LISA agus na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta agus iad ag comhlíonadh na gcúraimí a chuirtear orthu faoin Rialachán seo.

(53)

Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 maidir leis an bpróiseáil a dhéanann na Ballstáit ar shonraí pearsanta agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm.

(54)

Maidir leis an bpróiseáil a dhéanann na Ballstáit ar shonraí pearsanta chun críche measúnú a dhéanamh ar iarratais, i gcár inarb iad na húdaráis inniúla a dhéanann an phróiseáil sin chun cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, tá feidhm ag Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15).

(55)

Tá feidhm ag Treoir (AE) 2016/680 maidir leis an bpróiseáil a dhéanann údaráis ainmnithe na mBallstát ar shonraí pearsanta chun cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú de bhun an Rialacháin seo.

(56)

Ba cheart do na húdaráis mhaoirseachta neamhspleácha a bunaíodh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 faireachán a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na próiseála a dhéanann na Ballstáit ar shonraí pearsanta, agus ba cheart don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí a bunaíodh faoi Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí institiúidí agus comhlachtaí an Aontais i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta. Ba cheart don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus do na húdaráis mhaoirseachta oibriú i gcomhar lena chéile chun faireachán a dhéanamh ar ETIAS.

(57)

Ba cheart rialacha dochta maidir le Lárchóras ETIAS a rochtain agus na coimircí a bhfuil gá leo a bhunú. Lena chois sin, is gá foráil a dhéanamh maidir le cearta an duine aonair i ndáil le rochtain, ceartú, srianadh, comhlánú, léirscriosadh agus sásamh maidir le sonraí pearsanta, go háirithe an ceart chun leigheas breithiúnach a fháil agus chun maoirseacht a bheith á déanamh ag údaráis neamhspleácha phoiblí ar oibríochtaí próiseála.

(58)

Chun measúnú a dhéanamh ar na rioscaí slándála, na rioscaí inimirce neamhdhlíthiúla nó ar na hardrioscaí eipidéime a d’fhéadfadh a bheith i gceist i dtaobh taistealaí, ba cheart idir-inoibritheacht a bhunú idir Córas Faisnéise ETIAS agus córais faisnéise eile de chuid an Aontais. Ba cheart idir-inoibritheacht a bhunú agus acquis an Aontais maidir le cearta bunúsacha á chomhlíonadh go hiomlán. Dá mbunófaí córas láraithe ar leibhéal an Aontais chun Ballstáit atá i seilbh faisnéis maidir le ciontuithe náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát a shainaithint, ba cheart do ETIAS a bheith in ann iarratas a dhéanamh air.

(59)

Ba cheart d’fhorálacha soiléire a bheith sa Rialachán seo maidir le dliteanas agus an ceart chun cúiteamh a fháil ar phróiseáil neamhdhleathach sonraí pearsanta agus ar aon gníomhaíocht eile nach bhfuil ag luí leis an Rialachán seo. Níor cheart gur dochar forálacha den sórt sin don cheart cúiteamh a fháil ón rialaitheoir nó ón bpróiseálaí ná do dhliteanas an rialaitheora nó an phróiseálaithe faoi Rialachán (AE) 2016/679, faoi Threoir (AE) 2016/680 agus faoi Rialachán (CE) Uimh. 45/2001. Ba cheart do eu-LISA a bheith freagrach as aon damáiste a dhéanann sé ina cháil mar phróiseálaí sonraí i gcás nár chomhlíon sé na hoibleagáidí a fhorchuirtear go sonrach air faoin Rialacháin seo, nó i gcás inar ghníomhaigh sé lasmuigh de threoracha dleathacha an Bhallstáit arb é an rialaitheoir sonraí nó i gcás inar ghníomhaigh sé i gcoinne na dtreoracha sin.

(60)

Is gá meastóireacht a dhéanamh go tráthrialta chun faireachán éifeachtach a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus ba cheart dóibh a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad.

(61)

Chun na bearta teicniúla is gá i dtaobh chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a bhunú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún:

chun na ceanglais a bhaineann leis an tseirbhís cuntais shláin a shainiú;

chun an liosta réamhshocraithe de ghrúpaí poist a úsáidtear a leagan síos san fhoirm iarratais;

chun sonrú a dhéanamh ar ábhar agus formáid na gceisteanna ar iarratasóirí a bhaineann le ciontuithe i gcionta coiriúla, tréimhsí fanachta i limistéir chogaidh nó choinbhleachta agus cinntí an chríoch sin a fhágáil nó cinntí um fhilleadh;

chun sonrú a dhéanamh ar ábhar agus formáid ceisteanna breise ar iarratasóirí a thugann freagra dearfach ar cheann amháin de na ceisteanna a bhaineann le ciontuithe i gcionta coiriúla, tréimhsí fanachta i limistéir chogaidh nó choinbhleachta agus cinntí an chríoch sin a fhágáil nó cinntí um fhilleadh, agus chun liosta réamhshocraithe d’fhreagraí a leagan amach;

chun na modhanna íocaíochta agus an próiseas chun an táille údaraithe taistil a bhailiú agus aon athruithe ar mhéid na táille sin chun aon mhéadú ar chostais ETIAS a léiriú a leagan síos;

chun ábhar agus formáid liosta réamhshocraithe de roghanna a leagan síos le haghaidh iarratasóirí a n-iarrtar orthu faisnéis bhreise nó doiciméadacht bhreise a sholáthar;

chun an uirlis fíoraithe a shainiú tuilleadh;

chun an tslándáil, inimirce neamhdhlíthiúil nó na hardrioscaí eipidéime atá le húsáid chun na táscairí riosca sonracha a bhunú a shainiú tuilleadh;

chun an cineál faisnéise breise a bhaineann le bratacha a fhéadfar a chur i gcomhad iarratais ETIAS, mar aon leis na formáidí, an teanga agus an chúis leis na bratacha, a shainiú;

chun coimircí leordhóthanacha a bhunú trí rialacha agus nósanna imeachta a sholáthar chun coinbhleachtaí le foláirimh i gcórais faisnéise eile a sheachaint agus chun coinníollacha, critéir agus fad shannadh na mbratach a shainiú;

chun an uirlis atá le húsáid ag iarratasóirí chun a dtoiliú a thabhairt agus a tharraingt siar a shainiú tuilleadh;

chun síneadh ama a chur leis an idirthréimhse ar lena linn nach bhfuil aon údarú taistil ag teastáil agus leis an tréimhse cairde ar lena linn a gceadóidh na gardaí teorann do náisiúnaigh tríú tír a bhfuil údarú taistil ag teastáil uathu ach nach bhfuil ceann ina seilbh acu dul isteach, ar bhonn eisceachtúil, faoi réir coinníollacha áirithe;

chun an tacaíocht airgeadais do na Ballstáit a shainiú as costais a thabhaíonn siad chun seiceálacha teorann a oiriúnú agus a uathoibriú agus ETIAS á chur chun feidhme acu.

(62)

Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (16). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(63)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir leis an méid seo a leanas:

foirm lena bhféadfar mí-úsáidí a thuairisciú arna ndéanamh ag idirghabhálaithe tráchtála atá údaraithe ag iarratasóirí iarratais a chur isteach thar a gceann;

na coinníollacha le haghaidh oibriú an tsuímh gréasáin phoiblí agus na haipe le haghaidh gléasanna móibíleacha, agus maidir le rialacha mionsonraithecosanta sonraí agus slándála is infheidhme maidir leis an suíomh gréasáin poiblí agus an aip le haghaidh gléasanna móibíleacha;

na ceanglais lena rialaítear formáid na sonraí pearsanta atá le cur isteach san fhoirm iarratais agus na paraiméadair agus na fíoruithe atá le cur chun feidhme chun comhlántacht an iarratais agus comhleanúnachas na sonraí sin a áirithiú;

na ceanglais, an tástáil agus an t-oibriú a bhaineann leis na modhanna cumarsáide fuaime agus físe a mbeifear ag brath orthu chun iarratasóirí a chur faoi agallamh, agus rialacha mionsonraithe cosanta sonraí, slándála agus rúndachta is infheidhme maidir le cumarsáid den sórt sin;

na rioscaí slándála, na rioscaí inimirce neamhdhlíthiúla nó na hardrioscaí eipidéime ar a mbunófar táscairí riosca sonracha;

sonraíochtaí teicniúla liosta faire ETIAS agus an uirlis mheastóireachta atá le húsáid chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag sonraí a iontráil i liosta faire ETIAS ar chion na n-iarratas a phróiseáiltear de láimh;

foirm chun údarú taistil a dhiúltú, a neamhniú nó a chúlghairm;

na coinníollacha chun a áirithiú go mbeidh rochtain shlán ag iompróirí ar Chóras Faisnéise ETIAS, agus na rialacha cosanta sonraí agus na rialacha slándála is infheidhme maidir leis an rochtain sin;

scéim fíordheimhnithe chun go mbeidh rochtain ag baill chuí-údaraithe d’fhoireann na n-iompróirí ar Chóras Faisnéise ETIAS;

na nósanna imeachta cúltaca a bheidh le leanúint i gcásanna nach mbeidh iompróirí in ann iarratas a dhéanamh ar Chóras Faisnéise ETIAS ar chúiseanna teicniúla;

samhlacha de phleananna teagmhasacha i gcásanna nach mbeidh na húdaráis teorann in ann Lárchóras ETIAS a cheadú ar chúiseanna teicniúla nó i gcás ina dtarlaíonn cliseadh ar ETIAS;

samhail de phlean slándála agus samhail de phlean leanúnachais gnó agus athshlánaithe ó thubaiste a bhaineann le slándáil na próiseála a dhéantar ar shonraí pearsanta;

rochtain ar na sonraí atá i gCóras Faisnéise ETIAS;

na sonraí a leasú, a léirscriosadh agus a réamh-léirscriosadh;

logaí a choinneáil agus a rochtain;

ceanglais feidhmíochta;

sonraíochtaí le haghaidh réitigh theicniúla chun na lárphointí rochtana a cheangal le Lárchóras ETIAS;

sásra, nósanna imeachta agus léirmhíniú maidir le comhlíonadh ó thaobh cáilíocht sonraí de le haghaidh na sonraí atá i Lárchóras ETIAS;

bileoga eolais coiteanna chun taistealaithe a chur ar an eolas faoin gceanglas údarú bailí taistil a bheith i seilbh acu;

stór lárnach a oibriú ina mbeidh sonraí chun críocha tuairiscithe agus staidrimh amháin, agus na rialacha cosanta sonraí agus slándála is infheidhme maidir leis an stór sin; agus

sonraíochtaí réitigh theicniúil chun éascaíocht a dhéanamh maidir le bailiú na sonraí staidrimh is gá chun tuairisciú ar éifeachtacht na rochtana ar shonraí arna stóráil i Lárchóras ETIAS chun críocha forfheidhmithe dlí.

Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17).

(64)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon Córas an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil a bhunú agus oibleagáidí, coinníollacha agus nósanna imeachta coiteanna a chruthú maidir le húsáid na sonraí arna stóráil ann, a ghnóthú go leordhóthanach agus dá bhrí sin, de bharr fhairsinge agus thionchar na gníomhaíochta, is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(65)

Ba cheart don ioncam a ghintear leis na táillí údaraithe taistil costais oibríochtúla agus chothabhála Chóras Faisnéise ETIAS, Láraonad ETIAS agus Aonaid Náisiúnta ETIAS a chumhdach go hiomlán. Ba cheart, dá bhrí sin, an táille a choigeartú mar is gá sin i bhfianaise na gcostas a thabhaítear.

(66)

I bhfianaise cháilíocht shonrach chóras ETIAS, is iomchuí déileáil leis an ioncam a ghintear leis na táillí údaraithe taistil a íoc mar ioncam sannta inmheánach. Aon ioncam a bheidh fágtha tar éis costais oibríochtúla agus chothabhála Chóras Faisnéise ETIAS, Láraonad ETIAS agus Aonais Náisiúnta ETIAS a chumhdach, ba cheart é a shannadh do bhuiséad an Aontais.

(67)

Ní dochar an Rialachán seo do chur i bhfeidhm Threoir 2004/38/CE.

(68)

Leis an Rialachán seo urramaítear na cearta bunúsacha agus cloítear ann leis na prionsabail a aithnítear i gCairt an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha.

(69)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse 6 mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh faoin Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

(70)

Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil an Ríocht Aontaithe rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle (18); dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(71)

Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (19); dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(72)

Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (20), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (21).

(73)

Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (22), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (23) agus le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/149/CGB ón gComhairle (24).

(74)

Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (25), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (26) agus le hAirteagal 3 den Chinneadh 2011/349/AE ón gComhairle (27).

(75)

Chun na rialacha mionsonraithe a chinneadh i ndáil leis an ranníocaíocht airgeadais ó thríú tíortha atá comhlachaithe le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen, ba cheart socruithe breise a thabhairt i gcrích idir an tAontas agus na tíortha sin faoi fhorálacha ábhartha a gcomhaontuithe comhlachais. Ba cheart gurb éard a bheadh i socruithe den sórt sin comhaontuithe idirnáisiúnta de réir bhrí Airteagal 218 CFAE.

(76)

Chun an Rialachán seo a chomhtháthú sa chreat dlíthiúil atá ann cheana agus chun na hathruithe oibríochtúla is gá do eu-LISA agus don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta a léiriú, ba cheart Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011 (28), (AE) Uimh. 515/2014 (29), (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 (30) agus (AE) 2017/2226 (31) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a leasú dá réir sin.

(77)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus thug an Maoirseoir tuairim an 6 Márta 2017 (32),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

1.   Leis an Rialachán seo, bunaítear “Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil” (ETIAS) i gcomhair náisiúnaigh tríú tír atá díolmhaithe ón gceanglas víosa a bheith ina seilbh acu agus iad ag trasnú na dteorainneacha seachtracha (“an ceanglas víosa”) lena gcumasaítear a mheas an mbeadh riosca slándála, riosca inimirce neamhdhlíthiúla nó ardriosca eipidéime ann de dheasca na náisiúnaigh tríú tír sin a bheith ar chríoch na mBallstát. Chun na críche sin, tugtar isteach údarú taistil agus na coinníollacha agus na nósanna imeachta i dtaobh a eisiúna nó a dhiúltaithe.

2.   Leagtar síos sa Rialachán seo na coinníollacha faoina bhféadfaidh údaráis ainmnithe na mBallstát agus Europol sonraí arna stóráil i Lárchóras ETIAS a cheadú chun cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a thagann faoina n-inniúlacht a chosc, a bhrath agus a imscrúdú.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na catagóirí seo a leanas de náisiúnaigh tríú tír:

(a)

náisiúnaigh tríú tír atá liostaithe in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle (33) atá díolmhaithe ón gceanglas víosa atá beartaithe ar chríoch na mBallstát nach faide ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá;

(b)

daoine atá díolmhaithe ón gceanglas víosa, de bhun Airteagal 4(2) de Rialachán (CE) Uimh. 539/2001, i leith tréimhsí fanachta atá beartaithe ar chríoch na mBallstát nach faide ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá;

(c)

náisiúnaigh tríú tír atá díolmhaithe ón gceanglas víosa agus a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:

(i)

is baill teaghlaigh iad le saoránach den Aontas a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE maidir leo nó is baill teaghlaigh iad le náisiúnach tríú tír ag a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta atá coibhéiseach le ceart shaoránaigh an Aontais faoi chomhaontú idir an tAontas agus a Bhallstáit, ar an taobh amháin, agus tríú tír, ar an taobh eile; agus

(ii)

níl cárta cónaithe de bhun Threoir 2004/38/CE nó cead cónaithe de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ina seilbh acu.

2.   Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le:

(a)

dídeanaithe nó daoine gan stát nó daoine eile nach bhfuil náisiúntacht aon tíre acu a bhfuil cónaí orthu i mBallstát agus a bhfuil doiciméad taistil acu a d’eisigh an Ballstát sin;

(b)

náisiúnaigh tríú tír ar baill teaghlaigh iad le saoránach den Aontas a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE maidir leo agus a bhfuil cárta cónaithe de bhun na Treorach sin ina seilbh acu;

(c)

náisiúnaigh tríú tír ar baill teaghlaigh iad le náisiúnach tríú tír ag a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta atá coibhéiseach le ceart shaoránaigh an Aontais faoi chomhaontú idir an tAontas agus a Bhallstáit, ar an taobh amháin, agus tríú tír, ar an taobh eile, agus a bhfuil cárta cónaithe de bhun Threoir 2004/38/CE nó cead cónaithe de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ina seilbh acu;

(d)

sealbhóirí na gceadanna cónaithe dá dtagraítear i bpointe 16 d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2016/399;

(e)

sealbhóirí víosaí aonfhoirmeacha;

(f)

sealbhóirí víosaí fadfhanachta náisiúnta;

(g)

náisiúnaigh Andóra, Mhonacó agus San Mairíne agus sealbhóirí pas arna eisiúint ag Stát Chathair na Vatacáine nó ag an Suí Naofa;

(h)

náisiúnaigh tríú tíortha ar sealbhóirí iad de chead le haghaidh trácht teorann áitiúil arna eisiúint ag na Ballstáit de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1931/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (34) i gcás ina bhfeidhmíonn sealbhóirí den sórt sin a gceart i gcomhthéacs chóras an Tráchta Teorann Áitiúil;

(i)

daoine nó catagóirí daoine dá dtagraítear i bpointí (a) go (f) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 539/2001;

(j)

náisiúnaigh tríú tír a bhfuil pasanna taidhleoireachta nó pasanna seirbhíse ina seilbh acu agus atá díolmhaithe ón gceanglas víosa de bhun comhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích idir an tAontas agus tríú tír;

(k)

daoine atá faoi réir ceanglas víosa de bhun Airteagal 4(3) de Rialachán (CE) Uimh. 539/2001;

(l)

náisiúnaigh tríú tír a fheidhmíonn a gceart chun saorghluaiseachta i gcomhréir le Treoir 2014/66/AE (35) nó le Treoir (AE) 2016/801 (36) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Airteagal 3

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “teorainneacha seachtracha” na teorainneacha seachtracha mar a shainmhínítear i bpointe 2 d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2016/399;

(2)

ciallaíonn “forghníomhú an dlí” cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú;

(3)

ciallaíonn “seiceáil ar an dara líne” seiceáil ar an dara líne mar a shainmhínítear i bpointe 13 d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2016/399;

(4)

ciallaíonn “údarás teorann” an garda teorann ar cuireadh de chúram air nó uirthi, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, seiceálacha teorann a dhéanamh mar a shainmhínítear i bpointe 11 d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2016/399;

(5)

ciallaíonn “údarú taistil” cinneadh a eisíodh i gcomhréir leis an Rialachán seo lena gceanglaítear ar na náisiúnaigh tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 2(1) den Rialachán seo an choinníoll maidir le dul isteach a leagtar síos i bpointe (b) d’Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2016/399 a chomhlíonadh agus lena léirítear an méid seo a leanas:

(a)

nár sainaithníodh aon táscairí fíriciúla ná aon fhorais réasúnacha bunaithe ar tháscairí fíriciúla lena cheapadh go bhfuil nó go mbeidh riosca slándála, riosca inimirce neamhdhlíthiúla, nó ardriosca eipidéime ann de dheasca an duine a bheith ar chríoch na mBallstát;

(b)

nár sainaithníodh aon táscairí fíriciúla ná aon fhorais réasúnacha bunaithe ar tháscairí fíriciúla lena cheapadh go bhfuil nó go mbeidh riosca slándála, riosca inimirce neamhdhlíthiúla nó ardriosca eipidéime ann de dheasca an duine a bheith ar chríoch na mBallstát, cé go bhfuil amhras fós ann go bhféadfadh cúiseanna leordhóthanacha a bheith ann údarú taistil a dhiúltú, i gcomhréir le hAirteagal 36(2);

(c)

i gcás inar sainaithníodh táscairí fíriciúla lena cheapadh go bhfuil nó go mbeidh riosca slándála, riosca inimirce neamhdhlíthiúla, nó ardriosca eipidéime ann de dheasca an duine a bheith ar chríoch na mBallstát, gur cuireadh teorainn le bailíocht chríochach an údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 44; nó

(d)

i gcás inar sainaithníodh táscairí fíriciúla lena cheapadh go bhfuil nó go mbeidh riosca slándála ann de dheasca an duine a bheith ar chríoch na mBallstát, go bhfuil an taistealaí faoi réir foláireamh in SIS maidir le daoine i ndáil le seiceálacha discréideacha nó seiceálacha sonracha nó faoi réir foláireamh in SIS maidir le daoine a bhfuiltear sa tóir orthu lena ngabháil chun críocha géillte ar bhonn Barántas Gabhála Eorpach nó a bhfuiltear sa tóir orthu lena ngabháil chun críocha eiseachadta, mar thacaíocht do chuspóirí SIS dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 4;

(6)

ciallaíonn “riosca slándála” an riosca go mbeadh bagairt ann do bheartas poiblí, do shlándáil inmheánach nó do chaidreamh idirnáisiúnta aon cheann de na Ballstáit;

(7)

ciallaíonn “riosca inimirce neamhdhlíthiúla” an riosca nach gcomhlíonfadh náisiúnach tríú tír na coinníollacha maidir le dul isteach agus fanacht mar a leagtar amach in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2016/399 iad;

(8)

ciallaíonn “ardriosca eipidéime” aon ghalar a mbaineann riosca eipidéime leis mar a shainmhínítear i Rialacha Sláinte Idirnáisiúnta na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS) nó an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) agus galair thógálacha nó galair sheadánacha ghabhálacha eile má tá siad faoi réir forálacha cosanta is infheidhme maidir le náisiúnaigh na mBallstát;

(9)

ciallaíonn “iarratasóir” aon náisiúnach tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 2 a bhfuil iarratas ar údarú taistil curtha isteach aige nó aici;

(10)

ciallaíonn “doiciméad taistil” pas nó a chomhionann de dhoiciméad eile a thugann teideal don sealbhóir dul trasna na dteorainneacha seachtracha agus ar féidir víosa a ghreamú de;

(11)

ciallaíonn “gearrfhanacht” fanachtaí ar chríoch na mBallstát de réir bhrí Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2016/399;

(12)

ciallaíonn “rófhantóir” náisiúnach tríú tír nach gcomhlíonann, nó nach gcomhlíonann a thuilleadh, na coinníollacha a bhaineann le fad gearrfhanachta ar chríoch na mBallstát;

(13)

ciallaíonn “aip le haghaidh gléasanna móibíleacha” feidhmchlár bogearraí a cheaptar lena fheidhmiú ar ghléasanna móibíleacha amhail gutháin chliste agus ríomhairí taibléid;

(14)

ciallaíonn “amas” comhfhreagras a bhunaítear trí na sonraí pearsanta atá ar taifead i gcomhad iarratais Lárchóras ETIAS a chur i gcomparáid leis na táscairí riosca sonracha dá dtagraítear in Airteagal 33 nó leis na sonraí pearsanta atá stóráilte i dtaifead, comhad nó foláireamh atá cláraithe i Lárchóras ETIAS, i gcóras faisnéise eile AE nó i mbunachar sonraí a liostaítear in Airteagal 20(2) (“córais faisnéise AE”), i sonraí Europol, nó i mbunachar sonraí de chuid Interpol a bhfuil iarratas á dhéanamh ag Lárchóras ETIAS;

(15)

ciallaíonn “cion sceimhlitheoireachta” cion a chomhfhreagraíonn do cheann de na cionta dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2017/541, nó atá coibhéiseach leis;

(16)

ciallaíonn “cion coiriúil tromchúiseach” cion a chomhfhreagraíonn do cheann de na cionta dá dtagraítear in Airteagal 2(2) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB, nó atá coibhéiseach leo, má tá sé inphionóis faoin dlí náisiúnta le pianbhreith coimeádta nó le hordú coinneála arb é 3 bliana ar a laghad a uastréimhse;

(17)

ciallaíonn “sonraí Europol” na sonraí pearsanta a phróiseálann Europol chun na críche dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 18(2) de Rialachán (AE) 2016/794;

(18)

ciallaíonn “ríomhshínithe” gur dearbhaíodh an comhaontú trí thic a chur sa bhosca iomchuí ar an bhfoirm iarratais nó san iarraidh ar thoiliú;

(19)

ciallaíonn “mionaoiseach” náisiúnach tríú tír nó duine gan stát faoi bhun 18 mbliana d’aois;

(20)

ciallaíonn “consalacht” misean taidhleoireachta de chuid Ballstáit nó post consalach de chuid Ballstáit mar a shainmhínítear i gCoinbhinsiún Vín ar Chaidreamh Consalachta an 24 Aibreán 1963;

(21)

ciallaíonn “údarás ainmnithe” údarás a ndéanann Ballstát é a ainmniú de bhun Airteagal 50 mar údarás atá freagrach as cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú;

(22)

ciallaíonn ‘údarás inimirce’ an t-údarás inniúil atá freagrach, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, as ceann amháin nó níos díobh seo a leanas:

(a)

seiceáil a dhéanamh laistigh de chríoch na mBallstát ar cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na coinníollacha maidir le dul isteach nó le fanacht ar chríoch na mBallstát;

(b)

scrúdú a dhéanamh ar na coinníollacha maidir le cónaí na náisiúnach tríú tír ar chríoch na mBallstát agus cinntí a dhéanamh ina leith, a mhéid nach ionann an t-údarás sin agus “údarás cinntitheach” mar a shainmhínítear i bpointe (f) d’Airteagal 2 de Threoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (37), agus, i gcás inarb ábhartha, comhairle a chur ar fáil i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 377/2004 ón gComhairle (38);

(c)

náisiúnaigh tríú tír a fhilleadh ar thríú tír thionscnaimh nó idirthurais.

2.   Na téarmaí a shainmhínítear in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001, beidh an bhrí chéanna leo sa Rialachán seo a mhéid a dhéanann an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus eu-LISA sonraí pearsanta a phróiseáil.

3.   Na téarmaí a shainmhínítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/679, beidh an bhrí chéanna leo sa Rialachán seo a mhéid a dhéanann údaráis na mBallstát sonraí pearsanta a phróiseáil chun na gcríoch a leagtar síos i bpointí (a) go (e) d’Airteagal 4 den Rialachán seo.

4.   Na téarmaí a shainmhínítear in Airteagal 3 de Threoir (AE) 2016/680, beidh an bhrí chéanna leo sa Rialachán seo a mhéid a dhéanann údaráis na mBallstát sonraí pearsanta a phróiseáil chun na gcríoch a leagtar síos i bpointe (f) d’Airteagal 4 den Rialachán seo.

Airteagal 4

Cuspóirí ETIAS

Trí thacú le húdaráis inniúla na mBallstát, déanfaidh ETIAS an méid seo a leanas:

(a)

cur le hardleibhéal slándála trí fhoráil a dhéanamh maidir le measúnú críochnúil ar riosca slándála na n-iarratasóirí, sula dtiocfaidh siad chuig pointí trasnaithe teorann seachtraí, d’fhonn a chinneadh an bhfuil táscairí fíriciúla nó forais réasúnacha ann atá bunaithe ar tháscairí fíriciúla lena theacht ar an tátal go bhfuil riosca slándála ann de dheasca an duine sin a bheith ar chríoch na mBallstát;

(b)

cur leis an gcosc ar inimirce neamhdhlíthiúil trí fhoráil a dhéanamh maidir le measúnú ar an riosca inimirce neamhdhlíthiúla a ghabhann le hiarratasóirí sula dtiocfaidh siad chuig pointí trasnaithe teorann seachtraí;

(c)

cur le cosaint na sláinte poiblí trí fhoráil a dhéanamh maidir le measúnú i dtaobh an ngabhann ardriosca eipidéime leis an iarratasóir de réir bhrí phointe (e) d’Airteagal 3(1) sula dtiocfaidh an t-iarratasóir chuig pointí trasnaithe teorann seachtraí;

(d)

éifeachtacht na seiceálacha teorann a fheabhsú;

(e)

tacú leis na cuspóirí sin de SIS a bhaineann leis na foláirimh maidir le náisiúnaigh tríú tír ar diúltaíodh dá gcead isteach agus fanacht, leis na foláirimh maidir le daoine a bhfuiltear sa tóir orthu lena ngabháil chun críocha géillte nó chun críocha eiseachadta, foláirimh maidir le daoine atá ar iarraidh, foláirimh maidir le daoine a bhfuiltear sa tóir orthu chun cabhrú le nós imeachta breithiúnach agus foláirimh maidir le daoine le haghaidh seiceálacha discréideacha nó seiceálacha sonracha;

(f)

cur le cionta sceimhlitheoireachta agus cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath agus a imscrúdú.

Airteagal 5

Struchtúr ginearálta ETIAS

Is é atá in ETIAS:

(a)

Córas Faisnéise ETIAS dá dtagraítear in Airteagal 6;

(b)

Láraonad ETIAS dá dtagraítear in Airteagal 7;

(c)

Aonaid Náisiúnta ETIAS dá dtagraítear in Airteagal 8.

Airteagal 6

Bunú agus ailtireacht theicniúil Chóras Faisnéise ETIAS

1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (“eu-LISA”) Córas Faisnéise ETIAS a fhorbairt agus déanfaidh sí bainistiú teicniúil an chórais sin a áirithiú.

2.   Is é a bheidh i gCóras Faisnéise ETIAS:

(a)

Lárchóras ETIAS, lena n-áirítear liosta faire ETIAS dá dtagraítear in Airteagal 34;

(b)

Comhéadan Aonfhoirmeach Náisiúnta (NUI) i ngach Ballstát bunaithe ar shonraíochtaí teicniúla coiteanna agus iad ar aon dul lena chéile sna Ballstáit uile le gur féidir ceangal a dhéanamh idir Lárchóras ETIAS agus na bonneagair náisiúnta teorann agus na lárphointí rochtana sna Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 50(2) ar bhealach slán;

(c)

bonneagar cumarsáide, a bheidh slán agus inchriptithe, idir Lárchóras ETIAS agus na NUInna;

(d)

bonneagar cumarsáide slán idir Lárchóras ETIAS agus na córais faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 11;

(e)

suíomh gréasáin poiblí agus aip le haghaidh gléasanna móibíleacha;

(f)

seirbhís ríomhphoist;

(g)

seirbhís cuntais shláin lena gcuirtear ar chumas iarratasóirí aon fhaisnéis bhreise nó doiciméadacht bhreise is gá a sholáthar;

(h)

uirlis fíoraithe d’iarratasóirí;

(i)

uirlis a chuireann ar chumas na n-iarratasóirí a dtoiliú a thabhairt nó a tharraingt siar chun cur leis an tréimhse choinneála i ndáil lena gcomhad iarratais;

(j)

uirlis a chuireann ar chumas Europol agus na mBallstát measúnú a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil le sonraí nua a iontráil i liosta faire ETIAS ar chion na n-iarratas a ndéantar a phróiseáil de láimh;

(k)

geata iompróra;

(l)

seirbhís gréasáin shláin lena gcumasaítear Lárchóras ETIAS chun cumarsáid a dhéanamh leis an suíomh gréasáin poiblí, an aip le haghaidh gléasanna móibíleacha, an tseirbhís ríomhphoist, an tseirbhís cuntais shláin, an geata iompróra, an uirlis fíoraithe d’iarratasóirí, an uirlis um thoiliú d’iarratasóirí, an t-idirghabhálaí íocaíochta agus bunachair sonraí Interpol;

(m)

bogearraí lena gcuirtear ar chumas Láraonad ETIAS agus Aonaid Náisiúnta ETIAS na hiarratais a phróiseáil agus na comhairliúcháin le hAonaid Náisiúnta ETIAS eile dá dtagraítear in Airteagal 28 agus le Europol dá dtagraítear in Airteagal 29 a bhainistiú;

(n)

stór lárnach sonraí chun críocha tuairiscithe agus staidrimh.

3.   Déanfaidh Lárchóras ETIAS, na NUInna, an tseirbhís gréasáin, an geata iompróra agus bonneagar cumarsáide ETIAS, a mhéid is féidir ó thaobh na teicneolaíochta de, comhpháirteanna crua-earraí agus comhpháirteanna bogearraí ó Lárchóras EES, ó Chomhéadain Aonfhoirmeacha Náisiúnta EES, ó sheirbhís gréasáin EES agus ó Bhonneagar Cumarsáide EES dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2017/2226 a chomhroinnt agus a athúsáid.

4.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 chun ceanglais na seirbhíse cuntais shláin dá dtagraítear i bpointe (g) de mhír 2 den Airteagal seo a shainiú.

Airteagal 7

Láraonad ETIAS

1.   Bunaítear leis seo Láraonad ETIAS laistigh den Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta.

2.   Beidh Láraonad ETIAS oibríochtúil 24 huaire an chloig in aghaidh an lae, 7 lá na seachtaine. Beidh na freagrachtaí seo a leanas air:

(a)

i gcásanna inar tuairiscíodh amas leis an uathphróiseas iarratais, a fhíorú i gcomhréir le hAirteagal 22 an gcomhfhreagraíonn sonraí pearsanta an iarratasóra do shonraí pearsanta an duine ar spreagadh an t-amas sin i Lárchóras ETIAS, lena n-áirítear i liosta faire ETIAS dá dtagraítear in Airteagal 34, in aon cheann de chórais faisnéise AE a ceadaíodh, i sonraí Europol, in aon cheann de bhunachair sonraí Interpol dá dtagraítear in Airteagal 12, nó sna táscairí riosca sonracha dá dtagraítear in Airteagal 33, agus i gcás ina bhfuil comhfhreagras deimhnithe nó i gcás ina bhfuil amhras fós ann, an phróiseáil láimhe ar an iarratas a sheoladh dá dtagraítear in Airteagal 26;

(b)

a áirithiú go bhfuil na sonraí a chuireann sé isteach sna comhaid iarratais cothrom le dáta i gcomhréir le forálacha ábhartha Airteagail 55 agus 64;

(c)

na táscairí riosca sonracha dá dtagraítear in Airteagal 33 a shainiú agus a bhunú, ameasúnú ex ante a dhéanamh orthu, iad a chur chun feidhme, meastóireacht ex post, agus athbhreithniú a dhéanamh orthu agus iad a scriosadh tar éis dul i gcomhairle le Bord ETIAS um Scagadh;

(d)

a áirithiú go dtaifeadtar na fíoruithe a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 22 agus na torthaí comhfhreagracha sna comhaid iarratais;

(e)

iniúchtaí rialta a dhéanamh ar phróiseáil na n-iarratas agus ar chur chun feidhme Airteagal 33, lena n-áirítear trí mheasúnú rialta a dhéanamh ar a dtionchar ar chearta bunúsacha, go háirithe maidir le príobháideacht agus cosaint sonraí pearsanta;

(f)

a léiriú, i gcás inar gá, an Ballstát atá freagrach as próiseáil láimhe na n-iarratas dá dtagraítear in Airteagal 25(2);

(g)

i gcásanna ina mbíonn fadhbanna teicniúla nó cúinsí gan choinne ann, na comhairliúcháin idir na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 28 a éascú agus na comhairliúcháin idir an Ballstát atá freagrach agus Europol dá dtagraítear in Airteagal 29 a éascú;

(h)

fógra a thabhairt d’iompróirí i gcásanna chliseadh Chóras Faisnéise ETIAS dá dtagraítear in Airteagal 46(1);

(i)

fógra a thabhairt d’Aonaid Náisiúnta ETIAS na mBallstát faoi chliseadh Chóras Faisnéise ETIAS dá dtagraítear in Airteagal 48(1);

(j)

iarrataí ó Europol maidir le ceadú sonraí i Lárchóras ETIAS dá dtagraítear in Airteagal 53 a phróiseáil;

(k)

an fhaisnéis ábhartha maidir leis an iarratas ar údarú taistil a sholáthar don phobal i gcoitinne dá dtagraítear in Airteagal 71;

(l)

comhoibriú leis an gCoimisiún maidir leis an bhfeachtas faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 72;

(m)

tacaíocht i scríbhinn a sholáthar do thaistealaithe a raibh fadhbanna acu agus an fhoirm iarratais á líonadh isteach acu agus a bhfuil cúnamh iarrtha acu trí fhoirm chaighdeánach theagmhála; liosta a choimeád de na ceisteanna agus de na freagraí is coitianta atá ar fáil ar líne;

(n)

a áirithiú go ndéantar obair leantach agus go dtugtar tuairisc rialta don Choimisiún maidir le mí-úsáidí a thuairiscítear arna ndéanamh ag idirghabhálaithe tráchtála dá dtagraítear in Airteagal 15(5).

