EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32018R1046
Regulation (EU, Euratom) 2018/1046 of the European Parliament and of the Council of 18 July 2018 on the financial rules applicable to the general budget of the Union, amending Regulations (EU) No 1296/2013, (EU) No 1301/2013, (EU) No 1303/2013, (EU) No 1304/2013, (EU) No 1309/2013, (EU) No 1316/2013, (EU) No 223/2014, (EU) No 283/2014, and Decision No 541/2014/EU and repealing Regulation (EU, Euratom) No 966/2012
Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012
Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012
PE/13/2018/REV/1
OJ L 193, 30.7.2018, p. 1–222
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force: This act has been changed. Current consolidated version: 14/12/2022
30.7.2018 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
RIALACHÁN (AE, Euratom) 2018/1046 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 18 Iúil 2018
maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe pointe (d) d’Airteagal 46, Airteagal 149, pointe (a) d’Airteagal 153(2), Airteagail 164, 172, 175, 177 agus 178, Airteagail 189(2), 212(2) agus 322(1) agus Airteagal 349 de, i gcomhar leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (3),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (4),
De bharr an méid seo a leanas,
(1) |
Tar éis 3 bliana de chur chun feidhme, ba cheart tuilleadh leasuithe a dhéanamh ar na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (an “buiséad”) chun baic ó thaobh cur chun feidhme a bhaint tríd an tsolúbthacht a mhéadú, chun cur chun feidhme a shimpliú le haghaidh na bpáirtithe leasmhara agus na seirbhísí, chun díriú níos mó ar thorthaí agus chun an rochtain, trédhearcacht agus cuntasacht a fheabhsú. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) a aisghairm agus an Rialachán seo a chur ina ionad. |
(2) |
Chun go mbeadh na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an mbuiséad níos simplí agus chun na rialacha ábhartha a chuimsiú in aon rialachán amháin, ba cheart don Choimisiún Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 (6) a aisghairm. Ar mhaithe le soiléire, ba cheart na príomhrialacha ó Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 a chuimsiú sa Rialachán seo, agus ba cheart rialacha eile a chuimsiú i dtreoracha le haghaidh seirbhísí ag an am céanna. |
(3) |
Ba cheart cloí leis na prionsabail bhuiséadacha bhunúsacha. Ba cheart maoluithe reatha ar na prionsabail sin i gcás réimsí áirithe amhail an taighde, gníomhaíochtaí seachtracha agus cistí struchtúracha, a athbhreithniú agus a shimpliú a oiread is féidir, ag cur san áireamh a ábhartha atá siad, an breisluach a bhaineann leo ó thaobh an bhuiséid, agus an t-ualach a chuireann siad ar na geallsealbhóirí. |
(4) |
Ba cheart rialacha maidir le tabhairt anonn leithreasuithe a chur i láthair ar bhealach níos soiléire agus ba cheart deighilt a dhéanamh idir tabhairt anonn uathoibríoch agus neamh-uathoibríoch. Ba cheart d’institiúidí an Aontais lena mbaineann faisnéis a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle i dtaobh tabhairt anonn uathoibríoch agus neamh-uathoibríoch. |
(5) |
Maidir le tabhairt anonn ioncaim sheachtraigh shannta, agus úsáid an ioncaim sin, don ghníomhaíocht nó don chlár ina dhiaidh sin, is ceart sin a cheadú ar mhaithe le cistí den chineál sin a úsáid go héifeachtach. Ba cheart nach bhféadfaí ioncam sannta inmheánach a thabhairt anonn ach ar feadh 1 bhliana amháin, mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo. |
(6) |
Maidir le hioncam sannta inmheánach, is ceart maoiniú tionscadal nua tógála leis an ioncam ó ligean nó díol foirgneamh a cheadú. Chuige sin, is ceart ioncam den chineál sin a mheas ina ioncam sannta inmheánach ar féidir é a thabhairt anonn nó go gcaitear ina iomláine é. |
(7) |
Ba cheart d’institiúidí an Aontais a bheith ina ann glacadh le haon tabhartas don Aontas. |
(8) |
Ba cheart foráil a thabhairt isteach ionas go mbeadh duine dlítheanach in ann urraíocht chomhchineáil a dhéanamh ar imeacht nó ar ghníomhaíocht chun críocha fógraíochta nó freagrachta sóisialta corparáidí. |
(9) |
Ba cheart coincheap na feidhmíochta maidir leis an mbuiséad a shoiléiriú. Ba cheart feidhmíocht a nascadh le cur i bhfeidhm díreach phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais. Ba cheart sainmhíniú a thabhairt freisin ar phrionsabal na dea-bhainistíochta airgeadais, agus ba cheart nasc a bhunú idir na cuspóirí arna leagan amach agus táscairí feidhmíochta, torthaí agus cur chuige barainneach, tráthúil, éifeachtúlacht agus éifeachtacht maidir le húsáid leithreasuithe. Ar chúiseanna a bhaineann le deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart an téarmaíocht feidhmíochta, go háirithe i dtaca le haschur agus torthaí, a shainmhíniú, ach coinbhleachtaí le creataí feidhmíochta reatha na gclár éagsúil a sheachaint. |
(10) |
I gcomhréir le Comhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (7), ba cheart reachtaíocht an Aontais a bheith ar ardchaighdeán, agus ba cheart í a bheith ag díriú ar na réimsí ina bhfuil an breisluach is mó le fáil ag saoránaigh agus ina bhfuil sí chomh héifeachtúil agus chomh héifeachtach agus is féidir maidir le comhchuspóirí beartais an Aontais a bhaint amach. Trí mheastóireacht a dhéanamh ar chláir agus gníomhaíochtaí caiteachais reatha agus nua, a bhfuil caiteachas suntasach ag gabháil leo, is féidir cabhrú leis na cuspóirí sin a bhaint amach. |
(11) |
I gcomhréir le prionsabal na trédhearcachta atá cumhdaithe in Airteagal 15 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tá institiúidí an Aontais lena gcuid oibre a dhéanamh ar dhóigh chomh hoscailte agus is féidir. I dtaca le cur chun feidhme an bhuiséid, tugtar le fios le cur i bhfeidhm an phrionsabail sin gur cheart gurb eol do shaoránaigh an áit agus an chúis a gcaitheann an tAontas cistí. Leis an bhfaisnéis sin, cothaítear díospóireacht dhaonlathach, cuirtear le rannpháirtíocht na saoránach i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais, neartaítear an rialú agus an grinnscrúdú institiúideach a dhéantar ar chaiteachas an Aontais agus cuireann sé lena inchreidteacht. Is ceart don chumarsáid a bheith níos spriocdhírithe agus ba cheart é a bheith d’aidhm léi infheictheacht ranníocaíocht an Aontais a mhéadú i measc na saoránach. Ba cheart cuspóirí den sórt sin a bhaint amach trí fhoilsiú faisnéise ábhartha maidir le gach faighteoir cistí arna maoiniú ón mbuiséad, agus úsáid á baint as uirlisí nua-aimseartha cumarsáide chomh fada agus is féidir, ar foilsiú é a chuireann leasanna rúndachta agus slándála dlisteanacha na bhfaighteoirí sin agus, chomh fada agus a bhaineann le daoine nádúrtha, a gceart chun príobháideachais agus cosaint a sonraí pearsanta, san áireamh. Ba cheart, dá bhrí sin, d’institiúidí an Aontais cur chuige roghnaitheach a ghlacadh maidir le faisnéis a fhoilsiú i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta. Ba cheart cinntí foilsitheoireachta a bheith bunaithe ar chritéir ábhartha sa chaoi gur féidir faisnéis lánbhrí a sholáthar. |
(12) |
Gan dochar do na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta, is ceart féachaint leis an trédhearcacht is fearr a bheith ann maidir le faisnéis mar gheall ar fhaighteoirí. An fhaisnéis faoi fhaighteoirí cistí de chuid an Aontais arna gcur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach, is ceart sin a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin tiomnaithe de chuid institiúidí an Aontais, amhail sa Chóras um Thrédhearcacht Airgeadais, agus is ceart, den chuid is lú, ainm agus ionad an fhaighteora, an méid a ghealltar go dlisteanach agus cuspóir an bhirt a thabhairt. Ba cheart go gcuirfí san áireamh san fhaisnéis sin critéir ábhartha mar thréimhsiúlacht, cineál agus tábhacht an bhirt. |
(13) |
Ba cheart go mbeadh an fhéidearthacht ann don Choimisiúin an buiséad a chur chun feidhme go hindíreach trí bhíthin eagraíochtaí de chuid na mBallstát. Ar chúiseanna a bhaineann le deimhneacht dhlíthiúil, isiomchuí, dá bhrí sin, eagraíocht de chuid na mBallstát a shainmhíniú mar eintiteas arna bhunú i mBallstát mar chomhlacht dlí phoiblí nó mar chomhlacht arna rialú ag an dlí príobháideach agus ar a gcuireann an Ballstát sin misean seirbhíse poiblí de chúram air agus dá dtugann an Ballstát sin ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais. Tacaíocht airgeadais arna tabhairt do chomhlachtaí dlí príobháidigh ag Ballstát i gcomhréir le ceanglais reatha arna leagan amach i ndlí an Aontais, i riocht arna chinneadh ag an mBallstát sin agus nach mbíonn ráthaíocht bainc de dhíth ina leith, is ceart sin a mheas mar ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais. |
(14) |
I dtaca le duaiseanna, deontais, agus conarthaí arna ndámhadh de bhun nós imeachta poiblí a oscailt don iomaíocht, agus go háirithe i dtaca le comórtais, glaonna ar thograí agus glaonna ar thairiscintí, ar mhaithe le prionsabail CFAE a urramú agus go háirithe prionsabail na trédhearcachta, na comhréireachta agus an neamh-idirdhealaithe, is ceart a n-ainm agus a n-ionad siúd a fhaigheann cistí ón Aontas a fhoilsiú. Is ceart go gcuirfeadh an foilsiú sin le rialú na nósanna imeachta um dhámhachtain a dhéanann iarratasóirí nár éirigh leo sa chomórtas. |
(15) |
Níor cheart sonraí pearsanta ina dtagraítear do dhaoine nádúrtha a bheith ar fáil go poiblí ar feadh níos faide ná an fad ama a bhfuil na cistí á n-úsáid ag an bhfaighteoir lena linn agus ba cheart, mar sin, na sonraí sin a bhaint tar éis 2 bhliana. Ba cheart go ndéanfaí amhlaidh i gcás sonraí pearsanta lena dtagraítear do dhaoine dlítheanacha i gcás ina bhfuil duine nádúrtha amháin nó níos mó ina n-ainm oifigiúil. |
(16) |
Sa chuid is mó de na cásanna a thagann faoin Rialachán seo, baineann an foilsiú le daoine dlítheanacha. I gcás ina mbíonn daoine nádúrtha i gceist, ba cheart d’fhoilsiú sonraí pearsanta prionsabal na comhréire a urramú, idir tábhacht na méide a deonaíodh agus an gá atá le rialú a dhéanamh maidir leis an gcaoi is fearr chun úsáid a bhaint as na cistí. Sna cásanna sin, tá foilsiú ainm an réigiúin ar leibhéal 2 den aicmiú coiteann d’aonaid chríochacha ar mhaithe le staidreamh (NUTS) ag teacht leis an gcuspóir maidir le foilsiú faisnéise mar gheall ar fhaighteoirí agus áirithíonn sé cóir chomhionann idir Ballstáit de mhéideanna éagsúla agus ceart faighteoirí chun saoil phríobháidigh a urramú ag an am céanna, agus, go háirithe, mar a bhaineann sin le cosaint sonraí pearsanta. |
(17) |
Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil agus i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ba cheart na staideanna a shonrú nár cheart foilsiú a dhéanamh ina leith. Mar shampla, níor cheart faisnéis a fhoilsiú maidir le scoláireachtaí nó foirmeacha eile de thacaíocht dhíreach a íoctar leis na daoine nádúrtha is géire gátar, maidir le conarthaí áirithe dar luach fíoríseal nó maidir le tacaíocht airgeadais faoi thairseach ar leith arna soláthar trí ionstraimí airgeadais„ nó i gcásanna inar baol nochtadh na faisnéise sin do chearta agus saoirsí na ndaoine aonair lena mbaineann, mar a chosnaítear le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, nó i gcás ina ndéanann sé dochar do leasa tráchtála na bhfaighteoirí. I gcás deontas, áfach, d’fhonn an cleachtas reatha a choinneáil ar bun agus ionas go mbeadh trédhearcacht ann, níor cheart aon díolúine speisialta a thabhairt ón gceanglas maidir le faisnéis a fhoilsiú ar bhonn tairseach ar leith. |
(18) |
I gcás ina bhfoilsítear sonraí pearsanta na bhfaighteoirí chun críocha trédhearcachta i dtaca le húsáid cistí de chuid an Aontais agus rialú nósanna imeachta um dhámhachtain, ba cheart na faighteoirí sin a chur ar an eolas faoin bhfoilsiú sin agus faoina gcearta agus faoi na nósanna imeachta is infheidhme chun na cearta sin a fheidhmiú, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 (8) agus Rialachán (AE) 2016/679 (9) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.. |
(19) |
Chun a áirithiú go ndéanfar prionsabal na córa comhionainne a urramú do gach faighteoir, ba cheart faisnéis a bhaineann le daoine nádúrtha a fhoilsiú freisin i gcomhréir leis an oibleagáid atá ar na Ballstáit trédhearcacht mhór i dtaca le conarthaí a áirithiú os cionn na dtairseach a leagtar síos i dTreoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). |
(20) |
I gcás bainistiú indíreach agus comhroinnte, ba cheart do na daoine, na heintitis nó na comhlachtaí ainmnithe a mbeadh na cistí Aontais á gcur chun feidhme acu faisnéis a chur ar fáil faoi fhaighteoirí agus faoi fhaighteoirí deiridh. I gcás bainistiú comhroinnte, ba cheart an fhaisnéis a fhoilsiú i gcomhréir le rialacha a bhaineann go sonrach le hearnáil faoi leith. Ba cheart don Choimisiún faisnéis a chur ar fáil faoi shuíomh gréasáin amháin, lena n-áirítear tagairt dá sheoladh, áit ar féidir an fhaisnéis faoi fhaighteoirí agus faoi fhaighteoirí deiridh a aimsiú. |
(21) |
Ionas gur soléite na sonraí a bhaineann leis na hionstraimí airgeadais arna gcur chun feidhme faoi bhainistiú díreach agus indíreach agus ionas gur trédhearcaí na sonraí sin, is iomchuí gach ceanglas tuairiscithe a chumasc in aon doiciméad oibre amháin a bheadh ag gabháil leis an dréachtbhuiséad. |
(22) |
D’fhonn dea-chleachtais a chur chun cinn maidir le cur chun feidhme Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), Chiste Sóisialta na hEorpa (CSE), an Chiste Chomhtháthaithe, an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT), agus an Chiste Eorpaigh Mhuirí agus Iascaigh (CEMI), agus Chiste Eorpaigh um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT), ba cheart don Choimisiún, chun críocha faisnéise, bheith ábalta treoir neamhcheangailteach mhodheolaíoch a chur ar fáil do chomhlachtaí atá freagrach as gníomhaíochtaí a bhainistiú agus a rialú ina leagfar amach cur chuige agus straitéis rialaithe dá chuid féin, lena n-áirítear seicliostaí, agus samplaí dea-chleachtais. Is ceart an treoir sin a nuashonrú cibé uair is gá. |
(23) |
Is iomchuí foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht a bheith ag institiúidí an Aontais comhaontuithe leibhéil seirbhíse a thabhairt i gcrích le chéile chun gurbh fhusaide a leithreasuithe a chur chun feidhme agus maidir leis an bhféidearthacht freisin comhaontuithe den sórt sin a thabhairt i gcrích idir ranna de chuid institiúidí an Aontais, comhlachtaí de chuid an Aontais, oifigí Eorpacha, comhlachtaí nó daoine a gcuirtear de chúram orthu gníomhaíochtaí sonracha a chur chun feidhme sa chomhbheartas eachtrach agus slándála (CBES) de bhun Theideal V de Chonradh an Aontais Eorpaigh (CAE) agus Oifig Ard-Rúnaí Bhord Gobharnóirí na Scoileanna Eorpacha maidir le soláthar seirbhísí, soláthar táirgí nó cur i gcrích oibreacha nó conarthaí tógála. |
(24) |
Is iomchuí an nós imeachta a leagan síos lena gcuirfear ar bun oifigí Eorpacha nua agus lena ndéanfar idirdhealú ar chúraimí éigeantacha agus cúraimí neamhéigeantacha na n-oifigí sin. Ba cheart féidearthacht a thabhairt isteach d’institiúidí an Aontais, do chomhlachtaí de chuid an Aontais agus d’oifigí Eorpacha eile cumhachtaí an oifigigh údarúcháin a tharmligean chuig stiúrthóir oifige Eorpaí. Ina theannta sin, ba cheart go mbeadh an fhéidearthacht ag oifigí Eorpacha comhaontuithe leibhéil seirbhíse a thabhairt i gcrích maidir le soláthar seirbhísí, soláthar táirgí nó cur i gcrích oibreacha nó conarthaí tógála. Is iomchuí rialacha sonracha a leagan amach maidir le taifid chuntasaíochta a tharraingt suas, forálacha lena dtugtar údarú d’oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuid dá chúraimí a tharmligean chuig baill foirne sna hoifigí sin chomh maith le nósanna imeachta oibriúcháin do chuntais bhainc a bhféadfadh údarú a bheith ag an gCoimisiún iad a oscailt in ainm na hoifige Eorpaí. |
(25) |
Chun cost-éifeachtacht na ngníomhaireachtaí feidhmiúcháin a fheabhsú agus i bhfianaise na taithí praiticiúla a fuarthas le comhlachtaí eile de chuid an Aontais, ba cheart go bhféadfaí cúraimí uile oifigeach cuntasaíochta na gníomhaireachta feidhmiúcháin, nó cuid de na cúraimí sin, a chur faoi chúram an oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin. |
(26) |
Ar chúiseanna a bhaineann le deimhneacht dhlíthiúil, is gá a shoiléiriú go ngníomhaíonn stiúrthóirí gníomhaireachtaí feidhmiúcháin trí tharmligean agus leithreasuithe oibriúcháin na gclár arna dtarmligean chuig a ngníomhaireacht á mbainistiú acu. Chun go mbainfí an leas is mó as gnóthachain éifeachtúlachta mar thoradh ar an lárú domhanda ar sheirbhísí áirithe tacaíochta, ba cheart a fhoráil go sainráite go bhfuil an fhéidearthacht ann do ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin caiteachais riaracháin a chur chun feidhme. |
(27) |
Is gá rialacha a shocrú maidir le cumhachtaí agus freagrachtaí gníomhaithe airgeadais, go háirithe oifigigh údarúcháin agus oifigigh chuntasaíochta. |
(28) |
Ba cheart Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Chúirt Iniúchóirí agus oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin a chur ar an eolas faoi cheapachán oifigigh údarúcháin trí tharmligean, ceapachán iniúchóra inmheánaigh agus ceapachán oifigigh cuntasaíochta, nó faoi fhoirceannadh dualgas na ndaoine sin, laistigh de 2 sheachtain ón gceapachán nó ón bhfoirceannadh sin. |
(29) |
Ba cheart freagracht iomlán a bheith ar oifigigh údarúcháin as na hoibríochtaí ioncaim agus caiteachais go léir arna gcur i gcrích faoina n-údarás, agus as córais rialaithe inmheánaigh, agus ba cheart iad a bheith cuntasach as a mbearta, lena n-áirítear, nuair is gá, trí imeachtaí araíonachta. |
(30) |
Ba cheart na cúraimí, na freagrachtaí agus prionsabail na nósanna imeachta atá le hurramú ag na hoifigigh údarúcháin a leagan síos freisin. Ba cheart do na hoifigigh údarúcháin trí tharmligean a áirithiú go bhfaighidh na hoifigigh údarúcháin trí fho-tharmligean agus a gcuid ball foirne faisnéis agus traenáil maidir leis na caighdeáin rialaithe agus na modhanna agus teicnící faoi seach agus go nglacfar bearta chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh, mar is cóir, an córas rialaithe. Ba cheart don oifigeach údarúcháin trí tharmligean cuntas a thabhairt chuig a institiúid nó a hinstitiúid de chuid an Aontais ar fheidhmiú na ndualgas i bhfoirm tuarascáil bhliantúil. Ba cheart a bheith san áireamh sa tuarascáil sin an fhaisnéis airgeadais agus bhainistíochta atá riachtanach chun tacú le dearbhú urrúis an oifigigh sin maidir le feidhmiú a chuid dualgas féin, lena n-áirítear faisnéis faoi fheidhmíocht fhoriomlán na n-oibríochtaí a dhéantar. Ba cheart na doiciméid tacaíochta a bhaineann leis na hoibríochtaí a dhéantar a choimeád ar feadh 5 bliana ar a laghad. Maidir leis na foirmeacha éagsúla de nósanna imeachta idirbheartaíochta do dhámhachtain conarthaí poiblí, ba cheart tuarascáil speisialta ón oifigeach údarúcháin trí tharmligean a chur chuig an institiúid de chuid an Aontais lena mbaineann agus tuarascáil ón institiúid sin a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ina leith, ós rud é gur maolú ó na gnáthnósanna imeachta um dhámhachtain atá i gceist leis na nósanna imeachta sin. |
(31) |
Ba cheart an ról dúbailte, a bhíonn ag Cinn thoscaireachtaí an Aontais, agus a bhíonn ag a gcuid ionadaithe nuair nach mbíonn siadsan ann, mar oifigigh údarúcháin trí fho-tharmligean don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (“SEGS”) agus, maidir le leithreasuithe oibriúcháin, don Choimisiún, ba cheart an ról sin a chur san áireamh. |
(32) |
Ba cheart tarmligean cumhachtaí um chur chun feidhme buiséid ag an gCoimisiún a bhaineann le leithreasuithe oibriúcháin a rannóige féin den bhuiséad chuig Leas-Chinn thoscaireachtaí an Aontais a bheith srianta do na cásanna sin ina bhfuil fíorghá le comhlíonadh na gcúraimí sin ag Leas-Chinn thoscaireachtaí an Aontais ar mhaithe le leanúnachas gnó nuair nach mbíonn Cinn thoscaireachtaí an Aontais i láthair. Níor cheart Leas-Chinn thoscaireachtaí an Aontais bheith ábalta na cumhachtaí sin a fheidhmiú ar bhonn córasach ná ar chúiseanna a bhaineann le roinnt inmheánach na hoibre. |
(33) |
Ba cheart an t-oifigeach cuntasaíochta a bheith freagrach fós as cur chun feidhme ceart na n-íocaíochtaí, as bailiú ioncaim agus as aisghabháil na méideanna is infhaighte. Ba cheart don oifigeach cuntasaíochta an cisteán, na cuntais bhainc agus comhaid tríú páirtí a bhainistiú, na cuntais a choimeád agus a bheith freagrach as ráitis airgeadais na hinstitiúide de chuid an Aontais a dhréachtú. Is é oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin an t-aon duine amháin ar cheart go mbeadh sé de cheart aige rialacha cuntasaíochta agus cairteacha comhchuibhithe na gcuntasóirí a leagan síos, agus ba cheart d’oifigigh chuntasaíochta na n-institiúidí eile de chuid an Aontais na nósanna imeachta cuntasaíochta is infheidhme ina n-institiúidí féin a leagan síos. |
(34) |
Ba cheart freisin na socruithe um cheapadh an oifigigh cuntasaíochta agus foirceannadh a chuid dualgas a bhunú freisin. |
(35) |
Ba cheart don oifigeach cuntasaíochta nósanna imeachta a bhunú chun a áirithiú nach mbeadh na cuntais arna n-oscailt i ngeall ar cheanglais bainistíochta cisteáin agus na cuntais óinchiste, nach mbeidís ar dochar. |
(36) |
Ba cheart na coinníollacha um chuntais óinchiste a úsáid, córas bainistíochta ar eisceacht ó ghnáthnósanna imeachta buiséadacha é agus nach mbaineann ach le méideanna teoranta, a leagan síos, agus ba cheart cúraimí agus freagrachtaí riarthóirí na n-óinchistí, chomh maith le cúraimí agus freagrachtaí an oifigigh údarúcháin agus an oifigigh cuntasaíochta i ndáil le rialú cuntas óinchiste, a leagan amach. Ba cheart an Chúirt Iniúchóirí a chur ar an eolas faoi aon riarthóir óinchiste a cheapfar. Ar chúiseanna éifeachtúlachta, ba cheart cuntais óinchiste a bhunú i dtoscaireachtaí an Aontais le haghaidh leithreasuithe ó na codanna den bhuiséad araon a bhaineann leis an gCoimisiúin agus le SEGS. Is iomchuí freisin, faoi choinníollacha sonracha, úsáid cuntas óinchiste a cheadú i dtoscaireacht an Aontais chun méideanna teoranta a íoc trí bhíthin nósanna imeachta buiséadacha. Maidir le riarthóirí óinchistí a cheapadh, ba cheart go mbeadh an fhéidearthacht ann iad sin a roghnú freisin ó fhoireann arna fostú ag an gCoimisiún i réimse na cabhrach um bainistiú géarchéime agus oibríochtaí cabhrach daonnúla aon uair nach mbíonn baill foirne de chuid an Choimisiúin ar fáil a thagann faoi Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh, lena leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (11) (“Rialacháin Foirne”). |
(37) |
Chun an staid i réimse na cabhrach um bainistiú géarmchéime agus na n-oibríochtaí cabhrach daonnúla nuair nach mbíonn baill foirne de chuid an Choimisiúin a thagann faoi na Rialacháin Foirne ar fáil a chur san áireamh, chomh maith leis na deacrachtaí teicniúla a bhaineann le síniú an oifigigh údarúcháin atá freagrach a fháil do gach gealltanas dlíthiúil, ba cheart a cheadú do na baill foirne atá fostaithe ag an gCoimisiún sa réimse sin gealltanais dhlíthiúla ar luach an-íseal suas go EUR 2 500 a dhéanamh atá nasctha leis na híocaíochtaí arna ndéanamh ó chuntais óinchiste, agus a cheadú do Chinn Thoscaireachtaí an Aontais nó dá n-ionadaithe gealltanais dhlíthiúla a shíniú faoi threoir oifigeach údarúcháin an Choimisiúin atá freagrach. |
(38) |
Nuair a bheidh cúraimí agus freagrachtaí gníomhaírí airgeadais sainithe, ní fhéadfar iad a bheith faoi dhliteanas ach amháin faoi na coinníollacha a leagtar síos sna Rialacháin Foirne. Is in institiúidí de chuid an Aontais a bunaíodh sainphainéil um mírialtachtaí airgeadais de bhun Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012. Mar gheall ar líon teoranta na gcásanna arna gcur faoina mbráid agus ar mhaithe le héifeachtúlacht, áfach, is iomchuí a gcuid feidhmeanna a aistriú chuig painéal idirinstitiúideach arna bhunú de bhun an Rialacháin seo (“an painéal”). Ba cheart an painéal a chur ar bun chun iarrataí a mheas agus moltaí a thabhairt uaidh faoin ngá le cinntí a ghlacadh maidir le pionóis airgeadais a eisiamh agus a fhorchur arna gcur faoina bhráid ag an gCoimisiún nó ag institiúidí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais, gan dochar dá neamhspleáchas riarthach i dtaca lena mbaill foirne. Tá an t-aistriú sin dírithe freisin ar dhúbailt a sheachaint agus an baol go mbeadh moltaí nó tuairimí ag teacht salach ar a chéile a mhaolú, i gcásanna ina mbeadh oibreoir eacnamaíoch agus ball foirne institiúide nó comhlachta de chuid an Aontais araon i gceist. Is gá an nós imeachta a choimeád trína bhféadfaidh oifigeach údarúcháin deimhniú a lorg maidir le Treoir a mheasann an t-oifigeach sin a bheith mírialta nó i gcoinne phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, agus mar sin go scaoilfear ó aon dliteanas é. Ba cheart ballraíocht an phainéil sin a athrú nuair a bheidh an ról sin á chomhlíonadh aige. Níor cheart cumhachtaí imscrúdaitheacha a bheith ag an bpainéal. |
(39) |
Maidir le hioncam, is gá aghaidh a thabhairt ar choigeartuithe diúltacha ar acmhainní dílse a chumhdaítear faoin Rialachán ón gComhairle (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 (12). Ach amháin i gcás na n-acmhainní dílse, is gá na cúraimí reatha agus na rialuithe atá faoi chúram na n-oifigeach údarúcháin a choimeád ag céimeanna éagsúla an nós imeachta: meastachán ar na méideanna is infhaighte a shocrú, orduithe aisghabhála a eisiúint, seoladh an nóta dochair lena chur in iúl don fhéichiúnaí gur socraíodh an méid is infhaighte agus an cinneadh, nuair is gá, teidlíocht a tharscaoileadh faoi réir critéir lena ráthaítear go bhfuiltear ag cloí le bainistíocht fhónta airgeadais chun bailiú éifeachtúil ioncaim a áirithiú. |
(40) |
Ba cheart don oifigeach údarúcháin a bheith in ann aisghabháil ar mhéid a socraíodh mar mhéid is infhaighte a tharscaoileadh go hiomlán nó i bpáirt má tá an féichiúnaí faoi réir aon cheann de na himeachtaí dócmhainneachta arna sainiú i Rialachán (AE) 2015/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), go háirithe i gcásanna comhshocraíochtaí breithiúnacha, imshocraíochtaí agus imeachtaí cosúil leo sin. |
(41) |
Ba cheart forálacha sonracha maidir le nósanna imeachta um meastachán ar an méid is infhaighte a choigeartú nó a laghdú go nialas a leagan síos. |
(42) |
Ní mór soiléiriú a thabhairt maidir le cén t-am go díreach a gcuirfear isteach sa bhuiséad suimeanna a fhaightear mar fhíneálacha, pionóis agus smachtbhannaí eile, mar aon le hús fabhraithe nó ioncam eile arna ghiniúint dá mbarr. |
(43) |
Mar gheall ar na forbairtí sna margaí airgeadais le deireanas agus an ráta úis a chuireann an Banc Ceannais Eorpach (BCE) i bhfeidhm ar a chuid príomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin, is gá athbhreithniú a dhéanamh ar na forálacha a bhaineann leis an ráta úis le haghaidh fíneálacha nó pionóis eile agus foráil a dhéanamh le haghaidh rialacha i gcás ina mbíonn ráta úis diúltach ann. |
(44) |
Chun cineál sonrach na méideanna is infhaighte a léiriú, méideanna atá comhdhéanta d’fhíneálacha nó de phionóis eile arna bhforchur ag Institiúidí an Aontais faoi CFAE nó faoin gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (Conradh Euratom), is gá forálacha sonracha a thabhairt isteach i leith na rátaí úis is infheidhme maidir le méideanna atá dlite ach nach bhfuil íoctha fós, i gcás go méadódh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh na méideanna sin. |
(45) |
Ba cheart na rialacha maidir le haisghabháil a shoiléiriú agus a neartú. Go háirithe, ba cheart a shonrú go bhfuil an t-oifigeach cuntasaíochta le méideanna a aisghabháil trína gcúiteamh freisin i gcoinne méideanna atá dlite don fhéichiúnaí ag gníomhaireacht feidhmiúcháin agus an buiséad á chur chun feidhme aici. |
(46) |
D’fhonn deimhneacht dhlíthiúil agus trédhearcacht a áirithiú, ba cheart rialacha a bhaineann leis na spriocamanna ina bhfuil nóta dochair le seoladh a leagan síos. |
(47) |
Chun bainistíocht sócmhainní a dhaingniú agus chun féachaint le luach saothair airgeadais a bhaint amach chomh maith, is gá méideanna a bhaineann le fíneálacha, le pionóis eile nó le smachtbhannaí arna bhforchur faoi CFAE nó faoi Chonradh Euratom, ar nós fíneálacha comórtais a mbeifí ag cur ina gcoinne, a bhailiú go sealadach agus a infheistiú i sócmhainní airgeadais, agus cinneadh a dhéanamh faoin mbrabús orthu a shannadh. Toisc nach é an Coimisiún an t-aon institiúid amháin de chuid an Aontais a bhfuil sé de cheart aige fíneálacha, pionóis eile nó smachtbhannaí a fhorchur, is gá forálacha a leagan síos a bhaineann leis na fíneálacha, na pionóis eile nó na smachtbhannaí sin arna bhforchur ag institiúidí eile de chuid an Aontais agus rialacha a leagan síos maidir lena n-aisghabháil, rialacha ar cheart a bheith coibhéiseach leo sin is infheidhme maidir leis an gCoimisiún. |
(48) |
Chun a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis uile is gá ag an gCoimisiún chun cinntí maoiniúcháin a ghlacadh, is gá na ceanglais íosta le haghaidh inneachar na gcinntí maoiniúcháin maidir le deontais, soláthar, cistí iontaobhais de chuid an Aontais maidir le gníomhaíochtaí seachtracha (“cistí iontaobhais de chuid an Aontais”), duaiseanna, ionstraimí airgeadais, saoráidí measctha nó ardáin mheasctha agus ráthaíochtaí buiséadacha a leagan síos. Ag an am céanna, chun go mbeidh dearcadh níos fadtéarmaí ag na faighteoirí ionchasacha, is gá cead a thabhairt na cinntí maoiniúcháin a ghlacadh ar feadh níos mó ná 1 bhliain airgeadais amháin agus é á shonrú ag an am céanna go bhfuil an cur chun feidhme faoi réir ag leithreasuithe buiséid a bheith ar fáil don bhliain ábhartha airgeadais. Thairis sin, is gá líon na n-eilimintí a bhíonn de dhíth don Chinneadh maoiniúcháin a laghdú. Ag an am céanna, i gcomhréir le haidhm an tsimplithe, ba cheart an cinneadh maoiniúcháin a bheith ina chlár oibre bliantúil nó ina chlár oibre ilbhliantúil. Toisc go bhfuil ranníocaíochtaí leis na comhlachtaí de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 70 agus Airteagal 71 bunaithe sa bhuiséad cheana féin, níor cheart é a bheith de cheangal cinneadh sonrach maoiniúcháin a ghlacadh ina leith sin. |
(49) |
Maidir le caiteachas, ba cheart an gaol idir cinntí maoiniúcháin, ceangaltais fhoriomlána bhuiséadacha agus ceangaltais aonair bhuiséadacha, chomh maith le coincheapa an cheangaltais bhuiséadaigh agus dhlíthiúil a shoiléiriú chun creat soiléir a bhunú do na céimeanna éagsúla de chur chun feidhme an bhuiséid. |
(50) |
Chun líon na ngealltanas dlíthiúil arna ndéanamh ag toscaireachtaí agus ionadaíochtaí de chuid an Aontais, go háirithe, agus luaineacht sa ráta malairte a bhíonn i gceist leo a chur san áireamh, ba cheart go bhféadfaí gealltanais shealadacha bhuiséadacha a dhéanamh freisin i gcásanna nuair is eol an méid atá i gceist agus cé hé an t-íocaí deireanach. |
(51) |
Maidir le tíopeolaíocht na n-íocaíochtaí ar féidir le hoifigigh údarúcháin iad a dhéanamh, ba cheart soiléiriú a sholáthar ar na cineálacha éagsúla íocaíochta, i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais. Ba cheart soiléiriú breise a thabhairt ar na rialacha maidir le réamh-mhaoiniú ar íocaíochtaí a imréiteach, go háirithe i gcásanna nach féidir imréiteach eatramhach a dhéanamh. Chuige sin, ba cheart forálacha oiriúnacha a bheith mar chuid de ghealltanais dhlíthiúla a dhéanfar. |
(52) |
Ba cheart go sonrófaí sa Rialachán seo go bhfuil íocaíochtaí le déanamh laistigh de theorainneacha ama sonraithe agus, i gcás nach gcloítear leis na teorainneacha ama sin, beidh creidiúnaithe i dteideal ús mainneachtana a fháil, ús a dhéanfar a mhuirearú ar an mbuiséad, seachas i gcás na mBallstát, an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) agus an Chiste Eorpaigh Infheistíochta (CEI). |
(53) |
Is iomchuí na forálacha a bhaineann le bailíochtú agus údarú ar chaiteachas a chomhtháthú in aon airteagal amháin agus sainmhíniú ar “saoradh” a thabhairt isteach. Toisc go ndéantar na hidirbhearta ar chórais ríomhairithe, ba cheart síniú a daingníodh go leictreonach a chur in ionad dearbhán “ceadaithe chun a íoctha” a shíniú d’fhonn an cinneadh bailíochtaithe a chur in iúl, ach amháin i líon teoranta cásanna. Is gá freisin a shoiléiriú go bhfuil feidhm ag bailíochtú an chaiteachais maidir le gach costas incháilithe, lena n-áirítear, mar a bhíonn i gceist i dtaca le réamh-mhaoiniú a ghlanadh, costais nach bhfuil bainteach le hiarratas ar íocaíocht. |
(54) |
Chun an chastacht a laghdú, rialacha atá ann cheana féin a chuíchóiriú agus soléiteacht an Rialacháin seo a fheabhsú, ba cheart rialacha atá i gcoiteann ag níos mó ná ionstraim cur chun feidhme buiséid amháin a bhunú. Ar na cúiseanna sin ba cheart athghrúpáil a dhéanamh ar fhorálacha áirithe, ba cheart foclaíocht agus raon feidhme forálacha eile a ailíniú agus ba cheart athrá agus crostagairtí gan ghá a bhaint. |
(55) |
Ba cheart do gach institiúid coiste um dul chun cinn iniúchóireachta inmheánaí a bhunú a mbeidh sé mar chúram air neamhspleáchas an iniúchóra inmheánaigh a áirithiú, faireachán cáilíochta a dhéanamh ar an obair iniúchóireachta inmheánaí agus a áirithiú go gcuirfear moltaí inmheánacha agus seachtracha iniúchóireachta san áireamh go cuí, agus go ndéanfaidh seirbhísí na hinstitiúide obair leantach ina leith. Cinnfidh gach institiúid de chuid an Aontais comhdhéanamh an choiste sin um dul chun cinn iniúchóireachta inmheánaí, agus cuirfear san áireamh féinriail eagrúcháin gach institiúid de chuid an Aontais agus an tábhacht a bhaineann le sainchomhairle neamhspleách. |
(56) |
Ba cheart béim níos mó a leagan ar fheidhmíocht agus ar thorthaí tionscadail a mhaoinítear as an mbuiséad. Dá bhrí sin, is iomchuí foirm bhreise maoiniúcháin a shainiú nach bhfuil nasctha le costais na n-oibríochtaí ábhartha, sa bhreis ar na foirmeacha de ranníocaíochtaí an Aontais atá seanbhunaithe cheana féin (aisíocaíocht ar na costais iarbhír a tabhaíodh, costas aonaid, cnapshuimeanna agus maoiniú ar ráta comhréidh). Ba cheart an fhoirm bhreise maoiniúcháin sin a bheith bunaithe ar choinníollacha áirithe a chomhlíonadh ex ante, é sin nó a bheith bunaithe ar thorthaí a bhaint amach, arna dtomhas sin trí thagairt a dhéanamh do chlocha míle a leagadh síos roimhe sin nó trí tháscairí feidhmíochta. |
(57) |
I gcás ina ndéanann an Coimisiún measúnuithe ar chumas oibríochtúil agus airgeadais fhaighteoirí cistí ón Aontas nó ar na córais agus nósanna imeachta atá acu, ba cheart dó a bheith in ann dul ar iontaoibh na measúnuithe ata déanta cheana féin aige féin, ag eintitis eile, nó ag deontóirí eile amhail gníomhaireachtaí náisiúnta agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, chun nach mbeidh measúnaithe á ndéanamh faoi dhó ar na faighteoirí céanna. Ba cheart úsáid a bhaint as an bhféidearthacht dul ar iontaoibh measúnuithe a rinne eintitis eile i gcásanna ina ndearnadh na measúnuithe sin i gcomhlíonadh coinníollacha arb ionann iad agus na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo maidir leis an modh cur chun feidhme is infheidhme. Dá bhrí sin, chun iontaoibh ar mheasúnuithe ó fhoinsí eile a chothú i measc deontóirí, ba cheart don Choimisiún aitheantas ar chaighdeáin atá inghlactha go hidirnáisiúnta nó ar dhea-chleachtais idirnáisiúnta a chur chun cinn. |
(58) |
Ina theannta sin, is den tábhacht é cásanna a sheachaint ina ndéanfadh eintitis éagsúla iniúchadh ar fhaighteoirí cistí ón Aontas roinnt uaireanta maidir le húsáid na gcistí sin. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh an fhéidearthacht ann dul ar iontaoibh iniúchtaí arna ndéanamh cheana féin ag iniúchóirí neamhspleácha ar choinníoll go bhfuil fianaise leordhóthanach ann ar a n-inniúlacht agus ar a neamhspleáchas agus ar choinníoll go mbíonn an saothar iniúchóireachta sin bunaithe ar chaighdeáin iniúchtóireachta a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta lena dtugtar urrús réasúnach, agus gur cuireadh i bhfeidhm iad ar na ráitis agus tuarascálacha airgeadais ina leagtar amach an úsáid atá le baint as an rannchuidiú sin ón Aontas. Ba cheart na hiniúchtaí sin a bheith ina mbonn leis an dearbhú foriomlán ar úsáid cistí de chuid an Aontais. Chuige sin, is den tábhacht a áirithiú go gcuirtear tuarascáil an iniúchóra neamhspleách agus doiciméadacht ábhartha ar fáil arna iarraidh sin dóibh do Pharlaimint na hEorpa, don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus d’údaráis iniúchóireachta na mBallstát. |
(59) |
Ionas gur féidir brath ar mheasúnaithe agus iniúchtaí agus d’fhonn an t-ualach riarthach a laghdú do dhaoine agus eintitis atá ag fáil cistí de chuid an Aontais, is den tábhacht a áirithiú go ndéantar athúsáid ar pé faisnéis atá ar fáil cheana in institiúidí an Aontais, sna húdaráis bhainistíochta nó i gcomhlachtaí nó eintitis eile a chuireann cistí de chuid an Aontais chun feidhme d’fhonn iarrataí iolracha ar fhaighteoirí nó ar thairbhithe a sheachaint. |
(60) |
Chun foráil a dhéanamh maidir le sásra don chomhar fadtéarmach le faighteoirí, ba cheart foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht comhaontuithe comhpháirtíochta i dtaca leis an gcreat airgeadais a shíniú. Ba cheart comhpháirtíochtaí creata airgeadais a chur chun feidhme trí bhíthin deontas nó trí chomhaontuithe rannchuidíochta le daoine agus le heintitis a chuireann cistí de chuid an Aontais chun feidhme. Chun na críche sin, ba cheart inneachar íosta na gcomhaontuithe rannchuidíochta sin a shonrú. Níor cheart comhpháirtíochtaí creata airgeadais srianadh míchuí a chur ar rochtain ar mhaoiniú ón Aontas. |
(61) |
Ba cheart na coinníollacha agus nósanna imeachta maidir le ranníocaíocht de chuid an Aontais a chur ar fionraí, a fhoirceannadh nó a laghdú, ba cheart iad a chomhchuibhiú i dtaca leis na hionstraimí éagsúla cur chun feidhme buiséid amhail deontais, soláthar, bainistiú indíreach, duaiseanna, etc. Ba cheart na forais atá le fionraí, foirceannadh nó laghdú den sórt sin a shainiú. |
(62) |
Ba cheart tréimhsí caighdeánacha a bhunú leis an Rialachán seo, tréimhsí ar ceart doiciméid a bhaineann le ranníocaíochtaí ón Aontas a bheith á gcoimeád ag faighteoirí lena linn, chun ceanglais chonarthacha éagsúla nó dhíréireacha a sheachaint agus chun a ndóthain ama a thabhairt don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) rochtain a fháil ar shonraí agus ar dhoiciméid den sórt sin agus chun na seiceálacha agus iniúchtaí ex post a dhéanamh. Ina theannta sin, ba cheart iallach a chur ar aon duine nó aon eintiteas a fhaigheann cistí de chuid an Aontais dul i mbun comhair chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint. |
(63) |
Chun faisnéis leordhóthanach a sholáthar do rannpháirtithe agus d’fhaighteoirí agus chun a áirithiú go mbeadh an fhéidearthacht acu a gceart chun cosanta a fheidhmiú, ba cheart cead a thabhairt do rannpháirtithe agus d’fhaighteoirí a mbarúlacha a sheoladh isteach sula nglacfaí aon bheart a d’imreodh drochthionchar ar a gcearta agus ba cheart iad a chur ar an eolas faoi na modhanna sásaimh atá ar fáil dóibh chun agóid a dhéanamh i gcoinne beart den sórt sin. |
(64) |
Chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, ba cheart don Choimisiún córas amháin luathbhratha agus eisiaimh a bhunú. |
(65) |
Ba cheart feidhm a bheith ag an gcóras luathbhratha agus eisiaimh maidir le rannpháirtithe, faighteoirí, eintitis a bhfuil sé i gceist ag an iarrthóir nó tairgeoir dul i muinín a gcumais, fochonraitheoirí conraitheora, aon duine nó aon eintiteas a fhaigheann cistí de chuid an Aontais má chuirtear an buiséad chun feidhme faoi bhainistiú indíreach, aon duine nó aon eintiteas a fhaigheann cistí de chuid an Aontais faoi ionstraimí airgeadais arna gcur chun feidhme faoi bhainistiú díreach, rannpháirtithe nó faighteoirí ar sholáthair eintitis a chuireann an buiséad chun feidhme faoi bhainistiú comhroinnte faisnéis ar fáil ina dtaobh, agus urraitheoirí. |
(66) |
Ba cheart a shoiléiriú, i gcás ina ndéantar cinneadh chun duine nó eintiteas a chlárú sa bhunachar sonraí a ghabhann leis an gcóras luathbhratha agus eisiaimh ar bhonn staid eisiaimh a bhaineann le duine nádúrtha nó dlítheanach atá ina chomhalta de chomhlacht riaracháin, bainistithe nó maoirseachta an duine nó an eintitis sin, nó ag a bhfuil cearta uiríll, cinnteoireachta nó rialaithe i ndáil leis an duine nó eintiteas sin, nó le duine nádúrtha nó dlítheanach a ghlacann dliteanas neamhtheoranta air féin as fiacha an duine sin nó an eintitis sin nó le duine nádúrtha atá riachtanach chun go ndéanfaí an gealltanas dlíthiúil a bhronnadh nó a chur chun feidhme, ba cheart a shoiléiriú go bhfuil an fhaisnéis a bhaineann leis na daoine sin le bheith san áireamh san fhaisnéis arna clárú sa bhunachar sonraí. |
(67) |
Ba cheart gurb iad na hoifigigh údarúcháin atá freagrach, i bhfianaise a neamhspleáchais in ábhair riaracháin, a dhéanfaidh an cinneadh duine nó eintiteas a eisiamh ó rannpháirtíocht i nósanna imeachta um dhámhachtain nó pionós airgeadais a fhorchur agus a dhéanfaidh an cinneadh an fhaisnéis ghaolmhar a fhoilsiú. In éagmais breithiúnas críochnaitheach nó cinneadh riaracháin críochnaitheach agus i gcásanna a bhaineann le sárú tromchúiseach conartha, ba cheart do na hoifigigh údarúcháin a gcinneadh a dhéanamh ar bhonn réamhaicmiú sa dlí, ag féachaint don mholadh ón bpainéal. Ba cheart don phainéal measúnú a dhéanamh freisin ar an ré a bheidh i gceist d’eisiamh i gcásanna nár socraíodh an ré leis an mbreithiúnas críochnaitheach nó leis an gcinneadh riaracháin ina leith. |
(68) |
Ba cheart an ról a bheith ag an bpainéal a áirithiú go bhfeidhmeoidh an córas eisiaimh go comhleanúnach. Ba cheart gurb iad buanchathaoirleach, beirt ionadaithe ón gCoimisiún agus ionadaí de chuid an oifigigh údarúcháin iarrthaigh a bheadh ar an bpainéal. |
(69) |
Leis an réamhaicmiú sa dlí, ní dhéantar réamhbhreithiúnas ar an measúnú críochnaitheach ar iompar an duine nó an eintitis lena mbaineann a dhéanfaidh údaráis inniúla na mBallstát faoin dlí náisiúnta. An moladh ón bpainéal agus an cinneadh ón oifigeach údarúcháin atá freagrach, ba cheart iad a athbhreithniú, dá bhrí sin, tar éis fógra a thabhairt faoin measúnú críochnaitheach sin. |
(70) |
Ba cheart don oifigeach údarúcháin atá freagrach duine nó eintiteas a eisiamh nuair a suíodh le breithiúnas críochnaitheach nó le cinneadh riaracháin críochnaitheach go raibh an duine nó an t-eintiteas ciontach as mí-iompar gairmiúil tromchúiseach, as neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí a bhaineann le ranníocaíochtaí slándála sóisialta nó le cánacha a íoc, bíodh an neamhchomhlíonadh sin d’aon turas nó ná bíodh, as eintiteas a chruthú i ndlínse eile agus é mar aidhm aige dul timpeall ar oibleagáidí fioscacha, sóisialta nó oibleagáidí dlíthiúla eile, as calaois a dhéanann difear don bhuiséad, as éilliú, as iompar a bhaineann le heagraíocht choiriúil, as sciúradh airgid nó maoiniú na sceimhlitheoireachta, as cionta sceimhlitheoireachta nó as cionta a bhaineann le gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta, as saothar leanaí nó cionta eile a bhaineann le gáinneáil ar dhaoine nó as neamhrialtacht a dhéanamh. Ba cheart duine nó eintiteas a eisiamh freisin i gcás sárú tromchúiseach ar ghealltanas dlíthiúil nó i gcás féimheachta. |
(71) |
Nuair a bheidh cinneadh á ghlacadh maidir le duine nó eintiteas a eisiamh nó maidir le pionós airgeadais a fhorchur ar dhuine nó ar eintiteas agus maidir leis an méid sin a fhoilsiú, ba cheart don oifigeach údarúcháin atá freagrach a áirithiú go gcomhlíonfar prionsabal na comhréireachta, go háirithe trí aird a thabhairt ar thromchúis an cháis, ar an tionchar buiséadach a bheidh aige, ar an méid ama a d’imigh thart ó rinneadh an t-iompar ábhartha, ar ré agus atarlú an iompair, ar cibé an raibh rún ann i dtaobh an iompair nó ar mhéid na faillí sin agus ar an méid a chomhoibrigh an duine nó eintiteas leis an údarás ábhartha inniúil agus ar rannchuidiú an duine nó an eintitis sin leis an imscrúdú. |
(72) |
Ba cheart go bhféadfadh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach duine nó eintiteas a eisiamh freisin i gcás ina mbeidh duine nádúrtha nó dlítheanach a ghlacann dliteanas neamhtheoranta as fiacha an oibreora eacnamaíoch sin féimheach nó i staid chomhchosúil dócmhainneachta nó má mhainníonn an duine nádúrtha nó dlítheanach sin a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh maidir le ranníocaíochtaí slándála sóisialta nó cánacha a íoc, i gcás ina mbeidh tionchar ag na staideanna sin ar staid airgeadais an oibreora eacnamaíoch sin. |
(73) |
Níor cheart duine ná eintiteas a bheith faoi réir cinneadh maidir le heisiamh i gcás ina mbeidh bearta feabhais déanta aige, rud a léiríonn, ar an gcaoi sin, a iontaofacht. Níor cheart feidhm a bheith ag an deis sin i gcás na ngníomhaíochtaí coiriúla is tromchúisí. |
(74) |
I bhfianaise phrionsabal na comhréireachta, ba cheart idirdhealú a dhéanamh idir na cásanna sin ina ndéanfar pionós airgeadais a fhorchur seachas eisiamh a dhéanamh, ar thaobh amháin, agus na cásanna inarb amhlaidh, de bharr a thromchúisí atá iompar an fhaighteora lena mbaineann i leith iarracht a dhéanamh cistí de chuid an Aontais a fháil go míchuí, go mbeidh bonn cirt le pionós airgeadais a fhorchur de bhreis ar an eisiamh chun éifeacht dhíspreagthach a áirithiú, ar an taobh eile. Ba cheart sainiú a dhéanamh freisin ar mhéid uasta an phionóis airgeadais a fhéadfaidh an t-údarás conarthach a fhorchur. |
(75) |
Níor cheart pionós airgeadais a fhorchur ach amháin ar fhaighteoir agus gan é a fhorchur ar rannpháirtí toisc go ndéantar méid an phionóis airgeadais atá le forchur a ríomh ar bhonn luach an ghealltanais dhlíthiúil atá i ngeall. |
(76) |
Is neamhspleách ón deis pionóis chonarthacha, amhail damáistí leachtaithe, a chur i bhfeidhm atá an deis chun cinntí a ghlacadh maidir le heisiamh agus pionóis airgeadais a fhorchur. |
(77) |
Ba cheart ré eisiaimh a bheith teoranta ó thaobh ama, amhail an cás faoi Threoir 2014/24/AE agus ba cheart é bheith i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta. |
