EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32018R0596

Rialachán (AE) 2018/596 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Aibreán 2018 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 maidir le Clár Eoraip na Cruthaitheachta (2014 go 2020) a bhunú

OJ L 103, 23.4.2018, p. 1–3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2020

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/596/oj

23.4.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2018/596 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Aibreán 2018

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 maidir le Clár Eoraip na Cruthaitheachta (2014 go 2020) a bhunú

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhleasc d'Airteagal 167(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), bunaíodh Clár Eoraip na Cruthaitheachta (2014 go 2020) chun tacú le hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta na hEorpa.

(2)

Is é is cúis le sainiúlacht Cheolfhoireann Óige an Aontais Eorpaigh (EUYO) gur ceolfhoireann Eorpach í a théann thar theorainneacha cultúrtha agus gur ceoltóirí óga atá inti a roghnaítear i gcomhréir le critéir chrua cháilíochta le linn dianphróiseas bliantúil éisteachta sna Ballstáit uile. Is í an t-aon cheolfhoireann san Aontas í a earcaíonn ó na Ballstáit uile.

(3)

Ón uair a cruthaíodh í, tá EUYO ag rannchuidiú leis an gcomhphlé idirchultúrtha agus leis an meas frithpháirteach agus an tuiscint fhrithpháirteach a chur chun cinn. Tá EUYO ina ambasadóir cultúir ag an Aontas sa mhéid is go gcuireann sé saibhreas agus éagsúlacht chultúir na hEorpa, agus tallanna úra, os comhair an phobail. Chomh maith leis sin, tá sé ag rannchuidiú leis an eolas ar oidhreacht cheoil na hEorpa, le cúrsaíocht saothar Eorpach agus le soghluaisteacht daoine óga tréitheacha Eorpacha thar theorainneacha náisiúnta agus Eorpacha.

(4)

Cuireann EUYO oiliúint rialta ar cheoltóirí óga trí chlár cónaithe agus tairgeann sé deiseanna léirithe, agus déantar, ar an gcaoi sin, gairmeacha idirnáisiúnta na gceoltóirí óga a atreisiú agus a scileanna a fhorbairt faoi threoir stiúrthóirí cáiliúla.

(5)

Ba cheart do EUYO éagsúlú a dhéanamh, ar bhonn leanúnach, ar a ioncam trí thacaíocht airgeadais a lorg go gníomhach ó fhoinsí eile seachas maoiniú an Aontais chun a inbhuanaitheacht a ráthú agus d'fhonn a spleáchas ar mhaoiniú an Aontais a laghdú. Dá bhrí sin, ba cheart do EUYO a áirithiú go mbeidh cost-éifeachtúlacht ina bhainistíocht.

(6)

Ba cheart do EUYO féachaint lena infheictheacht a mhéadú, lena n-áirítear sna meáin thraidisiúnta agus sna meáin dhigiteacha araon, agus le ceol a sheinm in imeachtaí Eorpacha agus i níos mó Ballstát.

(7)

Ba cheart do EUYO, i gcomhar lena chomhpháirtithe comhlacha náisiúnta, feasacht ar éisteachtaí bliantúla a mhéadú d'fhonn ionadaíocht níos cothroime a bhaint amach ar cheoltóirí ó na Ballstáit uile laistigh den cheolfhoireann.

(8)

Ba cheart do ghníomhaíochtaí EUYO a bheith i gcomhréir le cuspóirí Chlár Eoraip na Cruthaitheachta, go háirithe lena chuspóir chun tacú le forbairt an lucht féachana/éisteachta, agus i gcomhréir le tosaíochtaí an Fhochláir Chultúir. Dá bhrí sin, ba cheart do EUYO páirt ghníomhach a ghlacadh i bhforbairt an lucht féachana/éisteachta, agus aird ar leith á tabhairt ar dhaoine óga.

(9)

Bunaíodh EUYO de bhun rún ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Márta 1976 (4) agus is ceolfhoireann ar leith é, dá bhrí sin, i measc cheolfhoirne na hEorpa.

(10)

Tá rannchuidiú EUYO aitheanta ag na Ballstáit agus ag institiúidí an Aontais, lena n-áirítear ag Uachtaráin as diaidh a chéile ar an gCoimisiún agus ar Pharlaimint na hEorpa.

(11)

De thoradh a stádais shainiúil, a chuspóirí agus a ghníomhaíochtaí straitéiseacha a tharchéimníonn leas agus tairbhe aon Bhallstáit amháin nó roinnt Ballstát agus a léiríonn go soiléir go bhfuil breisluach Eorpach ag gabháil leo, tá EUYO incháilithe mar chomhlacht arna aithint i mbunghníomh de réir bhrí phointe (d) d'Airteagal 190(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún (5), lena gceadaítear deontais a dhámhachtain gan glao ar thograí.

(12)

Ba cheart maoiniú a dheonú do EUYO, ar bhonn eisceachtúil, go dtí deireadh Chlár Eoraip na Cruthaitheachta an 31 Nollaig 2020.

(13)

Dá bhrí sin, ba cheart EUYO a áireamh, mar eisceacht, i measc na mbeart a thairbhíonn de thacaíocht ón bhFochlár Cultúir agus ó Shraith Thrasearnálach Chlár Eoraip na Cruthaitheachta araon.

(14)

Chun feidhmiú rianúil EUYO a áirithiú, ba cheart dó bheith in ann tairbhe a bhaint as tacaíocht a luaithe is féidir, go háirithe le haghaidh costais arna dtabhú in 2018 roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm chúlghabhálach a bheith ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2018.

(15)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 13(1), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(f)

costais a bhaineann le gníomhaíochtaí Cheolfhoireann Óige an Aontais Eorpaigh, ar gníomhaíochtaí iad a chuireann le soghluaisteacht ceoltóirí, le cúrsaíocht saothar Eorpach thar theorainneacha agus le hidirnáisiúnú gairmeacha ceoltóirí óga.”;

(2)

in Airteagal 15(1), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(g)

Ceolfhoireann Óige an Aontais Eorpaigh, maidir leis na costais nach dtacaítear leo faoi phointe (f) d'Airteagal 13(1).”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2018 go dtí an 31 Nollaig 2020.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 18 Aibreán 2018.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. PAVLOVA


(1)  Tuairim an 18 Deireadh Fómhair 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Márta 2018 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus an cinneadh ón gComhairle an 12 Aibreán 2018.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le Clár Eoraip na Cruthaitheachta (2014 go 2020) a bhunú agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1718/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1855/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1041/2009/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 221).

(4)  Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Márta 1976 maidir leis an tairiscint i gcomhair rún arna cur isteach ag Kellett-Bowman, Uas., maidir le bunú Cheolfhoireann Óige an Chomhphobail Eorpaigh (IO C 79, 5.4.1976, lch. 8).

(5)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2012 maidir le rialacha chur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L 362, 31.12.2012, lch. 1).


Top