3.   Foilseoidh Láraonad ETIAS tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí. Áireofar na nithe seo a leanas sa tuarascáil sin:

(a)

staidreamh maidir leis an méid seo a leanas:

(i)

líon na n-údaruithe taistil a eisíonn Lárchóras ETIAS go huathoibríoch;

(ii)

líon na n-iarratas a fhíoraíonn Láraonad ETIAS;

(iii)

líon na n-iarratas a phróiseáiltear de láimh in aghaidh an Bhallstáit;

(iv)

líon na n-iarratas a diúltaíodh in aghaidh na tíre agus an chúis ar diúltaíodh iad;

(v)

a mhéid is a comhlíonadh na spriocamanna dá dtagraítear in Airteagal 22(6) agus in Airteagal 27, Airteagal 30 agus Airteagal 32.

(b)

faisnéis ghinearálta faoi fheidhmiú Láraonad ETIAS, a chuid gníomhaíochtaí a leagtar amach san Airteagal seo agus faisnéis faoi threochtaí reatha agus faoi dhúshláin reatha a mbíonn tionchar acu ar chur i gcrích a chúraimí.

Cuirfear an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún faoin 31 Márta an bhliain dar gcionn.

Airteagal 8

Aonaid Náisiúnta ETIAS

1.   Ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil i gcáil Aonad Náisiúnta ETIAS.

2.   Beidh Aonaid Náisiúnta ETIAS freagrach as an méid seo a leanas:

(a)

scrúdú a dhéanamh ar iarratais ar údaruithe taistil i gcás inar thuairiscigh an t-uathphróiseas iarratais amas agus inar thionscain Láraonad ETIAS an phróiseáil láimhe ar an iarratas, agus cinneadh a dhéanamh i leith na n-iarratas sin;

(b)

a áirithiú go dtaifeadtar na cúraimí a dhéantar faoi phointe (a) agus na torthaí comhfhreagracha sna comhaid iarratais;

(c)

a áirithiú go bhfuil na sonraí a chuireann siad isteach sna comhaid iarratais cothrom le dáta i gcomhréir le forálacha ábhartha Airteagal 55 agus Airteagal 64;

(d)

a chinneadh údaruithe taistil a bhfuil bailíocht chríochach theoranta acu a eisiúint dá dtagraítear in Airteagal 44;

(e)

comhordú a áirithiú le hAonaid náisiúnta ETIAS eile agus le Europol i dtaca leis na hiarrataí ar chomhairliúchán dá dtagraítear in Airteagal 28 agus Airteagal 29;

(f)

faisnéis a sholáthar d’iarratasóirí maidir leis an nós imeachta a bheidh le leanúint i gcás achomhairc faoi Airteagal 37(3);

(g)

údarú taistil dá dtagraítear in Airteagal 40 agus Airteagal 41 a neamhniú agus a chúlghairm.

3.   Cuirfidh na Ballstáit acmhainní leordhóthanacha ar fáil d’Aonaid Náisiúnta ETIAS ionas gur féidir leo a gcúraimí a chomhlíonadh i gcomhréir leis na spriocamanna a leagtar amach sa Rialachán seo.

Airteagal 9

Bord ETIAS um Scagadh

1.   Bunaítear leis seo Bord ETIAS um Scagadh a mbeidh feidhm chomhairleach aige laistigh den Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta. Beidh sé comhdhéanta d’ionadaí ó gach Aonad Náisiúnta ETIAS, ón nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, agus ó Europol.

2.   Rachfar i gcomhairle le Bord ETIAS um Scagadh ar na nithe seo a leanas:

(a)

rachaidh Lárionad ETIAS i gcomhairle leis maidir le sainiú agus bunú na dtáscairí riosca sonracha dá dtagraítear in Airteagal 33, meastóireacht ex ante orthu, a gcur chun feidhme, meastóireacht ex post orthu, athbhreithniú orthu agus a scriosadh;

(b)

rachaidh na Ballstáit i gcomhairle leis maidir le liosta faire ETIAS dá dtagraítear in Airteagal 34 a chur chun feidhme;

(c)

rachaidh Europol i gcomhairle leis maidir le liosta faire ETIAS dá dtagraítear in Airteagal 34 a chur chun feidhme.

3.   Eiseoidh Bord ETIAS um Scagadh tuairimí, treoirlínte, moltaí agus dea-chleachtais chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 2. Nuair a bheidh moltaí á n-eisiúint aige, cuirfidh Bord ETIAS um Scagadh na moltaí arna n-eisiúint ag Treoirbhord ETIAS um Chearta Bunúsacha san áireamh.

4.   Tiocfaidh Bord ETIAS um Scagadh le chéile nuair is gá, agus ar a laghad dhá uair sa bhliain. Iompróidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta costais agus seirbhísiú na gcruinnithe sin.

5.   Féadfaidh Bord ETIAS um Scagadh dul i gcomhairle le Treoirbhord ETIAS um Chearta Bunúsacha maidir le saincheisteanna sonracha a bhaineann le cearta bunúsacha, go háirithe maidir le príobháideacht, cosaint sonraí pearsanta agus neamh-idirdhealú.

6.   Glacfaidh Bord ETIAS um Scagadh rialacha nós imeachta ag an gcéad chruinniú a bheidh aige trí thromlach simplí a chuid comhaltaí.

Airteagal 10

Treoirbhord ETIAS um Chearta Bunúsacha

1.   Bunaítear leis seo Treoirbhord ETIAS um Chearta Bunúsacha ag a mbeidh feidhm chomhairleach agus bhreithmheasa. Gan dochar dá n-inniúlachtaí faoi seach agus dá neamhspleáchas, beidh an Bord comhdhéanta d’Oifigeach um Chearta Bunúsacha na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta, d’ionadaí ón bhfóram comhairleach maidir le cearta bunúsacha na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta, d’ionadaí ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, d’ionadaí ón mBord Eorpach um Chosaint Sonraí a bunaíodh le Rialachán (AE) 2016/679 agus d’ionadaí ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha.

2.   Déanfaidh Treoirbhord ETIAS um Chearta Bunúsacha breithmheasanna rialta agus eiseoidh sé moltaí do Bhord ETIAS um Scagadh maidir leis an tionchar ar chearta bunúsacha atá ag próiseáil na n-iarratas agus ag cur chun feidhme Airteagal 33, go háirithe maidir le príobháideacht, cosaint sonraí pearsanta agus neamh-idirdhealú.

Chomh maith leis sin, tacóidh Treoirbhord ETIAS um Chearta Bunúsacha le Bord ETIAS um Scagadh agus a chúraimí á bhfeidhmiú aige nuair a théann Bord ETIAS um Scagadh i gcomhairle leis maidir le saincheisteanna sonracha a bhaineann le cearta bunúsacha, go háirithe maidir le príobháideacht, cosaint sonraí pearsanta agus neamh-idirdhealú.

Beidh rochtain ag Treoirbhord ETIAS um Chearta Bunúsacha ar na hiniúchtaí dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 7(2).

3.   Tiocfaidh Treoirbhord ETIAS um Chearta Bunúsacha le chéile nuair is gá, agus ar a laghad dhá uair sa bhliain. Iompróidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta costais agus seirbhísiú na gcruinnithe sin. Tionólfar a chruinnithe ar áitribh na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta. Cuirfidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta rúnaíocht ar fáil do na cruinnithe sin. Glacfaidh Treoirbhord ETIAS um Chearta Bunúsacha rialacha nós imeachta ag an gcéad chruinniú a bheidh aige trí thromlach simplí a chuid comhaltaí.

4.   Iarrfar ar ionadaí amháin ó Threoirbhord ETIAS um Chearta Bunúsacha freastal ar chruinnithe de chuid Bhord ETIAS um Scagadh i gcáil chomhairleach. Beidh rochtain ag comhaltaí Threoirbhord ETIAS um Chearta Bunúsacha ar an bhfaisnéis agus ar na comhaid atá ag Bord ETIAS um Scagadh.

5.   Déanfaidh Treoirbhord ETIAS um Chearta Bunúsacha tuarascáil bhliantúil. Cuirfear an tuarascáil sin ar fáil go poiblí.

Airteagal 11

Idir-inoibritheacht le córais faisnéise AE eile

1.   Bunófar idir-inoibritheacht idir Córas Faisnéise ETIAS, córais faisnéise AE eile agus sonraí Europol chun gur féidir an fíorú dá dtagraítear in Airteagal 20 a dhéanamh.

2.   Na leasuithe ar na gníomhartha dlíthiúla lena mbunaítear córais faisnéise AE is gá iad lena n-idir-inoibritheacht le ETIAS a bhunú, chomh maith leis na forálacha comhfhreagracha a chur leis an Rialachán seo, déanfar iad in ionstraim dhlíthiúil faoi leith.

Airteagal 12

Iarratas a dhéanamh ar bhunachair sonraí Interpol

Déanfaidh Lárchóras ETIAS iarratas ar bhunachar sonraí Interpol faoi Dhoiciméid Taistil a Goideadh agus a Cailleadh (DTGC) agus ar bhunachar sonraí Interpol faoi Dhoiciméid Taistil a mBaineann Fógraí leo (TDAWN). Déanfar aon iarratais agus aon fhíorú ar dhóigh nach nochtfar aon fhaisnéis d’úinéir fholáireamh Interpol.

Airteagal 13

Rochtain ar shonraí arna stóráil in ETIAS

1.   Forchoimeádfar rochtain ar chóras faisnéise ETIAS go heisiach do chomhaltaí foirne cuí-údaraithe Láraonad ETIAS agus Aonaid Náisiúnta ETIAS.

2.   Déanfar an rochtain a bheidh ag údaráis teorann ar Lárchóras ETIAS i gcomhréir le hAirteagal 47 a theorannú do chuardaigh i Lárchóras ETIAS chun stádas údaraithe taistil taistealaí atá i láthair ag pointe trasnaithe teorann seachtraí a fháil agus do na sonraí dá dtagraítear i bpointe (a), pointe (c) agus pointe (d) d’Airteagal 47(2). Chomh maith leis sin, cuirfear na húdaráis teorann ar an eolas go huathoibríoch faoi na bratacha dá dtagraítear in Airteagal 36(2) agus (3) agus faoi na cúiseanna atá leis na bratacha.

I gcás, ar bhonn eisceachtúil, ina mbeidh, de réir na brataí, seiceáil ar an dara líne molta ag an teorainn nó ina bhfuil fíoruithe breise de dhíth chun seiceáil ar an dara líne a dhéanamh, beidh rochtain ag na húdaráis teorann ar Lárchóras ETIAS chun an fhaisnéis bhreise dá bhforáiltear i bpointe (e) d’Airteagal 39(1) nó i bpointe (f) d’Airteagal 44(6) a fháil.

3.   Déanfar an rochtain a bheidh ag iompróirí ar Chóras Faisnéise ETIAS i gcomhréir le hAirteagal 45 a theorannú d’iarratais a chur chuig Córas Faisnéise ETIAS chun stádas údaraithe taistil taistealaí a fháil.

4.   Déanfar an rochtain a bheidh ag údaráis inimirce ar Lárchóras ETIAS i gcomhréir le hAirteagal 49 a theorannú do stádas údaraithe taistil taistealaí atá i láthair ar chríoch an Bhallstáit a fháil agus do shonraí áirithe dá dtagraítear san Airteagal sin.

Déanfar an rochtain a bheidh ag údaráis inimirce ar Lárchóras ETIAS i gcomhréir le hAirteagal 65(3) a theorannú do na sonraí dá dtagraítear san Airteagal sin.

5.   Ainmneoidh gach Ballstát na húdaráis inniúla náisiúnta dá dtagraítear i mír 1, mír 2 agus mír 4 den Airteagal seo agus cuirfidh siad liosta de na húdaráis sin in iúl do eu-LISA gan mhoill, i gcomhréir le hAirteagal 87(2). Sonrófar sa liosta sin cad chuige a mbeidh rochtain ag foireann chuí-údaraithe gach údaráis ar na sonraí atá i gCóras Faisnéise ETIAS i gcomhréir le mír 1, mír 2 agus mír 4 den Airteagal seo.

Airteagal 14

Neamh-idirdhealú agus cearta bunúsacha

Ní bheidh mar thoradh ar phróiseáil a dhéanann aon úsáideoir ar shonraí pearsanta laistigh de Chóras Faisnéise ETIAS go ndéanfar idirdhealú in aghaidh náisiúnaigh tríú tír ar bhonn gnéis, cine, datha, bunadh eitneach nó sóisialta, gnéithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó aon tuairim eile, ballraíocht de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, nó gnéaschlaonadh. Sa phróiseáil sin, urramófar dínit agus iomláine an duine agus cearta bunúsacha, lena n-áirítear an ceart go n-urramófaí saol príobháideach an duine agus go gcosnófaí sonraí pearsanta. Tabharfar aird ar leith ar leanaí, daoine aosta agus daoine a bhfuil míchumas orthu. Tabharfar tús áite do leas an linbh.

CAIBIDIL II

AN T-IARRATAS

Airteagal 15

Socruithe praiticiúla maidir le hiarratas a chur isteach

1.   Déanfaidh iarratasóirí iarratas a chur isteach trí fhoirm iarratais ar líne a chomhlánú ar an suíomh gréasáin poiblí atá ar fáil chuige sin nó tríd an aip le haghaidh gléasanna móibíleacha, in am trátha roimh aon taisteal a bheartaítear, nó, más rud é go bhfuil siad i láthair ar chríoch na mBallstát cheana, sula rachaidh bailíocht údaraithe taistil atá ina seilbh acu cheana in éag.

2.   Féadfaidh sealbhóirí údaraithe taistil iarratas a chur isteach ar údarú taistil nua amhail ó 120 lá roimh dhul in éag an údaraithe taistil.

120 lá roimh dhul in éag an údaraithe taistil, cuirfidh Lárchóras ETIAS sealbhóir an údaraithe taistil sin ar an eolas, go huathoibríoch, tríd an tseirbhís ríomhphoist faoin méid seo a leanas:

(a)

dáta éaga an údaraithe taistil;

(b)

an fhéidearthacht iarratas a chur isteach ar údarú taistil nua;

(c)

an oibleagáid údarú bailí taistil a bheith i seilbh an duine sin do thréimhse iomlán na gearrfhanachta ar chríoch na mBallstát;

3.   Déanfar gach fógra a thabharfar don iarratasóir chun críche a iarratas nó a hiarratas ar údarú taistil a sheoladh chuig an seoladh ríomhphoist a chuir an t-iarratasóir ar fáil san fhoirm iarratais dá dtagraítear i bpointe (g) d’Airteagal 17(2).

4.   Féadfar iarratais a bheith curtha isteach ag an iarratasóir nó ag idirghabhálaí tráchtála a bheidh údaraithe ag an iarratasóir an t-iarratas a chur isteach thar a cheann nó a ceann.

5.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, foirm a chruthú lena gceadaítear mí-úsáidí ó na hidirghabhálaithe tráchtála dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo a thuairisciú. Cuirfear an fhoirm sin ar fáil tríd an suíomh gréasáin atá ar fáil chuige sin nó tríd an aip le haghaidh gléasanna móibíleacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Seolfar foirmeacha comhlánaithe den sórt sin chuig Láraonad ETIAS a dhéanfaidh gníomhaíocht iomchuí, lena n-áirítear tuarascálacha rialta a chur chuig an gCoimisiún. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 90(2).

Airteagal 16

An suíomh gréasáin poiblí agus an aip le haghaidh gléasanna móibíleacha

1.   Tríd an suíomh gréasáin poiblí agus an aip le haghaidh gléasanna móibíleacha, cuirfear ar chumas náisiúnach tríú tír atá faoi réir an cheanglais i leith údarú taistil iarratas ar údarú taistil a thíolacadh, na sonraí is gá san fhoirm iarratais a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 17 agus an táille údaraithe taistil a íoc.

2.   Cuirfidh an suíomh gréasáin poiblí agus an aip le haghaidh gléasanna móibíleacha an fhoirm iarratais ar fáil saor in aisce agus go forleathan d’iarratasóirí agus beidh rochtain éasca acu uirthi. Tabharfar aird faoi leith ar inrochtaineacht an tsuímh gréasáin phoiblí agus na haipe le haghaidh gléasanna móibíleacha i gcás daoine atá faoi mhíchumas.

3.   Beidh an suíomh gréasáin poiblí agus an aip le haghaidh gléasanna móibíleacha ar fáil i ngach teanga oifigiúil de chuid na mBallstát.

4.   Sa chás nach ionann teanga oifigiúil nó teangacha oifigiúla na dtíortha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 agus na teangacha dá dtagraítear i mír 3, déanfaidh eu-LISA bileoga eolais, ina mbeidh faisnéis mhíniúcháin a bhaineann le ETIAS, leis an nós imeachta maidir le hiarratas a dhéanamh, le húsáid an tsuímh gréasáin phoiblí agus na haipe le haghaidh gléasanna móibíleacha chomh maith le treoir chéim ar chéim maidir le hiarratas a dhéanamh, a chur ar fáil ar an suíomh gréasáin poiblí agus ar an aip le haghaidh gléasanna móibíleacha i gceann amháin ar a laghad de theangacha oifigiúla na dtíortha dá dtagraítear. I gcás ina bhfuil níos mó ná teanga oifigiúil amháin ag aon tír den sórt sin, ní bheidh gá le bileoga eolais den sórt sin ach amháin sa chás nach ionann aon cheann de na teangacha sin agus na teangacha dá dtagraítear i mír 3.

5.   Cuirfidh an suíomh gréasáin poiblí agus an aip le haghaidh gléasanna móibíleacha in iúl d’iarratasóirí na teangacha a fhéadfar a úsáid chun an fhoirm iarratais a chomhlánú.

6.   Soláthróidh an suíomh gréasáin poiblí agus an aip le haghaidh gléasanna móibíleacha seirbhís cuntais d’iarratasóir lena gcuirfear ar chumas na n-iarratasóirí faisnéis bhreise nó doiciméadacht bhreise a sholáthar, más gá.

7.   Tríd an suíomh gréasáin poiblí agus an aip le haghaidh gléasanna móibíleacha, cuirfear iarratasóirí ar an eolas faoin gceart atá acu achomharc a dhéanamh faoin Rialachán seo má dhéantar údarú taistil a dhiúltú, a chúlghairm nó a neamhniú. Chuige sin, beidh faisnéis iontu maidir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, an t-údarás inniúil, conas achomharc a thaisceadh, an teorainn ama i ndáil le hachomharc a thaisceadh agus faisnéis faoi aon chúnamh a fhéadfaidh an t-údarás náisiúnta cosanta sonraí a sholáthar.

8.   Tríd an suíomh gréasáin poiblí agus an aip le haghaidh gléasanna móibíleacha, cuirfear ar chumas iarratasóirí a léiriú go mbaineann cuspóir a dtréimhse fanachta atá beartaithe le forais dhaonnúla nó le hoibleagáidí idirnáisiúnta.

9.   Beidh an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 71 ar an suíomh gréasáin poiblí.

10.   Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha mionsonraithe le haghaidh oibriú an tsuímh gréasáin phoiblí agus na haipe le haghaidh gléasanna móibíleacha, agus maidir leis na caighdeáin cosanta sonraí agus na caighdeáin slándála is infheidhme maidir leis an suíomh gréasáin poiblí agus an aip le haghaidh gléasanna móibíleacha. Beidh na rialacha mionsonraithe sin bunaithe ar bhainistiú riosca a bhaineann le slándáil faisnéise agus ar phrionsabail na cosanta sonraí trí dhearadh agus mar réamhshocrú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 90(2).

Airteagal 17

Foirm iarratais agus sonraí pearsanta an iarratasóra

1.   Cuirfidh gach iarratasóir isteach foirm iarratais chomhlánaithe lena n-áirítear dearbhú i ndáil le barántúlacht, iomláine, cruinneas agus iontaofacht na sonraí arna gcur isteach agus dearbhú i ndáil le fírinneacht agus iontaofacht na ráiteas arna ndéanamh. Cuirfidh gach iarratasóir in iúl freisin go dtuigeann sé nó sí na coinníollacha maidir le dul isteach dá dtagraítear in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2016/399 agus go bhféadfar iarraidh air nó uirthi na doiciméid tacaíochta ábhartha a sholáthar tráth gach dul isteach. Cuirfidh mionaoisigh isteach foirm iarratais a bheidh ríomhshínithe ag duine a fheidhmíonn údarás tuismitheora buan nó sealadach nó caomhnóireacht dhleathach.

2.   Soláthróidh an t-iarratasóir na sonraí pearsanta seo a leanas san fhoirm iarratais:

(a)

an sloinne (ainm an teaghlaigh), an céadainm nó na céadainmneacha (ainmneacha baiste), sloinne breithe; dáta breithe, áit bhreithe, tír bhreithe, inscne, náisiúntacht reatha, céadainm nó céadainmneacha thuismitheoirí an iarratasóra;

(b)

ainmneacha eile (ailias nó ailiasanna, ainm ealaíonta nó ainmneacha ealaíonta, gnáthainm nó gnáthainmneacha), más ann dóibh;

(c)

náisiúntachtaí eile, más ann dóibh;

(d)

cineál, uimhir agus tír eisiúna an doiciméid taistil;

(e)

dáta eisiúna an doiciméid taistil agus an dáta a rachaidh bailíocht an doiciméid taistil in éag;

(f)

seoladh baile an iarratasóra nó, más rud é nach bhfuil sé ar fáil, an chathair agus an tír ina bhfuil cónaí air nó uirthi;

(g)

seoladh ríomhphoist agus, má tá siad ar fáil, uimhreacha teileafóin;

(h)

oideachas (bunoideachas, meánoideachas, ardoideachas nó gan oideachas);

(i)

slí bheatha reatha (grúpa poist); i gcás ina bhfuil an t-iarratas faoi réir próiseáil láimhe i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 26, féadfaidh an Ballstát atá freagrach, i gcomhréir le hAirteagal 27, a iarraidh go ndéanfaidh an t-iarratasóir faisnéis bhreise a chur ar fáil maidir le teideal beacht an phoist atá aige nó aici agus a fhostóir nó a fostóir nó, i gcás mac léinn, ainm a mbunaíochta oideachais;

(j)

Ballstát na chéad tréimhse fanachta atá beartaithe, agus, mar rogha, seoladh na chéad tréimhse fanachta atá beartaithe;

(k)

i gcás mionaoiseach, sloinne agus céadainm nó céadainmneacha, seoladh baile, seoladh ríomhphoist agus, má tá sí ar fáil, uimhir theileafóin an duine a bhfuil údarás tuismitheora á fheidhmiú aige nó aici nó chaomhnóir dlí an iarratasóra;

(l)

i gcás ina n-éilíonn sé nó sí an stádas mar bhall teaghlaigh dá dtagraítear i bpointe © d’Airteagal 2(1):

(i)

a stádas mar bhall teaghlaigh;

(ii)

an sloinne, an céadainm nó na céadainmneacha, dáta breithe, áit bhreithe, tír bhreithe, náisiúntacht reatha, seoladh baile, seoladh ríomhphoist agus, má tá sí ar fáil, uimhir theileafóin an bhaill teaghlaigh lena bhfuil gaol muintearais ag an iarratasóir;

(iii)

an gaol muintearais atá aige nó aici leis an mball teaghlaigh sin i gcomhréir le hAirteagal 2(2) de Threoir 2004/38/CE;

(m)

i gcás iarratais arna líonadh isteach ag duine seachas an t-iarratasóir, an sloinne, an céadainm nó na céadainmneacha, ainm na gnólachta nó na heagraíochta más infheidhme, seoladh ríomhphoist, seoladh poist agus uimhir theileafóin an duine sin má tá sí ar fáil; an gaol leis an iarratasóir agus dearbhú ionadaíochta sínithe.

3.   Roghnóidh an t-iarratasóir a shlí bheatha reatha nó a slí bheatha reatha (grúpa poist) ó liosta réamhshocraithe. Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 chun an liosta réamhshocraithe sin a leagan síos.

4.   Lena chois sin, tabharfaidh an t-iarratasóir freagraí ar na ceisteanna seo a leanas:

(a)

ar ciontaíodh é nó í in aon chion coiriúil a liostaítear san Iarscríbhinn sa 10 mbliana roimhe sin agus, i gcás cionta sceimhlitheoireachta, le 20 bliain anuas, agus, má ciontaíodh, cathain agus cén tír ina ndearnadh sin;

(b)

ar fhan sé nó sí i limistéar sonrach cogaíochta nó coinbhleachta sa 10 mbliana roimhe sin agus cúiseanna na fanachta;

(c)

an raibh sé nó sí faoi réir aon chinneadh lenar ceanglaíodh air nó uirthi imeacht ó chríoch Bhallstáit nó ó chríoch aon tríú tír eile a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 nó an raibh sé nó sí faoi réir cinneadh ar bith um fhilleadh a eisíodh sa 10 mbliana roimhe sin.

5.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 lena sonrófar ábhar agus formáid na gceisteanna dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo. Cuirfidh ábhar agus formáid na gceisteanna sin ar chumas na n-iarratasóirí freagraí soiléire, beachta a thabhairt.

6.   Sa chás ina dtabharfaidh an t-iarratasóir freagra dearfach ar aon cheann de na ceisteanna dá dtagraítear i mír 4, ceanglófar air nó uirthi freagraí a thabhairt ar roinnt ceisteanna réamhshocraithe breise ar an bhfoirm iarratais trí fhreagraí a roghnú as liosta réamhshocraithe d’fhreagraí. Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 chun ábhar agus formáid na gceisteanna breise sin agus an liosta réamhshocraithe d’fhreagraí ar na ceisteanna sin a leagan síos.

7.   Is i gcarachtair aibítir na Laidine a líonfaidh an t-iarratasóir isteach na sonraí dá dtagraítear i mír 2 agus mír 4.

8.   Nuair a chuirfear isteach an fhoirm iarratais, baileoidh Córas Faisnéise ETIAS an seoladh IP ónar cuireadh isteach an fhoirm.

9.   Saineoidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na ceanglais maidir le formáid na sonraí pearsanta dá dtagraítear i mír 2 agus mír 4 den Airteagal seo atá le cur isteach san fhoirm iarratais chomh maith leis na paraiméadair agus na fíoruithe atá le cur chun feidhme chun comhlántacht an iarratais agus comhleanúnachas na sonraí sin a áirithiú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 90(2).

Airteagal 18

Táille údaraithe taistil

1.   Íocfaidh an t-iarratasóir táille údaraithe taistil EUR 7 i gcás gach iarratais.

2.   Déanfar an táille údaraithe taistil a tharscaoileadh i gcás iarratasóirí faoi bhun 18 mbliana d’aois nó os cionn 70 bliain d’aois tráth a ndéantar an t-iarratas.

3.   Is in euro a ghearrfar an táille údaraithe taistil.

4.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 maidir leis na modhanna íocaíochta agus an próiseas íocaíochta i dtaobh na táille údaraithe taistil agus i dtaobh athruithe ar mhéid na táille sin. Cuirfidh athruithe ar na méideanna san áireamh aon mhéadú ar na costais dá dtagraítear in Airteagal 85.

CAIBIDIL III

CRUTHÚ AN CHOMHAID IARRATAIS AGUS SCRÚDÚ AR AN IARRATAS AG LÁRCHÓRAS ETIAS

Airteagal 19

Inghlacthacht agus cruthú an chomhaid iarratais

1.   Fíoróidh Córas Faisnéise ETIAS go huathoibríoch, tar éis iarratas a bheith curtha isteach, gur fíor an méid seo a leanas:

(a)

tá gach réimse den fhoirm iarratais líonta isteach agus áirítear iontu na nithe go léir dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (4),

(b)

bailíodh an táille údaraithe taistil.

2.   Má chomhlíontar na coinníollacha i bpointí (a) agus (b) de mhír 1, measfar an t-iarratas a bheith inghlactha. Cruthóidh Lárchóras ETIAS comhad iarratais go huathoibríoch gan mhoill agus sannfar uimhir iarratais dó.

3.   Ar chruthú an chomhaid iarratais, déanfaidh Lárchóras ETIAS na sonraí seo a leanas a thaifeadadh agus a stóráil:

(a)

uimhir an iarratais;

(b)

faisnéis maidir le stádas, ag cur in iúl gur iarradh údarú taistil;

(c)

na sonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus, i gcás inarb infheidhme, in Airteagal 17(4) agus (6), lena n-áirítear cód trí litir na tíre a d’eisigh an doiciméad taistil;

(d)

na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 17(8);

(e)

an dáta agus an t-am ar cuireadh isteach an fhoirm iarratais chomh maith le tagairt d’íocaíocht rathúil na táille údaraithe taistil agus uimhir thagartha uathúil na híocaíochta.

4.   Ar chruthú an chomhaid iarratais, cinnfidh Lárchóras ETIAS cibé acu an bhfuil comhad iarratais eile ag an iarratasóir cheana féin i Lárchóras ETIAS trí na sonraí dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 17(2) a chur i gcomparáid leis na sonraí pearsanta sna comhaid iarratais atá stóráilte i Lárchóras ETIAS. I gcás den sórt sin, déanfaidh Lárchóras ETIAS an comhad iarratais nua a nascadh le haon chomhad iarratais atá ann cheana féin a cruthaíodh le haghaidh an iarratasóra chéanna.

5.   Ar chruthú an chomhaid iarratais, gheobhaidh an t-iarratasóir fógra láithreach tríd an tseirbhís ríomhphoist ina míneofar, tráth a mbeidh an t-iarratas á phróiseáil, go bhféadfar a iarraidh ar an iarratasóir faisnéis bhreise nó doiciméadacht bhreise a sholáthar nó, i gcúinsí eisceachtúla, teacht chun agallaimh. Áireofar an méid seo a leanas san fhógra:

(a)

faisnéis maidir le stádas, ina n-aithnítear gur tíolacadh iarratas ar údarú taistil; agus

(b)

uimhir an iarratais.

Cuirfidh an fógra ar chumas an iarratasóra úsáid a bhaint as an uirlis fíoraithe dá bhforáiltear i bpointe (h) d’Airteagal 6(2).

Airteagal 20

Uathphróiseáil

1.   Déanfaidh Lárchóras ETIAS uathphróiseáil ar na comhaid iarratais chun amas nó amais a bhrath. Déanfaidh Lárchóras ETIAS scrúdú ar gach comhad iarratais ina aonar.

2.   Cuirfidh Lárchóras ETIAS na sonraí ábhartha dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (c), (d), (f), (g), (j), (k) agus (m) d’Airteagal 17(2) agus in Airteagal 17(8) i gcomparáid leis na sonraí atá i dtaifead, comhad nó foláireamh atá cláraithe i Lárchóras ETIAS, in SIS, in EES, in VIS, in Eurodac, i sonraí Europol agus i mbunachair sonraí Interpol faoi DTGC agus TDAWN.

Go háirithe, fíoróidh Lárchóras ETIAS:

(a)

an bhfuil an doiciméad taistil a úsáideadh i gcomhair an iarratais ag comhfhreagairt do dhoiciméad taistil a tuairiscíodh gur cailleadh é, gur goideadh é, gur mí-leithghabháladh é nó gur neamhbhailíodh é in SIS;

(b)

an bhfuil an doiciméad taistil a úsáideadh i gcomhair an iarratais ag comhfhreagairt do dhoiciméad taistil ar tuairiscíodh gur cailleadh é, gur goideadh é nó gur neamhbhailíodh é in DTGC;

(c)

an bhfuil an t-iarratasóir faoi réir foláireamh um dhiúltú cead isteach agus fanachta arna iontráil in SIS;

(d)

an bhfuil an t-iarratasóir faoi réir foláireamh maidir le daoine a bhfuiltear sa tóir orthu chun críocha géillte ar bhonn Barántas Gabhála Eorpach nó a bhfuiltear sa tóir orthu lena ngabháil chun críocha eiseachadta in SIS;

(e)

an bhfuil an t-iarratasóir agus an doiciméad taistil ag comhfhreagairt d’údarú taistil a diúltaíodh, a rinneadh a chúlghairm nó a cuireadh ar neamhní i Lárchóras ETIAS;

(f)

an bhfuil na sonraí arna soláthar san iarratas maidir leis an doiciméad taistil ag comhfhreagairt d’iarratas eile ar údarú taistil a ghabhann le sonraí céannachta éagsúla dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 17(2) i Lárchóras ETIAS;

(g)

an bhfuil sé tuairiscithe faoi láthair gur rófhantóir é nó í an t-iarratasóir nó, trí EES a cheadú, ar tuairiscíodh gur rófhantóir é nó í san am atá caite;

(h)

an bhfuil sé taifeadta in EES ar diúltaíodh cead isteach don iarratasóir;

(i)

an raibh an t-iarratasóir faoi réir cinneadh i dtaobh víosa gearrfhanachta a dhiúltú, a neamhniú nó a chúlghairm, atá ar taifead in VIS;

(j)

an bhfuil na sonraí arna soláthar san iarratas ag comhfhreagairt do shonraí atá ar taifead i sonraí Europol;

(k)

an bhfuil an t-iarratasóir cláraithe in Eurodac;

(l)

an bhfuil an doiciméad taistil a úsáideadh i gcomhair an iarratais ag comhfhreagairt do dhoiciméad taistil atá ar taifead i gcomhad in TDAWN;

(m)

i gcás inar mionaoiseach an t-iarratasóir, maidir le húdarás tuismitheora nó le caomhnóir dlí an iarratasóra:

(i)

an bhfuil sé faoi réir foláireamh maidir le daoine a bhfuiltear sa tóir orthu chun críocha géillte ar bhonn Barántas Gabhála Eorpach nó a bhfuiltear sa tóir orthu lena ngabháil chun críocha eiseachadta in SIS;

(ii)

an bhfuil sé faoi réir foláireamh um dhiúltú cead isteach agus fanachta arna iontráil in SIS.

3.   Fíoróidh Lárchóras ETIAS ar thug an t-iarratasóir freagra dearfach ar cheann ar bith de na ceisteanna atá liostaithe in Airteagal 17(4) agus an é an rud nár thug an t-iarratasóir seoladh baile ach gur thug an t-iarratasóir díreach an chathair chónaithe agus an tír chónaithe, dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 17(2).

4.   Cuirfidh Lárchóras ETIAS na sonraí ábhartha dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (c), (d), (f), (g), (i), (j), (k) agus (m) d’Airteagal 17(2) agus in Airteagal 17(8) i gcomparáid leis na sonraí atá i liosta faire ETIAS dá dtagraítear in Airteagal 34.

5.   Cuirfidh Lárchóras ETIAS na sonraí ábhartha dá dtagraítear i bpointí (a), (c), (f), (h) agus (i) d’Airteagal 17(2) i gcomparáid leis na táscairí riosca sonracha dá dtagraítear in Airteagal 33.

6.   Cuirfidh Lárchóras ETIAS leis an gcomhad iarratais tagairt d’aon amas a fhaightear de bhun mhír 2 go mír 5.

7.   I gcás ina mbeidh na sonraí a taifeadadh sa chomhad iarratais ag comhfhreagairt do na sonraí a spreag amas de bhun mhír 2 agus mír 4, déanfaidh Lárchóras ETIAS, i gcás inarb ábhartha, an Ballstát nó na Ballstáit a shainaithint a rinne na sonraí a spreag an t-amas a iontráil nó a sholáthair agus déanfaidh sé an méid sin a thaifeadadh sa chomhad iarratais.

