Accept Refuse

EUR-Lex Access to European Union law

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32018R0841

Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chur san áireamh i gcreat 2030 don aeráid agus don fhuinneamh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus Cinneadh Uimh. 529/2013/AE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

PE/68/2017/REV/1

OJ L 156, 19.6.2018, p. 1–25 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/841/oj

19.6.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2018/841 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Bealtaine 2018

maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chur san áireamh i gcreat 2030 don aeráid agus don fhuinneamh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus Cinneadh Uimh. 529/2013/AE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Sna conclúidí uaithi an 23-24 Deireadh Fómhair 2014 maidir le creat beartais 2030 don aeráid agus don fhuinneamh, d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach sprioc cheangailteach de laghdú intíre 40 %, ar a laghad, ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud an gheilleagair faoi 2030 i gcomparáid le 1990, agus rinneadh an sprioc sin a athdhearbhú sna conclúidí ón gComhairle Eorpach an 17-18 Márta 2016.

(2)

Dúradh sna conclúidí ón gComhairle Eorpach an 23-24 Deireadh Fómhair 2014 gur cheart don Aontas an sprioc astaíochtaí a laghdú faoi 40 % ar a laghad a bhaint amach go comhpháirteach ar an mbealach is costéifeachtaí is féidir, sin laghduithe suas le 43 % agus 30 % faoi seach, i gcóras trádála astaíochtaí an Aontais Eorpaigh (“EU ETS”) a leagtar síos i dTreoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus in earnálacha nach mbaineann ETS leo, faoi seach, faoi 2030 i gcomparáid le 2005, agus na hiarrachtaí atá le déanamh á leithdháileadh ar bhonn OTI coibhneasta per capita.

(3)

Tá an Rialachán seo ina chuid de chur chun feidhme ghealltanais an Aontais faoi Chomhaontú Pháras (5) a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (“UNFCCC”). Tugadh Comhaontú Pháras i gcrích thar ceann an Aontais an 5 Deireadh Fómhair 2016 le Cinneadh (AE) 2016/1841 ón gComhairle (6). Tá an gealltanas a thug an tAontas maidir le laghduithe ar astaíochtaí ar fud an gheilleagair leagtha amach sa Rannchuidiú Beartaithe arna Chinneadh go Náisiúnta a chuir an tAontas agus a Bhallstáit faoi bhráid Rúnaíocht UNFCCC an 6 Márta 2015 i bhfianaise Chomhaontú Pháras. Tháinig Comhaontú Pháras i bhfeidhm an 4 Samhain 2016. Ba cheart don Aontas leanúint de laghdú a dhéanamh ar a chuid astaíochtaí gas ceaptha teasa agus feabhas a chur ar aistrithe i gcomhréir le Comhaontú Pháras.

(4)

I gComhaontú Pháras, inter alia, leagtar amach sprioc fhadtéarmach i gcomhréir leis an gcuspóir an méadú ar an teocht dhomhanda a choimeád go mór faoi bhun 2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus leanúint de na hiarrachtaí é a choimeád faoi bhun 1,5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch. Beidh foraoiseacha, talamh talmhaíochta agus bogaigh i gcroílár na hoibre agus an sprioc sin á baint amach. I gComhaontú Pháras, aithníonn na Páirtithe, freisin, gur tosaíocht bhunúsach é an tslándáil bia a chosaint agus deireadh a chur leis an ocras, i gcomhthéacs na forbartha inbhuanaithe agus na n-iarrachtaí chun an bhochtaineacht a dhíothú, agus na laigí áirithe atá ag na córais táirgthe bia maidir leis na drochthionchair a ghabhann leis an athrú aeráide, agus ar an gcaoi sin cothaítear teacht aniar i gcoinne an athraithe aeráide agus forbairt astaíochtaí ísle gás ceaptha teasa ar bhealach nach ndéanann bagairt ar tháirgeadh an bhia. D’fhonn cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach, ba cheart do na Páirtithe dlús a chur lena gcuid iarrachtaí comhchoiteanna. Ba cheart do na Páirtithe rannchuidithe beartaithe comhleanúnacha arna gcinneadh go náisiúnta a ullmhú, a tharchur agus a choinneáil ar bun. Tá Comhaontú Pháras ag glacadh áit an chur chuige atá i bhfeidhm faoi Phrótacal Kyoto 1997 ach nach leanfar de i ndiaidh 2020. I gComhaontú Pháras iarrtar freisin cothromaíocht a bhaint amach idir astaíochtaí antrapaigineacha ag foinsí agus aistriú linnte gás ceaptha teasa sa dara leath den chéad seo, agus iarrtar ar Pháirtithe gníomhaíocht a dhéanamh chun linnte agus umair de gháis cheaptha teasa, foraoisí san áireamh, a chaomhnú agus a fheabhsú, de réir mar is iomchuí.

(5)

Tá sé ar chumas na húsáide talún, an athraithe ar úsáid talún agus na foraoiseachta (“LULUCF”) buntáistí athraithe aeráide a thabhairt san fhadtéarma, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le gnóthú spriocanna laghdaithe an Aontais i dtaca le hastaíochtaí gás ceaptha teasa, chomh maith le spriocanna aeráide fadtéarmacha Chomhaontú Pháras. Lena chois sin, soláthraíonn LULUCF bithábhair, ar féidir iad a chur in ionad ábhair a bhfuil lorg mór carbóin acu, rud a fhágann go bhfuil sé an-tábhachtach i ndáil leis an mbogadh chuig geilleagar íseal-astaíochta gás ceaptha teasa. De thairbhe go bhfuil na haistrithe a dhéantar le LULUCF in-aisiompaithe, ba cheart caitheamh leo mar cholún ar leith i gcreat beartais aeráide an Aontais.

(6)

Sna conclúidí ón gComhairle Eorpach an 23-24 Deireadh Fómhair 2014, dúradh gur cheart ilchuspóirí na hearnála talmhaíochta agus úsáide talún, ó tharla cumas níos lú a bheith aici i dtaca le maolú agus an gá go n-áiritheofaí comhsheasmhacht idir slándáil an tsoláthair bia san Aontas agus na cuspóirí maidir le hathrú aeráide, a aithint. D’iarr an Chomhairle Eorpach ar an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh ar an mbealach is fearr chun diansaothrú inbhuanaithe ar tháirgeadh bia a spreagadh, agus rannchuidiú na hearnála a bharrfheabhsú ag an am céanna do mhaolú agus do cheapadh gás ceaptha teasa, lena n-áirítear trí fhoraoisiú, agus d’iarr sí freisin beartas a bhunú ar an gcaoi le LULUCF a chur san áireamh i gcreat 2030 maidir le gáis cheaptha teasa a mhaolú, a luaithe agus a bheadh na dálaí teicniúla ann chun é sin a dhéanamh agus roimh 2020 i gcás ar bith.

(7)

Is féidir le cleachtais bainistithe inbhuanaithe in earnáil LULUCF rannchuidiú le maolú ar an athrú aeráide ar roinnt bealaí, go háirithe trí astaíochtaí a laghdú, agus linnte agus stoic charbóin a choinneáil agus a fheabhsú. Chun go mbeadh éifeacht le bearta a bhfuil sé mar aidhm leo go háirithe ceapadh carbóin a mhéadú, tá cobhsaíocht agus inoiriúnaitheacht fhadtéarmach na linnte carbóin ríthábhachtach. Ina theannta sin, is féidir táirgiúlacht, acmhainn athghiniúna agus beogacht na hearnála LULUCF a chothabháil le cleachtais bainistithe inbhuanaithe agus ar an gcaoi sin is féidir an fhorbairt eacnamaíoch shóisialta a chur chun cinn, agus an carbón agus an lorg éiceolaíoch a bhíonn ag an earnáil sin.

(8)

Is féidir feabhas a chur ar an ról atá ag earnáil LULUCF i ndáil le maolú ar an athrú aeráide agus i ndáil le hoiriúnú dó, freisin, chomh maith le táirgiúlacht agus teacht aniar na hearnála sin a neartú, trí fhorbairt a dhéanamh ar chleachtais agus ar theicneolaíochtaí nuálacha inbhuanaithe, lena n-áirítear an agrafhoraoiseacht agus an agra-éiceolaíocht. Ós saintréith de chuid earnáil LULUCF nach dtagann toradh go ceann blianta fada ar an obair inti, agus, dá bhrí sin, bíonn tábhacht le straitéisí fadtéarmacha chun feabhas a chur ar an maoiniú don taighde ar fhorbairt na gcleachtas agus na dteicneolaíochtaí nuálacha agus ar infheistíochtaí iontu sin, freisin. Is féidir na rioscaí a bhaineann le suaitheadh nádúrtha a laghdú má dhéantar infheistíochtaí i ngníomhaíochtaí coisctheacha amhail cleachtais bainistithe inbhuanaithe.

(9)

Sna conclúidí uaithi an 22-23 Meitheamh 2017, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach tiomantas an Aontais agus a Bhallstát do Chlár Oibre 2030 maidir le Forbairt Inbhuanaithe, darb aidhm, inter alia, a áirithiú go ndéantar na foraoisí a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe.

(10)

Tá sé tábhachtach gníomhaíocht a dhéanamh d’fhonn dífhoraoisiú agus díghrádú foraoise a laghdú agus d’fhonn bainistiú inbhuanaithe foraoisí a chur chun cinn i dtíortha atá i mbéal forbartha. Sa chomhthéacs sin, sna conclúidí uaithi an 21 Deireadh Fómhair 2009 agus an 14 Deireadh Fómhair 2010, meabhraíodh don Chomhairle cuspóirí an Aontais an dífhoraoisiú trópaiceach a laghdú 50 % ar a laghad, i bhfoirm chomhlán, faoin mbliain 2020 i gcomparáid leis na leibhéil atá ann faoi láthair, agus stop a chur le caillteanas cumhdaigh foraoise ar fud an domhain faoi 2030 ar a dhéanaí.

(11)

I gCinneadh Uimh. 529/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), leagtar amach na rialacha cuntasaíochta is infheidhme maidir le hastaíochtaí agus le haistrithe ón earnáil LULUCF agus rannchuidíodh ar an gcaoi sin le forbairt na mbeartas a raibh cuimsiú na hearnála LULUCF sa ghealltanas a thug an tAontas maidir le hastaíochtaí a laghdú mar thoradh orthu. Leis an Rialachán seo, ba cheart tógáil ar na rialacha cuntasaíochta atá ann cheana, agus á dtabhairt cothrom le dáta agus á bhfeabhsú don tréimhse ó 2021 go 2030. Leis an Rialachán seo, ba cheart oibleagáidí na mBallstát maidir leis na rialacha cuntasaíochta sin a chur chun feidhme a leagan síos, agus ba cheart a cheangal ar na Ballstáit a áirithiú nach nginfear glan-astaíochtaí ón earnáil LULUCF fhoriomlán agus go rannchuidítear leis an aidhm atá ann linnte a fheabhsú san fhadtéarma. Níor cheart aon oibleagáidí cuntasaíochta ná tuairiscithe a leagan síos leis an Rialachán do pháirtithe príobháideacha, lena n-áirítear feirmeoirí agus foraoiseoirí.

(12)

Bíonn tionchar díreach suntasach ag earnáil LULUCF, lena n-áirítear talamh talmhaíochta, ar an mbithéagsúlacht agus ar sheirbhísí éiceachórais. Ar an ábhar sin, is cuspóir tábhachtach de chuid na mbeartas sin a mbíonn tionchar acu ar an earnáil sin a áirithiú go mbeidh comhleanúnachas ann le cuspóirí straitéis bithéagsúlachta an Aontais. Ba cheart gníomhaíochtaí a dhéanamh d’fhonn gníomhaíochtaí, a bhaineann le maolú agus oiriúnú araon, a chur chun feidhme san earnáil sin, agus d’fhonn tacú leis na gníomhaíochtaí sin, freisin. Ba cheart comhleanúnachas a áirithiú idir an Comhbheartas Talmhaíochta agus an Rialachán seo freisin. Ní mór do gach earnáil a cion féin a dhéanamh i dtaca le laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa.