(78) |
Is gá an dáta ar a dtosóidh an tréimhse teorann chun cinntí a ghlacadh maidir le heisiamh nó pionóis airgeadais a fhorchur agus ré na tréimhse sin a chinneadh. |
(79) |
Tá sé tábhachtach go bhféadfar an éifeacht dhíspreagthach a bheidh ag an eisiamh agus ag an bpionós airgeadais a atreisiú. I ndáil leis an méid sin, ba cheart go ndéanfaí an éifeacht dhíspreagthach a atreisiú tríd an deis an fhaisnéis a bhaineann leis an eisiamh agus/nó leis an bpionós airgeadais a fhoilsiú, ar bhealach a sásaíonn Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Rialachán (AE) 2016/679. Ba cheart go gcuideodh an foilsiú sin chun a áirithiú nach ndéanfar an t-iompar céanna an athuair. Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil agus i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ba cheart na staideanna a shonrú nár cheart foilsiú a dhéanamh ina leith. Sa mheasúnú a dhéanfaidh sé, ba cheart don oifigeach údarúcháin atá freagrach féachaint d’aon mholadh ón bpainéal. A mhéid a bhaineann le daoine nádúrtha, níor cheart sonraí pearsanta a fhoilsiú ach i gcúinsí eisceachtúla, a mbeidh bonn cirt leo de bharr a thromchúisí atá an gníomh nó de bharr an tionchair a bheidh aige ar leasanna airgeadais an Aontais. |
(80) |
Níor cheart faisnéis a bhaineann le heisiamh nó le pionós airgeadais a fhoilsiú ach amháin i gcásanna áirithe amhail mí-iompar gairmiúil tromchúiseach, calaoise, easnamh suntasach maidir leis na príomhoibleagáidí a chomhlíonadh atá ag baint le gealltanas dlíthiúil a mhaoinítear leis an mbuiséad, nó neamhrialtacht, nó i gcás ina gcruthaítear eintiteas indlínse eile agus é mar aidhm aige dul timpeall ar oibleagáidí fioscacha, sóisialta nó oibleagáidí dlíthiúla eile. |
(81) |
Ba cheart na critéir eisiaimh a bheith scartha go soiléir ó na critéir as a dtiocfaidh diúltú féideartha i gcás nós imeachta um dhámhachtain. |
(82) |
An fhaisnéis faoi rioscaí a bhrath go luath agus faoi chinntí maidir le heisiamh agus faoi phionóis airgeadais a fhorchur ar dhuine nó ar eintiteas, ba cheart í a lárú. Chun na críche sin, ba cheart faisnéis ghaolmhar a stóráil i mbunachar a bhunóidh agus a fheidhmeoidh an Coimisiún mar úinéir an chórais láraithe. Ba cheart don chóras sin feidhmiú i gcomhréir leis an gceart chun príobháideachta agus chun sonraí pearsanta a chosaint. |
(83) |
Is é an Coimisiún is ceart a bheith freagrach as an gcóras luathbhratha agus eisiaimh a bhunú agus a fheidhmiú, ach ba cheart d’institiúidí agus do chomhlachtaí eile de chuid an Aontais, mar aon leis na daoin agus na heintitis uile a chuirfidh cistí de chuid an Aontais chun feidhme faoi bhainistiú díreach, comhroinnte agus indíreach, páirt a ghlacadh sa chóras sin trí fhaisnéis ábhartha a tharchur chuig an gCoimisiún. Ba cheart don oifigeach údarúcháin atá freagrach agus don phainéal an ceart ar chosaint atá ag an duine nó ag an eintiteas a ráthú. Ba cheart an ceart céanna a thabhairt do dhuine nó d’eintiteas, i gcomhthéacs luathbhratha, i gcás ina bhféadfadh tionchar díobhálach a bheith ag beart arna bheartú ag oifigeach údarúcháin ar chearta an duine nó an eintitis lena mbaineann. I gcásanna ina mbeidh calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile ann a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais nach bhfuil fós faoi réir breithiúnas críochnaitheach, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ann don oifigeach údarúcháin atá freagrach an fógra don duine nó don eintiteas a iarchur agus don phainéal ceart an duine nó an eintitis a chuid nó a cuid barúlacha a chur in iúl a iarchur. Níor cheart iarchur den sórt sin a cheadú ach amháin i gcás ina mbeidh forais dhlisteanacha láidre ann chun rúndacht an imscrúdaithe nó na n-imeachtaí násiúnta breithiúnacha a chaomhnú. |
(84) |
Ba cheart dlínse neamhtheoranta a thabhairt do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le cinntí maidir le heisiamh agus maidir le pionóis airgeadais arna bhforchur de bhun an Rialacháin seo, i gcomhréir le hAirteagal 261 CFAE. |
(85) |
Chun cosaint leasanna airgeadais an Aontais a éascú ar fud mhodhanna uile chur chun feidhme an bhuiséid, ba cheart do na daoine agus do na heintitis atá rannpháirteach i gcur chun feidhme an bhuiséid faoi bhainistiú comhroinnte agus faoi bhainistiú indíreach, aird a thabhairt, de réir mar is iomchuí, ar na heisiaimh sin a chinnfidh na hoifigigh údarúcháin a dhéanamh ar leibhéal an Aontais. |
(86) |
Ba cheart cuspóirí an r-rialtais a chothú leis an Rialachán seo, go háirithe sonraí leictreonacha a úsáid i malartú faisnéise idir institiúidí an Aontais agus tríú páirtithe. |
(87) |
Ba cheart coinníollacha soiléire d’inghlacthacht na gcóras a úsáidfear a bheith mar chuid den dul chun cinn i dtreo malartú leictreonach faisnéise agus seoladh isteach leictreonach doiciméad, ríomhsholáthar san áireamh, i gcás inarb iomchuí, ar mórbheart i dtreo an tsimplithe é, chun timpeallacht atá fónta ó thaobh an dlí de a bhunú agus solúbthacht a choinneáil ag an am céanna do na rannpháirtithe, do na faighteoirí agus do na hoifigí údarúcháin i dtaca le bainistíocht ar chistí de chuid an Aontais, mar a fhoráiltear faoin Rialachán seo. |
(88) |
Ba cheart rialacha a leagan síos maidir le comhdhéanamh agus cúraimí an choiste a bheidh i gceannas ar dhoiciméad iarratais a mheas a bhaineann le nósanna imeachta chun soláthar, nósanna imeachta chun deontais a dhámhachtain agus le comórtais i gcomhair duaiseanna. Ba cheart go mbeadh an fhéidearthacht ann saineolaithe seachtracha a áireamh ar an gcoiste i gcás ina ndéantar foráil dó sa bhunghníomh. |
(89) |
I gcomhréir le prionsabal an dea-rialachais, ba cheart don oifigeach údarúcháin soiléirithe nó doiciméid atá in easnamh a iarraidh, agus prionsabal na córa comhionainne á urramú aige agus gan athrú substaintiúil a dhéanamh ar na doiciméid iarratais. Níor cheart go mbeadh an fhéidearthacht ag an oifigeach údarúcháin cinneadh a dhéanamh é sin a dhéanamh ach i gcásanna a bhfuil údar cuí leo. Ina theannta sin, ba cheart don oifigeach údarúcháin a bheith in ann earráid shoiléir chléireachais a cheartú nó iarraidh ar an rannpháirtí é a cheartú. |
(90) |
Ba cheart é a bheith de cheangal faoi bhainistíocht fhónta airgeadais go gcosnódh an Coimisiún é féin trí ráthaíochtaí a iarraidh tráth a íoctar réamh-mhaoiniú. Níor cheart gur cheanglas uathoibríoch é an ceanglas ar chonraitheoirí ráthaíochtaí a thaisceadh, ach ba cheart go mbunófaí é ar anailís riosca. Sa chás, le linn an chur chun feidhme, go bhfaigheann an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach amach nach bhfuil údarú ag ráthóir ráthaíochtaí a eisiúint i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, nó nach bhfuil an t-údarú sin ag an ráthóir a thuilleadh, ba cheart don oifigeach údarúcháin a bheith in ann a éileamh go ndéanfaí an ráthaíocht a ionadú. |
(91) |
Ba chúis mearbhaill na tacair éagsúla rialacha don chur chun feidhme díreach agus don bhainistiú indíreach, go háirithe maidir le coincheap de “cúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid”, agus ghabh baol leo maidir le hearráidí ó thaobh incháilitheachta de don Choimisiún agus dá chuid comhpháirtithe araon, agus ba cheart, dá bhrí sin, iad a shimpliú agus a chomhchuibhiú. |
(92) |
Ba cheart na forálacha maidir leis an gcolún-mheasúnú ex ante ar dhaoine agus ar eintitis a chuireann cistí de chuid an Aontais chun feidhme faoi bhainistiú indíreach a athbhreithniú le go mbeidh an Coimisiún in ann, a oiread is féidir, dul ar iontaoibh na gcóras, na rialacha agus na nósanna imeachta atá ag na daoine agus na heintitis sin, ar measadh iad a bheith comhionann leis na cinn a úsáideann an Coimisiún. Ina theannta sin, is den tábhacht soiléiriú a thabhairt go bhféadfadh an Coimisiún, i gcás gur léir de thoradh an mheasúnaithe gurb ann do réimsí nach leor na nósanna imeachta atá i bhfeidhm iontu chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, go bhféadfadh an Coimisiún sa chás sin comhaontuithe ranníocaíochta a shíniú agus bearta maoirseachta iomchuí á nglacadh aige ag an am céanna. Is den tábhacht soiléiriú a thabhairt cé na cásanna ina bhféadfaidh an Coimisiún a chinneadh nach bhfuil colún-mheasúnú ex ante de dhíth air chun comhaontuithe ranníocaíochta a shíniú. |
(93) |
Ba cheart luach saothair na ndaoine agus na n-eintiteas a chuireann an buiséad chun feidhme a bheith bunaithe ar fheidhmíocht, nuair is ábhartha agus nuair is féidir sin. |
(94) |
Téann an Coimisiún i gcomhpháirtíochtaí le tríú tíortha trí bhíthin comhaontuithe maoiniúcháin. Is den tábhacht soiléiriú a thabhairt ar a bhfuil sna comhaontuithe maoiniúcháin sin, go háirithe i gcás na gcodanna sin de ghníomhaíocht a chuireann an tríú tír chun feidhme faoi bhainistiú neamhdhíreach. |
(95) |
Is den tábhacht an ghné shonrach a bhaineann le saoráidí measctha nó ardáin mheasctha a aithint, saoráidí faoina ndéanann an Coimisiún a ranníocaíocht féin a chumasc le ranníocaíochtaí ó institiúidí airgeadais agus soiléiriú a thabhairt ar fhorálacha na n-ionstraimí airgeadais augs na ráthaíochtaí buiséadacha a chur i bhfeidhm. |
(96) |
Ba cheart rialacha agus prionsabail maidir le soláthar is infheidhme i leith conarthaí poiblí arna ndámhachtain ag institiúidí an Aontais as a stuaim féin a bheith bunaithe ar na rialacha a leagtar amach i dTreoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) agus ar Threoir 2014/24/AE. |
(97) |
I gcás conarthaí measctha, ba cheart soiléiriú a dhéanamh ar mhodheolaíocht na n-údarás conarthach chun na rialacha is infheidhme a chinneadh. |
(98) |
Na bearta poiblíochta ex ante agus ex post is gá chun nós imeachta soláthair a sheoladh, ba cheart iad a shoiléiriú do chonarthaí is comhionann leis na tairseacha a leagtar amach i dTreoir 2014/24/AE, nó is mó ná iad, do chonarthaí faoi na tairseacha sin agus do chonarthaí nach dtagann faoi raon feidhme na Treorach. |
(99) |
Ba cheart liosta uileghabhálach de nósanna imeachta soláthair uile institiúidí an Aontais, beag beann ar na tairseacha, a bheith sa Rialachán seo. |
(100) |
De ghrá an tsimplithe riaracháin agus chun fiontair bheaga agus mheánmhéide a spreagadh le bheith rannpháirteach, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le nósanna imeachta idirbheartaithe le haghaidh conarthaí ar luach meánach. |
(101) |
Amhail an cás i dTreoir 2014/24/AE, ba cheart don Rialachán seo comhairliúchán margaidh a cheadú sula seolfar nós imeachta soláthair. Chun a áirithiú nach n-úsáidfear an chomhpháirtíocht nuálaíochta ach amháin nuair nach mbeidh na saothair, na soláthairtí agus na seirbhísí inmhianaithe ar fáil ar an margadh nó mar ghníomhaíocht forbartha atá gar don mhargadh, ba cheart oibleagáid a leagan síos sa Rialachán seo go gcaithfear réamhchomhairliúchán margaidh a dhéanamh sula mbainfear úsáid as comhpháirtíocht nuálaíochta. |
(102) |
Ba cheart rannchuidiú na n-údarás conarthach maidir le cosaint an chomhshaoil agus maidir le cur chun cinn na forbartha inbhuanaithe a shoiléiriú agus, ag an am céanna, a áirithiú go bhfaigheann siad an luach is fearr ar airgead dá gcuid conarthaí, go háirithe trí lipéid shonracha a éileamh nó trí mhodhanna iomchuí dámhachtana a úsáid. |
(103) |
Chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh oibreoirí eacnamaíocha, agus conarthaí á gcur i gcrích acu, na hoibleagáidí maidir leis an gcomhshaol, na hoibleagáidí sóisialta agus na hoibleagáidí maidir le dlí an tsaothair arna mbunú le dlí an Aontais, le dlí náisiúnta na mBallstát, le comhaontuithe comhchoiteanna nó leis na coinbhinsiúin idirnáisiúnta shóisialta agus chomhshaoil a liostaítear in Iarscríbhinn X a ghabhann le Treoir 2014/24/AE, ba cheart na hoibleagáidí sin a bheith mar chuid de na ceanglais íosta a shaineoidh an t-údarás conarthach agus ba cheart iad a chomhtháthú sna conarthaí arna síniú ag an údarás conarthach. |
(104) |
Maidir le cásanna éagsúla, ar cásanna iad a dtugtar cásanna coinbhleachta leasa orthu de ghnáth, is iomchuí iad a shainaithint agus a láimhseáil ar bhealach ar leith. Ba cheart an coincheap “coinbhleacht leasanna” a úsáid le haghaidh cásanna ina mbeidh duine nó eintiteas nó duine a bhfuil freagrachtaí chur chun feidhme, iniúchóireachta nó rialaithe an bhuiséid air, nó oifigeach nó gníomhaire d’institiúid de chuid an Aontais a bhfuil an cúram sin air nó údaráis náisiúnta ar aon leibhéal a bhfuil an cúram sin orthu, agus sna cásanna sin amháin. Ba cheart féachaint ar iarrachtaí tionchar míchuí a imirt ar nós imeachta um dhámhachtain nó faisnéis rúnda a fháil mar mhí-iompar gairmiúil tromchúiseach a bhféadfadh diúltú i gcás nós imeachta um dhámhachtain agus/nó eisiamh ó chistí an Aontais a bheith mar thoradh air. Ina theannta sin, d’fhéadfadh oibreoirí eacnamaíocha a bheith i gcás nár cheart iad a roghnú chun conradh a chur chun feidhme de bharr leas coinbhleachta gairmiúil. Mar shampla, níor cheart do chuideachta meastóireacht a dhéanamh ar thionscadal a mbeidh sí féin rannpháirteach ann agus níor cheart d’iniúchóir a bheith in ann cuntais a iniúchadh a bheidh deimhnithe aige roimhe sin. |
(105) |
I gcomhréir le Treoir 2014/24/AE, ba cheart go bhféadfar a fhíorú an bhfuil oibreoir eacnamaíoch eisiata, critéir roghnúcháin agus dhámhachtana a chur i bhfeidhm, chomh maith le comhlíonadh na ndoiciméad soláthair a fhíorú in aon ord. Mar thoradh air sin, ba cheart an deis a bheith ann tairiscintí ar bhonn na gcritéar dámhachtana a dhiúltú gan an tairgeoir comhfhreagrach a sheiceáil roimh ré maidir le critéir eisiaimh nó roghnúcháin. |
(106) |
Ba cheart conarthaí a dhámhachtain ar bhonn na tairisceana is buntáistí go heacnamaíoch i gcomhréir le hAirteagal 67 de Threoir 2014/24/AE. |
(107) |
Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, is gá a shoiléiriú go bhfuil nasc docht idir na critéir roghnúcháin agus an mheastóireacht a dhéantar ar iarrthóirí nó ar thairgeoirí agus go bhfuil nasc docht idir na critéir dhámhachtana agus an mheastóireacht a dhéantar ar na tairiscintí. Go háirithe, is mar chritéar roghnúcháin agus ní mar chritéar dámhachtana is ceart cáilíochtaí agus taithí na foirne a dtugtar an conradh dóibh a úsáid, mar go bhféadfadh riosca forluí a bheith i gceist leis sin agus go bhféadfadh meastóireacht a dhéanamh faoi dhó ar an ngné chéanna. Thairis sin, dá n-úsáidfí na cáilíochtaí agus an taithí sin mar chritéar dámhachtana, chaithfí amhras ar na coinníollacha faoinar dámhadh an conradh agus chruthófaí neamhdheimhneacht dhlíthiúil dá ndéanfaí athrú ar bith ar an bhfoireann ar dámhadh an conradh orthu, fiú i gcás ina mbeadh údar leis sin mar gheall ar bhreoiteacht nó ar athrú i bpost. |
(108) |
Le soláthar an Aontais, ba cheart a áirithiú go n-úsáidfear cistí an Aontais ar bhealach éifeachtach, trédhearcach agus iomchuí, agus go laghdófar an t-ualach riaracháin ar fhaighteoirí cistí ón Aontas ag an am céanna. I ndáil leis sin, ba cheart, leis an ríomhsholáthar, go rannchuideofar le cistí de chuid an Aontais a úsáid ar bhealach níos fearr agus feabhas a chur ar an rochtain ar chonarthaí d’oibreoirí uile eacnamaíocha. Ba cheart do gach institiúid de chuid an Aontais a sheolann soláthar rialacha soiléire a fhoilsiú ar a suímh ghréasáin maidir le fáil, caiteachas agus faireachán, agus maidir leis na conarthaí a dámhadh, luach na gconarthaí san áireamh. |
(109) |
Ba cheart a shoiléiriú gur ann do réamhchéim agus meastóireacht le haghaidh aon nós imeachta. Ba cheart cinneadh dámhachtana a bheith ina thoradh ar mheastóireacht i gcónaí. |
(110) |
Nuair a chuirfear iarrthóirí agus tairgeoirí ar an eolas faoin toradh ar nós imeachta, ba cheart na forais ar a ndéanfar an cinneadh a chur in iúl dóibh agus ba cheart go bhfaighidh siad ráiteas mionsonraithe bunaithe ar a mbeidh sa tuarascáil mheastóireachta ina leagfar amach na cúiseanna leis an gcinneadh. |
(111) |
Ós rud é nach gcuirfear critéir i bhfeidhm in aon ord ar leith, ba cheart go bhfaighidh tairgeoirí a chuirfidh isteach tairiscintí comhlíontacha agus a ndiúltófar dóibh faisnéis mar gheall ar shaintréithe agus bhuntáistí coibhneasta an tairgeora a n-éireoidh leis má iarrann siad an méid sin. |
(112) |
I gcás creatchonarthaí lena ngabhfaidh athoscailt na hiomaíochta, níor cheart aon oibleagáid bheith ann faisnéis mar gheall ar shaintréithe agus bhuntáistí coibhneasta an tairgeora a n-éireoidh leis a chur ar fáil do chonraitheoir nach n-éireoidh leis, ar an mbonn go bhféadfar dochar a dhéanamh don iomaíocht chóir idir na páirtithe sa chreatchonradh céanna dá bhfaighidh siad an fhaisnéis sin gach uair a d’athosclófaí comórtas. |
(113) |
Ba cheart d’údarás conarthach a bheith ábalta nós imeachta soláthair a chealú sula síneofar an conradh, gan na hiarrthóirí ná na tairgeoirí a bheith i dteideal cúiteamh a éileamh. Ba cheart go mbeidh an méid sin gan dochar do na cásanna sin ina ngníomhóidh an t-údarás conarthach ar bhealach ina bhféadfar é a chur faoi dhliteanas i leith damáistí i gcomhréir le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais. |
(114) |
Amhail an cás i dTreoir 2014/24/AE, is gá soiléiriú a dhéanamh ar na coinníollacha faoina bhféadfar conradh a mhodhnú agus é á chomhlíonadh gan nós imeachta nua soláthair. Go háirithe, níor cheart nós imeachta nua um dhámhachtain a éileamh i gcás athruithe riaracháin, comharbas uilíoch agus cur i bhfeidhm clásal nó roghanna maidir le hathbhreithniú atá soiléir aonchiallach agus nach n-athraíonn ceanglais íosta an nós imeachta tosaigh. Ba cheart go mbeidh gá le nós imeachta nua soláthair i gcás ina ndéanfar modhnuithe ábhartha ar an gconradh tosaigh, go háirithe ar raon feidhme agus ar ábhar chearta agus oibleagáidí frithpháirteacha na bpáirtithe, lena n-áirítear maidir le dáileadh na gceart maoine intleachtúla. Leis na modhnuithe sin, léirítear go bhfuil sé i gceist ag na páirtithe téarmaí nó coinníollacha bunriachtanacha an chonartha sin a chaibidliú an athuair, go háirithe dá mbeadh tionchar ag na modhnuithe ar thoradh an nós imeachta, dá mbeidís mar chuid den nós imeachta tosaigh. |
(115) |
Ní mór foráil a dhéanamh maidir leis an rogha i dtaca le ráthaíocht feidhmíochta a éileamh i gcás saothair, soláthairtí agus seirbhísí casta chun comhlíonadh oibleagáidí suntasacha conarthacha a ráthú agus chun feidhmiú iomchuí le linn ré an chonartha a áirithiú. Lena chois sin, ní mór foráil a dhéanamh maidir leis an rogha i dtaca le ráthaíocht um airgead coinneála a éileamh chun tréimhse dhliteanais an chonartha a chumhdach, i gcomhréir leis an gcleachtas is gnách sna hearnálacha lena mbaineann. |
(116) |
Chun na tairseacha agus na nósanna imeachta is infheidhme a chinneadh, is gá a shoiléiriú an meastar gur údaráis chonarthacha iad institiúidí an Aontais, mar aon le gníomhaireachtaí feidhmiúcháin agus comhlachtaí de chuid an Aontais. Níor cheart a mheas gur údaráis chonarthacha iad i gcásanna ina gceannóidh siad ó chomhlacht lárnach ceannaigh. Ina theannta sin, is eintiteas dlíthiúil aonair iad institiúidí an Aontais agus ní fhéadfaidh a gcuid ranna conarthaí a thabhairt i gcrích, agus ní fhéadfaidh siad ach comhaontuithe leibhéil seirbhíse a thabhairt i gcrích, idir eatarthu. |
(117) |
Is iomchuí tagairt a chur isteach sa Rialachán seo don dá thairseach a leagtar amach i dTreoir 2014/24/AE maidir le saothair agus le soláthairtí agus seirbhísí, faoi seach. Ba cheart na tairseacha sin a bheith infheidhme freisin maidir le conarthaí lamháltais ar mhaithe le simpliú, chomh maith le bainistíocht fhónta airgeadais, agus sainiúlachtaí riachtanais chonarthacha institiúidí an Aontais á gcur san áireamh. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeidh athbhreithniú ar na tairseacha sin amhail dá bhforáiltear i dTreoir 2014/24/AE infheidhme go díreach maidir le soláthar faoin Rialachán seo. |
(118) |
Chun críocha comhchuibhithe agus simplithe, ba cheart freisin na nósanna imeachta caighdeánaithe is infheidhme maidir le soláthar a chur i bhfeidhm i gcás ceannacháin dá bhforáiltear faoin réimeas bog do chonarthaí do sheirbhísí sóisialta agus do sheirbhísí sonracha eile dá dtagraítear in Airteagal 74 de Threoir 2014/24/AE. Ar an ábhar sin, ba cheart an tairseach maidir le ceannacháin faoi réimeas bog a chuíchóiriú leis an tairseach maidir le conarthaí seirbhíse. |
(119) |
Is gá coinníollacha chur i bhfeidhm na tréimhse neamhghníomhaíochta atá le hurramú sula síneofar conradh nó creatchonradh a shoiléiriú. |
(120) |
Ba cheart na rialacha is infheidhme maidir le soláthar i réimse na ngníomhaíochtaí seachtracha a bheith comhsheasmhach leis na prionsabail a leagtar síos i dTreoir 2014/23/AE agus Treoir 2014/24/AE. |
(121) |
Chun castacht a laghdú, chun rialacha atá ann cheana a chuíchóiriú agus chun inléiteacht na rialacha soláthair a fheabhsú, ní mór na forálacha ginearálta maidir le soláthar agus na forálacha sonracha is infheidhme maidir le soláthar i réimse na ngníomhaíochtaí seachtracha a athghrúpáil agus fáil réidh le haon athrá nó crostagairt iontu nach bhfuil gá leo. |
(122) |
Is gá a shoiléiriú cé na hoibreoirí eacnamaíocha a mbeidh rochtain acu ar sholáthar arna dhéanamh faoin Rialachán seo ag brath ar an áit a bhfuil siad bunaithe agus foráil a dhéanamh go sainráite go mbeidh deis ag eagraíochtaí idirnáisiúnta freisin an rochtain sin a bheith acu. |
(123) |
Chun cothromaíocht a bhaint amach idir an gá atá le trédhearcacht agus comhleanúnachas níos fearr ar thaobh amháin agus an gá atá le solúbthacht maidir le gnéithe teicniúla áirithe de na rialacha sin a chur ar fáil ar an taobh eile, ba cheart na rialacha teicniúla maidir le soláthar a leagan amach in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo agus ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le leasuithe ar an Iarscríbhinn sin. |
(124) |
Is gá raon feidhme an Teidil maidir le deontais a shoiléiriú, go háirithe i dtaca leis an gcineál gníomhaíochta nó comhlachta atá i dteideal deontais agus, chomh maith leis sin, i dtaca le gealltanais dlí a fhéadfaidh a úsáid chun deontais a chumhdach. Ba cheart, go háirithe, deireadh a chur le cinntí deontais de réir a chéile i ngeall ar an úsáid theoranta a bhaintear astu agus i ngeall ar thabhairt isteach an chórais ríomhdheontais ar bhonn céimnithe. Ba cheart an leagan amach a shimpliú trí fhorálacha maidir le hionstraimí nach deontais iad a bhogadh go codanna eile den Rialachán. Ba cheart soiléiriú a dhéanamh ar na cineálacha comhlachta a fhéadfaidh deontais oibriúcháin a fháil trí gan tagairt a thuilleadh do chomhlachtaí a bhfuil aidhm lena mbaineann leas ginearálta an Aontais á saothrú acu óir cumhdaítear na comhlachtaí sin leis an gcoincheap de chomhlachtaí a bhfuil cuspóir acu ar cuid de bheartas an Aontais é, agus a bhfuil an beartas sin á thacú acu. |
(125) |
Chun nósanna imeachta a shimpliú agus chun feabhas a chur ar inléiteacht an Rialacháin seo, ba cheart forálacha maidir le hábhar an iarratais ar dheontas, an ghlao ar thograí agus an chomhaontaithe deontais a shimpliú agus a chuíchóiriú. |
(126) |
Chun cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí atá maoinithe ag ildeontóirí a éascú, i gcás nach eol an ann do mhaoiniú foriomlán na gníomhaíochta tráth a gheallfar ranníocaíocht an Aontais, is gá soiléiriú a dhéanamh ar an gcaoi a ndéanfar ranníocaíocht an Aontais a shainiú agus ar an gcur chuige lena ndéanfar úsáid na ranníocaíochta a fhíorú. |
(127) |
Léirítear le taithí a fuarthas ó chnapshuimeanna, ó chostais aonaid nó ó mhaoiniú ar ráta comhréidh a úsáid go simplítear go suntasach na nósanna imeachta riaracháin le foirmeacha maoinithe den sórt sin agus go laghdaítear an riosca earráide go suntasach. Is foirmeacha oiriúnacha maoiniúcháin iad cnapshuimeanna, costais aonaid agus rátaí comhréidhe, neamhspleách ar an réimse ina ndéanann an tAontas idirghabháil agus go háirithe i gcás gníomhaíochtaí caighdeánaithe agus athfhillteacha amhail soghluaisteacht, nó gníomhaíochtaí oiliúna. Thairis sin, de réir mar a chuireann institiúidí na mBallstát comhar institiúideach idir riaracháin phoiblí na mBallstát agus na dtíortha is tairbhithe nó na dtíortha comhpháirtíochta (nascadh idir institiúidí) chun feidhme, tugtar údar le húsáid roghanna costas simplithe agus ba cheart dó sin a rannpháirtíocht a chothú. Ar mhaithe le héifeachtúlacht a mhéadú, ba cheart do na Ballstáit agus d’fhaighteoirí eile na gcistí ón Aontas a bheith in ann na roghanna costas simplithe a úsáid níos minice. Sa chomhthéacs sin, ba cheart na coinníollacha le haghaidh úsáid a bhaint as cnapshuimeanna, costais aonaid agus rátaí comhréidhe a dhéanamh níos solúbtha. Is gá foráil a dhéanamh, ar dhóigh shainráite, do chnapshuimeanna aonair a chur ar bun a chumhdaíonn na costais incháilithe uile atá ar an ngníomhaíocht nó ar an gclár oibre. Ina theannta sin, chun spreagadh a thabhairt le díriú ar thorthaí, ba cheart tús áite a thabhairt do mhaoiniú a bhunaítear ar aischur. Ba cheart cnapshuimeanna, costais aonaid agus rátaí comhréidhe a bhunaítear ar ionchur a fhágáil mar rogha sa chás nach féidir nó nach iomchuí cinn a bhunaítear ar aischur a úsáid. |
(128) |
Ba cheart na nósanna imeachta riaracháin maidir le cnapshuimeanna, costais aonaid agus rátaí comhréidhe a shimpliú tríd an gcumhacht i gcomhair údarú orthu sin a dhílsiú sna hoifigigh údarúcháin atá freagrach. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Coimisiún an t-údarú sin a thabhairt i bhfianaise nádúr na ngníomhaíochtaí nó an chaiteachais nó i bhfianaise líon na n-oifigeach údarúcháin lena mbaineann. |
(129) |
Chun an bhearna a dhúnadh i dtaca le sonraí a bheith ar fáil chun cnapshuimeanna, costais aonaid agus rátaí comhréidhe a bhunú, ba cheart go mbeadh cead breithiúnas saineolach a fháil. |
(130) |
Cé gur cheart go mbeifí in ann úsáid níos minice a bhaint as foirmeacha simplithe maoinithe, ba cheart comhlíonadh phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, agus go háirithe prionsabal na tíosaíochta, prionsabal na héifeachtúlachta chomh maith leis an bprionsabal a bhaineann le cistiú dúbailte ar bith a dhéanamh a áirithiú. Chun na críche sin, ba cheart a áirithiú leis na foirmeacha simplithe maoiniúcháin gur leor na hacmhainní arna n-úsáid d’fhonn na cuspóirí a bhaint amach, nach maoineofar na costais chéanna breis is uair amháin ón mbuiséad, go n-urramófar prionsabal an chómhaoinithe agus go seachnófar róchúiteamh na bhfaighteoirí trí chéile. Mar sin, ba cheart foirmeacha simplithe maoiniúcháin a bhunú ar shonraí staidrimh nó cuntasaíochta, ar mhodhanna oibiachtúla dá samhail nó ar bhreithiúnais shaineolacha. Ina theannta sin, ba cheart feidhm a bheith fós ag seiceálacha, rialuithe agus measúnuithe tréimhsiúla oiriúnacha. |
(131) |
Ba cheart raon feidhme na seiceálacha agus na rialuithe lasmuigh den mheasúnú a dhéantar go tréimhsiúil ar chnapshuimeanna, ar chostais aonaid agus ar rátaí comhréidhe, ba cheart an raon feidhme sin a shoiléiriú. Leis na seiceálacha agus na rialuithe sin, ba cheart díriú ar chomhlíonadh na gcoinníollacha lena spreagtar íocaíocht na gcnapshuimeanna, na gcostas aonaid nó na rátaí comhréidhe, lena n-áirítear, nuair is gá sin, cur i gcrích na n-aschur agus/nó na dtorthaí. Níor cheart go gceanglófar leis na coinníollacha sin tuairisciú ar na costais iarbhír a thabhóidh an tairbhí. Sa chás ina ndearna an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach nó an Coimisiún méideanna na gcnapshuimeanna, na gcostas aonaid nó an mhaoiniúcháin ar ráta comhréidh a chinneadh ar bhonn ex ante, níor cheart iad a agóid trí rialuithe ex post. Níor cheart cosc a chur leis seo ar laghdú deontais i gcás ina gcuirfear chun feidhme go dona, i bpáirt nó mall é nó ina mbeidh neamhrialtacht, calaois nó sárú oibleagáidí eile i gceist. Go háirithe, ba cheart deontas a laghdú i gcás nár comhlíonadh na coinníollacha lena spreagtar íocaíocht na gcnapshuimeanna, na gcostas aonaid nó na rátaí comhréidhe. Ba cheart do mhinicíocht agus raon feidhme an mheasúnaithe thréimhsiúil a bheith ag brath ar fhorbairt agus ar chineál na gcostas, go háirithe agus athruithe suntasacha i bpraghsanna margaidh agus cúinsí ábhartha eile á gcur san áireamh. Mar thoradh ar an measúnú tréimhsiúil, d’fhéadfadh sé go ndéanfaí coigeartú ar na cnapshuimeanna, na costais aonaid agus na rátaí comhréidhe is infheidhme maidir le comhaontuithe amach anseo ach níor cheart an measúnú sin a úsáid chun ceisteanna a ardú faoi luach na gcnapshuimeanna, na gcostas aonaid nó na rátaí comhréidhe atá comhaontaithe cheana féin. Chun gur féidir measúnú a dhéanamh go tréimhsiúil ar chnapshuimeanna, ar chostais aonaid nó ar rátaí comhréidhe, féadfaidh sé gur gá rochtain ar chuntais an tairbhí a bheith ar fáil chun críocha staidrimh agus modheolaíochta agus is gá an rochtain sin a bheith ar fáil freisin chun calaois a chosc agus a bhrath. |
(132) |
Chun gur féidir le heagraíochtaí beaga páirt a ghlacadh i mbeartais de chuid an Aontais a chur chun feidhme i dtimpeallacht nach bhfuil ach acmhainní teoranta ar fáil, ní mór aitheantas a thabhairt do luach na hoibre a dhéanann saorálaithe mar chostais incháilithe. Ar an ábhar sin, ba cheart eagraíochtaí den sórt sin a bheith ábalta brath ar obair saorálaithe ar bhonn níos leithne ar mhaithe le cómhaoiniú a chur ar fáil don ghníomhaíocht nó don chlár oibre. Gan dochar don uasráta cómhaoiniúcháin a shonraítear sa bhunghníomh, i gcásanna dá leithéid, ba cheart deontas an Aontais a theorannú do na costais mheasta incháilithe seachas do na costais a chumhdaíonn obair na saorálaithe. Toisc gur obair saorálaithe í an obair a dhéanann tríú páirtithe nach dtugann an tairbhí luach saothair dóibh as an obair, leis an teorannú seachnaítear costais nár thabhaigh an tairbhí a aisíoc leis. Chomh maith leis sin, níor cheart do luach obair na saorálaithe a bheith os cionn 50 % de na ranníocaíochtaí comhchineáil ná aon chómhaoiniú eile. |
(133) |
Ba cheart prionsabal an neamhbhrabúis a choimeád sa Rialachán seo chun ceann de bhunphrionsabail an airgeadais phoiblí a chosaint. |
(134) |
I bprionsabal, ba cheart deontais a dhámhachtain tar éis glao ar thograí. I gcásanna inar féidir eisceachtaí a dhéanamh, ba cheart srian a chur ar a léirmhíniú agus a bhfeidhmiú sa mhéid a bhaineann le raon feidhme agus le ré. Níor cheart leas a bhaint as an bhféidearthacht eisceachtúil atá ann deontais a dhámhachtain gan glao ar thograí ar chomhlachtaí a bhfuil monaplacht de facto nó de jure acu ach i gcás nach bhfuil ach na comhlachtaí lena mbaineann agus na cinn sin amháin in ann cineálacha ábhartha gníomhaíochtaí a chur chun feidhme nó i gcás inar dílsíodh an fheidhm sin dóibh le dlí nó i gcás inar dhílsigh údarás poiblí an mhonaplacht sin dóibh. |
(135) |
Faoi chuimsiú dul i dtreo ríomhdheontais agus ríomhsholáthair, níor cheart a iarraidh ar iarratasóirí agus ar thairgeoirí cruthúnas dá stádas dlíthiúil agus dá n-inmharthanacht airgeadais a chur ar fáil ach aon uair amháin laistigh de thréimhse shonrach agus níor cheart a cheangal orthu na doiciméid tacaíochta a chur isteach faoi dhó i ngach nós imeachta um dhámhachtain. Mar sin, is gá na ceanglais a ailíniú do líon na mblianta a n-iarrfar doiciméid ina leith faoi nósanna imeachta um dheontais a dhámhachtain agus nósanna imeachta soláthair. |
(136) |
Ba cheart úsáid duaiseanna a éascú agus na rialacha is infheidhme a shoiléiriú ó tharla gur cineál luachmhar tacaíochta airgeadais iad nach bhfuil aon bhaint acu le costais intuartha. Ba cheart féachaint ar dhuaiseanna mar chomhlánú ar ionstraimí maoiniúcháin amhail deontais, seachas teacht ina n-ionad. |
(137) |
Chun go bhféadfar duaiseanna a chur chun feidhme ar dhóigh níos solúbtha, ba cheart oibleagáid faisnéis roimh ré a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle agus duaiseanna den sórt sin a lua go sainráite sa chinneadh maoiniúcháin in ionad na hoibleagáide faoi Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 comórtais le haghaidh duaiseanna ag a bhfuil luach aonaid EUR 1 000 000 nó níos mó a fhoilsiú sna ráitis a ghabhann leis an dréachtbhuiséad. |
(138) |
Ba cheart duaiseanna a dhámhachtain i gcomhréir le prionsabal na trédhearcachta agus faoi réir phrionsabal na córa comhionainne. Sa chomhthéacs sin, ba cheart saintréithe íosta na gcomórtas a leagan síos, go háirithe na socruithe maidir leis an duais a íoc leis na buaiteoirí tar éis a dámhachtana, mar aon leis an meán iomchuí foilsithe. Ina theannta sin, is gá nós imeachta um dhámhachtana atá sainithe go soiléir a chur ar bun, idir iarratais a chur isteach, faisnéis a thabhairt d’iarratasóirí agus an fógra a thugtar faoin iarratasóir a mbíonn an bua aige, ar nós imeachta é a fhreagraíonn don nós imeachta um dheontais a dhámhachtain. |
(139) |
Ba cheart a leagan síos sa Rialachán seo na prionsabail agus na coinníollacha is infheidhme maidir le hionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha agus cúnamh airgeadais chomh maith leis na rialacha maidir le teorannú dhliteanas airgeadais an Aontais, an comhrac i gcoinne calaoise agus sciúrtha airgid, foirceannadh ionstraimí airgeadais agus tuairisciú. |
(140) |
Le blianta beaga anuas, tá méadú i ndiaidh teacht ar an úsáid a bhaineann an tAontas as ionstraimí airgeadais lena bhféadtar giaráil níos mó ar an mbuiséad a bhaint amach ach, ag an am céanna, cruthaíonn siad riosca airgeadais don bhuiséad sin. Ar na hionstraimí airgeadais sin, ní hamháin go n-áirítear ionstraimí airgeadais atá cumhdaithe le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, cheana ach áirítear chomh maith ionstraimí eile amhail ráthaíochtaí buiséadacha agus cúnamh airgeadais a rialaíodh roimhe seo le rialacha a cuireadh ar bun sna bunghníomhartha a ghabhann leis na hionstraimí, agus leis na rialacha sin amháin. Tá sé tábhachtach creat comhchoiteann a chur ar bun chun aonchineálacht na bprionsabal is infheidhme maidir leis an tacar sin d’ionstraimí a áirithiú agus chun iad a athghrúpáil faoi Theideal nua sa Rialachán seo, teideal a chuimseoidh ranna maidir le ráthaíochtaí buiséadacha agus cúnamh airgeadais chuig na Ballstáit nó chuig tríú tíortha chomh maith leis na rialacha reatha is infheidhme maidir le hionstraimí airgeadais. |
(141) |
Is féidir ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha a bheith fiúntach chun an éifeacht a bhíonn ag cistí de chuid an Aontais a iolrú nuair a chomhthiomsaítear na cistí sin agus cistí eile agus nuair a bhíonn éifeacht ghiarála ag baint leo. Níor cheart ionstraimí airgeadais ná ráthaíochtaí buiséadacha a chur chun feidhme ach amháin mura bhfuil riosca ann go mbeidh saobhadh ar iomaíocht mhargadh inmheánach nó mura bhfuil riosca neamhréireachta ann le rialacha státchabhrach. |
(142) |
Faoi chuimsiú chreat na leithreasuithe bliantúla arna n-údarú ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle i gcomhair cláir áirithe, ba cheart ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha a úsáid ar bhonn meastóireachta ex ante a léiríonn go bhfuil siad éifeachtach chun cuspóirí beartais an Aontais a bhaint amach. |
(143) |
Ba cheart ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha agus cúnamh airgeadais a údarú trí bhíthin bunghnímh. Más rud é, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, go mbunófar ionstraimí airgeadais gan bhunghníomh, ba cheart do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle iad a údarú sa bhuiséad. |
(144) |
Ba cheart na hionstraimí a d’fhéadfadh teacht faoi Theideal X, amhail iasachtaí, ráthaíochtaí, infheistíochtaí gnáthscaireanna, infheistíocht chuasa-ghnáthscaireanna agus ionstraimí um chomhroinnt riosca, a shainmhíniú. Leis an sainmhíniú ar ionstraimí um chomhroinnt riosca, ba cheart go n-áireofaí feabhsuithe creidmheasa do bhannaí tionscadail a chumhdódh riosca fiach-sheirbhíse tionscadail agus a mhaolóidh riosca creidmheasa sealbhóirí bannaí trí fheabhsuithe creidmheasa i bhfoirm iasachta nó ráthaíochta. |
(145) |
Ba cheart aon aisíocaíocht ó ionstraim airgeadais nó ó ráthaíocht bhuiséadach a úsáid ar mhaithe leis an ionstraim nó an ráthaíocht a chruthaigh an aisíocaíocht d’fhonn éifeachtúlacht na hionstraime nó na ráthaíochta a fheabhsú, mura sonrófar a mhalairt sa bhunghníomh, agus ba cheart sin a chur san áireamh agus leithreasuithe a bheidh ann amach anseo á moladh ar an ionstraim nó ar an ráthaíocht chéanna sin. |
(146) |
Is iomchuí cuíchóiriú leasanna i saothrú chuspóirí beartais an Aontais a aithint agus, go háirithe, go bhfuil an saineolas sonrach ag BEI agus ag an CEI chun ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha a chur chun feidhme. |
(147) |
Ba cheart an deis a bheith ag BEI agus ag CEI, ag gníomhú dóibh mar ghrúpa, cuid den chur chun feidhme a aistriú chuig a chéile sa chás go bhféadfaidh sé cabhrú le gníomh faoi leith a chur chun feidhme agus de réir mar a thabharfar sainmhíniú breise air sa chomhaontú ábhartha leis an gCoimisiún. |
(148) |
I gcás ina ndéanfar ionstraimí airgeadais nó ráthaíochtaí buiséadacha a chomhcheangal le foirmeacha coimhdeacha tacaíochta ón mbuiséad, is ceart a shoiléiriú gur cheart na rialacha maidir le hionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha a chur i bhfeidhm maidir leis an mbeart iomlán. I gcás inarb infheidhme, ba cheart na rialacha sin a chomhlánú le ceanglais shonracha a leagat amach sna rialacha a bhaineann go sonrach le hearnáil faoi leith. |
(149) |
Ba cheart cur chun feidhme na n-ionstraimí airgeadais agus na ráthaíochtaí buiséadacha a mhaoinítear as an mbuiséad cloí le beartas an Aontais maidir le dlínsí neamhchomhoibríocha chun críocha cánach, agus le haon nuashonrú a dhéanfar air sin, mar a leagtar síos i ngníomhartha dlí ábhartha an Aontais agus i gconclúidí ón gComhairle, go háirithe sna conclúidí ón gComhairle an 8 Samhain 2016 maidir leis na critéir agus an próiseas i dtaca le bunú liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críocha cánach (15) agus san Iarscríbhinn a ghabhann leo, agus sna Conclúidí ón gComhairle an 5 Nollaig 2017 maidir le liosta an Aontais de dhlínsí neamhchomhoibríocha chun críocha cánach (16) agus sna hIarscríbhinní a ghabhann leo. |
(150) |
Is oibríochtaí seachbhuiséid go hiondúil iad ráthaíochtaí buiséadacha agus cúnamh airgeadais chuig na Ballstáit nó chuig tríú tíortha agus bíonn mórthionchar acu ar chlár comhordaithe an Aontais. Cé gur oibríochtaí seachbhuiséid go hiondúil iad, de bharr go n-áirítear iad mar chuid den Rialachán seo, tugtar cosaint níos fearr do leasanna airgeadais an Aontais agus is soiléire an creat a leagtar síos chun iad a údarú agus a bhainistiú agus chun cuntasaíocht a dhéanamh orthu. |
(151) |
Tá an tAontas tar éis tionscnaimh thábhachtacha a sheoladh ar na mallaibh atá bunaithe ar ráthaíochtaí buiséadacha, amhail an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (CEIS) nó an Ciste Eorpach le haghaidh Forbairt Inbhuanaithe (CEFI). Is iad saintréithe na n-ionstraimí sin go gcruthaíonn siad dliteanas teagmhasach don Aontas agus tugtar le tuiscint go soláthrófar cistí chun cúlchiste leachtach a chur ar fáil, cúlchiste a chuirfidh ar chumas an bhuiséid freagairt go hordúil d’oibleagáidí íocaíochta a fhéadfaidh teacht chun cinn i ngeall ar na dliteanais theagmhasacha sin. Chun rátáil chreidmheasa an Aontais a ráthú agus, dá bharr sin, an cumas atá aige maoiniú éifeachtach a chur ar fáil, tá sé ríthábhachtach go gcomhlíonfaidh údarú agus soláthar na ndliteanas teagmhasach, agus an faireachán a dhéanfar orthu, tacar stóinsithe rialacha ar cheart a chur i bhfeidhm ar na ráthaíochtaí buiséadacha ar fad. |
(152) |
Féadfaidh na dliteanais theagmhasacha a eascróidh ó na ráthaíochtaí buiséadacha réimse leathan oibríochtaí airgeadais agus infheistíochta a chumhdach. Murab ionann agus iasachtaí a bhfuil clársceideal sainithe aisíocaíochta ag baint leo, ní féidir an fhéidearthacht go ndéanfar ráthaíocht bhuiséadach a ghairm ar bhonn bliantúil a chlársceidealú go lánchinnte. Dá bhrí sin, is den riachtanas creat a chur ar bun chun dliteanais theagmhasacha a údarú agus chun faireachán a dhéanamh orthu, creat lena n-áiritheofar go ndéanfar, tráth ar bith, uasteorainn na leithreasuithe bliantúla faoi chomhair íocaíochtaí a lánurramú, uasteorainn a leagtar amach i gCinneadh 2014/335/AE, Euratom, ón gComhairle (17). |
(153) |
Leis an gcreat sin, ba cheart foráil a dhéanamh chomh maith maidir le bainistiú agus rialú, lena n-áirítear tuairisciú rialta ar neamhchosaint airgeadais an Aontais. Ba cheart ráta soláthair na ndliteanas teagmhasach a shocrú ar bhonn measúnú iomchuí riosca ar na rioscaí airgeadais a eascraíonn as an ionstraim lena mbaineann. Ba cheart measúnú bliantúil a dhéanamh ar inbhuanaitheacht na ndliteanas teagmhasach i gcomhthéacs an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil. Ba cheart sásra luathrabhaidh a chur ar bun chun easpa forálacha a chumhdóidh dliteanais airgeadais a sheachaint. |
(154) |
A bhuí leis an méadú atá ag teacht ar an úsáid a bhaintear as ionstraimí airgeadais, as ráthaíochtaí buiséadacha agus as cúnamh airgeadais, is gá leas a bhaint as méid mór leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí a úsáid agus soláthar a dhéanamh ina leith. Chun giaráil a chur ar fáil agus, ag an am céanna, chun cosaint leordhóthanach ar dhliteanais airgeadais a áirithiú, tá sé tábhachtach an leas is fearr a bhaint as méid an tsoláthair a theastaíonn agus éifeachtúlacht a mhéadú trí na soláthairtí sin a chomhthiomsú i gciste don soláthar coiteann. Lena chois sin, toisc gur féidir úsáid níos solúbtha a bhaint as na soláthairtí comhthiomsaithe sin, is féidir glanráta soláthair foriomlán, a thugann an chosaint a iarrtar trí bhíthin méid barrfheabhsaithe acmhainní, a bhaint amach. |
(155) |
Chun dea-fheidhmiú an chiste don soláthar coiteann a áirithiú don chlárthréimhse tar éis 2020, ba cheart don Choimisiún, faoin 30 Meitheamh 2019, meastóireacht sheachtrach neamhspleách a thíolacadh maidir leis na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le bainistiú airgeadais shócmhainní an chiste don soláthar coiteann a chur ar iontaoibh an Choimisiúin, BIE, nó teaglaim den phéire, ag cur san áireamh na critéir theicniúla agus institiúideacha ábhartha a úsáidtear chun comparáid a dhéanamh idir seirbhísí bainistithe sócmhainne, lena n-áirítear an bonneagar teicniúil, comparáid na gcostas i leith seirbhísí a thugtar, leagan amach institiúideach, tuairisciú, feidhmíocht, cuntasacht agus saineolas gach institiúide agus na sainorduithe eile don bhuiséad maidir le bainistiú sócmhainní. I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an meastóireacht. |
(156) |
Ba cheart creat rialaithe inmheánach téagartha a chur ar fáil leis na rialacha is infheidhme maidir le soláthar agus maidir leis an gciste don soláthar coiteann. Ba cheart na treoirlínte is infheidhme maidir le bainistiú na n-acmhainní sa chiste don soláthar coiteann a bhunú ar leibhéal an Choimisiúin, tar éis dul i gcomhairle le hoifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin. Ba cheart d’oifigigh údarúcháin na n-ionstraimí airgeadais, na ráthaíochtaí buiséadacha nó an chúnaimh airgeadais faireachán gníomhach a dhéanamh ar na dliteanais airgeadais atá faoina gcúram agus ba cheart do bhainisteoir airgeadais acmhainní an chiste don soláthar coiteann an t-airgead tirim agus na sócmhainní sa chiste a bhainistiú de réir na rialacha agus na nósanna imeachta atá leagtha amach ag oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin. |
(157) |
Ba cheart ráthaíochtaí buiséadacha agus cúnamh airgeadais a bheith i gcomhréir leis an tacar céanna prionsabal atá bunaithe d’ionstraimí airgeadais. Ba cheart do ráthaíochtaí buiséadacha, go háirithe, a bheith neamh-inchúlghairthe, gan choinníollacha agus ar éileamh. Ba cheart iad a chur chun feidhme faoi bhainistiú indíreach nó, i gcásanna eisceachtúla amháin, faoi bhainistiú díreach. Níor cheart dóibh ach oibríochtaí airgeadais agus infheistíochta a chumhdach agus ba cheart dá gcontrapháirteanna ranníocaíocht a dhéanamh óna n-acmhainní féin leis na hoibríochtaí a chumhdófar. |
(158) |
Ba cheart cúnamh airgeadais chuig na Ballstáit nó chuig tríú tíortha a bheith i bhfoirm iasachta nó líne creidmheasa nó i bhfoirm aon ionstraime eile a mheastar a bheith iomchuí chun éifeachtacht na tacaíochta a áirithiú. Chuige sin, tabharfar de chumhacht don Choimisiún, sa bhunghníomh ábhartha, na cistí riachtanacha a fháil ar iasacht ar na margaí caipitil nó ó institiúidí airgeadais, rud a sheachnaíonn go mbeidh aon bhaint ag an Aontas i dtiontú aibíochtaí, rud a d’fhágfadh go mbeidh neamhchosaint aige ar aon riosca úis nó ar aon riosca tráchtála eile. |
(159) |
Ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha a bhaineann le hionstraimí airgeadais a luaithe is féidir chun go mbainfear amach an simpliú agus an éifeachtúlacht atá á lorg. Ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha a bhaineann le ráthaíochtaí buiséadacha agus le cúnamh airgeadais, chomh maith leis na forálacha a bhaineann leis an gciste don soláthar coiteann, ón gcreat airgeadais ilbhliantúil a bheidh ann ó 2020 amach. A bhuí leis an gclár ama sin, beidh deis ann uirlisí nua a ullmhú i gceart chun bainistiú a dhéanamh ar dhliteanais theagmhasacha. Ina theannta sin, fágfaidh an clár ama gur féidir cuíchóiriú a dhéanamh idir na prionsabail a leagtar amach i dTeideal X agus, ar thaobh amháin, an togra maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil tar éis 2020 agus, ar an taobh eile, na cláir shonracha a bhaineann leis an gcreat sin. |
(160) |
Le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), lena leagtar síos rialacha maidir le, inter alia, cistiú páirtithe polaitiúla agus fondúireachtaí polaitiúla ar an leibhéal Eorpach, go háirithe maidir le coinníollacha cistiúcháin, dámhachtain agus leithdháileadh cistiúcháin, deonacháin agus ranníocaíochtaí, maoiniú feachtas le haghaidh thoghcháin Pharlaimint na hEorpa, caiteachas inaisíoctha, an toirmeasc ar chistiú áirithe, cuntais, tuairisciú agus iniúchóireacht, cur chun feidhme agus rialú, pionóis, comhar idir an tÚdarás um páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, Oifigeach Údarúcháin de chuid Pharlaimint na hEorpa agus na Ballstáit, agus trédhearcacht. |
(161) |