8.   Tar éis d’amas ar bith tarlú de bhun phointe mhír 2(j) agus mhír 4 agus i gcás nár sholáthair aon Bhallstát na sonraí a spreag an t-amas, sonróidh Lárchóras ETIAS arbh é Europol a chuir na sonraí isteach agus más ea déanfaidh sé an méid sin a thaifeadadh sa chomhad iarratais.

Airteagal 21

Torthaí na huathphróiseála

1.   I gcás nach dtuairiscítear leis an uathphróiseáil a leagtar síos in Airteagal 20(2) go (5) amas ar bith, déanfaidh Lárchóras ETIAS údarú taistil a eisiúint go huathoibríoch i gcomhréir le hAirteagal 36 agus tabharfaidh sé fógra don iarratasóir i gcomhréir le hAirteagal 38.

2.   I gcás ina dtuairisceofar leis an uathphróiseáil a leagtar síos in Airteagal 20(2) go (5) amas amháin nó roinnt amas, déanfar an t-iarratas a phróiseáil de réir an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 22.

3.   I gcás ina ndéanfaidh fíorú faoi Airteagal 22 a dheimhniú go bhfuil na sonraí atá ar taifead sa chomhad iarratais ag comhfhreagairt do na sonraí a spreag amas le linn na huathphróiseála de bhun Airteagal 20(2) go (5) nó i gcás ina bhfuil amhras ann fós maidir le céannacht an iarratasóra tar éis fioraithe den sórt sin, déanfar an t-iarratas a phróiseáil de réir an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 26.

4.   I gcás ina dtuairiscítear leis an uathphróiseáil faoi Airteagal 20(3) gur thug an t-iarratasóir freagra dearfach ar aon cheann de na ceisteanna a liostaítear in Airteagal 17(4), agus mura bhfuil aon amas eile ann, cuirfear an t-iarratas chuig Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach le haghaidh uathphróiseáil láimhe mar a leagtar amach in Airteagal 26.

Airteagal 22

Fíorú á dhéanamh ag Láraonad ETIAS

1.   I gcás ina dtuairiscítear leis an uathphróiseáil de bhun Airteagal 20(2) go (5) amas amháin nó roinnt amas, déanfaidh Lárchóras ETIAS Láraonad ETIAS a cheadú go huathoibríoch.

2.   Nuair a cheadaítear é, beidh rochtain ag Láraonad ETIAS ar an gcomhad iarratais agus ar aon chomhad iarratais nasctha atá ann, mar aon leis na hamais ar fad a spreagadh le linn uathphróiseála de bhun Airteagal 20(2) go (5) agus an fhaisnéis arna sainaithint ag Lárchóras ETIAS faoi Airteagal 20(7) agus (8).

3.   Fíoróidh Láraonad ETIAS an bhfuil na sonraí atá ar taifead sa chomhad iarratais ag comhfhreagairt d’aon cheann amháin nó do níos mó de na himthosca seo a leanas:

(a)

na táscairí riosca sonracha dá dtagraítear in Airteagal 33;

(b)

na sonraí atá i Lárchóras ETIAS, lena n-áirítear i liosta faire ETIAS dá dtagraítear in Airteagal 34;

(c)

na sonraí atá i gceann de chórais faisnéise AE a cheadaítear;

(d)

sonraí Europol;

(e)

na sonraí atá i mbunachair sonraí Interpol faoi DTGC nó TDAWN.

4.   I gcás nach bhfuil na sonraí ag comhfhreagairt dá chéile, agus nár tuairiscíodh amas ar bith eile le linn na huathphróiseála de bhun Airteagal 20(2) go (5), scriosfaidh Láraonad ETIAS an t-amas bréagach ón gcomhad iarratais agus eiseoidh Lárchóras ETIAS údarú taistil go huathoibríoch i gcomhréir le hAirteagal 36.

5.   I gcás ina gcomhfhreagraíonn na sonraí do shonraí an iarratasóra nó ina bhfuil amhras ann fós maidir le céannacht an iarratasóra, déanfar an t-iarratas a phróiseáil de láimh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 26.

6.   Cuirfidh Láraonad ETIAS an uathphróiseáil láimhe i gcrích laistigh de 12 uair an chloig ar a mhéid ón am a fuarthas an comhad iarratais.

Airteagal 23

Tacú le cuspóirí SIS

1.   Chun críocha phointe (e) d’Airteagal 4, déanfaidh Lárchóras ETIAS comparáid idir na sonraí ábhartha dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (d) d’Airteagal 17(2) agus na sonraí in SIS chun a chinneadh an bhfuil an t-iarratasóir faoi réir ceann ar bith de na foláirimh seo a leanas:

(a)

foláireamh maidir le daoine atá ar iarraidh;

(b)

foláireamh maidir le daoine a bhfuiltear sa tóir orthu chun cabhrú le nós imeachta breithiúnach;

(c)

foláireamh maidir le daoine i ndáil le seiceálacha discréideacha nó seiceálacha sonracha.

2.   I gcás ina dtuairiscítear leis an gcomparáid dá dtagraítear i mír 1 amas amháin nó roinnt amas, cuirfidh Lárchóras ETIAS fógra uathoibrithe chuig Lárionad ETIAS. Fíoróidh Lárionad ETIAS an gcomhfhreagraíonn sonraí pearsanta an iarratasóra do na sonraí pearsanta atá san fholáireamh a spreag an t-amas sin agus, i gcás ina ndeimhnítear comhfhreagras, cuirfidh Lárchóras ETIAS fógra uathoibrithe chuig Biúró SIRENE an Bhallstáit sin a chuir an foláireamh isteach. Fíoróidh Biúró SIRENE lena mbaineann arís eile an gcomhfhreagraíonn sonraí pearsanta an iarratasóra do na sonraí pearsanta atá san fholáireamh a spreag an t-amas agus déanfaidh sé aon ghníomhaíocht leantach is iomchuí.

Cuirfidh Lárchóras ETIAS fógra uathoibrithe freisin chuig Biúró SIRENE an Bhallstáit a d’iontráil an foláireamh a spreag amas in SIS le linn na huathphróiseála dá dtagraítear in Airteagal 20, i gcás, tar éis do Láraonad ETIAS fíorú a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 22, ina raibh an foláireamh sin mar bhun le próiseáil láimhe an iarratais i gcomhréir le hAirteagal 26.

3.   Beidh na sonraí seo a leanas san fhógra a thugtar do Bhiúró SIRENE an Bhallstáit sin a d’iontráil an foláireamh:

(a)

sloinne nó sloinnte, an céadainm nó na céadainmneacha agus, más ann dó nó dóibh, ainm bréige nó ainmneacha bréige;

(b)

áit bhreithe agus dáta breithe;

(c)

inscne;

(d)

náisiúntacht, agus más ann dóibh, aon náisiúntachtaí eile;

(e)

Ballstát na chéad tréimhse fanachta atá beartaithe, agus, má tá sé ar fáil, seoladh na chéad tréimhse fanachta atá beartaithe;

(f)

seoladh baile an iarratasóra nó, más rud é nach bhfuil sin ar fáil, an chathair agus an tír ina bhfuil cónaí air nó uirthi;

(g)

faisnéis faoin stádas údaraithe taistil, lena sonraítear an ndearnadh údarú taistil a eisiúint nó a dhiúltú nó an bhfuil an t-iarratas faoi réir próiseáil láimhe de bhun Airteagal 26;

(h)

tagairt d’aon amas a fuarthas i gcomhréir le mír 1 agus mír 2, lena n-áirítear dáta agus am an amais.

4.   Cuirfidh Lárchóras ETIAS tagairt d’aon amas a fuarthas de bhun mhír 1 leis an gcomhad iarratais.

Airteagal 24

Rialacha sonracha maidir le baill teaghlaigh le saoránaigh den Aontas nó baill teaghlaigh le náisiúnaigh tríú tír ag a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta faoi dhlí an Aontais

1.   I ndáil le náisiúnaigh tríú tír dá dtagraítear i bpointe © d’Airteagal 2(1), tuigfear gurb é atá i gceist leis an údarú taistil a shainmhínítear i bpointe (5) d’Airteagal 3(1) cinneadh, arna eisiúint i gcomhréir leis an Rialachán seo, ina léirítear nach bhfuil aon táscairí fíriciúla ná aon fhorais réasúnacha ann atá bunaithe ar tháscairí fíriciúla lena theacht ar an tátal go bhfuil riosca slándála ann nó go bhfuil ardriosca eipidéime ann i gcomhréir le Treoir 2004/38/CE de dheasca an duine sin a bheith ar chríoch na mBallstát.

2.   I gcás ina ndéanfaidh náisiúnach tríú tír dá dtagraítear i bpointe © d’Airteagal 2(1) iarratas ar údarú taistil, beidh feidhm ag na rialacha sonracha seo a leanas:

(a)

ní fhreagróidh an t-iarratasóir an cheist dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 17(4);

(b)

déanfar an táille dá dtagraítear in Airteagal 18 a tharscaoileadh.

3.   Agus próiseáil á déanamh ar iarratas ar údarú taistil do náisiúnach tríú tír dá dtagraítear i bpointe © d’Airteagal 2(1), ní fhíoróidh Lárchóras ETIAS:

(a)

an dtuairiscítear gur rófhantóir san am i láthair an t-iarratasóir nó gur rófhantóir san am atá caite an t-iarratasóir trí EES a cheadú dá dtagraítear i bpointe (g) d’Airteagal 20(2);

(b)

an gcomhfhreagraíonn an t-iarratasóir do dhuine a bhfuil a shonraí nó a sonraí ar taifead in Eurodac dá dtagraítear i bpointe (k) d’Airteagal 20(2).

Ní bheidh feidhm ag na táscairí riosca sonracha maidir le riosca inimirce neamhdhlíthiúla arna gcinneadh de bhun Airteagal 33.

4.   Ní dhéanfar iarratas ar údarú taistil a dhiúltú ar fhoras riosca inimirce neamhdhlíthiúla dá dtagraítear i bpointe © d’Airteagal 37(1).

5.   I gcás ina dtuairiscítear, trí uathphróiseáil faoi Airteagal 20, amas a chomhfhreagraíonn d’fholáireamh um dhiúltú cead isteach agus fanachta dá dtagraítear in Airteagal 24 de Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (39), fíoróidh Aonad Náisiúnta ETIAS bunús an chinnidh lenar iontráladh an foláireamh sin ina dhiaidh sin in SIS. I gcás ina mbaineann an bunús sin le riosca inimirce neamhdhlíthiúla, ní chuirfear an foláireamh sin san áireamh agus an t-iarratas á mheas. Déanfaidh Aontas Náisiúnta ETIAS de réir Airteagal 25(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006.

6.   Beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas freisin:

(a)

san fhógra a leagtar síos in Airteagal 38(1), gheobhaidh an t-iarratasóir faisnéis á rá nach mór dó nó di a bheith in ann, agus é nó í ag trasnú na teorann seachtraí, a stádas mar bhall teaghlaigh dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 2(1) a chruthú; áireofar freisin ar fhaisnéis den sórt sin meabhrúchán nach bhfuil sé de cheart ag ball teaghlaigh le saoránach a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta á fheidhmiú aige nó aici agus a bhfuil údarú taistil ina sheilbh aige nó aici dul isteach ach amháin más rud é go bhfuil an ball teaghlaigh sin in éineacht leis an saoránach den Aontas nó an náisiúnach tríú tír a bhfuil a cheart nó a ceart chun saorghluaiseachta á fheidhmiú aige nó aici;

(b)

déanfar achomharc dá dtagraítear in Airteagal 37(3) a thaisceadh i gcomhréir le Treoir 2004/38/CE;

(c)

is éard a bheidh i gceist le tréimhse choinneála an chomhaid iarratais dá dtagraítear in Airteagal 54(1):

(i)

tréimhse bhailíochta an údaraithe taistil;

(ii)

cúig bliana ón gcinneadh deireanach an t-údarú taistil a dhiúltú, a neamhniú nó a chúlghairm i gcomhréir le hAirteagal 37, Airteagal 40 agus Airteagal 41. I gcás ina ndéantar na sonraí atá i dtaifead, comhad nó foláireamh atá cláraithe i gceann de chórais faisnéise AE, i sonraí Europol, nó i mbunachair sonraí Interpol faoi DTGC nó TDAWN, i liosta faire ETIAS, nó i rialacha ETIAS maidir le scagadh is cúis le cinneadh den sórt sin a scriosadh roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana sin, déanfar an comhad iarratais a scriosadh laistigh de 7 lá ó dháta an scriosta maidir leis na sonraí atá sa taifead, sa chomhad nó san fholáireamh. Chun na críche sin, fíoróidh Lárchóras ETIAS go rialta agus go huathoibríoch cé acu atá nó nach bhfuil na coinníollacha maidir le comhaid iarratais a choinneáil dá dtagraítear sa phointe seo fós á gcomhlíonadh. Mura bhfuiltear á gcomhlíonadh a thuilleadh, déanfaidh sé an comhad iarratais a scriosadh ar bhealach uathoibríoch.

D’fhonn iarratas nua a éascú tar éis do thréimhse bhailíochta údaraithe taistil de chuid ETIAS dul in éag, féadfar an comhad iarratais a stóráil i Lárchóras ETIAS ar feadh tréimhse breise nach faide ná 3 bliana tar éis dheireadh thréimhse bhailíochta an údaraithe taistil ach sin i gcás, tar éis iarraidh ar thoiliú, ina dtoilíonn an t-iarratasóir go sainráite faoi shaoirse trí bhíthin dearbhú ríomhshínithe, agus sa chás sin amháin. Cuirfear iarrataí ar thoiliú i láthair ar bhealach soiléir is féidir a dhealú ó na hábhair eile, i bhfoirm intuigthe a bhfuil rochtain shimplí uirthi agus trí úsáid a bhaint as friotal soiléir simplí, i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) 2016/679.

Iarrfar an toiliú tar éis don fhaisnéis faoi Airteagal 15(2) bheith tugtha go huathoibríoch. Leis an bhfaisnéis a thugtar go huathoibríoch, cuirfear i gcuimhne don iarratasóir an cuspóir le sonraí a choinneáil ar bhonn na faisnéise dá dtagraítear i bpointe (o) d’Airteagal 71.

CAIBIDIL IV

SCRÚDÚ AN IARRATAIS AG AONAID NÁISIÚNTA ETIAS

Airteagal 25

An Ballstát atá freagrach

1.   Sainaithneoidh Lárchóras ETIAS an Ballstát atá freagrach as próiseáil láimhe na n-iarratas faoi Airteagal 26 (an “Ballstát atá freagrach”) mar a leanas:

(a)

i gcás nach sainaithnítear ach Ballstát amháin a d’iontráil nó a sholáthair na sonraí a spreag an t-amas de bhun Airteagal 20, is é an Ballstát sin a bheidh ina Bhallstát atá freagrach;

(b)

i gcás ina sainaithnítear roinnt Ballstát a d’iontráil nó a sholáthair na sonraí a spreag an t-amas de bhun Airteagal 20, is é an Ballstát a bheidh ina Bhallstát atá freagrach:

(i)

an Ballstát sin a d’iontráil nó a sholáthair na sonraí is déanaí maidir le foláireamh dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 20(2); nó

(ii)

mura gcomhfhreagraíonn ceann ar bith de na sonraí sin d’fholáireamh dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 20(2), an Ballstát sin a d’iontráil nó a sholáthair na sonraí is déanaí maidir le foláireamh dá dtagraítear i bpointe © d’Airteagal 20(2); nó

(iii)

mura gcomhfhreagraíonn ceann ar bith de na sonraí sin d’fholáireamh dá dtagraítear i bpointe © nó (d) d’Airteagal 20(2), an Ballstát sin a d’iontráil nó a sholáthair na sonraí is déanaí maidir le foláireamh dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 20(2);

(c)

i gcás ina sainaithnítear roinnt Ballstát a d’iontráil nó a sholáthair na sonraí a spreag an t-amas de bhun Airteagal 20, ach nach gcomhfhreagraíonn ceann ar bith de na sonraí sin d’fholáireamh dá dtagraítear i bpointe (a), (c) nó (d) d’Airteagal 20(2), is é an Ballstát sin a d’iontráil nó a sholáthair na sonraí is déanaí a bheidh ina Bhallstát atá freagrach.

Chun críocha phointe (a) agus phointe (c) den chéad fhomhír, amais arna spreagadh ag sonraí nár iontráil nó nár sholáthair Ballstát iad, ní chuirfear san áireamh iad chun an Ballstát atá freagrach a shainaithint. I gcás nach spreagann sonraí arna n-iontráil nó arna soláthar ag Ballstát an phróiseáil láimhe ar iarratas, is é Ballstát na chéad tréimhse fanachta atá beartaithe a bheidh ina Bhallstát atá freagrach.

2.   Sonróidh Lárchóras ETIAS an Ballstát atá freagrach sa chomhad iarratais. I gcás nach bhfuil Lárchóras ETIAS in ann an Ballstát atá freagrach dá dtagraítear i mír 1 a shainaithint, is é Lárionad ETIAS a shainaithneoidh é.

Airteagal 26

Próiseáil láimhe na n-iarratas arna déanamh ag Aonaid Náisiúnta ETIAS

1.   I gcás inar tuairiscíodh leis an uathphróiseáil a leagtar síos in Airteagal 20(2) go (5) amas amháin nó roinnt amas, déanfaidh Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach an t-iarratas a phróiseáil de láimh. Beidh rochtain ag Aonad Náisiúnta ETIAS sin ar an gcomhad iarratais agus ar aon chomhad iarratais nasctha atá ann, mar aon le haon amais a spreagadh le linn na huathphróiseála a leagtar síos in Airteagal 20(2) go (5). Cuirfidh Láraonad ETIAS Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach ar an eolas i gcás inar aithníodh gur iontráil nó gur sholáthair Ballstát amháin eile nó roinnt Ballstát eile nó Europol na sonraí a spreag an t-amas de bhun Airteagal 20(2) nó (4). I gcás inar aithníodh gur iontráil nó gur sholáthair Ballstát amháin nó roinnt Ballstát na sonraí a spreag amas den sórt sin, sonróidh Láraonad ETIAS na Ballstáit lena mbaineann.

2.   Tar éis phróiseáil láimhe an iarratais, déanfaidh Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach an méid seo a leanas:

(a)

údarú taistil a eisiúint; nó

(b)

údarú taistil a dhiúltú.

3.   I gcás inar tuairiscíodh leis an uathphróiseáil a leagtar síos in Airteagal 20(2) amas, déanfaidh Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach an méid seo a leanas:

(a)

údarú taistil a dhiúltú i gcás ina gcomhfhreagraíonn an t-amas do cheann amháin nó níos mó de na fíoraithe dá dtagraítear i bpointí (a) agus (c) d’Airteagal 20(2);

(b)

measúnú ar an riosca slándála nó an riosca inimirce neamhdhlithiúla agus a chinneadh cibé acu údarú taistil a eisiúint nó a dhiúltú i gcás ina gcomhfhreagraíonn an t-amas d’aon fhíoraithe dá dtagraítear i bpointí (b) agus (d) go (m) d’Airteagal 20(2).

4.   I gcás inar tuairiscíodh le huathphróiseáil faoi Airteagal 20(3) gur thug an t-iarratasóir freagra dearfach ar cheann de na ceisteanna dá dtagraítear in Airteagal 17(4), déanfaidh Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach measúnú ar an riosca slándála nó an riosca inimirce neamhdhlithiúla agus cinnfidh sé cibé acu údarú taistil a eisiúint nó a dhiúltú.

5.   I gcás inar tuairiscíodh le huathphróiseáil faoi Airteagal 20(4) amas, déanfaidh Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach measúnú ar an riosca slándála agus cinnfidh sé cibé acu údarú taistil a eisiúint nó a dhiúltú.

6.   I gcás inar tuairiscíodh le huathphróiseáil faoi Airteagal 20(5) amas, déanfaidh Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach measúnú ar an riosca slándála, an riosca inimirce neamhdhlíthiúla nó an t-ardriosca eipidéime agus cinnfidh sé cibé acu údarú taistil a eisiúint nó a dhiúltú. Ní fhéadfaidh, in imthosca ar bith, Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach cinneadh a dhéanamh go huathoibríoch ar bhonn amas atá bunaithe ar tháscairí riosca sonracha. Déanfaidh Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach na rioscaí slándála, na rioscaí inimirce neamhdhlíthiúla agus na hardrioscaí eipidéime a mheas i ngach cás ar bhonn leithligh.

7.   Coinneofar i gCóras Faisnéise ETIAS taifid ar na hoibríochtaí próiseála sonraí ar fad do mheasúnuithe faoin Airteagal seo a dhéanfaidh Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach nó a dhéanfaidh Aonaid Náisiúnta ETIAS na mBallstát lena ndeachthas i gcomhairle i gcomhréir le hAirteagal 28. Cruthófar agus iontrálfar na taifid sin go huathoibríoch sa chomhad iarratais. Léireofar iontu dáta agus am gach oibríochta, na sonraí a úsáideadh d’fhonn córais faisnéise AE eile a cheadú, na sonraí atá nasctha leis an amas a fuarthas agus ainm an bhaill foirne a rinne an measúnú riosca.

Déanfaidh an ball foirne a rinne an measúnú riosca a thaifeadadh sa chomhad iarratais torthaí an mheasúnaithe ar an riosca slándála, an riosca inimirce neamhdhlíthiúla nó an ardriosca eipidéime is cúis leis an gcinneadh údarú taistil a eisiúint nó a dhiúltú.

Airteagal 27

Iarratas ar fhaisnéis nó doiciméadacht bhreise ón iarratasóir

1.   I gcás ina measfaidh Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach nach leordhóthanach an fhaisnéis a thug an t-iarratasóir san fhoirm iarratais le go mbeadh sé ar a chumas a chinneadh údarú taistil a eisiúint nó a dhiúltú, féadfaidh Aonad Náisiúnta ETIAS sin faisnéis bhreise nó doiciméadacht bhreise a iarraidh ar an iarratasóir. Déanfaidh Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach faisnéis bhreise nó doiciméadacht bhreise a iarraidh arna iarraidh sin do Bhallstát lena ndeachthas i gcomhairle i gcomhréir le hAirteagal 28.

2.   Tabharfar fógra faoin iarraidh ar fhaisnéis bhreise nó doiciméadacht bhreise chuig an seoladh ríomhphoist teagmhála atá ar taifead sa chomhad iarratais tríd an tseirbhís ríomhphoist dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 6(2). Sonrófar go soiléir san iarraidh ar fhaisnéis bhreise nó doiciméadacht bhreise an fhaisnéis nó an doiciméadacht nach mór don iarratasóir a sholáthar, chomh maith le liosta de na teangacha inar féidir an fhaisnéis nó doiciméadacht a chur isteach. Áireofar ar an liosta sin an Béarla, an Fhraincis nó an Ghearmáinis ar a laghad, ach amháin má áirítear air teanga oifigiúil de chuid na tríú tíre ar dhearbhaigh an t-iarratasóir gur náisiúnach é nó í dá cuid. I gcás ina n-iarrfar doiciméadacht bhreise, iarrfar freisin cóip leictreonach den doiciméadacht bhunaidh. Cuirfidh an t-iarratasóir an fhaisnéis nó an doiciméadacht bhreise faoi bhráid aonad náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach tríd an tseirbhís cuntais shláin dá dtagraítear i bpointe (g) d’Airteagal 6(2) laistigh de 10 lá ón dáta a bhfuarthas an iarraidh. Soláthróidh an t-iarratasóir an fhaisnéis nó an doiciméadacht sin i gceann amháin de na teangacha a shonraítear san iarraidh. Ní iarrfar ar an iarratasóir aistriúchán oifigiúil a sholáthar. Ní fhéadfar ach an fhaisnéis bhreise nó an doiciméadacht bhreise a iarraidh atá riachtanach chun measúnú a dhéanamh ar an iarratas ETIAS.

3.   Chun an fhaisnéis bhreise nó an doiciméadacht bhreise a iarraidh dá dtagraítear i mír 1, úsáidfidh Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach liosta réamhshocraithe de roghanna. Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 chun ábhar agus formáid an liosta réamhshocraithe de roghanna sin a leagan síos.

4.   Féadfaidh Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach, i gcúinsí eisceachtúla amháin, mar rogha dheiridh agus tar éis an fhaisnéis nó an doiciméadacht bhreise a phróiseáil, cuireadh chun agallaimh a thabhairt don iarratasóir i dtír chónaithe an iarratasóra sa chonsalacht is gaire don áit ina bhfuil cónaí ar an iarratasóir, i gcás ina bhfuil amhras tromchúiseach ann fós maidir leis an bhfaisnéis nó leis an doiciméadacht a chuir an t-iarratasóir ar fáil. I gcás eisceachtúil, nuair is le leas an iarratasóra é, is ceadmhach an t-agallamh a dhéanamh i gconsalacht i dtír eile seachas tír chónaithe an iarratasóra.

I gcás inar faide ar shiúl ná 500 km an chonsalacht is gaire d’áit chónaithe an iarratasóra, tabharfar an deis don iarratasóir an t-agallamh sin a dhéanamh trí bhíthin cianmhodhanna cumarsáide fuaime agus físe lena n-áirithítear leibhéal iomchuí slándála agus rúndachta. I gcás inar lú ná 500 km an fad sin, féadfaidh an t-iarratasóir agus Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach a chomhaontú go comhpháirteach úsáid a bhaint as modhanna den sórt sin de chumarsáid fuaime agus físe. I gcás ina n-úsáidtear modhanna den sórt sin de chumarsáid fuaime agus físe, is é Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach nó, i gcás eisceachtúil, ceann de chonsalachtaí an Bhallstáit sin, a dhéanfaidh an t-agallamh. Áiritheoidh na cianmhodhanna cumarsáide fuaime agus físe leibhéal iomchuí slándála agus rúndachta.

Déanfar taifead sa chomhad iarratais cén fáth ar iarradh agallamh.

5.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na riachtanais a shainiú maidir leis na modhanna cumarsáide fuaime agus físe dá dtagraítear i mír 4, lena n-áirítear maidir le cosaint sonraí agus le rialacha slándála agus rúndachta agus rialacha a ghlacadh maidir le tástáil agus na huirlisí oiriúnacha a roghnú i ndáil le hoibriú na modhanna sin.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 90(2).

6.   Déanfaidh Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach cuireadh chun agallaimh a eisiúint don iarratasóir, tríd an tseirbhís ríomhphoist dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 6(2), chuig an seoladh ríomhphoist teagmhála atá ar taifead sa chomhad iarratais. Déanfar an cuireadh chun agallaimh a eisiúint laistigh de 72 huaire an chloig ón am ar chuir an t-iarratasóir an fhaisnéis bhreise nó an doiciméadacht bhreise isteach de bhun mhír 2 den Airteagal seo. Beidh faisnéis ag gabháil leis an gcuireadh chun agallaimh ina luafar an Ballstát a d’eisigh an cuireadh, na roghanna dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, agus na sonraí teagmhála ábhartha. Déanfaidh an t-iarratasóir teagmháil le hAonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach nó leis an gconsalacht a luaithe is féidir, ach tráth nach déanaí ná 5 lá ó eisíodh an cuireadh chun agallaimh, d’fhonn teacht ar chomhaontú faoi am agus dáta a bheadh oiriúnach don agallamh agus faoi cibé acu a dhéanfar cianagallamh nó nach ndéanfar. Déanfar an t-agallamh laistigh de 10 lá ón tráth ar tugadh an cuireadh.

Taifeadfaidh Lárchóras ETIAS an cuireadh chun agallaimh sa chomhad iarratais.

7.   I gcás nach bhfreastalaíonn an t-iarratasóir ar an agallamh i gcomhréir le mír 6 den Airteagal seo tar éis cuireadh chun agallaimh a eisiúint, diúltófar don iarratas i gcomhréir le pointe (g) le hAirteagal 37(1).Cuirfidh Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach an méid sin in iúl don iarratasóir gan mhoill.

8.   Chun críche an agallaimh dá dtagraítear i mír 4, léireoidh Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach na heilimintí a dtabharfaidh an t-agallóir aghaidh orthu. Bainfidh na heilimintí sin leis na cúiseanna ar iarradh an t-agallamh.

Is i dteanga Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach a d’iarr an t-agallamh, nó sa teanga a roghnaigh sé le haghaidh thaisceadh na faisnéise breise nó na doiciméadachta breise, a dhéanfar an t-agallamh trí bhíthin cianmhodhanna cumarsáide fuaime agus físe a dhéanamh.

An t-agallamh a bheidh ar siúl i gconsalacht, déanfar é i dteanga oifigiúil de chuid an tríú tír ina bhfuil an chonsalacht suite, nó in aon teanga eile ar a gcomhaontóidh an t-iarratasóir agus an chonsalacht.

Tar éis an agallaimh sin, eiseoidh an t-agallóir tuairim ina mbeidh údar le haghaidh na moltaí a dhéanfaidh sé nó sí.

Cuirfear na heilimintí ar tugadh aghaidh orthu agus an tuairim i bhfoirm a thaifeadfar sa chomhad iarratais ar an lá céanna a dhéanfar an t-agallamh.

9.   Ar an bhfaisnéis bhreise nó an doiciméadacht bhreise a bheith curtha isteach ag an iarratasóir i gcomhréir le mír 2, taifeadfaidh agus stórálfaidh Lárchóras ETIAS an fhaisnéis nó an doiciméadacht sin sa chomhad iarratais. Faisnéis bhreise nó doiciméadacht bhreise a sholáthraítear le linn agallaimh i gcomhréir le mír 6, cuirfidh Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach sa chomhad iarratais í.

Ní cheadófar an fhoirm a úsáideadh don agallamh agus ní cheadófar an fhaisnéis bhreise ná an doiciméadacht bhreise a taifeadadh sa chomhad iarratais ach amháin chun an t-iarratas a mheas, chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an iarratas sin, chun nós imeachta achomhairc a bhainistiú agus chun iarratas nua ón iarratasóir céanna a phróiseáil.

10.   Leanfaidh Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach ar aghaidh leis an scrúdú ar an iarratas ón nóiméad a soláthróidh an t-iarratasóir an fhaisnéis bhreise nó an doiciméadacht bhreise nó, i gcás inarb infheidhme, ó dháta an agallaimh.

Airteagal 28

Comhairliúchán le Ballstáit eile

1.   I gcás ina sainaithnítear gur iontráil nó gur sholáthair Ballstát amháin nó roinnt Ballstát na sonraí a spreag amas i gcomhréir le hAirteagal 20(7), tabharfaidh Láraonad ETIAS fógra d’Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann tar éis fíorú faoi Airteagal 22, rud a sheolfar próiseas comhairliúcháin eatarthu féin agus Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach.

2.   Chun críche an chomhairliúcháin, beidh rochtain ar an gcomhad iarratais ag Aonaid Náisiúnta ETIAS na mBallstát lena ndeachthas i gcomhairliúchán.

3.   Déanfaidh Aonad Náisiúnta ETIAS na mBallstát lena ndeachthas i gcomhairle an méid seo a leanas:

(a)

tuairim dhearfach réasúnaithe a thabhairt uaidh ar an iarratas; nó

(b)

tuairim dhiúltach réasúnaithe a thabhairt uaidh ar an iarratas.

Déanfaidh Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit lena ndeachthas i gcomhairle an tuairim dhearfach nó dhiúltach a thaifeadadh sa chomhad iarratais.

4.   Féadfaidh Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach dul i gcomhairle le hAonaid Náisiúnta ETIAS de chuid Bhallstáit amháin nó roinnt Ballstát tar éis freagra a fháil ó iarratasóir ar iarraidh ar fhaisnéis bhreise. I gcás inar iarradh an fhaisnéis bhreise sin thar cheann Ballstáit lena ndeachthas i gcomhairle de bhun Airteagal 27(1), rachaidh Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach i gcomhairle le hAonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit lena ndeachthas i gcomhairle tar éis don iarratasóir freagra a thabhairt ar an iarraidh sin ar fhaisnéis bhreise. I gcás den sórt sin, beidh rochtain ag Aonaid Náisiúnta ETIAS na mBallstát lena ndeachthas i gcomhairle ar an bhfaisnéis ábhartha bhreise nó an doiciméadacht ábhartha bhreise arna soláthar ag an iarratasóir tar éis iarraidh a fháil ó Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach i ndáil leis an ábhar a bhfuiltear ag dul i gcomhairle leo ina leith. I gcás ina dtéitear i gcomhairle le roinnt Ballstát, áiritheoidh Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach an comhordú eatarthu.

5.   Freagróidh Aonad Náisiúnta ETIAS na mBallstát lena ndeachthas i gcomhairle laistigh de 60 uair an chloig ó fhógra faoin gcomhairliúchán a thabhairt. Má tá loiceadh maidir le freagra a thabhairt faoin spriocdháta, measfar gurb ionann é sin agus tuairim dhearfach ar an iarratas.

6.   Le linn an phróisis comhairliúcháin sin, tarchuirfear an iarraidh ar chomhairliúchán agus na freagraí a fuarthas uirthi tríd an mbogearra dá dtagraítear i bpointe (m) d’Airteagal 6(2) agus cuirfear ar fáil iad d’Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach.

7.   I gcás ina dtugann Aonad Náisiúnta ETIAS de chuid Ballstáit amháin ar a laghad lena ndeachthas i gcomhairle tuairim dhiúltach ar an iarratas, diúltóidh Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach an t-údarú taistil de bhun Airteagal 37. Ní dochar an mhír seo d’Airteagal 44.

8.   I gcás inar gá, de dheasca fadhbanna teicniúla nó imthosca gan choinne, cinnfidh Lárionad ETIAS an Ballstát atá freagrach agus na Ballstáit lena rachfar i gcomhairle agus éascóidh sé na comhairliúcháin idir na Ballstáit dá dtagraítear san Airteagal seo.

Airteagal 29

Comhairliúchán le Europol

1.   I gcás sainaithnítear gur sholáthair Europol na sonraí a spreag amas i gcomhréir le hAirteagal 20(8) den Rialachán seo, tabharfaidh Láraonad ETIAS fógra faoi, rud a sheolfar próiseas comhairliúcháin idir Europol agus Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach. Déanfar comhairliúcháin den sórt sin i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/794 agus le Caibidil IV den Rialachán sin ach go háirithe.

2.   I gcás ina dtéitear i gcomhairle le Europol, déanfaidh Láraonad ETIAS sonraí ábhartha an chomhaid iarratais agus na n-amas a bhfuil gá leo chun críche an chomhairliúcháin a tharchur chuig Europol.

3.   In aon chás, ní bheidh rochtain ag Europol ar na sonraí pearsanta, dá dtagraítear i bpointe (h) d’Airteagal 17(2), a bhaineann le hoideachas an iarratasóra.

4.   I gcás ina dtéitear i gcomhairle le Europol i gcomhréir le mír 1, tabharfaidh sé tuairim réasúnaithe uaidh ar an iarratas. Cuirfear tuairim Europol ar fáil d’Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach agus déanfaidh sé í a thaifeadadh sa chomhad iarratais.

5.   Féadfaidh Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach dul i gcomhairle le Europol tar éis freagra a fháil ó iarratasóir mar gheall ar iarraidh ar fhaisnéis bhreise. I gcásanna den sórt sin, tarchuirfidh Aonad Náisiúnta ETIAS chuig Europol an fhaisnéis ábhartha bhreise nó an doiciméadacht ábhartha bhreise arna soláthar ag an iarratasóir i ndáil leis an iarraidh ar údarú taistil a dtéitear i gcomhairle le Europol ina leith.

6.   Freagróidh Europol laistigh de 60 uair an chloig ó fhógra faoin gcomhairliúchán a thabhairt. Má mhainníonn Europol freagra a thabhairt laistigh den spriocdháta, measfar gurb ionann é sin agus tuairim dhearfach ar an iarratas.

7.   Le linn an phróisis comhairliúcháin, tarchuirfear an iarraidh ar chomhairliúchán agus na freagraí uirthi tríd an mbogearra dá dtagraítear i bpointe (m) d’Airteagal 6(2) agus cuirfear ar fáil iad d’Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach.

