Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32018L0851

    Treoir (AE) 2018/851 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir 2008/98/CE maidir le dramhaíl (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    PE/11/2018/REV/2

    IO L 150, 14.6.2018, p. 109–140 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2018/851/oj

    14.6.2018   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    109


    TREOIR (AE) 2018/851 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 30 Bealtaine 2018

    lena leasaítear Treoir 2008/98/CE maidir le dramhaíl

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus, go háirithe Airteagal 192(1) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)

    Ba cheart feabhas a chur ar bhainistiú dramhaíola san Aontas agus é a thiontú ina bhainistiú ábhair inbhuanaithe d’fhonn cáilíocht an chomhshaoil a chosaint, a chaomhnú agus a fheabhsú, sláinte an duine a chosaint, úsáid stuama, éifeachtúil agus réasúnach acmhainní nádúrtha a áirithiú, prionsabail an gheilleagair chiorclaigh a chur chun cinn, feabhas a chur ar úsáid fuinnimh in-athnuaite, éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú, spleáchas an Aontais ar acmhainní allmhairithe a laghdú, deiseanna eacnamaíocha nua a sholáthar agus rannchuidiú le hiomaíochas fadtéarmach. Chun an geilleagar a dhéanamh fíorchiorclach, is gá bearta breise a dhéanamh maidir le táirgeadh agus tomhaltas inbhuanaithe, trí dhíriú ar shaolré iomlán táirgí ar bhealach a chaomhnaíonn acmhainní agus a dhéanann an ciorcal a shlánú. Trí úsáid níos éifeachtúla a bhaint as acmhainní, bhainfí amach freisin glanchoigiltis shubstaintiúla do ghnólachtaí, d’údaráis phoiblí agus do thomhaltóirí an Aontais, agus iomlán na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa á laghdú.

    (2)

    Trí fheabhas a chur ar éifeachtúlacht úsáide acmhainní agus a áirithiú go bhfeictear an luach a bhaineann le dramhaíl mar acmhainn inti féin féadtar rannchuidiú le laghdú spleáchas an Aontais ar allmhairiú amhábhar agus éascú a dhéanamh ar an aistriú chuig bainistiú níos inbhuanaithe ábhair agus chuig samhail geilleagair chiorclaigh. Leis an aistriú sin, ba cheart rannchuidiú leis na spriocanna maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach a leagtar amach i straitéis Eoraip 2020 agus ba cheart deiseanna tábhachtacha a chruthú do gheilleagair áitiúla agus do gheallsealbhóirí, fad is a chuideofaí le méadú na sineirgí atá ann idir an geilleagar ciorclach agus beartais fuinnimh, aeráide, talmhaíochta, tionscail agus taighde, agus bheadh sé tairbheach freisin don chomhshaol, i dtéarmaí gearradh siar ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, agus don gheilleagar.

    (3)

    Ba cheart na spriocanna a leagtar síos i dTreoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) chun ullmhú d’athúsáid agus athchúrsáil dramhaíola a mhéadú chun go dtabharfaidh siad léiriú níos fearr ar uaillmhian an Aontais gluaiseacht i dtreo geilleagar ciorclach.

    (4)

    Is gá comhleanúnachas a áirithiú idir Treoir 2008/98/CE agus gníomhartha reachtacha gaolmhara an Aontais amhail Treoir 2009/28/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

    (5)

    Níl an bonneagar bainistithe dramhaíola a bhfuil gá leis forbartha go hiomlán ag mórán Ballstát fós. Tá sé fíor-riachtanach, dá bhrí sin, cuspóirí beartais shoiléire fadtéarmacha a leagan síos chun bearta agus infheistíochtaí a threorú, go háirithe trí chosc a chur le cruthú ró-acmhainneachtaí struchtúracha ó thaobh dramhaíl iarmharach a chóireáil agus ábhair in-athchúrsáilte a bheith glasáilte ar leibhéil níos ísle d’ord na réiteach dramhaíola.

    (6)

    Is é atá sa dramhaíl chathrach ná idir thart ar 7 agus 10 % den dramhaíl iomlán a ghintear san Aontas. Tá an sruth dramhaíola sin, ar na cinn is casta le bainistiú, áfach, agus de ghnáth tugann an tslí a ndéantar é a bhainistiú léiriú maith ar cháilíocht an chórais bainistíochta dramhaíola fhoriomláin. Eascraíonn dúshláin bhainistiú na dramhaíola cathrach as a comhdhéanamh fíorchasta agus measctha, dlúthghaireacht na dramhaíola a ghintear do na saoránaigh, infheictheacht phoiblí an-ard agus a tionchar ar an gcomhshaol agus ar shláinte an duine. Mar thoradh air sin, éilíonn bainistiú na dramhaíola cathraigh córas bainistithe dramhaíola fíorchasta, lena n-áirítear scéim bailithe éifeachtúil, córas sórtála éifeachtach, rianú ceart ar shruthanna dramhaíola, gá lena bheith páirteach go gníomhach le saoránaigh agus gnóthaí, gá le bonneagar a bheith ann atá coigeartaithe don chomhdhéanamh sonrach dramhaíola, agus córas airgeadais ilchasta. Feidhmíonn tíortha a bhfuil córais bainistithe dramhaíola éifeachtúla forbartha acu níos fearr i gcoitinne i mbainistiú foriomlán na dramhaíola, lena n-áirítear spriocanna na hathchúrsála a bhaint amach.

    (7)

    Is léir ón taithí gur féidir le córais bainistithe dramhaíola, gan beann ar leithdháileadh freagrachtaí don bhainistiú dramhaíola idir gníomhaithe poiblí agus príobháideacha, cuidiú le gnóthú an gheilleagair chiorclaigh agus go mbraitheann an cinneadh maidir le leithdháileadh freagrachtaí go minic ar dhálaí geografacha agus struchtúracha. Leis na rialacha a leagtar síos sa Treoir seo tugtar cead do chórais bainistithe dramhaíola i gcás ina bhfuil freagracht ghinearálta ar bhardais as dramhaíl chathrach a bhailiú, do chórais ina ndéantar na seirbhísí sin a chur amach ar conradh chuig oibreoirí príobháideacha, agus do chineálacha eile leithdháilte freagrachta idir gníomhaithe poiblí agus príobháideacha. Is ar na Ballstáit a bheidh an cúram maidir le haon cheann de na córais sin a roghnú, agus maidir le cibé acu ba cheart nó nár cheart iad a athrú.

    (8)

    Ba cheart na substaintí atá bunaithe ar phlandaí ón tionscal agraibhia agus bia nach de bhunadh ainmhíoch iad nach bhfuil ceaptha a thuilleadh mar bhia don duine agus atá le húsáid mar bheathú ainmhithe tríd an mbéal, a eisiamh ó raon feidhme Threoir 2008/98/EC, chun dúbailt rialacha a sheachaint, más rud é go bhfuil reachtaíocht an Aontais maidir le beathúchán á lánchomhlíonadh acu. Níor cheart, dá bhrí sin, go mbeadh feidhm ag Treoir 2008/98/CE maidir leis na táirgí agus na substaintí sin nuair a úsáidtear iad mar bheathúchán, agus ba cheart raon feidhme na Treorach sin a shoiléiriú dá réir. Gan dochar d’fhorálacha eile ón Aontas is infheidhme maidir le cothú ainmhithe, tá seachtháirgí ainmhithe a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid mar ábhair bheathúcháin i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 767/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) eisiata cheana féin ó raon feidhme Threoir 2008/98/CE a mhéid a chumhdaítear iad le reachtaíocht eile an Aontais.

    (9)

    Is gá sainmhínithe ar dhramhaíl neamhghuaiseach, ar dhramhaíl chathrach, ar dhramhaíl tógála agus scartála, ar dhramhaíl bia, ar aisghabháil ábhair, ar aislíonadh, agus ar scéim freagrachta leathnaithe táirgeora a bheith ar áireamh i dTreoir 2008/98/CE chun go ndéanfar raon feidhme na gcoincheap sin a shoiléiriú.

    (10)

    Chun a áirithiú go bhfuil spriocanna maidir le hullmhú d’athúsáid agus athchúrsáil bunaithe ar shonraí iontaofa agus inchomparáide agus chun faireachán níos éifeachtaí a chumasú i mbaint amach na spriocanna sin, ba cheart an sainmhíniú ar dhramhaíl chathrach a bheith i gcomhréir leis an sainmhíniú a úsáideann Eurostat agus an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) chun críocha staidrimh, ar ar a bhonn atá na Ballstáit ag tuairisciú sonraí le roinnt blianta anuas. Sainmhínítear dramhaíl chathrach mar dhramhaíl ó theaghlaigh agus dramhaíl ó fhoinsí eile, amhail miondíol, riarachán, oideachas, seirbhísí sláinte, cóiríocht agus seirbhísí bia agus seirbhísí agus gníomhaíochtaí eile, atá cosúil le dramhaíl tí ina cineál agus ina comhdhéanamh. Dá bhrí sin, áirítear sa sainmhíniú ar dhramhaíl chathrach, inter alia, dramhaíl ó chothabháil páirceanna agus gairdíní, amhail duilleoga, féar agus scotháin crann, agus dramhaíl ó sheirbhísí glantacháin aonaigh agus sráide, amhail inneachar coimeádán bruscair agus bruscar ó scuabadh sráide ach amháin ábhair amhail gaineamh, carraigeacha, láib nó deannach. Tá na Ballstáit le háirithiú nach n-áireofar faoi raon na dramhaíola cathrach dramhaíl a thagann ó ghníomhaíochtaí mórthráchtála nó ó thionscail ar dramhaíl í nach bhfuil cosúil le dramhaíl tí. Eisiatear ó raon na dramhaíola cathrach an dramhaíl ón táirgeadh, ón talmhaíocht, ón bhforaoiseacht, ón iascaireacht, ón tógáil agus an scartáil, ó umair sheipteacha agus ó líonra agus cóireáil séarachais agus ó fheithiclí a bhfuil a ré caite nó. Maidir le dramhaíl chathrach tuigtear dramhaíl a chomhfhreagraíonn do na cineálacha dramhaíola dá n-áirítear i gcaibidil 15 01 agus i gcaibidil 20 ach amháin cód 20 02 02, cód 20 03 04 agus cód 20 03 06 den liosta dramhaíola arna bhunú le Cinneadh 2014/955/AE ón gCoimisiún (8) sa leagan atá i bhfeidhm amhail an 4 Iúil 2018. Níor cheart dramhaíl a thagann faoi chaibidlí eile den liosta sin a mheas mar dhramhaíl chathrach ach amháin i gcásanna ina ndéantar cóireáil ar dhramhaíl chathrach agus ina sanntar í do chóid eile a liostaítear i gcaibidil 19 den liosta sin. Féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as na catagóirí den liosta sin chun críocha staidrimh. Déantar an sainmhíniú ar dhramhaíl chathrach sa Treoir seo a thabhairt isteach chun raon feidhme chur i bhfeidhm na spriocanna don ullmhú d’athúsáid agus athchúrsáil a chinneadh maille leis na rialacha chun iad a ríomh. Tá sé neodrach a mhéid a bhaineann le stádas poiblí nó príobháideach an oibreora a bhfuil an dramhaíl á bainistiú aige agus dá bhrí sin áirítear leis dramhaíl ó theaghlaigh agus ó fhoinsí eile a ndéanann bardais iad a bhainistiú nó a ndéanann oibreoirí príobháideacha iad a bhainistiú ar a son.

    (11)

    Cé go dtagraíonn an sainmhíniú ar dhramhaíl tógála agus scartála do dhramhaíl a ghintear mar thoradh ar ghníomhaíochtaí tógála agus scartála ar bhealach ginearálta, áirítear sa sainmhíniú freisin dramhaíl a eascraíonn as gníomhaíochtaí tógála agus scartála “déan féin é” a mbeadh teaghlaigh príobháideacha ina mbun. Ba cheart a thuiscint le dramhaíl tógála agus scartála dramhaíl a chomhfhreagraíonn do na cineálacha dramhaíola a áirítear i gCaibidil 17 den liosta dramhaíola arna bhunú le Cinneadh 2014/955/AE sa leagan atá i bhfeidhm an 4 Iúil 2018.