Ba cheart rialacha a chur san áireamh sa Rialachán seo maidir le ranníocaíochtaí ón mbuiséad le páirtithe polaitiúla Eorpacha mar a fhoráiltear i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014. |
(162) |
Ba cheart an tacaíocht airgeadais a thabharfar do pháirtithe polaitiúla Eorpacha a bheith i bhfoirm ranníocaíochta sonraí, chun freastal ar riachtanais shonracha na bpáirtithe sin. |
(163) |
Cé go ndeonaítear tacaíocht airgeadais gan gá a bheith ann le clár oibre bliantúil, ba cheart do pháirtithe polaitiúla Eorpacha údar cuí a léiriú ex post maidir le húsáid fhónta chistí an Aontais. Go háirithe, ba cheart don oifigeach údarúcháin atá freagrach a fhíorú an úsáidfear na cistí chun caiteachas inaisíoctha a íoc, faoi mar a leagtar síos sa ghlao ar ranníocaíochtaí, laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos sa Rialachán seo. Ba cheart ranníocaíochtaí a dhéanfar le páirtithe polaitiúla Eorpacha a chaitheamh roimh dheireadh na bliana airgeadais tar éis bhliain a ndámhachtana agus ina dhiaidh sin ba cheart don oifigeach údarúcháin atá freagrach aon chistí nach gcaithfear a aisghabháil. |
(164) |
Maoiniú ón Aontas a dhámhfar chun costais oibriúcháin páirtithe polaitiúla Eorpacha a mhaoiniú, níor cheart é a úsáid chun críocha eile seachas na críocha sin atá bunaithe i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014, go háirithe chun tríú páirtithe amhail páirtithe polaitiúla náisiúnta a mhaoiniú go díreach nó go hindíreach. Ba cheart do pháirtithe polaitiúla Eorpacha na ranníocaíochtaí a úsáid chun céatadán den chaiteachas reatha agus de chaiteachas todhchaí a íoc seachas caiteachas nó fiacha arna dtabhú sular cuireadh isteach na hiarratais ar ranníocaíochtaí. |
(165) |
Ba cheart dámhachtain na ranníocaíochtaí a shimpliú freisin agus a chur in oiriúint do shainiúlachtaí na bpáirtithe polaitiúla Eorpacha, go háirithe trí gan critéir roghnúcháin a bheith ann, réamhíocaíocht iomlán aonair a bhunú mar riail ghinearálta, agus tríd an deis cnapshuimeanna, maoiniú ar ráta comhréidh agus costais aonaid a úsáid. |
(166) |
Ba cheart na ranníocaíochtaí ón mbuiséad a chur ar fionraí, a laghdú nó a fhoirceannadh má sháraíonn páirtithe polaitiúla Eorpacha Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014. |
(167) |
Ba cheart pionóis atá bunaithe ar an Rialachán seo agus ar Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 araon a fhorchur ar bhealach comhleanúnach agus prionsabal ne bis in idem á urramú. I gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 ní fhorchuirfear pionóis riaracháin agus/nó airgeadais dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gceann de na cásanna inar forchuireadh pionóis cheana féin ar bhonn Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014. |
(168) |
Leis an Rialachán seo, ba cheart creat ginearálta a bhunú faoina bhféadfar tacaíocht bhuiséadach a úsáid mar ionstraim i réimse na ngníomhaíochtaí seachtracha lena n-áirítear an oibleagáid don tríú tír faisnéis iontaofa thráthúil a sholáthar don Choimisiúin chun meastóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcoinníollacha agus na bhforálacha comhaontaithe a áirithíonn cosaint éifeachtach ar leasanna airgeadais an Aontais. |
(169) |
Chun treisiú le ról Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, ba cheart an nós imeachta a shoiléiriú maidir le ciste iontaobhais de chuid an Aontais a bhunú. Tá sé riachtanach freisin na prionsabail is infheidhme maidir le ranníocaíochtaí le cistí iontaobhais de chuid an Aontais a lua go sonrach, go háirithe a thábhachtaí atá sé ranníocaíochtaí ó dheontóirí eile a aimsiú, a thabharfaidh údar le cruthú an chiste sin a mhéid a bhaineann leis an mbreisluach. Is gá freisin freagrachtaí na ngníomhaithe airgeadais agus freagrachtaí bhord an chiste iontaobhais de chuid an Aontais a shoiléiriú agus rialacha a leagan síos a áiritheoidh ionadaíocht chothrom na ndeontóirí rannpháirteacha ar bhord an chiste iontaobhais de chuid an Aontais agus nach mór vóta éigeantach ina fhabhar ag an gCoimisiún a bheith ann maidir le húsáid na gcistí. Tá sé tábhachtach freisin sonraí níos mine a leagan amach faoi na ceanglais maidir le tuairisciú is infheidhme maidir le cistí iontaobhais de chuid an Aontais. |
(170) |
I gcomhréir leis an gcuíchóiriú a dhéanfar ar rialacha atá ann faoi láthair agus chun athrá nach bhfuil gá leis a sheachaint, níor cheart na forálacha speisialta a leagtar amach i gCuid a Dó de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, is infheidhme maidir leis an CERT, don taighde, do ghníomhaíocht sheachtrach agus do chistí sonracha de chuid an Aontais a thabhairt isteach sna codanna ábhartha den Rialachán seo, ar an gcoinníoll go bhfuil na forálacha fós in úsáid agus ábhartha. |
(171) |
Ba cheart na forálacha maidir le tíolacadh na gcuntas agus maidir le cuntasaíocht a shimpliú agus a shoiléiriú. Is iomchuí, dá bhrí sin, na forálacha ar fad maidir le cuntais bhliantúla agus maidir le tuairisciú eile airgeadais a thabhairt le chéile i dTeideal XIV den Rialachán seo. |
(172) |
Ba cheart an chaoi a ndéanann institiúidí an Aontais tuairisciú faoi láthair ar thionscadail tógála chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle a fheabhsú. Ba cheart é a bheith de chead ag institiúidí an Aontais tionscadail nua tógála a mhaoiniú leis an ioncam a gheofar ar fhoirgnimh atá díolta cheana féin. Dá dhroim sin, ba cheart tagairt do na forálacha maidir le hioncam sannta inmheánach a thabhairt isteach sna forálacha maidir le tionscadail tógála. D’fhágfadh sin go bhféadfaí freastal ar na riachtanais athraitheacha i mbeartas tógála institiúidí an Aontais agus, ag an am céanna, costais a laghdú agus tuilleadh solúbthachta a thabhairt isteach. |
(173) |
Chun na rialacha is infheidhme maidir le comhlachtaí áirithe de chuid an Aontais a oiriúnú, ba cheart na rialacha mionsonraithe i dtaca le soláthar agus na coinníollacha mionsonraithe agus an cóimheas íosta don ghlanráta soláthair, an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an gcreatrialachán airgeadais do chomhlachtaí arna gcur ar bun faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, leis an eiseamláir de rialachán airgeadais le haghaidh comhlachtaí comhpháirtíochta príobháideacha poiblí, le leasuithe ar Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, leis na coinníollacha agus na modheolaíochta faoina ndéantar an glanráta soláthair a ríomh agus leis an leasú ar chóimheas íosta sainithe an ghlanráta soláthair, nár cheart a shocrú ag leibhéal is ísle ná 85 %. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
(174) |
D’fhonn a áirithiú go gcuirfidh Clár an Aontais Eorpaigh um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta (EaSI), a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) acmhainní leordhóthanacha ar fáil go pras chun tacú le tosaíochtaí polaitiúla athraitheacha, ba cheart go gceadófaí tuilleadh solúbthachta leis na scaireanna táscacha do gach ceann de na trí ais agus le híosmhéid céatadán do gach ceann de na tosaíochtaí téamacha faoi chuimsiú gach aise, ach ag an am céanna ráta imlonnaithe uaillmhianach a choinneáil maidir le comhpháirtíochtaí trasteorann EURES. Ba cheart go gcuirfeadh sin feabhas ar bhainistiú EaSI agus go n-éascódh sé úsáid na n-acmhainní buiséadacha ar bhealach dírithe ionas go mbeadh toradh níos fearr orthu ó thaobh cúrsaí fostaíochta agus sóisialta de. |
(175) |
D’fhonn infheistíochtaí i mbonneagar cultúrtha agus turasóireachta inbhuanaithe a éascú, gan dochar do chur i bhfeidhm ghniomhartha dlí an Aontais i réimhse an chomhshaoil, go háirithe Treoir 2001/42/CE (20) agus Treoir 2011/92/AE (21) ó Pharliaimint na hEorpa agus ón gComhairle, de réir mar is iomchuí, ba cheart na srianta ar raon feidhme na tacaíochta faoi Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22) do na hinfheistíochtaí sin a shoiléiriú. Is gá, mar sin, srianta soiléire a thabhairt isteach maidir le teorainn a chur leis an méid a rannchuidíonn CFRE le hinfheistíochtaí den chineál sin ón 2 Lúnasa 2018. |
(176) |
D’fhonn freagairt do na dúshláin a eascraíonn as an méadú atá ag teacht ar na sreafaí imirceach agus dídeanaithe, ba cheart na cuspóirí a bhféadfaidh CFRE rannchuidiú leo chun tacú le himircigh agus dídeanaithe, a leagan amach go soiléir ionas go gcuirfear ar chumas na mBallstát infheistíochtaí a chur ar fáil lena ndíreofar ar náisiúnaigh tríú tíortha a fhanann go dleathach, lena n-áirítear iarrthóirí tearmainn agus tairbhithe na cosanta idirnáisiúnta. |
(177) |
D’fhonn cur chun feidhme na n-oibríochtaí faoi Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23) a éascú, ba cheart raon feidhme na dtairbhithe féideartha a mhéadú. Ar an ábhar sin, ba cheart a cheadú d’údaráis bhainistíochta a mheas gur tairbhithe iad daoine nádúrtha agus ba cheart sainmhíniú níos solúbtha ar thairbhithe a leagan amach i gcomhthéacs Státchabhrach. |
(178) |
Mar chleachtas, comhaontaítear straitéisí maicreacnamaíocha tráth a nglactar conclúidí ón gComhairle. Mar is amhlaidh ó tháinig Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 i bhfeidhm, féadfaidh an Chomhairle Eorpach na conclúidí sin a fhormhuiniú, i gcás inarb iomchuí, agus cumhachtaí na hinstitiúide sin a leagtar síos in Airteagal 15 CAE á gcur san áireamh aici. Ba cheart, dá bhrí sin, an sainmhíniú ar “straitéisí macrairéigiúnacha” a leagtar amach sa Rialachán sin a leasú dá reir. |
(179) |
D’fhonn bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú ar CFRE, CSE, ar an gCiste Comhtháithithe, ar CETFT agus ar CEMI (“Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa” —“Cistí SIE”), cistí a chuirtear chun feidhme faoi bhainistiú roinnte, agus d’fhonn oibleagáidí na mBallstát a shoiléiriú, ba cheart tagairt a bheith sna prionsabail ghinearálta a leagtar amach in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 do na prionsabail a leagtar amach sa Rialachán seo maidir le rialú inmheánach ar chur chun feidhme an bhuiséid agus le coinbhleachtaí leasa a sheachaint. |
(180) |
D’fhonn an leas is fearr is féidir a bhaint as na sineirgí idir cistí uile an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann leis an imirce agus tearmann ar bhealach éifeachtach, ba cheart a áirithiú, nuair a dhéanfar na cuspóirí téamacha a aistriú ina dtosaíochtaí sna rialacha sonracha maidir le Cistí, go gcumhdóidh na tosaíochtaí sin an úsáid iomchuí a bhainfear as gach Ciste SEI sna réimsí sin. I gcás inarb iomchuí, ba cheart a áirithiú go ndéanfar comhordú leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht. |
(181) |
D’fhonn a áirithiú go mbeidh comhleanúnachas ann sna socruithe clársceidealaithe, ba cheart cuíchóiriú a dhéanamh uair sa bhliain idir Comhaontuithe Comhpháirtíochta agus na leasuithe ar chláir a d’fhormheas an Coimisiún an bhliain féilire roimhe sin. |
(182) |
D’fhonn ullmhúchán agus cur chun feidhme straitéisí forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail a éascú, ba cheart go bhféadfaí an Ciste ceannasach a úsáid chun na costais ullmhúcháin, reatha agus cheannaireachta a chumhdach. |
(183) |
Chun cur chun feidhme straitéisí forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail agus infheistíocht chríochach chomhtháite a éascú, ba cheart soiléiriú a dhéanamh ar róil agus freagrachtaí grúpaí gníomhaíochta áitiúla maidir le straitéisí forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail, chomh maith le róil agus freagrachtaí údarás áitiúil, comhlachtaí forbartha réigiúnaí nó eagraíochtaí neamhrialtasacha maidir le hinfheistíochtaí críochacha comhtháite (ICCanna), i dtaca le comhlachtaí eile cláir. Níor cheart go mbeidh gá le hainmniú mar chomhlacht idirmheánach i gcomhréir leis na rialacha sonracha maidir le cistí ach amháin i gcásanna ina ndéanfaidh na comhlachtaí ábhartha cúraimí breise ar faoi fhreagracht an údaráis bainistíochta nó an údaráis deimhniúcháin nó na gníomhaireachta íocaíochta iad. |
(184) |
Ba cheart an fhéidearthacht a bheith ann d’údaráis bhainistíochta ionstraimí airgeadais a chur chun feidhme trí chonradh a dhámhachtain go díreach do BEI agus d’institiúidí idirnáisiúnta airgeadais. |
(185) |
Tá cuid mhór Ballstát tar éis bainc nó institiúidí atá faoi úinéireacht phoiblí a chur ar bun a oibríonn faoi shainordú beartais phoiblí chun gníomhaíochtaí forbartha eacnamaíche a chur chun cinn. Tá saintréithe ag na bainc nó ag na hinstitiúidí sin atá faoi úinéireacht phoiblí a dhealaíonn iad ó bhainc thráchtála phríobháideacha ó thaobh a n-úinéireachta, i dtaca leis an sainordú atá acu maidir le forbairt agus toisc nach ndíríonn siad go príomha ar bhrabúis a uasmhéadú. Is é an príomhról atá ag bainc nó ag institiúidí den sórt sin atá faoi úinéireacht phoiblí cliseadh sa mhargadh a mhaolú i gcás nach gcuireann bainc thráchtála seirbhísí leordhóthanacha ar fáil i réigiúin áirithe nó do réimsí áirithe beartais nó d’earnálacha áirithe. Tá inniúlacht ar leith ag na bainc nó ag na hinstitiúidí sin atá faoi úinéireacht phoiblí rochtain ar Chistí SIE a chur chun cinn agus, ag an am céanna, a neodracht iomaíoch a chaomhnú. I ngeall ar an ról sainiúil agus na saintréithe atá acu, féadfaidh na Ballstáit an úsáid a bhainfear as ionstraimí airgeadais a mhéadú chun go mbeidh an tionchar is mó is féidir ag na Cistí SIE sin san fhíorgheilleagar. Bheadh an toradh sin i gcomhréir le beartas an Choimisiúin ról na mbanc agus na n-institiúidí sin atá faoi úinéireacht phoiblí mar bhainisteoirí cistí a éascú maidir le cur chun feidhme Chistí SIE mar aon le Cistí SIE agus maoiniú CEIS a chumasc, mar a leagtar amach é go háirithe sa Phlean Infheistíochta don Eoraip. Gan dochar do chonarthaí a dámhadh cheana féin le haghaidh chur chun feidhme na n-ionstraimí airgeadais i gcomhréir leis an dlí is infheidhme, tá údar ann a shoiléiriú go bhféadfaidh údaráis bhainistíochta conarthaí a dhámhachtain go díreach do bhainc nó d’institiúidí den sórt sin atá faoi úinéireacht phoiblí. Ina ainneoin sin, chun a áirithiú go leanfaidh an fhéidearthacht de dhámhachtain dhíreach de bheith comhoiriúnach le prionsabail an mhargaidh inmheánaigh, ba cheart coinníollacha dochta a leagan síos, coinníollacha nár mhór do bhainc agus d’institiúidí atá faoi úinéireacht phoiblí a chomhlíonadh. Ba cheart a áireamh ar na coinníollacha sin nach bhfuil aon rannpháirteachas caipitiúil príobháideach díreach le bheith ann, cé is moite d’fhoirmeacha neamhrialála agus foirmeacha neamhbhlocála den rannpháirteachas caipitiúil príobháideach i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i dTreoir 2014/24/AE. Ina theannta sin, agus an raon feidhme teoranta go docht do chur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, ba cheart cead a bheith ag banc nó ag institiúid, atá faoi úinéireacht phoiblí, na hionstraimí airgeadais a chur chun feidhme, i gcás nach n-imríonn rannpháirteachas caipitiúil príobháideach aon tionchar ar chinntí maidir le bainistiú laethúil na hionstraime airgeadais a fhaigheann tacaíocht ó chistí SIE. |
(186) |
D’fhonn an fhéidearthacht a choimeád do CFRE agus CETFT rannchuidiú le hionstraimí airgeadais comhpháirteacha um ráthaíocht neamhchaidhpeáilte agus urrúsúchán i bhfabhar FBManna, tá sé riachtanach a fhoráil go bhféadfaidh na Ballstáit CFRE agus CETFT a úsáid le rannchuidiú leis na hionstraimí sin le linn na clárthréimhse ar fad agus ní mór forálacha ábhartha a bhaineann leis an rogha sin a nuashonrú freisin, amhail na forálacha sin a bhaineann le measúnuithe agus meastóireachtaí ex ante agus an fhéidearthacht clársceidealaithe a thabhairt isteach do CFRE ar leibhéal na haise tosaíochta. |
(187) |
Le glacadh Rialachán (AE) 2015/1017 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24), bhíothas ag beartú na Ballstáit a chumasú le húsáid a bhaint as Cistí SIE chun rannchuidiú le maoiniú tionscadal incháilithe a fhaigheann tacaíocht faoi CEIS. Ba cheart foráil shonrach a chur isteach i Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 lena leagfar amach na téarmaí agus coinníollacha lena n-éascófaí idirghníomhaíocht agus comhlántacht níos fearr, rud a fhágann go mbeidh féidearthacht ann Cistí SIE agus táirgí airgeadais BEI a chomhcheangal faoi Ráthaíocht AE a chumhdaítear le CEIS. |
(188) |
Agus a n-oibríochtaí á ndéanamh acu, ba cheart do na comhlachtaí a chuireann ionstraimí airgeadais chun feidhme cloí le beartas an Aontais maidir le dlínsí neamhchomhoibríocha chun críocha cánach, agus le haon nuashonrú a dhéanfar air sin, mar a leagtar síos i ngníomhartha dlí ábhartha an Aontais agus i gconclúidí ón gComhairle, go háirithe conclúidí ón gComhairle an 8 Samhain 2016 agus na hIarscríbhinní a ghabhann leo, chomh maith le conclúidí ón gComhairle an 5 Nollaig 2017 agus na hIarscríbhinní a ghabhann leo. |
(189) |
Chun na ceanglais rialaithe agus iniúchóireachta a shimpliú agus a chomhchuibhiú agus chun feabhas a chur ar chuntasacht na n-ionstraimí airgeadais arna gcur chun feidhme ag BEI agus ag institiúidí eile idirnáisiúnta airgeadais, ní mór leasú a dhéanamh ar na forálacha maidir le hionstraimí airgeadais a bhainistiú agus a rialú ar mhaithe leis an bpróiseas dearbhaithe a éascú. Níor cheart an leasú sin a chur i bhfeidhm maidir le hionstraimí airgeadais dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 38(1) agus in Airteagal 39 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, a bunaíodh le comhaontú cistiúcháin arna shíniú roimh 2 Lúnasa 2018. I gcás na n-ionstraimí airgeadais sin, ba cheart feidhm fós a bheith ag Airteagal 40 den Rialachán sin de réir mar is infheidhme tráth shíniú an chomhaontaithe mhaoiniúcháin. |
(190) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 i ndáil leis na samhlacha do na tuarascálacha rialaithe agus na tuarascálacha iniúchóireachta bliantúla dá dtagraítear in Airteagal 40(1) den Rialachán sin, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25). |
(191) |
Chun comhsheasmhacht a áirithiú maidir leis an dóigh ar caitheadh le ceartuithe airgeadais le linn na clárthréimhse 2007-2013, ní mór a shoiléiriú gurb amhlaidh, i gcás ionstraimí airgeadais, gur cheart an fhéidearthacht a bheith ann ranníocaíocht a chealófar mar thoradh ar neamhrialtacht aonair a athúsáid le haghaidh caiteachas rialta a chur in áit neamhrialtacht aonair laistigh den aon oibríocht amháin ionas nach gcruthóidh an ceartú airgeadais lena mbaineann glanchaillteanas d’oibríocht na hionstraime airgeadais. |
(192) |
D’fhonn níos mó ama a chur ar fáil do shíniú na gcomhaontuithe cistiúcháin a cheadaíonn úsáid cuntas eascró le haghaidh íocaíochtaí le haghaidh infheistíochtaí i bhfaighteoirí deiridh tar éis dheireadh na tréimhse incháilitheachta d’ionstraimí atá bunaithe ar chothromas, ba cheart an spriocdháta do shíniú na gcomhaontuithe cistiúcháin sin a shíneadh go dtí an 31 Nollaig 2018. |
(193) |
D’fhonn infheisteoirí a oibríonn faoi phrionsabal mhargadh an gheilleagair a dhreasú le comhinfheistíocht a dhéanamh i dtionscadail bheartais phoiblí, ba cheart coincheap na córa difreáilte infheisteoirí a thabhairt isteach, rud a fhágann gurb amhlaidh, faoi choinníollacha sonracha, ionas go nglacfaidh Cistí SIE seasamh tánaisteach a ghlacadh i leith infheisteoir a oibríonn faoi phrionsabal mhargadh an gheilleagair agus i leith tháirgí airgeadais BEI faoin Ráthaíocht AE a chumhdaítear le CEIS. Ba cheart coinníollacha a leagan síos ag an am céanna maidir le cóir dhifreáilte den sórt sin a chur i bhfeidhm le linn Cistí SIE a chur chun feidhme. |
(194) |
Mar gheall ar an timpeallacht fhadtréimhseach ísealúis, agus ionas nach ngearrfar pionós míchuí ar chomhlachtaí a bhíonn i mbun ionstraimí airgeadais a chur chun feidhme, ní mór, faoi réir bainistíocht airgid ghníomhach, maoiniú úis dhiúltaigh arna ghiniúint de bharr infheistíochtaí Chistí SIE de bhun Airteagal 43 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a chumasú ó acmhainní arna n-íoc ar ais san ionstraim airgeadais. |
(195) |
D’fhonn ceanglais tuairiscithe a chur ar comhréim leis na forálacha nua maidir le cóir dhifreáilte infheisteoirí agus d’fhonn dúbláil a sheachaint maidir le ceanglais áirithe, ba cheart Airteagal 46(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a leasú. |
(196) |
Chun cur chun feidhme Chistí SIE a éascú, ní mór deis a thabhairt do na Ballstáit gníomhartha cúnaimh theicniúil a chur chun feidhme trí chonradh a dhámhachtain go díreach do BEI, d’institiúidí eile idirnáisiúnta airgeadais agus do bhainc nó d’institiúidí faoi úinéireacht phoiblí. |
(197) |
D’fhonn na coinníollacha a chomhchuibhiú a thuilleadh le haghaidh oibríochtaí a ghineann glanioncaim i ndiaidh a gcur i gcrích, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha ábhartha den Rialachán seo le hoibríochtaí a roghnaíodh cheana agus atá fós ar siúl, agus le hoibríochtaí atá fós le roghnú le linn na clárthréimhse sin. |
(198) |
D’fhonn dreasacht láidir a thabhairt chun bearta maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a chur chun feidhme, níor cheart caitheamh le coigilteas a bhaineann le costais agus atá mar thoradh ar an bhfeabhsú a dhéanann oibríocht ar éifeachtúlacht fuinnimh, níor cheart caitheamh leis mar ghlanioncam. |
(199) |
D’fhonn cur chun feidhme oibríochtaí a ghineann ioncam a éascú, ba cheart cead a thabhairt an ráta cómhaoinithe a laghdú tráth ar bith le linn chur chun feidhme an chláir i, agus ba cheart foráil a dhéanamh do dheiseanna chun céatadáin de ghlanioncam ar ráta comhréidh a shuí ar leibhéal náisiúnta. |
(200) |
Toisc ghlacadh mall Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26), agus toisc gur leis an Rialachán sin a bunaíodh leibhéil déine cúnaimh, ní mór díolúintí áirithe a leagan amach i Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 maidir le CEMI i ndáil le hoibríochtaí a ghineann ioncam. De bharr go gcuireann na díolúintí sin coinníollacha níos fabhraí ar fáil le haghaidh oibríochtaí cruthaithe ioncaim dá ndéantar méideanna nó rátaí tacaíochta a shainmhíniú i Rialachán (AE) Uimh. 508/2014, is gá dáta difriúil ar chur i bhfeidhm na ndíolúintí sin a shuí chun cóir chomhionann na n-oibríochtaí a dtugtar tacaíocht dóibh ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a áirithiú. |
(201) |
Chun laghdú a dhéanamh ar an ualach riaracháin ar thairbhithe, ba cheart méadú a dhéanamh ar an tairseach lena ndíolmhaítear oibríochtaí áirithe ón gceanglas maidir le hioncam arna ghiniúint le linn a gcur chun feidhme a ríomh agus a chur san áireamh. |
(202) |
Chun sineirgí a éascú idir Cistí SIE agus ionstraimí eile Aontais, ba cheart foráil a dhéanamh go bhféadfar caiteachas arna thabhú a aisíoc ó Chistí difriúla SIE agus ó ionstraimí difriúla Aontais bunaithe ar chéatadán arna chomhaontú roimh ré. |
(203) |
Chun úsáid cnapshuimeanna a chur chun cinn, agus ós rud é go bhfuil cnapshuimeanna le bheith bunaithe ar mhodh ríofa atá cóir, cothromasach agus infhíoraithe a áirithíonn bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú, ba cheart deireadh a chur leis an uasteorainn is infheidhme maidir lena n-úsáid. |
(204) |
D’fhonn laghdú a dhéanamh ar an ualach riaracháin a bhíonn ar thairbhithe le linn dóibh tionscadail a chur chun feidhme, ba cheart rogha costais simplithe nua a thabhairt isteach le haghaidh maoiniú, rud a bheidh bunaithe ar choinníollacha eile seachas ar chostais na n-oibríochtaí. |
(205) |
Ba cheart do na Ballstáit úsáid níos mó a bhaint as roghanna costais simplithe chun simpliú a dhéanamh ar na rialacha lena rialaítear úsáid cistí agus chun ualach an riaracháin a ghabhann leis a laghdú. |
(206) |
Agus aird á tabhairt ar an bhfíric gurb amhlaidh, i gcomhréir le hAirteagal 71 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, a bheidh feidhm ag an oibleagáid chun marthanacht oibríochtaí infheistíochta a áirithiú ón íocaíocht deiridh leis an tairbhí agus, i gcásanna ina bhfuil sé i gceist innealra nó trealamh nua a cheannach ar léas leis an infheistíocht, gur ag deireadh na tréimhse conartha a dhéanfar an íocaíocht deiridh, níor cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid sin maidir leis an gcineál infheistíochta sin. |
(207) |
D’fhonn cur i bhfeidhm leathan roghanna costais shimplithe a áirithiú, ba cheart úsáid éigeantach scálaí caighdeánacha costas aonaid, cnapshuimeanna nó rátaí comhréidhe a leagan amach le haghaidh oibríochtaí nó tionscadail atá ina gcuid d’oibríocht a fhaigheann cúnamh ó CFRE agus ó CSE a thagann faoi thairseach áirithe, agus sin faoi réir forálacha idirthréimhseacha. Ba cheart an deis a thabhairt don údarás bainistíochta, nó don choiste faireacháin maidir leis na cláir faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh,síneadh a chur leis an idirthréimhse ar feadh tréimhse a mheasann sé atá iomchuí, má mheasann sé go gcruthaíonn oibleagáid den sórt sin ualach díréireach riaracháin. Níor cheart feidhm a bheith ag oibleagáid den sórt sin maidir le hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht faoi chuimsiú Státchabhrach nach cabhair de minimis é. Maidir le hoibríochtaí den sórt sin, ba cheart gach foirm deontas agus cúnaimh inaisíoctha ina leith a bheith mar rogha i gcónaí. Ag an am céanna, ba cheart úsáid dréachtbhuiséad a thabhairt isteach i gcás gach Ciste SIE mar mhodheolaíocht bhreise chun costais shimplithe a chinneadh. |
(208) |
D’fhonn cur i bhfeidhm níos luaithe agus níos spriocdhírithe roghanna costais shimplithe a éascú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 de CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le forlíonadh a dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 le rialacha sonracha breise maidir le ról, dliteanais agus freagracht na gcomhlachtaí a chuireann ionstraimí airgeadais chun feidhme, maidir le critéir ghaolmhara roghnúcháin agus maidir le táirgí a d’fhéadfaí a sheachadadh trí bhíthin ionstraimí airgeadais, agus forlíonadh a dhéanamh ar fhorálacha Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 maidir leis na scálaí caighdeánacha costas aonaid nó an maoiniú ar ráta comhréidh agus i dtaca leis an modh ríofa atá cóir, cothromasach agus infhíoraithe ar a bhféadfar na scálaí sin a bhunú, agus trí mhódúlachtaí mionsonraithe a shonrú maidir leis an maoiniú a bheidh bunaithe ar chomhlíonadh coinníollacha atá nasctha leis an dul chun cinn ar chur chun feidhme nó ar bhaint amach chuspóirí na gclár, agus ní ar chostais ná ar a gcur i bhfeidhm. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
(209) |
Chun an t-ualach riaracháin a laghdú, ba cheart méadú a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as rátaí comhréidhe nach gá do na Ballstáit modheolaíocht a bhunú ina leith. Dá bhrí sin, ba cheart dhá cheann bhreise de rátaí comhréidhe a thabhairt isteach: ceann amháin a úsáidfear chun costais foirne dhíreacha a ríomh agus ceann eile a úsáidfear chun na costais incháilithe eile a ríomh bunaithe ar chostais foirne. Ina theannta sin, ba cheart tuilleadh soiléirithe a thabhairt ar na modhanna a úsáidtear chun costais foirne a ríomh. |
(210) |
D’fhonn feabhas a chur ar éifeachtacht agus ar thionchar na n-oibríochtaí, ba cheart cur chun feidhme oibríochtaí a chlúdaíonn críoch iomlán Ballstáit nó oibríochtaí lena gcumhdaítear limistéir chláir dhifriúla a éascú agus ba cheart cur leis na deiseanna atá ann caiteachas a sholáthar le haghaidh infheistíochtaí áirithe lasmuigh den Aontas. |
(211) |
Chun na Ballstáit a spreagadh iarraidh ar shaineolaithe neamhspleácha breithmheas a dhéanamh ar mhórthionscadail, ba cheart an dearbhú caiteachais maidir le mórthionscadal a dhéanfar don Choimisiún sula ndéanfaidh an saineolaí neamhspleách breithmheas dearfach air a cheadú a luaithe a thabharfar fógra don Choimisiún gur cuireadh an fhaisnéis ábhartha faoi bhráid an tsaineolaí neamhspleách. |
(212) |
D’fhonn cur chun cinn a dhéanamh ar úsáid comhphleananna gníomhaíochta lena laghdófar an t-ualach riaracháin ar thairbhithe, ní mór laghdú a dhéanamh ar na ceanglais rialála atá nasctha le comhphlean gníomhaíochta a bhunú agus, ag an am céanna, fócas cuí a choinneáil ar phrionsabail chothrománacha, lena n-áirítear comhionannas inscne agus forbairt inbhuanaithe, a rannchuidigh go mór le cur chun feidhme éifeachtúil Chistí SIE. |
(213) |
Chun laghdú a dhéanamh ar ualach riaracháin neamhriachtanach ar thairbhithe, ba cheart prionsabal na comhréireachta a urramú sna rialacha maidir le faisnéis, cumarsáid agus infheictheacht. Dá réir sin, tá sé tábhachtach soiléiriú a thabhairt ar raon feidhme chur i bhfeidhm na rialacha sin. |
(214) |
D’fhonn an t-ualach riaracháin a laghdú, agus d’fhonn a áirithiú go mbainfear úsáid éifeachtach as cúnamh teicniúil ar fud CFRE, CSE agus an Chiste Chomhtháthaithe agus ar fud na gcatagóirí réigiún, ba cheart méadú a dhéanamh ar an tsolúbthacht atá ann chun ríomh agus faireachán a dhéanamh ar na teorainneacha faoi seach is infheidhme maidir le cúnamh teicniúil na mBallstát. |
(215) |
D’fhonn struchtúir chur chun feidhme a chuíchóiriú, ba cheart a shoiléiriú gur ar fáil do chláir faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh freisin atá an fhéidearthacht atá ann go bhféadfaidh an t-údarás bainistíochta, an t-údarás deimhniúcháin agus an t-údarás iniúchóireachta a bheith mar chuid den aon chomhlacht poiblí amháin. |
(216) |
Ba cheart sonrú níos mine a thabhairt faoi na freagrachtaí atá ar na húdaráis bhainistíochta maidir le caiteachas a fhíorú i gcásanna ina mbíonn roghanna costais shimplithe in úsáid. |
(217) |
Chun a áirithiú gur féidir le tairbhithe tairbhe iomlán a bhaint as an acmhainneacht simplithe a bhaineann le réitigh ríomhrialtais a úsáid le linn Cistí SIE agus an Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (FEAD) a chur chun feidhme, go háirithe ar mhaithe le lánbhainistiú doiciméad leictreonach a éascú, ní mór a shoiléiriú nach bhfuil rian páipéir ag teastáil i gcásanna ina gcomhlíontar coinníollacha áirithe. |
(218) |
D’fhonn comhréireacht rialuithe a mhéadú agus an t-ualach riaracháin atá mar thoradh ar rialuithe forluiteacha a mhaolú, go háirithe do thairbhithe beaga, gan an bonn a bhaint de phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, ba cheart prionsabal na hiniúchóireachta aonair a bheith i dtreis i gcás CFRE, CSE agus an Chiste Chomhtháthaithe agus CEMI, agus ba cheart dúbláil a dhéanamh ar na tairseacha ar faoina mbun nach mbíonn oibríocht faoi réir níos mó ná iniúchadh amháin. |
(219) |
Tá sé tábhachtach feabhas a chur ar infheictheacht Chistí SIE sa phobal i gcoitinne agus feasacht a ardú ar a dtorthaí agus ar an méid atá bainte amach acu. Beidh gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide agus bearta chun an infheictheacht phoiblí a fheabhsú fíor-riachtanach i gcónaí chun an méid atá bainte amach ag na Cistí SIE a phoibliú agus an dóigh a infheistítear acmhainní airgeadais an Aontais a thaispeáint. |
(220) |
D’fhonn rochtain spriocghrúpaí áirithe ar CSE a éascú, níor cheart bailiú sonraí dá dtagraítear in Iarscríbhinn 1 de Rialachán (AE) Uimh. 1304/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27) a éileamh le haghaidh táscairí áirithe. |
(221) |
D’fhonn cóir chomhionann na n-oibríochtaí a dtacaítear leo ar bhonn an Rialacháin seo a áirithiú, mí mór an dáta ar cuireadh leasuithe áirithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 i bhfeidhm a shuí. |
(222) |
D’fhonn a áirithiú go mbeidh an chlárthréimhse ar fad le haghaidh Rialacháin (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013 agus (AE) Uimh. 223/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28) á rialú ag sraith chomhleanúnach rialacha, ní mór go mbeadh feidhm ag cuid de na leasuithe ar na Rialacháin sin amhail ón 1 Eanáir 2014. Cuirfear ionchais dhlisteanacha san áireamh trí fhoráil a dhéanamh do chur i bhfeidhm cúlghabhálach na leasuithe sin. |
(223) |
D’fhonn dlús a chur le cur chun feidhme ionstraimí airgeadais, a chomhcheanglaíonn tacaíocht ó Chistí SIE le táirgí airgeadais BEI faoi ráthaíocht CEIS ón Aontas Eorpach, agus d’fhonn bonn leanúnach dleathach a chur ar fáil do shíniú comhaontuithe cistiúcháin a cheadaíonn úsáid cuntas eascró atá bunaithe ar ionstraimí cothromais, ní mór go mbeadh feidhm ag cuid de na leasuithe ar an Rialachán seo amhail ón 1 Eanáir 2018. Áiritheofar go n-éascófar maoiniú tionscadal go tapa le tacaíocht chomhcheangailte ó Chistí de chuid SIE agus CEIS trí fhoráil a dhéanamh do chur i bhfeidhm cúlghabhálach na leasuithe sin, agus seachnófar aon bhearna sa dlí, de bhua an Rialacháin seo, idir dáta éaga na bhforálacha áirithe i Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus dáta theacht i bhfeidhm a sínte. |
(224) |
Ba cheart an simpliú agus na hathruithe a dhéantar ar rialacha earnáilsonracha a bheith infheidhme a luaithe is féidir chun gur fusa a bheidh sé dlús a chur faoin gcur chun feidhme le linn na tréimhse reatha clársceidealaithe agus, dá bhrí sin, ba cheart iad a bheith infheidhme ón 2 Lúnasa 2018. |
(225) |
Tar éis an 31 Nollaig 2017, ba cheart don Chiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CECD) leanúint de chúnamh a sholáthar ar bhonn sealadach do dhaoine óga nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna (NEETanna) agus a bhfuil cónaí orthu i réigiúin ina mbíonn tionchar míréireach ag móriomarcaíochtaí. Chun go bhféadfar cúnamh leanúnach a thabhairt do NEETanna, ba cheart feidhm a bheith ag an leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29) lena n-áirithítear an cúnamh leanúnach sin le héifeacht amhail ón 1 Eanáir 2018. |
(226) |
Ba cheart an fhéidearthacht a bheith ann saoráidí measctha a bhunú faoi Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30) i gcomhair earnáil amháin nó níos mó de Shaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE). D’fhéadfadh saoráidí measctha den sórt sin maoiniú a dhéanamh ar oibríochtaí measctha, ar gníomhaíochtaí iad a cheanglaíonn cineálacha tacaíochta neamh-in-aisíoctha, amhail tacaíocht ó bhuiséid na mBallstát, ó dheontais SCE, ó Chistí SIE agus ó ionstraimí airgeadais ó bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear teaglaim de chothromas SCE agus d’ionstraimí airgeadais fiachais SCE, agus maoiniú ó Ghrúpa BIE, ó fhorbairt na mbanc náisiúnta le haghaidh spreagtha, ó fhorbairt nó ó institiúidí eile airgeadais, ó infheisteoirí agus ó thacaíocht airgeadais phríobháideach. ba cheart a áireamh le maoiniú ó Ghrúpa BIE maoiniú BEI faoi CEIS agus ba cheart a áireamh le tacaíocht airgeadais phríobháideach ranníocaíochtaí airgeadais díreacha agus indíreacha araon mar aon le tacaíocht a fhaightear trí chomhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí. |
(227) |
Ba cheart dearadh agus bunú na saoráidí measctha a bheith bunaithe ar mheasúnú ex ante a dhéantar i gcomhréir leis an Rialachán seo, agus ba cheart a léiriú leis an dearadh agus leis an mbunú sin an méid a foghlaimíodh nuair a cuireadh “Glao ar Chumasc” SCE chun feidhme dá dtagraítear i gCinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún an 20 Eanáir 2017 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2014)1921 lena mbunaítear Clár Oibre Ilbhliantúil 2014-2020 maidir le cúnamh airgeadais i réimse Saoráide um Chónascadh na hEorpa (SCE) —Earnáil an iompair. Ba cheart saoráidí measctha SCE a bhunú faoi na cláir oibre ilbhliantúla agus/nó bhliantúla agus iad a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 agus 25 de Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go ndéanfar tuairisciú trédhearcach pras chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur chun feidhme aon saoráid mheasctha SCE. |
(228) |
Ba cheart gurbh éan cuspóir do shaoráidí measctha SCE iarratas amháin a éascú agus a shruthlíniú le haghaidh na gcineálacha tacaíochta go léir, lena n-áirítear deontais de chuid an Aontais ó SCE agus maoiniú ón earnáil phríobháideach. Ba cheart go mbeadh sé mar aidhm le saoráidí measctha den sórt sin barrfheabhas a chur ar an bpróiseas iarratais do thionscnóirí tionscadal trí phróiseas aonair meastóireachta a sholáthar, ó thaobh cúrsaí teicniúla agus cúrsaí airgeadais de. |
(229) |
Ba cheart do shaoráidí measctha SCE solúbthacht a mhéadú le haghaidh tionscadail a chur isteach agus an próiseas a shimpliú agus a shruthlíniú le haghaidh tionscadal a aithint agus a mhaoiniú. Ba cheart dóibh freisin úinéireacht agus tiomantas na n-institiúidí airgeadais lena mbaineann a mhéadú, dá bhrí sin, rioscaí na dtionscadal a mhaolú. |
(230) |
Le saoráidí measctha SCE, ba cheart a bheith mar thoradh orthu feabhas ar chomhordú, ar mhalartú faisnéise agus ar an gcomhar idir na Ballstáit, an Coimisiún, BEI, bainc náisiúnta le haghaidh spreagtha agus infheisteoirí príobháideacha, agus é mar aidhm acu plean gnóthach a chruthú de thionscadail a mbeidh cuspóirí beartais SCE á saothrú acu, agus tacú leis an bplean sin, freisin. |
(231) |
Ba cheart é a bheith d’aidhm ag saoráidí measctha SCE éifeacht iolraitheora an chaiteachais ón Aontas a fheabhsú trí acmhainní breise a mhealladh ó infheisteoirí príobháideacha, rud a áiritheodh leibhéal uasta rannpháirtíochta infheisteoirí príobháideacha. Anuas air sin, ba cheart go n-áiritheofaí leo go mbeidh na gníomhaíochtaí a dtacaítear leo inmharthana ón taobh eacnamaíoch de agus ó thaobh an airgeadais de agus go seachnófaí easpa giarála infheistíochta a bhuí leo. Ba cheart dóibh rannchuidiú le cuspóirí an Aontais a ghnóthú i dtaca le comhlíonadh na spriocanna a leagadh amach ag Comhdháil Pháras maidir leis an athrú aeráide (COP 21), agus i dtaca le cruthú post agus nascacht trasteorann. Tá sé tábhachtach, i gcás ina n-úsáideadh SCE agus CEIS araon le haghaidh gníomhaíochtaí maoinithe, go ndéanann an Chúirt Iniúchóirí scrúdú an ndearnadh bainistíocht fhónta ar an airgeadas i gcomhréir le hAirteagal 287 de CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 24(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013. |
(232) |
I mórán gach cás, táthar ag súil gur le deontais san earnáil iompair i gcónaí a thacófar go príomha le cuspóirí beartais an Aontais. Dá bhrí sin, níor cheart laghdú a dhéanamh ar infhaighteacht na ndeontas sin agus saoráidí measctha SCE á gcur i bhfeidhm. |
(233) |
D’fhéadfadh rannpháirtíocht comhinfheisteoirí príobháideacha sna tionscadail iompair a éascú tríd an riosca airgeadais a mhaolú. Is féidir le ráthaíochtaí céadchaillteanais, a chuireann BEI ar fáil faoi na sásraí airgeadais comhpháirteacha, ar sásraí iad a fhaigheann tacaíocht ón bhuiséad amhail saoráidí measctha, a bheith iomchuí chun na críche sin. |
(234) |
Ba cheart cistiú ó SCE a bhunú ar na critéir roghnúcháin agus dhámhachtana a bunaíodh sna cláir oibre ilbhliantúla agus sna cláir oibre bhliantúla de bhun Airteagal 17(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013, beag beann ar fhoirm an chistiúcháin, nó ar an teaglaim de na foirmeacha cistiúcháin a úsáidtear. |
(235) |
An taithí a gnóthaíodh i saoráidí measctha, ba cheart í a chur san áireamh sna meastóireachtaí ar Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013. |
(236) |
Níor cheart a thuiscint go ndéanfar dochar do chaibidil an chreata airgeadais ilbhliantúil tar éis 2020 le tabhairt isteach na saoráidí measctha SCE leis an Rialachán seo. |
(237) |
D’fhonn tacú le cur chun feidhme a dhéanamh ar thionscadail lena mbaineann an breisluach is mó le haghaidh an Ghréasáin Thras-Eorpaigh Iompair maidir leis na conairí croíghréasáin, na tionscadail trasteorann agus na tionscadail ar na codanna eile den chroíghréasán agus na tionscadail atá incháilithe faoi na tosaíochtaí cothrománacha mar a liostaítear in Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013, agus ráta an-ard forghníomhaithe SCE in earnáil an iompair á chur san áireamh, tá sé riachtanach go gceadaítear, go heisceachtúil, solúbthacht bhreise in úsáid an chláir oibre ilbhliantúil le gur féidir úsáid a bhaint as méid an imchlúdaigh airgeadais suas le 95 % de na hacmhainní buiséadacha airgeadais dá dagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013. Tá sé tábhachtach, áfach, go gcuirfear tuilleadh tacaíochta ar fáil do na tosaíochtaí a chumhdaítear leis na cláir bhliantúla oibre le linn an ama atá fágtha de thréimhse cur chun feidhme SCE. |
(238) |
De bhrí gur de chineál éagsúil í earnáil teileachumarsáide CEF i gcomparáid le hearnáil iompair CEF agus earnáil fuinnimh CEF, eadhon meánmhéid níos lú deontas agus difríochtaí sa chineál costas agus sa chineál tionscadal, ba cheart ualach neamhriachtanach a sheachaint i gcomhair na dtairbhithe agus na mBallstát a bhíonn rannpháirteach i ngníomhaíochtaí a bhaineann leo, trí ualach níos lú a bheith ann i dtaca le hoibleagáid an deimhniúcháin, gan prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais a lagú. |
(239) |
Ní ceadmhach ach deontais agus soláthar amháin a úsáid faoi Rialachán (AE) Uimh. 283/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31) láthair chun tacú le gníomhartha i réimse bhonneagair na seirbhíse digití. D’fhonn a áirithiú go bhfeidhmíonn bonneagair na seirbhíse digití ar bhealach chomh héifeachtach agus is féidir, ba cheart ionstraimí airgeadais eile atá in úsáid faoi láthair faoi SCE, lena n-áirítear ionstraimí airgeadais nuálacha, a chur ar fáil, freisin, chun tacú le gníomhaíochtaí den sórt sin. |
(240) |
Chun ualach riaracháin neamhriachtanach ar údaráis bhainistíochta a sheachaint, ar ualach é a d’fhéadfadh bac a chur ar chur chun feidhme éifeachtúil an Chiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí, is cuí simpliú agus éascú a dhéanamh ar an nós imeachta le haghaidh gnéithe neamhriachtanacha de chláir oibríochtúla a leasú. |
(241) |
D’fhonn úsáid an Chiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí a shimpliú tuilleadh, is cuí forálacha breise a bhunú maidir le hincháilitheacht caiteachais agus go háirithe maidir le húsáid a bhaint as scálaí caighdeánacha costas aonaid, cnapshuimeanna agus rátaí comhréidhe. |
(242) |
Chun a áirithiú nach gcaithfear go míchothrom le heagraíochtaí comhpháirtíochta, níor cheart neamhrialtachtaí atá inchurtha i leith an chomhlachta i gceannas ar an gcúnamh a cheannach difear a dhéanamh d’incháilitheacht caiteachais na n-eagraíochtaí comhpháirtíochta. |
(243) |
Chun cur chun feidhme Chistí SIE agus an Chiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí a shimpliú agus neamhdheimhneacht dhlíthiúil a sheachaint, ba cheart soiléiriú a thabhairt ar fhreagrachtaí áirithe ar na Ballstáit i dtaca le bainistíocht agus rialú. |
(244) |
Nuair a chuirtear san áireamh an gá atá le cur i bhfeidhm comhtháite na rialacha airgeadais ábhartha laistigh den bhliain airgeadais, is inmholta i bprionsabal go mbeadh Cuid a hAon den Rialachán seo (an Rialachán Airgeadais) infheidhme ó thús na bliana airgeadais. Mar sin féin, d’fhonn a áirithiú go mbainfidh faighteoirí cistí de chuid an Aontais tairbhe, a luaithe is féidir, as an simpliú tábhachtach dá bhforáiltear sa Rialachán seo, ó thaobh an Rialachán Airgeadais agus ó thaobh na leasuithe ar rialacha earnáilsonracha araon, is iomchuí foráil a dhéanamh, ar bhonn eisceachtúil, maidir leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm ón dáta a dtiocfaidh sé i bhfeidhm. Ag an am céanna, chun go mbeidh am breise ann le haghaidh oiriúnú do na rialacha nua, ba cheart d’institiúidí an Aontais leanúint ar aghaidh le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 a chur i bhfeidhm go dtí deireadh na bliana airgeadais 2018 maidir le cur chun feidhme a leithreasaí riaracháin faoi seach. |
(245) |
Níor cheart feidhm a bheith ag roinnt modhnuithe maidir le hionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha agus cúnamh airgeadais ach amháin ó dháta chur i bhfeidhm an chreata airgeadais ilbhliantúil i ndiaidh 2020 chun go mbeidh dóthain ama ann chun na bunúis dlí agus na cláir a oiriúnú do na rialacha nua. |
(246) |
An fhaisnéis faoi mhéan bliantúil na gcoibhéisí lánaimseartha agus maidir le méid measta an ioncaim shannta a tugadh anonn ó bhlianta roimhe sin, ba cheart an fhaisnéis sin a chur ar fáil den chéad uair i dteannta an dréachtbhuiséid a thíolacfar in 2021 d’fhonn dóthain ama a thabhairt don Choimisiún oiriúnú don oibleagáid nua, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CUID A hAON
AN RIALÁCHÁN AIRGEADAIS
TEIDEAL I
ÁBHAR, SAINMHÍNITHE AGUS PRIONASABAIL GHINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar
Leagtar síos leis an Rialachán seo na rialacha maidir le bunú agus cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh agus bhuiséad ginearálta an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (“an buiséad”) agus maidir le tíolacadh agus iniúchadh a gcuntas.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1) |
ciallaíonn “iarratasóir” duine nádúrtha nó eintiteas, bíodh pearsantacht dhlítheanach aige nó ná bíodh, a bhfuil iarratas déanta aige le linn nós imeachta um dhámhachtain deontas nó le linn comórtas le haghaidh duaiseanna; |
(2) |
ciallaíonn “doiciméad iarratais” tairiscint, iarraidh ar pháirt a ghlacadh, iarratas ar dheontas nó iarratas le linn comórtas le haghaidh duaiseanna; |
(3) |
ciallaíonn “nós imeachta um dhámhachtain” nós imeachta soláthair, nós imeachta maidir le deontas a dhámhachtain, comórtas le haghaidh duaiseanna, nó nós imeachta le haghaidh saineolaithe nó daoine nó eintitis a chuireann cistí an Aontais chun feidhme de bhun phointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 62(1) a roghnú; |
(4) |
ciallaíonn “bunghníomh” gníomh dlíthiúil, seachas moladh nó tuairim, lena soláthraítear bunús dlí do ghníomhaíocht agus do chur chun feidhme an chaiteachais chomhfhreagraigh a iontráiltear sa bhuiséad nó cur chun feidhme na ráthaíochta buiséadaí nó an chúnaimh airgeadais arna dtacú leis an mbuiséad, agus arb é a d’fhéadfadh a bheith ann ceann ar bith de na foirmeacha seo a leanas:
|
(5) |
ciallaíonn “tairbhí” duine nádúrtha nó eintiteas bíodh pearsantacht dhlítheanach aige nó ná bíodh lena bhfuil comhaontú deontais sínithe; |
(6) |
ciallaíonn “saoráid mheasctha nó ardán measctha” creat comhair arna bhunú idir an Coimisiún agus institiúidí forbartha nó institiúidí airgeadais poiblí eile d’fhonn cineálacha tacaíochta neamh-iníoctha agus/nó ionstraimí airgeadais ón mbuiséad a chomhcheangal le tacaíocht airgeadais de chuid institiúidí forbartha nó institiúidí airgeadais poiblí eile nó de chuid institiúidí airgeadais san earnáil phríobháideach agus infheisteoirí san earnáil phríobháideach; |