8.   I gcás ina dtugann Europol tuairim dhiúltach ar an iarratas agus ina gcinneann Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach an t-údarú taistil a eisiúint, tabharfaidh sé údar cuí lena chinneadh agus cuirfidh sé an t-údar ar taifead sa chomhad iarratais.

9.   I gcás inar gá, de dheasca fadhbanna teicniúla nó imthosca gan choinne, cinnfidh lárionad ETIAS an Ballstát atá freagrach agus éascóidh sé na comhairliúcháin dá dtagraítear san Airteagal seo idir an Ballstát atá freagrach agus Europol.

Airteagal 30

Spriocdhátaí i dtaobh fógra a thabhairt don iarratasóir

Laistigh de 96 uair an chloig tar éis iarratas atá inghlactha i gcomhréir le hAirteagal 19 a chur isteach, gheobhaidh an t-iarratasóir fógra ina sonrófar an méid seo a leanas:

(a)

cibé acu ar eisíodh nó ar diúltaíodh a údarú taistil nó a húdarú taistil; nó

(b)

go n-iarrtar faisnéis bhreise nó doiciméadacht bhreise agus go bhféadfaidh an t-iarratasóir cuireadh chun agallaimh a fháil, mar aon leis na huas-agaí próiseála is infheidhme faoi Airteagal 32(2).

Airteagal 31

Uirlis fíoraithe

Déanfaidh an Coimisiún socrú maidir le huirlis fíoraithe d’iarratasóirí le seiceáil a dhéanamh ar stádas a n-iarratais agus ar thréimhse bhailíochta agus ar stádas a gcuid údaruithe taistil (bailí, diúltaithe, neamhnithe nó cúlghairthe). Féadfar rochtain a fháil ar an uirlis sin tríd an suíomh gréasáin tiomnaithe poiblí nó tríd an aip le haghaidh gléasanna móibíleacha dá dtagraítear in Airteagal 16.

Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 d’fhonn an uirlis fhíoraithe a shainiú tuilleadh.

Airteagal 32

Cinneadh maidir leis an iarratas

1.   Déanfar cinneadh faoi iarratais tráth nach déanaí ná 96 uair an chloig tar éis iarratas atá inghlactha i gcomhréir le hAirteagal 19 a chur isteach.

2.   Ar bhonn eisceachtúil, i gcás ina dtugtar fógra faoi iarraidh ar fhaisnéis bhreise nó ar dhoiciméadacht bhreise, agus ina dtugtar cuireadh chun agallaimh don iarratasóir, déanfar an tréimhse a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo a fhadú. Déanfar cinneadh faoi iarratais den sórt sin tráth nach déanaí ná 96 uair an chloig tar éis don iarratasóir an fhaisnéis bhreise nó an doiciméadacht bhreise a chur isteach. I gcás ina dtugtar cuireadh chun agallaimh don iarratasóir dá dtagraítear in Airteagal 27(4), déanfar cinneadh faoin iarratas sin tráth nach déanaí ná 48 n-uaire an chloig tar éis don agallamh a bheith déanta.

3.   Sula rachaidh na spriocdhátaí dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo in éag, déanfar cinneadh i dtaobh an mhéid seo a leanas:

(a)

údarú taistil a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 36; nó

(b)

údarú taistil a dhiúltú i gcomhréir le hAirteagal 37.

CAIBIDIL V

RIALACHA ETIAS MAIDIR LE SCAGADH AGUS LIOSTA FAIRE ETIAS

Airteagal 33

Rialacha ETIAS maidir le scagadh

1.   Is éard a bheidh i rialacha ETIAS maidir le scagadh, algartam lenar féidir próifíliú a shainmhínítear i bpointe 4 d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/679 a dhéanamh, trí chomparáid a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 20 den Rialachán seo idir na sonraí atá ar taifead i gcomhad iarratais de chuid Lárchóras ETIAS agus táscairí riosca sonracha arna mbunú ag Láraonad ETIAS faoi mhír 4 den Airteagal seo go bhféadfadh riosca slándála, riosca inimirce neamhdhlithiúla nó ardriosca eipidéime a bheith ann. Cláróidh an Láraonad ETIAS rialacha ETIAS maidir le scagadh i Lárchóras ETIAS.

2.   Déanfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 chun rioscaí sonracha a bhaineann leis an tslándáil nó leis an inimirce neamhdhlíthiúil nó ardriosca eipidéime a shainiú tuilleadh ar bhonn na nithe seo a leanas:

(a)

staitisticí arna nginiúint ag EES lena léirítear rátaí neamhghnácha rófhantóirí agus diúltuithe cead isteach i ndáil le grúpa sonrach taistealaithe;

(b)

staitisticí arna nginiúint ag ETIAS i gcomhréir le hAirteagal 84 lena léirítear rátaí neamhghnácha diúltuithe údaruithe taistil mar gheall ar riosca slándála, riosca inimirce neamhdhlíthiúla nó ardriosca eipidéime a bhaineann le grúpa sonrach taistealaithe;

(c)

staitisticí arna nginiúint ag ETIAS i gcomhréir le hAirteagal 84 agus ag EES lena léirítear comhghaolta idir faisnéis arna bailiú tríd an bhfoirm iarratais agus rófhanacht taistealaithe nó diúltuithe cead isteach;

(d)

faisnéis, dar bunús eilimintí fíriciúla agus bunaithe ar fhianaise, arna soláthar ag Ballstáit maidir le táscairí riosca sonracha maidir le slándáil nó bagairtí sonracha don tslándáil a shainaithin an Ballstát sin;

(e)

faisnéis, dar bunús eilimintí fíriciúla agus bunaithe ar fhianaise, arna soláthar ag Ballstáit maidir le rátaí neamhghnácha rófhantóirí nó diúltuithe cead isteach i gcás grúpa sonrach taistealaithe i leith an Bhallstáit sin;

(f)

faisnéis arna soláthar ag Ballstáit maidir le hardriosca sonrach eipidéime chomh maith le faisnéis um fhaireachas eipidéimeolaíochta agus measúnuithe riosca arna soláthar ag ECDC agus ráigeanna galair arna dtuairisciú ag EDS.

3.   Sonróidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, na rioscaí, a shainítear sa Rialachán seo agus sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, ar a mbunófar na táscairí riosca sonracha dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 90(2).

Déanfar athbhreithniú ar na rioscaí sonracha gach 6 mhí ar a laghad agus, i gcás inar gá, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme nua i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 90(2).

4.   Ar bhonn na rioscaí sonracha arna gcinneadh i gcomhréir le mír 3, bunóidh Láraonad ETIAS sraith táscairí riosca sonracha a bheidh comhdhéanta de theaglaim de shonraí éagsúla lena n-áirítear ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:

(a)

raon aoise, inscne, náisiúntacht;

(b)

tír chónaithe agus cathair chónaithe;

(c)

leibhéal oideachais (bunoideachas, meánoideachas, ardoideachas nó gan oideachas);

(d)

slí bheatha reatha (grúpa an phoist).

5.   Beidh na táscairí riosca sonracha spriocdhírithe agus comhréireach. I gcás ar bith, ní ar inscne an duine ná ar aois an duine amháin a bheidh siad bunaithe. Ina theannta sin, ní bheidh siad, i gcás ar bith, bunaithe ar fhaisnéis ina léirítear dath, cine, bunadh ciníoch nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, tuairimí polaitiúla nó eile, reiligiúin nó creideamh fealsúnach duine, duine a bheith ina bhall de cheardchumann, de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, nó claonadh gnéis.

6.   Déanfaidh Láraonad ETIAS na táscairí riosca sonracha a shainiú, a bhunú, a mheas ex ante, a chur chun feidhme, a mheas ex post, a athbhreithniú agus a scriosadh, tar éis dó dul i gcomhairle le Bord ETIAS maidir le Scagadh.

Airteagal 34

Liosta faire ETIAS

1.   Ar liosta faire ETIAS beidh faisnéis a bhaineann le daoine a bhfuil amhras fúthu go ndearna siad cion sceimhlitheoireachta nó cion tromchúiseach coiriúil eile nó go raibh siad páirteach i gcionta mar sin, nó a bhfuil táscairí fíriciúla nó forais réasúnacha ann lena chreidiúint, bunaithe ar an measúnú foriomlán a rinneadh ar an duine, go ndéanfaidh siad cion sceimhlitheoireachta nó cionta tromchúiseacha coiriúla eile. Beidh liosta faire ETIAS ina chuid de Lárchóras ETIAS.

2.   Bunófar liosta faire ETIAS ar bhonn faisnéis a bhaineann le cionta sceimhlitheoireachta nó le cionta tromchúiseacha coiriúla eile.

3.   Déanfaidh Europol, gan dochar do Rialachán (AE) 2016/794, nó na Ballstáit an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 a iontráil i liosta faire ETIAS. Beidh gach eintiteas de chuid ETIAS nó an Ballstát lena mbaineann freagrach as na heilimintí sonraí uile a chuireann siad isteach. Sonrófar i liosta faire ETIAS, do gach mír sonraí, an dáta agus an t-am ar chuir Europol nó an Ballstát isteach í.

4.   Ar bhonn na faisnéise dá dtagraítear i mír 2, beidh liosta faire ETIAS comhdhéanta de shonraí ina mbeidh ceann amháin nó níos mó de mhíreanna seo a leanas:

(a)

sloinne;

(b)

sloinne breithe;

(c)

dáta breithe;

(d)

ainmneacha eile (ainm bréige/ainmneacha bréige, ainm ealaíonta/ainmneacha ealaíonta, gnáthainm/gnáthainmneacha);

(e)

doiciméad/doiciméid taistil (cineál, uimhir agus tír eisiúna an doiciméid taistil nó na ndoiciméad taistil);

(f)

seoladh baile;

(g)

seoladh ríomhphoist:

(h)

uimhir theileafóin;

(i)

ainm, seoladh ríomhphoist, seoladh poist, uimhir theileafóin ghnólachta nó eagraíochta;

(j)

seoladh IP.

Ach a leithéid a bheith le fáil, cuirfear na míreanna sonraí seo a leanas leis an míreanna gaolmhara atá comhdhéanta de cheann amháin ar a laghad de na míreanna sonraí a liostaítear thuas: an chéad ainm(neacha), áit bhreithe, tír bhreithe, inscne agus náisiúntacht.

Airteagal 35

Freagrachtaí agus tascanna i ndáil le liosta faire ETIAS

1.   Sula n-iontrálann Europol nó Ballstát sonraí i liosta faire ETIAS:

(a)

cinnfidh sé an bhfuil an fhaisnéis leordhóthanach, beacht, agus an bhfuil sí tábhachtach go leor go gcuirfí i liosta faire ETIAS í;

(b)

déanfaidh sé meas ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na sonraí ar líon na n-iarratas a phróiseáiltear de láimh;

(c)

fíoróidh sé an gcomhfhreagraíonn na sonraí d’fholáireamh a iontráladh in SIS.

2.   Cruthóidh eu-LISA uirlis shonrach chun críche an mheasúnaithe faoi phointe (b) de mhír 1.

3.   I gcás ina léireoidh fíorú faoi phointe © de mhír 1 go gcomhfhreagraíonn na sonraí d’fholáireamh a iontráladh in SIS, ní iontrálfar i liosta faire ETIAS iad. I gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha maidir leis na sonraí a úsáid chun foláireamh a iontráil in SIS, tabharfar tús áite d’fholáireamh a iontráil in SIS.

4.   Beidh na Ballstáit agus Europol freagrach as cruinneas na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 34(2) a iontrálann siad féin i liosta faire ETIAS agus as na sonraí sin a choinneáil cothrom le dáta.

5.   Go rialta, agus uair sa bhliain ar a laghad, athbhreithneoidh agus fíoróidh Europol cruinneas leanúnach na sonraí sin a d’iontráil sé i liosta faire ETIAS. Go rialta, agus uair sa bhliain ar a laghad, athbhreithneoidh agus fíoróidh na Ballstáit freisin cruinneas leanúnach na sonraí sin a d’ionráil siad i liosta faire ETIAS. Déanfaidh Europol agus na Ballstáit nós imeachta comhpháirteach a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun comhlíonadh a gcuid freagrachtaí faoin mír seo a áirithiú.

6.   Tar éis athbhreithniú a dhéanamh, bainfidh na Ballstáit agus Europol eilimintí sonraí den liosta faire ETIAS i gcás ina gcruthaítear nach fíor i gcónaí na cúiseanna lenar iontráladh iad, nó i gcás ina bhfuil na heilimintí sonraí imithe i léig nó nach bhfuil siad cothrom le dáta.

7.   Déanfaidh eu-LISA liosta faire ETIAS agus an uirlis mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo a fhorbairt go teicniúil agus a óstáil. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sonraíochtaí teicniúla liosta faire ETIAS agus sonraíochtaí teicniúla na huirlise measúnaithe a bhunú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 90(2).

CAIBIDIL VI

ÚDARÚ TAISTIL A EISIÚINT, A DHIÚLTÚ, A NEAMHNIÚ NÓ A CHÚLGHAIRM

Airteagal 36

Údarú taistil a eisiúint

1.   Más rud é go léirítear de bharr scrúdú ar iarratas de bhun na nósanna imeachta atá leagtha síos i gCaibidil III, IV agus V nach bhfuil aon táscairí fíriciúla ná aon fhorais réasúnacha bunaithe ar tháscairí fíorasacha ann lena cheapadh go bhfuil riosca slándála, riosca inimirce neamhdhleathaí nó ardriosca eipidéime ann de dheasca an duine a bheith ar chríoch na mBallstát, eiseoidh Lárchóras ETIAS nó Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach údarú taistil.

2.   I gcás ina mbeidh amhras ann maidir le cúiseanna leordhóthanacha a bheith ann an t-údarú taistil a dhiúltú, beidh sé de rogha ag Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach údarú taistil a eisiúint, lena n-áirítear tar éis agallaimh, ag a mbeidh bratach le moladh do na húdaráis teorann dul ar aghaidh le seiceáil ar an dara líne.

Is féidir le hAonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach bratach den sórt sin a chur i gceangal freisin arna iarraidh sin ag Ballstát a ndeachthas i gcomhairle leis. Ní bheidh an bhratach sin le feiceáil ach ag na húdaráis teorann.

Bainfear an bhratach go huathoibríoch ach an tseiceáil a bheith déanta ag na húdaráis teorann agus an taifead dul isteach curtha in EES acu.

3.   Beidh sé de rogha ag aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach bratach a chur i gceangal lena léiriú do na húdaráis teorann agus d’údaráis eile ag a bhfuil rochtain ar na sonraí i Lárchóras ETIAS go ndearnadh measúnú ar amas sonrach a fuarthas agus an t-iarratas á phróiseáil agus gur fíoraíodh gur amas bréagach a bhí san amas sin nó gur léiríodh leis an bpróiseáil láimhe nach raibh forais le diúltú an údaraithe taistil.

4.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 chun coimircí leordhóthanacha a bhunú trí rialacha agus nósanna imeachta a sholáthar chun coinbhleachtaí le foláirimh i gcórais faisnéise eile a sheachaint agus chun coinníollacha, critéir agus fad shannadh na mbratach a shainiú de bhun an Rialacháin seo.

5.   Beidh údarú bailí taistil ar feadh 3 bliana nó go dtí deireadh thréimhse bhailíochta an doiciméid taistil a cláraíodh i rith an phróisis iarratais, cibé acu is túisce, agus beidh sé bailí i leith chríoch na mBallstát.

6.   Ní thabharfar ceart uathoibríoch i dtaobh dul isteach nó i dtaobh fanachta do dhuine toisc údarú taistil a bheith i seilbh an duine sin.

Airteagal 37

Údarú taistil a dhiúltú

1.   Diúltófar údarú taistil más rud é gur fíor an méid thíos faoin iarratasóir:

(a)

gur bhain an t-iarratasóir úsáid as doiciméad atá tuairiscithe in SIS gur doiciméad é atá caillte, goidte, mí-leithghabhála nó neamhbhailí;

(b)

go bhfuil baol slándála ann dá bharr;

(c)

go bhfuil riosca inimirce neamhdhleathaí ann dá bharr;

(d)

go bhfuil ardriosca eipidéime ann dá bharr;

(e)

gur duine atá san iarratasóir ar iontráladh foláireamh ina leith in SIS chun dul isteach a dhiúltú;

(f)

nár fhreagair an t-iarratasóir d’iarraidh ar fhaisnéis bhreise nó doiciméadacht bhreise laistigh de na spriocdhátaí dá dtagraítear in Airteagal 27;

(g)

nár fhreastail an t-iarratasóir ar agallamh, dá dtagraítear in Airteagal 27(4).

2.   Ina theannta sin, diúltófar údarú taistil má bhíonn amhras réasúnach nach beag ann, tráth a ndéantar an t-iarratas, faoi bharántúlacht na sonraí, faoi iontaofacht na ráiteas arna ndéanamh ag an iarratasóir, faoi na doiciméid tacaíochta arna soláthar nó faoi fhírinneacht na faisnéise iontu.

3.   Beidh an ceart chun achomhairc ag iarratasóirí ar diúltaíodh údarú taistil dóibh. Seolfar achomhairc sa Bhallstát a rinne an cinneadh i leith an iarratais agus i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin. Cuirfidh Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach faisnéis ar fáil d’iarratasóirí maidir leis an nós imeachta achomhairc i gceann amháin de theangacha oifigiúla na dtíortha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ar náisiúnach de chuid na tíre sin é an t-iarratasóir.

4.   Ní leanfaidh diúltú uathoibríoch iarratais nua as diúltú údaraithe taistil roimhe sin. Déanfar measúnú ar iarratas nua ar bhonn na faisnéise uile a bheidh le fáil.

Airteagal 38

Fógra i dtaobh údarú taistil a eisiúint nó a dhiúltú

1.   A luaithe a eiseofar údarú taistil, gheobhaidh an t-iarratasóir fógra láithreach tríd an tseirbhís ríomhphoist, lena n-áireofar:

(a)

ráiteas soiléir go bhfuil an t-údarú taistil eisithe agus uimhir iarratais an údaraithe taistil;

(b)

dáta theacht i bhfeidhm agus dáta éaga an údaraithe taistil;

(c)

ráiteas soiléir go mbeidh ar an iarratasóir an doiciméad taistil céanna a sonraíodh san fhoirm iarratais a thaispeáint ar dhul isteach dó nó di agus go mbeidh gá le hiarratas nua ar údarú taistil má thagann aon athrú ar an doiciméad taistil sin;

(d)

meabhrúchán faoi na coinníollacha dul isteach a leagtar síos in Airteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 2016/399 agus nach ceadmhach gearrfhanacht ach ar feadh tréimhse nach faide ná 90 lá in imeacht tréimhse dar fad 180 lá;

(e)

meabhrúchán nach leor údarú taistil a bheith ina sheilbh ag duine le go dtabharfar cead dul isteach don duine sin go huathoibríoch;

(f)

meabhrúchán go bhféadfaidh na húdaráis teorann doiciméid tacaíochta a iarraidh ag na teorainneacha seachtracha d’fhonn comhlíonadh na gcoinníollacha dul isteach a fhíorú;

(g)

meabhrúchán gur coinníoll maidir le fanacht, nach mór a chomhlíonadh, go mbeidh údarú bailí taistil i seilbh duine ar feadh thréimhse iomlán na gearrfhanachta ar chríoch an Bhallstáit;

(h)

nasc chuig an tseirbhís gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2017/2226, lenar féidir náisiúnaigh tríú tír a fhíorú ag tráth ar bith an fanacht údaraithe atá fágtha;

(i)

i gcás inarb infheidhme, na Ballstáit dá bhfuil údarú taistil ag an iarratasóir;

(j)

nasc chuig suíomh gréasáin poiblí ETIAS ina bhfuil faisnéis ar an bhféidearthacht go ndéanfadh an t-iarratasóir cúlghairm an údaraithe taistil a iarraidh agus ina bhfuil faisnéis faoin bhféidearthacht an t-údarú taistil a chúlghairm mura gcomhlíontar a thuilleadh na coinníollacha chun é a eisiúint agus faoin bhféidearthacht é a neamhniú i gcás ina dtagann sé chun solais nár comhlíonadh na coinníollacha eisiúna tráth na heisiúna;

(k)

faisnéis faoi na nósanna imeachta maidir le cearta a fheidhmiú faoi Airteagal 13 go hAirteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus faoi Airteagal 15 go hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2016/679 agus faoi shonraí teagmhála oifigeach cosanta sonraí na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta, an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí agus údarás maoirseachta náisiúnta an Bhallstáit na chéad tréimhse fanachta atá beartaithe, i gcás inar eisíodh an t-údarú taistil ag Lárchóras ETIAS, nó an Bhallstáit atá freagrach, i gcás inar eisíodh an t-údarú taistil ag Aonad Náisiúnta ETIAS.

2.   I gcás inar diúltaíodh údarú taistil, gheobhaidh an t-iarratasóir fógra láithreach tríd an tseirbhís ríomhphoist, lena n-áireofar:

(a)

ráiteas soiléir go bhfuil an t-údarú taistil diúltaithe agus uimhir iarratais an údaraithe taistil;

(b)

tagairt d’Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach a dhiúltaigh an t-údarú taistil agus seoladh an aonaid sin;

(c)

ráiteas maidir leis na forais ar ar diúltaíodh an t-údarú taistil, tríd n forais is infheidhme as measc na gceann a liostaítear in Airteagal 37(1) agus (2) a chur in iúl ionas go mbeidh an t-iarratasóir in ann achomharc a thaisceadh;

(d)

eolas maidir leis an gceart chun achomharc a thaisceadh, an teorainn ama chun sin a dhéanamh agus nasc chuig an fhaisnéis ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 16(7) ar an suíomh gréasáin.

(e)

faisnéis faoi na nósanna imeachta maidir le cearta a fheidhmiú faoi Airteagal 13 go hAirteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus faoi Airteagal 15 go hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2016/679; sonraí teagmhála oifigeach cosanta sonraí na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta, an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí agus údarás maoirseachta náisiúnta an Bhallstáit atá freagrach.

3.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, foirm chaighdeánach a ghlacadh chun údarú taistil a dhiúltú, a neamhniú nó a chúlghairm. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 90(2).

Airteagal 39

Sonraí atá le cur leis an gcomhad iarratais tar éis an cinneadh údarú taistil a eisiúint nó a dhiúltú

1.   I gcás ina mbeidh cinneadh déanta údarú taistil a eisiúint, cuirfidh Lárchóras ETIAS nó, i gcás ina ndearnadh an cinneadh tar éis próiseáil láimhe dá bhforáiltear i gCaibidil IV, déanfaidh Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach na sonraí seo a leanas a chur leis an gcomhad iarratais gan mhoill:

(a)

faisnéis maidir le stádas, á chur in iúl gur eisíodh an t-údarú taistil;

(b)

tagairt i dtaobh cé acu arb é Lárchóras ETIAS a d’eisigh an t-údarú taistil nó ar eisíodh é tar éis measúnú láimhe; i gcás measúnú láimhe, tagairt d’Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach a rinne an cinneadh agus seoladh an aonaid sin;

(c)

dáta an chinnidh an t-údarú taistil a eisiúint;

(d)

dáta theacht i bhfeidhm agus dáta éaga an údaraithe taistil;

(e)

bratacha ar bith atá i gceangal leis an údarú taistil, mar a leagtar síos in Airteagal 36(2) agus (3), mar aon le léiriú soiléir ar an méid is cúis leis an mbratach sin nó leis na bratacha sin a bheith ann, agus faisnéis bhreise a bhaineann leis na seiceálacha ar an dara líne i gcás Airteagal 36(2), agus faisnéis bhreise a bhaineann leis na húdaráis teorann i gcás Airteagal 36(3).

2.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 chun sainiú a dhéanamh ar an gcineál faisnéise breise a d’fhéadfaí a chur ann agus teanga agus formáidí na faisnéise sin, mar aon leis an méid is cúis leis na bratacha a bheith ann.

3.   I gcás ina mbeidh cinneadh déanta údarú taistil a dhiúltú, cuirfidh Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach na sonraí seo a leanas leis an gcomhad iarratais:

(a)

faisnéis maidir le stádas, á chur in iúl gur diúltaíodh an t-údarú taistil;

(b)

tagairt d’Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach a dhiúltaigh an t-údarú taistil agus seoladh an aonaid sin;

(c)

dáta an chinnidh chun an t-údarú taistil a dhiúltú;

(d)

na forais ar ar diúltaíodh an t-údarú taistil, tríd na forais as measc na gceann a liostaítear in Airteagal 37(1) agus (2) a chur in iúl.

4.   I dteannta na sonraí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 3, i gcás ina mbeidh cinneadh déanta údarú taistil a eisiúint nó a dhiúltú, déanfaidh Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach na cúiseanna lena chinneadh deiridh a chur leis freisin, ach amháin más diúltú é an cinneadh sin atá bunaithe ar thuairim dhiúltach ó Bhallstát a ndeachthas i gcomhairle leis.

Airteagal 40

Údarú taistil a neamhniú

1.   Déanfar údarú taistil a neamhniú i gcás ina dtagann sé chun solais nár comhlíonadh na coinníollacha maidir lena eisiúint an tráth a eisíodh é. Déanfar an t-údarú taistil a neamhniú ar bhonn ceann amháin nó níos mó de na forais i dtaobh dhiúltú an údaraithe taistil a leagtar síos in Airteagal 37(1) agus (2).

2.   I gcás ina bhfuil fianaise ag Ballstát nár comhlíonadh na coinníollacha i dtaobh údarú taistil a eisiúint an tráth a eisíodh é, cuirfidh Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit sin an t-údarú taistil ar neamhní.

3.   Beidh an ceart chun achomhairc ag duine ar cuireadh a údarú taistil ar neamhní. Seolfar achomhairc sa Bhallstát a rinne an cinneadh i leith an neamhní agus i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin. Cuirfidh Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach faisnéis ar fáil d’iarratasóirí maidir leis an nós imeachta achomhairc. Cuirfear an fhaisnéis ar fáil i gceann amháin de theangacha oifigiúla na dtíortha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle ar náisiúnach na tíre sin é an t-iarratasóir.

4.   I ndiaidh dó an measúnú riosca a dhéanamh, déanfaidh an ball foirne údar an chinnidh údarú taistil a neamhniú a thaifead sa chomhad iarratais.

Airteagal 41

Údarú taistil a chúlghairm

1.   Déanfar údarú taistil a chúlghairm i gcás ina dtiocfaidh sé chun solais nach bhfuil na coinníollacha maidir lena eisiúint á gcomhlíonadh a thuilleadh. Déanfar an t-údarú taistil a neamhniú ar bhonn ceann amháin nó níos mó de na cúiseanna i dtaobh dhiúltú an údaraithe taistil a leagtar síos in Airteagal 37(1).

2.   I gcás ina bhfuil fianaise ag Ballstát nach bhfuil na coinníollacha i dtaobh údarú taistil a eisiúint á gcomhlíonadh a thuilleadh, déanfaidh Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit sin an t-údarú taistil a chúlghairm.

3.   Gan dochar do mhír 2, i gcás ina n-eisítear foláireamh nua in SIS a bhaineann le diúltú cead isteach agus fanachta nua nó a bhaineann le doiciméad taistil ar tuairiscíodh gur cailleadh, gur goideadh, gur mí-leithghabháladh nó gur neamhbhailíodh é, cuirfidh SIS é sin in iúl do Lárchóras ETIAS. Fíoróidh Lárchóras ETIAS an gcomhfhreagraíonn an foláireamh nua sin d’údarú bailí taistil. Más amhlaidh an cás, aistreoidh Lárchóras ETIAS an comhad iarratais chuig Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit a d’iontráil an foláireamh. I gcás inar eisíodh foláireamh nua um dhiúltú cead isteach agus fanachta, déanfaidh Aonad Náisiúnta ETIAS an t-údarú taistil a chúlghairm. I gcás ina bhfuil an t-údarú taistil nasctha le doiciméad taistil ar tuairiscíodh gur cailleadh, gur goideadh, gur mí-leithghabháladh nó gur neamhbhailíodh é in SIS nó in DTGC, déanfaidh Aonad Náisiúnta ETIAS an comhad iarratais a phróiseáil de láimh.

4.   Déanfar sonraí nua a chuirfear isteach i liosta faire ETIAS a chur i gcomparáid le sonraí na gcomhad iarratais i Lárchóras ETIAS. Fíoróidh Lárchóras ETIAS má chomhfhreagraíonn an eilimint nua sin d’údarú bailí taistil. Más amhlaidh an cás, aistreoidh Lárchóras ETIAS an comhad iarratais chuig Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit a chuir an eilimint nua isteach nó, i gcás inar Europol a chuir an eilimint nua isteach, chuig Aonad Náisiúnta ETIAS Bhallstát na chéad tréimhse fanachta atá beartaithe mar a dhearbhaigh an t-iarratasóir i gcomhréir le pointe (j) d’Airteagal 17(2). Déanfaidh Aonad Náisiúnta ETIAS sin measúnú ar an riosca slándála agus cúlghairfidh sé an t-údarú taistil i gcás ina gcinneann sé nach gcomhlíontar a thuilleadh na coinníollacha chun é a dheonú.

5.   Maidir le taifead ar dhiúltú cead isteach a bhaineann le sealbhóir údaraithe taistil bailí a bhfuil údar cuí leis de bharr chúis B nó chúis I a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/399, i gcás ina ndéantar é a iontráil in EES, aistreoidh Lárchóras ETIAS an comhad iarratais chuig Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit a dhiúltaigh an dul isteach. Déanfaidh Aonad Náisiúnta ETIAS measúnú an gcomhlíontar na coinníollacha chun an t-údarú taistil a dheonú i gcónaí agus, mura gcomhlíontar, cúlghairfidh sé an t-údarú taistil.

6.   I ndiaidh dó an measúnú riosca a dhéanamh, déanfaidh an ball foirne taifead sa chomhad iarratais d’údar an chinnidh údarú taistil a chúlghairm.

7.   Beidh an ceart chun achomhairc ag duine a ndearnadh a údarú taistil a chúlghairm. Seolfar achomhairc sa Bhallstát a rinne an cinneadh i leith na cúlghairme agus i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin. Cuirfidh Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach faisnéis ar fáil d’iarratasóirí maidir leis an nós imeachta achomhairc i gceann amháin de theangacha oifigiúla na dtíortha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle ar náisiúnach de chuid na tíre sin é an t-iarratasóir.

8.   Féadfar údarú taistil a chúlghairm má iarrann an t-iarratasóir sin. Ní fhéadfar aon achomharc a dhéanamh i gcoinne cúlghairm den chineál sin ar údarú taistil arna iarraidh sin don iarratasóir. I gcás ina bhfuil an t-iarratasóir i láthair ar chríoch Ballstáit nuair a chláraítear an t-iarratas sin, tiocfaidh an chúlghairm i bhfeidhm nuair a bheidh an t-iarratasóir ag imeacht as an gcríoch agus an taifead dul isteach/imeachta comhfhreagrach á chruthú i gcomhréir le hAirteagail 16(3) agus 17(2) de Rialachán (AE) 2017/2226.

Airteagal 42

Fógra i dtaobh údarú taistil a neamhniú nó a chúlghairm

I gcás ina ndearnadh údarú taistil a neamhniú nó a chúlghairm, gheobhaidh an t-iarratasóir fógra láithreach tríd an tseirbhís ríomhphoist, lena n-áireofar:

(a)

ráiteas soiléir go ndearnadh an t-údarú taistil a neamhniú nó a chúlghairm agus uimhir iarratais an údaraithe taistil;

(b)

tagairt d’Aonad Náisiúnta ETIAS a neamhnigh nó a chúlghair an t-údarú taistil agus seoladh an aonaid sin;

(c)

ráiteas maidir leis an bhforas nó na forais ar ar neamhníodh nó ar cúlghaireadh an t-údarú taistil, tríd an bhforas is ábhartha as measc na gceann a liostaítear in Airteagal 37(1) agus (2) a chur in iúl ionas go mbeidh an t-iarratasóir in ann achomharc a thaisceadh;

(d)

eolas maidir leis an gceart chun achomharc a thaisceadh, an teorainn ama chun sin a dhéanamh; nasc chuig an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 16(7) ar an suíomh gréasáin;

(e)

ráiteas soiléir gur coinníoll maidir le fanacht, nach mór a chomhlíonadh, go mbeadh údarú bailí taistil i seilbh duine ar feadh thréimhse iomlán na gearrfhanachta ar chríoch an Bhallstáit;

(f)

faisnéis faoi na nósanna imeachta maidir le cearta a fheidhmiú faoi Airteagal 13 go hAirteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus faoi Airteagal 15 go hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2016/679 agus faoi shonraí teagmhála oifigeach cosanta sonraí na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta, an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí agus údarás maoirseachta náisiúnta an Bhallstáit atá freagrach.

Airteagal 43

Sonraí atá le cur leis an gcomhad iarratais tar éis an cinneadh údarú taistil a neamhniú nó a chúlghairm

1.   I gcás inar cinneadh údarú taistil a neamhniú nó a chúlghairm, déanfaidh Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach a neamhnigh nó a chúlghair an t-údarú taistil na sonraí seo a leanas a chur leis an gcomhad iarratais gan mhoill:

(a)

faisnéis maidir le stádas, á chur in iúl go ndearnadh an t-údarú taistil a neamhniú nó a chúlghairm;

(b)

tagairt d’Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach a chúlghair nó a neamhnigh an t-údarú taistil agus seoladh an aonaid sin; agus

(c)

dáta an chinnidh an t-údarú taistil a neamhniú nó a chúlghairm.

2.   Déanfaidh Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach a neamhnigh nó a chúlghair an t-údarú taistil a chur in iúl sa chomhad iarratais freisin an foras nó na forais leis an neamhniú nó leis an gcúlghairm atá infheidhme in Airteagal 37(1) agus (2), nó cuirfidh Aonad Náisiúnta ETIAS in iúl gur cúlghaireadh an t-údarú taistil arna iarraidh sin don iarratasóir amhail faoi Airteagal 41(8).

Airteagal 44

Údarú taistil a bhfuil bailíocht chríochach theoranta aige a eisiúint ar fhorais dhaonnúla, ar chúiseanna leasa náisiúnta nó de bharr oibleagáidí idirnáisiúnta

1.   I gcás inar measadh go bhfuil iarratas inghlactha i gcomhréir le hAirteagal 19, féadfaidh an Ballstát a bhfuil sé beartaithe ag an náisiúnach tríú tír lena mbaineann taisteal chuige údarú taistil a bhfuil bailíocht chríochach theoranta aige a eisiúint go heisceachtúil, nuair a mheasann an Ballstát sin go bhfuil gá leis sin ar fhorais dhaonnúla i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ar chúiseanna leasa náisiúnta nó de bharr oibleagáidí idirnáisiúnta agus, d’ainneoin an mhéid seo a leanas:

(a)

nár cuireadh i gcrích go fóill an próiseas measúnaithe láimhe de bhun Airteagal 26; nó

(b)

go ndearnadh údarú taistil a dhiúltú, a neamhniú nó a chúlghairm.

Go ginearálta, ní beidh údaruithe den sórt sin bailí ach ar chríoch an Bhallstáit eisiúna. Mar eisceacht, áfach, féadfar iad a eisiúint le bailíocht chríochach lena gclúdaítear níos mó ná Ballstát amháin, faoi réir thoiliú gach Ballstáit den sórt sin trí Aonaid Náisiúnta ETIAS atá acu. I gcás ina bhfuil Aonad Náisiúnta ETIAS ag breathnú ar údarú taistil a eisiúint a bhfuil bailíocht chríochach theoranta aige lena gclúdaítear roinnt Ballstát, rachaidh an Ballstát atá freagrach i gcomhairle leis na Ballstáit sin.

I gcás inar iarradh nó inar eisíodh údarú taistil a bhfuil bailíocht chríochach theoranta aige sna himthosca dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo, ní chuirfear isteach dá thoradh sin ar an bpróiseas measúnaithe láimhe ar an iarratas, chun críocha údarú taistil nach bhfuil bailíocht chríochach theoranta aige.