    (12)

    Ba cheart sainmhíniú a thabhairt isteach ar cad is aisghabháil ábhair ann, ar sainmhíniú é a chumhdódh cineálacha aisghabhála seachas aisghabháil fuinnimh agus seachas athphróiseáil dramhaíola in ábhair atá le húsáid mar bhreoslaí nó mar bhealaí eile chun fuinneamh a ghiniúint. Áirítear leis sin ullmhú d’athúsáid, athchúrsáil agus aislíonadh agus cineálacha eile aisghabhála ábhair amhail athphróiseáil dramhaíola in amhábhair thánaisteacha chun críocha innealtóireachta i dtógáil bóithre nó bonneagar eile. Ag brath ar na himthosca fíorasacha sonracha, d’fhéadfadh an athphróiseáil sin teacht faoi raon an tsainmhínithe ar athchúrsáil, i gcás ina bhfuil úsáid na n-ábhar bunaithe ar rialú cáilíochta cuí agus go sásaíonn an úsáid sin na caighdeáin, na noirm, na sonraíochtaí agus na ceanglais chomhshaoil agus cosanta sláinte ábhartha go léir a bhaineann le húsáid shonrach.

    (13)

    Ba cheart sainmhíniú ar aislíonadh a thabhairt isteach chun a shoiléiriú go gciallaíonn sé aon oibríocht aisghabhála do dhramhaíl neamhghuaiseach oiriúnach chun críocha míntíriúcháin ar limistéir thochailte nó chun críocha innealtóireachta sa tírdhreachú. Ba cheart an dramhaíl a úsáidtear don aislíondh a bheith a teorannaithe don mhéid a bhfuil géarghá leis chun na críocha sin a bhaint amach.

    (14)

    Ba cheart sainmhíniú ar an scéim freagrachta leathnaithe táirgeora a thabhairt isteach chun a shoiléiriú go gciallaíonn sé sraith beart a dhéanfaidh na Ballstáit a cheanglódh ar tháirgeoirí táirgí freagracht airgeadais nó freagracht airgeadais agus eagraíochtúil a ghlacadh as bainistiú a dhéanamh ar chéim dhramhaíola saolré táirge lena n-áirítear oibríochtaí don bhailiú ar leithligh, don tsórtáil agus don chóireáil. Féadfar freagracht eagraíochtúil a áireamh freisin leis an oibleagáid sin chomh maith le freagracht as rannchuidiú le cosc dramhaíola agus le hin-athúsáideacht agus le hin-athchúrsáilteacht táirgí. Féadfaidh táirgeoirí táirgí oibleagáidí na scéime freagrachta leathnaithe táirgeora a chomhlíonadh ar bhonn aonair nó go comhpháirteach.

    (15)

    Chun rannchuidiú le gnóthú na gcuspóirí a leagtar síos i dTreoir 2008/98/CE, ba cheart do na Ballstáit úsáid a bhaint as ionstraimí agus as bearta eile chun dreasachtaí a sholáthar chun ord na réiteach dramhaíola a chur i bhfeidhm amhail iadsan a shonraítear in Iarscríbhinn IVa, a áiríonn, inter alia, muirir i leith cur i líonadh talún agus loscadh, scéimeanna íoc mar a chaitheann tú uait, scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora, éascú ar dheonú bia, agus dreasachtaí d’údaráis áitiúla, nó ionstraimí agus bearta iomchuí eile.

    (16)

    Chun úsáid inbhuanaithe acmhainní agus siombóis thionsclaíoch a chur chun cinn ba cheart do na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh chun substaint nó mír a shainaithint mar fhotháirge a éascú ar substaint nó mír í a eascraíonn as próiseas táirgthe nach é a phríomhaidhm an tsubstaint nó an mhír sin a tháirgeadh mar sheachtháirge más rud é nach n-urramaítear na coinníollacha comhchuibhithe atá bunaithe ar leibhéal an Aontais. Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun critéir mhionsonraithe a bhunú maidir le cur i bhfeidhm an stádais mar sheachtháirge, agus tús áite á thabhairt do chleachtais inmhacasamhlaithe na siombóise tionsclaíche.

    (17)

    Chun níos mó cinnteachta a thabhairt d’oibreoirí i margaí le haghaidh amhábhair thánaisteacha maidir le stádas dramhaíola nó neamh-dhramhaíola substaintí nó míreanna agus chun machaire comhréidh a chur chun cinn, tá sé tábhachtach go ndéanfadh na Ballstáit bearta iomchuí chun a áirithiú go measfaí dramhaíl atá tar éis dul trí oibríocht aisghabhála gan a bheith ina dramhaíl a thuilleadh i gcás ina bhfuil na coinníollacha go léir a leagtar síos in Airteagal 6(1) de Threoir 2008/98/EC arna leasú leis an Treoir seo á gcomhlionadh aici. Féadfar a áireamh i mbearta den sórt sin glacadh reachtaíochta lena dtrasuítear na coinníollacha sin agus iad á dtacú ag nósanna imeachta dá gcur chun feidhme, amhail bunú critéar d’ábhair agus do chritéir um ábhair nach dramhail a thuilleadh iad a bhfuil feidhm shonrach aici, treoirdhoiciméid, cinntí de réir an cháis agus nósanna imeachta eile do chur i bhfeidhm ad hoc dálaí comhchuibhithe atá bunaithe ar leibhéal an Aontais. Ba cheart a áireamh sna bearta sin forálacha forfheidhmiúcháin chun a dheimhniú go bhfuil dramhaíl a meastar deireadh a bheith lena saolré mar dhramhaíl, mar thoradh ar oibríocht aisghabhála, ag comhlíonadh dhlí an Aontais maidir le dramhaíl, ceimiceáin agus táirgí, go háirithe agus tús áite á thabhairt do shruthanna dramhaíola a bhfuil baol níos airde ag baint leo do shláinte an duine agus don chomhshaol mar gheall ar chineál agus ar thoirt na sruthanna dramhaíola sin, dramhaíl atá faoi réir próisis aisghabhála nuálacha nó dramhaíl a ndéantar í a aisghabháil chun úsáid eile a bhaint aisti i mBallstáit eile. Féadfar a bheith san áireamh i mbearta freisin go socrófaí an ceanglas a bheadh ar oibreoirí aisghabhála dramhaíola nó ar shealbhóirí ábhair aisghabhála dramhaíola a léireodh go bhfuil siad ag comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 6(1) de Threoir 2008/98/EC arna leasú leis an Treoir seo. Chun loingsithe neamhdhleathacha dramhaíola a chosc agus chun feasacht a ardú i measc na mBallstát agus na n-oibreoirí eacnamaíocha, ba cheart trédhearcacht níos fearr a bheith ann faoi chuir chuige na mBallstát i leith stádas maidir le hábhair nach dramhaíl a thuilleadh iad, go háirithe i ndáil lena gcinntí de réir an cháis agus faoin toradh a bheadh ar fhíorú a dhéanfadh údaráis inniúla, chomh maith lena gcúiseanna imní ar leith ag Ballstáit agus údaráis inniúla faoi shruthanna dramhaíola áirithe. Fanann an fhreagracht eisiach ar an mBallstát as cinneadh deiridh faoi cibé an bhfuiltear tar éis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 5 nó in Airteagal 6 de Threoir 2008/98/CE arna leasú leis an Treoir seo a chomhlíonadh bunaithe ar an bhfaisnéis ábhartha go léir a sholáthair sealbhóir an ábhair nó na dramhaíola.

    (18)

    Ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun critéir shonracha a bhunú um stádas maidir le hábhair nach dramhail a thuilleadh iad a chur i bhfeidhm. Sa chomhthéacs sin, ba cheart critéir shonracha um stádas maidir le hábhair nach dramhail a thuilleadh iad a mheas le haghaidh, ar a laghad, comhbhailiúchán, páipéir, boinn rotha agus teicstílí.

    (19)

    Ba cheart cur i bhfeidhm na rialacha maidir le seachtháirgí agus le hábhair nach dramhaíl a thuilleadh iad a bheith gan dochar d’fhorálacha eile reachtaíocht an Aontais, go háirithe Airteagal 28 agus Airteagal 50(4a) agus (4b) de Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa augs ón gComhairle (9) maidir le loingsithe dramhaíola, an reachtaíocht maidir le ceimiceáin agus an reachtaíocht a bhaineann le táirgí áirithe a chur ar an margadh. Ní fhéadtar stádas maidir le hábhair nach dramhail a thuilleadh iad a ghnóthú do tháirge ach amháin i gcás ina bhfuil substaintí nó míreanna ag comhlíonadh na gceanglas ábhartha is infheidhme i leith táirgí. Féadtar rialacha a bhunú le haghaidh táirgí nach dramhaíl iad feasta sa reachtaíocht atá sonrach ó thaobh táirge de.

    (20)

    Ba cheart do na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh chun forbairt, táirgeadh, margaíocht agus úsáid táirgí agus comhpháirteanna táirgí a spreagadh, ar táirgí agus comhpháirteanna táirgí iad atá oiriúnach lena n-úsáid ar bhealaí iomadúla, ina bhfuil ábhair athchúrsáilte, atá marthanach go teicniúil agus ar féidir iad a dheisiú go héasca agus a bheadh, tar éis dóibh a bheith tiontaithe ina ndramhaíl, oiriúnach le go n-ullmhófaí iad d’athúsáid agus athchúrsáil chun éascú a dhéanamh ar chur chun feidhme cuí ord na réiteach dramhaíola agus gan sláine na saorghluaiseachta earraí sa mhargadh inmheánach a chur i mbaol. Ba cheart a chur i gcuntas leis na bearta sin an tionchar a bheadh ag na táirgí le linn a saolré, ord na réiteach dramhaíola agus, i gcás inarb iomchuí, an fhéidearthacht il-athchúrsáil a dhéanamh orthu.

    (21)

    Is cuid fhíor-riachtanach de bhainistiú dramhaíola éifeachtúil iad scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora. Bíonn difear suntasach ann, áfach, idir a n-éifeachtúlacht agus a bhfeidhmíocht idir na Ballstáit. Is gá, dá bhrí sin, ceanglais oibriúcháin íosta a leagan síos do na scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora sin, agus a shoiléiriú go mbeidh feidhm ag na ceanglais sin freisin maidir le scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora arna mbunú de bhun gníomhartha reachtacha eile de chuid an Aontais, go háirithe Treoir 2000/53/CE (10), Treoir 2006/66/CE (11) agus Treoir 2012/19/AE (12) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chomh maith leis na ceanglais sin a leagtar síos cheana féin sa reachtaíocht sin, mura rud é go sonraítear a mhalairt go sainráite. Is gá idirdhealú a dhéanamh idir na híoscheanglais ghinearálta sin a bhfuil feidhm acu maidir le gach scéim agus iadsan nach bhfuil feidhm acu ach maidir le heagraíochtaí a chuireann na hoibleagáidí maidir le freagracht leathnaithe táirgeora chun feidhme thar ceann táirgeoirí táirgí. Mura gcinnfidh na Ballstáit a mhalairt, ní bheidh feidhm ag na híoscheanglais ghinearálta le haghaidh scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora maidir le scéimeanna nach gcomhlíonann an sainmhíniú ar cad is scéim freagrachta leathnaithe táirgeora ann.

    (22)

    Ba cheart, leis na íoscheanglais ghinearálta sin, go n-ísleofaí costais agus go ndéanfaí feidhmíocht a spreagadh chomh maith le machaire comhréidh a áirithiú, lena n-áirítear d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus fiontair ríomhthráchtála, agus bacainní ar fheidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh a sheachaint. Ba cheart dóibh rannchuidiú agus a dtáirgí á ndéanamh acu freisin le costais deiridh ré a chorprú i bpraghsanna táirgí agus dreasachtaí a sholáthar do tháirgeoirí, chun athchúrsáilteacht, ath-inúsáidteacht, cumas deisiúcháin, agus láithreacht aon substaintí guaiseacha a chur i gcuntas níos fearr agus a dtáirgí á ndearadh. Tríd is tríd, ba cheart do na ceanglais sin feabhas a chur ar rialachas agus ar thrédhearcacht na scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora agus go laghdóidís na coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh tarlú idir eagraíochtaí a chuireann oibleagáidí freagrachta leathnaithe táirgeora chun feidhme thar ceann táirgeoirí táirgí agus oibreoirí dramhaíola a ndéanann na heagraíochtaí sin conradh leo. Ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais maidir le scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora nua agus leis na scéimeanna sin atá ann cheana féin. Tá idirthréimhse riachtanach, áfach, do na scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora atá ann cheana féin chun a struchtúir agus a nósanna imeachta a oiriúnú do na ceanglais nua.