(7) |
ciallaíonn “cur chun feidhme an bhuiséid” gníomhaíochtaí a chur i gcrích a bhaineann le bainistiú, faireachán, rialú agus iniúchadh na leithreasuithe buiséid i gcomhréir leis na modhanna dá bhforáiltear in Airteagal 62; |
(8) |
ciallaíonn “gealltanas buiséadach” an oibríocht lena ndéanann an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach as na leithreasuithe is gá a fhorchoimeád sa bhuiséad chun íocaíochtaí iardain a chumhdach d’fhonn gealltanais dhlíthiúla a chomhlíonadh; |
(9) |
ciallaíonn “ráthaíocht bhuiséadach” gealltanas dlíthiúil ón Aontas tacú le clár gníomhaíochtaí trí oibleagáid airgeadais a chur ar an mbuiséad, oibleagáid a bhféadfar dul ar a iontaoibh i gcás ina dtarlaíonn teagmhas sonraithe i rith chur chun feidhme an chláir agus a leanann de bheith bailí fad a aibíonn na gealltanais a dhéantar faoin gclár arna thacú; |
(10) |
ciallaíonn “conradh tógála” conradh lena gcumhdaítear ceannach, malartú, léas fada, cearta úsáide, léasú, fáil ar cíos nó fruilcheannach, leis an rogha ceannach nó gan í, talún, foirgneamh nó aon mhaoin dhochorraithe eile. Cumhdaítear leis na conarthaí sin foirgnimh atá ann cheana agus foirgnimh sula gcríochnófar iad ar choinníoll go bhfuil cead tógála bailí faighte ag an iarrthóir ina leith. Ní chumhdaítear leo foirgnimh a dheartar de réir shonraíochtaí an údaráis chonarthaigh a chumhdaítear le conarthaí oibreacha; |
(11) |
ciallaíonn “iarrthóir” oibreoir eacnamaíoch a lorg cuireadh nó ar tugadh cuireadh dó páirt a ghlacadh i nós imeachta srianta, i nós imeachta iomaíoch lena ngabhann idirbheartaíocht, in idirphlé iomaíoch, i gcomhpháirtíocht nuála, i gcomórtas deartha nó i nós imeachta idirbheartaithe; |
(12) |
ciallaíonn “comhlacht ceannaigh lárnaigh” údarás conarthach a chuireann gníomhaíochtaí láraithe ceannaigh agus, i gcás inarb infheidhme, gníomhaíochtaí coimhdeacha ceannaigh ar fáil; |
(13) |
ciallaíonn “seiceáil” fíorú a dhéanamh ar ghné shonrach d’oibríocht ioncaim nó caiteachais; |
(14) |
ciallaíonn “conradh lamháltais” conradh ar mhaithe le leas airgid arna thabhairt i gcrích i scríbhinn idir oibreoir eacnamaíoch amháin nó níos mó agus údarás conarthach amháin nó níos mó de réir bhrí Airteagal 174 agus Airteagal 178, d’fhonn cur i gcrích nó soláthar agus bainistiú seirbhísí a chur de chúram ar oibreoir eacnamaíoch (an “lamháltas”), agus i gcás:
|
(15) |
ciallaíonn “dliteanas teagmhasach” oibleagáid airgeadais fhéideartha a d’fhéadfaí a thabhú ag brath ar thoradh tarlaithe san am atá le teacht; |
(16) |
ciallaíonn “conradh” conradh poiblí nó conradh lamháltais; |
(17) |
ciallaíonn “conraitheoir” oibreoir eacnamaíoch lena bhfuil conradh poiblí sínithe; |
(18) |
ciallaíonn “comhaontú ranníocaíochta” comhaontú a tugadh i gcrích le daoine no le heintitis a chuireann cistí an Aontais chun feidhme de bhun phointe (c)(ii) go (viii) den chéad fhomhír d’Airteagal 62(1); |
(19) |
ciallaíonn “rialú” aon bheart a ghlactar chun cinnteacht réasúnta a sholáthar maidir le héifeachtacht, éifeachtúlacht agus tíosaíocht oibríochta, iontaofacht tuairiscithe, acmhainní agus faisnéis a chosaint, calaois agus neamhrialtachtaí a chosc agus a bhrath agus a cheartú agus maidir lena leanúint, agus bainistíocht leordhóthanach ar na rioscaí a bhaineann le dlíthiúlacht agus le rialtacht na mbun-idirbheart, agus cineál ilbhliantúil na gclár á gcur san áireamh chomh maith le cineál na n-íocaíochtaí lena mbaineann. D’fhéadfadh seiceálacha éagsúla a bheith ag baint le rialuithe, mar aon le cur i bhfeidhm aon pholasaithe agus nósanna imeachta chun na cuspóirí dá dtagraítear sa chéad abairt a bhaint amach; |
(20) |
ciallaíonn “contrapháirt” an páirtí dá ndeonaítear ráthaíocht bhuiséadach; |
(21) |
ciallaíonn “géarchéim”:
|
(22) |
ciallaíonn “saoradh” an oibríocht lena gcuireann an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach cur i leataobh na leithreasuithe a rinneadh roimhe sin trí bhíthin gealltanas buiséadach ar ceal go hiomlán nó go páirteach; |
(23) |
ciallaíonn “córas ceannaigh dinimiciúil” próiseas atá iomlán leictreonach chun ceannacháin choitianta táirgí atá ar fáil de ghnáth ar an margadh a dhéanamh; |
(24) |
ciallaíonn “oibreoir eacnamaíoch” aon duine nádúrtha nó dlítheanach, lena n-áirítear eintiteas poiblí nó grúpa de dhaoine mar sin, a thairgeann táirgí a sholáthar, oibreacha a chur i gcrích nó seirbhísí nó maoin dhochorraithe a chur ar fáil; |
(25) |
ciallaíonn “infheistíocht chothromais” caipiteal a sholáthar do chuideachta, arna infheistiú go díreach nó go hindíreach mar mhalairt ar úinéireacht iomlán nó pháirteach ar an gcuideachta sin agus go bhféadfaidh an t-infheisteoir cothromais cuid de rialú bainistíochta na cuideachta agus cuid de bhrabús na cuideachta a ghlacadh chuige féin; |
(26) |
ciallaíonn “oifigí Eorpacha” struchtúr riaracháin a chuireann an Coimisiún nó an Coimisiún i dteannta ceann amháin nó níos mó d’institiúidí eile an Aontais ar bun chun cúraimí trasghearrtha sonracha a dhéanamh; |
(27) |
ciallaíonn “cinneadh riaracháin críochnaitheach” cinneadh ó údarás riaracháin a bhfuil éifeacht chríochnaitheach agus cheangailteach aige i gcomhréir leis an dlí is infheidhme; |
(28) |
ciallaíonn “sócmhainn airgeadais” aon sócmhainn i bhfoirm airgid thirim, ionstraim chothromais ar le heintiteas atá faoi sheilbh phoiblí nó phríobháideach í nó ceart conarthach airgead tirim nó sócmhainn airgeadais eile a fháil ó eintiteas den sórt sin; |
(29) |
ciallaíonn “ionstraim airgeadais” beart de chuid an Aontais maidir le tacaíocht airgeadais a sholáthraítear as an mbuiséad d’fhonn aghaidh a thabhairt ar shainchuspóir beartais amháin nó níos mó de chuid an Aontais a fhéadfaidh a bheith i bhfoirm infheistíochtaí cothromais nó infheistíochtaí cuasachothromais, iasachtaí nó ráthaíochtaí, nó ionstraimí eile roinnte riosca agus féadfar, i gcás inarb iomchuí, iad a chomhcheangal de chineálacha tacaíochta airgeadais eile nó de chistí faoi bhainistíocht roinnte nó de chistí de chuid an Chiste Eorpaigh Forbraíochta (EDF); |
(30) |
ciallaíonn “dliteanas airgeadais” oibleagáid chonarthach airgead tirim nó sócmhainn airgeadais eile a thabhairt d’eintiteas eile; |
(31) |
ciallaíonn “creatchonradh” conradh poiblí a thugtar i gcrích idir oibreoir eacnamaíoch amháin nó níos mó agus údarás conarthach amháin nó níos mó, arb é is cuspóir dó na téarmaí a shuí lena rialálfar conarthaí sonracha faoi a bheidh le dámhachtain le linn tréimhse áirithe, go háirithe ó thaobh an phraghais agus, i gcás inarb iomchuí, ó thaobh na cainníochta atá beartaithe; |
(32) |
ciallaíonn “soláthar domhanda” an méid iomlán acmhainní a mheastar a bhfuil gá leis i gcaitheamh saolré iomlán ráthaíochta buiséadaí agus atá mar thoradh ar an ráta soláthair dá dtagraítear in Airteagal 211(1) a chur i bhfeidhm ar mhéid na ráthaíochta buiséadaí a údaraítear leis an mbunghníomh dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 210(1); |
(33) |
ciallaíonn “deontas” ranníocaíocht airgeadais a dhéantar trí thabhartas. I gcás ina bhforáiltear ranníocaíocht den sórt sin faoin mbainistíocht dhíreach, is le Teideal VIII a rialófar í; |
(34) |
ciallaíonn “ráthaíocht” gealltanas i scríbhinn ó thríú páirtí an fhreagracht a ghlacadh as iomlán nó cuid d’fhiach tríú páirtí nó d’oibleagáid nó d’fheidhmíocht rathúil tríú páirtí sa chás ina spreagtar an ráthaíocht sin, amhail mainneachtain iasachta; |
(35) |
ciallaíonn “ráthaíocht ar éileamh” ráthaíocht nach mór don ráthóir é a chomhlíonadh ar éileamh ón gcontrapháirt, d’ainneoin aon easnamh in in-fhorfheidhmitheacht na hoibleagáide foluití; |
(36) |
ciallaíonn “ranníocaíocht chomhchineáil” acmhainní neamhairgeadais a chuireann tríú páirtithe ar fáil saor in aisce do thairbhí; |
(37) |
ciallaíonn “gealltanas dlíthiúil” gníomhaíocht ina nglacann an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach oibleagáid, nó ina mbunaíonn sé oibleagáid, arb é an toradh atá air íocaíocht nó íocaíochtaí iardain agus aitheantas caiteachais mar a mhuirearaítear ar an mbuiséad, agus áirítear ann comhaontuithe agus conarthaí sonracha a thugtar i gcrích faoi chomhaontuithe comhpháirtíochta maidir leis an gcreat airgeadais agus faoi chreatchonarthaí; |
(38) |
ciallaíonn “éifeacht ghiarála” méid an mhaoinithe in-aisíoctha a chuirtear ar fáil d’fhaighteoirí deiridh incháilithe roinnte ar mhéid na ranníocaíochta ón Aontas; |
(39) |
ciallaíonn “riosca leachtachta” an riosca nach ndéanfaí sócmhainn airgeadais a choinnítear sa chiste don soláthar coiteann a dhíol i gcaitheamh tréimhse áirithe ama gan caillteanas suntasach a thabhú; |
(40) |
ciallaíonn “iasacht” comhaontú lena gcuirtear d’oibleagáid ar an iasachtóir méid airgid comhaontaithe a chur ar fáil don iasachtaí ar feadh tréimhse chomhaontaithe agus faoina bhfuil sé d’oibleagáid ar an iasachtaí an méid sin a aisíoc laistigh den tréimhse chomhaontaithe; |
(41) |
ciallaíonn “deontas ar luach íseal” deontas ar lú ná EUR 60 000 nó cothrom leis an méid sin é; |
(42) |
ciallaíonn “eagraíocht de chuid na mBallstát” eintiteas arna bhunú i mBallstát mar chomhlacht dlí poiblí, nó mar chomhlacht atá faoi rialú ag an dlí príobháideach, ar comhlacht é ar cuireadh misean seirbhíse poiblí ar a iontaoibh aige agus ar chuir an Ballstát sin ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil dó; |
(43) |
ciallaíonn “modh cur chun feidhme” aon cheann de na modhanna lena gcuirtear an buiséad chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 62, is é sin an bhainistíocht dhíreach, an bhainistíocht indíreach agus an bhainistíocht roinnte; |
(44) |
ciallaíonn “gníomhaíocht ildeontóirí” aon ghníomhaíocht ina ndéantar cistí de chuid an Aontais a chumasc le cistí ó dheontóir amháin eile ar a laghad; |
(45) |
ciallaíonn “éifeacht iolraitheora” an infheistíocht a rinne faighteoirí deiridh incháilithe roinnte ar mhéid na ranníocaíochta ón Aontas; |
(46) |
ciallaíonn “aschur” na táirgí insoláthartha a ghintear leis an ngníomhaíocht arna gcinneadh i gcomhréir leis na rialacha earnáilsonracha. |
(47) |
ciallaíonn “rannpháirtí” iarrthóir nó tairgeoir i nós imeachta soláthair, iarratasóir i nós imeachta maidir le deontas a dhámhachtain, saineolaí ar an nós imeachta maidir le saineolaithe a roghnú, iarratasóir i gcomórtas le haghaidh duaiseanna, nó duine nó eintiteas atá rannpháirteach i gcistí de chuid an Aontais a chur chun feidhme de bhun phointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 62(1); |
(48) |
ciallaíonn “duais” ranníocaíocht airgeadais a thugtar mar luach saothair tar éis comórtais. I gcás ina bhforáiltear ranníocaíocht den sórt sin faoin mbainistíocht dhíreach, is le Teideal IX a rialófar í; |
(49) |
ciallaíonn “soláthar” go bhfaigheann údarás conarthach amháin nó níos mó oibreacha, soláthairtí nó seirbhísí, trí mheán conartha agus go bhfaigheann sé nó siad talamh, foirgnimh nó maoin dhochorraithe eile nó go bhfaigheann sé nó siad talamh, foirgnimh atá ann cheana nó maoin dhochorraithe eile ar cíos, ó oibreoirí eacnamaíocha arna roghnú ag na húdaráis chonarthacha sin; |
(50) |
ciallaíonn “doiciméad soláthair” aon doiciméad arna chur ar fáil ag an údarás conarthach nó dá ndearna sé tagairt chun tuairisc a dhéanamh ar ghnéithe den nós imeachta soláthair nó chun iad a chinneadh, lena n-áirítear na nithe seo a leanas:
|
(51) |
ciallaíonn “conradh poiblí” conradh ar mhaithe le leas airgid a thugtar i gcrích i scríbhinn idir oibreoir eacnamaíoch amháin nó níos mó agus údarás conarthach amháin nó níos mó de réir bhrí Airteagal 174 agus Airteagal 178, le go ndéanfar sócmhainní inchorraithe nó dochorraithe a sholáthar dóibh, oibreacha a dhéanamh dóibh nó seirbhísí a thabhairt dóibh ach praghas a íoc agus é ag teacht ina iomláine nó go páirteach as an mbuiséad, agus arb é atá iontu:
|
(52) |
ciallaíonn “infheistíocht chuasachothromais” cineál maoinithe atá aicmithe idir cothromas agus fiachas, agus ag a bhfuil riosca is airde ná fiachas sinsearach agus riosca is lú ná gnáthchothromas agus is féidir a struchtúrú mar fhiachas, é neamhurraithe agus fo-ordaithe go tipiciúil agus i gcásanna áirithe in-chomhshóite i gcothromas, nó i ngnáthchothromas tosaíochta; |
(53) |
ciallaíonn “faighteoir” tairbhí, conraitheoir, saineolaí seachtrach ar luach saothair, aon duine ó eintiteas a fhaigheann duaiseanna nó cistí faoi ionstraim airgeadais nó a chuireann cistí ón Aontas chun feidhme de bhun phointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 62(1); |
(54) |
ciallaíonn “comhaontú athcheannaigh” urrúis a dhíol ar airgead tirim agus iad a athcheannach sa todhchaí ar dháta arna shonrú, nó ar éileamh; |
(55) |
ciallaíonn “leithreasú forbartha taighde agus teicneolaíche” leithreasú a iontráiltear i gceann de na teidil sa bhuiséad a bhaineann le taighde sna réimsí beartais atá nasctha le “Taighde indíreach” nó “Taighde díreach” nó i gcaibidil a bhaineann le gníomhaíochtaí taighde i dteideal eile; |
(56) |
ciallaíonn “torthaí”na héifeachtaí a éiríonn as cur chun feidhme gníomhaíochta a dhéantar i gcomhréir le rialacha earnáilsonracha; |
(57) |
ciallaíonn “ionstraimí roinnte riosca” ionstraim airgeadais lena gceadaítear riosca sainithe a roinnt idir dhá eintiteas nó níos mó, i gcás inarb iomchuí mar mhalairt ar luach saothair comhaontaithe; |
(58) |
ciallaíonn “conradh seirbhíse” conradh lena gcumhdaítear seirbhísí intleachtúla agus neamhintleachtúla seachas na seirbhísí a chumhdaítear faoi chonarthaí soláthair, conarthaí oibreacha agus conarthaí tógála; |
(59) |
ciallaíonn “bainistíocht fhónta airgeadais” cur chun feidhme an bhuiséid de réir phrionsabal an chur chuige bharainnigh, thráthúil, phrionsabal na héifeachtúlachta agus phrionsabal na héifeachtachta; |
(60) |
ciallaíonn “Rialacháin Foirne” Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68; |
(61) |
ciallaíonn “fochonraitheoir” oibreoir eacnamaíoch arna mholadh ag iarrthóir nó tairgeoir nó conraitheoir chun cuid de chonradh a chur i gcrích nó ag tairbhí chun cuid de na cúraimí a chur i gcrích arna gcómhaoiniú le deontas; |
(62) |
ciallaíonn “síntiús” suimeanna airgid a íoctar le comhlacht a bhfuil an tAontas ina chomhalta de, i gcomhréir leis na cinntí buiséadacha agus na coinníollacha íocaíochta arna mbunú ag an gcomhlacht lena mbaineann; |
(63) |
ciallaíonn “conradh soláthair” conradh lena gcumhdaítear ceannach, léasú, fáil ar cíos nó fruilcheannach táirgí, leis an rogha iad a cheannach nó gan í agus a d’fhéadfadh oibríochtaí lonnaithe agus suiteála a chuimsiú, mar bheart teagmhasach; |
(64) |
ciallaíonn “cúnamh teicniúil”, gan dochar do rialacha earnáilsonracha, tacaíocht agus gníomhaíochtaí um acmhainní a fhothú is gá chun clár nó gníomhaíocht a chur chun feidhme, gníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, monatóireachta, meastóireachta, iniúchóireachta agus rialaithe go háirithe; |
(65) |
ciallaíonn “tairgeoir” oibreoir eacnamaíoch a bhfuil tairiscint curtha isteach aige; |
(66) |
ciallaíonn “an tAontas” an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach nó iad araon, de réir mar a éilíonn an comhthéacs; |
(67) |
ciallaíonn “institiúid de chuid an Aontais” Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle Eorpach, an Chomhairle, an Coimisiún, Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, an Chúirt Iniúchóirí, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, Coiste na Réigiún, an tOmbudsman Eorpach, an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí nó an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (“SEGS”); ní mheasfar gur institiúid de chuid an Aontais é an Banc Ceannais Eorpach; |
(68) |
ciallaíonn “díoltóir” oibreoir eacnamaíoch atá cláraithe ar liosta de dhíoltóirí a n-iarrfar orthu iarratais ar rannpháirtíocht i dtairiscintí nó tairiscintí a chur isteach; |
(69) |
ciallaíonn “saorálaí” duine atá ag obair ar bhonn neamhéigeantach d’eagraíocht, gan luach saothair á fháil aige; |
(70) |
ciallaíonn “oibreacha” an toradh a bhíonn le hoibreacha innealtóireachta sibhialta nó tógála ina n-iomláine ar leor é chun feidhm theicniúil nó eacnamaíoch a chomhlíonadh; |
(71) |
ciallaíonn “conarthaí oibreacha” conarthaí lena gcumhdaítear ceann de na nithe seo a leanas:
|
Airteagal 3
Comhlíonadh an Rialacháin seo ag an reachtaíocht thánaisteach
1. Déanfaidh forálacha maidir le cur chun feidhme ioncam agus chaiteachas an bhuiséid, agus atá ar áireamh i mbunghníomh, na prionsabail bhuiséadacha a leagtar amach i dTeideal II a chomhlíonadh.
2. Gan dochar do mhír 1, déanfaidh aon togra nó leasú ar thogra a chuirtear faoi bhráid an údaráis reachtaigh a bhfuil maoluithe ar fhorálacha an Rialacháin seo seachas na forálacha atá leagtha amach i dTeideal II nó ar ghníomhartha tarmligthe ann a glacadh de bhun an Rialacháin seo na maoluithe sin a chur in iúl go soiléir agus na cúiseanna sonracha a thugann údar dóibh a lua in aithrisí agus i meabhrán míniúcháin na dtograí nó na leasuithe sin.
Airteagal 4
Tréimhsí, dátaí agus teorainneacha ama
Mura bhforálfar a mhalairt sa Rialachán seo, beidh feidhm ag Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1182/71 (32) maidir leis na spriocanna arna atá leagtha amach sa Rialachán seo.
Airteagal 5
Sonraí pearsanta a chosaint
Ní dochar an Rialachán seo do Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Rialachán (AE) 2016/679.
TEIDEAL II
BUISÉAD AGUS PRIONSABAIL BHUISÉADACHA
Airteagal 6
Na prionsabail bhuiséadacha a urramú
Bunófar agus cuirfear chun feidhme an buiséad i gcomhréir le prionsabail na haontachta, an chruinnis bhuiséadaigh, na bliantúlachta, na cothromaíochta, an aonaid cuntais, na huilíochta, na sonraíochta, na bainistíochta fónta airgeadais agus na trédhearcachta mar a leagtar amach sa Rialachán seo.
CAIBIDIL 1
Prionsabail na haontachta agus an chruinnis bhuiséadaigh
Airteagal 7
Raon feidhme an bhuiséid
1. Maidir le gach bliain airgeadais, an t-ioncam agus an caiteachas go léir a mheastar a bheidh de dhíth ar an Aontas, déanfar sin a thuar agus a údarú sa bhuiséad. Is é a bheidh sa bhuiséad:
(a) |
ioncam agus caiteachas an Aontais, lena n-áirítear caiteachas riaracháin a thig as cur chun feidhme fhorálacha CAE maidir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála (CBES), agus caiteachas oibríochtúil arb é is údar leis cur chun feidhme na bhforálacha sin i gcás ina muirearaítear sin ar an mbuiséad; |
(b) |
ioncam agus caiteachas an Chomhphobail Eorpaigh d’Fhuinneamh Adamhach. |
2. Beidh leithreasuithe difreáilte sa bhuiséad arb éard a bheidh iontu leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe íocaíochta, agus beidh leithreasuithe neamhdhifreáilte ann freisin.
Sna leithreasuithe a údaraítear don bhliain airgeadais beidh an méid seo a leanas:
(a) |
leithreasuithe a sholáthraítear sa bhuiséad, lena n-áirítear buiséid leasaitheacha; |
(b) |
leithreasuithe arna dtabhairt anonn ón mbliain airgeadais roimhe sin; |
(c) |
leithreasuithe a chuirtear ar fáil arís i gcomhréir le hAirteagal 15; |
(d) |
leithreasuithe a thagann as íocaíochtaí réamh-mhaoinithe arna n-aisíoc i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 12(4); |
(e) |
leithreasuithe a chuirtear ar fáil tar éis ioncam sannta a fháil i rith na bliana airgeadais nó a thugtar anonn ó bhlianta airgeadais roimhe sin. |
3. Leis na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas cumhdófar costas iomlán na ngealltanas dlíthiúil a ghlactar ar láimh i rith na bliana airgeadais, faoi réir Airteagal 114(2).
4. Leis na leithreasuithe íocaíochta cumhdófar na híocaíochtaí a dhéantar chun gealltanais dhlíthiúla na bliana airgeadais reatha nó na mblianta airgeadais roimhe sin a chomhlíonadh.
5. Ní choiscfear le mír 2 agus mír 3 den Airteagal seo leithreasuithe a ghealladh ina n-iomláine ná gealltanais bhuiséadacha a dhéanamh ina dtráthchodanna bliantúla dá bhforáiltear faoi seach i bpointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 112(1) agus in Airteagal 112(2).
Airteagal 8
Rialacha sonracha maidir le prionsabail na haontachta agus an chruinnis bhuiséadaigh
1. Sannfar an t-ioncam agus an caiteachas iomlán do líne sa bhuiséad.
2. Gan dochar do chaiteachas údaraithe a thabhaítear de bharr dliteanais theagmhasacha dá bhforáiltear in Airteagal 210(2), ní fhéadfar aon chaiteachas a ghealladh nó a údarú a sháraíonn na leithreasuithe údaraithe.
3. Ní dhéanfar aon leithreasú a iontráil sa bhuiséad ach amháin más do mhír chaiteachais é a mheastar a bheith riachtanach.
4. Aon ús a thiocfaidh as na híocaíochtaí réamh-mhaoinithe a dhéantar as an mbuiséad, ní bheidh sé dlite don Aontas, ach amháin má fhoráiltear a mhalairt sna comhaontuithe maidir le ranníocaíochtaí nó sna comhaontuithe maoiniúcháin lena mbaineann.
CAIBIDIL 2
Prionsabal na bliantúlachta
Airteagal 9
Sainmhíniú
Na leithreasuithe a chuirtear isteach sa bhuiséad, údarófar iad do bhliain airgeadais, a mhairfidh ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig.
Airteagal 10
Cuntasaíocht bhuiséadach maidir le hioncam agus leithreasuithe
1. Iontrálfar ioncam na bliana airgeadais i gcuntais na bliana sin ar bhonn na méideanna a bailíodh lena linn. Mar sin féin, féadfar acmhainní dílse mhí Eanáir na bliana ina dhiaidh sin a chur ar fáil roimh ré, de bhun Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014.
2. Féadfar na hiontrálacha maidir leis an gCáin Bhreisluacha (CBL) agus Ollioncam Náisiúnta arna mbunú ar acmhainní dílse a choigeartú i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014.
3. Iontrálfar na gealltanais sna cuntais le haghaidh bliain airgeadais ar bhonn na ngealltanas dlíthiúil a tugadh go dtí an 31 Nollaig sa bhliain sin. Mar sin féin, déanfar na gealltanais bhuiséadacha fhoriomlána dá dtagraítear in Airteagal 112(4) a iontráil sna cuntais don bhliain airgeadais ar bhonn na ngealltanas buiséadach go dtí an 31 Nollaig den bhliain sin.
4. Iontrálfar íocaíochtaí sna cuntais do bhliain airgeadais ar bhonn na n-íocaíochtaí a rinne an t-oifigeach cuntasaíochta faoin 31 Nollaig an bhliain sin.
5. De mhaolú ar mhír 3 agus ar mhír 4:
(a) |
Cuirfear caiteachas an Chiste Eorpaigh um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) isteach sna cuntais do bhliain airgeadais ar bhonn na n-íocaíochtaí a dhéanfaidh an Coimisiún leis na Ballstáit faoin 31 Nollaig an bhliain sin, ar choinníoll go mbeidh an t-ordú íocaíochta faighte ag an oifigeach cuntasaíochta faoin 31 Eanáir an bhliain airgeadais ina dhiaidh sin; |
(b) |
Cuirfear caiteachas arna chur chun feidhme faoi bhainistíocht roinnte cé is moite de chaiteachas CERT sna cuntais do bhliain airgeadais ar bhonn na n-aisíocaíochtaí a dhéanfaidh an Coimisiún leis na Ballstáit faoin 31 Nollaig an bhliain sin, lena n-áirítear an caiteachas a mhuirearófar faoin 31 Eanáir an bhliain airgeadais ina dhiaidh sin mar a leagtar síos in Airteagal 30 agus Airteagal 31. |
Airteagal 11
Leithreasuithe a chur faoi chomhair oibleagáidí
1. Féadfar na leithreasuithe a cuireadh isteach sa bhuiséad a ghealladh le héifeacht ón 1 Eanáir, a luaithe a ghlacfar an buiséad go cinntitheach.
2. Amhail ón 15 Deireadh Fómhair sa bhliain airgeadais, féadfar an caiteachas seo a leanas a ghealladh roimh ré i gcoinne na leithreasuithe dá bhforáiltear don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin:
(a) |
gnáthchaiteachas riaracháin, ar choinníoll gur formheasadh an caiteachas sin sa bhuiséad deireanach a glacadh mar is iomchuí, agus ní bheidh sa chaiteachas sin ach an ceathrú cuid, ar a mhéad, de na leithreasuithe comhfhreagracha iomlána arna gcinneadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle don bhliain reatha airgeadais; |
(b) |
gnáthchaiteachas bainistíochta do CERT, ar an mbonn go leagtar síos an caiteachas sin i mbunghníomh atá ann cheana, agus ní bheidh sa chaiteachas sin ach trí cheathrú, ar a mhéad, de na leithreasuithe comhfhreagracha iomlána arna gcinneadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle don bhliain reatha airgeadais. |
Airteagal 12
Leithreasuithe a chur ar ceal agus a thabhairt anonn
1. Cuirfear ar ceal leithreasuithe nár úsáideadh faoi dheireadh na bliana airgeadais ar lena haghaidh a cuireadh isteach iad, mura dtabharfar anonn iad i gcomhréir le mír 2 go mír 8.
2. Féadfar na leithreasuithe seo a leanas a thabhairt anonn le cinneadh a dhéanfar de bhun mhír 3, ach ní fhéadfar sin a dhéanamh ach don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin:
(a) |
leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe neamhdhifreáilte a bhfuil formhór chéimeanna ullmhúcháin an nós imeachta um ghealltanas ina leith críochnaithe faoin 31 Nollaig den bhliain airgeadais. Féadfar na leithreasuithe sin a ghealladh go dtí an 31 Márta an bhliain airgeadais ina dhiaidh sin, cé is moite de leithreasuithe neamhdhifreáilte maidir le tionscadail tógála a fhéadfar a ghealladh go dtí 31 Nollaig na bliana airgeadais ina dhiaidh sin; |
(b) |
leithreasuithe a bhfuil gá leo nuair atá bunghníomh glactha ag an údarás reachtach i ráithe dheiridh na bliana airgeadais agus nach bhfuil an Coimisiún in ann na leithreasuithe a cuireadh ar fáil chun na críche sin a ghealladh faoin 31 Nollaig den bhliain sin. Féadfar na leithreasuithe sin a ghealladh go dtí an 31 Márta an bhliain ina dhiaidh sin; |
(c) |
leithreasuithe íocaíochta a theastaíonn chun gealltanais atá ann cheana nó gealltanais atá nasctha le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a tugadh anonn a chumhdach, nuair nach leordhóthanach na leithreasuithe íocaíochtaí dá bhforáiltear sna línte buiséid ábhartha don bhliain ina dhiaidh sin; |
(d) |
leithreasuithe nár gealladh agus a bhaineann leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (33). |
Maidir le pointe (c) den chéad fhomhír, úsáidfidh an institiúid lena mbaineann de chuid an Aontais na leithreasuithe a údaraíodh don bhliain airgeadais reatha agus ní úsáidfidh sí na leithreasuithe a tugadh anonn go dtí go mbeidh na chéad leithreasuithe údaraithe sin ídithe.
Maidir le tabhairt anonn leithreasuithe nár gealladh anmhail dá dtagraítear i bpointe (d) den chéad fhomhír den mhír seo, ní rachaidh sí, laistigh de theorainn 2 % de na leithreasuithe tosaigh arna vótáil ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle, thar an méid den choigeartú ar íocaíochtaí díreacha arna chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 le linn na bliana deireanaí airgeadais. Leithreasuithe a thugtar anonn, cuirfear ar ais iad do na línte buiséid lena gcumhdaítear na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013.
3. Déanfaidh an institiúid lena mbaineann de chuid an Aontais a cinneadh maidir le tabhairt anonn amhail dá dtagraítear i mír 2 faoin 15 Feabhra an bhliain airgeadais ina dhiaidh sin. Cuirfidh sí Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin gcinneadh a rinne sí maidir le tabhairt anonn faoin 15 Márta den bhliain sin. Cuirfidh sí in iúl chomh maith, maidir le gach líne buiséid, an dóigh ar cuireadh na critéir i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír de mhír 2 i bhfeidhm ar gach tabhairt anonn.
4. Tabharfar leithreasuithe anonn go huathoibríoch maidir le:
(a) |
na leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí don chúlchiste le haghaidh cúnamh éigeandála agus do Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh. Féadfar na leithreasuithe sin a thabhairt anonn don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin agus don bhliain sin amháin, agus féadfar iad a ghealladh suas go dtí an 31 Nollaig den bhliain sin; |
(b) |
leithreasuithe a chomhfhreagraíonn don ioncam sannta inmheánach. Féadfar na leithreasuithe sin a thabhairt anonn don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin agus don bhliain sin amháin, agus féadfar iad a ghealladh suas go dtí an 31 Nollaig den bhliain sin, seachas an t-ioncam sannta inmheánach ó ligean nó díol talún nó foirgneamh ar féidir a thabhairt anonn go dtí go n-úsáidfear é ina iomláine. Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas, amhail dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus i Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (34), ar leithreasuithe iad atá le fáil ar an 31 Nollaig agus a thagann as íocaíochtaí réamh-mhaoinithe, is féidir iad a thabhairt anonn go dtí tráth dúnta an chláir agus a úsáid nuair is gá, ar choinníoll nach bhfuil leithreasuithe eile faoi chomhair gealltanas le fáil a thuilleadh; |
(c) |
leithreasuithe a chomhfhreagraíonn don ioncam sannta seachtrach. Déanfar na leithreasuithe sin a úsáid ina n-iomláine faoin am a mbeidh críoch curtha leis na hoibríochtaí uile a bhaineann leis an gclár nó leis an ngníomhaíocht ar sannadh dó nó di iad nó féadfar iad a thabhairt anonn nó a úsáid don chéad chlár nó don chéad ghníomhaíocht eile. Ní bheidh feidhm aige sin maidir leis an ioncam dá dtagraítear i bpointe (iii) d’Airteagal 21(2)(g) agus déanfar na leithreasuithe nach ngealltar laistigh de 5 bliana a chealú; |
(d) |
leithreasuithe íocaíochta a bhaineann leis an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus a thagann as íocaíochtaí a chur ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 41 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013. |
5. Beidh an chaoi a nglacfar le hioncam sannta seachtrach amhail dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 4 den Airteagal seo agus a thagann as rannpháirtíocht Stát de chuid Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) i gclár áirithe de chuid an Aontais i gcomhréir le pointe (e) d’Airteagal 21(2) i gcomhréir le Prótacal Uimh. 32 a ghabhann leis an gComhaontú maidir leis an Limistéir Eorpach Eacnamaíoch (CLEE).
6. De bhreis ar an bhfaisnéis dá bhforáiltear i mír 3, tíolacfaidh an institiúid lena mbaineann de chuid an Aontais do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faisnéis maidir le leithreasuithe a tugadh anonn go huathoibríoch, lena n-áirítear na méideanna lena mbaineann agus an fhoráil san Airteagal seo, faoinar tugadh na leithreasuithe anonn.
7. Déanfar leithreasuithe neamhdhifreáilte a ghealltar go dlisteanach ag deireadh na bliana airgeadais a íoc go dtí go mbeidh deireadh na bliana airgeadais ina dhiaidh sin ann.
8. Gan dochar do mhír 4, ní thabharfar anonn leithreasuithe a cuireadh i gcúlchiste agus leithreasuithe le haghaidh caiteachas foirne. Chun críocha an Airteagail seo, folaíonn caiteachas foirne luach saothair agus liúntais chomhaltaí agus fhoireann na n-institiúidí sin de chuid an Aontais atá faoi réir na Rialachán Foirne.
Airteagal 13
Forálacha mionsonraithe maidir le leithreasuithe a chur ar ceal agus a thabhairt anonn
1. Ní fhéadfar na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus na leithreasuithe neamhdhifreáilte dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 12(2) a thabhairt anonn ach amháin murarbh fhéidir, ar chúiseanna nach inchurtha i leith an oifigigh údarúcháin, na gealltanais a dhéanamh faoin 31 Nollaig an bhliain airgeadais sin agus más rud é gur tugadh na céimeanna ullmhúcháin fada go leor chun cinn le go bhféadfaí a bheith ag súil go réasúnach, go ndéanfaí gealltanasfaoin 31 Márta an bhliain airgeadais ina dhiaidh sin, nó, a mhéid a bhaineann le tionscadail tógála, faoin 31 Nollaig an bhliain airgeadais ina dhiaidh sin.
2. Tabharfar na céimeanna ullmhúcháin dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 12(2) chun críche faoin 31 Nollaig an bhliain airgeadais sin le go bhféadfar tabhairt anonn go dtí an bhliain airgeadais ina dhiaidh sin, agus is iad seo a leanas go háirithe na céimeanna ullmhúcháin sin:
(a) |
i gcás gealltanais bhuiséadacha aonair de réir bhrí phointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 112(1), roghnú conraitheoirí, tairbhithe, buaiteoirí duaiseanna nó toscairí a thabhairt chun críche. |
(b) |
i gcás gealltanais bhuiséadacha de réir bhrí phointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 112(1), cinneadh maoiniúcháin a ghlacadh nó clabhsúr a chur ar an gcomhairliúchán leis na ranna lena mbaineann laistigh de gach institiúid de chuid an Aontais maidir leis an gcinneadh maoiniúcháin a ghlacadh. |
3. Cuirfear ar ceal go huathoibríoch leithreasuithe a thugtar anonn i gcomhréir le pointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 12(2) agus nach ngealltar faoin 31 Márta an bhliain airgeadais ina dhiaidh sin, nó, i gcás méideanna a bhaineann le tionscadail tógála, faoin 31 Nollaig an bhliain airgeadais ina dhiaidh sin.
Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi na leithreasuithe a chuirtear ar ceal i gcomhréir leis an gcéad fhomhír laistigh de 1 mhí amháin tar éis iad a bheith curtha ar ceal.
Airteagal 14
Gealltanais saortha
1. I gcás ina ndéanfar gealltanais bhuiséadacha a shaoradh in aon bhliain airgeadais tar éis na bliana ar tugadh na gealltanais bhuiséadacha sin, mar thoradh ar neamhchomhlíonadh iomlán nó páirteach na ngníomhaíochtaí ar cuireadh in áirithe iad lena n-aghaidh, cuirfear ar ceal na leithreasuithe a chomhfhreagraíonn do na gealltanais saortha sin, mura bhforálfar dá mhalairt i Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 agus gan dochar d’Airteagal 15 den Rialachán seo.
2. Déanfar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 a shaoradh go huathoibríoch i gcomhréir leis na Rialacháin sin.
3. Níl feidhm ag an Airteagal seo maidir leis an ioncam sannta seachtrach dá dtagraítear in Airteagal 21(2).
Airteagal 15
Leithreasuithe a chomhfhreagraíonn do ghealltanais saortha a chur ar fáil arís
1. Féadfar na leithreasuithe a chomhfhreagraíonn do ghealltanais saortha dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 agus Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 a chur ar fáil arís i gcás earráid shoiléir a bheidh inchurtha go hiomlán i leith an Choimisiúin.
Chun na críche sin, déanfaidh an Coimisiún gealltanais saortha le linn na bliana roimhe sin a scrúdú agus cinnfidh sé, faoin 15 Feabhra an bhliain airgeadais reatha, ar bhonn na riachtanas a bheidh ann, an gá na leithreasuithe comhfhreagracha a chur ar fáil arís.
2. De bhreis ar an gcás dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, cuirfear na leithreasuithe a chomhfhreagraíonn do ghealltanais saortha ar fáil arís sna cásanna seo a leanas:
(a) |
gealltanas a saoradh ó chlár faoi na socruithe chun an cúlchiste feidhmíochta a bhunaítear in Airteagal 20 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a chur chun feidhme; |
(b) |
gealltanas a saoradh ó chlár atá tiomnaithe d’ionstraim airgeadais ar leith i bhfabhar fiontair bheaga agus mheanmhéide (FBManna) tar éis scor de rannpháirtíocht Ballstáit san ionstraim airgeadais, amhail dá dtagraítear sa seachtú fomhír d’Airteagal 39(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013. |
3. Féadfar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas atá comhfhreagrach le méid na ngealltanas a saoradh toisc nár cuireadh chun feidhme tionscadail taighde chomhfhreagracha go hiomlán ná i bpáirt, féadfar iad a chur ar fáil arís chun leas an chláir taighde lena mbaineann na tionscadail nó don chlár a thiocfaidh ina dhiaidh i gcomhthéacs an nóis imeachta bhuiséadaigh.
Airteagal 16
Na rialacha is infheidhme maidir leis an mbuiséad a ghlacadh go déanach
1. I gcás nach mbeidh an buiséad glactha go cinntitheach ag tús na bliana airgeadais, beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar amach sa chéad mhír d’Airteagal 315 CFAE (córas na ndódhéaguithe sealadacha). Féadfar gealltanais agus íocaíochtaí a dhéanamh laistigh de na teorainneacha a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo.
2. Féadfar gealltanais a dhéanamh in aghaidh na caibidle suas leis an gceathrú cuid, ar a mhéad, d’iomlán na leithreasuithe atá údaraithe i gcaibidil ábhartha an bhuiséid don bhliain airgeadais roimhe sin móide aon dódhéagú in aghaidh gach míosa atá caite.
Ní fhéadfar teorainn na leithreasuithe dá bhforáiltear sa dréachtbhuiséad a shárú.
Féadfar íocaíochtaí a dhéanamh go míosúil in aghaidh na caibidle suas le haon dódhéagú, ar a mhéad, de na leithreasuithe atá údaraithe i gcaibidil ábhartha an bhuiséid don bhliain airgeadais roimhe sin. Ní sháróidh an tsuim sin áfach, an dóú cuid déag de na leithreasuithe dá bhforáiltear sa chaibidil chéanna den dréachtbhuiséad.
3. Na leithreasuithe a údaraítear i gcaibidil ábhartha an bhuiséid don bhliain airgeadais roimhe sin, dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2, tuigfear go dtagraíonn siad do na leithreasuithe a vótáladh sa bhuiséad, lena n-áirítear na buiséid leasaitheacha, agus tar éis an choigeartaithe do na haistrithe a rinneadh i rith na bliana airgeadais sin.
4. Más gá, ar mhaithe le gníomhaíocht an Aontais a bheith comhleanúnach agus ar mhaithe le riachtanais bhainistíochta, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, ar thogra ón gCoimisiún, caiteachas de bhreis ar dhóú cuid déag sealadach amháin ach nach mó ná ceithre dhóú cuid déag sealadach san iomlán, ach amháin i gcásanna cuí-údaraithe, a údarú le haghaidh gealltanais agus íocaíochtaí araon, de bhreis ar na cinn a chuirtear ar fáil go huathoibríoch i gcomhréir le mír 1 agus mír 2. Cuirfidh an Chomhairle an cinneadh a dhéanann sí maidir leis an údarú sin ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa gan mhoill.
Tiocfaidh an cinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír i bhfeidhm 30 lá tar éis a ghlactha ach amháin má dhéanann Parlaimint na hEorpa:
(a) |
a chinneadh, ag gníomhú di trí thromlach de na comhaltaí a chomhdhéanann í, an caiteachas a laghdú sula rachaidh an 30 lá in éag, agus sa chás sin tíolacfaidh an Coimisiún togra nua; |
(b) |
an Chomhairle agus an Coimisiún a chur ar an eolas nach dteastaíonn uaithi an caiteachas a laghdú agus sa chás sin tiocfaidh an cinneadh i bhfeidhm sula rachaidh an 30 lá in éag. |
Údarófar na dódhéaguithe sin ina n-iomláine agus ní bheidh siad inroinnte.
5. Más rud é, i gcás caibidle ar leith, nach leor an t-údarú de cheithre dhódhéagú shealadacha a deonaíodh i gcomhréir le mír 4, chun an caiteachas riachtanach a chumhdach chun easpa leanúnachais a sheachaint i ngníomhaíocht an Aontais sa réimse atá cumhdaithe ag an gcaibidil sin, d’fhéadfadh sé go n-údarófaí ar bhonn eisceachtúil méid na leithreasuithe a iontráladh i gcaibidil chomhfhreagrach an bhuiséid don bhliain airgeadais roimhe sin a shárú. Gníomhóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá bhforáiltear i mír 4. Ní dhéanfar, áfach, méid foriomlán na leithreasuithe atá ar fáil i mbuiséad na bliana airgeadais roimhe sin nó sa dréachtbhuiséad, mar atá beartaithe, a shárú.
CAIBIDIL 3
Prionsabal na cothromaíochta
Airteagal 17
Sainmhíniú agus raon feidhme
1. Beidh ioncam agus leithreasuithe íocaíochta ar comhardú.
2. Faoi chuimsiú an bhuiséid, ní thógfaidh an tAontas ná na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 70 agus in Airteagal 71 iasachtaí.
Airteagal 18
Iarmhéid ón mbliain airgeadais
1. Cuirfear an t-iarmhéid ó gach bliain airgeadais isteach mar ioncam i mbuiséad na bliana airgeadais ina dhiaidh sin i gcás barrachais nó mar leithreasú íocaíochta i gcás easnaimh.
2. Cuirfear na meastacháin ar an ioncam nó ar na leithreasuithe íocaíochta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo isteach sa bhuiséad le linn an nós imeachta bhuiséadaigh agus i litir leasaitheach a thíolacfar de bhun Airteagal 42 den Rialachán seo. Dréachtófar na meastacháin i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 608/2014 ón gComhairle (35).
3. Tar éis na cuntais shealadacha do gach bliain airgeadais a thíolacadh, cuirfear isteach aon mhíréireacht idir na cuntais sin agus na meastacháin sa bhuiséad don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin trí bhuiséad leasaitheach a bheidh dírithe ina iomláine ar an míréireacht sin. Sa chás sin, déanfaidh an Coimisiún an dréachtbhuiséad leasaitheach a chur isteach go comhuaineach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle laistigh de 15 lá ón dáta a gcuirfear isteach na cuntais shealadacha.
CAIBIDIL 4
Prionsabal an aonaid cuntais
Airteagal 19
An euro a úsáid
1. Is in euro a tharraingeofar suas agus a chuirfear chun feidhme an creat airgeadais bliantúil agus an buiséad agus is in euro a thíolacfar na cuntais. Chun na gcríoch a bhaineann le sreafaí airgid agus dá dtagraítear in Airteagal 77, áfach, údarófar an t-oifigeach cuntasaíochta, agus i gcás chuntais an óinchiste, riarthóirí an óinchiste, agus i gcás riachtanais bhainistíocht riaracháin an Choimisiúin agus SEGS, an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach, oibríochtaí a dhéanamh in airgeadraí eile.
2. Gan dochar d’fhorálacha sonracha a leagtar síos i rialacha earnáilsonracha, nó i gconarthaí sonracha, comhaontuithe deontas, comhaontuithe ranníocaíochtaí agus comhaontuithe maoiniúcháin, úsáidfidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach an ráta malairte laethúil don euro arna fhoilsiú i sraith C in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh chun an comhshó a dhéanamh an lá a ndéanfaidh an roinn údarúcháin an t-ordú íocaíochta nó an t-ordú aisghabhála a tharraingt suas.
Mura bhfoilseofar ráta laethúil den chineál sin, úsáidfidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach an ceann dá dtagraítear i mír 3.
3. Chun críocha na gcuntas dá bhforáiltear in Airteagal 82, in Airteagal 83 agus in Airteagal 84, úsáidfear an ráta malartaithe cuntasaíochta míosúil chun an comhshó idir an euro agus airgeadraí eile a dhéanamh. Suífidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin an ráta malartaithe cuntasaíochta sin trí bhíthin aon fhoinse faisnéise a mheastar a bheith iontaofa, ar bhonn ráta malairte lae leathdheireanaigh na míosa a thagann roimh an mí sin dá suitear an ráta.
4. Déanfar oibríochtaí comhshó airgeadra sa chaoi go seachnaítear tionchar suntasach ar leibhéal cómhaoinithe an Aontais nó tionchar díobhálach ar an mbuiséad. I gcás inarb iomchuí, féadfar meán an ráta comhshó laethúil do thréimhse ar leith a úsáid chun an ráta comhshó idir an euro agus airgeadraí eile a ríomh.
CAIBIDIL 5
Prionsabal na huilíochta
Airteagal 20
Raon feidhme
Gan dochar d’Airteagal 21, cumhdófar leis an ioncam iomlán leithreasuithe íocaíochta iomlána. Gan dochar d’Airteagal 27, cuirfear isteach an t-ioncam agus an caiteachas go léir ina n-iomláine sa bhuiséad gan aon choigeartú in aghaidh a chéile.
Airteagal 21
Ioncam sannta
1. Déanfar ioncam sannta seachtrach agus ioncam sannta inmheánach a úsáid chun ítimí sonracha caiteachais a mhaoiniú.
2. Is éard a bheidh in ioncam sannta seachtrach:
(a) |
ranníocaíochtaí sonracha breise ó na Ballstáit do na cineálacha gníomhaíochtaí agus clár seo a leanas:
|
(b) |
leithreasuithe a bhaineann leis an ioncam arna ghiniúint ag an gCiste Taighde um Ghual agus Cruach a bunaíodh le Prótacal (Uimh. 37) maidir leis na hiarmhairtí airgeadais toisc an Conradh ag bunú CEGC a dhul in éag, agus maidir leis an gCiste Taighde um Ghual agus Cruach atá i gceangal le CAE agus le CFAE. |
(c) |
an t-ús ar thaiscí agus ar na fíneálacha dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 (36); |
(d) |
ioncam atá curtha in áirithe do chríoch shonrach, amhail ioncam ó fhondúireachtaí, ó fhóirdheontais, ó bhronntanais agus ó thiomnachtaí, lena n-áirítear an t-ioncam atá curtha in áirithe go sonrach do gach institiúid de chuid an Aontais; |
(e) |
ranníocaíochtaí do ghníomhaíochtaí an Aontais ó thríú tíortha nó ó chomhlachtaí nach comhlachtaí a bunaíodh faoi CFAE nó faoi Chonradh Euratom iad; |
(f) |
ioncam sannta inmheánach dá dtagraítear i mír 3, a mhéid atá sé coimhdeach leis an ioncam sannta seachtrach dá dtagraítear sa mhír seo; |
(g) |
ioncam ó ghníomhaíocht de chineál iomaíoch a dhéanann an tAirmheán Comhpháirteach Taighde (JRC) lena gcumhdaítear aon cheann díobh seo a leanas:
|
3. Is éard a bheidh in ioncam sannta seachtrach:
(a) |
ioncam ó thríú páirtithe a bhaineann le hearraí, seirbhísí nó obair a chuirfear ar fáil arna iarraidh sin dóibh; |
(b) |
ioncam a thagann ó aisíocaíocht, i gcomhréir le hAirteagal 101, méideanna a íocadh go mícheart; |
(c) |
fáltais ó earraí, seirbhísí agus oibreacha a sholáthar do ranna eile laistigh d’institiúid de chuid an Aontais, nó d’institiúidí nó comhlachtaí de chuid an Aontais, lena n-áirítear aisíocaíochtaí liúntas misin ó institiúidí eile nó ó chomhlachtaí eile de chuid an Aontais, a íocadh thar a gceann; |
(d) |
íocaíochtaí árachais a fuarthas; |
(e) |
ioncam ó fhoirgnimh agus talamh a ligean ar cíos agus a díol; |
(f) |
aisíocaíochtaí le hionstraimí airgeadais nó le ráthaíochtaí buiséadacha de bhun an dara fomhír d’Airteagal 209(3); |
(g) |
ioncam a thagann ó aisíocaíocht i leith cánach de bhun phointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 27(3). |
4. Déanfar ioncam sannta a thabhairt anonn agus aistreofar é i gcomhréir pointe (b) agus pointe (c) d’Airteagal 12(4) agus le hAirteagal 32.
5. Féadfar le bunghníomh ioncam a shannadh do mhíreanna sonracha caiteachais. Mura sonrófar a mhalairt sa bhunghníomh, is ioncam sannta inmheánach a bheidh san ioncam sin.
6. Beidh línte ar áireamh sa bhuiséad chun freastal a dhéanamh ar ioncam sannta seachtrach agus ioncam sannta inmheánach agus, gach uair is féidir, léireofar an méid i gceist.
Airteagal 22
Struchtúr chun ioncam sannta agus soláthar leithreasuithe comhfhreagracha a chur san áireamh
1. Gan dochar do phointe (c) den chéad fhomhír de mhír 2 den Airteagal seo ná d’Airteagal 24 is é a chuimseofar sa struchtúr le haghaidh ioncam sannta a chur san áireamh sa bhuiséad an méid seo a leanas:
(a) |
sa ráiteas ioncaim i roinn gach institiúid de chuid an Aontais, líne buiséid lenar féidir an t-ioncam a fháil; |
(b) |
sa ráiteas caiteachais, na nótaí tráchta buiséid, lena n-áirítear nótaí tráchta ginearálta, ina léirítear na línte buiséid lenar féidir na leithreasuithe atá comhfhreagrach leis an ioncam sannta a fháil. |
Sa chás dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír, déanfar iontráil chomharthach pro memoria agus taispeánfar an t-ioncam measta a bhaineann leis an bhfaisnéis sna nótaí tráchta.