(13)

Is éiceachórais éifeachtacha iad bogaigh le haghaidh stóráil carbóin. Dá bhrí sin, d’fhéadfaí astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú in earnáil LULUCF ach bogaigh a chosaint agus a athbhunú. Ba cheart Mionchoigeartú an Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (“IPCC”) ar Threoirlínte IPCC 2006 d’Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa a bhaineann le bogaigh a chur san áireamh sa chomhthéacs sin.

(14)

Tá gá le córas stóinsithe cuntasaíochta chun a áirithiú go rannchuideoidh earnáil LULUCF le laghdú 40 % ar a laghad ar astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais agus le sprioc fhadtéarmach Chomhaontú Pháras. Chun cuntais chruinne ar astaíochtaí agus aistrithe a chinneadh i gcomhréir le Treoirlínte IPCC 2006 d’Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa (“Treoirlínte IPCC”), ba cheart na luachanna arna dtuairisciú go bliantúil agus an tiontú idir catagóirí úsáide talún faoi Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) a úsáid le haghaidh catagóirí úsáide talún, chun sruthlíniú a dhéanamh dá réir sin ar an gcur chuige a úsáidtear faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide agus ar an gcur chuige a úsáidtear faoi Phrótacal Kyoto. Ba cheart a mheas go bhfuil talamh a thiontaítear go catagóir úsáide talún eile le linn bhogadh de réir a chéile chuig an gcatagóir sin ar feadh an luacha réamhshocraithe de 20 bliain dá dtagraítear sna Treoirlínte IPCC. Níor cheart do na Ballstáit a bheith in ann maolú a dhéanamh ar an luach réamhshocraithe sin ach amháin le haghaidh talamh foraoisithe agus é sin féin a dhéanamh in imthosca teoranta lena dtugtar údar maith faoi Threoirlínte IPCC. Athruithe a dhéantar sna Treoirlínte IPCC arna nglacadh ag Comhdháil na bPáirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide nó ag Comhdháil na bPáirtithe ag feidhmiú mar Chruinniú na bPáirtithe i gComhaontú Pháras, ba cheart iad a léiriú, mar is iomchuí, sna ceanglais tuairiscithe faoin Rialachán seo.

(15)

Sna Treoirlínte IPCC atá comhaontaithe go hidirnáisiúnta, sonraítear gur féidir cuntas mar nialas a thabhairt ar dhóchán bithmhaise san earnáil fuinnimh ar an gcoinníoll go dtugtar cuntas ar na hastaíochtaí sin san earnáil LULUCF. San Aontas, tugtar cuntas faoi láthair ar na hastaíochtaí ó dhóchán bithmhaise mar nialas de bhun Airteagal 38 de Rialachán (AE) Uimh. 601/2012 ón gCoimisiún (9) agus de bhun na bhforálacha a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 525/2013; dá bhrí sin, ní dhéanfaí comhsheasmhacht le Treoirlínte IPCC a áirithiú ach amháin dá ndéanfaí na hastaíochtaí sin a léiriú go cruinn faoin Rialachán seo.

(16)

Bíonn astaíochtaí agus aistrithe ó thalamh foraoise ag brath ar roinnt dálaí nádúrtha agus ar thréithe dinimiciúla foraoise a bhaineann le haois, chomh maith le cleachtais bhainistithe ón am a chuaigh thart agus ón am i láthair, ar cleachtais iad a bhfuil an-difear eatarthu i measc na mBallstát. Dá mbainfí úsáid as bonnbhliain, ní bheadh sé indéanta na fachtóirí sin agus na hiarmhairtí timthriallacha ar astaíochtaí agus aistrithe a eascraíonn astu, agus a n-éagsúlacht idirbhliantúil, a léiriú. Ina ionad sin, ba cheart foráil a dhéanamh leis na rialacha cuntasaíochta ábhartha maidir le húsáid a bhaint as leibhéil thagartha, chun na hiarmhairtí a bhíonn ag tréithe nádúrtha agus ag tréithe a bhaineann go sonrach le tír ar leith a chur as an áireamh. Aon struchtúr foraoise atá míchothrom ó thaobh aoise, ba cheart é a chur san áireamh i leibhéil tagartha foraoise agus níor cheart srian gan chúis a chur ar a dhéine agus a bheidh bainistiú foraoise sa todhchaí, agus chun go bhféadfar linnte carbóin fadtéarmacha a chothabháil nó a neartú. Ós rud é gur cás ar leith é cás stairiúil na Cróite, le leibhéal tagartha foraoise an Bhallstáit sin d’fhéadfaí a chur san áireamh go raibh a críoch faoi fhorghabháil i rith na tréimhse tagartha agus go raibh imthosca ann, le linn an chogaidh agus ina dhiaidh, ag a raibh tionchar ar bhainistiú foraoise. Ba cheart na rialacha cuntasaíochta ábhartha prionsabail bainistithe inbhuanaithe foraoisí arna nglacadh ag na Comhdhálacha Aireachta um Chosaint Foraoisí san Eoraip (“Eoraip na bhForaoisí”) a chur san áireamh.

(17)

Ba cheart do na Ballstáit pleananna cuntasaíochta maidir le foraoiseacht náisiúnta, lena n-áirítear leibhéil tagartha foraoise a chur faoi bhráid an Choimisiúin. In éagmais an athbhreithnithe idirnáisiúnta faoi UNFCCC nó faoi Phrótacal Kyoto, ba cheart nós imeachta um athbhreithniú a bhunú chun trédhearcacht a áirithiú agus chun cáilíocht na cuntasaíochta i gcatagóir na talún foraoiseachta bainistithe a fheabhsú.

(18)

Nuair a dhéanann an Coimisiún measúnú ar na pleananna cuntasaíochta maidir le foraoiseacht náisiúnta, lena n-áirítear na leibhéil tagartha foraoise a mholtar sna pleananna sin, ba cheart dó tógáil ar an dea-chleachtas agus ar an saineolas atá sna hathbhreithnithe saineolacha faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, lena n-áirítear i dtaca le rannpháirtíocht na saineolaithe ó na Ballstáit. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go mbeidh saineolaithe ó na Ballstáit rannpháirteach sa mheasúnú teicniúil lena ndéanfar amach ar cinneadh na leibhéil tagartha foraoise a mholtar i gcomhréir leis na critéir agus leis na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo. Ba cheart an toradh a bhí ar an measúnú teicniúil a chur ar aghaidh chuig an mBuanchoiste Foraoiseachta a bhunaítear le Cinneadh 89/367/CEE ón gComhairle (10), mar eolas. Ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle le geallsealbhóirí agus leis an tsochaí shibhialta freisin. Ba cheart na pleananna cuntasaíochta maidir le foraoiseacht náisiúnta a chur ar fáil go poiblí, i gcomhréir leis an reachtaíocht ábhartha.

(19)

Is féidir le méadú ar úsáid inbhuanaithe táirgí adhmaid lománaithe teorainn shuntasach a chur le hastaíochtaí gás ceaptha teasa tríd an iarmhairt ó ionadú, agus aistrithe gás ceaptha teasa ón atmaisféar a fheabhsú. Ba cheart a áirithiú leis na rialacha cuntasaíochta go léiríonn na Ballstáit go cruinn agus go trédhearcach ina gcuntais LULUCF na hathruithe ar linn carbóin na dtáirgí adhmaid lománaithe nuair a tharlaíonn athruithe den sórt sin, d’fhonn aitheantas a thabhairt agus dreasachtaí a chur ar fáil d’úsáid bhreise na dtáirgí adhmaid lománaithe a bhfuil timthriall saoil fada acu. Ba cheart don Choimisiún treoir a sholáthar ar cheisteanna modheolaíocha a bhaineann le cuntas a thabhairt ar tháirgí adhmaid lománaithe.

(20)

Maidir le suaitheadh nádúrtha, amhail falscaithe, fíniú le feithidí nó le galar, imeachtaí anaimsire agus suaitheadh geolaíoch, nach bhfuil smacht, ná tionchar ábhartha, ag Ballstát orthu, is féidir iad a bheith ina siocair le hastaíochtaí gás ceaptha teasa de chineál sealadach san earnáil LULUCF, nó aistrithe a tharla roimhe seo a chur ar gcúl. Toisc gur féidir céimeanna ar gcúl den sórt sin a bheith ann mar thoradh ar chinntí bainistíochta freisin, amhail cinntí crainn a bhaint nó a chur, ba cheart a áirithiú leis an Rialachán seo go dtugtar léiriú go cruinn i gcónaí sna cuntais LULUCF ar chéimeanna ar gcúl is aistrithe ar cinntí daoine is cúis leo. Ina theannta sin, ba cheart don Rialachán féidearthacht theoranta a sholáthar do na Ballstáit gan astaíochtaí ó shuaitheadh nach bhfuil smacht acu air a áireamh ina gcuid cuntas LULUCF. Níor cheart go mbeadh cuntasaíocht easnamhach mhíchuí ann mar thoradh ar an modh lena gcuireann Ballstáit na forálacha sin i bhfeidhm áfach.

(21)

Ag brath ar na sainroghanna náisiúnta, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann beartais leordhóthanach náisiúnta a roghnú chun a gcuid gealltanas i dtaca leis an earnáil LULUCF a bhaint amach, lena n-áirítear an fhéidearthacht astaíochtaí ó chatagóir talún amháin a chothromú le haistrithe ó chatagóir talún eile. Ina theannta sin, ba cheart dóibh a bheith in ann glan-aistrithe a charnadh in imeacht na tréimhse ó 2021 go 2030. Ba cheart aistrithe chuig Ballstát eile leanúint de bheith ar fáil mar rogha bhreise agus ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann leas a bhaint as leithdháiltí astaíochtaí bliantúla a bhunaítear de bhun Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) i dtaca le comhlíonadh an Rialacháin seo. Ní chuirfidh úsáid solúbthachtaí a leagtar amach sa Rialachán seo as don leibhéal foriomlán uaillmhéine maidir le spriocanna laghdaithe gás ceaptha teasa an Aontais.

(22)

De ghnáth, is linnte iad foraoisí a bhainistítear ar bhealach inbhuanaithe, ar linnte iad a rannchuidíonn leis an athrú aeráide a mhaolú. Le linn thréimhse tagartha 2000 go 2009, 372 mhilliún tona de choibhéis CO2 in aghaidh na bliana don Aontas ina iomláine na haistrithe arna ndéanamh ag aistriú linnte ó thalamh foraoise a tuairiscíodh ar an meán. Ba cheart do na Ballstáit caomhnú agus feabhsú na linnte agus na n-umar, lena n-áirítear foraoisí, mar is iomchuí, a áirithiú, agus é mar aidhm cuspóir Chomhaontú Pháras a bhaint amach agus na spriocanna uaillmhianacha maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais a laghdú faoi 2050 a chomhlíonadh.

(23)

Aistrithe ó thalamh foraoise bainistithe, ba cheart cuntas a thabhairt orthu in aghaidh leibhéal tagartha foraoise atá réamhbhreathnaitheach. Ba cheart aistriú réamh-mheasta linnte amach anseo a bheith bunaithe ar eachtarshuí ó na cleachtais i leith bainistiú foraoise agus déine an bhainistithe foraoise le linn tréimhse thagartha. Ba cheart gur mar astaíochtaí a thabharfaí cuntasaíocht ar laghdú ar linn le hais an leibhéil tagartha. Ba cheart imthosca sonracha náisiúnta agus cleachtais shonracha náisiúnta, amhail déine lománaithe níos ísle ná mar is gnách nó foraoisí atá ag dul in aois le linn na tréimhse tagartha, a chur san áireamh.