2.   Chun críocha mhír 1, agus chun críocha dá dtagraítear ar an suíomh gréasáin agus san aip le haghaidh gléasanna móibíleacha féadfaidh an t-iarratasóir dul i dteagmháil le Láraonad ETIAS agus an uimhir iarratais atá aige agus an Ballstát a bhfuil sé beartaithe aige taisteal chuige a chur in iúl, mar aon lena chur in iúl gur ar fhorais dhaonnúla atá cuspóir an taistil bunaithe nó go bhfuil an taisteal sin nasctha le hoibleagáidí idirnáisiúnta. I gcás ina ndéantar teagmháil den sórt sin, cuirfidh Láraonad ETIAS Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit ar chuige atá sé beartaithe ag an náisiúnach tríú tír taisteal ar an eolas faoi agus déanfaidh sé an fhaisnéis a thaifeadadh sa chomhad iarratais.

3.   Maidir le hAonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit ar chuige atá sé beartaithe ag an náisiúnach tríú tír taisteal, féadfaidh sé faisnéis bhreise nó doiciméadacht bhreise a iarraidh ar an iarratasóir agus féadfaidh sé an spriocdháta a leagan ar laistigh de a bheidh an fhaisnéis bhreise nó an doiciméadacht bhreise le tíolacadh. Is tríd an tseirbhís ríomhphoist dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 6(2), chuig an seoladh ríomhphoist teagmhála a thaifeadtar sa chomhad iarratais, a thabharfar fógraí den sórt sin faoin iarraidh sin; cuirfear in iúl inti liosta de theangacha inar féidir an fhaisnéis nó an doiciméadacht a thíolacadh. Áireofar ar an liosta sin an Béarla, an Fhraincis nó an Ghearmáinis ar a laghad, ach amháin má áirítear air teanga oifigiúil de chuid na tríú tíre ar dhearbhaigh an t-iarratasóir gur náisiúnach é dá cuid. Ní iarrfar ar an iarratasóir aistriúchán oifigiúil sna teangacha sin a sholáthar. Cuirfidh an t-iarratasóir an fhaisnéis nó an doiciméadacht bhreise faoi bhráid Aonad Náisiúnta ETIAS tríd an tseirbhís cuntais shláin dá dtagraítear i bpointe (g) d’Airteagal 6(2). Nuair a thaiscfear an fhaisnéis bhreise nó an doiciméadacht bhreise, taifeadfaidh agus stórálfaidh Lárchóras ETIAS an fhaisnéis nó an doiciméadacht sin sa chomhad iarratais. Ní cheadófar an fhaisnéis bhreise ná an doiciméadacht bhreise a taifeadadh sa chomhad iarratais ach amháin chun an t-iarratas a mheas nó chun cinneadh a dhéanamh maidir leis, chun nós imeachta achomhairc a bhainistiú nó chun iarratas nua ón iarratasóir céanna a phróiseáil.

4.   Ní bheidh údarú taistil a bhfuil bailíocht chríochach theoranta aige bailí ach ar feadh 90 lá ar a mhéid ó dháta an chéad dul isteach ar bonn an údaraithe sin.

5.   D’fhéadfadh na údaruithe taistil a eisítear faoin Airteagal seo a bheith faoi réir bratach faoi Airteagal 36(2) nó (3).

6.   I gcás ina n-eiseofar údarú taistil a bhfuil bailíocht chríochach theoranta aige, cuirfidh Aonad Náisiúnta ETIAS a d’eisigh an t-údarú sin na sonraí seo a leanas isteach sa chomhad iarratais:

(a)

faisnéis maidir le stádas, á chur in iúl gur eisíodh an t-údarú taistil a bhfuil bailíocht chríochach theoranta aige;

(b)

an Ballstát nó na Ballstáit chuig a bhfuil teideal ag sealbhóir an údaraithe taisteal agus tréimshe bailíochta an údaraithe taistil sin;

(c)

Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit a d’eisigh an t-údarú taistil a bhfuil bailíocht chríochach theoranta aige agus seoladh an aonaid sin;

(d)

dáta an chinnidh an t-údarú taistil a eisiúint a bhfuil bailíocht chríochach theoranta aige;

(e)

tagairt do na forais dhaonnúla, cúiseanna leasa náisiúnta nó oibleagáidí idirnáisiúnta a agraítear;

(f)

bratacha ar bith atá i gceangal leis an údarú taistil, mar a leagtar síos in Airteagal 36(2) agus (3), mar aon le léiriú soiléir ar an méid is cúis leis an mbratach sin nó leis na bratacha sin a bheith ann agus faisnéis bhreise a bhaineann leis na seiceálacha ar an dara líne i gcás Airteagal 36(2), agus faisnéis bhreise a bhaineann leis na húdaráis teorann i gcás Airteagal 36(3).

I gcás ina n-eiseoidh Aonad Náisiúnta ETIAS údarú taistil, a mbeidh bailíocht chríochach theoranta aige, gan aon fhaisnéis ná doiciméadacht a bheith curtha isteach ag an iarratasóir, déanfaidh Aonad Náisiúnta ETIAS sin faisnéis nó doiciméadacht iomchuí a thaifeadadh agus a stóráil sa chomhad iarratais lena dtabharfar údar i leith an chinnidh sin.

7.   I gcás inar eisíodh údarú taistil a bhfuil bailíocht chríochach theoranta aige, gheobhaidh an t-iarratasóir fógra tríd an tseirbhís ríomhphoist, lena n-áireofar:

(a)

ráiteas soiléir go ndearnadh údarú taistil a bhfuil bailíocht theoranta chríochach aige a eisiúint agus uimhir iarratais an údaraithe taistil;

(b)

dáta theacht i bhfeidhm agus dáta éaga an údaraithe taistil a bhfuil bailíocht theoranta chríochach aige;

(c)

ráiteas soiléir ar na Ballstáit chuig a bhfuil teideal ag sealbhóir an údaraithe sin taisteal, agus léiriú soiléir gur laistigh de chríoch na mBallstát sin amháin is ceadmhach don sealbhóir taisteal;

(d)

meabhrúchán gur coinníoll maidir le fanacht, nach mór a chomhlíonadh, go mbeidh údarú bailí taistil i seilbh duine ar feadh thréimhse iomlán an ghearrfhanachta ar chríoch an Bhallstáit a ndéantar údarú taistil a eisiúint ina leith ag a bhfuil bailíocht chríochach theoranta;

(e)

nasc chuig an tseirbhís gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2017/2226, lenar féidir náisiúnaigh tríú tír a fhíorú tráth ar bith a bhfanacht údaraithe atá fágtha.

CAIBIDIL VII

ÚSÁID ETIAS AG IOMPRÓIRÍ

Airteagal 45

Rochtain ar shonraí chun críocha fíoraithe ag iompróirí

1.   Aeriompróirí, iompróirí ar muir agus iompróirí idirnáisiúnta a iompraíonn grúpaí thar tír i gcóiste, déanfaidh siad iarratas ar Chóras Faisnéise ETIAS d’fhonn a fhíorú má tá nó mura bhfuil údarú bailí taistil ag náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir an cheanglais i dtaobh údarú taistil.

2.   Trí rochtain shlán ar an ngeata iompróra dá dtagraítear i bpointe (k) d’Airteagal 6(2), lena n-áirítear an fhéidearthacht réitigh theicniúla mhóibíleacha a úsáid, cuirfear ar a gcumas d’iompróirí an t-iarratas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhéanamh sula rachaidh paisinéir ar bord. Cuirfidh an t-iompróir na sonraí atá sa chuid den doiciméad taistil atá meaisín-inléite ar fáil agus sonróidh sé an Ballstát dul isteach. De mhaolú air sin, i gcás idirthuras aerfoirt, ní bheadh ceanglas ar an iompróir a fhíorú an bhfuil údarú bailí taistil i seilbh an náisiúnaigh tríú tír.

Cuirfidh Córas Faisnéise ETIAS, tríd an ngeata iompróra, freagra “OK/NOT OK” ar fáil do na hiompróirí ina dtugtar le fios cibé acu an bhfuil údarú bailí taistil ag an duine nó nach bhfuil. I gcás inar eisíodh údarú taistil a bhfuil bailíocht chríochach theoranta aige i gcomhréir le hAirteagal 44, tabharfar san áireamh san fhreagra a chuirfidh Lárchóras ETIAS ar fáil an Ballstát/na Ballstáit ina bhfuil an t-údarú bailí mar aon leis an mBallstát dul isteach arna shonrú ag an iompróir. Féadfaidh iompróirí an fhaisnéis a sheoltar a stóráil mar aon leis an bhfreagra a fhaightear i gcomhréir leis an dlí is infheidhme. Ní mheasfar an freagra “OK/NOT OK” a bheith ina chinneadh cead isteach a údarú nó a dhiúltú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/399.

Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha mionsonraithe maidir leis na coinníollacha a bhaineann le feidhmiú an gheata iompróra agus leis na rialacha cosanta sonraí agus slándála is infheidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 90(2).

3.   Bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, scéim fíordheimhniúcháin a bheidh d’iompróirí amháin, d’fhonn rochtain a thabhairt ar an ngeata iompróra chun críocha mhír 2 den Airteagal seo do na baill chuí-údaraithe d’fhoireann na n-iompróirí. Agus an scéim fíordheimniúcháin á bunú, cuirfear san áireamh bainistiú riosca a bhaineann le slándáil faisnéise agus na prionsabail maidir le cosaint sonraí trí dhearadh agus mar réamhshocrú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 90(2).

4.   Úsáidfidh an geata iompróra bunachar sonraí ar leith, a bheidh inléite amháin, a ndéanfar nuashonrú air go laethúil trí aisbhaint-aon-slí a dhéanamh ar an íos-fhothacar sonraí is gá arna stóráil de ETIAS. Beidh eu-LISA freagrach as slándáil an gheata iompróra, as slándáil na sonraí pearsanta atá ann agus as an bpróiseas lena mbainfear sonraí pearsanta agus lena gcuirfear isteach iad sa bhunachar sonraí ar leith, atá inléite amháin.

5.   Na hiompróirí ar muir dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, beidh siad faoi réir na bpionós dá bhforáiltear i gcomhréir le hAirteagal 26(2) den Choinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 idir Rialtais Stáit Aontas Eacnamaíoch Benelux, Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Phoblacht na Fraince maidir le seiceálacha ag a gcomhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile a chur chun feidhme (“an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme”) agus le hAirteagal 4 de Threoir 2001/51/CE ón gComhairle (40) nuair a bheidh náisiúnaigh tríú tír á n-iompar acu nach bhfuil údarú bailí taistil acu cé go bhfuil siad faoi réir cheanglas an údaraithe taistil.

6.   De mhaolú ar mhír 5 den Airteagal seo, nuair a tharlaíonn sé, i gcás an náisiúnaigh tríú tír chéanna, go bhfuil na hiompróirí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo cheana féin faoi réir na bpionós dá bhforáiltear i gcomhréir le hAirteagal 26(2) den Choinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Airteagal 4 de Threoir 2001/51/CE, ní bheidh feidhm ag na pionóis dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo.

7.   Chun críche mír 5 a chur chun feidhme nó chun aon díospóid fhéideartha a réiteach a d’eascródh as an mír sin a chur i bhfeidhm, coinneoidh eu-LISA logaí ar gach oibríocht próiseála sonraí a dhéanfaidh iompróirí ar an ngeata iompróra. Taispeánfaidh na logaí sin dáta agus am gach oibríochta, na sonraí a úsáideadh don iniúchadh, na sonraí a tharchuir an geata iompróra, agus ainm an iompróra atá i gceist.

Stórálfar logaí go ceann tréimhse 2 bhliain. Úsáidfear bearta iomchuí chun logaí a chosaint ar rochtain neamhúdaraithe.

8.   Má dhiúltaítear cead isteach do náisiúnaigh tríú tír, beidh sé d’oibleagáid ar aon iompróir a thug go dtí na teorainneacha seachtracha iad, san aer, ar muir agus ar talamh, freagracht láithreach a ghlacadh astu an athuair. Arna iarraidh sin ag na húdaráis teorann, beidh sé d’oibleagáid ar na hiompróirí na náisiúnaigh tríú tír a fhilleadh ar an tríú tír ónar iompraíodh iad, ar an tríú tír a d’eisigh an doiciméad taistil lenar thaistil siad, nó ar aon tríú tír eile a bhfuil sé cinnte go ligfear isteach inti iad.

9.   De mhaolú ar mhír 1, d’iompróirí a iompraíonn grúpaí thar tír i gcoiste, sa chéad 3 bliana tar éis do ETIAS dul i mbun oibríochtaí, beidh an fíorú dá dtagraítear i mír 1 roghnach agus ní bheidh feidhm ag na forálacha dá dtagraítear i mír 5 maidir leo.

Airteagal 46

Nósanna imeachta cúltaca i gcás nach bhfuil sé indéanta, ar chúiseanna teicniúla, ag iompróirí na sonraí a rochtain

1.   Sa chás nach bhfuil sé indéanta, ar chúiseanna teicniúla, an t-iarratas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) a dhéanamh, de bharr gur chlis ar chuid ar bith de chóras faisnéise ETIAS, déanfar na hiompróirí a dhíolmhú ón oibleagáid a fhíorú má tá údarú bailí taistil ag taistealaí. I gcás ina mbraithfidh eu-LISA an cliseadh sin, tabharfaidh Láraonad ETIAS fógra faoi do na hiompróirí. Tabharfaidh sé fógra do na hiompróirí a luaithe a chuirfear an cliseadh ina cheart freisin. I gcás ina mbraithfidh na hiompróirí an cliseadh sin, féadfaidh siad fógra a thabhairt do Láraonad ETIAS faoi.

2.   Maidir leis na pionóis dá dtagraítear in Airteagal 45(5), ní fhorchuirfear ar iompróirí iad sna cásanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

3.   I gcás nach bhfuil sé indéanta, ar chúiseanna teicniúla, tréimhse fhada a chaitheamh leis an gcuardach a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 45(1), ar chúiseanna eile seachas gur chlis ar chuid ar bith de chóras faisnéise ETIAS, cuirfidh na hiompróirí lárionad ETIAS ar an eolas faoi sin.

4.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, mionsonraí na nósanna imeachta cúltaca dá dtagraítear san Airteagal seo a leagan síos. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 90(2).

CAIBIDIL VIII

ÚSÁID ETIAS AG ÚDARÁIS TEORANN AG NA TEORAINNEACHA SEACHTRACHA

Airteagal 47

Rochtain ar shonraí chun críocha fíoraithe ag na teorainneacha seachtracha

1.   Déanfaidh na húdaráis teorann inniúla i dtaobh seiceálacha a dhéanamh ag pointí trasnaithe na dteorainneacha seachtracha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/399 Lárchóras ETIAS a cheadú agus iad ag úsáid na sonraí atá sa chuid den doiciméad taistil atá meaisín-inléite.

2.   Freagróidh Lárchóras ETIAS tríd an méid seo a leanas a thabhairt le fios:

(a)

cé acu atá nó nach bhfuil údarú bailí taistil ag an duine agus, i gcás údarú taistil a bhfuil bailíocht chríochach theoranta aige a eisítear faoi Airteagal 44, an Ballstát (na Ballstáit) ina bhfuil sé bailí;

(b)

aon bhratach atá i gceangal leis an údarú taistil faoi Airteagal 36(2) agus (3);

(c)

an n-imeoidh an t-údarú taistil sin in éag laistigh de 90 lá ina dhiaidh sin agus an méid atá fágtha den tréimhse bhailíochta;

(d)

na sonraí dá dtagraítear i bpointí (k) agus (l) d’Airteagal 17(2).

3.   I gcás ina mbeidh an t-údarú taistil ag dul in éag laistigh de 90 lá ina dhiaidh sin, cuirfidh na húdaráis teorann sealbhóir an údaraithe taistil sin ar an eolas faoin méid atá fágtha den tréimhse bhailíochta, faoin bhféidearthacht iarratas a dhéanamh ar údarú taistil nua fiú agus é ag fanacht ar chríoch na mBallstát, agus faoin oibleagáid údarú bailí taistil a bheith ag duine ar feadh thréimhse iomlán an ghearrfhanachta. Soláthróidh an garda teorann an fhaisnéis sin tráth na seiceálacha teorann nó is féidir í a sholáthar trí bhíthin trealamh suiteáilte ag an bpointe trasnaithe teorann lena bhféadfaidh an náisiúnach tríú tír an uirlis fíoraithe dá dtagraítear in Airteagal 31 a cheadú. Ina theannta sin, cuirfear an fhaisnéis ar fáil ar an suíomh gréasáin poiblí dá dtagraítear in Airteagal 16. Déanfaidh Lárchóras ETIAS an fhaisnéis chéanna a sholáthar go huathoibríoch do shealbhóir údarú taistil tríd an tseirbhís r-phoist.

4.   I gcás ina bhfreagróidh Lárchóras ETIAS le bratach atá i gceangal leis an údarú taistil faoi Airteagal 36(2), déanfaidh na húdaráis teorann seiceáil ar an dara líne. Chun críocha seiceáil ar an dara líne, beidh údarás acu an fhaisnéis bhreise a cuireadh leis an gcomhad iarratais a cheadú i gcomhréir le pointe (e) d’Airteagal 39(1) nó le pointe (f) d’Airteagal 44(6).

I gcás ina bhfreagróidh Lárchóras ETIAS le bratach dá dtagraítear in Airteagal 36(3) agus i gcás ina mbeidh fíoruithe breise ag teastáil, d’fhéadfadh rochtain a bheith ag na húdaráis teorann ar Lárchóras ETIAS chun an fhaisnéis bhreise a fháil dá bhforáiltear i bpointe (e) d’Airteagal 39(1) nó i bpointe (f) d’Airteagal 44(6).

Airteagal 48

Nósanna imeachta cúltaca i gcás nach bhfuil sé indéanta, ar chúiseanna teicniúla, sonraí a rochtain ag na teorainneacha seachtracha

1.   I gcás nach bhfuil sé indéanta, ar chúiseanna teicniúla, an ceadú dá dtagraítear in Airteagal 47(1) a dhéanamh, de bharr gur chlis ar aon chuid de chóras faisnéise ETIAS, tabharfaidh Láraonad ETIAS fógra do na húdaráis teorann agus d’Aonaid Náisiúnta ETIAS na mBallstát.

2.   Sa chás nach mbeidh sé indéanta, ar chúiseanna teicniúla, an cuardach a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 47(1) de bharr gur chlis ar an mbonneagar teorann náisiúnta i mBallstát, tabharfaidh na húdaráis teorann fógra do Láraonad ETIAS agus d’Aonaid Náisiúnta ETIAS na mBallstát. Cuirfidh Láraonad ETIAS an méid sin in iúl láithreach do eu-LISA agus don Choimisiún.

3.   Sa dá chás dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo, leanfaidh údaráis teorann a gcuid pleananna teagmhasacha náisiúnta. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/399, sa phlean teagmhasach náisiúnta féadfar na húdaráis teorann a údarú maolú ar an oibleagáid ar bhonn sealadach Lárchóras ETIAS dá dtagraítear in Airteagal 47(1) den Rialachán seo a cheadú.

4.   Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, samhlacha de phleananna teagmhasacha i gcomhair na gcásanna dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo, lena n-áirítear na nósanna imeachta atá le leanúint ag na húdaráis teorann. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 90(2). Glacfaidh na Ballstáit a gcuid pleananna teagmhasacha náisiúnta trí úsáid na samhlacha de phleananna teagmhasacha mar bhonn, agus iad a oiriúnú de réir mar is gá ar an leibhéal náisiúnta.

CAIBIDIL IX

ETIAS A BHEITH Á ÚSÁID AG NA HÚDARÁIS INIMIRCE

Airteagal 49

Rochtain ag na húdaráis inimirce ar shonraí

1.   Chun a sheiceáil nó a fhíorú má tá na coinníollacha maidir le dul isteach nó fanacht ar chríoch na mBallstát á gcomhlíonadh agus chun bearta iomchuí a ghlacadh a bhaineann leis sin, beidh rochtain ag údaráis inimirce na mBallstát ar Lárchóras ETIAS agus úsáid á baint acu as na sonraí dá dtagraítear i bpointí (a) go (e) d’Airteagal 17(2).

2.   Ní cheadófar rochtain ar Lárchóras ETIAS faoi mhír 1 den Airteagal seo ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

rinneadh cuardach in EES roimhe sin faoi Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2017/2226; agus

(b)

léirítear toradh an chuardaigh nach bhfuil taifead in EES ar náisiúnach tríú tír a bheith ar chríoch na mBallstát.

I gcás inar gá, déanfar comhlíonadh na gcoinníollacha dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo a fhíorú trí rochtain ar na logaí in EES, dá bhforáiltear faoi Airteagal 46 de Rialachán (AE) 2017/2226, a chomhfhreagraíonn don chuardach dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo agus don fhreagra dá dtagraítear i bpointe (b) den fhomhír sin.

3.   Freagróidh Lárchóras ETIAS trína thabhairt le fios an bhfuil údarú bailí taistil ag an duine agus, i gcás údarú taistil a bhfuil bailíocht chríochach theoranta aige, amhail a eisítear faoi Airteagal 44, an Ballstát (na Ballstáit) ina bhfuil an t-údarú bailí taistil. Tabharfaidh Lárchóras ETIAS le fios freisin an n-imeoidh an t-údarú taistil in éag laistigh de 90 lá ina dhiaidh sin agus an méid atá fágtha den tréimhse bhailíochta.

I gcás mionaoiseach, beidh rochtain freisin ag na húdaráis inimirce ar an bhfaisnéis a bhaineann le húdarás tuismitheora nó caomhnóir dlí an taistealaí dá dtagraítear i bpointe (k) d’Airteagal 17(2).

CAIBIDIL X

AN NÓS IMEACHTA AGUS NA COINNÍOLLACHA MAIDIR LE ROCHTAIN AR LÁRCHÓRAS ETIAS CHUN CRÍOCHA FHORGHNÍOMHÚ AN DLÍ

Airteagal 50

Údaráis ainmnithe na mBallstát

1.   Ainmneoidh na Ballstáit na húdaráis atá i dteideal iarraidh a dhéanamh na sonraí atá stóráilte i Lárchóras ETIAS a cheadú chun cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú.

2.   Ainmneoidh gach Ballstát lárphointe rochtana a mbeidh rochtain aige ar Lárchóras ETIAS. Fíoróidh an lárphointe rochtana go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 52 maidir le rochtain a iarraidh ar Lárchóras ETIAS.

Féadfaidh sé gur cuid den eagraíocht chéanna iad an t-údarás ainmnithe agus an lárphointe rochtana, ach sin a bheith ceadaithe faoin dlí náisiúnta, ach gníomhóidh an lárphointe rochtana go hiomlán neamhspleách ar na húdaráis ainmnithe agus a chúraimí faoin Rialachán seo á gcomhlíonadh aige. Beidh an lárphointe rochtana ar leithligh ó na húdaráis ainmnithe agus ní bhfaighidh sé treoracha uathu maidir le toradh an fhíoraithe a dhéanfaidh sé go neamhspleách.

Ag brath ar a struchtúir eagraíochtúla agus riaracháin, féadfaidh na Ballstáit níos mó ná lárphointe rochtana amháin a ainmniú chun a gceanglais bhunreachtúla nó a gceanglais dhlíthiúla eile a chomhlíonadh.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra do eu-LISA agus don Choimisiún maidir lena n-údaráis ainmnithe agus lena lárphointe rochtana agus féadfaidh siad fógra eile a chur in ionad a bhfógra nó é a leasú tráth ar bith.

3.   Ar an leibhéal náisiúnta, coinneoidh gach Ballstát liosta de na haonaid oibríochta laistigh de na húdaráis ainmnithe atá údaraithe iarraidh a dhéanamh na sonraí atá stóráilte i Lárchóras ETIAS a cheadú tríd an lárphointe rochtana nó trí na lárphointí rochtana.

4.   Is í foireann chuí-chumhachtaithe na lárphointí rochtana agus í sin amháin a bheidh údaraithe rochtain a fháil ar Lárchóras ETIAS i gcomhréir le hAirteagal 51 agus le hAirteagal 52.

Airteagal 51

An nós imeachta maidir le rochtain ar Lárchóras ETIAS chun críocha fhorfheidhmiú an dlí

1.   Tíolacfaidh aonad oibríochta dá dtagraítear in Airteagal 50(3) iarraidh réasúnaithe, bíodh sí leictreonach nó i scríbhinn, do lárphointe rochtana dá dtagraítear in Airteagal 50(2) chun tacar sonrach sonraí atá stóráilte i Lárchóras ETIAS a cheadú. I gcás ina n-iarrtar na sonraí dá dtagraítear i bpointe (i) d’Airteagal 17(2) agus pointí (a) go (c) d’Airteagal 17(4) a cheadú, áireofar san iarraidh leictreonach nó i scríbhinn réasúnaithe údar cuí gur gá na sonraí sonracha sin a cheadú.

2.   Ar iarraidh ar rochtain a fháil, fíoróidh an lárphointe rochtana sin an gcomhlíontar na coinníollacha maidir le rochtain dá dtagraítear in Airteagal 52, lena n-áirítear a fhíorú má tugadh údar cuí le haon iarraidh ar cheadú na sonraí dá dtagraítear i bpointe (i) d’Airteagal 17(2) agus i bpointí (a) go (c) d’Airteagal 17(4).

3.   Má chomhlíontar na coinníollacha maidir le rochtain dá dtagraítear in Airteagal 52, próiseálfaidh an lárphointe rochtana sin an iarraidh. Déanfar na sonraí atá stóráilte i Lárchóras ETIAS arna rochtain ag an lárphointe rochtana a tharchur chuig an aonad oibríochta a rinne an iarraidh sa chaoi nach ndéanfar dochar do shláine na sonraí.

4.   I gcás práinne nuair is gá gar-riosca do bheatha duine a bhaineann le cion sceimhlitheoireachta nó le cion coiriúil tromchúiseach eile a chosc, déanfaidh an lárphointe rochtana an iarraidh a phróiseáil láithreach agus fíoróidh siad ex post ar comhlíonadh na coinníollacha uile dá dtagraítear in Airteagal 52 agus an raibh cás práinne ann. Déanfar an fíorú ex post gan moill mhíchuí agus i gcás ar bith tráth nach déanaí ná 7 lá oibre i ndiaidh an iarraidh a phróiseáil.

I gcás ina nochtann fíorú ex post nach raibh údar le ceadú nó rochtain na sonraí atá ar taifead i Lárchóras ETIAS, déanfaidh na húdaráis uile a fuair rochtain ar na sonraí na sonraí ar a raibh rochtain acu i Lárchóras ETIAS a léirscriosadh. Cuirfidh na húdaráis lárphointe rochtana ábhartha an Bhallstáit ina ndearnadh an iarraidh ar an eolas faoin léirscriosadh sin.

Airteagal 52

Na coinníollacha maidir le rochtain a bheith ag údaráis ainmnithe na mBallstát ar shonraí atá ar taifead i Lárchóras ETIAS

1.   Féadfaidh údaráis ainmnithe a iarraidh go gceadófar na sonraí atá stóráilte i Lárchóras ETIAS má chomhlíontar na coinníollacha go léir seo a leanas:

(a)

tá rochtain ar mhaithe le ceadú de dhíth chun críocha cion sceimhlitheoireachta nó cion coiriúil tromchúiseach eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú;

(b)

tá rochtain ar mhaithe le ceadú de dhíth agus comhréireach i gcás ar leith; agus

(c)

tá fianaise nó forais réasúnacha ann lena cheapadh go mbeidh ceadú na sonraí atá stóráilte i Lárchóras ETIAS ina chuidiú i dtaobh aon cheann de na cionta coiriúla atá i gceist a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, go háirithe i gcás ina bhfuil amhras ann, agus bunús tugtha leis, go dtagann amhrastach, déantóir nó íospartach ciona sceimhlitheoireachta nó ciona choiriúil thromchúisigh eile faoi chatagóir atá cumhdaithe sa Rialachán seo.

2.   Beidh ceadú Lárchóras ETIAS teoranta do chuardach a dhéanamh le ceann amháin nó níos mó de na hítimí de shonraí seo a leanas atá ar taifead sa chomhad iarratais:

(a)

sloinne (ainm teaghlaigh) agus, má tá siad ar fáil, céadainm nó céadainmneacha (ainmneacha baiste);

(b)

ainmneacha eile (ainm bréige/ainmneacha bréige, ainm ealaíonta/ainmneacha ealaíonta, gnáthainm/gnáthainmneacha);

(c)

uimhir an doiciméid taistil;

(d)

seoladh baile;

(e)

seoladh ríomhphoist;

(f)

uimhreacha teileafóin;

(g)

seoladh IP.

3.   Féadfar Lárchóras ETIAS a cheadú leis na sonraí atá liostaithe faoi mhír 2 i gcomhcheangal leis na sonraí seo a leanas sa chomhad iarratais chun an cuardach a chúngú:

(a)

náisiúntacht nó náisiúntachtaí;

(b)

inscne;

(c)

dáta breithe nó raon aoise.

4.   Má dhéantar Lárchóras ETIAS a cheadú agus má bhraitear amas i gcoinne sonraí atá ar taifead i gcomhad iarratais, beidh rochtain ar na sonraí dá dtagraítear i bpointí (a) go (g) agus (j) go (m) d’Airteagal 17(2) mar atá ar taifead sa chomhad iarratais sin agus ar shonraí a iontráladh sa chomhad iarratais sin maidir le húdarú taistil a eisiúint, a dhiúltú, a neamhniú nó a chúlghairm i gcomhréir le hAirteagal 39 agus Airteagal 43. Ní thabharfar rochtain ar na sonraí dá dtagraítear i bpointe (i) d’Airteagal 17(2) agus i bpointí (a) go (c) d’Airteagal 17(4) atá ar taifead sa chomhad iarratais ach amháin más rud é go ndearna aonad oibríochtúil ceadú na sonraí sin a iarraidh go sainráite in iarraidh réasúnaithe leictreonach nó i scríbhinn a cuireadh isteach faoi Airteagal 51(1) agus go ndearna an lárphointe rochtana an iarraidh sin a fhíorú agus a fhormheas ar bhonn neamhspleách. Ní thabharfaidh ceadú Lárchóras ETIAS rochtain ar na sonraí a bhaineann leis an oideachas dá dtagraítear i bpointe (h) d’Airteagal 17(2).

Airteagal 53

An nós imeachta agus na coinníollacha maidir le rochtain a bheith ag Europol ar shonraí atá ar taifead i Lárchóras ETIAS

1.   Chun críocha Airteagal 1(2), féadfaidh Europol iarraidh a dhéanamh na sonraí atá stóráilte i Lárchóras ETIAS a cheadú agus iarraidh réasúnaithe leictreonach a chur isteach chuig Láraonad ETIAS chun tacar sonrach sonraí atá stóráilte i Lárchóras ETIAS a cheadú. I gcás ina n-iarrtar na sonraí dá dtagraítear i bpointe (i) d’Airteagal 17(2) agus i bpointí (a) go (c) d’Airteagal 17(4) a cheadú, áireofar san iarraidh réasúnaithe leictreonach údar cuí gur gá na sonraí sonracha sin a cheadú.

2.   Beidh fianaise san iarraidh réasúnaithe gur comhlíonadh gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá an ceadú de dhíth chun tacú le bearta na mBallstát agus chun iad a neartú i dtaca le cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a thagann faoi réim shainordú Europol a chosc, a bhrath nó a imscrúdú;

(b)

tá an ceadú de dhíth agus comhréireach i gcás ar leith;

(c)

beidh an ceadú teoranta do chuardach le sonraí dá dtagraítear in Airteagal 52(2) i dteannta na sonraí a liostaítear faoi Airteagal 52(2) i gcás inar gá; agus

(d)

tá fianaise nó forais réasúnacha ann lena cheapadh go mbeidh an ceadú ina chuidiú i dtaobh aon cheann de na cionta coiriúla atá i gceist a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, go háirithe i gcás ina bhfuil amhras ann, agus bunús tugtha leis, go dtagann amhrastach, déantóir nó íospartach ciona sceimhlitheoireachta nó ciona choiriúil thromchúisigh eile faoi chatagóir de thaistealaí atá cumhdaithe sa Rialachán seo.

3.   Beidh iarrataí Europol ar cheadú na sonraí atá stóráilte i Lárchóras ETIAS faoi réir fíorú roimh ré arna dhéanamh ag aonad speisialaithe ina mbeidh oifigigh chuí-chumhachtaithe Europol, lena scrúdófar ar bhealach éifeachtach tráthúil an gcomhlíonann an t-iarratas gach ceann de choinníollacha mhír 2.

4.   Má dhéantar Lárchóras ETIAS a cheadú agus má bhraitear amas i gcoinne sonraí atá stóráilte i gcomhad iarratais, beidh rochtain ar na sonraí dá dtagraítear i bpointí (a) go (g) agus (j) go (m) d’Airteagal 17(2) agus ar shonraí a cuireadh isteach sa chomhad iarratais maidir le húdarú taistil a eisiúint, a dhiúltú, a neamhniú nó a chúlghairm i gcomhréir le hAirteagal 39 agus Airteagal 43. Ní thabharfar rochtain ar na sonraí dá dtagraítear i bpointe (i) d’Airteagal 17(2) agus i bpointí (a) go (c) d’Airteagal 17(4) mar atá stóráilte sa chomhad iarratais ach amháin má rinne Europol ceadú na sonraí sin a iarraidh go sainráite. Ní thabharfaidh ceadú Lárchóras ETIAS rochtain ar na sonraí a bhaineann leis an oideachas dá dtagraítear i bpointe (h) d’Airteagal 17(2).

5.   I gcás ina ndéanann an t-aonad speisialaithe ina bhfuil oifigigh chuí-chumhachtaithe Europol an iarraidh a fhormheas, próiseálfaidh Láraonad ETIAS an iarraidh maidir le ceadú na sonraí atá stóráilte i Lárchóras ETIAS. Déanfaidh sé na sonraí a iarradh a tharchur chuig Europol ar dhóigh nach gcuirfear slándáil na sonraí sin i mbaol.

CAIBIDIL XI

NA SONRAÍ A CHOINNEÁIL AGUS A LEASÚ

Airteagal 54

Sonraí a choinneáil

1.   Stórálfar gach comhad iarratais i Lárchóras ETIAS mar a leanas:

(a)

ar feadh thréimhse bhailíochta an údaraithe taistil;

(b)

ar feadh 5 bliana ón gcinneadh deireanach an t-údarú taistil a dhiúltú, a neamhniú nó a chúlghairm i gcomhréir le hAirteagail 37, 40 agus 41. I gcás ina ndéantar sonraí atá i dtaifead, comhad nó foláireamh atá cláraithe i gceann de chórais faisnéise AE, i sonraí Europol, i mbunachair sonraí Interpol faoi DTGC nó TDAWN, i liosta faire ETIAS, nó i rialacha maidir le scagadh is cúis le cinneadh den sórt sin a scriosadh roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, déanfar an comhad iarratais a scriosadh laistigh de 7 lá ón dáta a scriosadh na sonraí sa taifead, comhad nó foláireamh sin. Chun na críche sin, fíoróidh Lárchóras ETIAS go rialta agus go huathoibríoch cé acu atá nó nach bhfuil na coinníollacha maidir leis na comhaid iarratais a choinneáil dá dtagraítear sa phointe seo fós á gcomhlíonadh. I gcás bhfuiltear á gcomhlíonadh a thuilleadh, déanfaidh sé an comhad iarratais a scriosadh ar bhealach uathoibríoch.