2. Cuirfear na leithreasuithe a chomhfhreagraíonn d’ioncam sannta ar fáil go huathoibríoch, mar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus mar leithreasuithe íocaíochta araon, nuair a bheidh an t-ioncam faighte ag an institiúid de chuid an Aontais, ach ní dhéanfar sin in aon cheann de na cásanna seo a leanas:
(a) |
sa chás dá bhforáiltear i bpointe (a) d’Airteagal 21(2) maidir le ranníocaíochtaí airgeadais ó na Ballstáit, agus i gcás ina sloinntear an comhaontú ranníocaíochta in euro, féadfar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a chur ar fáil ón uair a shíneoidh an Ballstát an comhaontú ranníocaíochta; |
(b) |
sna cásanna dá bhforáiltear i bpointe (b) d’Airteagal 21(2) agus i bpointe (i) agus i bpointe (iii) d’Airteagal 21(2)(g), déanfar na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a chur ar fáil a luaithe a dhéanfar an méid infhaighte a mheas; |
(c) |
sa chás dá bhforáiltear i bpointe (c) d’Airteagal 21(2), eascróidh as iontráil na méideanna sa ráiteas ioncaim soláthar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasaithe faoi chomhair íocaíochta sa ráiteas caiteachais. |
Déanfar na leithreasuithe dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír den mhír seo a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 20.
3. Cuirfear na meastacháin ar na méideanna is infhaighte dá dtagraítear i bpointe (b) i bpointe (g) d’Airteagal 21(2) chuig an oifigeach cuntasaíochta lena gclárú.
Airteagal 23
Ranníocaíochtaí ó na Ballstáit le cláir thaighde
1. Is mar a leanas a íocfar ranníocaíochtaí na mBallstát le maoiniú clár forlíontacha áirithe taighde, ar ranníocaíochtaí iad dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014:
(a) |
faoin 31 Eanáir an bhliain reatha airgeadais, íocfar seacht ndódhéagú den tsuim a chuirtear isteach sa bhuiséad; |
(b) |
faoin 15 Iúil an bhliain reatha airgeadais, íocfar na cúig dhódhéagú atá fágtha. |
2. I gcás nár glacadh an buiséad go cinntitheach roimh thús bliana airgeadais, is ar an tsuim a cuireadh isteach sa bhuiséad don bhliain airgeadais roimhe sin a bheidh na ranníocaíochtaí dá bhforáiltear i mír 1 bunaithe.
3. Aon ranníocaíocht nó íocaíocht bhreise atá le híoc ag na Ballstáit leis an mbuiséad, déanfar í a chur isteach i gcuntas nó i gcuntais an Choimisiúin laistigh de 30 lá féilire tar éis an ghlao ar chistí.
4. Is isteach sa chuntas dá bhforáiltear i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 a chuirfear na híocaíochtaí a dhéantar agus beidh siad faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sa Rialachán sin.
Airteagal 24
Ioncam sannta a eascraíonn as rannpháirtíocht Stát de chuid CSTE i gcláir áirithe de chuid an Aontais
1. Is é a chuimseofar sa struchtúr chun an t-ioncam ó rannpháirtíocht Stáit CSTE i gcláir áirithe de chuid an Aontais an méid seo a leanas:
(a) |
sa ráiteas ioncaim, déanfar líne buiséid a bhfuil iontráil chomharthach pro memoria aici a iontráil chun méid iomlán gach ranníocaíochta de chuid Stát CSTE don bhliain airgeadais a chuimsiú; |
(b) |
sa ráiteas caiteachais, leagfaidh iarscríbhinn amach, ar dlúthchuid den bhuiséad í, na línte buiséid go léir lena gcumhdaítear na gníomhaíochtaí uile de chuid an Aontais ina bhfuil Stáit CSTE páirteach, agus áireofar inti faisnéis maidir le méid measta rannpháirtíocht gach ceann de Stáit CSTE. |
2. Faoi Airteagal 82 den Chomhaontú maidir leis an Limistéir Eorpach Eacnamaíoch, tiocfaidh as méideanna bliantúla rannpháirtíochta na Stát CERT, mar a dheimhnítear don Choimisiún ag Comhchoiste Parlaiminteach an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch i gcomhréir le hAirteagal 1(5) de Phrótacal Uimh. 32 a ghabhann leis an gComhaontú maidir leis an Limistéir Eorpach Eacnamaíoch, tiocfaidh astu sin, ag tús na bliana airgeadais, soláthar mhéideanna iomlána na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas comhfhreagracha agus na leithreasuithe íocaíochta comhfhreagracha.
3. Déanfar faireachán ar leithligh ar úsáid an ioncaim a thagann ó íocaíochtaí airgeadais Stáit CSTE.
Airteagal 25
Tabhartais
1. Féadfaidh institiúidí an Aontais glacadh le haon tabhartas don Aontas, amhail ioncam ó fhondúireachtaí, fóirdheontais, bronntanais agus tiomnachtaí.
2. Is faoi réir údarú ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a ghlacfar le tabhartas arb é EUR 50 000 nó níos mó a luach agus a mbeidh muirear airgeadais ag roinnt leis, lena n-áirítear costais leantacha a sháraíonn 10 % de luach an tabhartais. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle cinneadh i leith na ceiste laistigh de 2 mhí tar éis dóibh iarratas ar údarú den sórt sin a fháil ó na hinstitiúidí lena mbaineann de chuid an Aontais. Mura ndéanfar aon agóid laistigh den tréimhse sin, déanfaidh na hinstitiúidí lena mbaineann de chuid an Aontais an cinneadh deiridh maidir leis an tabhartas a ghlacadh. Tabharfaidh na hinstitiúidí lena mbaineann de chuid an Aontais míniú ina n-iarraidh ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle ar na muirir airgeadais a thabhaítear de bharr tabhartais a thugtar don Aontas a ghlacadh.
Airteagal 26
Urraíocht chorparáideach
1. Ciallaíonn “urraíocht chorparáideach” comhaontú trína dtugann duine dlítheanach sochar comhchineáil d’imeacht nó do ghníomhaíocht chun críocha promóisin nó freagrachta sóisialta corparáidí.
2. Ar bhonn rialacha inmheánacha sonracha, a fhoilseofar ar a suíomhanna gréasáin faoi seach, féadfaidh institiúidí agus comhlachtaí an Aontais glacadh go heisceachtúil le hurraíocht chorparáideach ar choinníoll:
(a) |
go dtugtar aird chuí ar phrionsabail an neamh-idirdhealaithe, na comhréireachta, na córa comhionainne agus na trédhearcachta ar gach céim den nós imeachta um ghlacadh le hurraíocht chorparáideach; |
(b) |
go gcuireann an urraíocht sin le híomhá dheimhneach an Aontais agus go bhfuil nasc díreach idir í agus príomhchuspóir an imeachta nó na gníomhaíochta; |
(c) |
nach cúis choinbhleachta í agus nach mbaineann sí le himeachtaí sóisialta amháin; |
(d) |
nach trí urraíocht chorparáideach amháin a mhaoinítear an t-imeacht nó an ghníomhaíocht; |
(e) |
go bhfuil an tseirbhís atá i gcomaoin na hurraíochta corparáidí teoranta d’infheictheacht phoiblí trádmhairc nó ainm an urraitheora; |
(f) |
nach bhfuil na hurraitheoirí, tráth an nós imeachta um urraíocht, i gceann de na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 136(1) agus Airteagal 141(1) agus nach bhfuil siad cláraithe mar eisiata sa bhunachar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 142(1). |
3. I gcás inar mó ná EUR 5 000 luach na hurraíochta corparáidí, liostófar an t-urraitheoir i gclár poiblí, lena n-áirítear cineál an imeachta nó na gníomhaíochta a urraítear.
Airteagal 27
Rialacha maidir le hasbhaintí agus coigeartuithe ar ráta malairte
1. Féadfar na hasbhaintí seo a leanas a bhaint as iarrataí íocaíochtaí a chuirfear ar aghaidh chun an glanmhéid a íoc:
(a) |
pionóis a ghearrtar ar pháirtithe i gconarthaí nó ar thairbhithe; |
(b) |
lascainí, aisíocaíochtaí agus lacáistí ar shonraisc indibhidiúla agus ar ráitis chostais; |
(c) |
ús a ghintear as íocaíochtaí réamh-mhaoinithe; |
(d) |
coigeartuithe le haghaidh méideanna a íocadh go míchuí. |
Féadfar coigeartuithe dá dtagraítear i bpointe (d) den chéad fhomhír a dhéanamh, trí asbhaint dhíreach, ar íocaíocht nua eatramhach nó comhardú na híocaíochta don íocaí céanna faoin gcaibidil, faoin Airteagal agus faoin mbliain airgeadais ar ina leith a rinneadh an íocaíocht iomarcach.
Beidh feidhm ag rialacha cuntasaíochta an Aontais maidir leis na hasbhaintí dá dtagraítear i bpointe (c) agus i bpointe (d) den chéad fhomhír.
2. Déanfar an costas ar tháirgí agus ar sheirbhísí a sholáthraítear don Aontas, lena n-áirítear cánacha a d’aisíoc na Ballstáit de bhun Phrótacal (Uimh. 7) ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh, atá i gceangal leis an CAE agus leis an CFAE a mhuirearú ar an mbuiséad don mhéid roimh cháin.
3. Féadfar an costas ar tháirgí agus ar sheirbhísí a sholáthraítear don Aontas, lena n-áirítear cánacha a d’aisíoc tríú tíortha ar bhonn na gcomhaontuithe ábhartha, a mhuirearú ar an mbuiséad d’aon cheann de na méideanna seo a leanas:
(a) |
don mhéid roimh cháin san áireamh; |
(b) |
don mhéid le cáin san áireamh. |
Sa chás dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír, caithfear le haisíocaíochtaí cánacha ina dhiaidh sin mar ioncam sannta inmheánach.
4. Féadfar coigeartuithe a dhéanamh maidir leis na difríochtaí sna rátaí malairte a tharlóidh i gcur chun feidhme an bhuiséid. Áireofar an gnóthachan deiridh nó an caillteanas deiridh san iarmhéid don bhliain.
CAIBIDIL 6
Prionsabal na sonraíochta
Airteagal 28
Forálacha ginearálta
1. Cuirfear leithreasuithe in áirithe chun críocha sonracha de réir teidil agus caibidle. Foroinnfear na caibidlí ansin ina n-airteagail agus ina míreanna.
2. Féadfaidh an Coimisiún agus na hinstitiúidí eile de chuid an Aontais leithreasuithe a aistriú laistigh den bhuiséad faoi réir na gcoinníollacha sonracha a leagtar síos in Airteagal 29 go Airteagal 32.
Ní fhéadfar leithreasuithe a aistriú ach amháin chuig línte buiséid a bhfuil leithreasuithe údaraithe ag an mbuiséad ina leith nó a bhfuil iontráil chomharthach pro memoria ag gabháil leo.
Déanfar na teorainneacha dá dtagraítear in Airteagal 29, in Airteagal 30 agus in Airteagal 31 a ríomh tráth a ndéanfar an t-iarratas ar aistriú agus i ndáil leis na leithreasuithe dá bhforáiltear sa bhuiséad, lena n-áirítear buiséid leasaitheacha.
Is é a bheidh sa mhéid atá le cur san áireamh chun na teorainneacha dá dtagraítear in Airteagal 29, in Airteagal 30 agus in Airteagal 31 a ríomh iomlán na n-aistrithe atá le déanamh ar an líne buséid óna bhfuil na haistrithe le déanamh, tar éis an choigeartaithe do na haistrithe a rinneadh roimhe sin. Ní chuirfear san áireamh an méid a chomhfhreagraíonn do na haistrithe a dhéantar go huathoibríoch ag an gCoimisiún nó ag an institiúid eile lena mbaineann de chuid an Aontais d’uireasa cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
Tograí i ndáil le haistrithe agus gach faisnéis do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le haistrithe a dhéanfar faoi Airteagal 29, faoi Airteagal 30 agus faoi Airteagal 31, beidh an méid seo ag gabháil leo, doiciméid tacaíochta iomchuí mhionsonraithe ina bhfuil cur chun feidhme na leithreasuithe agus meastacháin ar na riachtanais a bheidh ann go deireadh na bliana airgeadais, do na línte buiséid a bhfuil na leithreasuithe le haistriú chucu agus do na línte óna bhfuil siad le haistriú araon.
Airteagal 29
Aistrithe arna ndéanamh ag institiúidí de chuid an Aontais seachas an Coimisiún
1. Féadfaidh aon institiúid de chuid an Aontais seachas an Coimisiún, laistigh dá roinn féin den bhuiséad, leithreasuithe a aistriú:
(a) |
ó theideal go chéile, suas le huasmhéid 10 % de leithreasuithe na bliana airgeadais atá léirithe ar an líne buiséid óna bhfuil an t-aistriú á dhéanamh; |
(b) |
ó chaibidil amháin go caibidil eile gan teorainn. |
2. Gan dochar do mhír 4 den Airtegal seo, 3 seachtaine roimh aistriú a dhéanamh, amhail dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh an institiúid de chuid an Aontais in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle gurb é sin atá beartaithe aici. I gcás ina ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóidí a mbeidh údar cuí tugtha leo a lua laistigh den tréimhse sin, beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 31.
3. Féadfaidh aon institiúid de chuid an Aontais seachas an Coimisiún a mholadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, laistigh dá roinn féin den bhuiséad, aistrithe a dhéanamh ó theideal amháin go teideal eile a sháraíonn an teorainn dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo. Is faoi réir an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 31 a bheidh na haistrithe sin.
4. Féadfaidh aon institiúid de chuid an Aontais seachas an Coimisiún, laistigh dá roinn féin den bhuiséad, aistrithe a dhéanamh laistigh d’airteagail gan Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle a chur ar an eolas roimh ré.
Airteagal 30
Aistrithe arna ndéanamh ag an gCoimisiún
1. Laistigh dá roinn féin den bhuiséad, féadfaidh an Coimisiún an méid seo a dhéanamh go neamhspleách:
(a) |
leithreasuithe a aistriú laistigh de gach caibidil; |
(b) |
maidir le caiteachas ar fhoireann agus ar chúrsaí riaracháin a bhaineann le roinnt teideal, leithreasuithe a aistriú ó theideal amháin go chéile suas le huasmhéid 10 % de na leithreasuithe don bhliain airgeadais atá léirithe ar an líne buiséid a ndéantar an t-aistriú uaithi, agus suas le huasmhéid 30 % de na leithreasuithe don bhliain airgeadais atá léirithe ar an líne a ndéantar an t-aistriú chuici; |
(c) |
maidir le caiteachas oibríochtúil, leithreasaí a aistriú go neamhspleách idir caibidlí laistigh den teideal céanna, suas le huasmhéid 10 % de leithreasaí na bliana airgeadais atá léirithe ar an líne buiséid óna bhfuil an t-aistriú á dhéanamh; |
(d) |
i ndáil le leithreasuithe a bhaineann le taighde agus le forbairt theicneolaíoch arna gcur chun feidhme ag JRC, laistigh de theideal an bhuiséid a bhaineann leis an réimse beartais “Taighde dhíreach”, aistrithe a dhéanamh idir caibidlí suas le méid uasta de 15 % de na leithreasuithe ar an líne buiséid óna ndéantar an t-aistriú; |
(e) |
i ndáil le taighde agus le forbairt theicneolaíoch, leithreasuithe oibríochtúla a aistriú ó theideal amháin go teideal eile, ar choinníoll gur chun na críche céanna a bhainfear úsáid as na leithreasuithe; |
(f) |
maidir le caiteachas oibríochtúil na gcistí a chuirtear chun feidhme faoi bhainistíocht roinnte, cé is moite de chaiteachas CERT, leithreasuithe a aistriú ó theideal amháin go chéile, ar choinníoll gurb ionann cuspóir do na leithreasuithe lena mbaineann, de réir bhrí an Rialacháin lena mbunaítear an ciste lena mbaineann nó gur caiteachas ar chúnamh teicniúil iad; |
(g) |
leithreasuithe a aistriú ó mhír bhuiséideach de chuid ráthaíocht bhuiséadach go mír bhuiséadach de chuid ráthaíocht bhuiséadach eile, sna cásanna eisceachtúla nuair nach leor na hacmhainní soláthraithe i gciste don soláthar coiteann na míre buiséadaí de chuid ráthaíocht bhuiséadach chun gairm ráthaíochta a íoc, faoi réir an méid iomlán a aistrítear a athbhunú ina dhiaidh sin i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 212(4). |
Cumhdófar leis an gcaiteachas dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo, maidir le gach réimse beartais, na míreanna dá dtagraítear in Airteagal 47(4).
I gcás ina n-aistríonn an Coimisiún leithreasuithe CERT de bhun na chéad fhomhíre tar éis an 31 Nollaig, déanfaidh sé an cinneadh sin faoin 31 Eanáir an bhliain airgeadais ina dhiaidh sin. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas laistigh de choicís óna Chinneadh maidir leis na haistrithe sin.
Trí seachtaine roimh aistriú a dhéanamh, dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo, cuirfidh an Coimisiún in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle gurb é sin atá beartaithe aige. I gcás ina ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóidí a mbeidh údar cuí tugtha leo a lua laistigh den tréimhse sin, beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 31.
De mhaolú ar an gceathrú fomhír, féadfaidh an Coimisiún, le linn 2 mhí dheireanacha na bliana airgeadais, leithreasuithe a bhaineann le caiteachas ar fhoireann, ar fhoireann sheachtrach agus ar ghníomhairí eile, a aistriú go neamhspleách ó theideal go chéile laistigh den teorainn iomlán de 5 % de leithreasuithe na bliana airgeadais sin. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas laistigh de choicís óna Chinneadh maidir leis na haistrithe sin.
2. Féadfaidh an Coimisiún, laistigh dá roinn féin den bhuiséad, cinneadh a dhéanamh maidir leis na leithreasuithe a leanas a aistriú ó theideal go chéile, ar choinníoll go gcuirfidh sé Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas láithreach i dtaobh an chinnidh:
(a) |
leithreasuithe ón teideal ar a dtugtar “forálacha” agus dá dtagraítear in Airteagal 49 den Rialachán seo a aistriú, más rud é gurb é an t-aon choinníoll amháin chun an cúlchiste a fhuascailt bunghníomh a ghlacadh de bhun Airteagal 294 CFAE; |
(b) |
i gcásanna eisceachtúla cuí-réasúnaithe amhail tubaistí agus géarchéimeanna daonnúla idirnáisiúnta a tharlaíonn tar éis an 1 Nollaig an bhliain airgeadais sin, féadfar fuílleach na leithreasuithe don bhliain sin atá fós le fáil sna teidil a thagann faoin gceannteideal den chreat airgeadais ilbhliantúil atá tiomnaithe do ghníomh seachtrach a aistriú chuig na teidil a bhaineann le cabhair um bainistiú géarchéime agus le hoibríochtaí cabhrach daonnúla. |
Airteagal 31
Tograí i leith aistriú a chuireann institiúidí an Aontais faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle
1. Déanfaidh gach institiúid de chuid an Aontais a tograí i leith aistriú a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle go comhuaineach.
2. Féadfaidh an Coimisiún tograí le haghaidh leithreasuithe íocaíochta a aistriú chuig na cistí a chuirtear chun feidhme faoi bhainistíocht roinnte cé is moite de chaiteachas CERT, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 10 Eanáir an bhliain airgeadais ina dhiaidh sin. Féadfar aistriú na leithreasuithe íocaíochta a dhéanamh ó aon mhír bhuiséadach. I gcásanna den sórt sin, déanfar an tréimhse 6 seachtaine dá dtagraítear i mír 4 a laghdú go 3 seachtaine.
Mura ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an t-aistriú a fhormheas nó mura ndéanfaidh siad é a fhormheas ach go páirteach, muirearófar an chuid chomhfhreagrach den chaiteachas dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 10(5) ar leithreasuithe íocaíochta na bliana airgeadais ina dhiaidh sin.
3. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle cinntí maidir le haistrithe leithreasuithe, i gcomhréir le míreanna 4 go dtí 8.
4. Ach amháin in imthosca práinne, déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh trí thromlach cáilithe, gach togra i leith aistriú a phlé laistigh de 6 seachtaine tar éis don dá institiúid é a fháil. In imthosca práinne, déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a machnamh laistigh de 3 seachtaine ón tráth a fhaigheann siad an togra.
5. I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún leithreasuithe CERT a aistriú i gcomhréir leis an Airteagal seo, tíolacfaidh sé tograí i leith aistriú chuig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle faoin 10 Eanáir an bhliain ina dhiaidh sin. I gcásanna mar sin, déanfar an tréimhse 6 seachtaine dá dtagraítear i mír 4 a laghdú go 3 seachtaine.
6. Déanfar togra i leith aistriú a fhormheas, nó measfar gur formheasadh é, más rud é gur fíor aon cheann díobh seo a leanas, laistigh den tréimhse 6 seachtaine:
(a) |
go bhformheasfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle é; |
(b) |
go bhformheasfaidh ceann amháin de Pharlaimint na hEorpa agus an Chomhairle é gan an ceann eile acu gníomhú; |
(c) |
nach gcinnfidh Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle a togra i leith aistriú a leasú nó a dhiúltú. |
7. Mura n-iarrfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle a mhalairt, déanfar an tréimhse 6 seachtaine dá dtagraítear i mír 4 a laghdú go 3 seachtaine sna cásanna seo a leanas:
(a) |
gur lú an t-aistriú ná 10 % de leithreasuithe na líne buiséid óna ndéantar an t-aistriú agus nach mó ná EUR 5 000 000 é; |
(b) |
gur le leithreasuithe íocaíochta amháin a bhaineann an t-aistriú agus nach mó ná EUR 100 000 000 méid iomlán an aistrithe. |
8. Má leasaíonn Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle méid an aistrithe agus má fhormheasann an institiúid eile é nó má staonann sí ó ghníomhú, nó má leasaíonn Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon méid an aistrithe, measfar gurb é an méid is lú den dá mhéid an méid atá formheasta, ach amháin má tharraingíonn an institiúid lena mbaineann de chuid an Aontais siar a togra i leith aistriú.
Airteagal 32
Aistrithe faoi réir forálacha speisialta
1. Ní fhéadfar leithreasuithe a chomhfhreagraíonn d’ioncam sannta a aistriú ach sa chás amháin go n-úsáidfear an t-ioncam sin chun na críche ar sannadh di é.
2. Ar thogra ón gCoimisiún déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle cinntí maidir le haistrithe lena gceadófaí an Cúlchiste le haghaidh Cúnamh Éigeandála a úsáid.
Chun críocha na míre seo, beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 31(3) agus (4). Mura n-aontóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle leis an togra ón gCoimisiún agus mura bhféadfaidh siad teacht ar chomhsheasamh maidir le húsáid an Chúlchiste le haghaidh Cúnamh Éigeandála, staonfaidh siad ó ghníomhú ar an togra ón gCoimisiún i leith aistriú.
Tograí maidir le haistrithe ón gCúlchiste le haghaidh Cúnamh Éigeandála, beidh doiciméid tacaíochta iomchuí mhionsonraithe ag gabháil leo, ina dtaispeánfar an méid seo a leanas:
(a) |
an fhaisnéis is déanaí atá ar fáil i ndáil le cur chun feidhme na leithreasuithe agus na riachtanais a mheastar a bheidh ann go deireadh na bliana airgeadais don líne buiséid a ndéanfar an t-aistriú chuici; |
(b) |
measúnú ar na féidearthachtaí maidir le leithreasuithe a ath-leithdháileadh. |
CAIBIDIL 7
Prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais agus feidhmiú
Airteagal 33
Feidhmiú agus prionsabail na tíosaíochta, na héifeachtúlachta agus na héifeachtachta
1. Úsáidfear na leithreasuithe i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, agus ar an gcaoi sin cuirfear chun feidhme iad agus na prionsabail seo a leanas á n-urramú:
(a) |
prionsabal na tíosaíochta lena gceanglaítear go gcuirfear ar fáil in am trátha, sa chainníocht iomchuí, sa cháilíocht iomchuí agus ag an bpraghas is fearr, na hacmhainní a úsáidfidh an institiúid de chuid an Aontais lena mbaineann agus í ag gabháil dá gníomhaíochtaí; |
(b) |
prionsabal na héifeachtúlachta a bhaineann leis an ngaol is fearr idir na hacmhainní a úsáidfear, na gníomhaíochtaí a ghlactar ar láimh agus na cuspóirí a bhainfear amach; |
(c) |
prionsabal na héifeachta a bhaineann leis an méid a chomhlíontar na cuspóirí a bheidh á saothrú trí na gníomhaíochtaí a ghlactar ar láimh. |
2. I gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, díreofar leis na leithreasuithe ar an bhfeidhmíocht agus chuige sin:
(a) |
suífear na cuspóirí do chláir agus do ghníomhaíochtaí ex ante; |
(b) |
déanfar faireachán le táscairí feidhmíochta ar dhul chun cinn maidir le cuspóirí a chomhlíonadh; |
(c) |
maidir leis an dul chun cinn a dhéantar chun cuspóirí a bhaint amach, mar aon leis na fadhbanna a ghabhann leo, déanfar iad a thuairisciú chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle i gcomhréir le pointe (h) den chéad fhomhír d’Airteagal 41(3) agus le pointe (e) d’Airteagal 247(1). |
3. Déanfar cuspóirí a bheidh sonrach, intomhaiste, indéanta, ábhartha agus a bheidh faoi cheangal ama amhail dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 mar aon le táscairí ábhartha inghlactha inchreidte éasca stóinsithe a shainiú i gcás inarb ábhartha.
Airteagal 34
Meastóireachtaí
1. Beidh cláir agus gníomhaíochtaí a mbíonn caiteachas suntasach ag gabháil leo faoi réir meastóireacht ex ante agus meastóireachtaí siarghabhálacha, agus beidh sin comhréireach leis na cuspóirí agus leis an gcaiteachas.
2. Bunófar meastóireachtaí ex ante lena dtacaítear le cláir agus gníomhaíochtaí ar fhianaise, faoi fheidhmíocht clár gaolmhar nó gníomhaíochtaí gaolmhara agus sainaithneoidh siad agus déanfaidh siad anailís ar na saincheisteanna a bhfuiltear le haghaidh a thabhairt orthu, an breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais, cuspóirí, éifeachtaí tuartha na roghanna éagsúla agus socruithe faireacháin agus meastóireachta.
I gcás cláir mhóra nó gníomhaíochtaí móra a mheastar a mbeidh tionchair shuntasacha eacnamaíocha, chomhshaoil nó shóisialta acu, féadfar an mheastóireacht ex ante a dhéanamh trí bhíthin measúnú tionchair a dhéanann, i dteannta na gceanglas a leagtar amach thuas, anailís ar na roghanna éagsúla maidir le modhanna cur chun feidhme.
3. Le meastóireachtaí siarghabhálacha déanfar measúnú ar fheidhmíocht an chláir nó na gníomhaíochta, lena gcuirtear san áireamh éifeachtacht, éifeachtúlacht, comhleanúnachas, ábharthacht, agus breisluach an Aontais. Bunófar meastóireachtaí siarghabhálacha ar an bhfaisnéis a ghinfear leis na socruithe faireacháin agus leis na táscairí a bunaíodh le haghaidh na gníomhaíochta sin. Glacfar ar láimh iad sin uair amháin ar a laghad le linn théarma gach creata airgeadais ilbhliantúil agus, i gcás inarb indéanta, in am trátha sa chaoi gur féidir na torthaí a chur san áireamh sna meastóireachtaí ex ante nó sna measúnuithe tionchair lena dtacaítear leis na cláir ghaolmhara agus na gníomhaíochtaí gaolmhara a ullmhú.
Airteagal 35
Ráiteas airgeadais éigeantach
1. Maidir le haon togra nó tionscnamh a chuirfidh an Coimisiún, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (an “tArdionadaí”) nó Ballstát faoi bhráid an údaráis reachtaigh, a bhféadfadh tionchar a bheith aige ar an mbuiséad, lena n-áirítear athruithe ar líon na bpost, ní mór ráiteas airgeadais ina léirítear na meastacháin i dtéarmaí leithreasuithe íocaíochta agus leithreasuithe faoi chomhair gealltanas, trí mheasúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, agus trí mheastóireacht ex ante nó trí mheasúnú tionchair dá bhforáiltear in Airteagal 34 a bheith ag gabháil leis.
Aon leasú ar thogra nó ar thionscnamh a chuirfear faoi bhráid an údaráis reachtaigh a bhféadfadh impleachtaí suntasacha a bheith aige don bhuiséad, lena n-áirítear athruithe ar líon na bpost, caithfidh ráiteas airgeadais a bheith ag gabháil leis arna ullmhú ag an institiúid de chuid an Aontais a bhfuil an leasú á mholadh aici.
Sa ráiteas airgeadais beidh na sonraí airgeadais agus eacnamaíocha is gá don mheastóireacht a dhéanfaidh an t-údarás reachtach ar an ngá atá le gníomhaíocht ón Aontas. Beidh an fhaisnéis iomchuí ann maidir le comhleanúnachas le gníomhaíochtaí eile de chuid an Aontais agus aon sineirgíocht a d’fhéadfadh a bheith ann.
I gcás oibríochtaí ilbhliantúla, beidh sa ráiteas airgeadais sceideal na riachtanas bliantúil intuartha maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochta agus maidir le poist, lena n-áirítear foireann sheachtrach, agus meastóireacht ar an toradh airgeadais meántéarmach agus, i gcás inar féidir, ar an toradh airgeadais fadtéarmach.
2. Le linn an nós imeachta bhuiséadaigh, soláthróidh an Coimisiún an fhaisnéis is gá le haghaidh comparáid a dhéanamh idir athruithe sna leithreasuithe a éilítear agus na chéad réamhaisnéisí a dhéantar sa ráiteas airgeadais i bhfianaise dul chun cinn an phlé i ndáil leis an togra nó leis an tionscnamh a chuirtear faoi bhráid an údaráis reachtaigh.
3. D’fhonn an riosca calaoise, neamhrialtachtaí agus neamhchomhlíonadh cuspóirí a laghdú, beidh sa ráiteas airgeadais faisnéis maidir leis an gcóras inmheánach rialaithe atá bunaithe, meastachán ar chostais agus ar thairbhí na rialuithe atá i gceist le córas den sórt sin agus measúnú ar leibhéal an bhaoil earráide atá tuartha, agus beidh faisnéis ann freisin faoi na bearta atá ann cheana agus atá pleanáilte, ar bearta cosanta agus bearta chun calaois a chosc iad.
Déanfaidh an measúnú sin scála dóchúil agus cineál na n-earráidí a chur san áireamh mar aon le coinníollacha sonracha an réimse beartais lena mbaineann agus na rialacha is infheidhme maidir léi.
4. Agus moltaí caiteachais nua nó athbhreithnithe á dtíolacadh ag an gCoimisiún, déanfaidh sé meastachán ar chostais agus tairbhí na gcóras rialaithe, mar aon leis an leibhéal riosca earráide ionchasach amhail dá dtagraítear i mír 3.
Airteagal 36
Rialú inmheánach ar chur chun feidhme an bhuiséid
1. De bhun phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, cuirfear an buiséad chun feidhme i gcomhréir le rialú inmheánach éifeachtach éifeachtúil mar is iomchuí do gach modh cur chun feidhme, agus i gcomhréir leis na rialacha earnáilsonracha ábhartha.
2. Chun críocha chur chun feidhme an bhuiséid, cuirfear rialú inmheánach i bhfeidhm ar gach leibhéal bainistíochta agus beidh sé ceaptha cinnteacht réasúnta a chur ar fáil go ngnóthófar na cuspóirí seo a leanas:
(a) |
éifeachtacht, éifeachtúlacht agus tíosaíocht oibríochtaí; |
(b) |
iontaofacht tuairiscithe; |
(c) |
acmhainní agus faisnéis a chosaint; |
(d) |
calaois agus neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath, a cheartú agus a mheasúnú go leantach; |
(e) |
bainistíocht leordhóthanach ar na rioscaí a bhaineann le dlíthiúlacht agus le rialtacht na mbun-idirbheart, ag cur san áireamh cineál ilbhliantúil na gclár chomh maith le cineál na n-íocaíochtaí lena mbaineann. |
3. Beidh rialú éifeachtach inmheánach bunaithe ar na cleachtais idirnáisiúnta is fearr agus beidh na heilimintí seo a leanas ar áireamh ann:
(a) |
cúraimí a leithscaradh; |
(b) |
straitéis iomchuí bainistíochta agus rialaithe riosca a bhfuil rialú ar leibhéal an fhaighteora ar áireamh inti; |
(c) |
coinbhleacht leasa a sheachaint; |
(d) |
rianta iniúchta leordhóthanacha agus sláine sonraí i gcórais sonraí; |
(e) |
nósanna imeachta maidir le faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht agus ar éifeachtúlacht; |
(f) |
nósanna imeachta i dtaobh measúnú leantach a dhéanamh ar laigí rialaithe inmheánacha aitheanta agus ar eisceachtaí; |
(g) |
meastóireacht thréimhsiúil ar fheidhmiú fónta an chórais rialaithe inmheánaigh. |
4. Bunófar rialú inmheánach éifeachtúil ar na gnéithe seo a leanas:
(a) |
straitéis a chur chun feidhme, straitéis um bainistiú riosca agus rialú iomchuí arna comhordú idir na gníomhaithe iomchuí a bhíonn bainteach leis an slabhra rialaithe; |
(b) |
inrochtaineacht ag na gníomhaithe uile iomchuí sa slabhra rialaithe ar na torthaí ó rialuithe a dhéantar; |
(c) |
spleáchas, i gcás inarb iomchuí, ar dhearbhuithe maidir le bainistiú ó chomhpháirtithe cur chun feidhme agus ar thuairimí neamhspleácha iniúchta, ar choinníoll go bhfuil cáilíocht na bunoibre leordhóthanach agus inghlactha agus go ndéanfar an obair sin i gcomhréir leis na caighdeáin chomhaontaithe; |
(d) |
cur i bhfeidhm tráthúil beart ceartaitheach lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, pionóis athchomhairleacha; |
(e) |
reachtaíocht shoiléir agus gan débhrí a bheith mar bhonn leis na beartais lena mbaineann, lena n-áirítear bunghníomhartha maidir le heilimintí an rialaithe inmheánaigh; |
(f) |
deireadh a chur le rialuithe iolracha; |
(g) |
cóimheas costais agus tairbhe rialuithe a fheabhsú. |
5. Más rud é, le linn cur chun feidhme, go bhfuil an leibhéal earráide ard dianseasmhach, déanfaidh an Coimisiún na laigí sna córais rialaithe a shainaithint, anailís ar na costais agus na tairbhí a bhaineann le bearta ceartaitheacha ionchasacha agus gníomhú iomchuí a dhéanamh nó a mholadh, amhail na forálacha is infheidhme a shimpliú, na córais rialaithe a fheabhsú agus an clár nó na córais seachadta a athdhearadh.
CAIBIDIL 8
Prionsabal na trédhearcachta
Airteagal 37
Cuntais agus buiséid a fhoilsiú
1. Bunófar an buiséad agus cuirfear chun feidhme é agus tíolacfar na cuntais i gcomhréir le prionsabal na trédhearcachta.
2. Déanfaidh Uachtarán Pharlaimint na hEorpa an buiséad agus aon bhuiséad leasaitheach, má glacadh go críochnaitheach é, a chur á fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Foilseofar na buiséid laistigh de 3 mhí tar éis an dáta a ndearbhófar go bhfuil siad glactha go críochnaitheach.
Sula bhfoilseofar iad in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh foilseofar figiúirí deireanacha an bhuiséid i ngach ceann de na teangacha ar shuíomh gréasáin institiúidí an Aontais, ar thionscnamh an Choimisiúin, a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 4 seachtaine ón dáta a nglacfar an buiséad go críochnaitheach.
Déanfar na cuntais chomhdhlúite bhliantúla a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ar shuíomh gréasáin institiúidí an Aontais.
Airteagal 38
Faisnéis maidir le faighteoirí agus faisnéis eile a fhoilsiú
1. Cuirfidh an Coimisiún ar fáil, ar bhealach iomchuí agus ar mhodh tráthúil, faisnéis maidir le faighteoirí cistí a mhaoinítear leis an mbuiséad, ar cistí iad sin a chuireann sé féin chun feidhme i gcomhréir le pointe (a) den chéad fhómhír d’Airteagal 62(1).
Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír den mhír seo freisin maidir le hinstitiúidí eile de chuid an Aontais nuair a chuirfidh siad an buiséad chun feidhme de bhun Airteagal 59(1).
2. Cé is moite de na cásanna dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 4, agus ag féachaint go hiomchuí do na ceanglais a bhaineann le rúndacht agus le slándáil, agus do chosaint sonraí pearsanta go háirithe, foilseofar an fhaisnéis seo a leanas:
(a) |
ainm an fhaighteora; |
(b) |
dúiche an fhaighteora, eadhon:
|
(c) |
an méid a ceadaíodh go dlíthiúil; |
(d) |
cineál agus cuspóir an chonartha. |
Is i ndáil le duaiseanna, deontais agus conarthaí a deonaíodh de thoradh comórtas, nósanna imeachta maidir le deontas a dhámhachtain nó nósanna imeachta um sholáthar poiblí a fhoilseofar an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, agus i ndáil le saineolaithe arna roghnú de bhun Airteagal 237(2).
3. Ní fhoilseofar an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 2 don mhéid seo a leanas:
(a) |
tacaíochtaí oideachais a íoctar le daoine nádúrtha agus tacaíocht dhíreach eile a íoctar le daoine nádúrtha is mó atá ina gátar amhail dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 191(4); |
(b) |
conarthaí ar luach an-íseal arna ndámhachtain do shaineolaithe arna roghnú de bhun Airteagal 237(2) chomh maith le conarthaí ar luach an-íseal atá faoi bhun an mhéid dá dtagraítear i bpointe 14.4 d’Iarscríbhinn I; |
(c) |
tacaíocht airgeadais a sholáthraítear trí ionstraimí airgeadais, i gcás méid níos lú ná EUR 500 000; |
(d) |
i gcás inar baol nochtadh na faisnéise sin do chearta agus saoirsí na ndaoine no na n-eintiteas lena mbaineann, mar a chosnaítear le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, nó i gcás ina ndéanann sé dochar do leasa tráchtála na bhfaighteoirí; |
Sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír, ní bheidh san fhaisnéis sin a chuirtear ar fáil ach sonraí staidrimh, a chomhiomlánófar i gcomhréir le critéir ábhartha, amhail suíomh geografach, tíopeolaíocht eacnamaíoch na bhfaighteoirí, an cineál tacaíochta a fuair siad agus an réimse beartais de chuid an Aontais faoinar cuireadh an tacaíocht sin ar fáil.
Chomh fada agus a bhaineann le daoine nádúrtha, beidh nochtadh na faisnéise dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 2 bunaithe ar chritéir ábhartha amhail minicíocht nó cineál an bhirt agus na méideanna atá i gceist.
4. Maidir leis na daoine nó leis na heintitis a chuireann cistí de chuid an Aontais chun feidhme de bhun phointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 62(1), foilseoidh siad faisnéis maidir le faighteoirí i gcomhréir lena rialacha agus lena nósanna imeachta, a mhéid a mheastar go bhfuil na rialacha sin coibhéiseach tar éis an mheasúnaithe arna dhéanamh ag an gCoimisiún de bhun phointe (e) den chéad fhomhír d’Airteagal 154(4), agus ar choinníoll go bhfuil aon fhoilsiú sonraí pearsanta faoi réir coimircí atá coibhéiseach leo siúd a leagtar amach san Airteagal seo.
Déanfaidh na comhlachtaí a ainmnítear de bhun Airteagal 63(3) faisnéis a fhoilsiú i gcomhréir le rialacha earnáilsonracha. Féadfar na rialacha earnáilsonracha sin a mhaolú, i gcomhréir leis an mbunús dlí ábhartha, ar mhír 2 agus ar mhír 3 den Airteagal seo, go háirithe maidir le sonraí pearsanta a fhoilsiú, i gcás ina bhfuil údar leis sin ar bhonn na gcritéar dá dtagraítear sa tríú fomhír de mhír 3 den Airteagal seo, agus sainiúlachtaí na hearnála lena mbaineann á gcur san áireamh.
5. Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a fhoilsiú ar shuímh ghréasáin de chuid institiúidí an Aontais, tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh an bhliain tar éis na bliana airgeadais inar gealladh na cistí go dlíthiúil.
Ar shuíomh ghréasáin institiúidí an Aontais, beidh ar a laghad tagairt do sheoladh an tsuímh ghréasáin inar féidir teacht ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1, mura bhfoilseofar go díreach í ar shuíomh gréasáin tiomnaithe de chuid institiúidí an Aontais.
Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil, ar bhealach tráthúil iomchuí, faoi shuíomh aonair gréasáin, lena n-áirítear tagairt dá sheoladh, ar a mbeidh teacht ar an bhfaisnéis a chuireann na daoine, na heintitis nó na comhlachtaí dá dtagraítear i mír 4 ar fáil.
6. I gcás ina bhfoilsítear sonraí pearsanta, bainfear an fhaisnéis dhá bhliain tar éis dheireadh na bliana airgeadais inar gealladh an méid go dlíthiúil. Déanfar sin freisin i gcás sonraí pearsanta lena dtagraítear do dhaoine dlíthiúla i gcás ina n-aithnítear duine nádúrtha amháin nó níos mó óna n-ainm oifigiúil.
TEIDEAL III
BUNÚ AGUS STRUCHTÚR AN BHUISÉID
CAIBIDIL 1
An buiséad a bhunú
Airteagal 39
Meastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas
1. Déanfaidh gach institiúid de chuid an Aontais seachas an Coimisiún meastachán a tharraingt suas maidir lena ioncam agus maidir lena chaiteachas agus seolfaidh siad é chuig an gCoimisiún, agus go comhthreomhar, mar fhaisnéis, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, roimh an 1 Iúil gach bliain.
2. Rachaidh an tArdionadaí i gcomhairle leis na comhaltaí sin den Choimisiún atá freagrach as an mbeartas forbartha, as an mbeartas comharsanachta, comhar idirnáisiúnta, as cabhair dhaonnúil agus freagairt i gcás géarchéime, maidir leis na freagrachtaí atá orthu faoi seach.
3. Tarraingeoidh an Coimisiún a mheastacháin féin suas agus seolfaidh sé iad chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle go díreach tar éis iad a ghlacadh. Agus a mheastacháin á n-ullmhú aige, úsáidfidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 40.
Airteagal 40
Buiséad measta chomhlachtaí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 70
Faoin 31 Eanáir gach bliain, déanfaidh gach comhlacht Aontais dá dtagraítear in Airteagal 70, i gcomhréir leis an ionstraim lenar bunaíodh é, a dhréachtdhoiciméad clársceidealaithe aonair, ina mbeidh a chlársceidealú bliantúil agus a chlársceidealú ilbhliantúil mar aon leis an bpleanáil chomhfhreagrach acmhainní daonna agus airgeadais, a sheoladh chuig an gCoimisiún, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.
Airteagal 41
Dréachtbhuiséad
1. Tíolacfaidh an Coimisiún togra ina mbeidh an dréachtbhuiséad do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoin 1 Meán Fómhair an bhliain roimh an mbliain ina mbeidh an buiséad le cur chun feidhme. Déanfaidh sé an togra a tharchur, mar fhaisnéis, chuig na parlaimintí náisiúnta.
Beidh ráiteas achomair ginearálta ar ioncam agus ar chaiteachas an Aontais sa dréachtbhuiséad agus comhdhlúthófar leis na meastacháin dá dtagraítear in Airteagal 39. Féadfar freisin meastacháin dhifriúla ó na meastacháin arna dtarraingt suas ag institiúidí an Aontais a bheith san áireamh ann.
Leanfaidh an buiséad an struchtúr agus an leagan amach a leagtar amach in Airteagal 47 go hAirteagal 52.
Beidh ag gabháil roimh gach roinn den dréachtbhuiséad réamhrá arna tharraingt suas ag an institiúid lena mbaineann de chuid an Aontais.
Déanfaidh an Coimisiún réamhrá ginearálta an dréachtbhuiséid a tharraingt suas. Is éard a bheidh sa réamhrá ginearálta táblaí airgeadais ina mbeidh na príomhshonraí de réir teideal agus na bunúis atá leis na hathruithe ar na leithreasuithe ó bhliain airgeadais go chéile de réir chatagóirí caiteachais an chreata airgeadais ilbhliantúil.
2. D’fhonn tuartha níos cruinne agus níos iontaofa a sholáthar maidir le himpleachtaí buiséadacha na reachtaíochta atá i bhfeidhm agus maidir leis na tograí reachtacha ar feitheamh, cuirfidh an Coimisiún clárú airgeadais le haghaidh na mblianta ina dhiaidh sin i gceangal leis an dréachtbhuiséad agus leagfaidh sé amach é de réir catagóir caiteachais, réimse beartais agus líne buiséid. Cumhdófar leis an gclárú airgeadais na catagóirí caiteachais a chumhdaítear le pointe 30 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais (37). Cuirfear sonraí achoimre ar fáil do na catagóirí caiteachais nach gcumhdaítear le pointe 30 den Chomhaontú Idirinstitiúideach sin.
Déanfar an clárú airgeadais táscach a nuashonrú tar éis don bhuiséad a bheith glactha, d’fhonn torthaí an nós imeachta bhuiséadaigh agus aon chinneadh eile ábhartha a chorprú.
3. Cuirfidh an Coimisiún an méid seo a leanas i gceangal leis an dréachtbhuiséad:
(a) |
tábla comparáideach ina chuimsítear an dréachtbhuiséad do na hinstitiúidí eile de chuid an Aontais mar aon le meastacháin bunaidh na n-institiúidí eile a cuireadh chuig an gCoimisiún agus, i gcás inarb iomchuí, ina leagtar amach na cúiseanna a bhfuil meastacháin dhifriúla ó na meastacháin arna dtarraingt suas ag institiúidí eile de chuid an Aontais sa dréachtbhuiséad; |
(b) |
aon doiciméad oibre a mheasann sé a bheith úsáideach i ndáil le pleananna bunaíochta institiúidí an Aontais, ina dtaispeántar an plean bunaíochta údaraithe is déanaí agus ina gcuirtear an méid seo a leanas i láthair:
|
(c) |
maidir lecomhlachtaí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 70 agus Airteagal 71, doiciméad oibre ina leagfar amach an t-ioncam agus an caiteachas, chomh maith le gach faisnéis faoin bhfoireann amhail dá dtagraítear i bpointe (b) den fhomhír seo; |
(d) |
doiciméad oibre maidir le cur chun feidhme pleanáilte na leithreasuithe don bhliain airgeadais agus maidir le gealltanais gan réiteach; |
(e) |
maidir leis na leithreasuithe riaracháin, doiciméad oibre ina leagfar amach an caiteachas riaracháin a bheidh le cur chun feidhme ag an gCoimisiún óna chuid sin den bhuiséad; |
(f) |
doiciméad oibre maidir le treoirchláir agus gníomhaíochtaí ullmhúcháin ina bhfuil meastóireacht ar na torthaí agus ar an ngníomhaíocht leantach atá beartaithe; |
(g) |
maidir le cistí d’eagraíochtaí idirnáisiúnta, doiciméad oibre ina mbeidh:
|
(h) |
ráitis ghníomhaíochta nó aon doiciméad eile is ábhartha ina bhfuil na nithe seo a leanas:
|
(i) |
ráiteas achomair ar sceideal na n-íocaíochtaí ina ndéantar achoimre, de réir clár agus de réir ceannteideal, ar íocaíochtaí atá dlite sna blianta airgeadais ina dhiaidh sin chun gealltanais bhuiséadacha a mholtar sa dréachtbhuiséad agus a rinneadh i mblianta airgeadais roimhe sin a chomhlíonadh. |
I gcás ina n-úsáideann comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí ionstraimí airgeadais, áfach, cuirfear an fhaisnéis a bhaineann leis na hionstraimí sin san áireamh sa doiciméad oibre dá dtagraítear i mír 4.
4. I gcás ina n-úsáideann an Coimisiún ionstraimí airgeadais, cuirfidh sé i gceangal leis an dréachtbhuiséad doiciméad oibre ina mbeidh an méid seo a leanas maidir le gach ionstraim airgeadais:
(a) |
tagairt don ionstraim airgeadais agus dá bunghníomh, mar aon le tuairisc ar an ionstraim, ar an tionchar a bheidh aici ar an mbuiséad, ar a fad agus ar bhreisluach ranníocaíocht an Aontais; |
(b) |
na hinstitiúidí airgeadais a bhfuil baint acu leis an gcur chun feidhme, lena n-áirítear aon saincheisteanna i ndáil le cur chun feidhme Airteagal 155(2); |
(c) |
rannchuidiú na hionstraime airgeadais chun táscairí an chláir lena mbaineann a bhaint amach mar atá measta leis na táscairí bunaithe, lena n-áirítear, nuair is infheidhme, an t-éagsúlú geografach; |
(d) |
na hoibríochtaí atá beartaithe, lena n-áirítear na spriocmhéideanna atá bunaithe ar an spriocghiaráil agus ar an gcaipiteal príobháideach ionchasach atá le cur ar fáil nó, i gcás nach bhfuil siad ar fáil, ar an gcóimheas giarála a eascraíonn ó na hionstraimí airgeadais atá ann cheana; |
(e) |
línte buiséid a bhíonn comhfhreagrach do na hoibríochtaí ábhartha agus do mhéid comhiomlán na ngealltanas buiséadach agus d’íocaíochtaí as an mbuiséad; |
(f) |
an mheánré idir an gealltanas buiséadach do na hionstraimí airgeadais agus na gealltanais dhlíthiúla do thionscadail indibhidiúla i bhfoirm cothromais nó fiachais, sa chás go rachaidh an tréimhse sin thar 3 bliana; |
(g) |
ioncam agus íocaíochtaí faoi Airteagal 209(3) a thíolactar ar leithligh, lena n-áirítear meastóireacht ar an n-úsáid; |
(h) |
luach infheistíochtaí cothromais, maidir le blianta roimhe sin; |
(i) |
méid iomlán na bhforálacha maidir le rioscaí agus dliteanais mar aon le faisnéis faoi neamhchosaint airgeadais ar riosca an Aontais, lena n-áirítear aon dliteanas teagmhasach; |
(j) |
lagú sócmhainní agus ráthaíochtaí gairthe don bhliain roimhe sin agus do na figiúirí carntha araon; |
(k) |
feidhmíocht na hionstraime airgeadais, lena n-áirítear na hinfheistíochtaí a cuireadh i gcrích, an spriocéifeacht ghiarála, agus an éifeacht ghiarála a cuireadh i gcrích mar aon le héifeachtaí iolraitheora agus méid an chaipitil phríobháidigh a cuireadh ar fáil; |
(l) |
na hacmhainní soláthraithe sa chiste don soláthar coiteann agus, nuair is iomchuí, iarmhéid an chuntais mhuinínigh. |
Cuimseofar sa doiciméad oibre dá dtagraítear sa chéad fhomhír sin chomh maith achoimre ar an gcaiteachas riaracháin a thagann as táillí bainistíochta agus ó mhuirir airgeadais agus oibríochta eile a íoctar i leith ionstraimí airgeadais a bhainistiú, san iomlán agus de réir páirtí bainistíochta agus de réir na hionstraime airgeadais a bhainistítear.
Déanfaidh an Coimisiún na cúiseanna atá leis an ré dá dtagraítear i bpointe (f) den chéad fhomhír a mhíniú agus, i gcás inarb iomchuí, cuirfidh sé plean gníomhaíochta ar fáil maidir leis an ré atá i gcreat an nós imeachta bhliantúil um tharscaoileadh a laghdú.
Sa doiciméad oibre dá dtagraítear sa chéad fhomhír, beidh tábla soiléir gonta ina ndéanfar achoimre de réir ionstraim airgeadais.