(24)

Ba cheart roinnt solúbthachta a thabhairt do Bhallstáit chun go mbeidh siad in ann a ndéine lománaithe a ardú ar bhonn sealadach i gcomhréir le cleachtais inbhuanaithe maidir le bainistiú foraoise atá i gcomhréir leis an gcuspóir a leagtar amach i gComhaontú Pháras ar an gcoinníoll nach mó na hastaíochtaí iomlána laistigh den Aontas ná na haistrithe san earnáil fhoriomlán LULUCF. Le solúbthacht den sórt sin, ba cheart méid bunúsach cúitimh a thabhairt do na Ballstáit uile, agus é sin ríofa ar bhonn tosca cúitimh arna slánú mar chéatadán dá linn tuairiscithe sna blianta ó 2000 go 2009 chun cúiteamh a thabhairt i leith a n-astaíochtaí ó thalamh foraoise bainistithe, ar astaíochtaí ar thug siad cuntas orthu. Ba cheart a áirithiú nach féidir na Ballstáit a chúiteamh ach go dtí an leibhéal nach linnte a bhforaoisí a thuilleadh.

(25)

Bíonn na Ballstáit a bhfuil ardleibhéal cumhdaigh foraoisí iontu i gcomparáid le meán an Aontais agus, go háirithe, Ballstáit is lú a bhfuil ardleibhéal cumhdaigh foraoisí iontu ag brath níos mó ná mar atá Ballstáit eile ar thalamh bainistithe foraoise chun astaíochtaí a chomhardú i gcatagóirí cuntasaíochta talún eile, agus mar sin de, a mbeadh tionchar níos mó á imirt orthu siúd agus is teoranta a bheidh an acmhainneacht atá acu a gclúdach foraoise a ardú. Ba cheart, dá bhrí sin, an fachtóir cúitimh a ardú ar bhonn an chlúdaigh foraoise agus an limistéir talún ionas go dtabharfaí an fachtóir cúitimh is airde dóibh le linn na tréimhse tagartha do na Ballstáit a bhfuil limistéar talún beag agus cuid mhór clúdach foraoise acu le hais mheán an Aontais.

(26)

Sna conclúidí uaithi an 9 Márta 2012, d’aithin an Chomhairle saintréithe na dtíortha a bhfuil foraoisí go forleathan iontu. Baineann na saintréithe sin, go háirithe, leis na deiseanna teoranta cothromaíocht a bhaint amach idir astaíochtaí agus aistrithe. I bhfianaise í a bheith ar an mBallstát is foraoisí dá bhfuil ann agus saintréithe geografacha ar leith na tíre á gcur san áireamh, tá deacrachtaí suntasacha le sárú ag an bhFionlainn i ndáil leis sin. Dá bhrí sin, ba cheart cúiteamh teoranta breise a dheonú ar an bhFionlainn.

(27)

Chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn na mBallstát chun a ngealltanas faoin Rialachán seo a chomhlíonadh agus chun a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis faoi astaíochtaí agus aistrithe trédhearcach, cruinn, comhsheasmhach, iomlán agus inchomparáide, ba cheart do na Ballstáit na sonraí ábhartha i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 maidir le fardal faoi gháis cheaptha teasa a chur ar fáil don Choimisiún, agus ba cheart na sonraí sin a chur sna áireamh sna seiceálacha comhlíontachta faoin Rialachán seo. Má tá sé ar intinn ag Ballstát an tsolúbthacht maidir le talamh foraoise bainistithe a chur i bhfeidhm a leagtar amach sa Rialachán seo, ba cheart dó an méid cúitimh is rún dó a úsáid a lua sa tuarascáil ar chomhlíonadh.

(28)

Ba cheart don Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil cúnamh a thabhairt don Choimisiún, de réir mar is iomchuí i gcomhréir lena chlár oibre bliantúil, leis an gcóras de thuairisciú bliantúil ar astaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa, leis an measúnú ar fhaisnéis maidir le beartais agus bearta agus réamh-mheastacháin náisiúnta, leis an meastóireacht ar bheartais agus bearta breise atá beartaithe, agus leis na seiceálacha ar chomhlíonadh a dhéanann an Coimisiún faoin Rialachán seo.

(29)

Chun foráil a dhéanamh maidir le cuntasaíocht iomchuí a dhéanamh ar idirbhearta faoin Rialachán seo, lena n-áirítear solúbthacht a úsáid agus comhlíonadh a rianú, chomh maith le húsáid bhreise na dtáirgí adhmaid lománaithe a bhfuil timthriall saoil fada acu a chur chun cinn, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le hoiriúnú teicniúil ar shainmhínithe, lena n-áirítear na luachanna íosta maidir leis an sainmhíniú ar fhoraoisí, liostaí gás ceaptha teasa agus linnte carbóin, leibhéil tagartha foraoise na mBallstát a leagan síos do na tréimhsí ó 2021 go 2025 agus ó 2026 go 2030, faoi seach, catagóirí nua de tháirgí adhmaid lománaithe a chur isteach, athbhreithniú a dhéanamh ar an modheolaíocht agus ar cheanglais faisnéise maidir le suaitheadh nádúrtha chun athruithe i dTreoirlínte IPCC a léiriú, agus cuntasaíocht na n-idirbheart trí Chlárlann an Aontais. Na forálacha is gá a bhaineann le cuntasaíocht na n-idirbheart, ba cheart iad a bheith in aon ionstraim amháin ina gcomhcheanglófaí na forálacha cuntasaíochta de bhun Threoir 2003/87/CE, de bhun Rialachán (AE) Uimh. 525/2013, de bhun Rialachán (AE) 2018/842 de bhun an Rialacháin seo agus de bhun Threoir 2003/87/CE. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (12). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Eorpach na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(30)

Mar chuid den tuairisciú rialta uaidh faoi Rialachán (AE) Uimh. 525/2013, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh freisin ar thoradh Idirphlé Éascaitheach na bliana 2018 faoi UNFCCC (“idirphlé Talanoa”). Ba cheart an Rialachán seo a athbhreithniú in 2024 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin chun a fheidhmiú foriomlán a mheas. Ba cheart na torthaí ó idirphlé Talanoa agus ón Stocáireamh Domhanda faoi Chomhaontú Pháras a bheith mar bhonn eolais don athbhreithniú. Ba cheart an creat don tréimhse i ndiaidh 2030 a bheith i gcomhréir le cuspóirí fadtéarmacha Chomhaontú Pháras agus leis na gealltanais a rinneadh faoi.

(31)

Chun a áirithiú go bhfuil an tuairisciú agus fíorú ar astaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa agus ar aon fhaisnéis eile is gá chun comhlíonadh ghealltanais na mBallstát a mheasúnú éifeachtach, trédhearcach agus costéifeachtach, ba cheart ceanglais maidir le tuairisciú a áireamh i Rialachán (AE) Uimh. 525/2013.

(32)

Chun sonraí a bhailiú agus an mhodheolaíocht a fheabhsú, ba cheart fardal a dhéanamh, agus tuairisciú a dhéanamh, ar úsáid talún ag baint úsáid as rianú geografach ar gach limistéar talún, a fhreagraíonn do na córais náisiúnta um bailiú sonraí agus do chórais an Aontais um bailiú sonraí. Ba cheart an úsáid is fearr a bhaint as na cláir agus suirbhéanna atá ag an Aontas agus ag na Ballstáit cheana féin, lena n-áirítear Suirbhé staidrimh fráma limistéir ar chumhdach/úsáid talún (“LUCAS”) agus clár an Aontais um fhaire agus um fhaireachán na Cruinne (Copernicus) agus an córas loingseoireachta satailíte Eorpach (Galileo) chun sonraí a bhailiú. Ba cheart don bhainistiú sonraí, lena n-áirítear comhroinnt sonraí le haghaidh tuairiscithe, athúsáide agus scaipthe, bheith ag teacht le Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13).

(33)

Ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 a leasú dá réir sin.

(34)

Ba cheart do Chinneadh Uimh. 529/2013/AE maidir leis na hoibleagáidí cuntasaíochta agus tuairiscithe leanúint d’fheidhm a bheith aige don tréimhse chuntasaíochta ón 1 Eanáir 2013 go dtí an 31 Nollaig 2020. Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na tréimhsí cuntasaíochta ón 1 Eanáir 2021.

(35)

Ba cheart Cinneadh Uimh. 529/2013/AE a leasú dá réir sin.

(36)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, go háirithe gealltanais na mBallstát maidir le hearnáil LULUCF a leagan amach, ar gealltanais iad a rannchuidíonn le spriocanna Chomhaontú Pháras a bhaint amach agus le sprioc an Aontais astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú don tréimhse ó 2021 go 2030 a chomhlíonadh, a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar amach sa Rialachán seo gealltanais na mBallstát d’earnáil na húsáide talún, an athraithe ar úsáid talún agus na foraoiseachta (“LULUCF”) a rannchuidíonn le cuspóirí Chomhaontú Pháras agus le sprioc an Aontais i dtaca le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú a bhaint amach don tréimhse ó 2021 go 2030. Leis an Rialachán seo, leagtar síos freisin na rialacha maidir le cuntasaíocht astaíochtaí agus aistrithe ó LULUCF agus maidir le seiceáil a dhéanamh ar chomhlíonadh na ngealltanas sin i measc na mBallstát.

Airteagal 2

Raon Feidhme

1.   Baineann an Rialachán seo le hastaíochtaí agus aistrithe na ngás ceaptha teasa atá liostaithe i Roinn A d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis, mar a thuairiscítear de bhun Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus a tharlaíonn in aon cheann de na catagóirí cuntasaíochta talún seo a leanas ar chríocha na mBallstát:

(a)

Le linn na dtréimhsí ó 2021 go 2025 agus ó 2026 go 2030:

(i)   “talamh foraoisithe”: úsáid talún a thuairiscítear mar thalamh curaíochta, féarthalamh, bogaigh, lonnaíochtaí nó talamh eile, atá tiontaithe go talamh foraoise;

(ii)   “talamh dífhoraoisithe”: úsáid talún a thuairiscítear mar thalamh foraoise a tiontaíodh go talamh curaíochta, féarthalamh, bogaigh, lonnaíochtaí nó talamh eile;

(iii)   “talamh curaíochta bainistithe”: úsáid talún a thuairiscítear mar a leanas:

talamh curaíochta a fhanann mar thalamh curaíochta,

féarthalamh, bogach, lonnaíocht nó talamh eile a tiontaíodh go talamh curaíochta, nó

talamh curaíochta a tiontaíodh go bogach, lonnaíocht nó talamh eile;

(iv)   “féarthalamh bainistithe”: úsáid talún a thuairiscítear mar a leanas:

féarthalamh a fhanann mar fhéarthalamh,

talamh curaíochta, bogach, lonnaíocht nó talamh eile a tiontaíodh go féarthalamh, nó

féarthalamh a tiontaíodh go bogach, lonnaíocht nó talamh eile;

(v)   “talamh bainistithe foraoise”: úsáid talún a thuairiscítear mar thalamh foraoise a fhanann mar thalamh foraoise;

(b)

Amhail ó 2026: “bogach bainistithe”: úsáid talún a thuairiscítear mar a leanas:

bogach a fhanann mar bhogach,

lonnaíocht nó talamh eile, a tiontaíodh go bogach, nó

bogach a tiontaíodh go lonnaíocht nó talamh eile.

2.   Le linn na tréimhse ó 2021 go 2025, féadfaidh Ballstát a chur san áireamh i raon feidhme a ghealltanais de bhun Airteagal 4 den Rialachán seo astaíochtaí agus aistrithe na ngás ceaptha teasa atá liostaithe i Roinn A d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, a thuairiscítear de bhun Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013, agus a tharlaíonn sa chatagóir chuntasaíochta talún ar a dtugtar bogach bainistithe ar a chríoch. Tá feidhm ag an Rialachán seo freisin maidir le hastaíochtaí agus aistrithe den sórt sin a chuireann Ballstát san áireamh.