    (23)

    Tá ról tábhachtach ag údaráis phoiblí in eagrú bhailiú agus chóireáil na dramhaíola cathraí agus sa chumarsáid ghaolmhar a dhéantar le saoránaigh. Ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha maidir le freagracht airgeadais táirgeoirí táirgí, a tugadh isteach mar chuid d’íoscheanglais ghinearálta na scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora gan dochar d’inniúlacht na n-údarás poiblí maidir le dramhaíol chathrach a bhailiú agus a chóireáil.

    (24)

    I gcásanna ina bhfuil údaráis phoiblí freagrach as eagrú a dhéanamh ar ghnéithe oibríochtúla an bhainistithe dramhaíola ó tháirgí atá faoi réir na scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora, ba cheart na seirbhísí sin a sholáthar ar bhealach costéifeachtach agus nach sáródh freagracht airgeadais táirgeoirí na dtáirgí na costais is gá chun na seirbhísí sin a sholáthar. Ba cheart costais den sórt sin a bhunú ar bhealach trédhearcach idir na gníomhaithe lena mbaineann, lena n-áirítear táirgeoirí táirgí, a n-eagraíochtaí agus údaráis phoiblí.

    (25)

    Chun bainistiú dramhaíola cuí a áirithiú, i gcás ina bhfuil táirgeoirí táirgí nó na heagraíochtaí a chuireann oibleagáidí freagrachta leathnaithe táirgeora chun feidhme thar a gceann freagrach as bainistiú na dramhaíola ó tháirgí a chuireann siad ar an margadh, ba cheart dóibh leanúnachas na seirbhísí bainistithe dramhaíola a áirithiú le linn na bliana, fiú amháin mura gcomhlíontar na spriocanna agus na cuspóirí is infheidhme dóibh. Níor cheart dóibh ach oiread na seirbhísí sin a theorannú ó thaobh an chumhdaigh gheografaigh, táirge agus ábhair de, chuig na limistéir ar iontu is mó ina bhfuil brabús le tuilleamh as bainistiú dramhaíola.

    (26)

    Ba cheart do tháirgeoirí táirgí na costais riachtanacha a sheasamh a bhfuil gá leo chun spriocanna bainistithe dramhaíola agus spriocanna agus cuspóirí eile a bhaint amach, lena n-áirítear cosc ar dhramhaíl, atá sainithe le haghaidh na scéime ábhartha freagrachta leathnaithe táirgeora. Faoi dhianchoinníollacha féadfaidh na buntáirgeoirí dramhaíola nó na dáileoirí na costais sin a roinnt eatarthu i gcás ina bhfuil údar cuí leis chun bainistiú cuí dramhaíola agus inmharthanacht eacnamaíoch na scéime freagrachta leathnaithe táirgeora a áirithiú.

    (27)

    Ba cheart don Choimisiún treoirlínte a ghlacadh maidir le modhnú ranníocaíochtaí airgeadais táirgeoirí táirgí chuig scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora chun cuidiú leis na Ballstáit an Treoir seo a chur chun feidhme chun éascú a dhéanamh ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Chun comhleanúnachas a áirithiú sa mhargadh inmheánach, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann critéir chomhchuibhithe a ghlacadh chuige sin trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme.

    (28)

    Féadfaidh ionadaithe údaraithe a ceapadh chun oibleagáidí freagrachta leathnaithe táirgeora táirgí a chomhlíonadh a bheith faoi réir ceanglas a chuirfidh ar chumas na mBallstát a bhfuil na siad lonnaithe ar a gcríoch faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí sin agus é a fhíorú. Níor cheart do na ceanglais sin, áfach, dul thar na ceanglais is infheidhme maidir le táirgeoirí táirgí agus eagraíochtaí a chuireann oibleagáidí freagrachta leathnaithe táirgeora chun feidhme thar a gceann atá bunaithe sa Bhallstát sin.

    (29)

    Is é cosc ar dhramhaíl an bealach is éifeachtúla chun éifeachtúlacht acmhainní a fheabhsú agus chun laghdú a dhéanamh ar an tionchar atá ag dramhaíl ar an gcomhshaol. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go ndéanfadh na Ballstáit bearta iomchuí chun giniúint dramhaíola a chosc agus chun faireachán agus measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn i gcur chun feidhme na mbeart sin. Mar chuid de na bearta sin, ba cheart do na Ballstáit táirgeadh samhlacha nuálacha táirgeachta, gnó agus tomhaltais a éascú lena laghdaítear láithreacht substaintí guaiseacha in ábhair agus i dtáirgí, lena gcuirtear le tréimhse saoil na dtáirgí agus lena gcuirtear athúsáid chun cinn, lena n-áirítear trí líonraí athúsáide agus deisithe a bhunú agus trí thacaíocht a thabhairt dóibh, amhail na líonraí sin atá ar bun ag fiontair an gheilleagair shóisialta, scéimeanna ina n-aisíoctar éarlais agus scéimeanna aisfhillte aislíonta agus trí dhreasú a dhéanamh ar athdhéantúsaíocht, ar athchóiriú agus, i gcás inarb iomchuí, ar athrú cuspóra táirgí chomh maith le hardáin roinnte. Chun go n-áiritheofaí tomhas aonfhoirmeach ar an dul chun cinn foriomlán i gcur chun feidhme na mbeart maidir le dramhaíl a chosc, ba cheart táscairí agus spriocanna coiteanna a bhunú.

    (30)

    Trí inbhuanaitheacht a chur chun cinn i dtáirgeadh agus i dtomhaltas féadtar rannchuidiú go suntasach le dramhaíl a chosc. Ba cheart do na Ballstáit bearta a dhéanamh chun tomhaltóirí a chur ar an eolas faoin rannchuidiú sin agus iad a spreagadh páirt níos gníomhaí a ghlacadh chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht acmhainní. I measc na mbeart chun giniúint dramhaíola a laghdú, ba cheart do na Ballstáit tionscnaimh leanúnacha chumarsáide agus oideachais a áirithiú chun feasacht a ardú maidir leis na saincheisteanna a bhaineann le cosc dramhaíola agus le caitheamh bruscair agus féadfaidh siadsan bearta a áireamh cosúil le húsáid a bhaint as scéimeanna ina n-aisíoctar éarlais agus spriocanna cainníochtúla a shocrú, agus dreasachtaí eacnamaíocha leormhaithe a sholáthar, de réir mar is iomchuí, do tháirgeoirí.

    (31)

    Ba cheart do na Ballstáit bearta a dhéanamh chun cosc agus laghdú ar dhramháil bia a chur chun cinn i gcomhréir le Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe, arna ghlacadh ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe (NA) an 25 Meán Fómhair 2015, agus go háirithe a sprioc dhomhanda per capita dramhaíl bia a laghdú go dtína leath ar an leibhéal miondíola agus ar leibhéal an tomhaltóra agus caillteanais bhia a laghdú feadh slabhraí táirgeachta agus soláthair, lena n-áirítear caillteanais iarbhuainte, faoi 2030. Ba cheart é a bheith mar aidhm ag na bearta sin dramhaíl bia a chosc agus a laghdú i dtáirgeadh príomhúil, i bpróiseáil agus i monarú, i miondíol agus i ndáileadh eile ar bhia, i mbialanna agus i seirbhísí bia agus i dteaghlaigh. Chun rannchuidiú ina leith sin agus a áirithiú go mbeifear ar an mbóthar ceartmaidir le gnóthú Sprioc Forbartha Inbhuanaithe NA, ba cheart é a bheith mar aidhm ag na Ballstáit sprioc laghdaithe dramhaíola bia de 30 % faoi 2025 agus de 50 % faoi 2030 ar fud an Aontais a ghnóthú. Ag féachaint do na tairbhí comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíochta atá le dramhaíl bia a chosc, ba cheart do na Ballstáit bearta sonracha maidir le cosc ar dhramhaíl bia a bhunú agus ba cheart dóibh an dul chun cinn i laghdú ar dhramhaíl bia a thomhas, lena n-áirítear feachtais ardaithe feasachta chun a léiriú conas is féidir dramhaíl bia a chosc lena gcláir coiscthe dramhaíola. Ba cheart do na Ballstáit dul chun cinn a thomhas atá déanta ó thaobh laghdú na dramhaíola bia. Chun an dul chun cinn sin a thomhas agus chun an malartú dea-chleachtas ar fud an Aontais a éascú idir na Ballstáit agus idir oibreoirí i ngnó an bhia, ba cheart modheolaíocht choiteann don tomhas sin a bhunú. Bunaithe ar na modheolaíochtaí sin, ba cheart tuairisciú maidir le leibhéil na dramhaíola bia a dhéanamh ar bhonn bliantúil.

    (32)

    Chun dramhaíl bhia a chosc, ba cheart do na Ballstáit dreasachtaí a sholáthar do bhailiú táirgí bia nár díoladh ag gach céim den slabhra soláthair bia agus d’athdháileadh sábháilte na dtáirgí sin, lena n-áirítear chuig eagraíochtaí carthanachta. Ba cheart feabhas a chur ar fheasacht an tomhaltóra freisin faoin gciall atá leis an “dáta faoinar cheart é a úsáid” agus an “dáta ar fearr roimhe” chun méid na dramhaíola bia a laghdú.

    (33)

    Bíonn tionchar dochrach díreach agus indíreach ag bruscar, bíodh sin i gcathracha, ar talamh, in aibhneacha nó san fharraige, ar an gcomhshaol, ar fholláine na saoránach agus an gheilleagair, agus is ualach mór ar an tsochaí é an bruscar sin a ghlanadh suas ó thaobh costais de, ualach nach bhfuil gá leis. Ba cheart do na Ballstáit bearta a dhéanamh a bhfuil mar aidhm leo cosc a chur ar gach cineál tréigin, dumpála, bainistithe neamhrialáilte nó cineálacha eile diúscartha dramhaíola. Ba cheart do na Ballstáit bearta a dhéanamh chun an bruscar atá ann sa chomhshaol a ghlanadh suas, is cuma cén fhoinse as ar tháinig sí nó cén mhéid é agus is cuma cibé an ndearnadh an dramhaíl a dhiúscairt d’aon turas nó trí fhaillí. Maidir le bearta chun bruscar a chosc agus a laghdú, ar bruscar é ó tháirgí arb iadsan na príomhfhoinsí bruscair sa chomhshaol nádúrtha agus muirí, d’fhéadfadh a bheith iontu inter alia, feabhas a chur ar an mbonneagar agus ar na cleachtais bainistithe dramhaíola, ionstraimí eacnamaíocha agus feachtais ardaithe feasachta. Agus beart á bhreithniú a mbeadh éifeachtaí sriantacha aige ar thrádáil laistigh den Aontas, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a thaispeáint go bhfuil an beart i gceist ina bheart leormhaith chun caitheamh bruscair sa chomhshaol nádúrtha agus muirí a chosc agus a laghdú, nach dtéann sé thar an méid is gá chun an cuspóir sin a ghnóthú agus nach ionann é agus idirdhealú treallach nó srian faoi cheilt ar thrádáil idir na Ballstáit.

    (34)

    Ba cheart don chomhrac in aghaidh an bhruscair a bheith ina iarracht chomhroinnte idir na húdaráis inniúla, na táirgeoirí agus na tomhaltóirí. Ba cheart na tomhaltóirí a dhreasú chun a n-iompraíocht a athrú trí mheán an oideachais agus an ardaithe feasachta, agus ba cheart do tháirgeoirí úsáid inbhuanaithe a dtáirgí a chur chun cinn agus rannchuidiú le bainistiú iomchuí deireadh ré a dtáirgí.