5. I gcás inar dheonaigh an tAontas ráthaíocht bhuiséadach, cuirfidh an Coimisiún i gceangal leis an dréachtbhuiséad doiciméad oibre ina mbeidh maidir le gach ionstraim airgeadais agus maidir leis an gciste don soláthar coiteann an méid seo a leanas:
(a) |
tagairt don ráthaíocht bhuiséadach agus dá bunghníomh, mar aon le tuairisc ghinearálta ar an ráthaíocht bhuiséadach, ar an tionchar a bheidh aici ar dhliteanas airgeadais an bhuiséid, ar a fad agus ar bhreisluach rannchuidiú an Aontais; |
(b) |
contrapháirteanna na ráthaíochta buiséadaí, lena n-áirítear aon saincheisteanna i ndáil le cur chun feidhme Airteagal 155(2); |
(c) |
rannchuidiú na ráthaíochta buiséadaí chun cuspóirí na ráthaíochta buiséadaí lena mbaineann a bhaint amach mar a thomhaistear é leis na táscairí bunaithe, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, an t-éagsúlú geografach agus úsáid acmhainní na hearnála príobháidí; |
(d) |
faisnéis faoi oibríochtaí a chumhdaítear leis an ráthaíocht bhuiséadach ar bhonn comhiomlán de réir earnálacha, tíortha agus ionstraimí, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, punanna agus tacaíocht chomhcheangailte le gníomhaíochtaí eile an Aontais; |
(e) |
an tsuim arna haistriú chuig faighteoirí chomh maith le measúnú ar an éifeacht ghiarála a bhaintear amach leis na tionscadail a dtugtar tacaíocht dóibh faoin ráthaíocht bhuiséadach; |
(f) |
faisnéis arna comhiomlánú ar an mbonn céanna amhail dá dtagraítear i bpointe (d) maidir le glaonna ar an ráthaíocht bhuiséadach, caillteanais, torthaí, méideanna arna n-aisghabháil agus aon íocaíochtaí eile a fhaightear; |
(g) |
faisnéis ar an mbainistíocht airgeadais, ar fheidhmíocht an chiste don soláthar coiteann agus ar an riosca a bhaineann leis ag deireadh na bliana féilire roimhe sin; |
(h) |
ráta soláthair éifeachtach an chiste don soláthar coiteann agus, i gcás inarb iomchuí, na hoibríochtaí iartheachtacha i gcomhréir le hAirteagal 213(4); |
(i) |
na sreafaí airgeadais sa chiste don soláthar coiteann i rith na bliana féilire roimhe sin chomh maith leis na hidirbhearta suntasacha agus aon fhaisnéis ábhartha maidir le neamhchosaint airgeadais ar riosca an Aontais; |
(j) |
de bhun Airteagal 210(3), measúnú ar inbhuanaitheacht na ndliteanas a d’fhéadfadh a bheith ann a bhíonn le híoc ón mbuiséad a thagann as ráthaíochtaí buiséadacha nó tacaíocht airgeadais. |
6. I gcás ina n-úsáideann an Coimisiún cistí iontaobhais de chuid an Aontais le haghaidh gníomhaíochtaí seachtracha, déanfaidh sé doiciméad oibre mionsonraithe a chur i gceangal leis an dréachtbhuiséad ina sonrófar na gníomhaíochtaí lena dtacaítear leis na cistí iontaobhais sin, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
(a) |
a gcur chun feidhme, ina mbeidh, inter alia, faisnéis maidir leis na socruithe faireacháin leis na heintitis a chuireann na cistí iontaobhais chun feidhme; |
(b) |
a gcostais bhainistíochta; |
(c) |
na ranníocaíochtaí ó fhoinsí eile seachas ó bhuiséad an Aontais; |
(d) |
réamh-mheasúnú ar a bhfeidhmíocht bunaithe ar choinníollacha a leagtar amach in Airteagal 234(3); |
(e) |
tuairisc ar an tslí ar rannchuidigh a ngníomhaíochtaí leis na cuspóirí a leagtar síos i mbunghníomh na hionstraime as ar soláthraíodh ranníocaíocht an Aontais a fuair na cistí iontaobhais. |
7. Cuirfidh an Coimisiún i gceangal leis an dréachtbhuiséad liosta dá chuid cinntí lena bhforchuirtear fíneálacha i réimse dhlí na hiomaíochta agus méid gach fíneála a forchuireadh, mar aon le faisnéis maidir le cibé a tháinig na fíneálacha le bheith cinntitheach, nó cibé atá siad faoi réir achomharc os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh nó an bhféadfaidís fós teacht faoi réir achomhairc, chomh maith le faisnéis, i gcás inar féidir, maidir leis an uair a bhfuiltear ag súil go dtiocfaidh gach fíneáil le bheith cinntitheach.
8. Cuirfidh an Coimisiún i gceangal leis an dréachtbhuiséad doiciméad oibre ina dtabharfar an méid seo a leanas le fios le haghaidh gach líne buiséid a fhaigheann ioncam sannta inmheánach nó ioncam sannta seachtrach:
(a) |
méid measta an ioncaim sin a bheidh le fáil; |
(b) |
méid measta an ioncaim sin a thabharfar anonn ó bhlianta roimhe sin. |
9. Déanfaidh an Coimisiún aon doiciméad oibre breise a mheasann sé a thacaíonn le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle measúnú a dhéanamh ar na hiarratais bhuiséid.
10. I gcomhréir le hAirteagal 8(5) de Chinneadh 2010/427/AE ón gComhairle (38), tarchuirfidh an Coimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, mar aon leis an dréachtbhuiséad, doiciméad oibre ina leagfar amach ar bhealach cuimsitheach:
(a) |
gach caiteachas riaracháin agus oibríochtúil a bhaineann le gníomhaíochtaí seachtracha an Aontais, lena n-áirítear CBES agus cúraimí an chomhbheartais slándála agus cosanta, agus a mhaoinítear as an mbuiséad; |
(b) |
caiteachas riaracháin foriomlán SEGS don bhliain roimhe sin, arna mhiondealú go dtí caiteachas de réir toscaireacht de chuid an Aontais agus caiteachas ar riarachán lárnach SEGS, mar aon le caiteachas oibríochtúil de réir limistéir gheografaigh (réigiúin, tíortha), de réir réimsí téamacha, de réir thoscaireachtaí agus mhisin an Aontais. |
11. Déanfaidh an doiciméad oibre freisin dá dtagraítear i mír 10 an méid seo a leanas:
(a) |
an líon post a léiriú do gach grád i ngach catagóir mar aon leis an líon post buan agus an líon post sealadach, lena n-áirítear an fhoireann ar conradh agus an fhoireann áitiúil atá údaraithe, laistigh de theorainneacha leithreasuithe an bhuiséid, i ngach ceann de thoscaireachtaí an Aontais agus i riarachán lárnach SEGS; |
(b) |
aon mhéadú nó laghdú, le hais na bliana airgeadais roimhe sin, a léiriú ar an líon post i riarachán lárnach SEGS agus sna toscaireachtaí uile de chuid an Aontais, de réir gráid agus catagóire; |
(c) |
an líon post a léiriú arna údarú don bhliain airgeadais agus don bhliain airgeadais roimhe sin, chomh maith leis an líon post arna líonadh ag taidhleoirí ar iasacht ó Bhallstáit, agus ag oifigigh de chuid an Aontais; |
(d) |
cur síos mion a dhéanamh ar na pearsanra go léir a bheidh i dtoscaireachtaí de chuid an Aontais tráth thíolacadh an dréachtbhuiséid, lena n-áirítear miondealú de réir limistéar geografach, inscne, agus tír agus misean ar leith, idirdhealú idir poist atá ann de réir an phlean bunaíochta, gníomhairí ar conradh, gníomhairí áitiúla agus saineolaithe náisiúnta ar iasacht, agus ar leithreasuithe a iarradh sa dréachtbhuiséad do chineálacha pearsanra maille leis na meastacháin chomhfhreagracha den líon de choibhéisí foirne lánaimseartha ar bhonn na leithreasuithe a iarradh. |
Airteagal 42
An litir leasaitheach a ghabhann leis an dréachtbhuiséad
Ar bhonn aon fhaisnéise nua nach raibh ar fáil nuair a bunaíodh an dréachtbhuiséad, féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó ar iarratas ó cheann d’institiúidí eile an Aontais, gach ceann acu i leith a ranna féin, litir amháin nó níos mó ina mbeidh leasuithe ar an dréachtbhuiséad a thíolacadh go comhuaineach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle sula dtionólfar an Coiste Idir-Réitigh dá dtagraítear in Airteagal 314 CFAE. Féadfar a bheith ar áireamh sna litreacha sin, go háirithe, litir leasaitheach lena ndéanfar na meastacháin ar chaiteachais talmhaíochta a thabhairt cothrom le dáta.
Airteagal 43
Oibleagáidí na mBallstát mar thoradh ar an mbuiséad a ghlacadh
1. Dearbhóidh Uachtarán Pharlaimint na hEorpa go bhfuil an buiséad glactha go críochnaitheach i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 314(9) CFAE agus in Airteagal 106a de Chonradh Euratom.
2. A luaithe a dhearbhófar gur glacadh an buiséad go críochnaitheach, beidh sé de cheangal ar gach Ballstát ón 1 Eanáir den bhliain airgeadais ina dhiaidh sin nó ón dáta a ndearbhófar gur glacadh an buiséad go críochnaitheach, má tharlaíonn sé sin tar éis an 1 Eanáir, na híocaíochtaí atá dlite don Aontas a íoc, mar a shonraítear i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014.
Airteagal 44
Dréachtbhuiséid leasaitheacha
1. Féadfaidh an Coimisiún dréachtbhuiséid leasaitheacha a thíolacadh a bhaineann le hioncam go príomha de bharr na gcúiseanna seo a leanas:
(a) |
comhardú na bliana airgeadais roimhe a iontráil sa bhuiséad, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 18; |
(b) |
an réamhaisnéis maidir le hacmhainní dílse a athmheas bunaithe ar na réamhaisnéisí eacnamaíocha nuashonraithe; |
(c) |
an réamhaisnéis athmheasta ar acmhainní dílse agus ar ioncam eile a nuashonrú, mar aon le hathbhreithniú a dhéanamh ar infhaighteacht agus ar an ngá le leithreasuithe i gcomhair íocaíochta. |
Más rud é go bhfuil imthosca dosheachanta, eisceachtúla agus neamhthuartha ann, go háirithe ag féachaint do shlógadh Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh, féadfaidh an Coimisiún dréachtbhuiséid leasaitheacha a thíolacadh atá dírithe ar chaiteachas go príomha.
2. Is chuig an gCoimisiún a chuirfear iarrataí ar bhuiséid leasaitheacha ó institiúidí de chuid an Aontais seachas an Coimisiún sna cúinsí céanna amhail dá dtagraítear i mír 1.
Sula dtíolacfaidh siad dréachtbhuiséad leasaitheach, déanfaidh an Coimisiún agus institiúidí eile de chuid an Aontais lena mbaineann an raon feidhme maidir le hath-leithroinnt na leithreasuithe ábhartha a scrúdú, agus iad ag tagairt go háirithe do chur chun feidhme leithreasuithe atá faoi bhun na céime cur chun feidhme a rabhthas ag súil léi.
Beidh feidhm ag Airteagal 43 maidir le buiséid leasaitheacha. Tabharfar bunús do bhuiséid leasaitheacha le tagairt don bhuiséad a bhfuil leasú á dhéanamh acu ar a mheastacháin.
3. Tíolacfaidh an Coimisiún, seachas i gcúinsí eisceachtúla a bhfuil údar maith leo nó i gcás shlógadh Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh ar féidir dréachtbhuiséad leasaitheach a thíolacadh ina leith ag aon tráth den bhliain, a dhréachtbhuiséid leasaitheacha go comhuaineach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle faoin 1 Meán Fómhair gach bliain airgeadais. Féadfaidh sé tuairim a chur i gceangal leis na hiarrataí ar bhuiséid leasaitheacha ó institiúidí eile de chuid an Aontais.
4. Beidh ráiteas maidir leis na cúiseanna atá leo ag gabháil le dréachtbhuiséid leasaitheacha mar aon le faisnéis ar chur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais reatha agus don bhliain airgeadais roimhe sin a bheidh ar fáil tráth a mbunaithe.
Airteagal 45
Meastacháin agus dréachtbhuiséid a tharchur go luath
Féadfaidh an Coimisiún, Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle teacht ar aontú le dátaí áirithe a thabhairt ar aghaidh maidir leis na meastacháin a tharchur, agus maidir leis an dréachtbhuiséad a ghlacadh agus a tharchur. Ní bheidh sé mar thoradh ar an socrú sin, áfach, go ngiorrófar ná go gcuirfear síneadh leis na tréimhsí dá bhforáiltear chun gur féidir na téacsanna sin a bhreithniú faoi Airteagal 314 CFAE agus faoi Airteagal 160a de Chonradh Euratom.
CAIBIDIL 2
Struchtúr agus tíolacadh an bhuiséid
Airteagal 46
Struchtúr an bhuiséid
Is éard a bheidh sa bhuiséad:
(a) |
ráiteas ginearálta ar ioncam agus ar chaiteachas; |
(b) |
ranna ar leithligh do gach institiúid de chuid an Aontais, cé is moite den Chomhairle Eorpach agus den Chomhairle a roinnfidh an roinn chéanna, foroinnte ina ráitis ar ioncam agus ar chaiteachas. |
Airteagal 47
Ainmníocht bhuiséadach
1. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle aicmiú ar ioncam an Choimisiúin, agus ar ioncam agus ar chaiteachas institiúidí eile an Aontais, de réir a gcineáil nó de réir na húsáide a shanntar dóibh faoi theidil, faoi chaibidlí, faoi airteagail agus faoi mhíreanna.
2. Leagfar amach ráiteas caiteachais don roinn den bhuiséad a bhaineann leis an gCoimisiúin ar bhonn ainmníocht arna glacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle agus aicmeofar de réir chuspóir an chaiteachais é.
Comhfhreagróidh gach teideal do réimse beartais agus freagróidh gach caibidil, de ghnáth, do ghníomhaíocht.
Féadfar leithreasuithe oibríochtúla agus leithreasuithe riaracháin a bheith ar áireamh i ngach teideal. Laistigh den teideal céanna, déanfar na leithreasuithe riaracháin a ghrúpáil in aon chaibidil amháin.
Beidh an ainmníocht bhuiséadach i gcomhréir le prionsabail na sonraíochta, na bainistíochta fónta airgeadais agus na trédhearcachta. Leis sin cuirfear an tsoiléireacht agus an trédhearcacht ar fáil is gá le haghaidh an phróisis bhuiséadaigh, chun na príomhchuspóirí a shainaithint mar a léirítear sa bhunús ábhartha dlí iad, chun gur féidir rogha a bheith ann maidir le tosaíochtaí polaitiúla agus chun gur féidir cur chun feidhme éifeachtúil éifeachtach a dhéanamh.
3. Féadfaidh an Coimisiún a iarradh go gcuirfí iontráil chomharthach pro memoria le hiontráil gan leithreasuithe arna n-údarú. Déanfar iarraidh den sórt sin a fhormheas i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 31.
4. Nuair a thíolacfar iad de réir feidhme, déanfar leithreasuithe riaracháin i gcomhair teidil indibhidiúla a aicmiú mar seo a leanas:
(a) |
caiteachas ar fhoireann údaraithe sa phlean bunaíochta, a n-áireofar ann méid leithreasuithe agus líon post ón bplean bunaíochta a bheidh comhfhreagrach leis an gcaiteachas sin; |
(b) |
caiteachas ar phearsanra seachtrach agus caiteachas eile dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 30(1) agus atá maoinithe faoin gceannteideal “riarachán” den chreat airgeadais ilbhliantúil; |
(c) |
caiteachas ar fhoirgnimh agus caiteachas gaolmhar eile, lena n-áirítear glanadh agus cothabháil, cíos agus fruiliú, teileachumarsáid, uisce, gás agus leictreachas; |
(d) |
caiteachas ar phearsanra seachtrach agus cúnamh teicniúil atá nasctha go díreach le cur chun feidhme na gclár. |
Déanfar aon chaiteachas riaracháin de chuid an Choimisiúin maidir le cineál is gnách do roinnt teideal a leagan amach i ráiteas achomair ar leith agus a aicmiú de réir cineáil.
Airteagal 48
Ioncam diúltach
1. Ní bheidh ioncam diúltach sa bhuiséad, ach i gcás ina dtagann sé as iomlán na n-aisíocaíochtaí diúltacha taiscí.
2. Glanmhéideanna a bheidh sna hacmhainní dílse a íocfar faoi Chinneadh 2014/335/AE, Euratom agus taispeánfar amhlaidh iad sa ráiteas achomair ar ioncam sa bhuiséad.
Airteagal 49
Forálacha
1. Féadfar an teideal “forálacha” a bheith i ngach roinn den bhuiséad. Déanfar leithreasuithe a iontráil sa teideal sin in aon cheann de na cásanna seo a leanas:
(a) |
nach ann d’aon bhunghníomh don ghníomhaíocht lena mbaineann agus an buiséad á bhunú; |
(b) |
ina mbeidh forais láidre amhrais ann faoi leordhóthanacht na leithreasuithe nó faoin bhféidearthacht go gcuirfear chun feidhme, faoi choinníollacha i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, na leithreasuithe arna n-iontráil ar na línte buiséid i dtrácht. |
Ní fhéadfar na leithreasuithe sa teideal sin a úsáid go dtí go mbeidh siad aistrithe i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i bpointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 30(1) den Rialachán seo, i gcás ina mbeidh glacadh an bhunghnímh faoi réir an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 294 CFAE, agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 31 den Rialachán seo i ngach cás eile.
2. I gcás ina mbeidh deacrachtaí tromchúiseacha cur chun feidhme ann, féadfaidh an Coimisiún, i rith bliana airgeadais, a mholadh go n-aistreofaí leithreasuithe chuig an teideal “forálacha”. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle cinneadh maidir leis na haistrithe sin, mar a fhoráiltear le hAirteagal 31.
Airteagal 50
Cúlchiste diúltach
Féadfaidh “cúlchiste diúltach” a mbeidh EUR 200 000 000 ar a mhéad ann a bheith i roinn an bhuiséid a bhaineann leis an gCoimisiún. Leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí a bheidh sa chúlchiste a leithéid amháin, ar cúlchiste é a iontrálfar i dteideal ar leith é.
Ní mór an cúlchiste diúltach sin a úsáid roimh dheireadh na bliana airgeadais trí bhíthin aistrithe i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 30 agus in Airteagal 31.
Airteagal 51
Cúlchiste le haghaidh Cúnamh Éigeandála
1. Áireofar cúlchiste le haghaidh cúnaimh éigeandála do thríú tíortha i roinn an bhuiséid a bhaineann leis an gCoimisiún.
2. Úsáidfear an cúlchiste dá dtagraítear i mír 1 roimh dheireadh na bliana airgeadais trí bhíthin aistriú i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 30 agus in Airteagal 32.
Airteagal 52
Tíolacadh an bhuiséid
1. Léireofar an méid seo a leanas sa bhuiséad
(a) |
sa ráiteas ginearálta ar ioncam agus ar chaiteachas:
|
(b) |
i ngach roinn, an t-ioncam agus an caiteachas de réir an struchtúir chéanna a leagtar amach i bpointe (a); |
(c) |
maidir le cúrsaí foirne:
|
(d) |
maidir le cúnamh airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha:
|
(e) |
maidir le hionstraimí airgeadais a bhunófar gan bhunghníomh:
|
(f) |
maidir leis an gcistiú arna gcur chun feidhme ag daoine nó eintitis de bhun phointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 62(1):
|
(g) |
iomlán an chaiteachais ar CBES a iontráladh i gcaibidil, dar teideal “CBES”, le hairteagail sonracha ag gabháil léi, lena gcumhdófar caiteachas ar CBES agus ina mbeidh línte sonracha buiséid ina sainaithneofar na mórmhisin aonair ar a laghad. |
2. De bhreis ar na doiciméid dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle aon doiciméid ábhartha eile a chur i gceangal leis an mbuiséad.
Airteagal 53
Rialacha maidir le pleananna bunaíochta don fhoireann
1. Beidh na pleananna bunaíochta dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 52(1) ina dteorainn dhosháraithe ag gach institiúid nó comhlacht de chuid an Aontais. Ní fhéadfar aon cheapachán a dhéanamh a sháróidh an teorainn arna socrú.
Mar sin féin, féadfaidh gach institiúid nó comhlacht de chuid an Aontais a bpleananna bunaíochta a mhodhnú suas le 10 % ó thaobh líon na bpost arna n-údarú, seachas i gcás ghrád AD 14, ghrád AD 15 agus ghrád AD 16, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
(a) |
nach bhfuil difear déanta do líon na leithreasuithe foirne a chomhfhreagraíonn do bhliain airgeadais iomlán; |
(b) |
nach bhfuil an teorainn ar líon iomlán na bpost arna n-údarú le gach plean bunaíochta sáruithe; |
(c) |
go bhfuil an institiúid nó an comhlacht de chuid an Aontais tar éis páirt a ghlacadh i gcleachtadh tagarmharcála le hinstitiúidí eile agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais de réir mar a rinne cleachtadh scagtha fhoireann an Choimisiúin é a thionscnamh. |
Trí seachtaine roimh na modhnuithe a dhéanamh, dá dtagraítear sa dara fomhír, cuirfidh an institiúid de chuid an Aontais in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle gurb é sin atá beartaithe aici. I gcás ina ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóidí a mbeidh údar cuí tugtha leo a lua laistigh den tréimhse sin, staonfaidh an institiúid de chuid an Aontais ó na modhnuithe a dhéanamh agus beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 44.
2. De mhaolú ar an gcéad fhomhír de mhír 1, féadfar éifeachtaí na hoibre páirtaimseartha, arna húdarú ag an údarás ceapacháin i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne, a chúiteamh trí cheapacháin eile.
CAIBIDIL 3
Smacht buiséadach
Airteagal 54
An creat airgeadais ilbhliantúil agus Cinneadh 2014/335/AE, Euratom a chomhlíonadh
Comhlíonfaidh an buiséad an creat airgeadais ilbhliantúil agus Cinneadh 2014/335/AE, Euratom.
Airteagal 55
Gníomhartha an Aontais a bheith i gcomhréir leis an mbuiséad
I gcás ina sáraítear na leithreasuithe atá ar fáil sa bhuiséad trí ghníomh de chuid an Aontais a chur chun feidhme, ní chuirfear an gníomh sin chun feidhme i dtéarmaí airgeadais go dtí go mbeidh an buiséad leasaithe dá réir.
TEIDEAL IV
AN BUISÉAD A CHUR CHUN FEIDHME
CAIBIDIL 1
Forálacha ginearálta
Airteagal 56
An buiséad a chur chun feidhme de réir phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais
1. Déanfaidh an Coimisiún ioncam agus caiteachas an bhuiséid a chur chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán seo, faoina fhreagracht féin agus laistigh de theorainneacha na leithreasuithe arna n-údarú.
2. Comhoibreoidh na Ballstáit leis an gCoimisiún chun go n-úsáidfear na leithreasuithe i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais.
Airteagal 57
Faisnéis faoi aistrithe sonraí pearsanta chun críocha iniúchóireachta
I ndáil le haon ghlao a dhéantar maidir le deontais, soláthar nó duaiseanna a chur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach, cuirfear tairbhithe féideartha, iarrthóirí, tairgeoirí agus rannpháirtithe ar an eolas, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 go bhféadfar a sonraí pearsanta a chur chuig na seirbhísí iniúchóireachta inmheánacha, chuig an gCúirt Iniúchóirí, nó chuig an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus ó oifigeach údarúcháin de chuid an Choimisiúin go chéile, agus chuig na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin dá dtagraítear in Airteagal 69 den Rialachán seo agus do na comhlachtaí de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 den Rialachán seo.
Airteagal 58
An bunghníomh agus eisceachtaí
1. Ní úsáidfear leithreasuithe arna n-iontráil sa bhuiséad d’aon ghníomhaíocht de chuid an Aontais ach amháin má glacadh bunghníomh.
2. De mhaolú ar mhír 1 agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i mír 3, i mír 4 agus i mír 5, féadfar na leithreasuithe seo a leanas a chur chun feidhme d’uireasa bunghnímh ar choinníoll go dtiocfaidh na gníomhaíochtaí atá siad ceaptha a mhaoiniú faoi réim inniúlachtaí an Aontais:
(a) |
na leithreasuithe a bhaineann le treoirthionscadail de chineál turgnamhach agus atá ceaptha tástáil a dhéanamh ar a indéanta agus ar a úsáidí atá an ghníomhaíocht; |
(b) |
leithreasuithe le haghaidh gníomhaíochtaí ullmhúcháin i réimse chur i bhfeidhm CFAE agus Chonradh Euratom, arb é is aidhm leo tograí a ullmhú d’fhonn bearta a ghlacadh sa todhchaí; |
(c) |
leithreasuithe a bhaineann le bearta ullmhúcháin i réimse Theideal V de CAE; |
(d) |
leithreasuithe a bhaineann le gníomhaíochtaí aonuaire, nó le gníomhaíochtaí a mhaireann go ceann tréimhse éiginnte, arna gcur i gcrích ag an gCoimisiún de bhua cúraimí a eascraíonn as a shainchumais ar an leibhéal institiúideach de bhun CFAE agus de bhun Chonradh Euratom, amach óna cheart maidir le tionscnamh reachtach tograí a thíolacadh dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo, agus faoi chumhachtaí sonracha a thugtar dó le hAirteagail 154, 156, 159 agus 160 CFAE, Airteagail 168(2), 171(2) agus 173(2) CFAE, an dara fomhír d’Airteagal 175 CFAE, Airteagal 181(2) CFAE, Airteagal 190 CFAE, Airteagail 210(2) agus 214(6) CFAE agus Airteagail 70 agus 77 go 85 de Chonradh Euratom; |
(e) |
leithreasuithe a bhaineann le hoibriú gach institiúide de chuid an Aontais atá faoina neamhspleáchas riarthach. |
3. Maidir leis na leithreasuithe dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2, ní fhéadfar na leithreasuithe ábhartha faoi chomhair gealltanas a iontráil sa bhuiséad ach le haghaidh dhá bhliain airgeadais as a chéile ar a mhéad. Ní bheidh méid iomlán na leithreasuithe do na treoirthionscadail níos mó ná EUR 40 000 000 in aon bhliain airgeadais.
4. Maidir leis na leithreasuithe dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2, leanfaidh na gníomhaíochtaí ullmhúcháin cur chuige comhleanúnach agus d’fhéadfadh foirmeacha éagsúla a bheith orthu. Ní fhéadfar na leithreasuithe ábhartha faoi chomhair gealltanas a iontráil sa bhuiséad ach ar feadh 3 bliana airgeadais as a chéile ar a mhéad. Ní mór an nós imeachta lena ndéantar an bunghníomh ábhartha a ghlacadh a thabhairt i gcrích roimh dheireadh an tríú bliain airgeadais. Le linn an nós imeachta sin, beidh gealladh na leithreasuithe ag freagairt do shaintréithe na gníomhaíochta ullmhúcháin maidir leis na gníomhaíochtaí arna mbeartú, na haidhmeanna arna saothrú agus na faighteoirí. Dá thoradh sin, ní chomhfhreagróidh méid na leithreasuithe atá geallta le méid na leithreasuithe arna mbeartú chun an ghníomhaíocht chinntitheach féin a mhaoiniú.
Ní fhéadfaidh méid iomlán na leithreasuithe i gcomhair gníomhaíochtaí nua ullmhúcháin dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2 a bheith níos mó ná EUR 50 000 000 in aon bhliain airgeadais, agus ní fhéadfaidh méid iomlán na leithreasuithe atá geallta go hiarbhír i gcomhair gníomhaíochtaí ullmhúcháin a bheith níos mó ná EUR 100 000 000.
5. Maidir leis na leithreasuithe dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 2, ní bheidh sna bearta ullmhúcháin ach tréimhse ghairid agus ceapfar iad chun na coinníollacha a shuí faoina ndéanfar gníomhaíocht de chuid an Aontais d’fhonn cuspóirí a bhaineann le CBES a bhaint amach agus d’fhonn na hionstraimí dlíthiúla is gá a ghlacadh.
Chun críocha oibríochtaí an Aontais um bainistiú géarchéime, ceapfar bearta ullmhúcháin, inter alia, chun na ceanglais oibríochtúla a mheas, foráil a dhéanamh do mhear-imscaradh tosaigh acmhainní, nó chun dálaí ar an talamh a shuí chun an oibríocht a sheoladh.Comhaontóidh an Chomhairle bearta ullmhúcháin, ar thogra ón Ardionadaí.
D’fhonn a áirithiú go gcuirfear bearta ullmhúcháin chun feidhme go tapa, déanfaidh an tArdionadaí Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún a chur ar an eolas a luaithe is féidir maidir le rún na Comhairle beart ullmhúcháin a lainseáil agus go háirithe maidir leis na hacmhainní a mheastar a bheidh riachtanach chun na críche sin. Déanfaidh an Coimisiún na bearta uile is gá chun eisíocaíocht sciobtha na gcistí a áirithiú.
Leis na beartais airgeadais a chomhaontóidh an Chomhairle maidir le hoibríochtaí bainistithe géarchéime a ullmhú faoi Theideal V CAE, cumhdófar na costais incriminteacha a eascróidh go díreach as imlonnú allamuigh sonrach nó as meitheal ina bhfuil inter alia pearsanra ó institiúidí an Aontais, lena n-áirítear na costais a bhaineann le hárachas ardriosca, taisteal agus cóiríocht agus íocaíochtaí per diem.
Airteagal 59
An buiséad arna chur chun feidhme ag institiúidí de chuid an Aontais seachas an Coimisiún
1. Tabharfaidh an Coimisiún d’institiúidí eile an Aontais na cumhachtaí is gá chun na ranna den bhuiséad a bhaineann leo a chur chun feidhme.
2. D’fhonn cur chun feidhme a leithreasuithe a éascú, féadfaidh institiúidí an Aontais comhaontuithe leibhéil seirbhíse a thabhairt i gcrích le chéile chun na coinníollacha a leagan síos lena rialófar soláthar seirbhísí, soláthar táirgí, cur i gcrích oibreacha nó conarthaí tógála.
Leis na comhaontuithe sin féadfar leithreasuithe a aistriú agus costais a aisghabháil, ar leithreasuithe agus costais iad a thagann as cur chun feidhme na gcomhaontuithe.
3. Féadfar na comhaontuithe leibhéil seirbhíse dá dtagraítear i mír 2a chomhaontú idir ranna na n-institiúidí Eorpacha, comhlachtaí an Aontais, comhlachtaí nó daoine a bhfuil de chúram orthu gníomhaíochta sonracha a chur chun feidhme i CBES de bhun Theideal V de CAE mar aon le hOifig Rúnaí Bhord Gobharnóirí na Scoileanna Eorpacha. Tuairisceoidh an Coimisiún agus institiúidí eile de chuid an Aontais go tráthrialta do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis na comhaontuithe ar leibhéal na seirbhíse arna dtabhairt i gcrích acu le hinstitiúidí eile de chuid an Aontais.
Airteagal 60
Cumhachtaí cur chun feidhme an bhuiséid a tharmligean
1. Féadfaidh an Coimisiún agus gach ceann eile d’institiúidí an Aontais, laistigh dá ranna féin, a gcumhachtaí maidir le cur chun feidhme an bhuiséid a tharmligean i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos leis an Rialachán seo agus lena rialacha inmheánacha agus laistigh de na teorainneacha a leagtar siad síos in ionstraim an tarmligin. Na daoine sin a chumhachtófar amhlaidh, gníomhóidh siad laistigh de theorainneacha na gcumhachtaí a thugtar dóibh go sainráite.
2. De bhreis ar mhír 1, féadfaidh an Coimisiún a chumhachtaí cur chun feidhme buiséid i ndáil le leithreasuithe oibríochtúla de chuid a roinne féin den bhuiséad a tharmligean chuig Cinn thoscaireachtaí an Aontais agus d’fhonn go n-áiritheofar leanúnachas gnó le linn dóibh a bheith as láthair, chuig leas-Chinn thoscaireachtaí an Aontais. Beidh an tarmligean sin gan dochar do fhreagracht chinn toscaireachtaí an Aontais maidir le cur chun feidhme an bhuiséid. I gcás nach mbeidh Ceann thoscaireacht de chuid an Aontais i láthair ar feadh tréimhse níos faide ná 4 seachtaine, athbhreithneoidh an Coimisiún a chinneadh chun cumhachtaí cur chun feidhme an bhuiséid a tharmligean. Nuair a ghníomhaíonn cinn thoscaireachtaí an Aontais, agus ina n-éagmais sin a n-ionadaithe, mar oifigigh údarúcháin faoi tharmligean de chuid an Choimisiúin, cuirfidh siad rialacha an Choimisiúin maidir le chur chun feidhme an bhuiséid i bhfeidhm agus beidh siad faoi réir na ndualgas, na n-oibleagáidí agus na cuntasachta céanna le haon oifigeach údarúcháin fo-tharmligthe eile de chuid an Choimisiúin.
Féadfaidh an Coimisiún tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a tharraingt siar i gcomhréir lena rialacha féin.
Chun críocha na chéad fhomhíre, déanfaidh an tArdionadaí na bearta is gá chun comhoibriú idir toscaireachtaí an Aontais agus ranna de chuid an Choimisiúin a éascú.
3. A chumhachtaí cur chun feidhme buiséid i ndáil le leithreasuithe oibríochtúla de chuid a roinne féin den bhuiséad, féadfaidh SEGS na cumhachtaí sin a tharmligean go heisceachtúil chuig baill foirne an Choimisiún i dtoscaireachtaí an Aontais, i gcás inar gá sin chun leanúnachas i riar na dtoscaireachtaí sin a áirithiú mura mbíonn oifigeach údarúcháin inniúil SEGS i láthair sa tír ina bhfuil toscaireacht an oifigigh sin lonnaithe. I gcásanna eisceachtúla ina ngníomhaíonn comhaltaí foirne de chuid an Choimisiúin i dtoscaireachtaí an Aontais mar oifigigh údarúcháin faoi fho-tharmligean de chuid SEGS, cuirfidh siad rialacha inmheánacha SEGS maidir le cur chun feidhme an bhuiséid i bhfeidhm agus beidh siad faoi réir na ndualgas, na n-oibleagáidí agus na cuntasachta céanna le haon oifigeach údarúcháin faoi fho-tharmligean eile de chuid SEGS.
Féadfaidh SEGS tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a tharraingt siar i gcomhréir lena rialacha féin.
Airteagal 61
Coinbhleachtaí leasa
1. Gníomhaithe airgeadais de réir bhrí Chaibidil 4 den Teideal seo agus daoine eile, lena n-áirítear údaráis náisiúnta ar aon leibhéal, a bhfuil baint acu le cur chun feidhme an bhuiséid faoi bhainistíocht dhíreach, indíreach nó roinnte, lena n-áirítear gníomhartha ullmhúcháin chuige sin, iniúchóireacht nó rialú an bhuiséid, cuirfear toirmeasc orthu aon ghníomhaíocht a dhéanamh a chothódh coinbhleacht idir a leasa féin agus leasa an Aontais. Déanfaidh siad bearta iomchuí chomh maith chun coinbhleacht leasa a thoirmeasc sna feidhmeanna a bhfuil siad freagrach astu agus chun aghaidh a thabhairt ar chásanna as a bhféadfaí coinbhleacht leasa a thuiscint.
2. I gcás ina mbeidh riosca coinbhleachta leasa ann a bhaineann le comhalta foirne údaráis náisiúnta, cuirfidh an duine lena mbaineann an cúrsa faoi bhráid a oifigigh uachtaraigh. I gcás gurb ann do riosca den sórt sin do chomhalta foirne a chumhdaítear faoi na Rialacháin Foirne, cuirfidh an duine lena mbaineann an t-ábhar faoi bhráid an oifigigh údarúcháin trí tharmligean ábhartha. Dearbhóidh an t-oifigeach uachtarach ábhartha nó an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean ábhartha, i scríbhinn, an bhfuil coinbhleacht leasa ann. Sa chás go bhfuil coinbhleacht leasa ann, áiritheoidh an t-údarás ceapacháin nó an t-údarás náisiúnta ábhartha go n-éireoidh an duine lena mbaineann as aon ghníomhaíocht a bhaineann leis an gcúrsa sin. Áiritheoidh an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean ábhartha nó an t-údarás náisiúnta ábhartha go ndéanfar aon ghníomhaíocht chuí sa bhreis i gcomhréir leis an dlí is infheidhme.
3. Chun críocha mhír 1, beidh coinbhleacht leasa ann i gcás ina gcuirfear as d’fheidhmiú oibiachtúil neamhchlaonta fheidhmeanna an ghníomhaí airgeadais nó duine eile, amhail dá dtagraítear i mír 1, ar chúiseanna a bhaineann le cúrsaí teaghlaigh, le cúrsaí mothúcháin, le coibhneas polaitiúil nó náisiúnta, le leas eacnamaíoch nó le haon leas pearsanta eile, díreach nó indíreach.
CAIBIDIL 2
Modhanna cur chun feidhme
Airteagal 62
Modhanna cur chun feidhme an bhuiséid
1. Cuirfidh an Coimisiún an buiséad chun feidhme ar aon cheann de na bealaí a leanas:
(a) |
go díreach (“bainistíocht dhíreach”), mar a leagtar amach in Airteagal 125 go hAirteagal 153, a dhéanfaidh a ranna, lena n-áirítear a fhoireann i dtoscaireachtaí an Aontais faoi údarás a gCinn toscaireachta féin, i gcomhréir le hAirteagal 60(2), nó trí ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin amhail dá dtagraítear in Airteagal 69; |
(b) |
faoi bhainistíocht roinnte leis na Ballstáit (“bainistíocht roinnte”) mar a leagtar amach in Airteagal 63 agus Airteagail 125 go 129; |
(c) |
go neamhdhíreach (“bainistíocht neamhdhíreach”) mar a leagtar amach in Airteagail 125 go 149 agus Airteagail 154 go 159, i gcás ina bhforáiltear dó sa bhunghníomh nó sna cásanna dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) d’Airteagal 58(2), trí chúraimí cur chun feidhme an bhuiséid a chur ar iontaoibh siúd a leanas:
|
Maidir le pointe (c)(vi) den chéad fhomhír, féadfar méid na ráthaíochtaí airgeadais a cheanglaítear a leagan amach sa bhunghníomh ábhartha agus féadfar iad a theorannú d’uasmhéid na ranníocaíochta ón Aontas leis an gcomhlacht lena mbaineann. I gcás go mbíonn níos mó ná ráthóir amháin ann, sonrófar méid iomlán an dliteanais lena gcumhdófar na ráthaíochtaí sa chomhaontú ranníocaíochta, lena bhféadfaidh foráil go mbeidh dliteanas gach ráthóra i gcomhréir le cion a ranníocaíochta féin leis an gcomhlacht.
2. Chun críocha na bainistíochta dírí, féadfaidh an Coimisiún na hionstraimí dá dtagraítear i dTeidil VII, VIII, IX, X agus XII a úsáid.
Chun críocha na bainistíochta roinnte, is é a bheidh sna hionstraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid na hionstraimí sin dá bhforáiltear i rialacha earnáilsonracha.
Chun críocha na bainistíochta neamhdhírí, cuirfidh an Coimisiún Teideal VI i bhfeidhm, agus, i gcás ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséid, Teideal VI agus Teideal X. Cuirfidh na heintitis chur chun feidhme na hionstraimí i bhfeidhm a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a leagtar amach sa chomhaontú ranníocaíochta lena mbaineann.
3. Is é an Coimisiún atá freagrach as cur chun feidhme an bhuiséid i gcomhréir le hAirteagal 317 CFAE agus ní tharmligfidh sé cur chun feidhme an bhuiséid chuig tríú páirtithe, i gcás ina mbeidh lánrogha leathan ó thaobh cinntí polaitiúla a dhéanamh de ag baint leis na cúraimí sin.
Ní dhéanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin conarthaí i gcomhréir le Teideal VII den Rialachán seo, seachfhoinsiú a dhéanamh ar chúraimí a bhaineann le feidhmiú an údaráis phoiblí agus le cumhachtaí lánroghnacha breithiúnais.
Airteagal 63
Bainistíocht roinnte leis na Ballstáit
1. Sa chás go gcuireann an Coimisiún an buiséid chun feidhme faoin mbainistíocht roinnte, déanfar cúraimí cur chun feidhme a tharmligean chuig na Ballstáit. Urramóidh an Coimisiún agus na Ballstáit prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, prionsabal na trédhearcachta agus prionsabal an neamhidirdhealaithe agus áiritheoidh siad feiceálacht gníomhaíocht an Aontais agus cistí an Aontais á mbainistiú acu. Chuige sin, comhlíonfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit a n-oibleagáidí rialaithe agus iniúchóireachta faoi seach, agus glacfaidh siad chucu na freagrachtaí a thiocfaidh as sin agus dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Leagfar síos forálacha comhlántacha i rialacha earnáilsonracha.
2. Le linn dóibh cúraimí maidir le cur chun feidhme an bhuiséid a fheidhmiú, glacfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá, lena n-áirítear bearta reachtacha, rialála agus riaracháin chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, eadhon:
(a) |
trína áirithiú go ndéantar gníomhaíochtaí a mhaoinítear as an mbuiséad a chur chun feidhme i gceart agus go héifeachtach agus i gcomhréir leis na rialacha earnáilsonracha is infheidhme; |
(b) |
trí comhlachtaí ainmniúcháin a bheidh freagrach as bainistiú agus rialú a dhéanamh ar chistí an Aontais a ainmniú i gcomhréir le mír 3 agus as maoirseacht a dhéanamh ar na comhlachtaí sin; |
(c) |
trí neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath agus a cheartú; |
(d) |
trí chomhar a dhéanamh, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na rialacha earnáilsonracha, leis an gCoimisiún, le OLAF, leis an gCúirt Iniúchóirí agus, i gcás na mBallstát sin atá rannpháirteach i gcomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle (39), le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) freisin, tar éis a bunaithe. |
D’fhonn leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, agus prionsabal na coimhdeachta á urramú acu agus i gcomhréir leis an Airteagal seo, agus na rialacha ábhartha earnáilsonracha, déanfaidh na Ballstáit rialuithe ex ante agus ex post lena gcuimsítear, i gcás inarb iomchuí, seiceálacha ar an láthair ar idirbhearta ionadaíocha agus/nó ar shamplaí idirbheart atá riosca-bhunaithe. Déanfaidh siad freisin cistí a íocadh go míchuí a ghnóthú agus imeachtaí dlí a thionscnamh de réir mar is gá i dtaca leis sin.
Déanfaidh na Ballstáit pionóis éifeachtacha athchomhairleacha chomhréireacha a fhorchur ar fhaighteoirí i gcás ina bhforáiltear don mhéid sin i rialacha earnáilsonracha nó i bhforálacha sonracha sa dlí náisiúnta.
Mar chuid dá mheasúnú riosca agus i gcomhréir le rialacha a bhaineann le hearnálacha ar leith, déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chórais bhainistíochta agus rialaithe arna mbunú sna Ballstáit. Déanfaidh an Coimisiún, ina obair iniúchóireachta, prionsabal na comhréireachta a urramú agus cuirfidh sé san áireamh leibhéal an riosca a bheidh á mheasúnú i gcomhréir le rialacha earnáilsonracha.
3. I gcomhréir leis na critéir agus leis na nósanna imeachta a leagtar síos i rialacha earnáilsonracha, déanfaidh na Ballstáit, ar an leibhéal iomchuí, comhlachtaí a ainmniú a bheidh freagrach i ndáil le bainistiú agus rialú chistí an Aontais. Féadfaidh na comhlachtaí a leithéid cúraimí a dhéanamh nach mbaineann le bainistiú chistí an Aontais agus féadfaidh siad roinnt áirithe dá gcúraimí a chur ar iontaoibh comhlachtaí eile.
Agus ainmníocht comhlachtaí á cinneadh, féadfaidh na Ballstáit a gCinneadh a bhunú i dtaobh arb ionann na córais bainistithe agus rialaithe go bunúsach agus na cinn atá i bhfeidhm cheana féin ón tréimhse roimhe agus i dtaobh an raibh siad ag feidhmiú go héifeachtach.
Má léiríonn torthaí iniúchóireachta agus rialaithe nach bhfuil na critéir a leagtar amach i rialacha earnáilsonracha á gcomhlíonadh a thuilleadh ag na comhlachtaí ainmnithe, glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfar na heasnaimh i gcur chun feidhme chúraimí na gcomhlachtaí sin a leigheas, lena n-áirítear tríd an ainmníocht a fhoirceannadh i gcomhréir le rialacha earnáilsonracha.
Déanfaidh rialacha earnáilsonracha ról an Choimisiúin a shainmhíniú sa phróiseas a leagtar amach sa mhír seo.
4. Déanfaidh comhlachtaí ainmnithe de bhun mhír 3:
(a) |
córas rialaithe inmheánaigh atá éifeachtach agus éifeachtúil a bhunú agus feidhmiú an chórais sin a áirithiú; |
(b) |
córas cuntasaíochta a úsáid a sholáthraíonn faisnéis chruinn iomlán iontaofa go tráthúil; |
(c) |
an fhaisnéis a éilítear faoi mhír 5, faoi mhír 6 agus faoi mhír 7 a chur ar fáil; |
(d) |
foilsiú ex post a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 38(2) go (6). |
Maidir le haon phróiseáil sonraí pearsanta, comhlíonfaidh sí Rialachán (AE) 2016/679.
5. Faoin 15 Feabhra an bhliain airgeadais ina dhiaidh sin, soláthróidh na comhlachtaí arna n-ainmniú de bhun mhír 3 na nithe a leanas don Choimisiún:
(a) |
a gcuntais maidir leis an gcaiteachas a tabhaíodh, le linn na tréimhse ábhartha tagartha de réir mar a shainmhínítear i rialacha earnáilsonracha, i bhfeidhmiú a gcúraimí agus a tíolacadh don Choimisiún le haghaidh aisíocaíochta; |
(b) |
achoimre bhliantúil ar na tuarascálacha iniúchóireachta deiridh agus ar na rialuithe a dhéantar, lena n-áirítear anailís ar chineál agus méid na n-earráidí arna sainaithint sna córais, mar aon le gníomhaíochtaí ceartaitheacha a glacadh nó a pleanáladh. |
6. Sna cuntais dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 5 beidh réamh-mhaoiniú agus suimeanna maidir lena bhfuil nósanna imeachta aisghabhála curtha ar bun nó tugtha chun críche. Beidh dearbhú bainistíochta ag gabháil leis a dheimhníonn an méid seo a leanas i dtuairim iad siúd atá i bhfeighil ar chistí a bhainistiú:
(a) |
go dtíolactar an fhaisnéis i gceart agus gur faisnéis iomlán chruinn atá inti; |
(b) |
gur úsáideadh an caiteachas chun na gcríoch a ceapadh dó, mar a shainmhínítear i rialacha earnáilsonracha iad; |
(c) |
go dtugann na córais rialaithe a cuireadh ar bun na ráthaíochtaí is gá maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht na mbun-idirbheart. |
7. Beidh tuairim ó chomhlacht neamhspleách iniúchóireachta arna tarraingt suas i gcomhréir leis na caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta ag gabháil leis na cuntais dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 5 agus leis an achoimre dá dtagraítear i sa mhír sin. Suífidh an tuairim, an dtugann na cuntais seasamh fíor agus cothrom, an bhfuil caiteachas a ndearnadh aisíocaíocht a iarraidh ina leith ón gCoimisiún dlíthiúil agus rialta agus an bhfeidhmíonn na córais rialaithe atá i bhfeidhm i gceart. Ina theannta sin, luafaidh an tuairim an gcuireann an obair iniúchóireachta in amhras na dearbhuithe a dhéantar sa dearbhú bainistíochta dá dtagraítear i mír 6.
In imthosca eisceachtúla, féadfaidh an Coimisiún síneadh a chur leis an sprioc-am den 15 Feabhra a leagtar amach i mír 5 go dtí an 1 Márta, arna chur sin in iúl don Bhallstát lena mbaineann.
Féadfaidh na Ballstáit, ar an leibhéal iomchuí, an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 5 agus i mír 6 agus sa mhír seo a fhoilsiú.
Ina theannta sin, féadfaidh na Ballstáit dearbhuithe a chur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún atá sínithe ar an leibhéal iomchuí bunaithe ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 5 agus mír 6 agus sa mhír seo.
8. Chun a áirithiú go n-úsáidtear cistí an Aontais i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme, déanfaidh an Coimisiún:
(a) |
nósanna imeachta a chur i bhfeidhm maidir le cuntais comhlachtaí ainmnithe a iniúchadh agus a ghlacadh, agus a áirithiú go bhfuil na cuntais iomlán, cruinn agus fíor; |
(b) |
eisíocaíochtaí a ndearnadh íocaíochtaí ina leith a sháraigh an dlí is infheidhme a eisiamh ó chaiteachas maoiniúcháin an Aontais; |
(c) |
sprioc-amanna íocaíochtaí a bhriseadh nó íocaíochtaí a chur ar fionraí i gcás ina bhforáiltear amhlaidh i rialacha earnáilsonracha. |
Cuirfidh an Coimisiún deireadh le hidirbhriseadh, nó le cuid de, na sprioc-amanna íocaíochta nó leis na híocaíochtaí a chur ar fionraí tar éis do Bhallstát a bharúlacha a thíolacadh agus chomh luath agus a bheidh aon bhearta riachtanacha glactha aige. Déanfaidh an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 74(9) na hoibleagáidí uile faoin mír seo a chumhdach.
9. Cuirfidh na rialacha earnáilsonracha san áireamh riachtanais chláir an Chomhair Críche Eorpaigh, go háirithe maidir le hábhar an dearbhaithe bainistíochta, an próiseas a leagtar amach i mír 3 agus an fheidhm iniúchóireachta.
10. Tiomsóidh an Coimisiún clár de na comhlachtaí atá freagrach as gníomhaíochtaí bainistithe, deimhniúcháin agus iniúchóireachta faoi rialacha earnáilsonracha.
11. Féadfaidh na Ballstáit acmhainní arna leithdháileadh orthu faoin mbainistíocht roinnte a úsáid freisin i dteannta oibríochtaí agus ionstraimí a dhéantar faoi Rialachán (AE) 2015/1017 i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sna rialacha earnáilsonracha ábhartha.
CAIBIDIL 3
Oifigí eorpacha agus comhlachtaí an aontais
Airteagal 64
Raon feidhme inniúlachtaí na n-oifigí Eorpacha
1. Sula gcuirfidh sé oifig Eorpach nua ar bun, déanfaidh an Coimisiún staidéar costais is tairbhe agus measúnú ar na rioscaí gaolmhara, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi na torthaí díobh agus molfaidh sé na leithreasuithe is gá a chur isteach in iarscríbhinn a ghabhann le roinn an bhuiséid a bhaineann leis an gCoimisiún.
2. Laistigh de raon feidhme a n-inniúlachtaí, déanfaidh oifigí Eorpacha an méid seo a leanas:
(a) |
a gcúraimí éigeantacha a chur i gcrích dá bhforáiltear ina ngníomh bunaíochta nó i ngníomhartha eile dlí de chuid an Aontais; |
(b) |
cúraimí neamhéigeantacha a chur i gcrích, i gcomhréir le hAirteagal 66, arna n-údarú ag a gCoistí Bainistíochta tar éis dóibh na costais agus an tairbhe agus na rioscaí a ghabhann leo do na páirtithe lena mbaineann a chur san áireamh. |
3. Bainfidh an Roinn seo, cé is moite de mhír 4 den Airteagal seo, d’Airteagal 66 agus d’Airteagal 67(1), (2) agus (3), le hoibríocht OLAF.
4. Déanfaidh iniúchóir inmheánach an Choimisiúin na freagrachtaí uile a leagtar síos i gCaibidil 8 den Teideal sin a fheidhmiú.
Airteagal 65
Leithreasuithe i ndáil leis na hoifigí Eorpacha
1. Na leithreasuithe a údarófar chun cúraimí éigeantacha a chur chun feidhme ag gach oifig Eorpach, déanfar iad a leagan amach i líne buiséid shonrach laistigh den roinn den bhuiséad a bhaineann leis an gCoimisiún agus leagfar amach go mionchruinn iad in iarscríbhinn a bheidh ag gabháil leis an roinn sin.
Is i bhfoirm ráitis ar ioncam agus ar chaiteachas a bheidh an iarscríbhinn dá dtagraítear sa chéad fhomhír, agus í foroinnte ar an mbealach céanna leis na ranna den bhuiséad.
Leis na leithreasuithe arna n-iontráil san iarscríbhinn sin:
(a) |
cumhdófar na riachtanais airgeadais iomlána a bhíonn ag gach oifig Eorpach agus í i mbun na gcúraimí éigeantacha dá bhforáiltear ina gníomh bunaíochta nó i ngníomhartha eile dlí de chuid an Aontais; |
(b) |
féadfar na riachtanais airgeadais a chumhdach a bhíonn ag oifig Eorpach agus í i mbun cúraimí a chur i gcrích ar cúraimí iad a d’iarr institiúidí an Aontais, comhlachtaí an Aontais, oifigí agus gníomhaireachtaí Eorpacha eile arna mbunú sna Conarthaí nó fúthu agus údaraithe i gcomhréir le gníomh bunaíochta na hoifige. |
2. Maidir leis na leithreasuithe a cuireadh isteach san iarscríbhinn do gach oifig Eorpach, déanfaidh an Coimisiún cumhachtaí oifigigh údarúcháin a tharmligean chuig Stiúrthóir na hoifige Eorpaí lena mbaineann, i gcomhréir le hAirteagal 73.
3. Cuirfear an plean bunaíochta a bheidh ag gach oifig Eorpach i gceangal le plean bunaíochta an Choimisiúin.
4. Déanfaidh Stiúrthóir gach oifige Eorpaí cinntí ar aistrithe laistigh den iarscríbhinn dá bhforáiltear i mír 1. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi na haistrithe sin.
Airteagal 66
Cúraimí neamhéigeantacha
1. Maidir leis na cúraimí neamhéigeantacha dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 64(2), féadfaidh oifig Eorpach:
(a) |
cumhacht a fháil a tarmligeadh chuig an Stiúrthóir ó institiúidí an Aontais, comhlachtaí an Aontais agus oifigí Eorpacha eile, agus ina theannta sin cumhacht tharmligthe de chuid an oifigigh údarúcháin maidir le leithreasuithe arna n-iontráil sa roinn sin den bhuiséad a bhaineann le hinstitiúid an Aontais, an chomhlachta Eorpaigh nó oifige Eorpaí eile; |
(b) |
comhaontuithe ad hoc ar leibhéal na seirbhíse a thabhairt i gcrích le hinstitiúidí Aontais, comhlachtaí Aontais, oifigí Eorpacha eile nó tríú páirtithe. |
2. Sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1, is iad institiúidí an Aontais, comhlachtaí an Aontais agus oifigí Eorpacha eile lena mbaineann a leagfaidh amach na teorainneacha agus na coinníollacha a bheidh leis an tarmligean cumhachtaí. Déanfar an tarmligean sin a chomhaontú i gcomhréir le gníomh bunaithe na hoifige Eorpaí, maidir le coinníollacha agus módúlachtaí an tarmligin go háirithe.
3. Sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, glacfaidh stiúrthóir na hoifige Eorpaí, i gcomhréir lena gníomh bunaíochta, na forálacha sonracha lena rialófar cur chun feidhme na gcúraimí, aisghabháil na gcostas a tabhaíodh agus coimeád na dtaifead cuntasaíochta comhfhreagrach. Tuairisceoidh an oifig Eorpach torthaí na dtaifead cuntasaíochta sin chuig institiúidí an Aontais, chuig comhlachtaí an Aontais nó chuig na hoifigí Eorpacha eile lena mbaineann.
Airteagal 67
Taifid chuntasaíochta na n-oifigí Eorpacha
1. Tarraingeoidh gach oifig Eorpach suas taifid chuntasaíochta dá caiteachas agus féadfar a chinneadh ar an gcaoi sin cén sciar dá seirbhísí a cuireadh ar fáil do gach ceann d’institiúidí agus de chomhlachtaí an Aontais nó do gach oifig Eorpach eile. Glacfaidh stiúrthóir na hoifige Eorpaí lena mbaineann na critéir ar a mbunófar na taifid chuntasaíochta, tar éis dá Coiste Bainistíochta iad a fhormheas.
2. Sna nótaí a bhaineann leis an líne buiséid shonrach ina n-iontráiltear na leithreasuithe uile do gach oifig Eorpach dár tarmligeadh cumhachtaí oifigigh údarúcháin i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 66(1), beidh meastachán le feiceáil ar chostas na seirbhísí a chuireann an oifig sin ar fáil do gach ceann d’institiúidí an Aontais, de chomhlachtaí an Aontais agus de na hoifigí Eorpacha eile lena mbaineann. Beidh sé sin bunaithe ar na taifid chuntasaíochta dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo.
3. Tabharfaidh gach oifig Eorpach dár tarmligeadh cumhachtaí oifigigh údarúcháin i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 66(1) fógra d’institiúidí an Aontais, do chomhlachtaí an Aontais agus do na hoifigí Eorpacha eile lena mbaineann faoi thorthaí na dtaifead cuntasaíochta dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo.
4. Is cuid dhílis de chuntais an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 241 a bheidh i dtaifid chuntasaíochta gach oifige Eorpaí.
5. Féadfaidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin, ag gníomhú dó ar thogra ó Choiste Bainistíochta na hoifige Eorpaí lena mbaineann, cuid dá chúraimí a tharmligean chuig comhalta foirne de chuid na hoifige Eorpaí, ar cúraimí iad a bhaineann le hioncam a bhailiú agus caiteachas a íocann an oifig Eorpach lena mbaineann go díreach.
6. Chun freastal ar riachtanais airgeadais na hoifige Eorpaí, féadfaidh an Coimisiún cuntais bhainc nó cuntais gíoró postoifige a oscailt ina hainm, ag gníomhú dó ar thogra ón gCoiste Bainistíochta. Déanfar an staid airgid thirim deiridh i dtaca le gach bliain a imréiteach agus a choigeartú idir an oifig Eorpach lena mbaineann agus an Coimisiún ag deireadh na bliana airgeadais.
Airteagal 68
Infheidhmeacht i dtaca le Gníomhaireacht Soláthair Euratom
Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le cur chun feidhme an bhuiséid do Ghníomhaireacht Soláthair Euratom.
Airteagal 69
Gníomhaireachtaí feidhmiúcháin
1. Féadfaidh an Coimisiún cumhachtaí a tharmligean chuig gníomhaireachtaí feidhmiúcháin chun clár nó tionscadal de chuid an Aontais a chur chun feidhme ina iomláine nó i bpáirt, lena n-áirítear treoirchláir agus gníomhaíochtaí ullmhúcháin agus cur chun feidhme caiteachas riaracháin, thar a cheann agus faoina fhreagracht, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 (40). Is le Cinneadh ón gCoimisiún a chuirfear na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin ar bun, agus beidh pearsantacht dhlítheanach acu faoi dhlí an Aontais. Gheobhaidh siad ranníocaíocht bhliantúil.
2. Gníomhóidh stiúrthóirí na ngníomhaireachtaí feidhmiúcháin mar oifigigh údarúcháin trí tharmligean i dtaca le cur chun feidhme na leithreasuithe oibríochtúla a bhaineann leis na cláir de chuid an Aontais a ndéanann siad bainistíocht orthu ina n-iomláine nó i bpáirt.
3. Féadfaidh coiste stiúrtha gníomhaireachta feidhmiúcháin comhaontú leis an gCoimisiún go ngníomhóidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin mar oifigeach cuntasaíochta na gníomhaireachta feidhmiúcháin lena mbaineann. Féadfaidh an coiste stiúrtha cuid de chúraimí oifigigh chuntasaíochta na gníomhaireachta feidhmiúcháin lena mbaineann agus breithnithe costais agus tairbhe á gcur san áireamh a thabhairt d’oifigigh chuntasaíochta an Choimisiúin. Sa dá chás, déanfar na socruithe is gá d’fhonn coinbhleacht leasa a sheachaint.
Airteagal 70
Comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom
1. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 269 den Rialachán seo chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus a bhfuil pearsantacht dhlítheanach acu agus a fhaigheann ranníocaíochtaí a mhuirearaítear ar an mbuiséad.
2. Bunófar an rialachán réime airgeadais ar na prionsabail agus ar na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo, agus aird á tabhairt ar shainiúlachtaí na gcomhlachtaí dá dtagraítear i mír 1.
3. Ní fhéadfaidh rialacha airgeadais na gcomhlachtaí dá dtagraítear i mír 1 imeacht ón rialachán réime airgeadais ach amháin i gcás inar gá sin de bharr a sainriachtanas sin agus faoi réir toiliú a fháil roimh ré ón gCoimisiún.
4. Is í Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle, a urscaoilfidh cur chun feidhme bhuiséid na gcomhlachtaí dá dtagraítear i mír 1. Comhoibreoidh na comhlachtaí dá dtagraítear i mír 1 go hiomlán le hinstitiúidí an Aontais atá rannpháirteach sa nós imeachta um urscaoileadh agus soláthróidh siad, de réir mar is iomchuí, an fhaisnéis bhreise is gá, lena n-áirítear trí bheith i láthair ag cruinnithe de chuid na gcomhlachtaí ábhartha.
5. Feidhmeoidh iniúchóir inmheánach an Choimisiúin na cumhachtaí céanna ar na comhlachtaí dá dtagraítear i mír 1 agus na cumhachtaí a fheidhmíonn sé i leith ranna an Choimisiúin.
6. Déanfaidh iniúchóir seachtrach neamhspleách a fhíorú go dtugann cuntais bhliantúla na gcomhlachtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo léargas ceart ar ioncam, caiteachas agus staid airgeadais an chomhlachta ábhartha roimh an gcomhdhlúthú i gcuntais deiridh an Choimisiúin. Mura bhforáiltear a mhalairt sa bhunghníomh ábhartha, ullmhóidh an Chúirt Iniúchóirí tuarascáil bhliantúil shonrach maidir le gach comhlacht i gcomhréir le ceanglais Airteagal 287(1) CFAE. Agus an tuarascáil sin á hullmhú aici, breithneoidh an Chúirt Iniúchóirí an obair iniúchóireachta a bheidh déanta ag an iniúchóir seachtrach neamhspleách agus an ghníomhaíocht a bheidh glactha mar fhreagairt ar thorthaí an iniúchóra.
7. Fanfaidh gach gné de na hiniúchtaí seachtracha neamhspleácha dá dtagraítear i mír 6 faoi fhreagracht iomlán na Cúirte Iniúchóirí, na torthaí tuairiscithe san áireamh.
Airteagal 71
Comhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí
Maidir le comhlachtaí a bhfuil pearsantacht dhlítheanach acu, a bhunaítear le bunghníomh agus a bhfuil cur chun feidhme comhpháirtíochta poiblí príobháidí de chúram orthu, glacfaidh siad a rialacha airgeadais féin.
Áireofar leis na rialacha sin sraith prionsabal is gá d’fhonn bainistíocht fhónta airgeadais i ndáil le cistí de chuid an Aontais a áirithiú.
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 269 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le heiseamláir de rialachán airgeadais do chomhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí lena leagfar síos na prionsabail is gá chun bainistíocht fónta airgeadais ar chistí an Aontais a áirithiú agus a bheidh bunaithe ar Airteagal 154.
Ní fhéadfaidh rialacha airgeadais na gcomhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí imeacht ón eiseamláir de rialachán airgeadais ach amháin i gcás ina n-éileoidh a sainriachtanais amhlaidh agus faoi réir toiliú a fháil roimh ré ón gCoimisiún.
Beidh feidhm ag Airteagal 70(4) go (7) maidir le comhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí.
CAIBIDIL 4
Gníomhaithe airgeadais
Airteagal 72
Dualgais a leithscaradh
1. Beidh dualgais an oifigigh údarúcháin agus an oifigigh cuntasaíochta leithscartha agus comheisiatach ar a chéile.
2. Cuirfidh gach institiúid Aontais ar fáil do gach gníomhaí airgeadais na hacmhainní a bheidh de dhíth air chun a chuid dualgas a chomhlíonadh agus cairt ina mbeidh tuairisc mhionsonraithe ar a chúraimí, a chearta agus a oibleagáidí.
Airteagal 73
Oifigeach údarúcháin
1. Comhlíonfaidh gach institiúid Aontais dualgais an oifigigh údarúcháin.
2. Chun críocha an Teidil seo, ciallaíonn “foireann” na daoine atá cumhdaithe ag na Rialacháin Foirne.
3. Déanfaidh gach institiúid Aontais dualgais an oifigigh údarúcháin a tharmligean chuig comhaltaí foirne ar an leibhéal iomchuí, i gcomhréir leis na coinníollacha ina rialacha nós imeachta,. Sonróidh sí ina rialacha inmheánacha riaracháin na comhaltaí foirne a dtarmligeann sí na dualgais sin chucu, raon feidhme na gcumhachtaí arna dtarmligean agus an bhféadfaidh na daoine sin a ndéanfar na cumhachtaí a tharmligean chucu na cumhachtaí a fho-tharmligean iad féin.
4. Chuig an bhfoireann amháin a dhéanfar cumhachtaí oifigigh údarúcháin a tharmligean nó a fho-tharmligean.
5. Maidir leis an oifigeach údarúcháin atá freagrach, gníomhóidh sé laistigh de na teorainneacha a shocraítear le hionstraim an tarmligin nó le hionstraim an fho-tharmligin. Féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin cúnamh a fháil ó chomhalta amháin den fhoireann nó níos mó, atá faoina fhreagracht féin, a bhfuil sé de chúram air oibríochtaí áirithe is gá le haghaidh an buiséad a chur chun feidhme agus an fhaisnéis airgeadais agus bainistíochta a tháirgeadh.
6. Déanfaidh gach institiúid Aontais agus gach comhlacht de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 70 Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Chúirt Iniúchóirí agus oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin a chur ar an eolas laistigh de dhá sheachtain maidir le hoifigigh údarúcháin trí tharmligean, iniúchóirí inmheánacha agus oifigigh chuntasaíochta a cheapadh agus a ndualgais a fhorceannadh agus maidir le haon rialacha inmheánacha a ghlacfaidh sé i leith cúrsaí airgeadais.
7. Déanfaidh gach institiúid Aontais an Chúirt Iniúchóirí a chur ar an eolas maidir le cinntí tarmligthe agus riarthóirí óinchiste a cheapadh faoi Airteagail 79 agus 88.
Airteagal 74
Cumhachtaí agus dualgais an oifigigh údarúcháin
1. Beidh an t-oifigeach údarúcháin san institiúid lena mbaineann de chuid an Aontais freagrach as ioncam agus caiteachas a chur chun feidhme i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, lena n-áirítear trí thuairisciú ar fheidhmíocht a áirithiú, agus as a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais maidir le dlíthiúlacht agus le rialtacht agus le cóir comhionann i ndáil le faighteoirí cláir.
2. Chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean, i gcomhréir le hAirteagal 36 agus leis na híoschaighdeáin arna nglacadh ag gach institiúid Aontais agus ag féachaint go hiomchuí do na rioscaí a bhaineann le cúrsaí bainistíochta agus do chineál na ngníomhaíochtaí arna maoiniú, an struchtúr eagraíochtúil agus na córais rialaithe inmheánaigh atá oiriúnach d’fheidhmiú a dhualgais a chur ar bun. Beidh anailís chuimsitheach riosca ina thacú agus an struchtúr sin agus na córais sin á mbunú agus cuirfidh an anailís sin a gcost-éifeachtacht agus breithnithe feidhmíochta san áireamh.
3. D’fhonn caiteachas a chur chun feidhme, déanfaidh an t-oifigeach atá freagrach gealltanais bhuiséadacha agus dhlíthiúla a ghlacadh, caiteachas a bhailíochtú, íocaíochtaí a údarú agus réamhchéimeanna chur chun feidhme na leithreasuithe a ghlacadh ar láimh.
4. D’fhonn ioncam a chur chun feidhme, tarraingeoidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach meastacháin suas ar mhéideanna is infhaighte, bunóidh sé teidlíochtaí atá le haisghabháil agus eiseoidh sé orduithe aisghabhála. I gcás inarb iomchuí, tarscaoilfidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach teidlíochtaí bunaithe.
5. D’fhonn earráidí agus neamhrialtachtaí a chosc sula ndéanfar na hoibríochtaí a údarú, agus d’fhonn an riosca a laghdú nach mbainfear cuspóirí amach, déanfar rialú ex-ante ar a laghad ar gach oibríocht, rialú i ndáil le gnéithe oibríochtúla agus airgeadais na hoibríochta, ar bhonn straitéis rialaithe ilbhliantúil lena gcuirtear riosca san áireamh.
Is é an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach a chinnfidh méid na rialuithe ex-ante a dhéanfar orthu ó thaobh minicíochta agus déine de agus torthaí rialuithe a rinneadh cheana á gcur san áireamh aige mar aon le breithnithe cost-éifeachta agus riosca-bhunaithe, ar bhonn anailís an oifigigh údarúcháin féin ar an riosca. I gcás ina mbeidh amhras fúthu, iarrfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach as na hoibríochtaí ábhartha a bhailíochtú, iarrfaidh sé faisnéis chomhlántach nó déanfaidh sé rialú ar an láthair d’fhonn cinnteacht réasúnta a fháil mar chuid den rialú ex-ante.
I gcás oibríocht ar leith, déanfaidh na comhaltaí foirne nach iad na comhaltaí foirne a thionscain an oibríocht iad an fíorú. Ní bheidh na comhaltaí foirne a dhéanfaidh an fíorú faoi cheannas na gcomhaltaí foirne a thionscain an oibríocht.
6. Féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean rialuithe ex post a chur ar bun chun earráidí agus mírialtachtaí oibríochtaí a bhrath agus a cheartú tar éis a n-údaraithe. Féadfar na rialuithe sin a eagrú ar bhonn samplála de réir riosca agus cuirfear san áireamh na torthaí ar rialuithe a rinneadh cheana agus, chomh maith leis sin, breithnithe cost-éifeachtachta agus feidhmíochta.
Is comhaltaí foirne nach iad an fhoireann atá freagrach as na rialuithe ex ante a dhéanfaidh na rialuithe ex post. Ní bheidh na comhaltaí foirne atá freagrach as na rialuithe ex post faoi cheannas na gcomhaltaí foirne atá freagrach as na rialuithe ex ante.
Beidh na rialacha agus na rialacha mionsonraithe, lena n-áirítear tréimhsí ama, le haghaidh iniúchtaí a dhéanamh ar na tairbhithe soiléir, leanúnach agus trédhearcach, agus cuirfear ar fáil iad do na tairbhithe agus an comhaontú á shíniú.
7. Beidh na scileanna is gá ag oifigigh údarúcháin atá freagrach agus ag na comhaltaí foirne atá freagrach as cur chun feidhme an bhuiséid.
I ngach institiúid Aontais déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean an méid seo a leanas a áirithiú:
(a) |
go bhfaighidh na hoifigigh údarúcháin trí fho-tharmligean agus a gcuid foirne faisnéis agus oiliúint iomchuí a nuashonraítear go rialta i dtaca leis na caighdeáin rialaithe agus faoi na modhanna agus na teicnící atá ar fáil chun na críche sin; |
(b) |
go ndéanfar bearta, i gcás inar gá, lena áirithiú go bhfuil na córais rialaithe ag feidhmiú go héifeachtach agus go héifeachtúil i gcomhréir le mír 2. |
8. Má mheasann aon chomhalta foirne atá bainteach le hidirbhearta a bhainistiú ó thaobh airgeadais de agus le hidirbhearta a rialú, maidir le cinneadh ar chuir a oifigeach uachtarach iallach air é a chur i bhfeidhm nó aontú leis, nach bhfuil an cinneadh sin ag teacht le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais ná leis na rialacha gairmiúla nó go bhfuil an cinneadh sin ag teacht salach ar na prionsabail sin nó ar na rialacha gairmiúla sin a cheanglaítear ar an gcomhalta foirne sin a chomhlíonadh, cuirfidh sé a oifigeach uachtarach ar an eolas dá réir sin. Má dhéanann an comhalta foirne sin i scríbhinn, cuirfidh an t-oifigeach uachtarach an freagra i scríbhinn. Má mhainníonn an t-oifigeach uachtarach gníomhú nó má dhearbhaíonn sé an cinneadh nó an treoir tosaigh agus má chreideann an comhalta foirne nach ionann an dearbhú sin agus freagra réasúnach ar an imní, déanfaidh an comhalta foirne an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean a chur ar an eolas i scríbhinn. Mura dtabharfaidh an t-oifigeach sin freagra laistigh de thréimhse réasúnach ama de réir chúinsí an cháis, agus, in aon chás, laistigh de mhí ar a mhéid, cuirfidh an comhalta foirne an painéal ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 143 ar an eolas.
Má bhíonn aon ghníomhaíocht neamhdhleathach nó aon chalaois nó aon éilliú ann a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do leasanna an Aontais, cuirfidh an comhalta foirne na húdaráis ar an eolas agus na comhlachtaí arna n-ainmniú sna Rialacháin Foirne agus i gcinntí institiúidí an Aontais ar an eolas faoi na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le himscrúduithe inmheánacha i ndáil le calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a chosc a dhéanfadh dochar do leasanna an Aontais. Forálfar le conarthaí a dhéanfar le hiniúchóirí eachtracha a dhéanann iniúchtaí ar bhainistiú airgeadais an Aontais maidir le hoibleagáid a bheith ar an iniúchóir eachtrach an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean a chur ar an eolas faoi aon ghníomhaíocht, calaois nó éilliú amhrasta neamhdhleathach a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do leasanna an Aontais.
9. Tuairisceoidh an t-oifigeach údarúcháin, i bhfoirm tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí, dá institiúid Aontais féin maidir le feidhmiú a dhualgas agus beidh faisnéis airgeadais agus bainistíochta sa tuarascáil sin, lena n-áirítear torthaí na rialuithe agus dearbhú, ach amháin nuair a shonrófar a mhalairt in aon fhorchoimeádas a bhainfidh le réimsí sainiúla ioncaim agus caiteachais, go bhfuil cinnteacht réasúnta aige:
(a) |
go bhfuil léargas cothrom fíor i bhfaisnéis na tuarascála; |
(b) |
gur úsáideadh na hacmhainní a sannadh do na gníomhaíochtaí a bhfuil tuairisc orthu sa tuarascáil chun na gcríoch ar ceapadh dóibh iad agus i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais; agus |
(c) |
go dtugann na nósanna imeachta rialaithe a cuireadh ar bun na ráthaíochtaí is gá maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht na mbun-idirbheart. |
Sa tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí beidh faisnéis ar na hoibríochtaí a rinneadh, trí thagairt a dhéanamh do na cuspóirí agus do na breithnithe feidhmíochta a leagadh amach sna pleananna straitéiseacha, do na rioscaí a bhaineann leis na hoibríochtaí sin, don úsáid a baineadh as na hacmhainní a soláthraíodh agus d’éifeachtúlacht agus d’éifeachtacht an chórais rialaithe inmheánaigh. Áireofar sa tuarascáil measúnú foriomlán ar chostais agus ar thairbhí rialuithe agus faisnéise ar an méid a rannchuidíonn an caiteachas oibríochtúil arna údarú le cuspóirí straitéiseacha an Aontais a bhaint amach agus breisluach de chuid an Aontais a ghiniúint. Ullmhóidh an Coimisiún achoimre ar na tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí don bhliain roimhe sin.
Déanfar tuarascálacha bliantúla don bhliain airgeadais ar ghníomhaíochtaí na n-oifigeach údarúcháin agus, i gcás inarb infheidhme, tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí na n-oifigeach údarúcháin trí tharmligean de chuid institiúidí de chuid an Aonais, chomhlachtaí de chuid an Aonais, oifigí Eorpacha agus ghníomhaireachtaí Eorpacha a fhoilsiú faoin 1 Iúil an bhliain airgeadais ina dhiaidh sin ar shuíomh idirlín institiúid de chuid an Aonais, chomhlacht de chuid an Aonais, oifig Eorpach nó gníomhaireachtEorpach faoi seach, ar bhealach inrochtana, faoi réir rúndacht a bhfuil bonn cirt cuí léi agus faoi réir tosca slándála.
10. Déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean, maidir le gach bliain airgeadais, conarthaí a thaifead arna dtabhairt i gcrích le nósanna imeachta idirbheartaithe i gcomhréir le pointí (a) go (f) de phointe 11.1 agus pointe 39 d’Iarscríbhinn I. Má thagann ardú suntasach ar chéatadán na nósanna imeachta i ndáil le líon na gconarthaí arna ndeonú ag an oifigeach údarúcháin trí tharmligean céanna i gcomparáid leis na blianta roimhe sin nó más mó go suntasach an céatadán sin ná an meán a taifeadadh d’institiúid sin an Aontais, déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach tuarascáil a sheoladh chuig institiúid an Aontais ar na bearta a rinneadh chun an treocht sin a iompú droim ar ais. Cuirfidh gach institiúid Aontais tuarascáil ar nósanna imeachta idirbheartaithe chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. I gcás an Choimisiúin, cuirfear an tuarascáil sin i gceangal leis an achoimre ar na tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 9 den Airteagal seo.
Airteagal 75
Doiciméid tacaíochta a choinneáil ag oifigigh údarúcháin
Cuirfidh an t-oifigeach údarúcháin córais pháipéarbhunaithe nó leictreonacha ar bun chun doiciméid tacaíochta bhunaidh a choinneáil maidir le cur chun feidhme an bhuiséid. Coinneofar na doiciméid sin go ceann 5 bliana ar a laghad ón dáta a dtabharfaidh Parlaimint na hEorpa urscaoileadh don bhliain airgeadais lena mbaineann na doiciméid.
Gan dochar don chéad fhomhír, déanfar doiciméid a bhaineann le hoibríochtaí a choinneáil ar aon chaoi, is é sin, go deireadh na bliana tar éis na bliana inar dúnadh na hoibríochtaí sin go críochnaitheach.
Déanfar sonraí pearsanta i ndoiciméid tacaíochta a scriosadh, i gcás inar féidir, murar gá na sonraí chun críocha urscaoilte agus rialaithe bhuiséadaigh agus iniúchóireachta buiséadaí. Beidh feidhm ag Airteagal 37(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 maidir le sonraí tráchta a chaomhnú.
Airteagal 76
Cumhachtaí agus dualgais chinn thoscaireachtaí an Aontais
1. I gcás ina ngníomhóidh cinn thoscaireachtaí an Aontais mar oifigigh údarúcháin trí fho-tharmligean i gcomhréir le hAirteagal 60(2), beidh siad faoi réir an Choimisiúin mar institiúid an Aontais a bheidh freagrach as sainmhíniú, feidhmiú, faireachán agus breithmheas a gcuid dualgas agus freagrachtaí mar oifigigh údarúcháin trí fho-tharmligean agus oibreoidh siad i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún maidir le cistí a chur chun feidhme mar is iomchuí, d’fhonn dlíthiúlacht agus rialtacht idirbheart airgeadais, urramú phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais i dtaca le bainistíocht cistí agus cosaint éifeachtach leasanna airgeadais an Aontais a áirithiú go háirithe. Beidh siad faoi réir rialacha inmheánacha an Choimisiúin agus Cairt an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme cúraimí bainistithe airgeadais arna bhfo-tharmligean dóibh. Féadfaidh baill foirne an Choimisiún i dtoscaireachtaí an Aontais cuidiú leo a gcuid dualgas a chur i gcrích.
Chuige sin, déanfaidh Cinn thoscaireachtaí an Aontais na bearta is gá chun cosc a chur ar aon staid inar dócha go gcuirfí cumas an Choimisiúin a fhreagracht as cur chun feidhme an bhuiséid arna fho-tharmligean chucu a chomhlíonadh, agus chun cosc a chur ar aon choinbhleacht tosaíochtaí ar dócha go mbeidh tionchar acu ar chur chun feidhme na gcúraimí bainistíochta airgeadais arna bhfo-tharmligean chucu.
I gcás ina dtiocfaidh staid nó coinbhleacht dá dtagraítear sa dara fomhír chun cinn, cuirfidh cinn thoscaireachtaí an Aontais é sin in iúl gan mhoill do na hArdstiúrthóirí freagracha sa Choimisiún agus in SEGS. Déanfaidh na hArdstiúrthóirí bearta iomchuí chun an scéal a leigheas.
2. Má bhíonn cinn thoscaireachtaí an Aontais i gcás amhail dá dtagraítear in Airteagal 74(8), rachaidh siad i muinín an phainéil dá dtagraítear in Airteagal 143. Má bhíonn aon ghníomhaíocht neamhdhleathach nó aon chalaois nó aon éilliú ann a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do leasanna an Aontais, déanfaidh sé na húdaráis agus na comhlachtaí arna n-ainmniú leis an reachtaíocht is infheidhme a chur ar an eolas.
3. Déanfaidh cinn thoscaireachtaí an Aontais, ag gníomhú dóibh mar oifigigh údarúcháin trí fho-tharmligean i gcomhréir le hAirteagal 60(2), tuarascáil a thabhairt dá n-oifigeach údarúcháin trí tharmligean ionas go bhféadfaidh an t-oifigeach sin a dtuarascálacha a chorprú ina thuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 74(9). Beidh sna tuarascálacha ó Chinn toscaireachtaí an Aontais faisnéis maidir le héifeachtúlacht agus éifeachtacht na gcóras inmheánach rialaithe atá ina dtoscaireachtaí, chomh maith le bainistíocht na n-oibriúchán arna bhfo-tharmligean chucu, agus tabharfar iontu an dearbhú dá dtagraítear sa tríú fomhír d’Airteagal 92(5). Déanfar na tuarascálacha sin a chur i gceangal mar iarscríbhinn le tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí an oifigigh údarúcháin atá freagrach trí tharmligean agus ba cheart go mbeadh siad sin ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle agus ag féachaint go hiomchuí do rúndacht na dtuarascálacha sin i gcás inarb iomchuí.
Comhoibreoidh cinn thoscaireachtaí an Aontais go hiomlán le hinstitiúidí an Aontais atá rannpháirteach sa nós imeachta um urscaoileadh agus soláthróidh siad, de réir mar is iomchuí, an fhaisnéis bhreise is gá. Sa chomhthéacs sin, d’fhéadfaí a iarraidh orthu a bheith i láthair ag cruinnithe de na comhlachtaí ábhartha agus cúnamh a thabhairt don Oifigeach Údarúcháin trí tharmligean atá freagrach.
Déanfaidh cinn thoscaireachtaí an Aontais, ag gníomhú dóibh mar oifigigh údarúcháin trí fho-tharmligean i gcomhréir le hAirteagal 60(2), freagra a thabhairt ar aon iarraidh a dhéanfaidh an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean ón gCoimisiún arna iarraidh sin ag an gCoimisiún nó, i gcomhthéacs an urscaoilte, arna iarraidh sin ag Parlaimint na hEorpa.
Áiritheoidh an Coimisiún nach dochar é don nós imeachta um urscaoileadh faoi Airteagal 319 CFAE na cumhachtaí a fho-tharmligean chuig cinn thoscaireachtaí an Aontais.
4. Beidh feidhm ag mír 1, mír 2, agus mír 3 chomh maith maidir le leas-chinn thoscaireachtaí an Aontais i gcás ina ngníomhaíonn siad mar oifigigh údarúcháin trí fho-tharmligean má bhíonn cinn thoscaireachtaí an Aontais as láthair.
Airteagal 77
Cumhachtaí agus dualgais an oifigigh cuntasaíochta
1. Ceapfaidh gach institiúid Aontais oifigeach cuntasaíochta a bheidh freagrach, san institiúid sin, as na nithe seo a leanas:
(a) |
íocaíochtaí a chur chun feidhme mar is ceart, ioncam a bhailiú agus méideanna arna mbunú mar mhéideanna is infhaighte a aisghabháil; |
(b) |
na cuntais a ullmhú agus a thíolacadh i gcomhréir le Teideal XIII; |
(c) |
na cuntais a choimeád i gcomhréir le hAirteagail 82 agus 84; |
(d) |
na rialacha agus na nósanna imeachta cuntasaíochta agus cairt na gcuntas a leagan síos i gcomhréir le hAirteagail 80 go 84; |
(e) |
na córais chuntasaíochta a leagan síos agus a bhailíochtú agus, i gcás inarb iomchuí, na córais a bhailíochtú a leag an t-oifigeach údarúcháin síos d’fhonn faisnéis chuntasaíochta a sholáthar nó d’fhonn údar a thabhairt léi; |
(f) |
an cisteán a bhainistiú. |
I ndáil leis na cúraimí dá dtagraítear i bpointe (e) den chéad fhomhír, tabharfar de chumhacht don oifigeach cuntasaíochta a fhíorú tráth ar bith go bhfuil na critéir maidir le bailíochtú á gcomhlíonadh.
2. Is le roinn an bhuiséid a bhaineann le SEGS amháin, mar a chuirfidh SEGS chun feidhme í, a bhainfidh freagrachtaí oifigeach cuntasaíochta an SEGS. Leanfaidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin de bheith freagrach as roinn an bhuiséid a bhaineann leis an gCoimisiún ina hiomláine, lena n-áirítear oibriúcháin chuntasaíochta a bhaineann le leithreasuithe arna bhfo-tharmligean chuig cinn thoscaireachtaí an Aontais.
Gníomhóidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin freisin mar oifigeach cuntasaíochta SEGS i leith chur chun feidhme roinn an bhuiséid a bhaineann le SEGS.
Airteagal 78
Ceapadh an oifigigh cuntasaíochta agus foirceannadh a dhualgas
1. Déanfaidh gach institiúid Aontais oifigeach cuntasaíochta a cheapadh as measc oifigigh atá faoi réir na Rialachán Foirne.
Déanfaidh institiúid an Aontais an t-oifigeach cuntasaíochta a roghnú ar bhonn a inniúlachta sainiúil i bhfianaise dioplómaí nó taithí choibhéiseach ghairmiúil.
2. Féadfaidh dhá cheann nó níos mó d’institiúidí nó comhlachtaí an Aontais an t-oifigeach cuntasaíochta céanna a cheapadh.
Sa chás sin, déanfaidh siad na socruithe is iomchuí chun aon choinbhleacht leasa a d’fhéadfadh a bheith ann a sheachaint.
3. Déanfar comhardú trialach a tharraingt suas gan moill i gcás ina ndéantar foirceannadh ar dhualgais an oifigigh cuntasaíochta.
4. Déanfaidh an t-oifigeach cuntasaíochta a bhfuil a chuid dualgas á bhfoirceannadh nó, murar féidir sin, déanfaidh oifigeach de chuid a roinne an comhardú trialach mar aon le tuarascáil aistrithe a tharchur chuig an oifigeach cuntasaíochta nua.
Síneoidh an t-oifigeach cuntasaíochta nua an comhardú trialach lena ghlacadh laistigh de mhí amháin ó dháta a tharchuir agus féadfaidh sé forchoimeádais a dhéanamh.
Beidh toradh an chomhardaithe thrialaigh agus aon fhorchoimeádais arna ndéanamh sa tuarascáil aistrithe.
Airteagal 79
Cumhachtaí a fhéadfaidh an t-oifigeach cuntasaíochta a tharmligean
Agus a dhualgais á gcomhlíonadh aige, féadfaidh an t-oifigeach cuntasaíochta cúraimí áirithe a tharmligean chuig comhaltaí foirne faoina cheannas agus chuig riarthóirí óinchiste arna gceapadh i gcomhréir le hAirteagal 89(1).
Leagfar síos le hionstraim an tarmligin na cúraimí sin.
Airteagal 80
Rialacha cuntasaíochta
1. Na rialacha cuntasaíochta atá le cur i bhfeidhm ag institiúidí uile an Aontais, ag oifigí Eorpacha agus ag na gníomhaireachtaí agus ag na comhlachtaí de chuid an Aontais dá dtagraítear i Roinn 2 de Chaibidil 3 den Teideal seo, beidh na rialacha sin bunaithe ar chaighdeáin chuntasaíochta a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta don earnáil phoiblí. Glacfaidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin na rialacha sin tar éis dul i gcomhairle le hoifigigh chuntasaíochta institiúidí, oifigí agus comhlachtaí eile an Aontais.
2. Féadfaidh an t-oifigeach cuntasaíochta imeacht ó na caighdeáin dá dtagraítear i mír 1 má mheasann sé go bhfuil gá leis sin, chun léargas fíorcheart a thabhairt ar shócmhainní agus ar dhliteanais, ar mhuirir, ar ioncam agus ar shreabhadh airgid. I gcás ina n-imeoidh riail chuntasaíochta go bunúsach ó na caighdeáin sin, nochtfaidh na nótaí a ghabhann leis na ráitis airgeadais an méid sin agus na cúiseanna atá leis.
3. Leagfar síos leis na rialacha dá dtagraítear i mír 1 struchtúr agus inneachar na ráiteas airgeadais, mar aon leis na prionsabail chuntasaíochta is bun leis na cuntais.
4. Comhlíonfar leis na tuarascálacha cur chun feidhme buiséid dá dtagraítear in Airteagal 241 na prionsabail bhuiséadacha a leagtar síos sa Rialachán seo. Leo sin cuirfear taifead mionsonraithe ar fáil ar chur chun feidhme an bhuiséid. Déanfaidh siad oibríochtaí ioncaim agus caiteachais a thaifead dá bhforáiltear sa Teideal sin agus léargas cothrom a thabhairt orthu.
Airteagal 81
Na cuntais a eagrú
1. Déanfaidh oifigeach cuntasaíochta gach institiúide nó comhlachta Aontais doiciméid a tharraingt suas agus a choinneáil nuashonraithe ina gcuirtear síos ar eagrú chuntais agus nósanna imeachta a institiúide nó a chomhlachta féin de chuid an Aontais.
2. I gcóras ríomhairithe, de réir chineál eacnamaíoch na hoibríochta, a choimeádfar taifead ar ioncam agus caiteachas mar ioncam nó caiteachas reatha nó mar chaipiteal.
Airteagal 82
Na cuntais a choinneáil
1. Is é oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin a bheidh freagrach as cairteacha chomhchuibhithe na gcuntas a leagan síos lena gcur i bhfeidhm ag institiúidí uile an Aontais, ag oifigí Eorpacha agus ag na gníomhaireachtaí agus na comhlachtaí de chuid an an Aontais dá dtagraítear i Roinn 2 de Chaibidil 3 den Teideal seo.
2. Gheobhaidh na hoifigigh chuntasaíochta ó na hoifigigh údarúcháin an fhaisnéis go léir is gá d’fhonn cuntais a sholáthar a thabharfaidh léargas cothrom maidir le staid airgeadais institiúidí an Aontais agus ar chur chun feidhme an bhuiséid. Tabharfaidh na hoifigigh údarúcháin ráthaíocht maidir lena hiontaofacht.
3. Sula nglacfaidh an institiúid nó comhlacht de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 70 na cuntais, cuirfidh an t-oifigeach cuntasaíochta a ainm leo á dheimhniú leis sin go bhfuil cinnteacht réasúnta aige go bhfuil léargas cothrom ar staid airgeadais na hinstitiúide nó an chomhlachta de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 70.
Chun na críche sin, fíoróidh an t-oifigeach gur ullmhaíodh na cuntais i gcomhréir leis na rialacha cuntasaíochta, dá dtagraítear in Airteagal 80, agus na nósanna imeachta cuntasaíochta, dá dtagraítear i bpointe (d) den chéad fhomhír d’Airteagal 77(1), agus gur iontráladh gach ioncam agus caiteachas sna cuntais.
4. Cuirfidh an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean, chuig an oifigeach cuntasaíochta, i gcomhréir leis na rialacha arna nglacadh ag an oifigeach cuntasaíochta, aon fhaisnéis airgeadais agus bainistíochta atá riachtanach do chomhlíonadh dhualgas an oifigigh cuntasaíochta.
Cuirfidh an t-oifigeach údarúcháin an t-oifigeach cuntasaíochta ar an eolas, go rialta agus ar a laghad tráth dhúnadh na gcuntas, faoi na sonraí airgeadais a bhaineann leis na cuntais bhainc mhuiníneacha chun gur féidir úsáid chistí an Aontais a léiriú i gcuntais an Aontais.
Leanfaidh na hoifigigh údarúcháin de bheith lánfhreagrach as ceartúsáid na gcistí a bhainistíonn siad, as dlíthiúlacht agus as rialtacht an chaiteachais faoina rialú, agus as iomláine agus cruinneas na faisnéise a chuirtear ar aghaidh chuig an oifigeach cuntasaíochta.
5. Tabharfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach fógra don oifigeach cuntasaíochta faoi fhorbairtí nó faoi mhodhnuithe suntasacha a rinneadh ar chóras bainistithe airgeadais, córas fardail, nó córas le haghaidh sócmhainní agus dliteanais a luacháil, más foinse sonraí é do chuntais institiúid an Aontais nó má úsáidtear é chun bunús a chur leis na sonraí sin, sa chaoi gur féidir leis an oifigeach cuntasaíochta comhlíonadh na gcritéar maidir le bailíochtú a fhíorú.
Féadfaidh an t-oifigeach cuntasaíochta córas bainistithe airgeadais arna bhailíochtú cheana a athscrúdú tráth ar bith agus iarraidh ar an oifigeach údarúcháin atá freagrach plean gníomhaíochta a bhunú chun laigí féideartha a cheartú in am agus i dtráth.
Is é an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach a bheidh freagrach as iomláine na faisnéise arna traschur ag an oifigeach cuntasaíochta.
6. Tabharfar de chumhacht don oifigeach cuntasaíochta an fhaisnéis a gheofar a sheiceáil agus aon seiceálacha eile a dhéanamh a mheasfaidh sé a bheidh riachtanach d’fhonn a ainm a chur leis na cuntais.
Más gá, déanfaidh an t-oifigeach cuntasaíochta forchoimeádais agus raon feidhme agus cineál na bhforchoimeádas sin a mhíniú go beacht.
7. Eagrófar le córas cuntasaíochta institiúide Aontais an fhaisnéis bhuiséadach agus airgeadais sa chaoi is gur féidir figiúirí a iontráil, a chomhdú agus a chlárú.
8. Cuntais ghinearálta agus cuntais bhuiséid a bheidh sa chóras cuntasaíochta. Coimeádfar na cuntais in euro agus ar bhonn na bliana féilire.
9. Féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean cuntais bhainistíochta mhionsonraithe a choinneáil freisin.
10. Déanfar doiciméid tacaíochta a bhaineann leis an gcóras cuntasaíochta agus le hullmhú na gcuntas dá dtagraítear in Airteagal 241 a choinneáil ar feadh 5 bliana ón dáta ar tugadh urscaoileadh don bhliain airgeadais lena mbaineann na doiciméid.
Déanfar doiciméid a bhaineann le hoibríochtaí nár dúnadh go críochnaitheach, áfach, a choinneáil go deireadh na bliana tar éis na bliana inar dúnadh na hoibríochtaí. Beidh feidhm ag Airteagal 37(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 maidir le sonraí tráchta a chaomhnú.
Déanfaidh gach institiúid de chuid an Aontais a chinneadh cé an roinn ina gcoimeádfar na doiciméid tacaíochta.
Airteagal 83
Inneachar na gcuntas buiséid agus iad a choinneáil
1. Taispeánfar sna cuntais bhuiséid, i ngach foroinn den bhuiséad:
(a) |
i gcás caiteachais:
|
(b) |
i gcás ioncaim:
|
(c) |
na gealltanais atá fós le híoc agus an t-ioncam a tugadh ar aghaidh ó na blianta roimhe sin agus atá fós le haisghabháil. |
Déanfar na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus na leithreasuithe íocaíochta dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír a iontráil agus a thaispeáint ar leithligh.
2. Taispeánfar ar leithligh sna cuntais bhuiséid:
(a) |
úsáid na leithreasuithe a tugadh anonn agus na leithreasuithe don bhliain airgeadais sin; |
(b) |
imréiteach na ngealltanas gan íoc. |
Ar thaobh an ioncaim, taispeánfar ar leithligh na méideanna atá fós le haisghabháil ó na blianta airgeadais roimhe sin.
Airteagal 84
Cuntais ghinearálta
1. Taifeadfar sna cuntais ghinearálta, in ord croineolaíoch agus ag baint úsáid as an modh iontrála dúbailte, gach teagmhas agus gach oibríocht a mbíonn tionchar acu ar an staid eacnamaíoch agus airgeadais agus ar shócmhainní agus ar dhliteanais institiúidí agus ghníomhaireachtaí an Aontais agus chomhlachtaí an Aontais dá dtagraítear i Roinn 2 de Chaibidil 3 den Teideal seo.
2. Déanfar iarmhéideanna agus gluaiseachtaí sna cuntais ghinearálta a iontráil sna mórleabhair chuntasaíochta.
3. Beidh gach iontráil chuntasaíochta, lena n-áirítear coigeartuithe ar na cuntais, bunaithe ar dhoiciméid tacaíochta, agus tagróidh na hiontrálacha dóibh.
4. Ní mór córas cuntasaíochta a bheith ann a fhágann rian soiléir iniúchóireachta le haghaidh gach iontrála cuntasaíochta.
Airteagal 85
Cuntais bhainc
1. Maidir le ceanglais bainistithe an chisteáin, féadfaidh an t-oifigeach cuntasaíochta cuntais a oscailt in ainm institiúid an Aontais le hinstitiúidí airgeadais eile nó le bainc cheannais náisiúnta nó féadfaidh sé a chur faoi deara na cuntais sin a oscailt. Beidh an t-oifigeach cuntasaíochta freagrach chomh maith as cuntais a dhúnadh nó as a áirithiú go ndúntar iad.
2. Forálfar leis na téarmaí lena rialaítear oscailt, oibríocht agus úsáid cuntas bainc, ag brath ar cheanglais rialaithe inmheánacha, go ndéanfaidh comhalta foirne cuí-údaraithe amháin nó níos mó seiceanna, orduithe aistrithe creidmheasa bainc nó aon oibríochtaí baincéireachta eile a shíniú. Déanfaidh ar a laghad beirt chomhaltaí foirne arna n-údarú go hiomchuí, nó an t-oifigeach cuntasaíochta, treoracha i scríbhinn a shíniú.
3. I gcomhthéacs clár nó gníomhaíocht a chur chun feidhme, féadfar cuntais mhuiníneacha a oscailt thar ceann an Choimisiúin, ionas go bhféadfaidh eintiteas iad a bhainistiú de bhun phointe (c)(ii), (iii), (v) nó (vi) den chéad fhomhír d’Airteagal 62(1).
Is faoi fhreagracht an oifigigh údarúcháin atá i bhfeighil chur chun feidhme an chláir nó na gníomhaíochta agus i gcomhaontú le hoifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin a osclófar na cuntais sin.
Is faoi fhreagracht an oifigigh údarúcháin a bhainisteofar na cuntais sin.
4. Déanfaidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin rialacha a leagan síos maidir le cuntais mhuiníneacha a oscailt, a bhainistiú agus a dhúnadh agus maidir lena n-úsáid.
Airteagal 86
An cisteán a bhainistiú
1. Is don oifigeach cuntasaíochta amháin a thabharfar de chumhacht airgead tirim agus coibhéis airgid a bhainistiú, mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo. Beidh an t-oifigeach cuntasaíochta freagrach as iad a choimeád slán.
2. Áiritheoidh an t-oifigeach cuntasaíochta go bhfuil ag a institiúid Aontais féin cistí leordhóthanacha chun riachtanais airgid thirim a thagann as cur chun feidhme buiséadach laistigh den chreat rialála lena mbaineann a chumhdach agus bunóidh sé nósanna imeachta lena áirithiú nach mbeidh aon cheann de na cuntais arna n-oscailt i gcomhréir le hAirteagal 85(1) agus Airteagal 89(3) ar dochar.
3. Déanfar íocaíochtaí le haistriú creidmheasa bainc, le seic, nó ó chuntais óinchiste, nó má údaraíonn an t-oifigeach cuntasaíochta sin go sonrach, le cárta dochair nó le modh íocaíochta eile, i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos ag an oifigeach cuntasaíochta.
Sula rachaidh sé isteach i ngealltanas dlíthiúil le tríú páirtí, déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin céannacht an íocaí a dheimhniú, eintiteas dlítheanach agus sonraí íocaíochta an íocaí a bhunú agus iad a iontráil sa chomhchomhad de réir na hinstitiúide de chuid an Aontais as a bhfuil an t-oifigeach cuntasaíochta freagrach chun trédhearcacht, cuntasacht agus cur chun feidhme íocaíochta cuí a áirithiú.
Féadfaidh an t-oifigeach cuntasaíochta íocaíochtaí a dhéanamh i gcás inar iontráladh eintiteas dlítheanach agus sonraí íocaíochta an íocaí i gcomhchomhad roimh ré de réir institiúid an Aontais as a bhfuil an t-oifigeach cuntasaíochta freagrach, agus sa chás sin amháin.
Cuirfidh oifigigh údarúcháin an t-oifigeach cuntasaíochta ar an eolas faoi aon athrú sna sonraí dlíthiúla agus íocaíochta a chuirfidh an t-íocaí in iúl dóibh agus seiceálfaidh siad go bhfuil na sonraí sin bailí sula n-údaróidh siad aon íocaíocht.
Airteagal 87
Fardal na sócmhainní
1. Coinneoidh institiúidí an Aontais agus gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais dá dtagraítear i Roinn 2 de Chaibidil 3 den Teideal seo fardail lena léirítear méid agus luach a gcuid sócmhainní inláimhsithe, neamh-inláimhsithe agus airgeadais uile i gcomhréir le heiseamláir a tharraingeoidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin suas.
Seiceálfaidh siad freisin go gcomhfhreagraíonn na hiontrálacha ina gcuid fardal faoi seach don staid iarbhír.
Míreanna a fuarthas ar mó a dtréimhse úsáide ná aon bhliain amháin, nach tomhaltáin iad, agus ar mó a bpraghas ceannaigh nó a gcostas táirgthe ná an costas a léirítear leis na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 77, déanfar iad a iontráil agus a thaifead i gcuntais na sócmhainní seasta.
2. Déanfar fógraíocht chuí ar shócmhainní inláimhsithe an Aontais a bheith á ndíol.
3. Glacfaidh institiúidí an Aontais agus gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais dá dtagraítear i Roinn 2 de Chaibidil 3 den Teideal seo na forálacha maidir leis na sócmhainní arna gcuimsiú ina bhfardail faoi seach agus déanfaidh siad cinneadh faoin roinn riaracháin atá freagrach as an gcóras fardail.
Airteagal 88
Cuntais óinchiste
1. Féadfar cuntais óinchiste a bhunú chun caiteachas a íoc, i gcás nach bhféadfar nó nach bhfuil sé éifeachtúil oibríochtaí íocaíochta a dhéanamh leis na gnáthnósanna buiséadacha toisc gur teoranta na méideanna atá i gceist. Féadfar cuntais óinchiste a bhunú freisin chun ioncam nach acmhainní dílse a bhailiú.
I dtoscaireachtaí de chuid an Aontais, féadfar cuntais óinchiste a úsáid chun méideanna teoranta a íoc, le nósanna imeachta buiséadacha, más éifeachtúil agus más éifeachtach an úsáid sin de réir riachtanais áitiúla.
Bunóidh an t-oifigeach cuntasaíochta an méid is mó a fhéadfaidh an riarthóir óinchiste a íoc i gcás nach féidir oibríochtaí íocaíochtaí a dhéanamh go hábhartha trí nósanna imeachta buiséid, nó i gcás ina mbeidh sé neamhéifeachtúil iad a dhéanamh, agus, ní bheidh sé, in aon chás, níos mó ná EUR 60 000 do gach aon mhír chaiteachais.
Mar sin féin, féadfar leas a bhaint as cuntais óinchiste, i dtaca le cabhair um bainistiú géarchéime agus i dtaca le hoibríochtaí a bhaineann le cabhair dhaonnúil, agus ní chuirfear aon teorainn leis an méid a bheidh i gceist agus urramófar leibhéal na leithreasuithe arna gcinneadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle maidir leis an líne buiséid chomhfhreagrach don bhliain reatha airgeadais agus i gcomhréir le rialacha inmheánacha an Choimisiúin.
2. I dtoscaireachtaí an Aontais, bunófar cuntais óinchiste chun caiteachas ó ranna an bhuiséid a bhaineann leis an gCoimisiún agus le SEGS a íoc, ar chaoi agus go n-áiritheofar inrianaitheacht iomlán an chaiteachais.
Airteagal 89
Cuntais óinchiste a chruthú agus a riar
1. Is le cinneadh ó oifigeach cuntasaíochta institiúid an Aontais a chruthófar cuntas óinchiste agus a cheapfar riarthóir óinchiste, ar bhonn molta chuí-réasúnaithe ag an oifigeach údarúcháin atá freagrach. Leagfar amach leis an gcinneadh sin freagrachtaí agus oibleagáidí an riarthóra óinchiste agus an oifigigh údarúcháin faoi seach.
Déanfar riarthóirí óinchiste a roghnú as measc na n-oifigeach, nó i gcás inar gá nó i gcásanna eile cuí-réasúnaithe, as measc comhaltaí foirne eile nó i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i rialacha inmheánacha an Choimisiúin as measc an phearsanra atá fostaithe ag an gCoimisiún i réimse na n-oibríochtaí cabhrach um bainistiú géarchéime agus oibríochtaí cabhrach daonnúla ar choinníoll go ráthaítear lena gconarthaí leibhéal coibhéiseach cosanta maidir le dliteanas mar is infheidhme maidir le comhaltaí foirne de bhun Airteagal 95. Déanfar riarthóirí a roghnú ar bhonn a gcuid eolais, scileanna agus ar bhonn na gcáilíochtaí áirithe atá acu i bhfianaise dioplómaí nó taithí ghairmiúil iomchuí, nó tar éis dóibh clár oiliúna iomchuí a dhéanamh.
2. Nuair a thíolacfar tograí le haghaidh cinntí lena gcruthaítear cuntas óinchiste, áiritheoidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach an méid a leanas:
(a) |
go dtabharfar tosaíocht d’úsáid na nósanna imeachta buiséid i gcás ina mbeidh rochtain ar an gcóras cuntasaíochta ríomhairithe lárnach; |
(b) |
nach n-úsáidfear cuntais óinchiste ach amháin i gcásanna cuí-réasúnaithe. |
I gcás ina ndéanann sé cinneadh cuntas óinchiste a chruthú, déanfaidh an t-oifigeach cuntasaíochta téarmaí oibríochta agus na coinníollacha maidir le húsáid an chuntais óinchiste a shonrú.
Is le cinneadh ó oifigeach cuntasaíochta na hinstitiúide a dhéanfar téarmaí oibríochta cuntais óinchiste a leasú, ar thogra cuí-réasúnaithe ón oifigeach údarúcháin atá freagrach.
3. Is é an t-oifigeach cuntasaíochta a osclóidh agus a dhéanfaidh faireachán ar na cuntais bhainc don óinchiste agus is é a údaróidh na sínithe tarmligthe ar thogra cuí-réasúnaithe ón oifigeach údarúcháin atá freagrach.
4. Is é oifigeach cuntasaíochta institiúid an Aontais a mhaoineoidh na cuntais óinchiste agus is faoi fhreagracht riarthóirí óinchiste a chuirfear na cuntais sin.
5. Déanfar íocaíochtaí a leanúint le cinntí bailíochtaithe deiridh foirmiúla nó le horduithe íocaíochta arna síniú ag an oifigeach údarúcháin atá freagrach.
Socróidh an t-oifigeach údarúcháin na hidirbhearta óinchiste faoi dheireadh na míosa ina dhiaidh sin, sa chaoi gur féidir an comhardú cuntasaíochta agus an comhardú bainc a réiteach.