3.   I gcás ina mbeidh rún ag Ballstát, de bhun mhír 2, bogach bainistithe a chur san áireamh i raon fheidhme a ghealltanais, tabharfaidh sé fógra don Choimisiún faoina rún faoin 31 Nollaig 2020.

4.   Más gá, i bhfianaise na taithí a fuarthas le linn chur i bhfeidhm Mhionchoigeartú IPCC ar Threoirlínte IPCC 2006, féadfaidh an Coimisiún togra a dhéanamh chun an chuntasaíocht éigeantach do bhogach bainistithe a chur ar atráth ar feadh tréimhse bhreise 5 bliana.

Airteagal 3

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “linn” aon phróiseas, gníomhaíocht nó sásra lena n-aistrítear gás ceaptha teasa, aerasól, nó réamhtheachtaí gáis ceaptha teasa ón atmaisféar;

(2)

ciallaíonn “foinse” aon phróiseas, gníomhaíocht nó sásra lena scaoiltear gás ceaptha teasa, aerasól, nó réamhtheachtaí gáis ceaptha teasa isteach san atmaisféar;

(3)

ciallaíonn “linn charbóin” iomlán gné bithgheoiceimicí nó córais bhithgheoiceimicigh, nó cuid de ghné nó de chóras den sórt sin, laistigh de chríoch Ballstáit agus ina stóráiltear carbón, aon réamhtheachtaí gáis cheaptha teasa, nó aon ghás ceaptha teasa ina bhfuil carbón;

(4)

ciallaíonn “stoc carbóin” mais an charbóin atá stóráilte i linn charbóin;

(5)

ciallaíonn “táirge adhmaid lománaithe” aon táirge ó lománaíocht adhmaid a d’fhág suíomh ina lománaítear adhmad;

(6)

ciallaíonn “foraois” limistéar talún atá sainithe ag na híosluachanna le haghaidh mhéid an limistéir, le haghaidh chumhdach mhullaí na gcrann nó leibhéal stocála coibhéiseach, agus le haghaidh an airde a d’fhéadfadh a bheith ag na crainn agus iad aibí san áit ina bhfuil siad ag fás mar a shonraítear do gach Ballstát in Iarscríbhinn II. Cuimsítear leis limistéir ina bhfuil crainn, lena n-áirítear grúpaí de chrainn óga nádúrtha atá ag fás, nó plandálacha nach bhfuil na híosluachanna do chumhdach mhullaí na gcrann nó leibhéal stocála coibhéiseach nó íos-airde na gcrann mar a shonraítear in Iarscríbhinn II bainte amach acu fós, lena n-áirítear aon limistéar ar cuid den limistéar foraoise é de ghnáth ach nach bhfuil aon chrann ann go sealadach mar thoradh ar idirghabháil dhaonna, amhail lománú, nó mar thoradh ar chúiseanna nádúrtha, ach ar féidir a bheith ag súil leis go ndéanfaidh sé foraois arís;

(7)

ciallaíonn “leibhéal tagartha foraoise” meastachán, arna shloinneadh i dtonaí de choibhéis CO2 in aghaidh na bliana, ar na glan-astaíochtaí nó glan-aistrithe bliantúla ar an meán atá mar thoradh ar thalamh foraoise bainistithe laistigh de chríoch Ballstáit sna tréimhsí ó 2021 go 2025 agus ó 2026 go 2030, bunaithe ar na critéir a leagtar amach sa Rialachán seo;

(8)

ciallaíonn “luach leathré” líon na mblianta a thógtar chun méid an charbóin atá stóráilte i gcatagóir táirgí adhmaid lománaithe a laghdú go dtí leath dá luach tosaigh;

(9)

ciallaíonn “suaitheadh nádúrtha” aon teagmhas neamh-antrapaigineach nó aon imthosca neamh-antrapaigineacha lena gcruthaítear astaíochtaí móra i bhforaoisí agus nach bhfuil smacht ag an mBallstát ábhartha orthu, agus nach bhfuil sé ar chumas an Bhallstáit go hoibiachtúil a n-éifeachtaí ar astaíochtaí a theorannú go suntasach, fiú tar éis dóibh tarlú;

(10)

ciallaíonn “ocsaídiú ar an toirt” an modh cuntasaíochta ar dá réir a nglactar leis go scaoiltear isteach san atmaisféar tráth an lománaithe cainníocht iomlán an charbóin atá stóráilte i dtáirgí adhmaid lománaithe.

2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16, chun na sainmhínithe atá i mír 1 den Airteagal seo a leasú nó a scriosadh, nó sainmhínithe nua a chur léi, chun an mhír sin a chur in oiriúint d’fhorbairtí eolaíochta nó do dhul chun cinn teicniúil agus chun a áirithiú go mbeidh comhsheasmhacht idir na sainmhínithe sin agus aon athruithe ar na sainmhínithe ábhartha i dTreoirlínte IPCC faoi mar a glacadh iad ag Comhdháil na bPáirtithe in UNFCCC nó ag Comhdháil na bPáirtithe ag feidhmiú mar Chruinniú na bPáirtithe i gComhaontú Pháras.

Airteagal 4

Gealltanais

Do na tréimhsí ó 2021 go 2025 agus ó 2026 go 2030, agus an tsolúbthacht dá bhforáiltear in Airteagal 12 agus in Airteagal 13 á cur san áireamh, áiritheoidh gach Ballstát nach mó na hastaíochtaí ná na haistrithe, arna ríomh mar shuim na n-astaíochtaí iomlána agus na n-aistrithe iomlána ar a chríoch sna catagóirí cuntasaíochta talún uile dá dtagraítear in Airteagal 2 le chéile, de réir an chuntais i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 5

Rialacha ginearálta cuntasaíochta

1.   Ullmhóidh agus coinneoidh gach Ballstát cuntas a léiríonn go cruinn na hastaíochtaí agus na haistrithe a bhíonn ann mar thoradh ar na catagóirí cuntasaíochta talún dá dtagraítear in Airteagal 2. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh a gcuid cuntas agus a gcuid sonraí eile a chuirtear ar fáil faoin Rialachán seo cruinn, iomlán, comhsheasmhach, inchomparáide agus trédhearcach. Úsáidfidh na Ballstáit comhartha dearfach (+) le seasamh d’astaíochtaí agus comhartha diúltach (-) le seasamh d’aistrithe.

2.   Cuirfidh Ballstáit cosc ar aon áireamh dúbailte i leith astaíochtaí agus aistrithe, go háirithe trína áirithiú nach ndéanfar astaíochtaí ná aistrithe a áireamh faoi níos mó ná catagóir cuntasaíochta talún amháin.

3.   Nuair a thiontaítear úsáid talún, déanfaidh Ballstáit, 20 bliain tar éis dáta an tiontaithe sin, catagóiriú talamh foraoise, talamh curaíochta, féarthalamh, bogach, lonnaíochtaí agus talamh eile ón gcatagóir talún den sórt sin a tiontaíodh go talamh de chineál eile chuig an gcatagóir talún den sórt sin a fhanann mar an cineál céanna talún.

4.   Cuirfidh na Ballstáit san áireamh sna cuntais atá acu do gach catagóir cuntasaíochta talún aon athrú ar stoc carbóin na linnte carbóin atá liostaithe i Roinn B d’Iarscríbhinn I. Féadfaidh Ballstáit rogha a dhéanamh gan athruithe sna stoic charbóin a chur san áireamh ina gcuid cuntas le haghaidh linnte carbóin ar choinníoll nach bhfuil an linn charbóin ina foinse. Mar sin féin, níl feidhm le bheith ag an rogha sin gan athruithe i stoic charbóin a chur san áireamh sna cuntais i dtaca le linnte carbóin bith-mhaise os cionn na talún, brosna agus táirgí adhmaid lománaithe, sa chatagóir cuntasaíochta talún arb é atá ann talamh foraoise bainistithe.

5.   Coinneoidh na Ballstáit taifead iomlán agus cruinn ar na sonraí ar fad a úsáidtear agus a gcuntais á n-ullmhú acu.

6.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 chun Iarscríbhinn I a leasú chun na hathruithe i dTreoirlínte IPCC arna nglacadh ag Comhdháil na bPáirtithe in UNFCCC nó ag Comhdháil na bPáirtithe ag feidhmiú mar Chruinniú na bPáirtithe i gComhaontú Pháras a léiriú.

Airteagal 6

Cuntas a thabhairt ar thalamh foraoisithe agus ar thalamh dífhoraoisithe

1.   Tabharfaidh na Ballstáit cuntas ar astaíochtaí agus ar aistrithe atá mar thoradh ar thalamh foraoisithe agus talamh dífhoraoisithe, arb iad na hastaíochtaí iomlána agus na haistrithe iomlána do gach ceann de na blianta sna tréimhsí ó 2021 go 2025 agus ó 2026 go 2030.

2.   De mhaolú ar Airteagal 5(3), i gcás ina ndéantar úsáid talún a thiontú ó thalamh curaíochta, féarthalamh, bogach, lonnaíochtaí nó talamh eile ina talamh foraoise, féadfaidh Ballstát catagóiriú talún den sórt sin ó thalamh a tiontaíodh ina talamh foraoise go dtí talamh foraoise a fhanann mar thalamh foraoise a athrú, 30 bliain tar éis dháta an tiontaithe sin, má tá údar cuí leis sin ar bhonn Threoirlínte IPCC.

3.   Agus astaíochtaí agus aistrithe atá mar thoradh ar thalamh foraoisithe agus talamh dífhoraoisithe á ríomh, cinnfidh gach Ballstát an limistéar foraoise trí úsáid a bhaint as na paraiméadair atá sonraithe in Iarscríbhinn II.

Airteagal 7

Cuntas a thabhairt ar thalamh curaíochta bainistithe, féarthalamh bainistithe agus bogach bainistithe

1.   Tabharfaidh na Ballstáit cuntas ar astaíochtaí agus aistrithe atá mar thoradh ar thalamh curaíochta bainistithe arna ríomh mar astaíochtaí agus aistrithe sna tréimhsí ó 2021 go 2025 agus ó 2026 go 2030 lúide an luach a fhaightear trí mheán-astaíochtaí agus meán-aistrithe bliantúla an Bhallstáit mar thoradh ar thalamh curaíochta bainistithe sa bhonntréimhse ó 2005 go 2009 a iolrú faoi chúig.

2.   Tabharfaidh gach Ballstát cuntas ar astaíochtaí agus ar aistrithe atá mar thoradh ar fhéarthalamh bainistithe arna ríomh mar astaíochtaí agus aistrithe sna tréimhsí ó 2021 go 2025 agus ó 2026 go 2030 lúide an luach a fhaightear trí mheán-astaíochtaí agus meán-aistrithe bliantúla an Bhallstáit mar thoradh ar fhéarthalamh bainistithe sa bhonntréimhse ó 2005 go 2009 a iolrú faoi chúig.

3.   Le linn na tréimhse ó 2021 go 2025, déanfaidh gach Ballstát a chuireann bogach bainistithe san áireamh i raon feidhme a ghealltanais de bhun Airteagal 2(2), agus le linn na tréimhse ó 2026 go 2030, déanfaidh na Ballstáit uile, cuntas a thabhairt ar astaíochtaí agus aistrithe atá mar thoradh ar fhéarthalamh bainistithe arna ríomh mar astaíochtaí agus aistrithe sna tréimhsí faoi seach lúide an luach a fhaightear trí mheán-astaíochtaí agus meán-aistrithe bliantúla an Bhallstáit mar thoradh ar fhéarthalamh bainistithe sa bhonntréimhse ó 2005 go 2009 a iolrú faoi chúig.