    (35)

    Tá fadhb an bhruscair sa chomhshaol muirí ina fadhb a bhfuil gá aghaidh phráinneach a thabhairt uirthi, agus ba cheart do na Ballstáit bearta a dhéanamh a bhfuil mar aidhm leo stad a chur le giniúint bruscair muirí san Aontas, agus mar sin rannchuidiú leis an sprioc de chuid Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe arna ghlacadh ag Comhthionól Ginearálta NA an 25 Meán Fómhair 2015 maidir le cosc agus laghdú suntasach faoi 2025 ar gach cineál truaillithe muirí, lena n-áirítear smionagar muirí agus truailliú cothaitheach. Sa mhéid go dtagann bruscar muirí, go háirithe dramhaíl phlaisteach, d’fhormhór ó ghníomhaíochtaí ar talamh a eascraíonn as droch-chleachtais agus drochbhonneagar bainistithe dramhaíola soladaí, ó chaitheamh bruscar a dhéanann saoránaigh agus ó easpa feasachta poiblí, ba cheart bearta sonracha a leagan síos i gcláir coiscthe dramhaíola agus i bpleananna bainistithe dramhaíola. Ba cheart do na bearta sin cur leis an sprioc atá ann stádas maith comhshaoil a ghnóthú sa chomhshaol muirí faoi 2020 mar a leagtar síos i dTreoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13). I gcomhréir leis an Treoir sin, ceanglaítear ar na Ballstáit straitéisí agus bearta sonracha a leagan síos agus iad a thabhairt cothrom le dáta gach 6 bliana. Ceanglaítear orthu freisin tuairisciú go rialta, ag tosú in 2018, ar an dul chun cinn chun an sprioc a bhaineann le stádas maith comhshaoil a chothú nó a ghnóthú. Dá bhrí sin, ba cheart na bearta i dTreoir 2008/56/CE chun dul i ngleic le bruscar a chomhordú leis na bearta a cheanglaítear faoi Threoir 2008/56/CE agus faoi Threoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14).

    (36)

    Tá mórthábhacht le hamhábhair áirithe do gheilleagar an Aontais agus baineann ardriosca lena soláthar. Chun cinnteacht soláthair a áirithiú do na hamhábhair sin agus i gcomhréir leis an Tionscnamh Amhábhar a bhunaigh an Coimisiún sa Teachtaireacht uaidh an 4 Samhain 2008 maidir le “An tionscnamh amhábhar – ár ngéar-riachtanais maidir le fás agus poist san Eoraip a shásamh”, agus le cuspóirí agus spriocanna na Comhpháirtíochta Eorpaí sa Nuálaíocht maidir le hAmhábhair, ba cheart do na Ballstáit bearta a dhéanamh chun athúsáid táirgí a chur chun cinn, ar táirgí iad arb iad príomhfhoinsí na n-amhábhar criticiúil iad, ionas go gcuirfí cosc ar dhramhaíl a dhéanamh de na hábhair sin. Sa chomhthéacs sin, tá an Coimisiún tar éis liosta d’amhábhair den sórt sin a bhunú don Aontas, sa Teachtaireacht uaidh an 13 Meán Fómhair 2017 maidir leis “an liosta d’Amhábhair Chriticiúla a bhunú do AE ó 2017” agus tá an liosta sin faoi réir athbhreithniú rialta ag an gCoimisiún.

    (37)

    Chun tacaíocht bhreise a thabhairt do chur chun feidhme an Tionscnaimh Amhábhar, ba cheart do na Ballstáit bearta a dhéanamh chun an bainistiú is fearris féidir ar dhramhaíl a ghnóthú, ar dramhaíl í ina bhfuil méideanna suntasacha d’amhábhair chriticiúla, agus indéantacht eacnamaíoch agus theicneolaíoch chomh maith leis an tairbhe don tsláinte a bheadh le baint as á gcur i gcuntas. Ba cheart dóibh freisinina bpleananna bainistithe dramhaíola bearta a áireamh atá iomchuí go náisiúnta maidir le bailiú, sórtáil agus aisghabháil na dramhaíola ina bhfuil méideanna suntasacha de na hamhábhair sin. Ba cheart na bearta a áireamh sa phlean bainistithe dramhaíola nuair a dhéantar iad a uasdátú den chéad uair tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo. Ba cheart don Choimisiún faisnéis faoi na grúpaí táirgí ábhartha agus faoi na sruthanna dramhaíola ar leibhéal Aontais a sholáthrú. Ní dhéanann soláthar na faisnéise sin, faraor, cosc a chur ar na Ballstáit bearta a dhéanamh d’amhábhair eile a mheastar atá tábhachtach don gheilleagar náisiúnta.

    (38)

    Chomh luath agus a dhéantar dramhaíl de tháirgí, d’ábhair agus de shubstaintí, féadfaidh substaintí guaiseacha na nithe sin a dhéanamh mí-oiriúnach don athchúrsáil nó do tháirgeadh amhábhar tánaisteach ar ardchaighdeán. Dá bhrí sin, i gcomhréir le forálacha an 7ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol ina n-éilítear go ndéanfaí timthrialla ábhar neamhthocsaineach a fhorbairt, is gá bearta a chur chun cinn chun méid na substaintí guaiseacha in ábhair agus i dtáirgí a laghdú, lena n-áirítear ábhair athchúrsáilte, agus chun a áirithiú go dtabharfar faisnéis leordhóthanach do dhaoine faoin láithreacht na substaintí guaiseacha sin, agus go háirithe substaintí a bhfuil cúis mhór imní ann ina leith, le linn shaolré na dtairgí agus na n-ábhar sin. Chun na cuspóirí sin a ghnóthú, is gá feabhas a chur ar an gcomhleanúnachas idir dlí an Aontais maidir le dramhaíl, ceimiceáin agus táirgí, agus foráil a dhéanamh maidir le ról na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán chun a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis faoi láithreacht na substaintí ar cúis mhór imní iad ar fáil le linn shaolré iomlán na dtáirgí agus na n-ábhar sin, lena n-áirítear ag céim na dramhaíola.

    (39)

    Trí fheabhas a chur ar úsáid acmhainní d’fhéadfaí glanchoigiltis mhóra a bhaint amach do ghnóthais, d’údaráis phoiblí agus do tomhaltóirí an Aontais, agus iomlán na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa á laghdú. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún príomhtháscaire agus raon fotháscairí a mholadh, faoi dheireadh 2018, maidir le héifeachtúlacht acmhainní chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn ionsar ar an sprioc feabhas a chur ar éifeachtúlacht acmhainní ar leibhéal an Aontais.

    (40)

    Trí chothú a dhéanamh ar bhithgheilleagar féadfar rannchuidiú go mór le laghdú spleáchas an Aontais ar amhábhair allmhairithe. Dá bhrí sin, tá deiseanna ag baint le táirgí in-athchúrsáilte bithbhunaithe agus táirgí in-bhithmhillte inmhúirínithe chun tuilleadh taighde agus nuálaíochta a spreagadh agus acmhainní in-athnuaite a úsáid in ionad bunábhar atá bunaithe ar bhreosla iontaise.

    (41)

    Chun cóireáil dramhaíola a sheachaint, rud a cheanglaíonn isteach acmhainní ar na leibhéil níos ísle d’ord na réiteach dramhaíola, chun méadú ar rátaí maidir le hullmhú don athúsáid agus le hathchúrsáil, chun athchúrsáil ardchaighdeáin a chumasú agus chun úsáid amhábhar tánaisteach a spreagadh, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go dtiocfaidh feabhas ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí maidir le cineálacha éagsúla dramhaíola a bhailiú ar leithligh óna chéile de réir mar a leagtar síos in Airteagal 10(2) agus Airteagal 11(1) de Threoir 2008/98/CE, lena n-áirítear an oibleagáid atá ann bailiú ar leithligh a bhunú ar a laghad le haghaidh dramhaíl pháipéir, dramhaíl mhiotail, dramhaíl phlaisteach agus dramhaíl ghloine, a raibh sé de cheangal ar na Ballstáit a chomhlíonadh faoi 2015, agus ba cheart do Bhallstáit bailiú ar leithligh a thabhairt isteach le haghaidh bithdhramhaíola, dramhaíl ghuaiseach agus dramhaíl teicstíle a tháirgeann teaghlaigh. I gcás inarb iomchuí, ba cheart do bhithdhramhaíl ghuaiseach agus dramhaíl ó phacáistíocht ina bhfuil substaintí guaiseacha a bheith faoi réir ceanglais bailithe shonracha.

    (42)

    D’fhéadfaí bailiú ar leithligh a ghnóthú trí bhailiú a dhéanamh ó dhoras go doras, trí chórais “fág anseo” agus ghlactha nó trí shocruithe eile bailithe. Cé go n-éilítear faoin oibleagáid dramhaíl a bhailiú ar leithligh go ndéanfaí dramhaíl a choinneáil ar leithligh de réir cineáil, ba cheart é a bheith indéanta cineálacha áirithe dramhaíola a bhailiú lena chéile ar choinníoll nach gcuirfeadh sé sin bac ar athchúrsáil ar ardchaighdeán nó ar aisghabháil eile dramhaíola, i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola. Ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit freisin imeacht ón oibleagáid ghinearálta a bhaineann le dramhaíl a bhailiú ar leithligh i gcásanna eile a bhfuil údar cuí leo, mar shampla i gcás nach mbeadh sé praiticiúil i limistéir iargúlta nó i limistéir a bhfuil daonra an-íseal iontu sruthanna éagsúla dramhaíola a bhailiú ar leithligh óna chéile, agus a mbeadh na tionchair dhiúltacha ar an gcomhshaol i bhfad níos measa dá dheasca, i gcomparáid leis na sochair chomhshaoil nó a mbeadh costais dhíréireacha eacnamaíocha ag baint leo. Agus aon chásanna á meas ina bhféadfadh sé go mbeadh na costais eacnamaíocha díréireach, ba cheart do na Ballstáit na sochair eacnamaíocha fhoriomlána a bhainfeadh le dramhaíl a bhailiú ar leithligh a chur i gcuntas, lena n-áirítear i dtéarmaí na gcostas díreach a seachnaíodh agus na costais a bhainfeadh leis na tionchair neamhfhabhracha ar an gcomhshaol agus ar an tsláinte a bhainfeadh le bailiú agus cóireáil dramhaíola measctha, ioncaim ó dhíol amhábhar tánaisteach agus an fhéidearthacht margaí a fhorbairt do na hábhair sin, chomh maith le ranníocaíochtaí a dhéanfadh táirgeoirí na dramhaíola nó táirgeoirí táirgí, a d’fhéadfadh feabhas breise a chur ar chostéifeacht na gcóras bainistithe dramhaíola.

    (43)

    Ba cheart na spriocanna chun ullmhú d’athúsáid agus athchúrsáil dramhaíola cathrach a mhéadú chun sochair shubstaintiúla chomhshaoil, eacnamaíocha agus shóisialta a sholáthar agus chun dlús a chur leis an aistriú ionsar gheilleagar ciorclach.

    (44)

    Trí mhéadú forásach ar na spriocanna atá ann cheana féin chun ullmhú d’athúsáid agus athchúrsáil dramhaíola cathrach, ba cheart a áirithiú go ndéanfar ábhair dramhaíola atá luachmhar ó thaobh an gheilleagair de a ullmhú d’athúsáid nó a athchúrsáil go héifeachtach, agus leibhéal ard cosanta do shláinte an duine agus don chomhshaol á áirithiú, agus go ndéanfar na hábhair luachmhara ó thaobh an gheilleagair de a fhaightear sa dramhaíl a chur ar ais i ngeilleagar na hEorpa, agus ar an tslí sin an Tionscnamh Amhábhar agus cruthú geilleagair chiorclaigh á gcur chun cinn.