6. Déanfaidh an t-oifigeach cuntasaíochta seiceálacha, nó cuirfidh sé faoi deara ag comhalta foirne ina roinn féin nó sa roinn údarúcháin a chumhachtófar go sonrach chun na críche sin iad a dhéanamh. Cuirfear na seiceálacha sin i gcrích, mar riail ghinearálta, ar an láthair, agus i gcás inar gá, gan foláireamh a thabhairt, lena fhíorú gurb ann do na cistí arna leithdháileadh ar na riarthóirí óinchiste agus don leabharchoimeád agus lena sheiceáil an ndearnadh idirbhearta óinchiste a shocrú laistigh den teorainn ama a leagadh síos. Cuirfidh an t-oifigeach cuntasaíochta torthaí na seiceálacha sin in iúl don oifigeach údarúcháin atá freagrach.
CAIBIDIL 5
Dliteanas na ngníomhaithe airgeadais
Airteagal 90
An tarmligean cumhachtaí a tharraingt siar agus dualgais na ngníomhaithe airgeadais a chur ar fionraí
1. Maidir leis na hoifigigh údarúcháin atá freagrach, féadfaidh an t-údarás a cheap na hoifigigh sin an tarmligean sin nó an fo-tharmligean sin a tharraingt siar, aon tráth, go sealadach nó go cinntitheach.
2. Maidir leis an oifigeach cuntasaíochta, leis na riarthóirí óinchiste, nó maidir leo araon, féadfaidh an t-údarás a cheap na riarthóirí sin iad a chur ar fionraí, aon tráth, go sealadach nó go cinntitheach, óna ndualgais.
3. Ní dochar mír 1 ná mír 2 d’aon bheart araíonachta a ghlacfar i leith na ngníomhaithe airgeadais dá dtagraítear sna míreanna sin.
Airteagal 91
Dliteanas gníomhaithe airgeadais maidir le gníomhaíocht neamhdhleathach, calaois, nó éilliú
1. Ní dochar an Chaibidil seo d’aon dliteanas faoin dlí coiriúil a d’fhéadfadh na gníomhaithe airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 90 a thabhú mar a fhoráiltear sa dlí náisiúnta is infheidhme agus sna forálacha atá i bhfeidhm maidir le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus maidir leis an gcomhrac i gcoinne an éillithe a bhfuil oifigigh an Aontais nó oifigigh na mBallstát i dtreis ann.
2. Gan dochar d’Airteagal 92, d’Airteagal 94, ná d’Airteagal 95, beidh gach oifigeach údarúcháin atá freagrach, gach oifigeach cuntasaíochta nó gach riarthóir óinchiste faoi dhliteanas beart araíonachta agus beidh siad faoi dhliteanas cúiteamh a íoc mar a leagtar síos sna Rialacháin Foirne nó, i gcás an phearsanra atá fostaithe ag an gCoimisiún i réimse na n-oibríochtaí cabhrach um bainistiú géarchéime agus oibríochtaí cabhrach daonnúla amhail dá dtagraítear in Airteagal 89(1) den Rialachán seo, mar a leagtar síos ina gconarthaí fostaíochta. I gcás aon ghníomhaíochta mídhleathaí nó aon chalaoise nó aon éillithe a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do leasanna an Aontais, tarchuirfear an cás chuig na húdaráis agus na comhlachtaí arna n-ainmniú leis an reachtaíocht is infheidhme, go háirithe OLAF.
Airteagal 92
Na rialacha is infheidhme maidir le hoifigigh údarúcháin
1. Beidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach faoi dhliteanas cúiteamh a íoc mar a leagtar síos sna Rialacháin Foirne.
2. Maidir leis an oibleagáid cúiteamh a íoc, beidh feidhm aici, go háirithe, i gcás ina ndéanann an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach aon cheann de na nithe seo a leanas, cibé acu d’aon turas é nó le mórfhaillí dá chuid:
(a) |
na teidlíochtaí a bheidh le haisghabháil a chinneadh nó orduithe aisghabhála a eisiúint, gealltanas a thabhairt maidir le caiteachas nó ordú íocaíochta a shíniú gan an Rialachán seo a chomhlíonadh; |
(b) |
mura dtarraingeoidh an t-oifigeach údarúcháin suas doiciméad lena suitear méid is infhaighte, mura n-eiseoidh sé ordú aisghabhála nó má tá moill air agus ordú íocaíochta á eisiúint aige, rud a fhágfaidh go bhféadfadh tríú páirtithe caingean shibhialta a thabhairt i gcoinne institiúid an Aontais. |
3. Oifigeach údarúcháin trí tharmligean nó trí fho-tharmligean a gheobhaidh treoir cheangailteach a mheasfaidh sé a bheith mírialta nó ag teacht salach ar phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, go háirithe toisc nach féidir an treoir a chur i gcrích i ngeall ar líon na n-acmhainní a leithdháileadh air, cuirfidh sé sin in iúl i scríbhinn don údarás a bhronn an tarmligean nó an fo-tharmligean air. Má dhearbhaítear an treoir i scríbhinn agus má fhaightear an dearbhú sin in am agus i dtráth agus cruth sách soiléir air, sa mhéid go ndéantar tagairt go sainráite ann do na pointí a ndearna an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean nó an t-oifigeach údarúcháin trí fho-tharmligean agóid ina leith, ní chuirfear aon dliteanas ar an oifigeach údarúcháin trí tharmligean ná ar an oifigeach údarúcháin trí fho-tharmligean. Cuirfidh sé an treoir i gcrích, ach amháin más léir go bhfuil sí neamhdhleathach nó go bhfuil na caighdeáin sábháilteachta ábhartha á sárú aici.
Beidh feidhm ag an nós imeachta céanna i gcásanna ina measann oifigeach údarúcháin, maidir le cinneadh a bheidh sé de fhreagracht air a dhéanamh, go bhfuil sé mírialta nó go bhfuil sé ag teacht salach ar phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, nó i gcás ina bhfaigheann oifigeach údarúcháin amach, le linn dó treoir cheangailteach a chur i gcrích, go bhféadfadh imthosca an cháis a bheith ina gcúis le staid den chineál sin.
Aon treoracha a dhearbhaítear sna himthosca dá dtagraítear sa mhír seo, déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean atá freagrach iad a thaifeadadh agus déanfaidh sé iad a lua ina thuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí.
4. I gcás ina ndéanfar fo-tharmligean laistigh dá sheirbhís, is é an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean a bheidh freagrach i gcónaí as éifeachtúlacht agus éifeachtacht na gcóras bainistíochta inmheánaí agus na gcóras rialaithe inmheánaigh atá ann agus is é a bheidh freagrach freisin as an oifigeach údarúcháin trí fho-tharmligean a roghnú.
5. I gcás fo-tharmligean chuig cinn thoscaireachtaí an Aontais agus chuig a n-ionadaithe, beidh an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean freagrach as sainiú na gcóras bainistíochta inmheánaí agus rialaithe inmheánaigh atá ann, mar aon le héifeachtúlacht agus éifeachtacht na gcóras sin. Beidh cinn thoscaireachtaí an Aontais freagrach as bunú agus feidhmiú leordhóthanach na gcóras sin, i gcomhréir le treoracha an oifigigh údarúcháin trí tharmligean, agus as bainistíocht na gcistí agus na ngníomhaíochtaí a dhéanann siad laistigh de thoscaireacht an Aontais atá faoina gcúram. Sula rachaidh siad i mbun a ndualgas, caithfidh siad cúrsaí oiliúna sainiúla a dhéanamh ar chúraimí agus ar fhreagrachtaí na n-oifigeach údarúcháin agus ar chur chun feidhme an bhuiséid.
Ullmhóidh cinn thoscaireachtaí an Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 76(3), tuarascáil maidir lena bhfreagrachtaí de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo.
Gach bliain, soláthróidh cinn thoscaireachtaí an Aontais dearbhú d’oifigeach údarúcháin trí tharmligean an Choimisiúin maidir leis na córais bainistíochta inmheánaí agus rialaithe inmheánaigh a cuireadh ar bun ina dtoscaireacht, mar aon le dearbhú maidir le bainistiú oibríochtaí a dhéantar a fho-tharmligean chucu agus torthaí na n-oibríochtaí sin, chun a cheadú don oifigeach údarúcháin an dearbhú dá bhforáiltear in Airteagal 74(9) a dhéanamh.
Beidh feidhm ag an mír seo freisin maidir le leas-chinn thoscaireachtaí an Aontais i gcás ina ngníomhaíonn siad mar oifigigh údarúcháin trí fho-tharmligean má bhíonn cinn thoscaireachtaí an Aontais as láthair.
Airteagal 93
An chaoi a ndéileálfar le neamhrialtachtaí airgeadais a rinne ball foirne
1. Gan dochar do chumhachtaí OLAF agus do neamhspleáchas rialacháin institiúidí de chuid an Aontais, comhlachtaí de chuid an Aontais, oifigí Eorpacha nó comhlachtaí nó daoine ar cuireadh de chúram orthu gníomhaíochtaí sonracha in CBES a chur chun feidhme de bhun Theideal V de CAE i leith na gcomhaltaí dá bhfoireann agus an aird chuí a thabhairt ar chosaint na sceithirí, déanfar aon sárú ar an Rialachán seo, nó ar fhoráil a bhaineann le bainistíocht airgeadais nó le seiceáil oibríochtaí a bheidh mar thoradh ar ghníomh nó ar fhaillí a dhéanann comhalta foirne, déanfaidh aon duine díobh seo thíos an sárú sin a chur faoi bhráid painéal dá dtagraítear in Airteagal 143 le haghaidh tuairime:
(a) |
an t-údarás ceapacháin a bhfuil bearta araíonachta de chúram air; |
(b) |
an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach, lena n-áirítear cinn thoscaireachtaí an Aontais agus a n-ionadaithe a bhíonn ag feidhmiú mar oifigigh údarúcháin trí fho-tharmligean i gcomhréir le hAirteagal 60(2) nuair nach mbíonn na cinn i láthair. |
I gcás ina gcuirfidh an comhalta foirne an painéal ar an eolas go díreach, tarchuirfidh sé an comhad chuig údarás ceapacháin na hinstitiúide de chuid na Aontais, an chomhlachta de chuid an Aontais, na hoifige Eorpaí nó na comhlachta nó an duine lena mbaineann de chuid an Aontais agus cuirfidh sé an comhalta foirne ar an eolas dá réir sin. Féadfaidh an t-údarás ceapacháin tuairim an phainéil ar an gcás a iarraidh.
2. Beidh cur síos ag gabháil le hiarraidh ar thuairim an phainéil de bhun na chéad fhomhíre de mhír 1, ar na fíricí agus an neamhghníomh faoinar iarradh measúnú ón bpainéal, mar aon le doiciméid ábhartha tacaíochta, lena n-áirítear tuarascála ar aon imscrúdú a rinneadh. Aon uair is féidir, cuirfear an fhaisnéis amach i ndíth ainm.
Sula gcuirfidh an t-údarás ceapacháin nó an t-oifigeach údarúcháin, de réir mar is cuí, iarratas nó aon fhaisnéis bhreise chuig an bpainéal, tabharfaidh siad deis don chomhalta foirne lena mbaineann barúlacha a chur faoina bhráid, tar éis dó fógra a tabhairt don chomhalta foirne maidir leis na doiciméid tacaíochta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, chomh fada agus nach mbaineann an fógra sin an bonn ar bhealach tromchúiseach d’imscrúduithe breise.
3. Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, beidh an painéal dá dtagraítear in Airteagal 143 inniúil chun a mheasúnú, ar bhonn na n-eilimintí a cuireadh faoina bhráid de bhun mhír 2 den Airteagal seo agus de bhun aon fhaisnéis bhreise a fuarthas, an raibh neamhrialtacht airgeadais ann. Ar bhonn thuairim an phainéil, cinnfidh an institiúid de chuid an Aontais, an comhlacht de chuid an Aontais, an oifig Eorpach nó an comhlacht nó an duine lena mbaineann na gníomhaíochtaí leantacha is iomchuí i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne. Má aimsíonn an painéal deacrachtaí sistéamacha, cuirfidh sé a mholadh chuig an oifigeach údarúcháin agus chuig an oifigeach údarúcháin trí tharmligean, ach amháin más é an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean an comhalta foirne atá i gceist, agus cuirfidh sé chuig an iniúchóir inmheánach freisin é.
4. I gcás ina dtabharfaidh an painéal an tuairim dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, beidh na comhaltaí dá dtagraítear in Airteagal 143(2) ar an bpainéal, mar aon le triúr comhaltaí breise mar a luaitear thíos, a cheapfar agus á chur san áireamh gur gá nach mbeidh aon choinbhleachtaí leasa ann:
(a) |
ionadaí ón údarás ceapacháin, de chuid na hinstitiúide de chuid an Aontais, an chomhlachta de chuid an Aontais, na hoifige Eorpaí nó an chomhlachta nó an duine lena mbaineann, a bhfuil bearta araíonachta de chúram air; |
(b) |
comhalta a cheapfaidh coiste foirne na hinstitiúide de chuid an Aontais, an chomhlachta de chuid an Aontais, na hoifige Eorpaí nó an chomhlachta nó an duine lena mbaineann; |
(c) |
comhalta de chuid sheirbhís dlí institiúid sin an Aontais a fhostaíonn an comhalta foirne lena mbaineann. |
I gcás ina dtabharfaidh an painéal an tuairim dá dtagraítear i mír 1, déanfar í a dhíriú chuig údarás ceapacháin na hinstitiúide de chuid an Aontais, an chomhlachta de chuid an Aontais, na hoifige Eorpaí nó an chomhlachta nó an duine lena mbaineann.
5. Ní bheidh cumhachtaí imscrúdaitheacha ag an bpainéal. Comhoibreoidh an institiúid de chuid an Aontais, an comhlacht de chuid an Aontais, an oifig Eorpach nó an comhlacht nó an duine lena mbaineann leis an bpainéal d’fhonn a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis ar fad aige a theastóidh uaidh chun a thuairim a thabhairt.
6. I gcás ina measann an painéal gur ábhar is ceart fágáil faoi OLAF é an cás, cuirfidh sé, i gcomhréir le mír 1, an comhad chuig an údarás ceapacháin iomchuí gan mhoill agus cuirfidh sé OLAF ar an eolas láithreach.
7. Tabharfaidh na Ballstáit lántacaíocht don Aontas le linn fhorfheidhmiú aon dliteanais faoi Airteagal 22 de Rialacháin Foirne, i leith foireann shealadach a bhfuil feidhm ag pointe (e) d’Airteagal 2 de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile na gComhphobal Eorpach maidir léi.
E
Airteagal 94
Na rialacha is infheidhme maidir le hoifigigh chuntasaíochta
Beidh oifigeach cuntasaíochta faoi dhliteanas beart araíonachta agus faoi dhliteanas cúiteamh a íoc, mar a leagtar síos sna nósanna imeachta atá sna Rialacháin Foirne agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta sin. Féadfaidh, go háirithe, mar thoradh ar aon cheann de na cineálacha mí-iompair seo a leanas oifigeach cuntasaíochta a chur faoi dhliteanas:
(a) |
airgead, sócmhainní nó doiciméid faoina chúram a chailleadh nó damáiste a dhéanamh dóibh; |
(b) |
cuntais bhainc nó cuntais ghíoró oifige poist a athrú go mícheart; |
(c) |
méideanna nach bhfuil i gcomhréir leis na horduithe aisghabhála ná leis na horduithe íocaíochta comhfhreagrach a aisghabháil nó a íoc; |
(d) |
mainniú ioncam atá dlite a bhailiú. |
Airteagal 95
Na rialacha is infheidhme maidir le riarthóirí óinchiste
Féadfaidh mar thoradh ar aon cheann de na cineálacha mí-iompair seo a leanas riarthóir óinchiste a chur faoi dhliteanas:
(a) |
airgead, sócmhainní nó doiciméid faoina chúram a chailleadh nó damáiste a dhéanamh dóibh; |
(b) |
mainniú na doiciméid is iomchuí a sholáthar a thacaíonn leis na híocaíochtaí a rinne sé; |
(c) |
íocaíochtaí a dhéanamh le daoine seachas na daoine atá ina dteideal; |
(d) |
mainniú ioncam atá dlite a bhailiú. |
CAIBIDIL 6
Oibríochtaí ioncaim
Airteagal 96
Acmhainní dílse
1. Maidir le meastachán ar ioncam a thagann as acmhainní dílse, amhail dá dtagraítear i gCinneadh 2014/335/AE, Euratom, déanfar é a iontráil sa bhuiséad in euro. Cuirfear na hacmhainní dílse comhfhreagracha ar fáil i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014.
2. Tarraingeoidh an t-oifigeach údarúcháin sceideal suas ina léireofar an uair a chuirfear na hacmhainní dílse arna sainmhíniú i gCinneadh 2014/335/EU, Euratom ar fáil don Choimisiún.
Déanfar acmhainní dílse a shuí agus a aisghabháil i gcomhréir leis na rialacha arna nglacadh de bhun an Chinnidh sin.
Chun críocha cuntasaíochta, eiseoidh an t-oifigeach údarúcháin ordú aisghabhála i ndáil le sócmhainní agus dócmhainní don chuntas le haghaidh acmhainní dílse dá dtagraítear i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014.
Airteagal 97
Na méideanna is infhaighte a mheas
1. Nuair atá ag an oifigeach údarúcháin atá freagrach aon fhaisnéis leordhóthanach iontaofa i leith beart nó staid a bhféadfadh méid a bheadh dlite don Aontas a theacht as, déanfaidh an t-oifigeach sin meastachán ar an méid is infhaighte.
2. Déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach an méid is infhaighte a choigeartú a luaithe is eol dó eachtra a bheith ann a athraíonn an beart nó ar an staid arbh é ba chúis leis an meastachán a dhéanamh.
Agus ordú aisghabhála á bhunú maidir le beart nó staid ar tháinig meastachán ar na méideanna is infhaighte as roimhe sin, déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach an meastachán sin a choigeartú dá réir sin.
Má tharraingítear suas an t-ordú aisghabhála don mhéid céanna agus an bunmheastachán ar na méideanna is infhaighte, laghdófar an meastachán go nialas.
3. De mhaolú ar mhír 1, ní dhéanfar aon mheastachán ar an méid is infhaighte sula ndéanfaidh na Ballstáit méideanna na n-acmhainní dílse atá sainithe i gCinneadh 2014/335/CE, Euratom, a chur faoi bhráid an Choimisiúin, ar méideanna iad a íocann na Ballstáit ag tráthanna réamhshocraithe. Eiseoidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach ordú aisghabhála i ndáil leis na méideanna sin.
Airteagal 98
Na méideanna is infhaighte a shuí
1. Chun méid is infhaighte a shuí, déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach an méid seo a leanas:
(a) |
fíorú gurb ann don fhiach; |
(b) |
cinneadh nó fíorú go bhfuil an fiach ann go fírinneach agus cinnfidh sé nó fíoróidh sé méid an fhéich sin; agus |
(c) |
na coinníollacha faoina bhfuil an fiach dlite a fhíorú. |
Is éard a bheidh i suí méid is infhaighte, ceart an Aontais i leith féichiúnaí a aithint agus teidlíocht a shuí lena n-éileofar ar an bhféichiúnaí an fiach a íoc.
2. Aon mhéid is infhaighte agus a shainaithnítear mar mhéid atá cinnte, socraithe agus dlite, déanfar é a shuí le hordú aisghabhála lena dtabharfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach treoir don oifigeach cuntasaíochta an méid a aisghabháil. Cuirfear nóta sochair ina dhiaidh sin chuig an bhféichiúnaí láithreach i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 4, ach amháin i gcásanna ina ndéanfar nós imeachta um tharscaoileadh gan mhoill. Is é an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach a tharraingeoidh suas an t-ordú aisghabhála agus an nóta dochair araon.
Seolfaidh an t-oifigeach údarúcháin an nóta dochair gan mhoill tar éis dó an méid is infhaighte a shuí, agus ar a dhéanaí laistigh de thréimhse 5 bliana ón uair a bheidh institiúid an Aontais, faoi ghnáthchúinsí, in ann an fiach a éileamh. Ní bheidh feidhm ag an tréimhse sin i gcás ina suífidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach gurbh é iompar an fhéichiúnaí ba chúis leis an moill a bhí ar an ngníomhaíocht, d’ainneoin na n-iarrachtaí a rinne institiúid an Aontais.
3. Chun méid is infhaighte a shuí, áiritheoidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach an méid seo a leanas:
(a) |
go bhfuil an méid is infhaighte cinnte, is é sin nach bhfuil sé faoi réir coinníoll ar bith; |
(b) |
go bhfuil an méid is infhaighte socraithe, arna shloinneadh go cruinn i dtéarmaí airgead tirim; |
(c) |
go bhfuil an méid is infhaighte dlite agus nach bhfuil sé faoi réir am íocaíochta faoi leith; |
(d) |
go bhfuil mionsonraí an fhéichiúnaí ceart; |
(e) |
go bhfuil an méid iontráilte faoin mír bhuiséadach cheart; |
(f) |
go bhfuil na doiciméid tacaíochta in ord; agus |
(g) |
go gcomhlíonfar prionsabal na bainistíochta airgeadais fónta, go háirithe i ndáil leis na critéir dá dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 101(2). |
4. Is é a dhéanfar leis an nóta dochair a chur in iúl don fhéichiúnaí:
(a) |
go bhfuil an méid is infhaighte suite ag an Aontas; |
(b) |
má ghlantar an fiach laistigh den sprioc-am, mar a shonraítear sa nóta dochair, nach mbeidh aon ús mainneachtana dlite; |
(c) |
má mhainnítear íocaíocht an fhéich laistigh den sprioc-am dá dtagraítear i bpointe (b) den fhomhír seo íocfar ús uirthi de réir an ráta dá dtagraítear in Airteagal 99, gan aon dochar d’aon rialacháin ar leith is infheidhme; |
(d) |
má mhainnítear íocaíocht an fhéich faoin sprioc-am dá dtagraítear i bpointe (b) déanfaidh institiúid an Aontais aisghabháil trí fhritháireamh nó trí aon ráthaíocht a taisceadh roimh ré a fhorfheidhmiú; |
(e) |
i gcásanna eisceachtúla inar gá leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus ina mbeidh bonn cuí ag an oifigeach cuntasaíochta lena mheas go gcaillfí an méid atá dlite don Aontas, féadfaidh an t-oifigeach cuntasaíochta aisghabháil a dhéanamh le fritháireamh roimh an sprioc-am dá dtagraítear i bpointe (b); |
(f) |
mura ndéanfar an méid iomlán a aisghabháil, tar éis di na bearta uile a leagtar i bpointe (a) go pointe (e) den fhomhír seo a dhéanamh, déanfaidh institiúid de chuid an Aontais aisghabháil trí chinneadh a fhorfheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 100(2) nó le caingean dlí. |
I gcás ina ndéanfar mionsonraí an fhéichiúnaí a fhíorú nó ar bhonn aon fhaisnéis ábhartha atá ar fáil ag an am, agus inar léir go dtagann an fiach faoi na cásanna dá dtagraítear i bpointe (a) nó (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 101(2), nó nár seoladh an nóta dochair i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, déanfaidh an t-oifigeach, tar éis an méid is infhaighte a shuí, cinneadh an aisghabháil a tharscaoileadh go díreach i gcomhréir le hAirteagal 101 gan an nóta dochair a sheoladh, le comhaontú ón oifigeach cuntasaíochta.
I ngach cás eile, priontálfaidh an t-oifigeach údarúcháin an nóta dochair agus seolfaidh sé chuig an bhféichiúnaí é. Cuirfear an t-oifigeach cuntasaíochta ar an eolas gur seoladh an nóta dochair tríd an gcóras faisnéise airgeadais.
5. Déanfar méideanna a íocadh trí dhearmad a aisghabháil.
Airteagal 99
Ús mainneachtana
1. Gan dochar d’aon fhorálacha sonracha a d’eascair as cur i bhfeidhm rialachán sonrach, íocfar ús ar aon mhéid is infhaighte nach mbeidh aisíoctha tráth an sprioc-ama dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 98(4), íocfar ús air i gcomhréir le mír 2 agus mír 3 den Airteagal seo.
2. Ach amháin sa chás dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, is é an ráta úis a bheidh ann le haghaidh méideanna is infhaighte nach mbeidh aisíoctha tráth an sprioc-ama dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 98(4), is é a bheidh ann an ráta úis a bheidh an Banc Ceannas Eorpach á chur i bhfeidhm maidir lena phríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin, mar a bheidh foilsithe i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, an ráta a bheidh i bhfeidhm ar an gcéad lá féilire den mhí sin, ó dháta íoctha an méid sin agus an méid seo curtha leis:
(a) |
ocht bpointe céatadáin i gcás gur conradh soláthair nó conradh i gcomhair seirbhís is cúis leis an oibleagáid; |
(b) |
trí phointe céatadáin go leith i ngach cás eile. |
3. Ríomhfar an t-ús ón gcéad lá féilire tar éis an sprioc-ama dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 98(4) go dtí an lá féilire a mbeidh an fiach aisíoctha ina iomláine.
Eiseofar an t-ordú aisghabhála a chomhfhreagróidh do mhéid an úis mainneachtana nuair a gheofar an t-ús sin iarbhír.
4. I gcás fíneálacha agus pionóis eile, is é an ráta úis a bheidh ann le haghaidh méideanna is infhaighte nach mbeidh íoctha laistigh den sprioc-am dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 98(4), is é a bheidh ann an ráta úis a mbeidh an Banc Ceannas Eorpach á chur i bhfeidhm maidir lena phríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin, mar a bheidh foilsithe i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, an ráta a bheidh i bhfeidhm ar an gcéad lá féilire den mhí sin, ó dháta íoctha an mhéid sin agus an méid seo curtha leis:
(a) |
aon phointe céatadáin go leith i gcás inar chuir an féichiúnaí ráthaíocht airgeadais ar fáil agus gur ghlac an t-oifigeach cuntasaíochta í in ionad íocaíochta; |
(b) |
trí phointe céatadáin go leith i ngach cás eile. |
I gcás ina ndéanfaidh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, agus í ag feidhmiú a inniúlachta faoi Airteagal 261 CFAE, méid fíneála nó pionóis eile a mhéadú, tosófar ag gearradh ús ar mhéid an mhéadaithe ó dháta an bhreithiúnais ón gCúirt.
5. I gcásanna ina mbeadh an ráta foriomlán úis diúltach, socrófar é ag náid faoin gcéad.
Airteagal 100
Gnóthú a údarú
1. Tabharfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach ordú don oifigeach cuntasaíochtaméid is infhaighte arna suí ag an oifigeach údarúcháin sin a aisghabháil (“údarú aisghabhála”).
2. Féadfaidh institiúid de chuid an Aontais méid a shuí go foirmiúil mar mhéid is infhaighte ó dhaoine seachas ó Stáit trí chinneadh a dhéanamh a bheidh in-fhorfheidhmithe de réir bhrí Airteagal 299 CFAE.
Más gá chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint go héifeachtach tráthúil, féadfaidh institiúidí eile de chuid an Aontais, in imthosca eisceachtúla, a iarraidh go nglacfadh an Coimisiún cinneadh infheidhmithe sin chun a dtairbhe i dtaobh éileamh maidir le foireann nó i dtaobh comhaltaí nó iarchomhaltaí d’institiúid de chuid an Aontais, ar choinníoll go bhfuil na modúlachtaí praiticiúla maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo aontaithe ag na hinstitiúidí sin leis an gCoimisiún.
Measfar go mbeidh na himthosca eisceachtúla sin ann nuair nach mbeidh aon fhéidearthacht ann don institiúid de chuid an Aontais lena mbaineann aisghabháil a dhéanamh trí bhíthinn íocaíocht dheonach nó trí bhíthinn fritháireamh dá bhforáiltear in Airteagal 101(1) agus nach gcomhlíontar na coinníollacha leis an bhfiachas a aisghabháil faoi Airteagail 101(2) agus (3). Sna cásanna uile, sonrófar sa chinneadh infheidhmithe go n-iontrálfar na méideanna atáthar a éileamh sa roinn sin den bhuiséad a bhaineann leis an institiúid lena mbaineann de chuid an Aontais, agus gníomhóidh an institiúid sin mar oifigeach údarúcháin. Iontrálfar an t-ioncam mar ioncam ginearálta ach amháin más ioncam sannta é dá bhforáiltear in Airteagal 21(3).
Cuirfidh institiúid de chuid an Aontais is iarrthóir an Coimisiún ar an eolas faoi aon imthosca is dócha a athróidh an aisghabháil agus déanfaidh sí idirghabháil chun tacaíocht a thabhairt don Choimisiún i gcás achomharc i gcoinne an chinnidh infheidhmithe.
Airteagal 101
Rialacha maidir le gnóthú
1. Rachaidh an t-oifigeach cuntasaíochta i mbun gnímh maidir le horduithe aisghabhála i ndáil le méideanna is infhaighte arna shuí go hiomchuí ag an oifigeach údarúcháin atá freagrach. Déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin a dhícheall cuí a áirithiú go bhfaighidh an tAontas a ioncam agus áiritheoidh sé go gcosnófar cearta an Aontais.
Beidh an aisíocaíocht i bpáirt a dhéanfaidh féichiúnaí atá faoi réir roinnt orduithe aisghabhála a bhreacadh sa teidlíocht is sine murar shonraigh an féichiúnaí a mhalairt. Cumhdóidh aon íocaíochtaí i bpáirt an t-ús ar dtús.
Aisghabhfaidh an t-oifigeach cuntasaíochta méideanna atá dlite don bhuiséad trína bhfritháireamh i gcomhréir le hAirteagal 102.
2. Féadfaidh an t-oifigeach atá freagrach aisghabháil iomlán méid is infhaighte arna shuí nó cuid den mhéid sin sna cásanna seo a leanas amháin:
(a) |
i gcás nach mbeadh an costas aisghabhála is intuartha os cionn an méid atá le haisghabháil agus nach ndéanfadh an tarscaoileadh dochar d’íomhá an Aontais; |
(b) |
i gcás nach féidir an méid is infhaighte a aisghabháil mar gheall ar a aois, ar mhoill ar sheoladh an nóta dochair sna téarmaí arna sainmhíniú in Airteagal 98(2), ar dhócmhainneacht an fhéichiúnaí, nó ar aon imeachtaí dócmhainneachta eile; |
(c) |
i gcás nach bhfuil aisghabháil ag teacht le prionsabal na comhréireachta. |
I gcás ina mbeartóidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach aisghabháil a tharscaoileadh nó a tharscaoileadh i bpáirt i leith méid is infhaighte arna shuí, áiritheoidh sé nó sí go mbeidh an tarscaoileadh in eagar agus go mbeidh sé i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais agus na comhréireachta. Beidh bunús leis an gcinneadh maidir leis an aisghabháil a tharscaoileadh. Féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin an chumhacht maidir leis an gcinneadh sin a ghlacadh a tharmligean.
3. Sa chás dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír de mhír 2, gníomhóidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach i gcomhréir leis na nósanna imeachta réamhshocraithe arna mbunú laistigh de gach institiúid de chuid Aontais agus cuirfidh sé i bhfeidhm na critéir seo a leanas atá éigeantach agus infheidhme sna cásanna uile:
(a) |
na fíorais, agus a thromchúisí atá an neamhrialtacht lena gcinnfear an méid is infhaighte (calaois, coir a rinneadh níos mó ná uair amháin, intinn, dícheall, macántacht, earráid shoiléir); |
(b) |
an tionchar a bheadh ag tarscaoileadh na haisghabhála ar oibríocht an Aontais agus ar a leasanna airgeadais (an méid atá i gceist, an riosca go ndéanfaí fasach, an bonn a bhaint d’údarás an dlí). |
4. Ag brath ar imthosca an cháis, cuirfidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach na critéir seo a leanas san áireamh, i gcás inarb iomchuí:
(a) |
aon saobhadh ar an iomaíocht a thiocfadh as tarscaoileadh na haisghabhála; |
(b) |
an díobháil, idir eacnamaíoch agus shóisialta, a dhéanfaí dá n-aisghabhfaí an fiach ina iomláine. |
5. Cuirfidh gach institiúid de chuid an Aontais tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle Eorpach gach bliain maidir leis na tarscaoiltí a dheonaigh an institiúid lena mbaineann de chuid an Aontais de bhun mhíreanna 2, 3 agus 4 den Airteagal seo. Déanfar faisnéis maidir le tarscaoiltí faoi EUR 60 000 a chur ar fáil mar mhéid iomlán. I gcás an Choimisiúin, cuirfear an tuarascáil sin mar iarscríbhinn leis an achoimre ar na tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 74(9).
6. Féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach méid is infhaighte arna bhunú a chur ar ceal ina iomláine nó i bpáirt. Ní hionann méid is infhaighte arna shuí a chur ar ceal i bpáirt agus an teidlíocht bhunaithe de chuid an Aontais atá fágtha a tharscaoileadh.
Má dhéantar botún, cuirfidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach an méid is infhaighte arna shuí ar ceal i bpáirt nó go hiomlán agus tabharfaidh sé cúiseanna leordhóthanacha leis sin.
Leagfaidh gach institiúid de chuid an Aontais síos ina rialacha inmheánacha na rialacha, na coinníollacha agus an nós imeachta maidir leis an gcumhacht méid is infhaighte arna shuí a chur ar ceal.
7. Is ag na Ballstáit a bheidh an phríomhfhreagracht as rialuithe agus iniúchtaí a dhéanamh agus as méideanna a caitheadh go míchuí a aisghabháil, mar a fhoráiltear i rialacha earnáilsonracha. A mhéid a bhraitheann agus a cheartaíonn na Ballstáit neamhrialtachtaí ina gcuntas féin, beidh siad díolmhaithe ó cheartuithe airgeadais arna ndéanamh ag an Coimisiún maidir leis na neamhrialtachtaí sin.
8. Déanfaidh an Coimisiún ceartuithe airgeadais ar Bhallstáit chun caiteachas a tabhaíodh i gcoinne dhlí an Aontais a eisiamh ó mhaoiniú an Aontais. Déanfaidh an Coimisiún a cheartuithe airgeadais a bhunú ar mhéideanna a caitheadh go míchuí a shainaithint agus ar na himpleachtaí airgeadais ó thaobh bhuiséad an Aontais de. I gcás nach féidir na méideanna sin a shainaithint go beacht, féadfaidh an Coimisiún ceartuithe eachtarshuite nó ceartuithe ar ráta comhréidh a chur i bhfeidhm i gcomhréir le rialacha earnáilsonracha.
Déanfaidh an Coimisiún, agus méid an cheartaithe airgeadais á chinneadh aige, cineál an tsáraithe ar an dlí is infheidhme agus a thromchúisí atá sé mar aon leis na himpleachtaí airgeadais ó thaobh an bhuiséid de a chur san áireamh, lena n-áirítear easnaimh sna córais bainistithe agus rialaithe.
Féadfar na critéir le haghaidh ceartuithe airgeadais a shuí agus an nós imeachta a bheidh le leanúint a leagan síos i rialacha earnáilsonracha.
9. Déanfar an modh le haghaidh ceartuithe eachtarshuite nó ceartuithe ar ráta comhréidh a chur i bhfeidhm a leagan síos i gcomhréir le rialacha earnáilsonracha chun gur féidir leis an gCoimisiún leasanna airgeadais an Aontais a chosaint.
Airteagal 102
Gnóthú trí fhritháireamh
1. I gcás ina mbeidh éileamh ag an bhféichiúnaí ar an Aontas, nó ar ghníomhaireacht feidhmiúcháin atá ag cur an bhuiséid chun feidhme, agus más cinnte an t-éileamh sin de réir bhrí phointe (a) d’Airteagal 98(3), agus gur méid socraithe atá dlite de réir suim a suíodh le hordú íocaíochta, aisghabhfaidh an t-oifigeach cuntasaíochta, tar éis don sprioc-am dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 98(4) dul in éag, na méideanna a suíodh is infhaighte le fritháireamh.
I gcásanna eisceachtúla inar gá leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus ina mbeidh bonn cuí ag an oifigeach cuntasaíochta lena mheas go gcaillfí an méid atá dlite don Aontas, féadfaidh an t-oifigeach cuntasaíochta aisghabháil a dhéanamh le fritháireamh sula dtéann an sprioc-am dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 98(4) in éag.
Lena chois sin, féadfaidh an t-oifigeach cuntasaíochta freisin aisghabháil a dhéanamh le fritháireamh sula dtéann an sprioc-am dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 98(4) in éag nuair a thoileoidh an féichiúnaí leis sin.
2. Sula rachaidh sé i mbun aon aisghabháil i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, rachaidh an t-oifigeach cuntasaíochta i gcomhairle leis an oifigeach údarúcháin atá freagrach agus cuirfidh sé na féichiúnaithe lena mbaineann ar an eolas faoi sin, lena n-áirítear na modhanna sásaimh i gcomhréir le hAirteagal 133.
I gcás inar údarás náisiúnta nó ceann dá eintitis riaracháin é an féichiúnaí, cuirfidh an t-oifigeach cuntasaíochta an Ballstát lena mbaineann ar an eolas freisin go bhfuil sé beartaithe aige úsáid a bhaint as aisghabháil le fritháireamh faoi cheann 10 lá oibre ar a laghad roimh an am a bhainfidh sé úsáid as. Mar sin féin, i gcomhaontú leis an mBallstát nó leis an eintiteas riaracháin lena mbaineann, féadfaidh an t-oifigeach cuntasaíochta dul i mbun na haisghabhála le fritháireamh roimh an sprioc-am sin.
3. Beidh an éifeacht chéanna ag an bhfritháireamh dá dtagraítear i mír 1 agus atá ag íocaíocht agus urscaoilfear an tAontas leis an bhfritháireamh sin i leith mhéid an fhéich agus, i gcás inarb iomchuí, i leith mhéid an úis.
Airteagal 103
An nós imeachta deonach aisghabhála i gcás nach n-íocfar an méid go deonach
1. Gan dochar d’Airteagal 102, murar aisghabháladh an méid iomlán faoin sprioc-am dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 98(4), cuirfidh an t-oifigeach cuntasaíochta an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach ar an eolas faoi sin agus seolfaidh sé gan mhoill an nós imeachta maidir le haisghabháil a dhéanamh le haon mhodhanna atá le fáil sa dlí, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí aon ráthaíocht a taisceadh roimhe sin a fhorfheidhmiú.
2. Gan dochar d’Airteagal 102, i gcás nach bhféadfar an modh aisghabhála dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a úsáid agus gur mhainnigh an féichiúnaí íoc mar fhreagra ar litir fhoirmiúil fógartha a chuir an t-oifigeach cuntasaíochta, déanfaidhan t-oifigeach cuntasaíochta aisghabháil trí chinneadh a fhorfheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 100(2) nó le caingean dlí.
Airteagal 104
Am breise le haghaidh íocaíochta
Féadfaidh an t-oifigeach cuntasaíochta, i gcomhar leis an oifigeach údarúcháin atá freagrach, am breise a cheadú le haghaidh íocaíochta má rinne an féichiúnaí iarratas i scríbhinn ina raibh tuairisc iomchuí ar na cúiseanna a bhí leis an iarratas sin, agus sa chás sin amháin, agus ar acht go mbeidh na coinníollacha seo a leanas comhlíonta:
(a) |
gur gheall an féichiúnaí go n-íocfadh sé ús ar an ráta a shonraítear in Airteagal 99 le haghaidh na tréimhse breise a ceadaíodh, ón sprioc-am dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 98(4) ar aghaidh; |
(b) |
chun cearta an Aontais a chosaint, gur thaisc an féichiúnaí ráthaíocht airgeadais a chumhdaíonn an fiach atá le híoc sa phríomhshuim agus san ús, ráthaíocht a ghlac oifigeach cuntasaíochta institiúid de chuid an Aontais. |
Féadfar ráthaíocht chomhpháirteach agus leithleach ó thríú páirtí arna fhaomhadh ag oifigeach cuntasaíochta institiúid de chuid an Aontais a chur in ionad na ráthaíochta dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad mhír.
I gcásanna eisceachtúla, ar iarratas ón bhféichiúnaí, féadfaidh an t-oifigeach cuntasaíochta an ceanglas ráthaíocht a bheith ann dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad mhír a tharscaoileadh nuair a bheidh an féichiúnaí, ar bhonn a mheasúnaithe, sásta agus ábalta an íocaíocht a dhéanamh faoi cheann na tréimhse breise ama ach nach mbeidh sé ábalta an ráthaíocht sin a thaisceadh agus é a bheith ar anás airgeadais.
Airteagal 105
Tréimhse teorann
1. Gan dochar d’fhorálacha rialachán sonrach ná do chur i bhfeidhm Chinneadh 2014/335/AE, Euratom, beidh teidlíochtaí an Aontais i leith tríú páirtithe agus teidlíochtaí tríú páirtithe i leith an Aontais faoi réir tréimhse teorann 5 bliana.
2. Cuirfear tús le tréimhse teorann theidlíochtaí an Aontais i leith tríú páirtithe nuair a thiocfaidh an sprioc-am dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 98(4).
Cuirfear tús le tréimhse teorainn theidlíochtaí tríú páirtí i leith an Aontais ar an dáta a mbeidh íocaíocht theidlíocht an tríú páirtí dlite de réir an gealltanas dlíthiúil comhfhreagrach.
3. Brisfear tréimhse teorann theidlíochtaí an Aontais i leith tríú páirtithe le haon ghníomhaíocht a dhéanfaidh institiúid Aontais, nó Ballstát agus é nó í ag gníomhú ar iarratas institiúide Aontais, ar tugadh fógra fúithi agus atá dírithe ar an bhfiach a aisghabháil.
Brisfear tréimhse teorainn theidlíochtaí tríú páirtí i leith an Aontais le haon ghníomhaíocht ar thug creidiúnaithe an Aontais fógra fúithi dó nó ar tugadh fógra fúithi dó thar ceann a chreidiúnaithe agus a bheidh dírithe ar an bhfiach a aisghabháil.
4. Cuirfear tús le tréimhse teorann nua 5 bliana ar an lá tar éis na mbristí dá dtagraítear i mír 3.
5. Brisfidh aon chaingean dlí a bhaineann le teidlíocht amhail dá dtagraítear i mír 2, lena n-áirítear caingne a tugadh os comhair cúirt a dhearbhaigh ina dhiaidh sin nach raibh dlínse aici, brisfidh an chaingean sin an tréimhse teorann. Ní chuirfear tús le tréimhse teorann nua 5 bliana go dtí go dtabharfar breithiúnas ag a bhfuil feidhm res judicata nó go ndéanfar réiteach seachbhreithiúnach idir na páirtithe céanna ar an gcaingean chéanna.
6. I gcás ina gceadóidh an t-oifigeach cuntasaíochta am breise le haghaidh na híocaíochta i gcomhréir le hAirteagal 104, measfar gur briseadh ar an tréimhse teorainn sin. Cuirfear tús leis an tréimhse teorann nua 5 bliana ar an lá tar éis don am breise le haghaidh na híocaíochta dul in éag.
7. Ní aisghabhfar teidlíochtaí an Aontais tar éis don tréimhse teorann dá dtagraítear i míreanna 2 go 6, dul in éag.
Airteagal 106
Conas caitheamh le teidlíochtaí de chuid an Aontais sna Ballstáit
I gcás nósanna imeachta um dhócmhainneacht, tabharfar an chóir fhabhrach chéanna do theidlíochtaí an Aontais agus a thugtar do theidlíochtaí den chineál céanna atá dlite do chomhlachtaí poiblí sna Ballstáit ina ndéanfar na himeachtaí maidir le haisghabháil.
Airteagal 107
Fíneálacha, pionóis eile, smachtbhannaí agus ús fabhraithe arna bhforchur ag institiúidí an Aontais
1. Ní iontrálfar sa bhuiséad méideanna a gheofar trí fhíneálacha, trí phionóis eile, trí smachtbhannaí ná aon ús fabhraithe nó ioncam eile a gineadh dá mbarr, fad atá na cinntí lenar forchuireadh iad a faoi réir achomharc os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh nó fad a fhéadfaidís fós teacht faoi réir achomhairc.
2. Iontrálfar sa bhuiséad na méideanna dá dtagraítear i mír 1 a luaithe is féidir tar éis gach leigheas dlíthiúil a bheith ídithe. In imthosca eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo nó i gcás gach leigheas dlíthiúil a bheith ídithe tar éis an 1 Meán Fómhair an bhliain airgeadais reatha, féadfar na méideanna a iontráil sa bhuiséad an bhliain airgeadais ina dhiaidh sin.
Ní iontrálfar sa bhuiséad méideanna a bheidh le tabhairt ar ais don eintiteas a d’íoc iad tar éis breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.
3. Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le cinntí i dtaobh cuntais a imréiteach ná i dtaobh ceartuithe airgeadais.
Airteagal 108
Fíneálacha, pionóis nó smachtbhannaí eile arna bhforchur ag institiúidí an Aontais a aisghabháil
1. I gcás ina dtabharfar caingean os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcoinne cinneadh ó institiúid de chuid an Aontais lenar forchuireadh fíneáil, pionós eile nó smachtbhanna faoi CFAE nó faoi Chonradh Euratom agus go dtí go mbeidh na leigheasanna dlíthiúla uile ídithe, déanfaidh an féichiúnaí na méideanna lena mbaineann a íoc go sealadach isteach sa chuntas bainc a d’ainmnigh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin nó ráthaíocht airgeadais a thabhairt a bheidh inghlactha ag oifig cuntasaíochta an Choimisiúin. Beidh an ráthaíocht sin neamhspleách ar an oibleagáid an fhíneáil, an pionóis eile nó an smachtbhanna a íoc agus beidh sí in-fhorfheidhmithe nuair a iarrfar é. Cumhdóidh sí an t-éileamh i leith na príomhshuime agus an úis atá dlite mar a shonraítear in Airteagal 99(4).
2. Urróidh an Coimisiún na méideanna a bailíodh trí iad a infheistiú i sócmhainní airgeadais, sa chaoi go mbeidh sábháilteacht agus leachtacht an airgid sin áirithithe agus go mbeifear ag díriú freisin ar bhrabús a dhéanamh.
3. Nuair a bheidh na leigheasanna dlíthiúla uile ídithe agus i gcás inar dheimhnigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an fhíneáil, an pionós eile nó an smachtbhanna, nó mura bhféadfadh an Chúirt an cinneadh lenar forchuireadh an fhíneáil, an pionós eile nó an smachtbhanna sin a bheith faoi réir achomharc os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, déanfar ceann de na bearta seo a leanas:
(a) |
iontrálfar na méideanna a bailíodh go sealadach agus an brabús a rinneadh orthu isteach sa bhuiséad i gcomhréir le hAirteagal 107(2; |
(b) |
i gcás inar taisceadh ráthaíocht airgeadais, forfheidhmeofar í agus iontrálfar na méideanna comhfhreagracha sa bhuiséad. |
I gcás inar mhéadaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an fhíneáil, an pionós eile nó an smachtbhanna, beidh feidhm ag pointe (a) agus ag pointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo maidir le méideanna suas le méideanna an chéad chinnidh ó institiúid de chuid an Aontais nó, más infheidhme, suas leis an méid a leagadh síos i mbreithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a tugadh roimhe sin le linn na n-imeachtaí céanna. Baileoidh oifigeach bailiúcháin an Choimisiúin an méid atá comhfhreagrach don mhéadú agus don ús a bheidh dlite mar a shonraítear in Airteagal 99(4) agus iontrálfar an méid sin sa bhuiséad.
4. Nuair a bheidh na leigheasanna dhlíthiúla uile ídithe agus i gcás inar cealaíodh an fhíneáil, an pionós eile nó an smachtbhanna, nó inar laghdaíodh an méid, déanfar ceann de na bearta seo a leanas:
(a) |
aisíocfar na méideanna a bailíodh go sealadach, nó i gcás laghdú, an chuid ábhartha den tsuim sin, leis an tríú páirtí lena mbaineann agus aon bhrabús a rinneadh á chur san áireamh; |
(b) |
i gcás inar taisceadh ráthaíocht airgeadais, scaoilfear í dá réir. |
Sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír, i gcás inar méid diúltach an brabús foriomlán ar an méid a bailíodh go sealadach, bainfear an caillteanas a tabhaíodh ón méid a bheidh le haisíoc.
Airteagal 109
Ús cúiteach
Gan dochar d’Airteagal 99(2) agus Airteagal 116(5) agus i gcásanna seachas fíneálacha, pionóis eile agus smachtbhannaí amhail dá dtagraítear in Airteagal 107 agus Airteagal 108, nuair atá méid le haisíoc de bharr breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh nó mar thoradh ar réiteach cairdiúil, is é an ráta úis a bheidh ann an ráta úis a bheidh an Banc Ceannas Eorpach á chur i bhfeidhm maidir lena phríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin, mar a bheidh foilsithe i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí. Ní bheidh an ráta úis diúltach. Cuirfear tús leis an ús ó dháta íoctha an mhéid atá le haisíoc go dtí an dáta a mbeidh an aisíocaíocht dlit.
I gcásanna ina mbeadh an ráta foriomlán úis diúltach, socrófar ag nialas faoin gcéad é.
CAIBIDIL 7
Oibríochtaí caiteachais
Airteagal 110
Cinntí maoiniúcháin
1. Ní dhéanfar gealltanas buiséadach go dtí go nglacfaidh an institiúid de chuid an Aontais nó an t-údarás ar tharmlig an institiúid de chuid an Aontais cumhachtaí chucu, cinneadh maoiniúcháin. Cinntí bliantúla agus débhliantúla a bheidh sna cinntí maoiniúcháin sin.
Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír den mhír seo i gcás leithreasuithe le haghaidh oibríochtaí gach institiúide de chuid an Aontais faoina neamhspleáchas riaracháin ar féidir iad a chur chun feidhme gan bunghníomh i gcomhréir le pointe (e) d’Airteagal 58(2), oibríochtaí a bhaineann le caiteachas ar thacaíocht riaracháin agus le ranníocaíochtaí leis na comhlachtaí de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 70 agus Airteagal 71.
2. San am céanna, is ionann an cinneadh maoiniúcháin agus an clár oibre bliantúil nó ilbhliantúil agus glacfar é, de réir mar is iomchuí, a luaithe is féidir tar éis ghlacadh an dréachtbhuiséid agus, i bprionsabal, tráth nach déanaí ná an 31 Márta le linn bhliain an chur chun feidhme. I gcás ina bhforáiltear sa bhunghníomh ábhartha do mhódúlachtaí faoi leith maidir le cinneadh maoiniúcháin nó le clár oibre a ghlacadh nó leis an dá rud sin a ghlacadh, cuirfear na módúlachtaí sin i bhfeidhm ar an gcuid sin den chinneadh maoiniúcháin arb é an clár oibre é, agus riachtanais an bhunghnímh sin á gcomhlíonadh. Foilseofar an chuid de arb é an clár oibre é ar shuíomh gréasáin institiúid lena mbaineann de chuid an Aontais díreach tar éis a ghlactha agus sula gcuirfear chun feidhme é. Beidh an méid iomlán a chumhdóidh an cinneadh maoiniúcháin leagtha síos sa chinneadh féin agus beidh tuairisc ann ar na gníomhaíochtaí a bheidh le maoiniú. Sonrófar ann:
(a) |
an bunghníomh agus an líne buiséid; |
(b) |
na cuspóirí a bheidh aige agus na torthaí a mbeidh coinne leo; |
(c) |
na modhanna cur chun feidhme; |
(d) |
aon fhaisnéis bhreise a cheanglaítear leis an mbunghníomh a thabhairt le haghaidh an chláir oibre. |
3. De bhreis ar na heilimintí dá dtagraítear i mír 2, leagfar an méid seo a leanas síos sa chinneadh maoiniúcháin:
(a) |
maidir le deontais: an cineál iarratasóirí ar a bhfuil an glao ar mholtaí nó ar dhámhachtain dhíreach dírithe agus an clúdach buiséadach foriomlán atá curtha i leataobh le haghaidh na ndeontas; |
(b) |
maidir le soláthairtí: an clúdach buiséadach foriomlán atá curtha i leataobh le haghaidh soláthairtí; |
(c) |
i ndáil le ranníocaíochtaí isteach i gcistí iontaobhais de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 234: na leithreasuithe atá curtha i leataobh le haghaidh an chiste iontaobhais don bhliain sin maille leis na méideanna atá beartaithe i rith na bliana sin, ón mbuiséad mar aon le méideanna ó dheontóirí eile; |
(d) |
maidir le duaiseanna: an cineál rannpháirtithe a bhfuil an comórtas dírithe orthu, an clúdach buiséadach foriomlán atá curtha i leataobh le haghaidh an chomórtais agus tagairt shonrach do dhuaiseanna ag a bhfuil luach aonaid EUR 1 000 000 nó níos mó; |
(e) |
maidir le hionstraimí airgeadais: an méid atá leithdháilte ar an ionstraim airgeadais; |
(f) |
i gcás bainistíocht indíreach: an duine nó an t-eintiteas a bhfuil cistí de chuid an Aontais á gcur chun feidhme aige nó aici de bhun phointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 62(1) nó na critéir atá le húsáid chun an duine nó an t-eintiteas a roghnú; |