4.   Le linn na tréimhse ó 2021 go 2025, na Ballstáit sin a roghnóidh gan bogach bainistithe a chur san áireamh i raon feidhme a ngealltanas de bhun Airteagal 2(2), déanfaidh siad, mar sin féin, tuarascáil a thabhairt don Choimisiún ar na hastaíochtaí agus ar na haistrithe ó úsáid talún a thuairiscítear mar a leanas:

(a)

bogach a fhanann mar bhogach,

(b)

lonnaíocht nó talamh eile, a tiontaíodh go bogach, nó

(c)

bogach a tiontaíodh go lonnaíocht nó talamh eile.

Airteagal 8

Cuntas a thabhairt ar thalamh foraoise bainistithe

1.   Tabharfaidh gach Ballstát cuntas ar astaíochtaí agus ar aistrithe atá mar thoradh ar thalamh foraoise bainistithe arna ríomh mar astaíochtaí agus aistrithe sna tréimhsí ó 2021 go 2025 agus ó 2026 go 2030 lúide an luach a fhaightear trí leibhéal tagartha foraoise an Bhallstáit lena mbaineann a iolrú faoi chúig.

2.   I gcás ina bhfuil toradh na ríofa dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo diúltach i dtaca le leibhéal tagartha foraoise de chuid Ballstáit, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann, glan-aistrithe iomlána nach mó ná coibhéis 3,5 % d’astaíochtaí an Bhallstáit sin ina bhonnbhliain nó ina bhonntréimhse arna sonrú in Iarscríbhinn III, arna iolrú faoi chúig, a chur san áireamh ina chuntais ar thalamh foraoise bainistithe. Glanaistrithe a eascraíonn ó linnte carbóin na dtáirgí brosna agus adhmaid lománaithe, cé is moite den chatagóir pháipéir dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 9(1), i gcatagóir cuntasaíochta talún na talún foraoise bainistithe, ní bheidh na glanaistrithe sin faoi réir an teorannaithe sin.

3.   Déanfaidh na Ballstáit a bplean cuntasaíochta maidir le foraoiseacht náisiúnta, ina mbeidh an leibhéal tagartha foraoise atá beartaithe, a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2018 don tréimhse ó 2021 go 2025 agus faoin 30 Meitheamh 2023 don tréimhse ó 2026 go 2030. Sa phlean cuntasaíochta maidir le foraoiseacht náisiúnta, beidh gach ceann de na míreanna atá liostaithe i Roinn B d’Iarscríbhinn IV agus cuirfear ar fáil don phobal é, lena n-áirítear tríd an idirlíon.

4.   Cinnfidh na Ballstáit a leibhéal tagartha foraoise nua féin bunaithe ar na critéir atá leagtha amach i Roinn A d’Iarscríbhinn IV. I gcás na Cróite, féadfar a chur san áireamh freisin, ina leibhéal tagartha foraoise, sa bhreis ar na critéir a leagtar amach i Roinn A d’Iarscríbhinn IV, áitiú a críche, agus imthosca cogaidh agus iarchogaidh a raibh tionchar acu ar bhainistiú foraoise i rith na tréimhse tagartha.

5.   Bunófar an leibhéal tagartha foraoise ar leanúint ar aghaidh leis an gcleachtas atá ann faoi láthair maidir le bainistiú inbhuanaithe foraoisí, mar atá doiciméadaithe sa tréimhse ó 2000 go 2009 ag féachaint do thréithe dinimiciúla foraoise a bhaineann le haois i bhforaoisí náisiúnta, agus leas á bhaint as na sonraí is fearr a bhíonn ar fáil.

Leis na leibhéil tagartha foraoise, mar a chinnfear iad i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, cuirfear san áireamh an tionchar a bheidh amach anseo ag saintréithe dinimiciúla foraoise a bhaineann le haois ionas nach gcuirfear srian míchuí ar an déine bainistíochta foraoise mar chroíghné den chleachtas bainistithe inbhuanaithe foraoise, agus é mar aidhm linnte carbóin fadtéarmacha a chothabháil nó a neartú.

Léireoidh na Ballstáit comhsheasmhacht idir na modhanna agus na sonraí a úsáidtear chun an leibhéal tagartha foraoise atá beartaithe a chinneadh sa phlean cuntasaíochta maidir le foraoiseacht náisiúnta agus iad sin a úsáidtear sa tuairisciú don talamh foraoise bainistithe.

6.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhairle le saineolaithe a cheapfaidh na Ballstáit, measúnú teicniúil ar na tuarascálacha cuntasaíochta maidir le foraoiseacht náisiúnta a thíolacfaidh na Ballstáit i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo d’fhonn measúnú a dhéanamh ar a mhéid ar cinneadh na leibhéil tagartha foraoise atá beartaithe i gcomhréir leis na prionsabail agus leis na ceanglais a leagtar amach i mír 4 agus mír 5 den Airteagal seo agus in Airteagal 5(1). Ina theannta sin, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le geallsealbhóirí agus leis an tsochaí shibhialta freisin. Foilseoidh an Coimisiún achoimre ar an obair atá déanta, lena n-áirítear na tuairimí a chuir na saineolaithe a cheap na Ballstáit in iúl, chomh maith leis na conclúidí a ghabhann leis sin.

Eiseoidh an Coimisiún, más gá, moltaí teicniúla do na Ballstáit ina léireofar conclúidí an mheasúnaithe theicniúil le gur féidir an t-athbhreithniú teicniúil a dhéanamh ar na leibhéil tagartha foraoise atá beartaithe. Foilseoidh an Coimisiún na moltaí teicniúla sin.

7.   I gcás inar gá, bunaithe ar na measúnuithe teicniúla agus, i gcás inarb iomchuí, ar na moltaí teicniúla, cuirfidh na Ballstáit a leibhéil tagartha foraoise athbhreithnithe atá beartaithe faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2019 don tréimhse ó 2021 go 2025 agus faoin 30 Meitheamh 2024 don tréimhse ó 2026 go 2030. Foilseoidh an Coimisiún na leibhéil tagartha foraoise atá beartaithe a chuirfidh na Ballstáit in iúl dó.

8.   Bunaithe ar na leibhéil tagartha foraoise atá beartaithe a thíolacfaidh na Ballstáit, ar an measúnú teicniúil a dhéanfar de bhun mhír 6 den Airteagal seo agus, i gcás inarb infheidhme, ar an leibhéal tagartha foraoise athbhreithnithe atá beartaithe a thíolacfar faoi mhír 7 den Airteagal seo, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 16 lena leasaítear Iarscríbhinn IV chun go leagfar síos na leibhéil tagartha foraoise a chuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm do na tréimhsí ó 2021 go 2025 agus ó 2026 go 2030.

9.   Mura gcuireann Ballstát a leibhéal tagartha foraoise faoi bhráid an Choimisiúin faoi na dátaí a shonraítear i mír 3 den Airteagal seo agus, más infheidhme, i mír 7 den Airteagal seo, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 16 lena leasaítear Airteagal IV chun go leagfar síos an leibhéal tagartha foraoise a chuirfidh an Ballstát sin i bhfeidhm don tréimhse ó 2021 go 2025 nó don tréimhse ó 2026 go 2030, bunaithe ar aon mheasúnú teicniúil arna dhéanamh de bhun mhír 6 den Airteagal seo.

10.   Glacfar na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír8 agus mír 9 faoin 31 Deireadh Fómhair 2020 don tréimhse ó 2021 go 2025 agus faoin 30 Aibreán 2025 don tréimhse ó 2026 go 2030.

11.   Chun comhsheasmhacht, dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, a áirithiú, cuirfidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, ceartúcháin theicniúla, nach n-éilítear leasuithe ar na gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun mhír 8 nó 9 den Airteagal seo roimhe seo leo, faoi bhráid an Choimisiúin, faoi na dátaí dá dtagraítear in Airteagal 14(1).

Airteagal 9

Cuntasaíocht le haghaidh táirgí adhmaid lománaithe

1.   I gcomhréir leis na cuntais a sholáthraítear de bhun Airteagal 6(1) agus Airteagal 8(1) a bhaineann le táirgí adhmaid lománaithe, léireoidh Ballstáit astaíochtaí agus aistrithe mar thoradh ar linn charbóin na dtáirgí adhmaid lománaithe a thagann laistigh de na catagóirí seo a leanas ag baint úsáid as an bhfeidhm lobhadh chéad ord, na modheolaíochtaí agus na luachanna leathré mainneachtana a shonraítear in Iarscríbhinn V:

(a)

páipéar;

(b)

painéil adhmaid;

(c)

adhmad sáfa.

2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 16 chun mír 1 den Airteagal seo agus chun Iarscríbhinn V a leasú trí chatagóirí nua de tháirgí adhmaid lománaithe a chur isteach a bhfuil éifeacht ceaptha carbóin acu, bunaithe ar Threoirlínte IPCC arna nglacadh ag Comhdháil na bPáirtithe in UNFCCC nó ag Comhdháil na bPáirtithe ag feidhmiú mar Chruinniú na bPáirtithe i gComhaontú Pháras, agus tríd an tsláine chomhshaoil a ráthú.

3.   Féadfaidh na Ballstáit na táirgí atá bunaithe ar ábhar adhmaid, lena n-áirítear coirt, a shonrú a thagann laistigh de na catagóirí atá ann cheana agus de na catagóirí nua dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2, faoi seach, bunaithe ar Threoirlínte IPCC arna nglacadh ag Comhdháil na bPáirtithe in UNFCCC nó ag Comhdháil na bPáirtithe ag feidhmiú mar Chruinniú na bPáirtithe i gComhaontú Pháras, agus ar choinníoll go mbeidh na sonraí a bheidh ar fáil trédhearcach agus infhíoraithe.

Airteagal 10

Cuntasaíocht maidir le suaitheadh nádúrtha

1.   Ag deireadh gach ceann de na tréimhsí ó 2021 go 2025 agus ó 2026 go 2030, féadfaidh Ballstáit gan astaíochtaí gás ceaptha teasa mar thoradh ar shuaitheadh nádúrtha agus a sháraíonn na meán-astaíochtaí arna gcruthú ag suaitheadh nádúrtha sa tréimhse ó 2001 go 2020, ná asluitigh staidrimh (“leibhéal cúlra”), a áireamh ina gcuid cuntas le haghaidh talamh foraoisithe agus talamh foraoise bainistithe. Ríomhfar an leibhéal cúlra sin i gcomhréir leis an Airteagal seo agus le hIarscríbhinn VI.

2.   I gcás ina gcuirfidh Ballstát mír 1 i bhfeidhm, déanfaidh sé an méid a leanas:

(a)

cuirfidh sé faisnéis faoin leibhéal cúlra do na catagóirí cuntasaíochta talún dá dtagraítear i mír 1 agus faoi na sonraí agus na modheolaíochtaí a úsáideadh i gcomhréir le hIarscríbhinn VI faoi bhráid an Choimisiúin; agus

(b)

ní áireoidh sé gach aistriú ina dhiaidh sin ar an talamh a raibh tionchar ag suaitheadh nádúrtha air sa chuntasaíocht go dtí 2030.

3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 chun Iarscríbhinn VI a leasú chun athbhreithniú a dhéanamh ar an modheolaíocht agus ar na ceanglais faisnéise atá san Iarscríbhinn sin, chun na hathruithe i dTreoirlínte IPCC arna nglacadh ag Comhdháil na bPáirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide nó ag Comhdháil na bPáirtithe ag feidhmiú mar Chruinniú na bPáirtithe i gComhaontú Pháras a léiriú.

Airteagal 11

Solúbthachtaí

1.   Féadfaidh Ballstát leas a bhaint as:

(a)

na solúbthachtaí ginearálta a leagtar amach in Airteagal 12; agus

(b)

chun an ceanglas in Airteagal 4 a chomhlíonadh, an tsolúbthacht maidir le talamh foraoise bainistithe a leagtar amach in Airteagal 13.