2.   D’fhonn iarratas nua a éascú tar éis dhul in éag thréimhse bhailíochta údaraithe taistil de chuid ETIAS, féadfar an comhad iarratais a stóráil i Lárchóras ETIAS ar feadh tréimhse breise nach faide ná 3 bliana tar éis dheireadh thréimhse bhailíochta an údaraithe taistil agus ní fhéadfar sin a dhéanamh ach amháin i gcás, tar éis iarraidh ar thoiliú, ina dtoilíonn an t-iarratasóir go sainráite faoi shaoirse trí bhíthin dearbhú ríomhshínithe. I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, cuirfear iarrataí ar thoiliú i láthair ar bhealach soiléir is féidir a dhealú ó na hábhair eile, i bhfoirm intuigthe a bhfuil rochtain shimplí uirthi agus trí úsáid a bhaint as friotal soiléir simplí.

Iarrfar an toiliú tar éis do sholáthar uathoibríoch na faisnéise faoi Airteagal 15(2) a bheith déanta. Leis an bhfaisnéis arna soláthar go huathoibríoch, cuirfear i gcuimhne don iarratasóir an cuspóir le sonraí a choinneáil ar bhonn na faisnéise dá dtagraítear i bpointe (o) d’Airteagal 71 agus faoin bhféidearthacht toiliú a tugadh a tharraingt siar tráth ar bith.

Féadfaidh an t-iarratasóir a thoiliú nó a toiliú a tharraingt siar tráth ar bith, i gcomhréir le hAirteagal 7(3) de Rialachán (AE) 2016/679. Má dhéanann an t-iarratasóir an toiliú a tharraingt siar, déanfar an comhad iarratais a léirscriosadh go huathoibríoch ó Lárchóras ETIAS.

Déanfaidh eu-LISA uirlis a fhorbairt chun go gcuirfear ar chumas iarratasóirí a dtoiliú a thabhairt agus a tharraingt siar. Beidh rochtain ar an uirlis sin tríd an suíomh gréasáin tiomnaithe poiblí nó tríd an aip le haghaidh gléasanna móibíleacha.

Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 chun an uirlis atá le húsáid ag na hiarratasóirí chun a dtoiliú a thabhairt agus a tharraingt siar a shainiú tuilleadh.

3.   Ar dhul in éag a thréimhse choinneála, déanfar an comhad iarratais a léirscriosadh go huathoibríoch ó Lárchóras ETIAS.

Airteagal 55

Sonraí a leasú agus luath-léirscriosadh sonraí

1.   Beidh sé d’oibleagáid ar Láraonad ETIAS agus ar Aonaid Náisiúnta ETIAS na sonraí a stóráiltear i Lárchóras ETIAS a nuashonrú agus a áirithiú go bhfuil siad cruinn. Ní bheidh sé de cheart ag Láraonad ETIAS agus Aonaid Náisiúnta ETIAS modhnú a dhéanamh ar shonraí arna n-iontráil go díreach san fhoirm iarratais ag an iarratasóir féin de bhun Airteagal 17(2), (3) nó (4).

2.   I gcás ina bhfuil fianaise ag Láraonad ETIAS go bhfuil na sonraí a chuir Lárchóras ETIAS ar taifead i Láraonad ETIAS míchruinn ó thaobh fíricí de nó gur próiseáladh sonraí i Lárchóras ETIAS de shárú ar an Rialachán seo, seiceálfaidh sé na sonraí lena mbaineann agus, más gá, leasóidh sé iad nó léirscriosfaidh sé iad gan mhoill ó Lárchóras ETIAS.

3.   I gcás ina bhfuil fianaise ag an mBallstát atá freagrach go bhfuil na sonraí atá ar taifead i Lárchóras ETIAS míchruinn ó thaobh fíricí de nó gur próiseáladh sonraí i Lárchóras ETIAS de shárú ar an Rialachán seo, seiceálfaidh a Aonad Náisiúnta ETIAS na sonraí lena mbaineann agus, más gá, leasóidh sé iad nó léirscriosfaidh sé iad gan mhoill ó Lárchóras ETIAS.

4.   I gcás ina bhfuil fianaise ag Láraonad ETIAS go bhfuil na sonraí atá stóráilte i Lárchóras ETIAS míchruinn ó thaobh fíricí de nó gur próiseáladh iad i Lárchóras ETIAS de shárú ar an Rialachán seo, déanfaidh sé teagmháil le hAonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach laistigh de 14 lá. Má tá fianaise den sórt sin ag Ballstát eile seachas an Ballstát atá freagrach, rachaidh sé i dteagmháil le Láraonad ETIAS nó le hAonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach, laistigh de 14 lá freisin. Seiceálfaidh Láraonad ETIAS nó Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach cruinneas na sonraí agus dlíthiúlacht na próiseála orthu laistigh de 1 mhí amháin agus, más gá, leasóidh sé iad nó léirscriosfaidh sé iad gan mhoill ó Lárchóras ETIAS.

5.   I gcás ina bhfuil náisiúntacht Ballstáit faighte ag náisiúnach tríú tír nó ina dtagann sé nó sí faoi raon feidhme phointí (a) go (c) d’Airteagal 2(2), fíoróidh údaráis an Bhallstáit sin an bhfuil údarú bailí taistil ag an duine sin agus, nuair is ábhartha, léirscriosfaidh sé an comhad iarratais gan mhoill ó Lárchóras ETIAS. Is é an t-údarás a bheidh freagrach as an gcomhad iarratais a léirscriosadh:

(a)

Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit a d’eisigh an doiciméad taistil dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 2(2);

(b)

Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit a bhfuil a náisiúntacht faighte ag an náisiúnach tríú tír;

(c)

Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit a d’eisigh an cárta cónaithe nó an cead cónaithe.

6.   I gcás ina dtagann náisiúnach tríú tír faoi raon feidhme phointe (d), (e), (f) nó (l) d’Airteagal 2(2), féadfaidh sé nó sí a chur in iúl d’údaráis inniúla an Bhallstáit a d’eisigh an cead cónaithe, an víosa aonfhoirmeach nó an víosa fadfhanachta náisiúnta dá dtagraítear san Airteagal sin go bhfuil údarú bailí taistil aige nó aici agus féadfaidh sé nó sí a iarraidh go scriosfaí an comhad iarratais comhfhreagrach ó Lárchóras ETIAS. Fíoróidh údaráis an Bhallstáit sin an bhfuil údarú bailí taistil i seilbh an duine sin. Má dhearbhaítear go bhfuil údarú bailí taistil i seilbh an duine sin, déanfaidh Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit a d’eisigh an cead cónaithe, an víosa aonfhoirmeach nó an víosa fadfhanachta náisiúnta an comhad iarratais a scriosadh gan mhoill ó Lárchóras ETIAS.

7.   I gcás ina dtagann náisiúnach tríú tír faoi raon feidhme phointe (g) d’Airteagal 2(2), féadfaidh sé nó sí údaráis inniúla an chéad Bhallstáit eile a rachaidh sé nó sí isteach ann ar an eolas faoin athrú sin. Rachaidh an Ballstát sin i dteagmháil le Láraonad ETIAS laistigh de theorainn ama 14 lá. Seiceálfaidh Láraonad ETIAS cruinneas na sonraí laistigh de 1 mhí amháin, agus, más gá, léirscriosfaidh sé an comhad iarratais ó Lárchóras ETIAS gan mhoill.

8.   Gan dochar do leigheas riaracháin nó neamhbhreithiúnach ar bith eile atá ar fáil, beidh fáil ag daoine aonair ar leigheas breithiúnach éifeachtach d’fhonn a áirithiú go ndéantar na sonraí atá stóráilte in ETIAS a leasú nó a léirscriosadh.

CAIBIDIL XII

COSAINT SONRAÍ

Airteagal 56

Cosaint sonraí

1.   Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 maidir le próiseáil a dhéanann an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus eu-LISA ar shonraí pearsanta.

2.   Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 maidir leis an bpróiseáil ar shonraí pearsanta a dhéanann Aonaid Náisiúnta ETIAS a mheasann na hiarratais, na húdaráis teorann agus na húdaráis inimirce.

I gcásanna ina ndéanann na húdaráis inniúla a mheasann na hiarratais chun críocha cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú sonraí pearsanta a phróiseáil ag Aonaid Náisiúnta ETIAS, beidh feidhm ag Treoir (AE) 2016/680.

I gcásanna ina ndéanann Aonad Náisiúnta ETIAS cinneadh maidir le húdarú taistil a eisiúint, a dhiúltú, a chúlghairm nó a neamhniú, beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679.

3.   Beidh feidhm ag Treoir (AE) 2016/680 maidir leis an bpróiseáil ar shonraí pearsanta a dhéanann údaráis ainmnithe na mBallstát chun críocha Airteagal 1(2).

4.   Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2016/794 maidir leis an bpróiseáil a dhéanann Europol ar shonraí pearsanta de bhun Airteagal 29 agus Airteagal 53.

Airteagal 57

Rialaitheoir sonraí

1.   Meastar gur rialaitheoir sonraí i gcomhréir le pointe (d) d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 í an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta maidir le próiseáil sonraí pearsanta i Lárchóras ETIAS. Maidir le bainistíocht um shlándáil faisnéise ar Lárchóras ETIAS, measfar gur rialaitheoir é eu-LISA.

2.   Maidir le próiseáil a dhéanann Ballstát ar shonraí pearsanta i Lárchóras ETIAS, measfar gur rialaitheoir é Aonad Náisiúnta ETIAS i gcomhréir le pointe (7) d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/679. Beidh freagracht lárnach air as an bpróiseáil a dhéanann an Ballstát sin ar shonraí pearsanta i Lárchóras ETIAS.

Airteagal 58

Próiseálaí sonraí

1.   Measfar gur próiseálaí sonraí i gcomhréir le pointe (e) d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 é eu-LISA maidir le próiseáil sonraí pearsanta i gCóras Faisnéise ETIAS.

2.   Áiritheoidh eu-LISA go ndéanfar Córas Faisnéise ETIAS a oibriú i gcomhréir leis an Rialachán sin.

Airteagal 59

Slándáil na próiseála

1.   Áiritheoidh eu-LISA, Láraonad ETIAS agus Aonaid Náisiúnta ETIAS slándáil na próiseála ar shonraí pearsanta de bhun an Rialacháin seo. Beidh eu-LISA, Láraonad ETIAS agus Aonaid Náisiúnta ETIAS ag comhoibriú ar chúraimí a bhaineann le slándáil sonraí.

2.   Gan dochar d’Airteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh 45/2001, déanfaidh eu-LISA na bearta riachtanacha chun slándáil chóras faisnéise ETIAS a áirithiú.

3.   Gan dochar d’Airteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Airteagal 32 agus Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2016/679,glacfaidh eu-LISA, Láraonad ETIAS agus Aonaid Náisiúnta ETIAS na bearta is gá, lena n-áirítear plean slándála agus plean leanúnachais gnó agus plean athshlánaithe ó thubaiste, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

sonraí a chosaint go fisiciúil, lena n-áirítear trí phleananna teagmhasacha a dhéanamh chun bonneagar criticiúil a chosaint;

(b)

rochtain a dhiúltú do dhaoine neamhúdaraithe ar an suíomh gréasáin slán, an tseirbhís r-phoist, an tseirbhís cuntais sláine, an geata iompróra, an uirlis fíoraithe d’iarratasóirí agus an uirlis um thoiliú d’iarratasóirí;

(c)

rochtain a dhiúltú do dhaoine neamhúdaraithe ar threalamh próiseála sonraí agus ar shuiteálacha náisiúnta i gcomhréir le cuspóirí ETIAS;

(d)

léamh, cóipeáil, modhnú nó baint neamhúdaraithe meán sonraí a chosc;

(e)

iontráil neamhúdaraithe sonraí maille le hiniúchadh, modhnú nó scriosadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta atá ar taifead a chosc;

(f)

cosc a chur ar dhaoine neamhúdaraithe a bhfuil trealamh cumarsáide sonraí á úsáid acu córais uathphróiseála sonraí a úsáid;

(g)

próiseáil neamhúdaraithe sonraí i Lárchóras ETIAS agus modhnú nó scriosadh neamhúdaraithe sonraí arna bpróiseáil i Lárchóras ETIAS a chosc;

(h)

a áirithiú nach mbeidh rochtain ag na daoine a bhfuil údarú rochtana acu ar Chóras Faisnéise ETIAS ach ar na sonraí sin atá cumhdaithe faoina n-údarú rochtana, trí mheán aitheantais úsáideora indibhidiúla, uathúla agus modhanna rochtana rúnda amháin a úsáid;

(i)

a áirithiú go gcruthóidh na húdaráis uile a mbeidh ceart rochtana ar Chóras Faisnéise ETIAS acu próifílí lena dtabharfar tuairisc ar fheidhmeanna agus ar fhreagrachtaí na ndaoine a bheidh údaraithe rochtain a fháil ar na sonraí agus go gcuirfear na próifílí sin ar fáil do na húdaráis mhaoirseachta;

(j)

a áirithiú gur féidir a fhíorú agus a shuíomh cé na comhlachtaí ar féidir sonraí pearsanta a tharchur chucu agus trealamh cumarsáide sonraí á úsáid;

(k)

a áirithiú gur féidir a fhíorú agus a shuíomh cé na sonraí a próiseáladh i gCóras Faisnéise ETIAS, cén uair a próiseáladh iad, cé a rinne an phróiseáil sin agus cad chuige a ndearnadh í;

(l)

cosc a chur ar léamh, ar chóipeáil, ar mhodhnú nó ar scriosadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta, go háirithe le teicnící criptithe iomchuí, agus sonraí pearsanta á dtarchur chuig Lárchóras ETIAS nó uaidh, nó le linn iompar meán sonraí;

(m)

a áirithiú gur féidir, i gcás ina dtarlódh briseadh sa chóras, na córais a suiteáladh a chur ag obair arís mar is ceart;

(n)

an iontaofacht a áirithiú trína chinntiú go ndéantar aon fhabht dá n-éireoidh d’fheidhmiú ETIAS a thuairisciú i gceart agus go gcuirtear i bhfeidhm pé bearta teicniúla is gá chun a áirithiú gur féidir sonraí pearsanta a fháil ar ais i gcás ina dtarlódh truailliú sonraí mar gur mhífheidhmigh ETIAS;

(o)

faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeart slándála dá dtagraítear sa mhír seo agus na bearta eagrúcháin um fhaireachán inmheánach is gá a dhéanamh chun a áirithiú go bhfuil siad i gcomhréir leis an Rialachán seo.

4.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, samhail de phlean slándála agus samhail de phlean leanúnachas gnó agus athshlánaithe ó thubaiste a ghlacadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 90(2). Déanfaidh Bord Bainistíochta eu-LISA, Bord Bainistíochta na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta agus na Ballstáit na pleananna slándála, leanúnachais gnó agus athshlánaithe ó thubaiste le haghaidh eu-LISA, le haghaidh Láraonad ETIAS agus le haghaidh Aonaid Náisiúnta ETIAS, faoi seach, a ghlacadh. Bainfidh siad leas as na samhlacha sin de phleananna arna nglacadh ag an gCoimisiún mar bhonn, arna gcoigeartú de réir mar is gá.

5.   Cuirfidh eu-LISA Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún, agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí ar an eolas faoi na bearta a dhéanfaidh sé de bhun an Airteagail seo.

Airteagal 60

Teagmhais slándála

1.   Maidir le haon imeacht a bhfuil tionchar aige, nó a bhféadfadh tionchar a bheith aige, ar shlándáil ETIAS, agus a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le damáiste a dhéanamh do na sonraí a stóráiltear in ETIAS, nó le cailleadh na sonraí sin, measfar gur teagmhas slándála é, go háirithe i gcás ina bhféadfadh sé go bhfuarthas rochtain neamhúdaraithe ar shonraí nó i gcás ina ndearnadh infhaighteacht, sláine agus rúndacht sonraí a chur i mbaol nó ina bhféadfadh sé go ndearnadh infhaighteacht, sláine agus rúndacht sonraí a chur i mbaol.

2.   Déanfar teagmhais slándála a bhainistiú chun a áirithiú go dtabharfar freagairt thapa, éifeachtach agus iomchuí.

3.   Gan dochar d’fhógra a thabhairt faoi shárú sonraí pearsanta agus cur in iúl an tsáraithe sin de bhun Airteagal 33 de Rialachán (AE) 2016/679, Airteagal 30 de Threoir (AE) 2016/680, nó iad araon, cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún, eu-LISA agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí ar an eolas faoi theagmhais slándála. I gcás ina dtarlaíonn teagmhas slándála maidir le Córas Faisnéise ETIAS, cuirfidh eu-LISA an Coimisiún agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí ar an eolas ina thaobh. Cuirfidh Europol an Coimisiún agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí ar an eolas i gcás teagmhas slándála a bhaineann le ETIAS.

4.   Déanfar faisnéis maidir le teagmhas slándála a bhfuil tionchar aige, nó a bhféadfadh tionchar a bheith aige, ar oibriú ETIAS nó ar infhaighteacht, sláine agus rúndacht na sonraí, a sholáthar don Choimisiún agus, i gcás ina mbeidh feidhm aige sin orthu, do Láraonad ETIAS, d’Aonaid Náisiúnta ETIAS agus do Europol. Déanfar teagmhais den sórt sin agus a thuairisciú freisin i gcomhréir leis an bplean bainistithe teagmhais a sholáthróidh eu-LISA.

5.   Comhoibreoidh na Ballstáit, an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, eu-LISA agus Europol i gcás ina dtarlódh teagmhas slándála.

Airteagal 61

Féinfhaireachán

Áiritheoidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, Europol agus na Ballstáit go ndéanfaidh gach údarás ag a mbeidh ceart rochtana ar Chóras Faisnéise ETIAS na bearta is gá chun an Rialachán seo a chomhlíonadh agus go gcomhoibreoidh siad, i gcás inar gá sin, leis an údarás maoirseachta.

Airteagal 62

Pionóis

Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Airteagal 63

Dliteanas

1.   Gan dochar don cheart chun cúiteamh a fháil uaidh, ná do dhliteanas an rialaitheora nó an phróiseálaithe faoi Rialachán (AE) 2016/679, faoi Threoir (AE) 2016/680 agus faoi Rialachán (CE) Uimh. 45/2001:

(a)

aon duine nó aon Bhallstát ar bhain damáiste ábhartha nó neamhábhartha dó de bharr oibríocht phróiseála neamhdhleathach nó de bharr aon bheart nach bhfuil ag luí leis an Rialachán seo, arna déanamh nó arna dhéanamh ag Ballstát, beidh sé i dteideal cúiteamh a fháil ón mBallstát sin;

(b)

aon duine nó aon Bhallstát ar bhain damáiste ábhartha nó neamhábhartha dó de bharr aon bheart a rinne eu-LISA nach bhfuil ag luí leis an Rialachán seo, beidh sé i dteideal cúiteamh a fháil ón ngníomhaireacht sin. Beidh eu-LISA faoi dhliteanas i leith oibríochtaí próiseála neamhdhleathacha sonraí pearsanta i gcomhréir leis an ról atá aige mar phróiseálaí nó, i gcás inarb infheidhme, mar rialaitheoir.

Beidh Ballstát nó eu-LISA díolmhaithe óna dhliteanas faoin gcéad fhomhír, go hiomlán nó i bpáirt, má éiríonn leo a chruthú nárbh iad a bhí freagrach as an eachtra ba shiocair leis an damáiste.

2.   Más rud é go dteipeann ar Bhallstát a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh faoin Rialachán seo agus gurb é sin is cúis le damáiste do Lárchóras ETIAS, is é an Ballstát sin a chuirfear faoi dhliteanas i leith an damáiste sin más rud é agus a mhéid nach ndearna eu-LISA nó Ballstát eile atá rannpháirteach i Lárchóras ETIAS bearta réasúnta chun an damáiste sin a sheachaint nó chun a thionchar a íoslaghdú.

3.   Is faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit arb é an cosantóir é a rialálfar éilimh ar chúiteamh a dhéanfar i gcoinne Ballstáit as an damáiste dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2. Is faoi réir na gcoinníollacha dá bhforáiltear sna Conarthaí a rialálfar éilimh ar chúiteamh a dhéanfar i gcoinne rialaitheora nó i gcoinne eu-LISA as an damáiste dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2.

Airteagal 64

Ceart rochtana ar shonraí pearsanta, an ceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a cheartú, a chomhlánú nó a léirscriosadh, agus an ceart go gcuirfí srian le próiseáil sonraí pearsanta

1.   Gan dochar don cheart chun faisnéise in Airteagal 11 agus Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001, cuirfear iarratasóirí a bhfuil a sonraí stóráilte i Lárchóras ETIAS ar an eolas, an tráth a bhaileofar a gcuid sonraí, faoi na nósanna imeachta maidir le cearta a fheidhmiú faoi Airteagal 13 go hAirteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 Uimh. agus faoi Airteagal 15 go hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2016/679. Tabharfar dóibh freisin ag an am céanna sonraí teagmhála oifigeach cosanta sonraí na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta agus an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.

2.   Ar mhaithe lena gcearta a fheidhmiú faoi Airteagal 13 go hAirteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus faoi Airteagal 15 go hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2016/679, beidh sé de cheart ag aon iarratasóir dul i dteagmháil le Láraonad ETIAS nó le hAonad Náisiúnta ETIAS atá freagrach as a iarratas nó a hiarratas. Déanfaidh an t-aonad a bhfaighidh an iarraidh í a scrúdú agus tabharfaidh sé freagra uirthi a luaithe is féidir, laistigh de 30 lá ar a dhéanaí.

I gcás, mar fhreagairt ar iarraidh, ina bhfaighfear amach tar éis scrúdú go bhfuil na sonraí atá stóráilte i Lárchóras ETIAS míchruinn ó thaobh fíricí de nó gur taifeadadh go neamhdhleathach iad, déanfaidh Láraonad ETIAS nó Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach na sonraí sin a cheartú nó a léirscriosadh i Lárchóras ETIAS gan mhoill.

I gcás, mar fhreagra ar iarraidh de bhun na míre seo, ina ndéanfaidh Láraonad ETIAS nó Aonad Náisiúnta ETIAS údarú taistil a leasú le linn a thréimhse bhailíocht, cuirfidh Lárchóras ETIAS i gcrích an uathphróiseáil a leagtar síos in Airteagal 20 lena chinneadh an spreagfaidh an comhad iarratais leasaithe amas de bhun Airteagal 20(2) go (5). I gcás nach dtuairiscítear amas ar bith de bharr na huathphróiseála, eiseoidh Lárchóras ETIAS údarú taistil leasaithe a mbeidh an bhailíocht chéanna aige agus a bhí ag an gceann bunaidh agus tabharfaidh sé fógra don iarratasóir. I gcás ina bhfuil amas amháin nó níos mó ina thoradh nó ina dtoradh ar an uathphróiseáil, i gcomhréir le hAirteagal 26, déanfaidh Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach measúnú ar an riosca slándála, ar riosca na hinimirce neamhdhlíthiúla nó ar an ardriosca eipidéime i gcomhréir le hAirteagal 26. Ansin, cinnfidh sé cibé acu údarú taistil leasaithe a eisiúint nó gan é a eisiúint, nó, má chinneann sé nach bhfuil na coinníollacha maidir le deonú an údaraithe taistil á gcomhlíonadh a thuilleadh, déanfaidh sé an t-údarú taistil a chúlghairm.

3.   I gcás nach n-aontaíonn Láraonad ETIAS nó Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach as an iarratas leis an maíomh go bhfuil na sonraí atá stóráilte i Lárchóras ETIAS míchruinn ó thaobh fíricí de nó gur taifeadadh go neamhdhleathach iad, glacfaidh Láraonad ETIAS nó Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach cinneadh riaracháin á mhíniú i scríbhinn don duine lena mbaineann gan mhoill cén fáth nach bhfuil sé toilteanach na sonraí a bhaineann leis a cheartú ná a scriosadh.

4.   Sa chinneadh sin freisin, tabharfar faisnéis don duine lena mbaineann ina míneofar go bhféadfaí agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh i ndáil leis an iarraidh dá dtagraítear i mír 2 agus, nuair is ábhartha, faisnéis ar conas caingean a thionscnamh nó gearán a dhéanamh os comhair na n-údarás inniúil nó na gcúirteanna agus aon chúnamh, lena n-áirítear ó na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta inniúla.

5.   Pé iarraidh a dhéanfar de bhun mhír 2, beidh an fhaisnéis is gá inti chun an duine lena mbaineann a aithint. Is chun feidhmiú na gceart dá dtagraítear i mír 2 a chumasú a úsáidfear an fhaisnéis sin, agus chuige sin amháin, agus déanfar í a léirscriosadh láithreach ina dhiaidh sin.

6.   Coinneoidh Láraonad ETIAS nó Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach taifead i bhfoirm doiciméad i scríbhinn go ndearnadh iarraidh dá dtagraítear i mír 2 agus i dtaobh conas ar tugadh aghaidh uirthi, agus cuirfidh sé an doiciméad sin ar fáil d’údaráis mhaoirseachta náisiúnta inniúla um chosaint sonraí gan mhoill agus tráth nach déanaí ná 7 lá tar éis an chinnidh chun sonraí a léirscriosadh nó a cheartú dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 2 nó an chinnidh dá dtagraítear i mír 3, faoi seach.

Airteagal 65

Sonraí a chur in iúl do thríú tíortha, d’eagraíochtaí idirnáisiúnta agus do pháirtithe príobháideacha

1.   Ní dhéanfar sonraí pearsanta atá stóráilte i Lárchóras ETIAS a aistriú chuig tríú tír, chuig eagraíocht idirnáisiúnta ná chuig aon pháirtí príobháideach, ná a sholáthar dóibh, cé is moite d’aistrithe chuig Interpol chun an uathphróiseála a dhéanamh dá dtagraítear i bpointí (b) agus (l) d’Airteagal 20(2) den Rialachán seo. Tá aistrithe sonraí pearsanta chuig Interpol faoi réir fhorálacha Airteagal 9 de Rialachán 45/2001.

2.   Sonraí pearsanta a bhfaighidh Ballstát nó Europol rochtain ó Lárchóras ETIAS orthu chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 1(2), ní dhéanfar iad a aistriú chuig tríú tír, eagraíocht idirnáisiúnta ná páirtí príobháideach ar bith ná ní chuirfear ar fáil dóibh iad. Beidh feidhm ag an toirmeasc seo freisin má dhéantar tuilleadh próiseála ar na sonraí sin ar an leibhéal náisiúnta nó idir na Ballstáit.

3.   De mhaolú ar Airteagal 49 den Rialachán seo, i gcás inar gá sin chun críche fillidh, féadfaidh rochtain a bheith ag na húdaráis inimirce ar Lárchóras ETIAS chun sonraí a aisghabháil atá le haistriú chuig tríú tír i gcásanna aonair ach amháin ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

rinneadh cuardach in EES roimhe sin i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2017/2226; agus

(b)

léirítear sa chuardach sin nach bhfuil sonraí in EES ar náisiúnach tríú tír atá le filleadh.

I gcás inar gá, déanfar comhlíonadh an dá choinníoll sin a fhíorú trí rochtain ar na logaí, dá bhforáiltear in Airteagal 46 de Rialachán (AE) 2017/2226, a chomhfhreagraíonn don chuardach dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo agus don fhreagra a chomhfhreagraíonn do phointe (b) den fhomhír sin.

I gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha sin, beidh rochtain ag na húdaráis inimirce chun iarratas a dhéanamh ar Lárchóras ETIAS leis na sonraí ina n-iomláine dá dtagraítear i bpointí (a) go (e) d’Airteagal 17(2) den Rialachán seo, nó le cuid de na sonraí sin. I gcás ina gcomhfhreagraíonn comhad iarratais ETIAS do na sonraí sin, beidh rochtain ag na húdaráis inimirce ar na sonraí dá dtagraítear i bpointí (a) go (g) d’Airteagal 17(2) den Rialachán seo agus, i gcás mionaoiseach, pointe (k) de mhír 2 den Airteagal sin.

De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, ní fhéadfar na sonraí a gheobhaidh na húdaráis inimirce ó Lárchóras ETIAS a aistriú chuig tríú tír i gcásanna aonair, i gcás inar gá sin chun céannacht náisiúnach tríú tír a chruthú chun críche a bhfillidh agus chun na críche sin amháin, ach amháin ar an gcoinníoll go gcomhlíontar ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá an Coimisiún tar éis cinneadh a ghlacadh maidir le leibhéal cosanta leordhóthanach a thabhairt do shonraí pearsanta sa tríú tír sin i gcomhréir le hAirteagal 45(3) de Rialachán (AE) 2016/679;

(b)

tá coimircí iomchuí curtha ar fáil dá dtagraítear in Airteagal 46 de Rialachán (AE) 2016/679, amhail comhaontú um athligean isteach is infheidhme idir an tAontas nó Ballstát de chuid an Aontais agus an tríú tír atá i gceist; nó

(c)

tá feidhm ag pointe (d) d’Airteagal 49(1) de Rialachán (AE) 2016/679.

Ní fhéadfar na sonraí dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (d), (e) agus (f) d’Airteagal 17(2) den Rialachán seo a aistriú ach amháin sa chás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

déantar na sonraí a aistriú i gcomhréir leis na forálacha ábhartha sin de chuid dhlí an Aontais, go háirithe le forálacha maidir le cosaint sonraí, lena n-áirítear Caibidil V de Rialachán (AE) 2016/679, agus comhaontuithe um athligean isteach, agus le dlí náisiúnta an Bhallstáit a bhfuil na sonraí á n-aistriú aige;

(b)

tá an tríú tír sásta gan na sonraí sin a phróiseáil ach amháin chun na gcríoch ar chucu a cuireadh ar fáil dóibh iad; agus

(c)

táthar tar éis cinneadh maidir le filleadh, a glacadh de bhun Threoir 2008/115 CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (41), a eisiúint i dtaca leis an náisiúnach tríú tír atá i gceist, ar choinníoll nach bhfionrófaí feidhmiú an chinnidh sin maidir le filleadh agus nár tíolacadh aon achomharc ba shiocair leis an bhfeidhmiú a fhionraí.

4.   Ní dhéanfaidh aistrithe sonraí pearsanta chuig tríú tíortha de bhun mhír 3 dochar, go háirithe maidir le non-refoulement, dá gcearta siúd a iarrfaidh nó a dtabharfar dóibh cosaint idirnáisiúnta.

5.   De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo, ní fhéadfaidh an t-údarás ainmnithe na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 52(4) arna rochtain ó Lárchóras ETIAS ag na húdaráis ainmnithe, chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 1(2), a aistriú nó a chur ar fáil do thríú tír ach amháin i gcásanna aonair ina gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

baineann práinn eisceachtúil leis an gcás, agus:

(i)

tá garchontúirt ann a bhaineann le cion sceimhlitheoireachta; nó

(ii)

beatha duine i ngarchontúirt agus baint ag an gcontúirt sin le cion coiriúil tromchúiseach;

(b)

ní mór sonraí a aistriú chun an cion sceimhlitheoireachta nó na cionta coiriúla tromchúiseacha sin a chosc, a bhrath nó a imscrúdú ar chríoch na mBallstát nó an tríú tír atá i gceist;

(c)

tá fáil ag an údarás ainmnithe ar na sonraí sin i gcomhréir leis an nós imeachta agus leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 51 agus in Airteagal 52;

(d)

déantar an t-aistriú i gcomhréir leis na coinníollacha is infheidhme arna leagan amach i dTreoir (AE) 2016/680, go háirithe i gCaibidil V;

(e)

rinne an tríú tír iarraidh chuí-réasúnaithe scríofa nó leictreonach a thíolacadh; agus

(f)

áirithítear go gcuirfear ar fáil go cómhalartach do na Ballstáit a oibríonn ETIAS aon fhaisnéis i gcórais um údarú taistil atá ina seilbh ag an tríú tír a dhéanann an iarraidh.

I gcás ina ndéantar aistriú de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo, déanfar aistriú den sórt sin a dhoiciméadú agus cuirfear an doiciméadacht ar fáil, arna iarraidh sin, don údarás maoirseachta a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 41(1) de Threoir (AE) 2016/680, lena n-áirítear dáta agus am an aistrithe, faisnéis faoin údarás inniúil a ghlac an t-aistriú, an bonn cirt a bhí leis an aistriú agus na sonraí pearsanta a aistríodh.

Airteagal 66

Maoirseacht ag an údarás maoirseachta

1.   Áiritheoidh gach Ballstát go ndéanfaidh an t-údarás maoirseachta a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 51(1) de Rialachán (AE) 2016/679 faireachán neamhspleách ar dhlíthiúlacht na próiseála ar shonraí pearsanta de bhun an Rialacháin seo arna déanamh ag an mBallstát lena mbaineann, lena n-áirítear tarchur na sonraí sin chuig ETIAS agus as.

2.   Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh na dlíthe náisiúnta, na rialacháin náisiúnta agus na forálacha riaracháin náisiúnta arna nglacadh de bhun Threoir (AE) 2016/680, infheidhme freisin i dtaca le rochtain a thabhairt ar ETIAS do na húdaráis náisiúnta i gcomhréir le Caibidil X den Rialachán seo, lena n-airítear i dtaca lena gcearta siúd a ndéantar a gcuid sonraí a rochtain ar an gcuma sin.

3.   Is é an t-údarás maoirseachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 41(1) de Threoir (AE) 2016/680 a dhéanfaidh faireachán ar dhlíthiúlacht na rochtana a thabharfar do na Ballstáit ar shonraí pearsanta i gcomhréir le Caibidil X den Rialachán seo, lena n-áirítear tarchur na sonraí sin chuig ETIAS agus as. Beidh feidhm dá réir ag Airteagal 66(5) agus (6) den Rialachán seo.

4.   Áiritheoidh an t-údarás maoirseachta nó na húdaráis mhaoirseachta arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 51(1) de Rialachán (AE) 2016/679 go ndéanfar iniúchóireacht ar na hoibríochtaí próiseála sonraí a dhéanfaidh Aonad Náisiúnta ETIAS i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta idirnáisiúnta ábhartha gach 3 bliana ar a laghad ó thús oibríochtaí ETIAS. Féadfar torthaí na hiniúchóireachta sin a chur san áireamh sna measúnuithe a dhéanfar faoi chuimsiú an tsásra a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle (42). Gach bliain, foilseoidh an t-údarás maoirseachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 51(1) de Rialachán (AE) 2016/679 líon na n-iarrataí a fuarthas go ndéanfaí sonraí a cheartú, a chomhlánú nó a léirscriosadh, nó go ndéanfaí próiseáil sonraí a shrianadh, an beart a glacadh ina dhiaidh sin, agus líon na gceartúchán, na gcomhlánuithe, an léirscriosta agus na sriantaí próiseála a rinneadh de fhreagairt ar iarrataí ó na daoine lena mbaineann.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ag a n-údarás maoirseachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 51(1) de Rialachán (AE) 2016/679 a dhóthain acmhainní agus saineolais chun na cúraimí a leagtar air faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.

6.   Soláthróidh na Ballstáit aon fhaisnéis a iarrfaidh an t-údarás maoirseachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 51(1) de Rialachán (AE) 2016/679. Soláthróidh siad, go háirithe, dó aon fhaisnéis maidir leis na gníomhaíochtaí a rinneadh i gcomhréir lena bhfreagrachtaí mar a leagtar síos iad sa Rialachán seo. Tabharfaidh na Ballstáit rochtain don údarás maoirseachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 51(1) de Rialachán (AE) 2016/679 ar a gcuid logaí agus ceadóidh siad dó rochtain a bheith aige tráth ar bith ar a gcuid áitreabh go léir a úsáidtear chun críocha ETIAS.

Airteagal 67

Maoirsiú arna dhéanamh ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

1.   Is é an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí a bheidh freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar pé gníomhaíochtaí próiseála sonraí a dhéanfaidh eu-LISA, Europol agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann a bhaineann le ETIAS agus as a áirithiú gur i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 45/2001 agus leis an Rialachán seo a dhéanfar na gníomhaíochtaí sin.