    (45)

    Tá difríochtaí móra ann idir na Ballstáit a mhéid a bhaineann lena bhfeidhmíocht um bainistiú dramhaíola, go háirithe maidir le hathchúrsáil dramhaíola cathrach. Chun na difríochtaí sin a chur i gcuntas, ba cheart an cead a thabhairt do na Ballstáit sin a rinne in 2013 méid is lú ná 20 % dá ndramhaíl chathrach a ullmhú d’athúsáid agus a athchúrsáil nó a rinne in 2013 méid is mó ná 60 % dá ndramhaíl chathrach a chur i líonadh talún de réir sonraí arna dtuairisciú faoin gCeistneoir Comhpháirteach de chuid ECFE agus Eurostat cinneadh a dhéanamh an t-am chun na spriocanna maidir le hullmhú d’athúsáid agus maidir le hathchúrsáil a bunaíodh le haghaidh 2025, 2030 agus 2035 a shíneadh. I bhfianaise na meánrátaí dul chun cinn a chonacthas sna Ballstáit le 15 bliana anuas, bheadh gá ag na Ballstáit sin a n-acmhainneacht athchúrsála a mhéadú ag leibhéil atá go mór os cionn na meán a bhí acu roimhe seo chun na spriocanna sin a chomhlíonadh. Chun a áirithiú go ndéanfar dul chun cinn leanúnach ionsar na spriocanna, agus go rachfar i ngleic le bearnaí i gcur chun feidhme in am tráth, ba cheart do na Ballstáit a bhaineann leas as am breise spriocanna idirthréimhseacha a chomhlíonadh agus, bunaithe ar chritéir mhionsonraithe, plean cur chun feidhme a bhunú.

    (46)

    Chun iontaofacht sonraí a áirithiú, tá sé tábhachtach na rialacha a gcaithfidh Ballstáit cloí leo a leagan síos ar bhonn níos beaichte, rialacha ar dá reir ba cheart do na Ballstáit tuairisc a thabhairt ar an méid a rinneadh a athchúrsáil agus a ullmhú d’athúsáid dáiríre agus ar féidir iad a áireamh faoi chomhair bhaint amach na spriocanna. Ba cheart ríomh na spriocanna athchúrsála a bheith bunaithe ar mheáchan na dramhaíola cathrach a théann isteach san athchúrsáil. Mar riail ghinearálta, ba cheart tomhas iarbhír mheáchan na dramhaíola cathrach a chomhairítear mar dhramhaíl a athchúrsáladh a bheith ag pointe iontrála na dramhaíola cathrach san oibríocht athchúrsál. Mar sin féin, chun teorainn a chur le hualaí riaracháin, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit, faoi choinníollacha dochta agus de mhaolú ar an riail ghinearálta, meáchan na dramhaíola cathrach a dhéantar a athchúrsáil a shuíomh bunaithe ar aschur oibríochta sórtála ar bith a thomhas. Níor cheart a áireamh i measc na méideanna dramhaíola a thuairiscítear a athchúrsáladh na hábhair sin a cailleadh sular imigh an dramhaíl isteach san oibríocht athchúrsála, mar shampla mar gheall ar shórtáil nó ar réamhoibríochtaí eile. Féadtar na caillteanais sin a shuí bunaithe ar chláir leictreonacha, ar shonraíochtaí teicniúla, ar rialacha sonracha maidir le ríomh na meánrátaí caillteanais le haghaidh sruthanna éagsúla dramhaíola nó bearta coibhéiseacha eile. Ba cheart do na Ballstáit tuairisciú ar na bearta sin i dtuarascálacha seiceála cáilíochta, a ghabhann le sonraí maidir le hathchúrsáil dramhaíola arna dtuairisciú chuig an gCoimisiún. B’fhearr na meánrátaí caillteanais a bhunú ar leibhéal na saoráidí sórtála aonairagus ba cheart iad a nascadh leis an príomhchineálacha dramhaíola, na foinsí éagsúla (amhail foinsí teaghlaigh nó tráchtála), na scéimeanna bailithe éagsúla agus na cineálacha éagsúla próiseas sórtála. Níor cheart úsáid a bhaint as meánrátaí caillteanais ach amháin i gcásanna nach bhfuil aon sonraí iontaofa eile ar fáil, go háirithe i gcomhthéacs loingsithe agus onnmhairiú dramhaíola. Níor cheart caillteanais i meáchan ábhar nó substaintí mar thoradh ar phróisis chlaochlaitheacha fhisiceacha nó cheimiceacha a bhaineann leis an oibríocht athchúrsála trína ndéantar an athphróiseáil iarbhír ar dhramhábhair ina dtáirgí, ina n-ábhair nó ina substaintí a asbhaint ó ualach na dramhaíola a thuairiscítear a bheith athchúrsáilte.

    (47)

    Le hailíniú na sainmhínithe i dTreoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, i dTreoir 94/62/EC (15), i dTreoir 2000/53/EC, i dTreoir 2006/66/CE i dTreoir 2008/98/CE agus i dTreoir 2012/19/AE, níl gá a thuilleadh leis an bhforáil in Airteagal 6 de Threoir 2008/98/CE maidir le dramhaíl a mheas, nach meastar í a bheith ina dramhaíl a thuilleadh, chun críocha spriocanna aisghabhála agus athchúrsála a socraíodh sna Treoracha sin. Tá ábhair nach bhfuil ina ndramhaíl a thuilleadh trí oibríocht aisghabhála nó athchúrsála le comhaireamh chun na spriocanna aisghabhála agus athchúrsála faoi seach, a leagtar amach sna Treoracha sin i gcomhréir leis na modhanna ríomha atá infheidhme, a ghnóthú. Más rud é nach dramhaíl a thuilleadh iad na hábhair dramhaíola de thoradh oibríocht ullmhúcháin sula ndéantar iad a athphróiseáil go hiarbhír, is féidir ábhair den sórt sin a áireamh mar ábhair athchúrsáilte ar choinníoll go bhfuil siad beartaithe lena n-athphróiseáil ina dtáirgí, ina n-ábhair nó ina substaintí ina dhiadh sin, bíodh sé sin chun na gcríoch bunaidh nó chun críocha eile. Maidir le hábhair nach dramhaíl a thuilleadh iad atá le húsáid mar bhreoslaí nó mar mhodhanna eile chun fuinneamh a ghiniúint, atá le haislíonadh nó le diúscairt, nó atá le húsáid in aon oibríocht ar bith eile a bhfuil an cuspóir céanna aici ná mar atá ag dramhaíl a aisghabháil seachas ullmhú d’athúsáid agus athchúrsáil, níor cheart iad sin a áireamh faoi chomhair bhaint amach na spriocanna athchúrsála.

    (48)

    I gcás ina gcuirtear ríomh an ráta athchúrsála i bhfeidhm maidir le cóireáil aeróbach agus anaeróbach na dramhaíola in-bithmhillte, féadfar an méid dramhaíola a théann isteach sa chóireáil aeróbach nó anaeróbach a áireamh mar dhramháil athchúrsailte ar choinneáil go ngineann an chóireáil sin aschur atá le húsáid mar tháirge athchúrsáilte, mar ábhar athchúrsáilte nó mar shubstaint athchúrsáilte. Cé gur minic gur múirín nó díleáteán an t-aschur ón gcóireáil sin, d’fhéadfaí aschur eile a chur san áireamh freisin ar choinníoll go n-áirítear ann cainníochtaí inchomparáide d’ábhar athchúrsáilte i ndáil leis na méideanna dramhaíola in-bithmhillte atá cóireáilte. I gcásanna eile, i gcomhréir leis an sainmhíniú ar athchúrsáil, níor cheart athphróiseáil na dramhaíola in-bhithmhillte ina hábhair atá le húsáid mar bhreoslaí nó mar mhodhanna eile chun fuinneamh a ghiniúint, atá le diúscairt, nó atá le húsáid in aon oibríocht a bhfuil an cuspóir céanna léi agus aisghabháil dramhaíola seachas ullmhú d’athúsáid agus athchúrsáil nó agus atá ag diúscairt, a áireamh faoi chomhair bhaint amach na spriocanna athchúrsála.

    (49)

    Ar mhaithe lena ríomh an bhfuil na spriocanna maidir le hullmhú d’athúsáid agus athchúrsáil bainte amach, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann na hábhair mhiotail a athchursáiltear a chur san áireamh atá deighilte tar éis dóchán dramhaíola cathrach. Chun ríomh aonfhoirmeach ar na sonraí sin a áirithiú, ba cheart don Choimisiún rialacha mionsonraithe a ghlacadh i ndáil le critéir cháilíochta le haghaidh miotail athchúrsáilte agus maidir le ríomh, fíorú agus tuairisciú sonraí.

    (50)

    I gcás na n-onnmhairí dramhaíola ón Aontas chun í a ullmhú don athúsáíd nó a athchúrsáil, ba cheart do na Ballstáit úsáid éifeachtach a bhaint as na cumhachtaí cigireachta dá bhforáiltear in Airteagal 50(4c) de Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 lena n-éilítear fianaise dhoiciméadach chun a fháil amach an bhfuil loingsiú ceaptha d’oibríochtaí aisghabhála atá i gcomhréir le hAirteagal 49 den Rialachán sin agus an bhfuil sé á bhainistiú, dá bhrí sin, ar bhealach atá fónta ó thaobh an chomhshaoil de i saoráid atá ag oibriú i gcomhréir le caighdeáin maidir le sláinte an duine agus cosaint an chomhshaoil atá coibhéiseach a bheag nó a mhór leis na caighdeáin arna mbunú i reachtaíocht an Aontais. Agus an cúram sin á dhéanamh acu, d’fhéadfadh na Ballstáit comhoibriú le gníomhaithe ábhartha eile, amhail na húdaráis inniúla sa tír chinn scríbe, comhlachtaí deimhniúcháin tríú páirtí neamhspleácha nó eagraíochtaí a chuireann oibleagáidí freagrachta leathnaithe táirgeora arna mbunú faoi scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora thar ceann táirgeoirí táirgí, a d’fhéadfadh seiceálacha fisiceacha agus seiceálacha eile a dhéanamh ar shaoráidí i dtríú tíortha. Sa tuarascáil maidir le seiceáil a dhéanamh ar cháilíocht a ghabhann leis na sonraí ar bhaint amach na spriocanna, ba cheart do na Ballstáit tuairisciú ar na bearta chun an oibleagáid a áirithiú go ndéantar dramhaíla onnmhirítear lasmuigh den Aontas a chóireáil i gcoinníollacha atá coibhéiseacha a bheag nó a mhór leo sin a cheanglaítear faoi dhlí ábhartha chomhshaoil an Aontais a chur chun feidhme.

    (51)

    Chun cur chun feidhme níos fearr, níos tráthúla agus níos aonfhoirmí den Treoir seo a áirithiú agus chun aon laigí sa chur chun feidhme a réamh-mheas, ba cheart córas de thuarascálacha luathrabhaidh a bhunú chun easnaimh a bhrath agus a bheith in ann gníomhaíocht a dhéanamh roimh na spriocdhátaí chun na spriocanna a bhaint amach.

    (52)

    Tá dramhaíl thionsclaíoch, codanna áirithe de dhramhaíl tráchtála agus dramhaíl eastóscach an-éagsúlaithe i dtéarmaí comhdhéanaimh agus méide, agus an-éagsúil ag brath ar struchtúr eacnamaíoch Ballstáit, ar struchtúr na hearnála tionscail nó tráchtála a ghineann an dramhaíl agus an dlús tionscail nó tráchtála i limistéar geografach faoi leith. Dá bhrí sin, measadh gur réiteach oiriúnach don chuid is mó den dramhaíl thionsclaíoch agus eastóscach é cur chuige tionscal-dírithe, agus doiciméid tagartha na Teicnící is Fearr atá ar Fáil agus ionstraimí comhchosúla á n-úsáid chun dul i ngleic leis na saincheisteanna sonracha a bhaineann le bainistiú cineál dramhaíola faoi leith. Ba cheart do dhramhaíl phacáistithe thionsclaíoch agus tráchtála leanúint de bheith á cuimsiú ag ceanglais Threoir 94/62/CE agus Threoir 2008/98/CE, lena n-áirítear a bhfeabhsúcháin faoi seach. D’fhonn mionscrúdú níos mine a dhéanamh ar an bhféidearthacht cur le hullmhú d’athúsáid agus athchúrsáil dramhaíola tráchtála, dramhaíola tionsclaíche neamhghuaisí agus príomhshruthanna dramhaíola eile, ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh spriocanna a shocrú le haghaidh na sruthanna dramhaíola sin.

    (53)

    D’fhonn a áirithiú go leanfar ag comhlíonadh chuspóirí ar dhlí an Aontais maidir le dramhaíl, tá sé tábhachtach go ndéanfadh an Coimisiún athbhreithniú ar na hoibríochtaí diúscartha a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/98/CE. Ba cheart an t-athbhreithniú sin a dhéanamh i bhfianaise Airteagal 13 den Treoir sin agus faisnéis ábhartha, amhail forbairtí ar an leibhéal idirnáisiúnta, go háirithe maidir le Coinbhinsiún Basel an 22 Márta 1989 maidir le rialú gluaiseachtaí trasteorann dramhaíolacha guaiseacha agus a ndiúscairt á cur i gcuntas (16).