2.   Mura bhfuil na ceanglais maidir le faireachán a leagtar síos i bpointe (da) d’Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 á gcomhlíonadh ag Ballstát, cuirfidh an Riarthóir Lárnach atá ainmnithe faoi Airteagal 20 de Threoir 2003/87/CE (“an Riarthóir Lárnach”) toirmeasc sealadach ar an mBallstát sin aistriú nó cur i dtaisce a dhéanamh de bhun Airteagal 12(2) agus (3) den Rialachán seo nó leas a bhaint as an tsolúbthacht maidir le talamh foraoise bainistithe de bhun Airteagal 13 den Rialachán seo.

Airteagal 12

Solúbthachtaí ginearálta

1.   I gcás inar mó na hastaíochtaí iomlána ná na haistrithe iomlána i mBallstát, agus gur roghnaigh an Ballstát sin a sholúbthacht a úsáid, agus gur iarr sé na leithdháiltí bliantúla astaíochta faoi Rialachán (AE) 2018/842 a scriosadh, cuirfear chainníocht na leithdháiltí bliantúla astaíochta a scriosadh san áireamh i dtaca lena ghealltanas a bheith á chomhlíonadh ag an mBallstát de bhun Airteagal 4 den Rialachán seo.

2.   Sa mhéid gur mó na haistrithe iomlána ná na hastaíochtaí iomlána i mBallstát agus tar éis aon chainníocht arna cur san áireamh faoi Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2018/842, féadfaidh an Ballstát sin an chainníocht atá fágtha a aistriú chuig Ballstát eile. Cuirfear an chainníocht arna haistriú san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar a ghealltanas a bheith á chomhlíonadh ag an mBallstát a fhaigheann í de bhun Airteagal 4 den Rialachán seo.

3.   Sa mhéid gur mó na haistrithe iomlána ná na hastaíochtaí iomlána i mBallstát sa tréimhse ó 2021 go 2025, agus tar éis aon chainníocht arna cur san áireamh faoi Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2018/842 a dhealú nó arna haistriú chuig Ballstát eile de bhun mhír 2 den Airteagal seo, féadfaidh an Ballstát sin taisce a dhéanamh den chainníocht atá fágtha don tréimhse ó 2026 go 2030.

4.   Chun an t-áireamh dúbailte a sheachaint, déanfar cainníocht na nglan-aistrithe arna gcur san áireamh faoi Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2018/842 a dhealú ón gcainníocht atá ar fáil ag an mBallstát sin le haistriú chuig Ballstát eile nó le taisce a dhéanamh di de bhun mhír 2 agus mhír 3 den Airteagal seo.

Airteagal 13

Solúbthacht maidir le talamh foraoise bainistithe

1.   I gcás gur mó na hastaíochtaí iomlána ná na haistrithe iomlána i mBallstát sna catagóirí cuntasaíochta talún dá dtagraítear in Airteagal 2, a dtugtar cuntas orthu i gcomhréir leis an Rialachán seo, féadfaidh an Ballstát sin leas a bhaint as an tsolúbthacht a leagtar amach san Airteagal seo maidir le talamh foraoise bainistithe chun Airteagal 4 a chomhlíonadh.

2.   I gcás inar figiúr dearfach a bheidh ar an ríomh dá dtagraítear in Airteagal 8(1), beidh an Ballstát lena mbaineann i dteideal na hastaíochtaí sin a chúiteamh ar an gcoinníoll:

(a)

gur áirigh an Ballstát bearta sonracha pleanáilte, atá á ndéanamh faoi láthair nó atá beartaithe, ina straitéis, a thíolactar i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013, chun a áirithiú go gcaomhnófar nó go bhfeabhsófar, mar is iomchuí, na linnte foraoise agus na humair foraoise; agus

(b)

nach mó na hastaíochtaí iomlána laistigh den Aontas ná na haistrithe iomlána sna catagóirí cuntasaíochta talún dá dtagraítear in Airteagal 2 den Rialachán seo don tréimhse a bhfuil sé ar intinn ag an mBallstát an cúiteamh a úsáid ina leith. Agus measúnú á dhéanamh aige an mó iomlán na n-astaíochtaí ná iomlán na n-aistrithe laistigh den Aontas, áiritheoidh an Coimisiún go seachnóidh na Ballstáit an comhaireamh dúbailte, go háirithe agus na solúbthachtaí a leagtar amach sa Rialachán seo agus i Rialachán (AE) 2018/842. á bhfeidhmiú.

3.   Maidir leis an méid cúitimh, ní fhéadfaidh an Ballstát lena mbaineann cúiteamh a dhéanamh ach amháin:

(a)

i gcás linnte ar a dtugtar cuntas mar astaíochtaí in aghaidh a leibhéil tagartha foraoise; agus

(b)

suas go dtí an méid uasta cúitimh don Bhallstát sin a leagtar amach in Iarscríbhinn VII don tréimhse ó 2021 go 2030 agus go dtí an méid sin amháin.

4.   Féadfaidh an Fhionlainn astaíochtaí arb ionann agus 10 milliún tona de choibhéis CO2 a chúiteamh ar choinníoll go gcomhlíonann sé na coinníollacha a liostaítear i bpointí (a) agus (b) de mhír 2.

Airteagal 14

Comhlíonadh a sheiceáil

1.   Faoin 15 Márta 2027 don tréimhse ó 2021 go 2025 agus faoin 15 Márta 2032 don tréimhse ó 2026 go 2030, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil maidir le comhlíonadh faoi bhráid an Choimisiúin ina mbeidh iarmhéid na n-astaíochtaí agus na n-aistrithe iomlána don tréimhse ábhartha ar gach ceann de na catagóirí cuntasaíochta talún a shonraítear in Airteagal 2, ag úsáid na rialacha cuntasaíochta a leagtar síos sa Rialachán seo.

I gcás inarb iomchuí, beidh i dtuarascáil den sórt sin freisin sonraí faoin rún atá ann na solúbthachtaí dá dtagraítear in Airteagal 11 agus na méideanna gaolmhara a úsáid nó faoi úsáid solúbthachtaí agus méideanna gaolmhara den sórt sin.

2.   Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú cuimsitheach ar na tuarascálacha ar chomhlíonadh, a sholáthraítear faoi mhír 1 den Airteagal seo chun críocha measúnaithe ar chomhlíonadh le hAirteagal 4.

3.   Ullmhóidh an Coimisiún in 2027 tuarascáil, don tréimhse ó 2021 go 2025, agus in 2032, don tréimhse ó 2026 go 2030, ar astaíochtaí iomlána agus aistrithe iomlána gás ceaptha teasa an Aontais i gcás gach ceann de na catagóirí cuntasaíochta talún dá dtagraítear in Airteagal 2 arna ríomh mar astaíochtaí agus aistrithe tuairiscithe iomlána don tréimhse lúide an luach a fhaightear trí astaíochtaí agus aistrithe tuairiscithe bliantúla an Aontais ar an meán sa tréimhse ó 2000 go 2009 a iolrú faoi chúig.

4.   Tabharfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil cúnamh don Choimisiún chun an creat maidir le faireachán agus comhlíonadh dá bhforáiltear san Airteagal seo a chur chun feidhme, i gcomhréir lena chlár oibre bliantúil.

Airteagal 15

Clárlann

1.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 16 den Rialachán seo chun an Rialachán seo a fhorlíonadh chun na rialacha a leagan síos maidir le taifead a choinneáil ar chainníocht na n-astaíochtaí agus na n-aistrithe do gach catagóir cuntasaíochta talún i ngach Ballstát agus chun a áirithiú gur cuntasaíocht chruinn a bheidh á déanamh agus an tsolúbthacht á feidhmiú de bhun Airteagal 12 agus Airteagal 13 den Rialachán seo trí Chlárlann an Aontais a bunaíodh de bhun Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013.

2.   Déanfaidh an Riarthóir Lárnach seiceáil uathoibrithe ar gach idirbheart faoin Rialachán seo agus, más gá, cuirfidh sé cosc ar idirbhearta chun a áirithiú nach mbíonn aon neamhrialtachtaí ann.

3.   Beidh rochtain ag an bpobal ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2.

Airteagal 16

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo a thugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 3(2), 5(6), 8(8) agus (9), 9(2), 10(3) agus 15(1) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 9 Iúil 2018. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagail 3(2), 5(6), 8(8) agus (9), 9(2), 10(3) agus 15(1), féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle é a chúlghairm tráth ar bith. I gcás cinnidh maidir le cúlghairm, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   Roimh ghníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

6.   Maidir le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagail 3(2), 5(6), 8(8) agus (9), 9(2), 10(3) agus 15(1), ní thiocfaidh sé i bhfeidhm ach i gcás nach mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 17

Athbhreithniú

1.   Leanfar d’athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán seo, agus, inter alia, forbairtí idirnáisiúnta agus na hiarrachtaí a dhéantar le cuspóirí fadtéarmacha Chomhaontú Pháras á gcur san áireamh.

Bunaithe ar na torthaí ón tuarascáil a ullmhaítear de bhun Airteagal 14(3) agus ar an toradh a bheidh ar an measúnú a dhéanfar de bhun phointe (b) d’Airteagal 13(2), déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, moltaí chun a áirithiú go n-urramófar sláine sprioc fhoriomlán an Aontais do 2030 maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus a rannchuidiú le spriocanna Chomhaontú Pháras.

2.   Tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle laistigh de 6 mhí tar éis gach stocáireamh domhanda a comhaontaíodh faoi Airteagal 14 de Chomhaontú Pháras maidir le feidhmiú an Rialacháin seo, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, measúnú ar thionchair na solúbthachtaí dá dtagraítear in Airteagal 11, chomh maith le rannchuidiú an Rialacháin seo le gnóthú sprioc fhoriomlán an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi 2030 agus maidir leis an méid atá sé a chur le gnóthú spriocanna Chomhaontú Pháras, go háirithe maidir leis an ngá atá le beartais bhreise agus bearta breise ón Aontas, lena n-áirítear creat iar-2030, ag féachaint don mhéadú is gá a dhéanamh ar laghduithe agus aistrithe na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa san Aontas, agus déanfaidh sé tograí más iomchuí.

Airteagal 18

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 525/2013

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 mar a leanas:

(1)

In Airteagal 7, leasaítear mír 1 mar a leanas:

(a)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(da)

amhail ó 2023, a n-astaíochtaí agus a n-aistrithe arna gcumhdach faoi Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) i gcomhréir leis na modheolaíochtaí a shonraítear in Iarscríbhinn IIIa a ghabhann leis an Rialachán seo;

(*1)  Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chur san áireamh i gcreat 2030 don aeráid agus don fhuinneamh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus Cinneadh Uimh. 529/2013/AE (IO L 156 an 19 Meitheamh 2018, Ich 1.).”;"

(b)

cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“Féadfaidh Ballstát a iarraidh go ndeonófar maolú ó phointe (da) den chéad fhomhír chun modheolaíocht eile seachas an ceann a shonraítear in Iarscríbhinn IIIa a chur i bhfeidhm dó i gcás nach bhféadfar an feabhas ar an modheolaíocht atá de dhíth a bhaint amach in am chun an feabhsú a chur san áireamh sna fardail ar gháis cheaptha teasa don tréimhse ó 2021 go 2030, nó i gcás go mbeadh costas díréireach ard ag baint leis an bhfeabhsú ar an modheolaíocht i gcomparáid le modheolaíocht den sórt sin a chur i bhfeidhm chun an cuntas a thugtar ar astaíochtaí agus ar aistrithe a fheabhsú i ngeall ar an tábhacht íseal atá ag na hastaíochtaí agus aistrithe ó na linnte carbóin lena mbaineann. Cuirfidh Ballstáit ar mian leo leas a bhaint as an maolú seo iarraidh réasúnaithe faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2020, ina dtabharfar an amlíne le fios don uair a fhéadfar an feabhas ar an modheolaíocht agus/nó an mhodheolaíocht mhalartach atá beartaithe a chur chun feidhme, maille le measúnú ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith i gceist i dtaca le cruinneas na cuntasaíochta. Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh go gcuirfí faisnéis bhreise faoina bhráid laistigh de thréimhse ama réasúnta shonraithe. I gcás ina measann an Coimisiún go bhfuil bonn cirt leis an iarraidh, deonóidh sé an maolú. Má dhiúltaíonn an Coimisiún don iarraidh, tabharfaidh an Coimisiún na cúiseanna a bhí lena chinneadh.”.