2.   Áiritheoidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí gur i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta idirnáisiúnta ábhartha a dhéanfar iniúchadh, gach 3 bliana ar a laghad, ar ghníomhaíochtaí próiseála sonraí pearsanta eu-LISA agus Láraonad ETIAS. Seolfar tuarascáil ar an iniúchadh sin chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig eu-LISA, agus chuig na húdaráis mhaoirseachta. Tabharfar an deis do eu-LISA agus don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta barúlacha a nochtadh sula nglacfar an tuarascáil ina leith.

3.   Soláthróidh eu-LISA agus Láraonad ETIAS an fhaisnéis a iarrfaidh an Maoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí, tabharfaidh sé rochtain dó nó di ar gach doiciméad agus ar na logaí dá gcuid agus ceadóidh sé rochtain dó nó di ag aon tráth ar gach áitreabh dá gcuid.

Airteagal 68

Comhar idir údaráis mhaoirseachta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

1.   Na húdaráis mhaoirseachta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, ag gníomhú dóibh araon laistigh de raon feidhme a n-inniúlachtaí féin faoi seach, déanfaidh siad comhar gníomhach le chéile faoi chuimsiú na bhfreagrachtaí acu. Áiritheoidh siad go ndéanfar maoirseacht chomhordaithe ar ETIAS agus ar na bonneagair náisiúnta teorann.

2.   Na húdaráis mhaoirseachta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, déanfaidh siad faisnéis ábhartha a mhalartú, cabhróidh siad le chéile chun iniúchóireachtaí agus cigireachtaí a dhéanamh, scrúdóidh siad aon deacrachtaí maidir le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfaidh siad measúnú ar aon fhadhbanna a bhaineann le feidhmiú maoirseachta neamhspleáiche nó a bhaineann le feidhmiú chearta na n-ábhar sonraí, ullmhóidh siad tograí comhchuibhithe i gcomhair réitigh chomhpháirteacha ar aon fhadhbanna, agus cuirfidh siad feasacht ar chearta cosanta sonraí chun cinn, de réir mar is gá.

3.   Chun críche mhír 2, tiocfaidh na húdaráis mhaoirseachta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí le chéile faoi dhó sa bhliain ar a laghad faoi chuimsiú an Bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí a bunaíodh le Rialachán (AE) 2016/679 (‘an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí’). Is é an Bord sin a íocfaidh as costais na gcruinnithe sin agus glacfaidh an Bord eagrú na gcruinnithe sin mar chúram air. Glacfar rialacha nós imeachta ag an gcéad chruinniú. Déanfar modhanna oibre eile a fhorbairt i gcomhpháirt a chéile, de réir mar is gá.

4.   Seolfaidh an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí comhthuarascáil ar na gníomhaíochtaí chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus chuig eu-LISA gach re bliain. Sa tuarascáil sin, beidh caibidil ar gach Ballstát arna hullmhú ag údarás maoirseachta an Bhallstáit sin.

Airteagal 69

Logaí a choinneáil

1.   Coinneoidh eu-LISA logaí ar gach oibríocht próiseála sonraí laistigh de Chóras Faisnéise ETIAS. Léireofar an méid seo a leanas sna logaí sin:

(a)

cuspóir na rochtana;

(b)

dáta agus am gach oibríochta;

(c)

na sonraí a úsáideadh chun uathphróiseáil a dhéanamh ar na hiarratais;

(d)

na hamais a spreagadh agus uathphróiseáil uathoibríoch a leagtar síos in Airteagal 20 á cur i gcrích;

(e)

na sonraí a úsáideadh i gcomhair fhíorú na céannachta atá stóráilte i Lárchóras ETIAS nó córais faisnéise eile agus bunachair sonraí eile;

(f)

torthaí an phróisis fíorúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22; agus

(g)

an ball foirne a chuir i gcrích é.

2.   Coinneoidh Láraonad ETIAS taifid i leith na mball foirne atá cuí-údaraithe chun na fíoruithe céannachta a dhéanamh.

Coinneoidh Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach taifid ar an mball foirne atá cuí-údaraithe i dtaobh na sonraí a iontráil nó a aisghabháil.

3.   Coinneoidh eu-LISA logaí ar gach oibríocht próiseála sonraí a dhéantar laistigh de Chóras Faisnéise ETIAS lena mbaineann an rochtain a bheidh ag na húdaráis teorann dá dtagraítear in Airteagal 47 agus ag na húdaráis imirce dá dtagraítear in Airteagal 49. Léireofar sna logaí sin dáta agus am gach oibríochta, na sonraí a úsáideadh chun an cuardach a sheoladh, na sonraí a tharchuir Lárchóras ETIAS agus ainm na n-údarás teorann agus na n-údarás inimirce a dhéanann na sonraí a iontráil agus a aisghabháil.

Ina theannta sin, coinneoidh na húdaráis inniúla taifid ar na baill foirne atá cuí-údaraithe i dtaobh na sonraí a iontráil agus a aisghabháil.

4.   Ní fhéadfar na logaí sin a úsáid ach chun faireachán cosanta sonraí a dhéanamh ar inghlacthacht phróiseáil na sonraí agus chun slándáil agus sláine na sonraí a áirithiú. Úsáidfear bearta iomchuí chun na logaí sin a chosaint ar rochtain neamhúdaraithe. Scriosfar iad bliain amháin tar éis don tréimhse choinneála dá dtagraítear in Airteagal 54 a dhul in éag, mura mbeidh gá leo i gcomhair nósanna imeachta faireacháin ar cuireadh tús leo cheana.

Cuirfidh eu-LISA agus Aonaid Náisiúnta ETIAS na logaí sin ar fáil don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus do na húdaráis mhaoirseachta inniúla arna iarraidh sin faoi seach.

Airteagal 70

Logaí i dtaobh iarrataí ar cheadú sonraí a choinneáil d’fhonn cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú

1.   Coinneoidh eu-LISA logaí ar na hoibríochtaí próiseála sonraí laistigh de Lárchóras ETIAS a bhaineann leis an rochtain a dhéanfaidh na lárphointí rochtana dá dtagraítear in Airteagal 50(2) chun críocha Airteagal 1(2). Léireofar sna logaí sin dáta agus am gach oibríochta, na sonraí a úsáideadh chun an cuardach a sheoladh, na sonraí a tharchuir Lárchóras ETIAS agus ainm bhaill foirne údaraithe na lárphointí rochtana a rinne na sonraí a iontráil agus a aisghabháil.

2.   Ina theannta sin, coinneoidh gach Ballstát agus Europol logaí ar na hoibríochtaí próiseála sonraí go léir laistigh de Lárchóras ETIAS a eascraíonn as iarrataí chun sonraí atá stóráilte i Lárchóras ETIAS a cheadú nó as rochtain ar shonraí atá stóráilte i Lárchóras ETIAS chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 1(2).

3.   Léireoidh na logaí dá dtagraítear i mír 2 an méid seo a leanas:

(a)

cad é go baileach is cuspóir don iarraidh ar shonraí atá stóráilte i Lárchóras ETIAS a cheadú nó a rochtain, lena n-áirítear an cion sceimhlitheoireachta nó an cion coiriúil tromchúiseach eile lena mbaineann agus, i gcás Europol, cad é go baileach is cuspóir don iarraidh ar cheadú;

(b)

an cinneadh a glacadh i ndáil le hinghlacthacht na hiarrata;

(c)

tagairt an chomhaid náisiúnta;

(d)

an dáta agus an t-am baileach ar iarr an lárphointe rochtana rochtain ar Lárchóras ETIAS;

(e)

más infheidhme, úsáid an nós imeachta maidir le cásanna práinne dá dtagraítear in Airteagal 51(4) agus an toradh ar an bhfíorú ex post;

(f)

cé acu sonraí nó tacar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 52(2) agus (3) a úsáideadh i ndáil leis an gceadú; agus

(g)

i gcomhréir le rialacha náisiúnta nó le Rialachán (AE) 2016/794, marc aitheantais an oifigigh a rinne an cuardach agus an oifigigh a d’ordaigh an cuardach nó tarchur na sonraí.

4.   Ní úsáidfear na logaí dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo ach amháin chun inghlacthacht na hiarrata a sheiceáil, chun faireachán a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na próiseála sonraí agus chun slándáil agus sláine na sonraí a áirithiú. Úsáidfear bearta iomchuí chun na logaí sin a chosaint ar rochtain neamhúdaraithe. Scriosfar na logaí sin bliain amháin tar éis don tréimhse choinneála dá dtagraítear in Airteagal 54 a dhul in éag, mura mbeidh gá leo i gcomhair nósanna imeachta faireacháin ar cuireadh tús leo cheana. An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta inniúla atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na próiseála sonraí agus as sláine agus slándáil na sonraí, beidh rochtain acu ar na logaí sin ar iarraidh uathu chun a ndualgais a chomhlíonadh. Beidh rochtain ag an údarás atá freagrach as inghlacthacht na hiarrata a sheiceáil ar na logaí sin freisin chun na críche sin. Seachas i gcás na gcríoch thuasluaite, déanfar sonraí pearsanta a léirscriosadh sna comhaid náisiúnta uile agus i gcomhaid Europol uile tar éis tréimhse aon mhí, ach amháin má bhíonn na sonraí sin de dhíth chun críocha an imscrúdaithe choiriúil shonraigh atá ar siúl ar iarr Ballstát nó Europol na sonraí ina leith. Ní ceadmhach a úsáid i gcomhair an fhaireacháin agus na meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 92 ach logaí ina bhfuil sonraí neamhphearsanta.

CAIBIDIL XIII

FEASACHT AN PHOBAIL

Airteagal 71

Faisnéis don phobal i gcoitinne

Tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún agus leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, cuirfidh Láraonad ETIAS ar fáil don phobal i gcoitinne gach faisnéis is ábhartha chun iarratas a chur isteach ar údarú taistil. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil ar an suíomh gréasáin poiblí agus luafar an méid seo a leanas, go háirithe:

(a)

na critéir, na coinníollacha agus na nósanna imeachta i dtaobh iarratas ar údarú taistil a dhéanamh;

(b)

faisnéis a bhaineann leis an suíomh gréasáin agus an aip le haghaidh gléasanna móibíleacha ar ar féidir an t-iarratas a chur isteach;

(c)

faisnéis maidir leis an bhféidearthacht go bhféadfaidh duine éigin eile nó idirghabhálaí tráchtála an t-iarratas a chur isteach;

(d)

faisnéis maidir leis an bhféidearthacht drochúsáid ó thaobh idirghabhálaithe tráchtála de a thuairisciú trí bhíthin na foirme dá dtagraítear in Airteagal 15(5);

(e)

na spriocdhátaí i ndáil le cinneadh a dhéanamh maidir le hiarratas dá bhforáiltear in Airteagal 32;

(f)

gur leis an doiciméad taistil a luaitear ar an bhfoirm iarratais a bhaineann an t-údarú taistil, rud a fhágann an t-údarú taistil neamhbhailí nó neamh-inaitheanta ag dul thar teorainn dá shealbhóir i gcás ina dtéann an doiciméad taistil as feidhm nó ina modhnaítear é;

(g)

gurb é an t-iarratasóir atá freagrach as barántúlacht, iomláine, cruinneas, agus iontaofacht na sonraí a chuirfear isteach, agus as fírinneacht agus iontaofacht na ráiteas a dhéanfar;

(h)

nach mór fógra a thabhairt don iarratasóir faoi chinntí maidir le hiarratais, nach mór a shonrú sna cinntí sin, i gcás ina ndiúltaítear údarú taistil, na forais ar a bhfuil an diúltú den sórt sin bunaithe agus go bhfuil sé de cheart ag na hiarratasóirí ar diúltaíodh a n-iarratas achomharc a dhéanamh, chomh maith le faisnéis faoin nós imeachta a bheidh le leanúint i gcás achomhairc, lena n-áirítear an t-údarás inniúil, chomh maith leis an teorainn ama chun achomharc a thaisceadh;

(i)

gur féidir le hiarratasóirí dul i dteagmháil le Láraonad ETIAS lena thabhairt le fios gur bunaithe ar fhorais dhaonnúla is mian leo taisteal nó gur le hoibleagáidí idirnáisiúnta a bhaineann an taisteal, mar aon leis na coinníollacha agus nósanna imeachta a ghabhann leis;

(j)

na coinníollacha iontrála a leagtar síos in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2016/399 agus nach ceadmhach gearrfhanacht ach ar feadh tréimhse nach faide ná 90 lá in imeacht aon tréimhse 180 lá, ach amháin i gcás náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann forálacha níos fabhraí de chuid comhaontú déthaobhach arbh ann dó roimh an gCoinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme;

(k)

nach leor údarú taistil a bheith ina sheilbh ag duine le go dtabharfar cead dul isteach don duine sin go huathoibríoch;

(l)

go bhféadfaidh na húdaráis teorann doiciméid tacaíochta a iarraidh ag na teorainneacha seachtracha d’fhonn comhlíonadh na gcoinníollacha dul isteach a fhíorú;

(m)

gur coinníoll maidir le fanacht, nach mór a chomhlíonadh, go mbeadh údarú bailí taistil i seilbh duine ar feadh thréimhse iomlán an ghearrfhanachta ar chríoch an Bhallstáit;

(n)

nasc chuig an tseirbhís gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2017/2226, lena gcuirtear ar chumas náisiúnach tríú tír a fhíorú ag tráth ar bith a bhfanacht údaraithe atá fágtha acu;

(o)

gur chun críocha bainistithe teorann, lena n-áirítear seiceálacha i mbunachair sonraí, a úsáidtear na sonraí a chuirtear isteach i gCóras Faisnéise ETIAS, agus go bhféadfaidh na Ballstáit agus Europol na sonraí sin a rochtain chun cionta sceimhlitheoireachta nó cionta tromchúiseacha coiriúla eile a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, de réir na nósanna imeachta agus coinníollacha dá dtagraítear i gCaibidil X;

(p)

an tréimhse a stórálfar na sonraí;

(q)

cearta na n-ábhar sonraí faoi Rialacháin (CE) Uimh. 45/2001, (AE) 2016/679 agus (AE) 2016/794 agus Treoir (AE) 2016/680;

(r)

an fhéidearthacht do thaistealaithe tacaíocht a fháil de réir mar a fhoráiltear i bpointe (m) d’Airteagal 7(2).

Airteagal 72

Feachtas faisnéise

Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, le Láraonad ETIAS, agus leis na Ballstáit, lena n-áirítear a gconsalachtaí sna tríú tíortha lena mbaineann, ag tús oibríochtaí de chuid ETIAS, feachtas faisnéise a chur ar bun chun náisiúnaigh tríú tír a chuimsítear faoi raon feidhme an Rialacháin seo a chur ar an eolas faoin gceanglas atá orthu údarú bailí taistil a bheith ina seilbh chun dul thar na teorainneacha seachtracha agus ar feadh thréimhse iomlán an ghearrfhanachta acu ar chríoch an Bhallstáit araon.

Cuirfear an feachtas faisnéise sin ar siúl ar bhonn rialta agus i gceann amháin, ar a laghad, de theangacha oifigiúla na dtíortha a gcuimsítear a gcuid náisiúnach faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

CAIBIDIL XIV

FREAGRACHTAÍ

Airteagal 73

Na freagrachtaí atá ar eu-LISA le linn na céime deartha agus forbartha

1.   Beidh Lárchóras ETIAS á óstáil ag eu-LISA ina chuid suíomhanna teicniúla agus cuirfidh sé na feidhmiúlachtaí atá leagtha síos sa Rialachán seo ar fáil i gcomhréir leis na coinníollacha a bhaineann le slándáil, infhaighteacht, cáilíocht agus luas de bhun mhír 3 den Airteagal seo agus Airteagal 74(1).

2.   Déanfar na bonneagair lena dtacófar leis an suíomh gréasáin poiblí, an aip mhóibíl le haghaidh gléasanna móibíleacha, an tseirbhís ríomhphoist, an tseirbhís cuntais shláin, an uirlis fíoraithe d’iarratasóirí, an uirlis um thoiliú d’iarratasóirí, an uirlis mheastóireachta do liosta faire ETIAS, geata an iompróra, an tseirbhís ghréasáin, na bogearraí chun na hiarratais a phróiseáil, an stór lárnach sonraí agus na réitigh theicniúla dá dtagraítear in Airteagal 92(8) a óstáil i suímh de chuid eu-LISA nó de chuid an Choimisiúin. Beidh na bonneagair sin scaipthe ó thaobh áite de chun na feidhmiúlachtaí atá leagtha síos sa Rialachán seo a chur ar fáil i gcomhréir leis na coinníollacha a bhaineann le slándáil, cosaint sonraí, slándáil sonraí, infhaighteacht, cáilíocht agus luas de bhun mhír 3 den Airteagal seo agus d’Airteagal 74(1). Déanfar an liosta faire ETIAS a óstáil ar shuíomh de chuid eu-LISA.

3.   Beidh eu-LISA freagrach as forbairt theicniúil chóras faisnéise ETIAS agus as aon fhorbairt theicniúil is gá chun idir-inoibritheacht a bhunú idir Lárchóras ETIAS agus na córais faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 11, agus as iarratais ar bhunachair sonraí Interpol dá dtagraítear in Airteagal 12 a chumasú.

Is é eu-LISA a shaineoidh dearadh ailtireacht fhisiceach an chórais lena n-áirítear a bhonneagar cumarsáide mar aon leis na sonraíochtaí teicniúla agus an éabhlóid a thiocfaidh orthu agus na NUInna. Glacfaidh Bord Bainistíochta eu-LISA na sonraíochtaí teicniúla sin, faoi réir tuairim dhearfach ón gCoimisiún. Is é eu-LISA freisin a chuirfidh chun feidhme aon choigeartuithe is gá ar EES, SIS, Eurodac nó VIS a éiríonn as idir-inoibritheacht a bhunú le ETIAS.

Déanfaidh eu-LISA Lárchóras ETIAS, lena n-áirítear an liosta faire ETIAS, na NUInna, agus an bonneagar cumarsáide a fhorbairt agus a chur chun feidhme chomh luath agus is féidir tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus tar éis don Choimisiún an méid a leanas a ghlacadh:

(a)

na bearta a ndéantar foráil maidir leo in Airteagail 6(4), 16(10), 17(9), Airteagal 31, Airteagail 35(7), 45(2), 54(2), 74(5), 84(2), 92(8); agus

(b)

bearta a ghlacfar i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 90(2) atá riachtanach d’fhorbairt agus cur chun feidhme teicniúil Lárchóras ETIAS, na NUInna, an bhonneagair cumarsáide agus gheata an iompróra, go háirithe gníomhartha cur chun feidhme maidir leis an méid a leanas:

(i)

chun rochtain a fháil ar na sonraí i gcomhréir le hAirteagal 22 go hAirteagal 29 agus le hAirteagal 33 go hAirteagal 53;

(ii)

na sonraí a leasú, a léirscriosadh agus a luath-léirscriosadh i gcomhréir le hAirteagal 55;

(iii)

na logaí a choinneáil agus a rochtain i gcomhréir le hAirteagal 45 agus le hAirteagal 69;

(iv)

ceanglais feidhmíochta;

(v)

sonraíochtaí le haghaidh réitigh theicniúla chun na lárphointí rochtana a cheangal i gcomhréir le hAirteagal 51 go hAirteagal 53.

Is éard a bheidh san fhorbairt mionsaothrú agus cur chun feidhme na sonraíochtaí teicniúla, tástáil agus comhordú foriomlán an tionscadail. I dtaca leis an méid sin, leagfar na cúraimí seo a leanas freisin ar eu-LISA:

(a)

measúnú a dhéanamh ar an riosca slándála;

(b)

cloí le prionsabail na príobháideachta trí dhearadh agus mar réamhshocrú le linn shaolré iomlán na forbartha a dhéanfar ar ETIAS; agus

(c)

measúnú a dhéanamh ar an riosca slándála i dtaca le hidiroibritheacht ETIAS leis na córais faisnéise sin de chuid AE agus sonraí Europol dá dtagraítear in Airteagal 11.

4.   Le linn chéim an deartha agus na forbartha, bunófar Bord Bainistíochta an Chláir ar a mbeidh 10 gcomhalta ar a mhéid. Ar an mBord sin beidh seisear comhaltaí a cheapfaidh Bord Bainistíochta eu-LISA as measc a chuid comhaltaí malartacha féin, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach EES-ETIAS dá dtagraítear in Airteagal 91, comhalta a dhéanfaidh ionadaíocht ar eu-LISA a cheapfaidh a Stiúrthóir Feidhmiúcháin, comhalta a dhéanfaidh ionadaíocht ar an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta a cheapfaidh a Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus comhalta amháin a cheapfaidh an Coimisiún. Na comhaltaí a cheapfaidh Bord Bainistíochta eu-LISA, toghfar iad as na Ballstáit sin atá faoi cheangal go hiomlán faoi dhlí an Aontais ag na hionstraimí reachtacha lena rialaítear forbairt, bunú, oibriú agus úsáid na gcóras mórscála TF uile atá á mbainistiú ag eu-LISA agus as a measc sin amháin, agus a bheidh rannpháirteach in ETIAS. Beidh cruinnithe rialta ag Bord Bainistíochta an Chláir — trí huaire in aghaidh na ráithe, ar a laghad. Áiritheoidh sé go ndéanfar bainistiú iomchuí ar chéim deartha agus forbartha ETIAS. Cuirfidh Bord Bainistíochta an Chláir tuarascáil i scríbhinn faoi bhráid Bhord Bainistíochta eu-LISA uair sa mhí maidir le dul chun cinn an tionscadail. Ní bheidh aon chumhacht cinnteoireachta ná aon sainordú aige chun ionadaíocht a dhéanamh thar ceann chomhaltaí Bhord Bainistíochta eu-LISA.

5.   Déanfaidh Bord Bainistíochta eu-LISA rialacha nós imeachta Bhord Bainistíochta an Chláir a bhunú lena n-áireofar go háirithe rialacha maidir leo seo a leanas:

(a)

an chathaoirleacht;

(b)

ionaid le haghaidh cruinnithe;

(c)

ullmhú cruinnithe;

(d)

saineolaithe a ligean isteach i gcruinnithe;

(e)

pleananna cumarsáide chun a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis iomlán ag comhaltaí Bhord Bainistíochta eu-LISA nach mbeidh rannpháirteach.

Beidh an chathaoirleacht ag Ballstát atá faoi cheangal go hiomlán faoi dhlí an Aontais ag na hionstraimí reachtacha lena rialaítear forbairt, bunú, oibriú agus úsáid na gcóras mórscála TF uile atá á mbainistiú ag eu-LISA.

Is é eu-LISA a íocfaidh as gach costas taistil agus cothabhála a thabhóidh comhaltaí Bhord Bainistíochta an Chláir. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 10 de rialacha nós imeachta eu-LISA maidir leo. Déanfaidh eu-LISA rúnaíocht Bhord Bainistíochta an Chláir a áirithiú.

Tiocfaidh Grúpa Comhairleach EES-ETIAS dá dtagraítear in Airteagal 91 le chéile go rialta go dtí go gcuirfear tús le hoibríochtaí de chuid ETIAS. Tabharfaidh sé tuarascáil do Bhord Bainistíochta an Chláir tar éis gach cruinnithe. Cuirfidh sé saineolas teicniúil ar fáil chun tacú le cúraimí Bhord Bainistíochta an Chláir agus déanfaidh sé an obair leantach a bhaineann le hullmhacht na mBallstát.

Airteagal 74

Freagrachtaí eu-LISA tar éis do ETIAS dul i mbun oibríochtaí

1.   Tar éis do ETIAS dul i mbun oibríochtaí, beidh eu-LISA freagrach as bainistiú teicniúil Lárchóras ETIAS agus na NUInna. Beidh sé freagrach as aon tástáil theicniúil a bheidh de dhíth chun rialacha ETIAS maidir le scagadh a chur ar bun agus a uasdátú. Áiritheoidh sé, i gcomhar leis na Ballstáit, go mbeidh an teicneolaíocht is fearr a bheidh ar fáil in úsáid aige, faoi réir anailís costais is tairbhe. Ina theannta sin, is é eu-LISA a bheidh freagrach as bainistiú oibríochtúil an bhonneagair cumarsáide idir Lárchóras ETIAS agus na NUInna agus as an suíomh gréasáin poiblí, an aip le haghaidh gléasanna móibíleacha, an tseirbhís ríomhphoist, an tseirbhís cuntais shláin, an uirlis fíoraithe d’iarratasóirí, an uirlis um thoiliú d’iarratasóirí, an uirlis mheasúnaithe don liosta faire, an geata iompróra, an tseirbhís gréasáin, na bogearraí chun na hiarratais a phróiseáil, agus an stór lárnach sonraí dá dtagraítear in Airteagal 6.

Is éard a bheidh i mbainistiú teicniúil ETIAS na cúraimí go léir a theastaíonn chun Córas Faisnéise ETIAS a choinneáil ar bun 24 uair an chloig in aghaidh an lae, 7 lá na seachtaine i gcomhréir leis an Rialachán seo, go háirithe an obair chothabhála agus na forbairtí teicniúla is gá lena áirithiú go mbeidh an córas ag feidhmiú ar leibhéal atá sásúil ó thaobh na cáilíochta teicniúla de, go háirithe maidir le haga freagartha i ndáil le Lárchóras ETIAS a cheadú i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla.

2.   Gan dochar d’Airteagal 17 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (43), cuirfidh eu-LISA rialacha iomchuí rúndachta gairmiúla nó oibleagáidí comhionanna rúndachta eile i bhfeidhm maidir lena chuid ball foirne ar fad ar gá dóibh oibriú le sonraí a stóráiltear i Lárchóras ETIAS. Beidh feidhm ag an oibleagáid sin chomh maith tar éis do na baill foirne sin imeacht as oifig nó scor den fhostaíocht nó tar éis fhoirceannadh a ngníomhaíochtaí.

3.   Nuair a dhéanann an Ghníomhaireacht comhar le conraitheoirí seachtracha i gcúraimí a bhaineann le ETIAS, déanfaidh sí faireachán géar ar gníomhaíochtaí na gconraitheoirí chun a áirithiú go mbeidh an conraitheoir i gcomhréir le gach foráil de chuid an Rialacháin seo, lena n-áirítear go háirithe slándáil, rúndacht agus cosaint sonraí.

4.   Is é eu-LISA freisin a dhéanfaidh cúraimí maidir le hoiliúint ar úsáid theicniúil chóras faisnéise ETIAS a chur ar fáil.

5.   Forbróidh eu-LISA sásra agus nósanna imeachta d’fhonn seiceálacha cáilíochta a dhéanamh ar na sonraí i Lárchóras ETIAS, agus déanfaidh sé iad a chothabháil, agus cuirfidh sé tuarascálacha rialta ar fáil do na Ballstáit agus do Láraonad ETIAS. Cuirfidh eu-LISA tuarascáil rialta ar fáil do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, agus don Choimisiún ina gcumhdaítear na saincheisteanna a tháinig chun cinn. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an sásra sin, na nósanna imeachta agus na ceanglais iomchuí maidir le comhlíonadh ó thaobh cáilíocht sonraí de a leagan síos agus a fhorbairt. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 90(2).

Airteagal 75

Freagrachtaí na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta

1.   Beidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta freagrach as an méid seo a leanas:

(a)

Láraonad ETIAS a chur ar bun agus a oibriú, agus na dálaí maidir le bainistiú slán na sonraí a stóráiltear in ETIAS a áirithiú;

(b)

uathphróiseáil na n-iarratas; agus

(c)

na rialacha maidir le scagadh.

2.   Sula dtabharfar údarás dóibh na sonraí atá stóráilte i Lárchóras ETIAS a phróiseáil, cuirfear oiliúint iomchuí ar bhaill foirne Láraonad ETIAS a bhfuil sé de cheart acu Lárchóras ETIAS a rochtain faoi shlándáil sonraí agus cearta bunúsacha, go háirithe faoi chosaint sonraí. Ina theannta sin, glacfaidh siad páirt in oiliúint a chuirfidh eu-LISA ar fáil faoi úsáid theicniúil chóras faisnéise ETIAS agus faoi cháilíocht sonraí.

Airteagal 76

Freagrachtaí na mBallstát

1.   Beidh gach Ballstát freagrach as an méid seo a leanas:

(a)

an nasc le NUI;

(b)

eagrú, bainistiú, oibriú agus cothabháil Aonaid Náisiúnta ETIAS i ndáil le hiarratais ar údaruithe taistil a phróiseáil de láimh i gcás inar tuairiscíodh amas le linn na huathphróiseála, dá dtagraítear in Airteagal 26;

(c)

na lárphointí rochtana agus a nasc le NUI a eagrú chun cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú;

(d)

bainistiú agus socruithe a dhéanamh i ndáil le rochtain ag baill foirne chuí-údaraithe na n-údarás inniúil náisiúnta ar chóras faisnéise ETIAS i gcomhréir leis an Rialachán seo agus liosta de na baill foirne sin, maille lena bpróifílí, a chruthú agus a nuashonrú go rialta;

(e)

bunú agus oibriú na nAonad Náisiúnta ETIAS;

(f)

sonraí a chur i liosta faire ETIAS a bhaineann le cionta sceimhlitheoireachta nó le cionta tromchúiseacha eile de bhun Airteagal 34(2) agus (3); agus

(g)

a áirithiú go nglacann gach ceann dá údaráis a bhfuil rochtain acu ar chóras faisnéise ETIAS pé bearta is gá chun an Rialachán seo a chomhlíonadh, lena n-áirítear pé bearta is gá chun urramú cearta bunúsacha agus slándáil sonraí a áirithiú.

2.   Úsáidfidh gach Ballstát próisis uathoibrithe chun iarratais a dhéanamh ar Lárchóras ETIAS ag na teorainneacha seachtracha.

3.   Sula dtabharfar údarás dóibh na sonraí atá stóráilte i Lárchóras ETIAS a phróiseáil, cuirfear oiliúint iomchuí ar bhaill foirne na nAonad Náisiúnta ETIAS a bhfuil sé de cheart acu Córas Faisnéise ETIAS a rochtain faoi shlándáil sonraí agus cearta bunúsacha, agus go háirithe cosaint sonraí.

Ina theannta sin, glacfaidh siad páirt in oiliúint a chuirfidh eu-LISA ar fáil faoi úsáid theicniúil chóras faisnéise ETIAS agus faoi cháilíocht sonraí.

Airteagal 77

Freagrachtaí Europol

1.   Áiritheoidh Europol próiseáil na n-iarratas dá dtagraítear i bpointe (j) d’Airteagal 20(2) agus in Airteagal 20(4) agus cuirfidh sé a chóras faisnéise féin in oiriúint dá réir.

2.   Is ar Europol a leagfar na freagrachtaí agus na cúraimí a bhaineann leis an liosta faire mar atá leagtha síos in Airteagail 35 (1), (2a), (4), (5) agus (6).

3.   Beidh Europol freagrach as tuairim a sholáthar tar éis iarraidh ar chomhairliúchán de bhun Airteagal 29.

4.   Beidh Europol freagrach as sonraí a bhaineann le cionta sceimhlitheoireachta nó cionta tromchúiseacha eile a fhaigheann Europol de bhun Airteagal 34(2) a chur i liosta faire ETIAS.

5.   Sula dtabharfar údarás dóibh aon cheann de na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 34 agus Airteagal 35, cuirfear oiliúint iomchuí ar bhaill foirne Europol faoi shlándáil sonraí agus cearta bunúsacha, go háirithe cosaint sonraí. Ina theannta sin, glacfaidh siad páirt in oiliúint a chuirfidh eu-LISA ar fáil faoi úsáid theicniúil chóras faisnéise ETIAS agus faoi cháilíocht sonraí.

CAIBIDIL XV

LEASUITHE AR IONSTRAIMÍ EILE AN AONTAIS

Airteagal 78

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011

Cuirtear isteach an t-airteagal nua seo a leanas i Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011:

“Airteagal 5b

Cúraimí a bhaineann le ETIAS

I dtaca le ETIAS, cuirfidh an Ghníomhaireacht i gcrích na cúraimí sin a leagtar uirthi de bhun Airteagal 73 de Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. (*1)

Airteagal 79

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 515/2014

In Airteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 515/2014, cuirtear isteach an mhír 3b seo a leanas:

“3a.   I rith chéim forbartha an Chórais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS), gheobhaidh na Ballstáit leithdháileadh breise EUR 96,5 milliún anuas ar a leithdháileadh bunúsach agus caithfidh siad an cistiú sin go léir ar ETIAS lena fhorbairt thapa, éifeachtach a áirithiú i gcomhréir le cur chun feidhme Lárchóras ETIAS, arna bhunú i Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2).

Airteagal 80

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 2016/399

Leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 mar seo a leanas:

(1)

Leasaítear Airteagal 6(1) mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

tá víosa bhailí ina seilbh acu má cheanglaítear amhlaidh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle (*3) nó tá údarú bailí taistil ina seilbh acu má cheanglaítear amhlaidh de bhun Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4) , ach amháin i gcás ina bhfuil cead cónaithe bailí nó víosa bhailí fadfhanachta acu;

(*3)  Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle an 15 Márta 2001 lena liostaítear na tríú tíortha ar gá dá náisiúnaigh bheith i seilbh víosa agus na teorainneacha seachtracha á dtrasnú acu agus na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (IO L 81, 21.3.2001, lch. 1)."

(*4)  Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226 (IO L 236, 19.9.2018, lch.1).”."

(b)

cuirtear isteach na fomhíreanna seo a leanas:

“Ar feadh tréimhse eatramhach, arna bunú de bhun Airteagail 83(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2018/1240 beidh úsáid an Chórais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) roghnach agus ní bheidh feidhm ag an gceanglas maidir le húdarú bailí taistil a bheith i seilbh duine a leagtar amach i bpointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo. Cuirfidh na Ballstáit náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir an cheanglais i dtaobh údarú taistil, ar an eolas agus iad ag trasnú na dteorainneacha seachtracha go mbeidh ceanglas orthu údarú bailí taistil a bheith acu tar éis don tréimhse eatramhach sin a bheith dulta in éag. Chun na críche sin, scaipfidh na Ballstáit bileog eolais choiteann ar an gcatagóir taistealaithe sin dá dtagraítear in Airteagal 83(2) de Rialachán (AE) 2018/1240.

Le linn tréimhse cairde arna bunú de bhun Airteagal 83(3) de Rialacháin (AE) 2018/1240 lena mbunaítear Córas an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS), ceadóidh na húdaráis teorann, ar bhonn eisceachtúil, do náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir an cheanglais i dtaobh údarú taistil agus nach bhfuil údarú taistil acu dul trasna na dteorainneacha seachtracha i gcás ina gcomhlíonann siad na coinníollacha eile go léir atá leagtha síos san Airteagal sin, ar choinníoll gur ag trasnú teorainneacha seachtracha na mBallstát atá siad den chéad uair ó dheireadh na tréimhse eatramhaí dá dtagraítear in Airteagal 83(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2018/1240. Cuirfidh na húdaráis teorann in iúl do na náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir an cheanglais i dtaobh údarú taistil go bhfuil ceanglas orthu údarú bailí taistil a bheith acu i gcomhréir leis an Airteagal seo. Chuige sin, scaipfidh na húdaráis teorann bileog choiteann eolais ar na taistealaithe sin dá dtagraítear in Airteagal 83(3) de Rialachán (AE) 2018/1240. ina dtabharfar le fios dóibh go bhfuil cead acu, ar bhonn eisceachtúil, na teorainneacha seachtracha a thrasnú gan an oibleagáid maidir le údarú bailí taistil a bheith ina seilbh acu a chomhlíonadh, agus ina míneofar an oibleagáid sin.”.