    (54)

    Dramhaíl ghuaiseach a tháirgeann teaghlaigh amhail dramhaíl ghuaiseach ó phéinteanna, vearnaisí, tuaslagóirí nó táirgí glantacháin, ba cheart iad a bhailiú ar leithligh chun go seachnófaí éilliú dramhaíola cathrach le codáin dramhaíola guaisí a d’fhéadfadh caighdeán na hathchúrsála a laghdú agus chun bainistiú dramhaíola guaisí den chineál sin ar bhealach atá slán ó thaobh an chomhshaoil de a áirithiú. I ndáil leis sin, tá oibleagáidí sonracha maidir le bailiú ann cheana do dhramhthrealamh leictreach agus leictreonach agus do chadhnraí agus taisc-cheallraí dramhaíola a tháirgeann teaghlaigh.

    (55)

    Tá sé fíor-riachtanach dramh-olaí a bhailiú ar leithligh agus cosc a chur ar a meascadh le cineálacha eile dramhaíola nó substaintí chun a áirithiú go mbeidh an toradh is fearr ar an iomlán ó thaobh an chomhshaoil de ar a gcóireáil. Agus dramh-olaí á gcóireáil, ba cheart tús áite a thabhairt don athghiniúint nó mar mhalairt uirthi sin, d’oibríochtaí athchúrsála eile as a dtagann toradh coibhéiseach nó toradh níos fearr ar an iomlán ó thaobh an chomhshaoil de ná athghiniúint. D’fhonn bainistiú dramh-olaí a fheabhsú tuilleadh, ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh ar bhearta agus más iomchuí, iad a mholadh chun cóireáil na ndramh-olaí a fheabhsú, lena n-áirítear spriocanna cainníochtúla maidir lena n-athghiniúint. Le linn an athbhreithnithe sin, ba cheart aird a thabhairt ar na roghanna cóireála i dtaca le hathghiniúint dramh-olaí mar aon le cáilíocht agus úsáid deiridh na dtáirgí athghinte agus athchúrsáilte.

    (56)

    Chun cóireáil dramhaíola a dhéanann acmhainní a ghaibhniú ar leibhéil ísle ord na réiteach dramhaíola a sheachaint, athchúrsáil ardleibhéil a chumasú agus borradh a chur faoi ghlacadh amhábhar ar ardcháilíocht, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbaileofar bithdhramhaíl ar leithligh agus go ndéanfar athchúrsáil uirthi ar bhealach a chomhlíonann ardleibhéal cosanta comhshaoil agus go mbeidh aschur na bithdramhaíola ag teacht le caighdeáin ardcháilíochta ábhartha.

    (57)

    Leagtar síos sa Treoir seo cuspóirí fadtéarmacha le haghaidh bhainistiú dramhaíola an Aontais agus tugtar inti treoir shoiléir do na hoibreoirí eacnamaíocha agus do na Ballstáit maidir leis na hinfheistíochtaí atá riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach. I bhforbairt a bpleananna náisiúnta bainistithe dramhaíola agus a n-infheistíochtaí pleanála i mbonneagar bainistithe dramhaíola, ba cheart do na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar na hinfheistíochtaí agus ar na bealaí eile airgeadais, lena n-áirítear d’údaráis áitiúla, agus iad a chur i gcuntas. Ba cheart an measúnú sin a áireamh sa phlean bainistithe dramhaíola nó i ndoiciméid straitéiseacha eile. Sa chomhthéacs sin, ba cheart do na Ballstáit úsáid fhónta a bhaint as infheistíochtaí, lena n-áirítear trí Chistí an Aontais trí thús áite a thabhairt do chosc, lena n-áirítear athúsáid, ullmhú d’athúsáid agus athchúrsáil, i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola. Ba cheart don Choimisiún cuidiú leis na húdaráis inniúla le creat airgeadais éifeachtach a fhorbairt, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as Cistí an Aontais i gcás inarb iomchuí, chun ceanglais na Treorach seo a chur chun feidhme i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola agus ba cheart dó tacú le nuálaíocht i dteicneolaíochtaí agus i mbainistiú dramhaíola.

    (58)

    Is fadhb fós é bainistiú cuí na dramhaíola guaisí san Aontas, agus tá cuid de na sonraí maidir lena cóireáil ar iarraidh. Is gá, dá bhrí sin, na sásraí um choimeád taifead agus um inrianaitheacht a neartú trí chlárlanna leictreonacha do dhramhaíl ghuaiseach a bhunú sna Ballstáit. Ba cheart bailiú sonraí leictreonacha a leathnú amach go dtí cineálacha eile dramhaíola, i gcás inarb iomchuí, chun coimeád taifead do ghnóthaí agus do riaracháin a shimpliú agus chun faireachán a dhéanamh ar shreabha dramhaíola san Aontas.

    (59)

    Maidir leis na tuarascálacha cur chun feidhme a ullmhaíonn na Ballstáit gach 3 bliana, is léir nárbh uirlis éifeachtach iad chun comhlíonadh a fhíorú nó chun cur chun feidhme maith a áirithiú, agus is léir go bhfuil ualaigh riaracháin nach bhfuil gá leo á gcruthú acu. Is iomchuí, dá bhrí sin, go n-aisghairfí na forálacha a chuireann oibleagáid ar na Ballstáit na tuarascálacha den sórt sin a tháirgeadh. Ina ionad sin, ba cheart na críocha a bhaineann le faireachán ar chomhlíonadh a bheith bunaithe go heisiach ar na sonraí a thuairiscíonn na Ballstáit gach bliain don Choimisiún.

    (60)

    Tá na sonraí a thuairiscíonn na Ballstáit bunriachtanach don Choimisiún chun comhlíonadh dhlí an Aontais maidir le dramhaíl ag na Ballstáit a mheas. Ba cheart cáilíocht, iontaofacht agus inchomparáideacht na sonraí a fheabhsú trí phointe iontrála aonair a thabhairt isteach le haghaidh na sonraí dramhaíola go léir, trí cheanglais tuairiscithe atá imithe i léig a scriosadh, trí mhodheolaíochtaí tuairiscithe náisiúnta a thagarmharcáil agus trí thuarascáil maidir le seiceáil a dhéanamh ar cháilíocht sonraí a thabhairt isteach. Dá bhrí sin, agus tuairisciú á dhéanamh acu maidir le comhlíonadh na spriocanna a leagtar amach i ngníomhartha reachtacha de chuid an Aontais maidir le dramhaíl, ba cheart do na Ballstáit úsáid a bhaint as na rialacha is déanaí atá forbartha ag an gCoimisiún agus as na modheolaíochtaí is déanaí atá forbartha ag údaráis inniúla náisiúnta faoi seach, atá freagrach as an Treoir seo a chur chun feidhme.

    (61)

    Chun léiriú agus cur chun feidhme leormhaith na gceanglas a leagtar amach i dTreoir 2008/98/CE a éascú, is iomchuí treoirlínte maidir leis na ceanglais sin a fhorbairt agus a bhreithniú go tráthrialta agus malartú faisnéise agus comhroinnt dea-chleachtas idir na Ballstáit maidir le cur chun feidhme agus forfheidhmiú na gcleachtas sin a áirithiú. Leis na treoirlínte, leis an malartú tuairimí agus leis an gcomhroinnt dea-chleachtas sin, ba cheart a éascú, inter alia, comhthuiscint agus cur i bhfeidhm iarbhír den sainmhíniú “dramhaíl” lena n-áirítear an téarma “aschur”, agus ba cheart, mar shampla, samhlacha gnó ciorclacha ina n-aistrítear, substaint nó réad ó shealbhóir amháin chuig sealbhóir eile gan aschur a bheith beartaithe a chur i gcuntas.

    (62)

    Chun Treoir 2008/98/CE a fhorlíonadh nó a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le hAirteagail 7(1), 9(8), 11a(10), 27(1), 27(4), 38(2) agus 38(3) den Treoir sin, arna leasú leis an Treoir seo. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 (17). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus tbíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin abhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

    (63)

    Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme Threoir 2008/98/CE, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil le hAirteagail 5(2), 6(2), 8(5), 9(7), 11a(9), 33(2), 35(5) agus 37(7) di, arna leasú leis an Treoir seo. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18).

    (64)

    Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon feabhas a chur ar bhainistiú dramhaíola san Aontas, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le cosaint, caomhnú agus feabhsú cháilíocht an chomhshaoil, le sláinte na n-aigéan agus le sábháilteacht bia mara trí bhruscar mara a laghdú, agus úsáid stuama agus réasúnach achmhainní nádúrtha ar fud an Aontais, a ghnóthú go leordhóthanach, agus de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na mbeart, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

    (65)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2008/98/CE a leasú dá réir.

    (66)

    I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin (19), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a tharchur.

    (67)

    Glacadh an Treoir seo agus na gealltanais arna leagan amach i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr á gcur i gcuntas agus ba cheart í a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an treoir atá sa Chomhaontú sin,

    TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasuithe

    Leasaítear Treoir 2008/98/CE mar a leanas:

    (1)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

    “Airteagal 1

    Ábhar agus raon feidhme

    Leis an Treoir seo leagtar síos bearta chun an comhshaol agus sláinte an duine a chosaint trí ghiniúint dramhaíola, droch-iarmhairtí giniúint agus bainistiú dramhaíola a chosc nó a laghdú agus trí thionchair fhoriomlána úsáid acmhainní a laghdú agus éifeachtúlacht na húsáide sin a fheabhsú, atá fíor-riachtanach don aistriú chuig geilleagar ciorclach agus chun iomaíocht fhadtéarmach an Aontais a ráthú.”;

    (2)

    in Airteagal 2(2), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

    “(e)

    Substaintí atá ceaptha lena n-úsáid mar ábhair beatha mar a shainítear i bpointe (g) d’Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) agus nach fotháirgí ainmhithe iad nó nach bhfuil fotháirgí ainmhithe iontu.

    (*1)  Rialachán (CE) Uimh. 767/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le beatha a chur ar an margadh agus a úsáid, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 79/373/CEE ón gComhairle, Treoir 80/511/CEE ón gCoimisiún, Treoracha 82/471/CEE, 83/228/CEE, 93/74/CEE, 93/113/CE agus 96/25/CE ón gComhairle agus Cinneadh 2004/217/CE ón gCoimisiún (IO L 229, 1.9.2009, lch. 1).”;"

    (3)

    leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

    “2a.

    ciallaíonn ‘dramhaíl neamhghuaiseach’ dramhaíl nach gcumhdaítear le pointe 2;

    2b.

    ciallaíonn ‘dramhaíl chathrach’

    (a)

    dramhaíl mheasctha agus dramhaíl a bhailítear ar leithligh ó theaghlaigh, lena n-áirítear páipéar agus cairtchlár, gloine, miotail, plaistigh, bithdhramhaíl, adhmad, teicstílí, pacáistíocht, dramhthrealamh leictreach agus leictreonach, cadhnraí dramhaíola agus taisc-cheallraí, agus dramhaíl thoirtiúil, lena n-áirítear tochtanna agus troscán;

    (b)

    dramhaíl mheasctha agus dramhaíl a bhailítear ar leithligh ó fhoinsí eile i gcás ina bhfuil cineál agus comhdhéanamh na dramhaíola sin cosúil le dramhaíl ó theaghlaigh;

    Ní áirítear i ndramhaíl chathrach dramhaíl ó tháirgeadh, ó thalmhaíocht, ó fhoraoiseacht, ó iascaireacht, ó umair sheipteacha agus ó líonra agus cóireáil séarachais, lena n-áirítear sloda séarachais, feithiclí a bhfuil a ré caite nó dramhaíl tógála agus scartála.