(2)

I bpointe (c) d’Airteagal 13(1), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(viii)

amhail ó 2023, faisnéis faoi bheartais náisiúnta agus faoi bhearta náisiúnta a cuireadh chun feidhme chun a n-oibleagáidí a chomhlíonadh faoi Rialachán (AE) 2018/841 agus faisnéis faoi bheartais náisiúnta bhreise agus bearta náisiúnta breise atá pleanáilte d’fhonn astaíochtaí gás ceaptha teasa a theorannú, nó linnte a fheabhsú, sa bhreis ar a ngealltanais faoin Rialacháin sin;”.

(3)

In Airteagal 14(1), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(ba)

amhail ó 2023, réamh-mheastacháin ar gháis cheaptha teasa iomlána agus meastacháin ar leithligh do na hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa atá réamh-mheasta a chumhdaítear faoi Rialachán (AE) 2018/841”.

(4)

Cuirtear an Iarscríbhinn seo a leanas isteach:

“IARSCRÍBHINN IIIA

Modheolaíochtaí don fhaireachán agus don tuairisciú dá dtagraítear i bpointe (da) d’Airteagal 7(1)

Cur chuige 3: Sonraí ar thiontuithe úsáide talún bunaithe go sainráite ar thíreolaíocht i gcomhréir le Treoirlínte 2006 IPCC d’Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa.

Modheolaíochtaí Leibhéal 1 i gcomhréir le Treoirlínte 2006 IPCC d’Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa.

I gcás astaíochtaí agus aistrithe do linn charbóin arb ionann í agus 25-30 % ar a laghad d’astaíochtaí nó d’aistrithe i bhfoinse nó i gcatagóir linnte a dtugtar tosaíocht di laistigh de chóras náisiúnta fardail de chuid Ballstáit toisc go bhfuil tionchar suntasach ag an meastachán a dhéantar uirthi ar fhardal iomlán tíre de gháis cheaptha teasa i dtéarmaí dearbh-leibhéal astaíochtaí agus aistrithe, an treocht maidir le hastaíochtaí nó le haistrithe, nó an neamhchinnteacht sna hastaíochtaí agus sna haistrithe sna catagóirí úsáide talún, modheolaíocht Leibhéal 2 ar a laghad i gcomhréir le Treoirlínte 2006 IPCC d’Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa.

Moltar do na Ballstáit modheolaíocht Leibhéal 3 a chur i bhfeidhm, i gcomhréir le Treoirlínte 2006 IPCC d’Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa.”.

Airteagal 19

Leasú ar Chinneadh Uimh. 529/2013/AE

Leasaítear Cinneadh Uimh. 529/2013/AE mar a leanas:

(1)

In Airteagal 3(2), scriostar an chéad fhomhír.

(2)

In Airteagal 6, scriostar mír 4.

Airteagal 20

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an30 Bealtaine 2018.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. PAVLOVA


(1)  IO C 75, 10.3.2017, lch. 103.

(2)  IO C 272, 17.8.2017, lch. 36.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2018 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 14 Bealtaine 2018.

(4)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil lamháltas i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

(5)  IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.

(6)  Cinneadh (AE) 2016/1841 ón gComhairle an 5 Deireadh 2016 maidir le tabhairt i gcrích Chomhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, thar ceann an Aontais Eorpaigh (IO L 282, 19.10.2016, lch. 1).

(7)  Cinneadh Uimh. 529/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le rialacha cuntasaíochta maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus aistrithe a bhaineann le húsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht agus maidir le faisnéis i ndáil le gníomhartha a bhaineann leis na gníomhaíochtaí sin (IO L 165, 18.6.2013, lch. 80).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le sásra chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus chun faisnéis eile atá ábhartha don athrú aeráide a thuairisciú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 280/2004/CE (IO L 165, 18.6.2013, lch. 13).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 601/2012 ón gCoimisiún an 21 Meitheamh 2012 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 181, 12.7.2012, lch. 30).

(10)  Cinneadh 89/367/CEE ón gComhairle an 29 Bealtaine 1989 lena mbunaítear Buanchoiste Foraoiseachta (IO L 165, 15.6.1989, lch. 14).

(11)  Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (féach leathanach 26 den Iris Oifigiúil seo).

(12)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(13)  Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear Bonneagar d’Fhaisnéis Spásúil sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE) (IO L 108, 25.4.2007, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

GÁIS CHEAPTHA TEASA AGUS LINNTE CARBÓIN

A.

Gáis cheaptha teasa dá dtagraítear in Airteagal 2:

(a)

dé-ocsaíd charbóin (CO2);

(b)

meatán (CH4);

(c)

ocsaíd nítriúil (N2O)

Maidir leis na gáis cheaptha teasa sin, déanfar iad a shloinneadh i dtéarmaí tonaí de choibhéis CO2 agus déanfar iad a chinneadh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 525/2013.

B.

Linnte carbóin dá dtagraítear in Airteagal 5(4):

(a)

bithmhais os cionn na talún;

(b)

bithmhais faoin talamh;

(c)

bruscar;

(d)

brosna;

(e)

carbón orgánach ithreach;

(f)

táirgí adhmaid lománaithe i gcatagóirí cuntasaíochta talún de talamh foraoisithe agus talamh foraoise bainistithe.


IARSCRÍBHINN II

ÍOSLUACHANNA LE hAGHAIDH MHÉID AN LIMISTÉIR, CUMHDACH MHULLAÍ NA gCRANN AGUS AIRDE CRANN

An Ballstát

Limistéar (ha)

Cumhdach Mhullaí na gCrann (%)

Airde Crann (m)

An Bheilg

0,5

20

5

An Bhulgáir

0,1

10

5

Poblacht na Seice

0,05

30

2

An Danmhairg

0,5

10

5

An Ghearmáin

0,1

10

5

An Eastóin

0,5

30

2

Éire

0,1

20

5

An Ghréig

0,3

25

2

An Spáinn

1,0

20

3

An Fhrainc

0,5

10

5

An Chróit

0,1

10

2

An Iodáil

0,5

10

5

An Chipir

0,3

10

5

An Laitvia

0,1

20

5

An Liotuáin

0,1

30

5

Lucsamburg

0,5

10

5

An Ungáir

0,5

30

5

Málta

1,0

30

5

An Ísiltír

0,5

20

5

An Ostair

0,05

30

2

An Pholainn

0,1

10

2

An Phortaingéil

1,0

10

5

An Rómáin

0,25

10

5

An tSlóivéin

0,25

30

2

An tSlóvaic

0,3

20

5

An Fhionlainn

0,5

10

5

An tSualainn

0,5

10

5

An Ríocht Aontaithe

0,1

20

2


IARSCRÍBHINN III

AN BHONNBHLIAIN NÓ AN BHONNTRÉIMHSE CHUN AN UASTEORAINN DE BHUN AIRTEAGAL 8(2) A RÍOMH

An Ballstát

Bonnbhliain/Bonntréimhse

An Bheilg

1990

An Bhulgáir

1988

An Chróit

1990

Poblacht na Seice

1990

An Danmhairg

1990

An Ghearmáin

1990

An Eastóin

1990

Éire

1990

An Ghréig

1990

An Spáinn

1990

An Fhrainc

1990

An Iodáil

1990

An Chipir

1990

An Laitvia

1990

An Liotuáin

1990

Lucsamburg

1990

An Ungáir

1985-87

Málta

1990

An Ísiltír

1990

An Ostair

1990

An Pholainn

1988

An Phortaingéil

1990

An Rómáin

1989

An tSlóivéin

1986

An tSlóvaic

1990

An Fhionlainn

1990

An tSualainn

1990

An Ríocht Aontaithe

1990


IARSCRÍBHINN IV

PLEAN CUNTASAÍOCHTA MAIDIR LE FORAOISEACHT NÁISIÚNTA INA bhFUIL LEIBHÉAL TAGARTHA FORAOISE DE CHUID BALLSTÁIT

A.   Critéir agus treoir lena gcinntear an leibhéal tagartha foraoise

Déanfar leibhéal tagartha foraoise de chuid Ballstáit a chinneadh i gcomhréir leis na critéir seo a leanas:

(a)

beidh an leibhéal tagartha ag teacht leis an sprioc atá ann cothromaíocht a bhaint amach sa dara leath den chéad seo idir astaíochtaí antrapaigineacha ag foinsí agus aistriú linnte gás ceaptha teasa, lena n-áirítear maidir le feabhas a chur ar aistriú féideartha na stoc foraoise atá ag dul in aois agus a bhféadfaidh meath teacht ar linnte de réir a chéile mura ndéanfar amhlaidh;

(b)

leis an leibhéal tagartha, áiritheofar nach ndéanfar stoic charbóin a bheith ann, agus an méid sin amháin, a áireamh sa phróiseas cuntasaíochta;

(c)

i ngeall ar an leibhéal tagartha, ba cheart go n-áiritheofaí go bhfuil córas cuntasaíochta ann atá daingean agus inchreidte a áirithíonn go ndéantar tuairisc iomchuí ar astaíochtaí agus ar aistrithe mar thoradh ar úsáid bhithmhaise;

(d)

an leibhéal tagartha, áireofar linn charbóin na dtáirgí adhmaid lománaithe agus, ar an gcaoi sin, féadfar comparáid a dhéanamh idir glacadh leis an hipitéis den ocsaídiú ar an toirt agus cur i bhfeidhm na feidhme lobhadh chéad ord agus luachanna leathré;

(e)

glacfar le cóimheas seasta idir úsáid sholadach agus úsáid fhuinniúil a bhaint as bithmhais fhoraoise mar atá doiciméadaithe sa tréimhse ó 2000 go 2009;

(f)

ba cheart don leibhéal tagartha a bheith comhsheasmhach leis an sprioc maidir le cuidiú leis an mbithéagsúlacht a chaomhnú agus úsáid inbhuanaithe a bhaint as acmhainní nádúrtha, mar a leagtar amach i straitéis foraoise an Aontais, i mbeartais náisiúnta foraoiseachta na mBallstát, agus i straitéis bithéagsúlachta an Aontais;

(g)

beidh an leibhéal tagartha ag teacht leis na réamh-mheastacháin náisiúnta ar astaíochtaí gás ceaptha teasa antrapaigineacha ag foinsí agus aistriú linnte a thuairiscítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 525/2013;

(h)

beidh an leibhéal tagartha ag teacht le fardail náisiúnta ghás ceaptha teasa agus le sonraí stairiúla ábhartha agus beidh siad bunaithe ar fhaisnéis atá trédhearcach, iomlán, comhsheasmhach, inchomparáide agus cruinn. Go sonrach, beifear in ann an tsamhail a úsáidtear chun an leibhéal tagartha a chur ar bun a úsáid chun sonraí stairiúla a ghiniúint ón bhFardal Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa.