(2)

leasaítear Airteagal 8(3) mar seo a leanas:

(a)

i bpointe (a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

“(i)

fíorú go bhfuil doiciméad i seilbh an náisiúnaigh tríú tír atá bailí chun an teorainn a thrasnú agus nach bhfuil imithe in éag, agus go bhfuil ag gabháil leis an doiciméad sin, nuair is infheidhme, an víosa, an t-údarú taistil nó an cead cónaithe atá riachtanach.”;

(b)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(ba)

má tá údarú taistil dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 6(1) ag an náisiúnach tríú tír, cuimseofar sna seiceálacha críochnúla ar dhul isteach freisin fíorú a dhéanamh ar bharántúlacht, bailíocht agus stádas an údaraithe taistil agus, más infheidhme, ar chéannacht shealbhóir an údaraithe taistil, trí ETIAS a cheadú i gcomhréir le hAirteagal 47 de Rialachán (AE) 2018/1240. I gcás nach mbeidh sé indéanta, ar chúiseanna teicniúla, an ceadú ná an cuardach a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 47(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2018/1240 beidh feidhm ag 48(3) den Rialachán sin.”.

(3)

In Iarscríbhinn V, Cuid B, san fhoirm chaighdeánach chun cead isteach ag an teorainn a dhiúltú, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe © i liosta na gcúiseanna leis an diúltú:

“(C)

níl víosa, údarú taistil ná cead cónaithe bailí aige/aici.”.

Airteagal 81

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 2016/1624

Leasaítear Rialachán (AE) 2016/1624 mar seo a leanas:

1.

In Airteagal 8(1), cuirtear isteach an pointe (qq) seo a leanas:

“(qa)

na cúraimí agus na hoibleagáidí a bheidh ar an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5) a chomhlíonadh agus a áirithiú go mbunófar agus go n-oibreofar Láraonad ETIAS i gcomhréir le hAirteagal 7 den Rialachán sin.

(*5)  Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226 (IO L 236, 19.9.2018, lch.1).”."

2.

I gCaibidil II, cuirtear an Roinn seo a leanas leis:

Roinn 5

ETIAS

Airteagal 33a

Cruthú Láraonad ETIAS

1.   Bunaítear leis seo Láraonad ETIAS.

2.   Áiritheoidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta go mbunófar agus go n-oibreofar Láraonad ETIAS de bhun Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*6) .

(*6)  Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226 (IO L 236, 19.9.2018, lch.1).”."

Airteagal 82

Leasú ar Rialachán (AE) 2017/2226

In Airteagal 64 de Rialachán (AE) Uimh. 2017/2226, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“5.   Cistiú a úsáidfear ón imchlúdach dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 5(5) de Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 chun na costais dá dtagraítear i mír 1 go mír 4 den Airteagal seo a chumhdach, cuirfear chun feidhme é faoi bhainistiú neamhdhíreach le haghaidh na gcostas arna dtabhú ag eu-LISA agus faoi bhainistiú comhroinnte le haghaidh na gcostas arna dtabhú ag na Ballstáit.”.

CAIBIDIL XV

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 83

An idirthréimhse agus bearta idirthréimhseacha

1.   Ar feadh 6 mhí ón dáta a rachaidh ETIAS i mbun oibríochtaí, beidh úsáid ETIAS roghnach agus ní bheidh feidhm ag an gceanglas maidir le húdarú bailí taistil a bheith i seilbh duine. Féadfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 chun síneadh ama a chur leis an tréimhse sin ar feadh 6 mhí eile ar a mhéid, agus gan sin a bheith in-athnuaite ach 1 uair amháin.

2.   Le linn na tréimhse dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh na Ballstáit náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir an cheanglais i dtaobh údarú taistil ar an eolas agus iad ag trasnú na dteorainneacha seachtracha go mbeidh ceanglas orthu údarú bailí taistil a bheith acu tar éis don tréimhse 6 mhí a bheith dulta in éag. Chun na críche sin, scaipfidh na Ballstáit bileog eolais choiteann ar an gcatagóir taistealaithe sin. Cuirfear na bileoga sin ar fáil freisin i gconsalachtaí na mBallstát sna tíortha sin a gcuimsítear a gcuid náisiúnach faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

3.   Beidh feidhm ag tréimhse chairde 6 mhí ó rachaidh in éag an tréimhse a shainítear i mír 1 den Airteagal seo. Le linn na tréimhse sin, beidh feidhm ag an gceanglas údarú bailí taistil a bheith i seilbh duine. Le linn na tréimhse cairde, ceadóidh na húdaráis teorann, ar bhonn eisceachtúil, do náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir an cheanglais i dtaobh údarú taistil agus nach bhfuil údarú taistil acu dul trasna na dteorainneacha seachtracha i gcás ina gcomhlíonann siad na coinníollacha eile go léir atá leagtha síos in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2016/399 ar choinníoll go bhfuil siad ag trasnú teorainneacha seachtracha na mBallstát den chéad uair ó dheireadh na tréimhse dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Cuirfidh na húdaráis teorann in iúl do náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir an cheanglais i dtaobh údarú taistil go bhfuil ceanglas orthu údarú bailí taistil a bheith acu i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2016/399. Chuige sin, scaipfidh na húdaráis teorann bileog choiteann eolais ar na taistealaithe sin ina dtabharfar le fios dóibh go bhfuil cead acu, ar bhonn eisceachtúil, na teorainneacha seachtracha a thrasnú gan an oibleagáid maidir le húdarú bailí taistil a bheith ina seilbh acu a chomhlíonadh, agus ina míneofar an oibleagáid sin. Féadfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 den Rialachán seo chun síneadh ama a chur leis an tréimhse sin ar feadh 6 mhí eile ar a mhéid.

Le linn na tréimhse cairde, ní chuirfear san áireamh aon dul isteach ar chríocha na mBallstát nach bhfeidhmíonn EES.

4.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an dá bhileog eolais choiteanna dá dtagraítear i mír 2 agus mír 3 den Airteagal seo a tharraingt suas. Beidh na bileoga eolais sin soiléir simplí agus ar fáil i gceann amháin, ar a laghad, de theangacha oifigiúla gach tíre a gcuimsítear a gcuid náisiúnach faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 90(2).

5.   Le linn na tréimhse eatramhaí dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo, freagróidh Córas Faisnéise ETIAS iarratas an iompróra dá dtagraítear in Airteagal 45(2) trí fhreagra “OK” a chur chucu. Le linn na tréimhse cairde dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, cuirfear san áireamh, sa fhreagra a sheolfaidh Córas Faisnéise ETIAS ar iarratas an iompróra, cé acu an den chéad uair nó nach ea, ó chuaigh in éag an tréimhse dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, atá teorainneacha seachtracha na mBallstát á dtrasnú ag an náisiúnach tríú tír.

Airteagal 84

Úsáid sonraí chun críocha tuairiscithe agus staitisticí

1.   Chun críocha tuairiscithe agus staitisticí agus chun na gcríoch sin amháin, agus gan cead iarratasóirí aonair a aithint, beidh rochtain ag foireann chuí-údaraithe údaráis inniúla na mBallstát, an Choimisiúin, eu-LISA, agus Láraonad ETIAS, ar na sonraí seo a leanas, d’fhonn iad a cheadú agus i gcomhréir leis na coimircí a bhaineann le neamh-idirdhealú dá dtagraítear in Airteagal 14:

(a)

faisnéis faoin stádas;

(b)

náisiúntachtaí, inscne agus bliain bhreithe an iarratasóra;

(c)

an tír chónaithe;

(d)

oideachas (bunoideachas, meánoideachas, ardoideachas nó gan oideachas);

(e)

slí bheatha reatha (grúpa an phoist);

(f)

cineál an doiciméid taistil agus cód trí litir na tíre a d’eisigh;

(g)

an cineál údaraithe taistil agus, i gcás údarú taistil a bhfuil bailíocht chríochach theoranta aige dá dtagraítear in Airteagal 44, tagairt don Bhallstát nó do na Ballstáit a d’eisigh an t-údarú taistil a bhfuil bailíocht chríochach theoranta aige;

(h)

tréimhse bhailíochta an údaraithe taistil; agus

(i)

na forais le húdarú taistil a dhiúltú, a chúlghairm nó a neamhniú.

2.   Chun críche mhír 1, déanfaidh eu-LISA stór lárnach a bhunú, a chur chun feidhme agus a óstáil ar a chuid suíomh teicniúil ina mbeidh na sonraí dá dtagraítear i mír 1, ar sonraí iad nach bhféadfaí duine a shainaithint dá mbíthin, ach a bhféadfadh na húdaráis dá dtagraítear i mír 1 a úsáid chun tuarascálacha agus staitisticí inoiriúnaithe a fháil d’fhonn feabhas a chur ar an tslándáil, ar an measúnú ar an riosca inimirce neamhdhleathaí, agus ardriosca eipidéime, chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht na seiceálacha teorann, chun cuidiú le Láraonad ETIAS agus leis na hAonaid Náisiúnta ETIAS agus iarratais ar údarú taistil á bpróiseáil acu agus chun tacú le déanamh beartas imirce an Aontais ar bhonn fianaise. Beidh sa stór lárnach sin freisin staitisticí laethúla faoi na sonraí dá dtagraítear i mír 4. Is le slánrochtain trí TESTA a thabharfar rochtain ar an stór lárnach chun críocha tuairiscithe agus staitisticí, agus chun na gcríoch sin amháin; rialálfar an rochtain sin agus próifílí na n-úsáideoirí.

Glacfar rialacha mionsonraithe maidir le hoibriú an stór lárnach agus maidir leis na rialacha cosanta sonraí agus na rialacha slándála is infheidhme maidir leis an stór lárnach i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 90(2).

3.   Áireofar leis na nósanna imeachta a chuirfidh eu-LISA ar bun chun faireachán a dhéanamh ar fhorbairt agus ar fheidhmíocht chóras faisnéise ETIAS dá dtagraítear in Airteagal 92(1) go bhféadfar staitisticí a sholáthar ar bhonn rialta d’fhonn an faireachán sin a áirithiú.

4.   Gach ráithe, foilseoidh eu-LISA staitisticí ar chóras faisnéise ETIAS lena léireofar go háirithe líon agus náisiúntacht na n-iarratasóirí dár eisíodh nó dár diúltaíodh údarú taistil, lena n-áirítear forais an diúltaithe, agus líon agus náisiúntacht na náisiúnach tríú tír a ndearnadh a gcuid údaruithe taistil a neamhniú nó a chúlghairm.

5.   Ag ceann gach bliana, déanfar sonraí staidrimh a thiomsú i dtuarascáil bhliantúil don bhliain sin. Foilseofar an tuarascáil agus seolfar í chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann, chuig an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, agus chuig na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta.

6.   Arna iarraidh sin don Choimisiún, cuirfidh eu-LISA ar fáil dó staitisticí maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo maille le staitisticí de bhun mhír 3.

Airteagal 85

Costais

1.   Is ar bhuiséad ginearálta an Aontais a thitfidh na costais a thabhófar i dtaca le Córas Faisnéise ETIAS a fhorbairt, i dtaca leis an mbonneagar teorann náisiúnta reatha a chomhtháthú agus a cheangal le NUI, i dtaca le NUI a óstáil, agus Láraonad ETIAS agus na hAonaid Náisiúnta ETIAS a bhunú.

Tabharfaidh eu-LISA aird ar leith ar an mbaol atá ann go n-ardóidh costais, agus a áirithiú go ndéantar rialú leordhóthanach ar chonraitheoirí.

2.   Is ar bhuiséad ginearálta an Aontais a thitfidh costais oibriúcháin ETIAS. Áireofar leis sin costais oibriúcháin agus chothabhála Chóras Faisnéise ETIAS, lena n-áirítear costais oibriúcháin agus chothabhála NUInna; costais oibriúcháin Láraonad ETIAS agus costais na foirne agus an trealaimh theicniúil (idir chrua-earraí agus bhogearraí) is gá chun cúraimí na nAonad Náisiúnta ETIAS a chomhlíonadh, mar aon leis na costais aistrithe dá dtagraítear in Airteagal 27(2) agus (8).

Ní chuirfear san áireamh na costais seo a leanas:

(a)

oifig bainistíochta tionscadal na mBallstát (cruinnithe, misin, oifigí);

(b)

córais náisiúnta TF a óstáil (spás, cur chun feidhme, leictreachas, fuarú);

(c)

córais náisiúnta TF a oibriú (oibreoirí agus conarthaí tacaíochta);

(d)

líonraí cumarsáide náisiúnta a dhearadh, a fhorbairt, a chur chun feidhme, a oibriú agus a chothabháil.

3.   Áireofar freisin ar chostais oibriúcháin ETIAS tacaíocht airgeadais do na Ballstáit as costais a thabhaigh siad agus seiceálacha teorann á n-oiriúnú agus á n-uathoibriú mar chuid de chur chun feidhme ETIAS. Ní rachaidh iomlán na tacaíochta airgeadais sin os cionn EUR 15 mhilliún le linn na chéad bhliana oibriúcháin, EUR 25 mhilliún le linn an dara bliana oibriúcháin, agus EUR 50 milliún le linn gach bliain oibriúcháin dá éis sin. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 d’fhonn an tacaíocht airgeadais sin a shainiú.

4.   Tabharfar don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann, do eu-LISA, agus do Europol maoiniú iomchuí bhreise agus an fhoireann dá mbeidh de dhíth orthu chun na cúraimí a chuirtear ar a n-iontaoibh faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.

5.   Cistiú a úsáidfear ón imchlúdach dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 5(5) de Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 chun costais chur chun feidhme an Rialacháin seo dá dtagraítear i mír 1 go mír 4 den Airteagal seo a chumhdach, cuirfear chun feidhme é faoi bhainistiú neamhdhíreach le haghaidh na gcostas arna dtabhú ag eu-LISA agus ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus faoi bhainistiú comhroinnte le haghaidh na gcostas arna dtabhú ag na Ballstáit.

Airteagal 86

Ioncam

Is éard a bheidh san ioncam a ghinfidh ETIAS ioncam sannta inmheánach i gcomhréir le hAirteagal 21(4) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (44). Sannfar sin chun na costais a bhaineann le hoibriú agus cothabháil ETIAS a chumhdach. Aon ioncam dá mbeidh fágtha tar éis ghlanadh na gcostas sin, déanfar é a shannadh do bhuiséad an Aontais.

Airteagal 87

Fógra a thabhairt

1.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún i dtaobh an údaráis a measfar gur rialaitheoir é agus dá dtagraítear in Airteagal 57.

2.   Tabharfaidh Láraonad ETIAS agus na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do eu-LISA i dtaobh na n-údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 13 a mbeidh rochtain acu ar chóras faisnéise ETIAS.

Trí mhí ó chuirfear tús le hoibríochtaí ETIAS i gcomhréir le hAirteagal 88, foilseoidh eu-LISA liosta comhdhlúite de na húdaráis sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ina theannta sin, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún gan mhoill maidir le haon athruithe ar na húdaráis sin. I gcás ina ndéanfar athruithe den sórt sin, foilseoidh eu-LISA leagan comhdhlúite nuashonraithe den fhaisnéis sin uair sa bhliain. Coinneoidh an Coimisiún ar bun suíomh poiblí gréasáin, a nuashonrófar go leanúnach, ar a mbeidh an fhaisnéis sin.

3.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do eu-LISA maidir leis na húdaráis atá ainmnithe acu agus maidir lena lárphointí rochtana, dá dtagraítear in Airteagal 50, agus tabharfaidh siad fógra gan mhoill maidir le haon athruithe i ndáil leis sin.

4.   Tabharfaidh eu-LISA fógra don Choimisiún maidir le cur i gcríoch rathúil na tástála dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 88(1).

Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 3 a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. I gcás ina ndéanfar athruithe air, foilseoidh an Coimisiún leagan comhdhlúite nuashonraithe den fhaisnéis sin uair sa bhliain. Coinneoidh an Coimisiún ar bun suíomh poiblí gréasáin, a nuashonrófar go leanúnach, ar a mbeidh an fhaisnéis sin.

Airteagal 88

Oibríochtaí a thosú

1.   Cinnfidh an Coimisiún an dáta a thosóidh ETIAS ag oibriú ar choinníoll go mbeidh na coinníollacha seo a leanas comhlíonta:

(a)

na leasuithe ba ghá a chur ar na gníomhartha dlíthiúla lena mbunaítear na córais faisnéise sin de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 11(2) lena mbunófar an idiroibritheacht le Córas Faisnéise ETIAS, tá na leasuithe sin tagtha i bhfeidhm;

(b)

an Rialachán eu-LISA chun go leagfaí bainistiú oibríochtúil ETIAS de chúram air, tá sé tagtha i bhfeidhm;

(c)

na leasuithe ba ghá a chur ar na gníomhartha dlíthiúla lena mbunaítear na córais faisnéise sin de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 20(2) lena dtugtar rochtain do Láraonad ETIAS ar na bunachair sonraí sin, tá na leasuithe sin tagtha i bhfeidhm;

(d)

na bearta dá dtagraítear in Airteagal 15(5), Airteagal 17(3), (5) agus (6), Airteagal 18(4), Airteagal 27(3) agus (5), Airteagal 33(2) agus (3), Airteagail 36(3), 38(3), 39(2), 45(3), 46(4), 48(4), 59(4), Airteagal 73(3)(b), Airteagal 83(1), (3), agus (4) agus Airteagal 85(3), tá na bearta sin glactha;

(e)

tá sé dearbhaithe ag eu-LISA gur éirigh le tástáil chuimsitheach atá curtha i gcrích ar ETIAS;

(f)

tá bailíochtú déanta ag eu-LISA agus ag an Láraonad ETIAS ar na socruithe teicniúla agus dlíthiúla maidir leis na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 17 a bhailiú agus a tharchur chuig Lárchóras ETIAS agus tá fógra tugtha acu don Choimisiún ina leith;

(g)

tá fógra tugtha ag na Ballstáit agus ag Láraonad ETIAS don Choimisiún i dtaobh na sonraí a bhaineann leis na húdaráis éagsúla dá dtagraítear in Airteagal 87(1) agus (3).

2.   Is é eu-LISA a dhéanfaidh an tástáil ar ETIAS dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1 i gcomhar leis na Ballstáit agus le Láraonad ETIAS.

3.   Cuirfidh an Coimisiún torthaí na tástála arna déanamh de bhun phointe (e) de mhír 1 in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

4.   Foilseofar an cinneadh ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 1 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

5.   Tosóidh na Ballstáit agus Láraonad ETIAS ag úsáid ETIAS ón dáta a chinnfidh an Coimisiún i gcomhréir le mír 1.

Airteagal 89

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 6(4), Airteagal 17(3), (5) agus (6), Airteagail 18(4), 27(3), Airteagal 31, Airteagail 33(2), 36(4), 39(2), 54(2), Airteagal 83(1) agus (3) agus Airteagal 85(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ó 9 Deireadh Fómhair 2018. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 6(4), Airteagal 17(3), (5) agus (6), Airteagail 18(4), 27(3), Airteagal 31, Airteagail 33(2), 36(4), 39(2), 54(2), Airteagal 83(1) agus (3) agus Airteagal 85(3) a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 6(4), Airteagal 17(3), (5) nó (6), Airteagal 18(4), 27(3), Airteagal 31, Airteagail 33(2), 36(4), 39(2), 54(2), Airteagal 83(1) nó (3) nó Airteagal 85(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a bheith tugtha do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 90

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní ghlacfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 91

Grúpa comhairleach

Déanfar freagrachtaí Ghrúpa Comhairleach EES de chuid eu-LISA a leathnú go dtí ETIAS. Soláthróidh Grúpa Comhairleach EES-ETIAS do eu-LISA an saineolas a bhaineann le ETIAS, go háirithe agus a chlár oibre bliantúil agus a thuarascáil bhliantúil ghníomhaíochta á n-ullmhú aige.

Airteagal 92

Faireachán agus meastóireacht

1.   Áiritheoidh eu-LISA go mbeidh nósanna imeachta ann chun faireachán a dhéanamh ar fhorbairt chóras faisnéise ETIAS de réir cuspóirí a bhaineann le pleanáil agus costais agus chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú ETIAS de réir cuspóirí a bhaineann le haschur teicniúil, cost-éifeachtúlacht, slándáil agus cáilíocht seirbhíse.

2.   Faoin 10 Aibreán 2019 agus gach 6 mhí dá éis le linn chéim forbartha chóras faisnéise ETIAS, cuirfidh eu-LISA tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin dul chun cinn atá déanta i ndáil le forbairt Lárchóras ETIAS, na NUInna agus an bhonneagair cumarsáide idir Lárchóras ETIAS agus na NUInna. Beidh faisnéis mhionsonraithe sa tuarascáil sin faoi na costais a tabhaíodh, mar aon le faisnéis faoi rioscaí ar bith a d’imreodh tionchar ar chostas foriomlán an chórais, costas a fhágfar ar bhuiséad ginearálta an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 85.

Faoin 10 Aibreán 2019 agus gach 6 mhí dá éis le linn chéim forbartha chóras faisnéise ETIAS, cuirfidh Europol agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoi staid reatha an ullmhúcháin do chur chun feidhme an Rialacháin seo lena n-áirítear faisnéis mhionsonraithe faoi na costais a tabhaíodh, mar aon le faisnéis faoi aon rioscaí a d’imreodh tionchar ar chostas foriomlán an chórais, costas a fhágfar ar bhuiséad ginearálta an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 85.

Ach críoch curtha leis an bhforbairt, cuirfidh eu-LISA tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar a mhíniú go mionsonrach cé mar a baineadh amach na cuspóirí, go háirithe i dtaca le pleanáil agus costas, agus ina dtabharfar údar maith i gcás inar imíodh óna raibh socraithe.

3.   Chun críocha na cothabhála teicniúla, beidh rochtain ag eu-LISA ar an bhfaisnéis is gá maidir leis na hoibríochtaí próiseála sonraí arna ndéanamh i gCóras Faisnéise ETIAS.

4.   Dhá bhliain tar éis do ETIAS dul i mbun oibríochtaí agus gach re bliain ina dhiaidh sin, cuirfidh eu-LISA tuarascáil ar fheidhmiú teicniúil chóras faisnéise ETIAS, lena n-áirítear slándáil ETIAS, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, agus an Choimisiúin, mar aon le sonraí staitistiúla a bhaineann le liosta faire ETIAS i gcomhréir leis an nós imeachta athbhreithniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 35(5) agus (6).

5.   Trí bliana tar éis do ETIAS dul i mbun oibríochtaí agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar ETIAS agus cuirfidh sé aon mholtaí is gá faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Áireofar sa mheastóireacht sin:

(a)

na hiarratais a rinneadh trí ETIAS i mbunachair sonraí Interpol faoi DTGC agus TDAWN, lena n-áirítear faisnéis faoi líon na n-amas i mbunachair sonraí Interpol sin, líon na n-údaruithe taistil dár diúltaíodh de bhun na n-amas sin mar aon le faisnéis ina dtaobh aon fhadhb dár bhain le hábhar, chomh maith le measúnú, más iomchuí, ar a riachtanaí atá togra reachtach chun an Rialachán seo a leasú;

(b)

na torthaí a bhain ETIAS amach ag féachaint dá chuspóirí, dá shainordú agus dá chúraimí;

(c)

tionchar, éifeachtacht agus éifeachtúlacht fheidhmíocht ETIAS agus a chleachtas oibre i bhfianaise chuspóirí, a shainordaithe agus a chúraimí;

(d)

measúnú ar shlándáil ETIAS;

(e)

rialacha ETIAS maidir le scagadh, a úsáidtear chun críche an mheasúnaithe riosca;

(f)

tionchar liosta faire ETIAS lena n-áirítear líon na n-iarratas ar údarú taistil dár diúltaíodh cead ar chúiseanna lenar cuireadh amas dearfach i leith liosta faire ETIAS san áireamh;

(g)

an gá a d’fhéadfadh a bheith ann chun sainordú Láraonad ETIAS a mhodhnú agus na himpleachtaí airgeadais a d’fhéadfadh a bheith ag aon mhodhnú den sórt sin;

(h)

an tionchar ar chearta bunúsacha;

(i)

an tionchar ar an gcaidreamh taidhleoireachta idir an tAontas agus na tríú tíortha lena mbaineann;

(j)

an t-ioncam a gineadh ón táille um údarú taistil, na costais a tabhaíodh i ndáil le ETIAS a fhorbairt, na costais a bhain le ETIAS a fheidhmiú, na costais a thit ar eu-LISA, Europol, agus ar an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus a gcúraimí a gcomhlíonadh acu de bhun an Rialacháin seo, maille le haon ioncam a leithdháileadh i gcomhréir le hAirteagal 86;

(k)

úsáid ETIAS chun críocha fhorfheidhmiú an dlí de bhun na faisnéise dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal seo;

(l)

líon na n-iarratasóirí arna nglaoch chun agallaimh agus sin mar chéatadán de líon iomlán na n-iarratasóirí, na cúiseanna ar iarradh an t-agallamh, líon na gcianagallamh, líon na gcinntí inar deonaíodh an t-údarú taistil, an líon ar eisíodh bratach ina leith nó dár diúltaíodh, agus líon na n-iarratasóirí arna nglaoch chun agallaimh ach nár tháinig i láthair, mar aon le measúnú, más iomchuí, ar a riachtanaí atá togra reachtach chun an Rialachán seo a leasú.

Seolfaidh an Coimisiún an tuarascáil mheastóireachta chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus chuig Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha.

6.   Tabharfaidh na Ballstáit agus Europol do eu-LISA, do Láraonad ETIAS agus don Choimisiún pé faisnéis is gá chun na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 4 agus i mír 5 a dhréachtú. Ní chuirfidh an fhaisnéis sin modhanna oibre i gcontúirt ná ní bheidh faisnéis ar áireamh ann a nochtfaidh foinsí, baill foirne ná imscrúduithe na n-údarás ainmnithe.

7.   Soláthróidh eu-LISA agus Láraonad ETIAS don Choimisiún an fhaisnéis is gá chun na meastóireachtaí dá dtagraítear i mír 5 a dhéanamh.

8.   Agus urraim á tabhairt d’fhorálacha an dlí náisiúnta maidir le foilsiú faisnéise íogair, ullmhóidh gach Ballstát agus Europol tuarascálacha bliantúla maidir le héifeachtacht na rochtana ar shonraí atá stóráilte i Lárchóras ETIAS chun críocha fhorghníomhú an dlí, ina mbeidh faisnéis agus staitisticí faoi na nithe seo a leanas:

(a)

cad é go baileach is cuspóir don cheadú lena n-áirítear cineál an chiona sceimhlitheoireachta nó an chiona thromchúisigh choiriúil eile;

(b)

na forais réasúnacha a tugadh maidir leis an amhras a bhfuil údar leis go bhfuil amhrastach, déantóir nó íospartach i gcatagóir atá cumhdaithe faoin Rialachán seo;

(c)

líon na n-iarrataí ar rochtain ar Lárchóras ETIAS chun críocha fhorfheidhmiú an dlí;

(d)

líon agus cineálacha na gcásanna as ar tháinig amais;

(e)

líon agus cineál na gcásanna inar úsáideadh an nós imeachta maidir le cásanna práinne dá dtagraítear in Airteagal 51(4), lena n-áirítear na cásanna sin nuair nár glacadh leis an bpráinn sin iontu san fhíorú ex post a rinne an lárphointe rochtana.

Cuirfear réiteach teicniúil ar fáil do na Ballstáit d’fhonn bailiú na sonraí sin a éascú de bhun Chaibidil IX chun staitisticí, dá dtagraítear sa mhír seo, a ghineadh. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sonraíochtaí an réitigh theicniúil sin a ghlacadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 90(2).

Airteagal 93

Lámhleabhar praiticiúil

Cuirfidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus le gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais, cuirfidh sé lámhleabhar praiticiúil ar fáil ina mbeidh treoirlínte, moltaí agus dea-chleachtais maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo. Cuirfear na lámhleabhair ábhartha atá ann cheana san áireamh sa lámhleabhar praiticiúil. Déanfaidh an Coimisiún an lámhleabhar praiticiúil a ghlacadh i bhfoirm molta.

Airteagal 94

Ceuta agus Melilla

Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do na rialacha speisialta is infheidhme maidir le cathracha Ceuta agus Melilla, mar atá sainithe i nDearbhú Ríocht na Spáinne maidir le cathracha Ceuta agus Melilla in Ionstraim Chríochnaitheach an Chomhaontaithe maidir le hAontachas Ríocht na Spáinne leis an gComhaontú lena ndéantar Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 a chur chun feidhme.

Airteagal 95

Ranníocaíocht airgeadais ó na tíortha atá comhlachaithe le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen

Faoi fhorálacha ábhartha a gcomhaontuithe comhlachais, déanfar socruithe i ndáil leis na ranníocaíochtaí airgeadais ó na tíortha atá comhlachaithe le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen.

Airteagal 96

Teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón dáta a chinnfidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 88, cé is moite d’Airteagail 6, 11, 12, 33, 34, 35, 59, 71, 72, 73, Airteagal 75 go Airteagal 79, Airteagail 82, 85, 87, 89, 90, 91, Airteagal 92(1) agus (2), Airteagal 93 agus Airteagal 95, agus de na forálacha a bhaineann leis na bearta dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 88(1), a mbeidh feidhm acu ón 9 Deireadh Fómhair 2018.

Tiocfaidh na forálacha a bhaineann le Eurodac a cheadú i bhfeidhm ón dáta a mbeidh athmhúnlú Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (45) infheidhme.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 12 Meán Fómhair 2018.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. EDTSTADLER


(1)  IO C 246, 28.7.2017, lch. 28.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Iúil 2018 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2018.

(3)  Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach le haghaidh ceadanna cónaithe do náisiúnaigh thríú tíortha (IO L 157, 15.6.2002, lch. 1).

(5)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 31 Eanáir 2006, an Coimisiún v an Spáinn, C-503/03, ECLI:EU:C:2006:74.

(6)  Cinneadh 2007/533/JHA ón gComhairle an 12 Meitheamh 2007 maidir leis an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) a bhunú, a oibriú agus a úsáid (IO L 205, 7.8.2007, lch. 63).

(7)  Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53).

(8)  IO L 239, 22.9.2000, lch. 19.

(9)  Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 77, 23.3.2016, lch. 1).

(10)  Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle (IO L 88, 31.3.2017, lch. 6).

(11)  Cinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir Ballstáit (IO L 190, 18.7.2002 lch. 1).

(12)  Breithiúnas ón gCúirt Bhrethiúnais (an Mór-Dhlísheomra) an 8 Aibreán 2014, Digital Rights Ireland Ltd, cásanna uamtha C-293/12 agus C-594/12, ECLI:EU:C:2014:238.

(13)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(14)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le cosaint daoine aonair i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(15)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(16)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(17)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(18)  Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 131, 1.6.2000, lch. 43).

(19)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

(20)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

(21)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

(22)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(23)  Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, ar son an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008 lch. 1).

(24)  Cinneadh 2008/149/CGB ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, ar son an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 50).

(25)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

(26)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, ar son an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).

(27)  Cinneadh 2011/349/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, ar son an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an gcomhar breithiúnach in ábhair choiriúla agus leis an gcomhar póilíneachta (IO L 160, 18.6.2011, lch. 1).

(28)  Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (IO L 286 1.11.2011, lch. 1).

(29)  Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosaí agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 574/2007/CE (IO L 150, 20.5.2014, lch. 1).

(30)  Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 863/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2005/267/CE ón gComhairle (IO L 251, 16.9.2016, lch. 1).

(31)  Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an30 Samhain 2017 lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí, agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 327, 9.12.2017, lch. 20).

(32)  IO C 162, 23.5.2017, lch. 9.

(33)  Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle an 15 Márta 2001 lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (IO L 81, 21.3.2001, lch. 1).

(34)  Rialachán (CE) Uimh. 1931/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 lena leagtar síos rialacha maidir le trácht teorann áitiúil ag teorainneacha seachtracha talún na mBallstát agus lena leasaítear forálacha Choinbhinsiún Schengen (IO L 405, 30.12.2006, lch. 1).

(35)  Treoir 2014/66/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le coinníollacha i ndáil le dul isteach agus cónaí na náisiúnach tríú tír mar chuid den aistriú ionchorparáide (IO L 157, 27.5.2014, lch. 1).

(36)  Treoir (AE) 2016/801 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le coinníollacha i ndáil le dul isteach agus cónaí náisiúnach tríú tíortha chun críche taighde, staidéir, oiliúna, seirbhís dheonach, scéimeanna malartaithe daltaí nó tionscadail oideachais agus au pair (IO L 132, 21.5.2016, lch. 21).

(37)  Treoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le gnáthnósanna imeachta chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a aistarraingt (IO L 180, 29.6.2013, lch. 60).

(38)  Rialachán (CE) Uimh. 377/2004 ón gComhairle an 19 Feabhra 2004 maidir le líonra oifigeach idirchaidrimh inimirce a chruthú (IO L 64, 2.3.2004, lch. 1).

(39)  Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir leis an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) a bhunú, a oibriú agus a úsáid (IO L 381, 28.12.2006, lch. 4).

(40)  Treoir 2001/51/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 2001, lena bhforlíontar forálacha Airteagal 26 den Choinbhinsiún lena gcuirtear chun feidhme Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 (IO L 187, 10.7.2001, lch. 45).

(41)  Treoir 2008/115/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (IO L 348, 24.12.2008, lch. 98).

(42)  Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2013 lena mbunaítear sásra meastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú agus lena n-aisghairtear an Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúcháin an 16 Meán Fómhair 1998 lena mbunaítear Buanchoiste um measúnú agus cur chun feidhme Schengen (IO L 295, 6.11.2013, lch. 27).

(43)  IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.

(44)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

(45)  Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le bunú “Eurodac” chun méarloirg a chur i gcomparáid lena chéile ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtach Rialachán (CE) Uimh. 604/2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i mBallstát ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát agus maidir le hiarrataí ó údaráis forghníomhaithe dlí na mBallstát agus ó Europol ar chomparáidí le sonraí Eurodac chun críocha forghníomhaithe dlí, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach le haghaidh bainistiú oibríochtúil córas TF ar mhórscála sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (IO L 180, 29.6.2013, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Liosta na gcionta dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 17(4)

1.

cionta sceimhlitheoireachta,

2.

an rannpháirteachas in eagraíocht choiriúil,

3.

an gháinneáil ar dhaoine,

4.

an teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus an phornagrafaíocht leanaí,

5.

an gháinneáil aindleathach ar dhrugaí támhshuanacha agus ar shubstaintí síceatrópacha,

6.

an gháinneáil aindleathach ar airm, lón cogaidh agus pléascáin,

7.

an t-éilliú,

8.

an chalaois, lena n-áirítear an chalaois i gcoinne leasanna airgeadais an Aontais,

9.

sciúradh na bhfáltas ó choireacht agus an góchumadh airgid, lena n-áirítear an euro,

10.

an choireacht atá bainteach le ríomhaireacht/an chibearchoireacht,

11.

an choireacht chomhshaoil, lena n-áirítear an gháinneáil aindleathach ar speicis ainmhithe atá faoi bhagairt agus ar speicis agus cineálacha plandaí atá faoi bhagairt,

12.

teacht isteach agus cónaí neamhúdaraithe a éascú,

13.

an dúnmharú, an mhórdhíobháil choirp,

14.

an trádáil aindleathach in orgáin dhaonna agus fíochán daonna,

15.

fuadach, srianadh agus tógáil giall go neamhdhleathach,

16.

an robáil eagraithe armtha,

17.

an gháinneáil aindleathach ar earraí cultúir, lena n-áirítear seandachtaí agus saothair ealaíne,

18.

an góchumadh agus an phíoráideacht táirgí,

19.

an brionnú doiciméad riarachán agus an gháinneáil orthu,

20.

an gháinneáil aindleathach ar shubstaintí hormónacha agus ar thionscnóirí fáis eile,

21.

an gháinneáil aindleathach ar ábhair núicléacha nó radaighníomhacha,

22.

an t-éigniú,

23.

coireanna laistigh de dhlínse na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta,

24.

an urghabháil neamhdhleathach aerárthaí nó long,

25.

an tsabaitéireacht,

26.

an gháinneáil ar fheithiclí goidte,

27.

an spiaireacht thionsclaíoch,

28.

an coirloscadh,

29.

an ciníochas agus an tséine fóibe.


Top