    Tá an sainmhíniú seo gan dochar do leithdháileadh freagrachtaí don bhainistiú dramhaíola idir gníomhaithe poiblí agus príobháideacha;

    2c.

    ciallaíonn ‘dramhaíl tógála agus scartála’ dramhaíl arna giniúint ag gníomhaíochtaí tógála agus scartála;”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 4:

    “4.

    ciallaíonn ‘bithdhramhaíl’ dramhaíl ghairdín agus pháirce in-bhithmhillte, agus dramhaíl bia agus chistine ó theaghlaigh, ó oifigí, ó bhialanna, ó mhórdhíol, ó cheaintíní, ó lónadóirí agus ó áitribh mhiondíola agus dramhaíl inchomparáide ó mhonarchana próiseála bia;”;

    (c)

    cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

    “4a.

    ciallaíonn ‘dramhaíl bia’ gach cineál bia mar a shainítear in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2) a bhfuil dramhaíl déanta anois de;

    (*2)  Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1).”;"

    (d)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 9:

    “9.

    ciallaíonn ‘bainistiú dramhaíola’ bailiú, iompar, aisghabháil, lena n-áirítear sórtáil, agus diúscairt dramhaíola, lena n-áirítear faireachán a dhéanamh ar na hoibríochtaí sin agus iarchúram na suíomhanna diúscartha, agus lena n-áirítear gníomhartha a dhéantar mar dhéileálaí nó mar bhróicéir;”;

    (e)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c) de phointe 12:

    “(c)

    inneachar na substaintí guaiseacha in ábhair agus i dtáirgí;”;

    (f)

    cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

    “15a.

    ciallaíonn ‘aisghabháil ábhar’ aon oibríocht aisghabhála nach mbaineann le haisghabháil fuinnimh agus an athphróiseáil in ábhair atá le húsáid mar bhreoslaí nó mar bhealaí eile chun fuinneamh a ghiniúint. Áirítear léi, inter alia, ullmhú d’athúsáid, athchúrsáil agus aislíonadh;”;

    (g)

    cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

    “17a.

    ciallaíonn ‘aislíonadh’ aon oibríocht aisghabhála ina n-úsáidtear dramhaíl neamhghuaiseach oiriúnach chun críocha míntíriúcháin i limistéir thochailte nó chun críocha innealtóireachta i dtírdhreachú. Ní mór dramhaíl a úsáidtear le haghaidh aislíonadh a chur in ionad ábhar neamh-dhramhaíola, a bheith oiriúnach do na críocha thuasluaite, agus a bheith teoranta go dian don mhéid is gá chun na críocha sin a bhaint amach;”;

    (h)

    cuirtear an pointe seo a leanas leis:

    “21.

    Ciallaíonn ‘scéim freagrachta leathnaithe táirgeora’ sraith de bhearta arna ndéanamh ag na Ballstáit chun a áirithiú go mbeidh freagracht airgeadais nó freagracht airgeadais agus eagrúcháin ar tháirgeoirí táirgí as céim dhramhaíola de shaolré táirge a bhainistiú.”;

    (4)

    in Airteagal 4, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

    “3.   Bainfidh na Ballstáit úsáid as ionstraimí eacnamaíochta agus bearta eile chun dreasachtaí, amhail iad siúd a luaitear in Iarscríbhinn IVa nó ionstraimí agus bearta eile iomchuí a sholáthar chun ord na réiteach dramhaíola a chur bhfeidhm.”;

    (5)

    leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:

    (a)

    i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda tosaigh:

    “1.   Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun a áirithiú maidir le substaint nó réad atá mar thoradh ar phróiseas táirgthe arb é a phríomhaidhm gan an tsubstaint ná an réad sin a tháirgeadh, go measfar é gan a bheith ina dhramhaíl ach ina fhotháirge má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    “2.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun critéir mhionsonraithe a bhunú maidir le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na gcoinníollacha a leagtar síos i mír 1 i leith substaintí nó réada sonracha.

    Socrófar leis na gníomhartha cur chun feidhme sin critéir sonraithe chun ardleibhéal cosanta don chomhshaol agus do shláinte an duine a áirithiú agus chun úsáid stuama agus réasúnach acmhainní nádúrtha a éascú.

    Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 39(2). Agus na gníomhartha cur chun feidhme sin á nglacadh, beidh mar thúsphointe ag an gCoimisiún na critéir is déine agus is fearr ó thaobh chosaint an chomhshaoil de arna nglacadh ag na Ballstáit i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo agus tabharfaidh sé tús áite do chleachtais inmhacasamhlaithe na siombóise tionsclaíche i bhforbairt na gcritéar mionsonraithe.”;

    (c)

    cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

    “3.   I gcás nach bhfuil critéir socraithe ar leibhéal an Aontais faoin nós imeachta dá dtagraítear i mír 2, féadfaidh na Ballstáit critéir mhionsonraithe a bhunú maidir le cur i bhfeidhm na gcoinníollacha a leagtar síos i mír 1 i leith substaintí nó réada sonracha.

    Déanfaidh na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas maidir leis na critéir sonraithe sin i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3) sa chás ina n-éilítear amhlaidh leis an Treoir sin.

    (*3)  Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (IO L 241, 17.9.2015, lch. 1.).”;"

    (6)

    Leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

    (a)

    leasaítear mír 1 mar a leanas:

    (i)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití agus phointe (a):

    “1.   Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun a áirithiú go ndéanfar dramhaíl a bhfuil oibríocht athchúrsála nó oibríocht aisghabhála eile déanta uirthi a mheas go bhfuil sí tar éis scor de bheith ina dramhaíl má chomhlíonann sí na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    go ndéanfar an tsubstaint nó an réad a úsáid chun críoch sonrach;”;

    (ii)

    scriostar an dara fomhír;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2, mhír 3 agus mhír 4:

    “2.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar fhorbairt na gcritéar náisiúnta um ábhair nach dramhail a thuilleadh iad sna Ballstáit agus déanfaidh sé measúnú ar an ngá atá ann le critéir uile-Aontais a fhorbairt ar bhonn an fhaireacháin sin. Chun na críche sin, agus i gcás inarb iomchuí, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun critéir mhionsonraithe a bhunú maidir le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na gcoinníollacha a leagtar síos i mír 1 i leith cineálacha áirithe dramhaíola.

    Déanfaidh na critéir mhionsonraithe sin ardleibhéal cosanta áirithiú don chomhshaol agus do shláinte an duine agus úsáid stuama agus réasúnach acmhainní nádúrtha a éascú. Áireofar leo:

    (a)

    ábhar ionchuir dramhaíola incheadaithe don oibríocht aisghabhála;

    (b)

    próisis agus teicnící cóireála ceadmhacha;

    (c)

    critéir cháilíochta um ábhair nach dramhail a thuilleadh iad a bheidh mar thoradh ar an oibríocht aisghabhála i gcomhréir leis na caighdeáin táirgí is infheidhme lena n-áirítear teorainnluachanna i leith truailleán más gá;

    (d)

    ceanglais ar an gcóras bainistithe comhlíonadh na gcritéar um ábhair nach dramhail a thuilleadh iad a léiriú, lena n-áirítear maidir le rialú cáilíochta agus féin-fhaireachán, agus creidiúnú, i gcás inarb iomchuí; agus

    (e)

    ceanglas go mbeadh ráiteas comhréireachta ann.

    Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 39(2).

    Agus gníomhartha cur chun feidhme sin á nglacadh, cuirfidh an Coimisiún i gcuntas na critéir ábhartha arna mbunú ag na Ballstáit i gcomhréir le mír 3 agus beidh mar thúsphointe aige na critéir is déine agus is fearr ó thaobh chosaint an chomhshaoil de díobh sin.

    3.   I gcás nach bhfuil critéir socraithe ar leibhéal an Aontais faoi mhír 2, féadfaidh na Ballstáit critéir mhionsonraithe a bhunú maidir le cur i bhfeidhm na gcoinníollacha a leagtar síos i mír 1 i leith cineálacha áirithe dramhaíola. Cuirfear i gcuntas sna critéir sin aon droch-iarmhairtí féideartha don chomhshaol agus do shláinte an duine a thiocfadh as an tsubstaint nó an réad dá dtagraítear i mír 1agus go gcomhlíontar na na ceanglais a leagtar síos i bpointe (a) go pointe (e) de mhír 2.

    Déanfaidh na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas maidir leis na critéir sin i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/1535 sa chás ina n-éilítear amhlaidh leis an Treoir sin.

    4.   I gcás nach bhfuil critéir socraithe ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta faoi mhír 2 nó 3, faoi seach, féadfaidh Ballstát cinneadh a dhéanamh de réir an cháis nó bearta iomchuí a dhéanamh chun a fhíorú, nach dramhaíl í dramhaíl áirithe a thuilleadh ar bhonn na gcoinníollacha a leagtar síos i mír 1 agus, i gcás inar gá, agus na ceanglais a leagtar síos i bpointe (a) go (e) de mhír 2 á léiriú agus na teorainnluachanna i leith truailleán agus aon droch-iarmhairtí don chomhshaoil nó do shláinte an duine á gcur i gcuntas. Ní gá cinntí de réir an cháis mar sin a chur in iúl don Choimisiún i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/1535.

    Féadfaidh na Ballstáit faisnéis maidir le cinntí de réir an cháis agus maidir le torthaí an fhíoraithe a dhéanfaidh údaráis inniúla a chur ar fáil don phobal trí mheán leictreonach.”;

    (c)

    cuirtear an mhír seo a leanas leis:

    “5.   An duine nádúrtha nó dlítheanach:

    (a)

    a úsáideann, den chéad uair, ábhar nach dramhaíl a thuilleadh é agus nár cuireadh ar an margadh; nó

    (b)

    a chuireann ábhar ar an margadh den chéad uair nuair nach dramhaíl a thuilleadh é,

    áiritheoidh sé go bhfuil na ceanglais ábhartha faoin reachtaíocht is infheidhme a bhaineann le ceimiceáin agus táirgí á gcomhlíonadh ag an ábhar. Ní mór na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 a chomhlíonadh sula mbeidh feidhm ag an reachtaíocht maidir le ceimiceáin agus táirgí i leith an ábhair nach dramhaíl a thuilleadh é.”;

    (7)

    leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte de mhír 1:

    “1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 38a chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí liosta dramhaíola a bhunú, agus a athbhreithniú i gcomhréir le mír 2 agus mír 3 den Airteagal seo.”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    “2.   Féadfaidh Ballstát a mheas gur dramhaíl ghuaiseach dramhaíl, fiú mura liostaítear é amhlaidh ar an liosta dramhaíola, i gcás ina léiríonn sé ceann amháin nó níos mó de na hairíonna a liostaítear in Iarscríbhinn III. Tabharfaidh an Ballstát fógra don Choimisiúin faoi aon chásanna den sórt sin gan mhoill agus cuirfidh an Ballstát an fhaisnéis ábhartha go léir ar fáil don Choimisiún. I bhfianaise na bhfógraí arna bhfáil, déanfar athbhreithniú ar an liosta chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an liosta sin a oiriúnú.”;

    (c)

    scriostar mír 5;

    (8)

    leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

    (a)

    i mír 1, cuirtear na fomhíreanna seo a leanas isteach:

    “I gcás ina n-áirítear leis na bearta sin scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora a bhunú, beidh feidhm ag na híoscheanglais ghinearálta a leagtar síos in Airteagal 8a.

    Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gur cheart do tháirgeoirí táirgí a ghabhann ar a gconlán féin freagrachtaí airgeadais nó freagrachtaí airgeadais agus eagrúcháin orthu féin maidir le céim dhramhaíola de shaolré táirge a bhainistiú cuid de na híoscheanglais a leagtar síos in Airteagal 8a nó na híoscheanglais uile a chur i bhfeidhm.”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    “2.   Féadfaidh na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh chun dearadh táirgí agus codanna de tháirgí a spreagadh chun a dtionchar comhshaoil agus giniúint dramhaíola le linn tháirgeadh agus úsáid na dtáirgí ina dhiaidh sin a laghdú agus chun a áirithiú go ndéanfar aisghabháil agus diúscairt táirgí tar éis dramhaíl a dhéanamh díobh i gcomhréir le hAirteagal 4 agus Airteagal 13.