B.   Eilimintí den phlean cuntasaíochta maidir le foraoiseacht náisiúnta

Beidh na heilimintí seo a leanas sa phlean cuntasaíochta maidir le foraoiseacht náisiúnta a thíolactar de bhun Airteagal 8:

(a)

tuairisc ghinearálta faoi chinneadh an leibhéil tagartha foraoise agus tuairisc ar an gcaoi ar cuireadh san áireamh na critéir sa Rialachán seo;

(b)

liosta de na linnte carbóin agus de na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a áiríodh sa leibhéal tagartha foraoise, na fáthanna ar fágadh linn charbóin ar lár ó chinneadh an leibhéil tagartha foraoise, agus léiriú ar an gcomhsheasmhacht idir na linnte carbóin a áirítear sa leibhéal tagartha foraoise;

(c)

tuairisc ar an gcur chuige, ar na modhanna agus ar na samhlacha, lena n-áirítear faisnéis chainníochtúil, a úsáidtear chun an leibhéal tagartha foraoise a chinneadh, atá comhsheasmhach leis an tuarascáil náisiúnta fardail is déanaí a tíolacadh, agus tuairisc ar fhaisnéis dhoiciméadach maidir le bainistiú inbhuanaithe foraoise ó thaobh cleachtas agus déine de agus ar na beartais náisiúnta a glacadh;

(d)

faisnéis maidir leis an gcaoi a bhfuiltear ag súil go dtiocfaidh forbairt ar rátaí saothraithe foraoise faoi chásanna éagsúla beartais;

(e)

tuairisc ar an gcaoi a ndearnadh gach ceann de na heilimintí seo a leanas a mheas agus an leibhéal tagartha foraoise á chinneadh:

(i)

an limistéar faoi bhainistiú foraoise;

(ii)

astaíochtaí agus aistrithe ó fhoraoisí agus ó tháirgí adhmaid lománaithe a léirítear i bhfardail ghás ceaptha teasa agus sonraí stairiúla ábhartha;

(iii)

saintréithe foraoise, lena n-áirítear tréithe dinimiciúla foraoisí a bhaineann le haois, incrimintí, fad uainíochta agus aon fhaisnéis eile maidir le gníomhaíochtaí bainistithe foraoise faoin rúibric “an scéal a fhágáil mar atá”;

(iv)

rátaí saothraithe stairiúla agus todhchaí imdhealaithe idir úsáidí fuinnimh agus úsáidí neamhfhuinnimh.


IARSCRÍBHINN V

FEIDHM LOBHADH CHÉAD ORD, MODHEOLAÍOCHTAÍ AGUS LUACHANNA LEATHRÉ MAINNEACHTANA LE HAGHAIDH TÁIRGÍ ADHMAID LOMÁNAITHE

Ceisteanna modheolaíocha

Mura féidir táirgí adhmaid lománaithe a dhealú sna catagóirí úsáide talún arb iad talamh foraoisithe agus talamh foraoise bainistithe, féadfaidh Ballstát roghnú glacadh leis gur ar thalamh foraoise bainistithe a tharla na hastaíochtaí agus na haistrithe ar fad agus na táirgí adhmaid lománaithe a áireamh sna cuntais.

Is ar bhonn ocsaídiú ar an toirt a dhéanfar cuntas ar tháirgí adhmaid lománaithe i láithreán le haghaidh diúscairt dramhaíola soladaí agus ar tháirgí adhmaid lománaithe a ndearnadh iad a lománú chun críocha fuinnimh.

Ní thabharfaidh an Ballstát allmhairithe cuntas ar tháirgí adhmaid lománaithe allmhairithe, is cuma faoina n-áit tionscnaimh (“cur chuige an táirgthe”).

Maidir le táirgí adhmaid lománaithe onnmhairithe, tagraíonn sonraí atá sonrach do thír faoi leith do luachanna leathré atá sonrach do thír faoi leith agus don úsáid a bhaintear as táirgí adhmaid lománaithe sa tír allmhairithe.

I gcás luachanna leathré atá sonrach do thír faoi leith maidir le táirgí adhmaid lománaithe a chuirtear ar an margadh san Aontas, níor cheart go ndiallfaidis na luachanna leathré atá in úsáid ag an mBallstát allmhairithe.

Féadfaidh na Ballstáit, chun críocha faisnéise amháin, sonraí a sholáthar ina gcuid aighneachtaí maidir le sciar an adhmaid as ar baineadh úsáid chun críocha fuinnimh agus a onnmharaíodh ó áit lasmuigh den Aontas, mar aon le sonraí maidir le tíortha tionscnaimh adhmaid den sórt sin.

Féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as modheolaíochtaí agus as luachanna leathré atá sonrach do thír ar leith in ionad na modheolaíochtaí agus na luachanna leathré mainneachtana a shonraítear san Iarscríbhinn seo ar an gcoinníoll go gcinnfear na modheolaíochtaí agus na luachanna sin ar bhonn sonraí atá trédhearcach agus infhíoraithe agus ar an gcoinníoll go mbeidh na modheolaíochtaí a mbaintear úsáid astu chomh sonrach ar a laghad agus chomh beacht ar a laghad is atá siad siúd a shonraítear san Iarscríbhinn seo.

Na luachanna leathré mainneachtana:

Ciallaíonn “luach leathré” líon na mblianta a thógtar chun méid an charbóin atá stóráilte i gcatagóir táirgí adhmaid lománaithe a laghdú go dtí leath dá luach tosaigh.

Is mar a leanas a bheidh na luachanna leathré mainneachtana:

(a)

2 bhliain do pháipéar;

(b)

25 bliana do phainéil adhmaid;

(c)

35 bliana d’adhmad sáfa.

Féadfaidh na Ballstáit na táirgí atá bunaithe ar ábhar adhmaid, lena n-áirítear coirt, a thagann laistigh de na catagóirí dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) thuas, a shonrú, bunaithe ar Threoirlínte IPCC arna nglacadh ag Comhdháil na bPáirtithe in UNFCCC nó ag Comhdháil na bPáirtithe ag feidhmiú mar Chruinniú na bPáirtithe i gComhaontú Pháras, ar choinníoll go mbeidh na sonraí a bheidh ar fáil trédhearcach agus infhíoraithe. Féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint freisin as ceann ar bith de na catagóirí sin ar fochatagóirí iad atá sonrach do thír faoi leith.


IARSCRÍBHINN VI

LEIBHÉIL CHÚLRA I gCÁS SUAITHEADH NÁDÚRTHA A RÍOMH

1.

Maidir le ríomh an leibhéil chúlra, soláthrófar an fhaisnéis seo a leanas:

(a)

leibhéil stairiúla astaíochtaí mar thoradh ar shuaitheadh nádúrtha;

(b)

cineál nó cineálacha an tsuaite nádúrtha a áirítear sa mheastachán;

(c)

meastacháin ar astaíochtaí iomlána bliantúla maidir leis na cineálacha sin de shuaitheadh nádúrtha don tréimhse ó 2001 go 2020, agus iad liostaithe de réir catagóirí cuntasaíochta talún;

(d)

léiriú ar chomhsheasmhacht amshraitheanna sna paraiméadair uile ábhartha, lena n-áirítear íosachar, modheolaíochtaí chun astaíochtaí a mheas, cumhdach na linnte carbóin agus gás.

2.

Déantar an leibhéal cúlra a ríomh mar mheán na hamshraithe 2001-2020 ach gan na blianta ar fad ar ina leith a rinneadh leibhéil mhínormálta astaíochtaí a thaifeadadh a áireamh, i.e. gan na hasluitigh uile staidrimh a áireamh. Déanfar na hasluitigh staidrimh a shainaithint mar a leanas:

(a)

déantar an luach meánach uimhríochta agus diall caighdeánach na hamshraithe iomláine 2001-2020 a ríomh;

(b)

ní dhéantar na blianta uile a bhfuil na hastaíochtaí bliantúla ina leith lasmuigh de dhá oiread dhiall caighdeánach an mheáin a áireamh san amshraith;

(c)

déantar ríomh arís ar an luach meánach uimhríochta agus ar dhiall caighdeánach na hamshraithe iomláine 2001-2020, lúide na blianta nár áiríodh i bpointe (b);

(d)

déan pointí (b) agus (c) arís go dtí nach féidir aon asluitigh a shainaithint.

3.

Tar éis an leibhéal cúlra a ríomh de bhun phointe 2 den Iarscríbhinn seo, má sháraíonn na hastaíochtaí i mbliain ar leith sna tréimhsí ó 2021 go 2025 agus ó 2026 go 2030 an leibhéal cúlra móide corrlach, féadfar gan méid na n-astaíochtaí a sháraíonn an leibhéal cúlra a áireamh i gcomhréir le hAirteagal 10. Beidh an corrlach cothrom le leibhéal dóchúlachta 95 %.

4.

Ní fhéadfar gan na hastaíochtaí seo a leanas a áireamh:

(a)

astaíochtaí a bhí mar thoradh ar ghníomhaíochtaí saothraithe foraoise agus ar ghníomhaíochtaí lománaíochta tarrthála a rinneadh ar na tailte sin tar éis don suaitheadh nádúrtha tarlú;

(b)

astaíochtaí a bhí mar thoradh ar loscadh forordaithe a rinneadh ar na tailte sin in aon bhliain den tréimhse ó 2021 go 2025 nó ó 2026 go 2030;

(c)

astaíochtaí ar thailte a bhí faoi réir dífhoraoisithe tar éis don suaitheadh nádúrtha tarlú.

5.

I measc na gceanglas faisnéise de bhun Airteagal 10(2), áirítear iad seo a leanas:

(a)

sainaithint a dhéanamh ar na limistéir uile talún a raibh éifeacht orthu ag suaitheadh nádúrtha sa bhliain áirithe sin, lena n-áirítear suíomh geografach na limistéar sin, an tréimhse inar tharla an suaitheadh nádúrtha agus an cineál suaite a bhí ann;

(b)

fianaise nach ndearnadh aon dhífhoraoisiú le linn an chuid eile den tréimhse ó 2021 go 2025 nó ó 2026 go 2030 ar thailte a raibh éifeacht orthu ag suaitheadh nádúrtha agus nár áiríodh sa chuntasaíocht;

(c)

tuairisc ar na modhanna infhíoraithe agus ar na critéir a mbainfear úsáid astu chun dífhoraoisiú ar na tailte sin a shainaithint sna blianta i ndiaidh na dtréimhsí ó 2021 go 2025 nó ó 2026 go 2030;

(d)

i gcás inar féidir sin a dhéanamh, tuairisc ar na bearta a rinne an Ballstát chun éifeacht an tsuaite nádúrtha sin a chosc nó a theorannú;

(e)

i gcás inar féidir sin a dhéanamh, tuairisc ar na bearta a rinne an Ballstát chun na tailte a raibh éifeacht ag an suaitheadh nádúrtha sin orthu a athshlánú.


IARSCRÍBHINN VII

MÉID UASTA AN CHÚITIMH ATÁ AR FÁIL FAOIN TSOLÚBTHACHT TALÚN FORAOISE BAINISTITHE DÁ DTAGRAÍTEAR I bPOINTE (B) D’AIRTEAGAL 13(3)

An Ballstát

Na haistrithe arna ndéanamh ag aistriú linnte ó thalamh foraoise a tuairiscíodh ar an meán ó 2000 go 2009 i milliún tona de choibhéis CO2 in aghaidh na bliana

Teorainn an chúitimh arna sloinneadh i milliúin tona de choibhéis CO2 don tréimhse ó 2021 go 2030

An Bheilg

–3,61

–2,2

An Bhulgáir

–9,31

–5,6

Poblacht na Seice

–5,14

–3,1

An Danmhairg

–0,56

–0,1

An Ghearmáin

–45,94

–27,6

An Eastóin

–3,07

–9,8

Éire

–0,85

–0,2

An Ghréig

–1,75

–1,0

An Spáinn

–26,51

–15,9

An Fhrainc

–51,23

–61,5

An Chróit

–8,04

–9,6

An Iodáil

–24,17

–14,5

An Chipir

–0,15

–0,03

An Laitvia

–8,01

–25,6

An Liotuáin

–5,71

–3,4

Lucsamburg

–0,49

–0,3

An Ungáir

–1,58

–0,9

Málta

0,00

0,0

An Ísiltír

–1,72

–0,3

An Ostair

–5,34

–17,1

An Pholainn

–37,50

–22,5

An Phortaingéil

–5,13

–6,2

An Rómáin

–22,34

–13,4

An tSlóivéin

–5,38

–17,2

An tSlóvaic

–5,42

–6,5

An Fhionlainn

–36,79

–44,1

An tSualainn

–39,55

–47,5

An Ríocht Aontaithe

–16,37

–3,3


Top