    Leis na bearta sin, féadfar go spreagfar, inter alia, forbairt agus margú táirgí agus codanna de tháirgí atá oiriúnach don ilúsáid, ar táirgí iad ina bhfuil ábhair athchúrsáilte, atá buanfasach go teicniúil agus indeisithe go héasca agus atá, tar éis dramhaíl a dhéanamh díobh, oiriúnach lena n-ullmhú d’athúsáid agus athchúrsáil chun cur chun feidhme cuí ord na réiteach dramhaíola a éascú. Déanfaidh na bearta sin tionchar na dtáirgí le linn a saolré a chur i gcuntas, lena n-áirítear ord na réiteach dramhaíola agus, i gcás inarb iomchuí, an acmhainneacht don il-athchúrsáil”;

    (c)

    cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

    “5.   Eagróidh an Coimisiún malartú faisnéise idir na Ballstáit agus na gníomhaithe atá i mbun scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora maidir le cur chun feidhme praiticiúil na n-íoscheanglas ginearálta a leagtar síos in Airteagal 8a. Áirítear leis sin, inter alia, malartú faisnéise maidir leis na dea-chleachtais chun rialachas leormhaith, comhar trasteorann maidir le feidhmiú cuí scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora agus an mhargaidh inmheánaigh, maidir leis na gnéithe eagrúcháin agus faireachán a dhéanamh ar eagraíochtaí a chuireann oibleagáidí freagrachta leathnaithe táirgeora chun feidhme thar ceann táirgeoirí tairgí, maidir le modhnú na ranníocaíochtaí airgeadais, maidir le hoibreoirí bainistithe dramhaíola a roghnú agus maidir le cosc ar bhruscar a chaitheamh. Foilseoidh an Coimisiún torthaí an mhalartaithe faisnéise agus féadfaidh sé treoirlínte a sholáthar maidir leo sin agus maidir le gnéithe ábhartha eile.

    Foilseoidh an Coimisiún treoirlínte, i gcomhairle leis na Ballstáit, maidir le comhar trasteorann i dtaca le scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora agus maidir le modhnú na ranníocaíochtaí airgeadais dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 8a(4).

    I gcás inar gá chun saobhadh an mhargaidh inmheánaigh a sheachaint, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun critéir a leagan síos d’fhonn pointe (b) d’Airteagal 8a(4) a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach, ach lena ndéantar aon chinneadh cruinn maidir le leibhéal na ranníocaíochtaí a eisiamh Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 39(2).”;

    (9)

    cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

    “Airteagal 8a

    Na híoscheanglais ghinearálta maidir le scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora

    1.   I gcás ina mbunaítear scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora i gcomhréir le hAirteagal 8(1) lena n-áirítear de bhun gníomhartha reachtacha eile de chuid an Aontais, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

    (a)

    sainiú a dhéanamh ar bhealach soiléir ar na róil agus na freagrachtaí a bheidh ag na gníomhaithe uile atá rannpháirteach, lena n-áirítear táirgeoirí táirgí a chuireann táirgí ar mhargadh an Bhallstáit, ag eagraíochtaí a chuireann oibleagáídí freagrachta leathnaithe táirgeora chun feidhme thar a gceann, ag oibreoirí dramhaíola príobháideacha nó poiblí, ag údaráis áitiúla, agus, i gcás inarb iomchuí, ag oibreoirí athúsáide agus oibreoirí maidir le hullmhú d’athúsáid agus ag fiontair an gheilleagair shóisialta;

    (b)

    i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola, spriocanna bainistithe dramhaíola a leagan síos, arb é aidhm dóibh na spriocanna cainníochtúla atá ábhartha don scéim freagrachta leathnaithe táirgeora a bhaint amach mar a leagtar síos sa Treoir seo, i dTreoir 94/62/CE, i dTreoir 2000/53/CE, i dTreoir 2006/66/CE, agus i dTreoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4), agus spriocanna cainníochtúla eile agus/nó spriocanna cáilíochta a leagan síos a mheastar iad a bheith ábhartha don scéim freagrachta leathnaithe táirgeora;

    (c)

    a áirithiú go mbeidh córas tuairiscithe i bhfeidhm chun sonraí a bhailiú maidir leis na táirgí arna gcur ar mhargadh an Bhallstáit ag na táirgeoirí táirgí atá faoi réir freagracht leathnaithe táirgeora agus sonraí maidir le bailiú agus cóireáil dramhaíola a eascraíonn as na táirgí sin, ina sonraítear, i gcás inarb iomchuí, na sreabha ábhar dramhaíola, mar aon leis na sonraí eile atá ábhartha chun críocha phointe (b);

    (d)

    cóir chomhionann a áirithiú do tháirgeoirí táirgí gan beann ar a dtionscnamh nó a méid, gan ualach díréireach rialála a chur ar tháirgeoirí cainníochtaí beaga táirgí, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide.

    2.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfar na sealbhóirí dramhaíola a bhfuil na scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora, a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 8(1), dírithe orthu a chur ar an eolas, faoi bhearta chun dramhaíl a chosc, ionaid le haghaidh athúsáide agus le haghaidh ullmhú d’athúsáid, córais bailithe agus aisghabhála agus faoin gcosc ar chaitheamh bruscair. Déanfaidh na Ballstáit bearta freisin chun dreasachtaí a chruthú do na sealbhóirí dramhaíola chun a bhfreagracht a ghlacadh chuchu féin i dtaca lena ndramhaíl a chur sna córais bailithe ar leithligh a bheidh i bhfeidhm, i gcás inarb ábhartha, go háirithe trí dhreasachtaí nó rialacháin eacnamaíochta, más iomchuí.

    3.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú maidir le haon táirgeoir táirgí nó eagraíocht a dhéanfaidh oibleagáidí freagrachta leathnaithe táirgeora a chur chun feidhme thar cheann táirgeoirí táirgí:

    (a)

    ag a mbeidh cumhdach tíreolaíoch, táirge agus ábhair arna shainiú go soiléir gan na réimsí sin a theorannú chuig na réimsí ina bhfuil an brabús is mó le baint as bailiú agus bainistiú dramhaíola;

    (b)

    a dhéanfaidh infhaighteacht iomchuí maidir le córais bailithe dramhaíola a sholáthar taobh istigh de na réimsí dá dtagraítear i bpointe (a);

    (c)

    ag a bhfuil na hacmhainní airgeadais nó na hacmhainní airgeadais agus oibríochtúla is gá acu chun a n-oibleagáidí i leith freagracht leathnaithe táirgeora a chomhlíonadh;

    (d)

    a chuireann i bhfeidhm sásra leormhaith féin-rialaithe, arna thacú, i gcás inarb ábhartha, le hiniúchtaí neamhspleácha rialta, chun breithmheas a dhéanamh ar na nithe seo a leanas:

    (i)

    a bhainistiú nó a bainistiú airgeadais, lena n-áirítear na ceanglais a leagtar síos i bpointe (a) agus (b) de mhír 4 a bheith á gcomhlíonadh;

    (ii)

    cáilíocht na sonraí a bhailítear agus a thuairiscítear i gcomhréir le pointe (c) de mhír 1, den Airteagal seo agus ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006;

    (e)

    a chuireann faisnéis ar fáil go poiblí faoi bhaint mach spriocxanna bainistithe dramhaíóla dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, agus, i gcás oibleagáidí i leith freagracht leathnaithe táirgeora a chomhlíontar ar bhonn comhchoiteann:

    (i)

    a úinéireacht nó a húineireacht agus a bhallraíocht nó a ballraíocht;

    (ii)

    na ranníocaíochtaí airgeadais arna n-íoc ag na táirgeoirí in aghaidh an aonaid arna dhíol nó in aghaidh an tona den táirge arna chur ar an margadh; agus

    (iii)

    an nós imeachta roghnúcháin d’oibreoirí bainistithe dramhaíola.

    4.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais a íocann táirgeoir an tairge chun a oibleagáidí i leith freagracht leathnaithe táirgeora a chomhlíonadh:

    (a)

    go gcumhdaítear leo na costais seo a leanas do na táirgí a chuirfidh an táirgeoir ar an margadh sa Bhallstát lena mbaineann:

    costais bailithe ar leithligh dramhaíola agus a hiompar agus a cóireáil ina dhiaidh sin, lena n-áirítear an chóireáil is gá chun spriocanna bainistithe dramhaíola an Aontais a chomhlíonadh, agus na costais is gá chun spriocanna agus cuspóirí eile dá dtagraítear i bpointe (b) de mír 1, a chomhlíonadh, agus an t-ioncam ó athúsáid, ó dhíolacháin amhábhair thánaistigh óna dtáirgí agus ó tháillí taisce nár éilíodh á chur i gcuntas

    an costas a bhaineann le faisnéis leormhaith a sholáthar do na sealbhóirí i gcomhréir le mír 2;

    na costais a bhaineann le bailiú agus tuairisciú i gcomhréir le pointe (c) de mhír 1.

    Ní bheidh feidhm ag an bpointe seo maidir le scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora arna mbunú de bhun Threoir 2000/53/CE, Threoir 2006/66/CE nó Threoir 2012/19/AE;

    (b)

    i gcás go gcomhlíontar oibleagáidí i leith freagracht leathnaithe táirgeora ar bhonn comhchoiteann, go modhnaítear iad, más féidir, do tháirgí aonair nó do ghrúpaí táirgí, go háirithe trína marthanacht, a n-indeisitheacht, a n-ath-inúsáidteacht agus a n-athchúrsáilteacht agus substaintí guaiseacha a bheith i láthair á gcur i gcuntas, ar an gcaoi sin cur chuige saolré a bheith á ghlacadh agus a bheith ag teacht leis na ceanglais arna socrú ag dlí ábhartha an Aontais, agus má tá fáil orthu, a bheith bunaithe ar chritéir chomhchuibhithe chun feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú; agus

    (c)

    nach dtéann siad thar na costais is gá chun seirbhísí bainistithe dramhaíola a sholáthar ar bhealach costéifeachtúil. Bunófar na costais sin ar bhealach trédhearcach idir na gníomhaithe lena mbaineann.

    I gcás ina dtabharfar údar cuí leis tríd an ngá bainistiú dramhaíola cuí agus inmharthanacht eacnamaíoch na scéime freagrachta leathnaithe táirgeora a áirithiú, féadfaidh na Ballstáit imeacht ó chomhroinnt na freagrachta airgeadais mar a leagtar amach i bpointe (a), ar choinníoll:

    (i)

    i gcás scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora táirgí arna gcur ar bun chun spriocanna agus cuspóirí bainistithe dramhaíola arna mbunú faoi ghníomhartha reachtacha an Aontais a bhaint amach, íocfaidh na tairgeoirí 80 % ar a laghad de na costais is gá;

    (ii)

    i gcás scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora arna mbunú ar dháta 4 Iúil 2018 nó tar éis an dáta sin chun spriocanna agus cuspóirí bainistithe dramhaíola arna mbunú i reachtaíocht an Bhallstáit, agus ansin amháin, a bhaint amach, íocfaidh tairgeoirí na dtáirgí 80 % ar a laghad de na costais is gá;

    (iii)

    i gcás scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora arna mbunú roimh 4 Iúil 2018 chun spriocanna agus cuspóirí bainistithe dramhaíola arna mbunú i reachtaíocht an Bhallstáit, agus ansin amháin, a bhaint amach, íocfaidh tairgeoirí ar a 50 % ar a laghad de na costais is gá,

    agus ar choinníoll go n-íocfaidh na buntáirgeoirí nó na bundáileoirí na costais fuílligh.

    Ní fhéadfar an maolú sin a úsáid chun an sciar de na costais a íocfaidh táirgeoirí na dtáirgí faoi na scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora arna mbunú roimh 4 Iúil 2018 a íslíú.

    5.   Déanfaidh na Ballstáit creat faireacháin agus forfheidhmithe leormhaith a bhunú d’fhonn a áirithiú go gcuirfidh táirgeoirí táirgí agus eagraíochtaí a chuireann oibleagáidí freagrachta leathnaithe táirgeora chun feidhme thar a gceann a n-oibleagáidí i leith freagracht leathnaithe táirgeora a chur chun feidhme, lena n-áirítear i gcás ciandíolachán, go n-úsáidtear na hacmhainní airgeadais go cuí, agus go ndéanann na gníomhaithe go léir a bhfuil baint acu le cur chun feidhme na scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora sonraí iontaofa a thuairisciú.

    Más rud é, i gcríoch Ballstáit, go ndéanann eagraíochtaí iomadúla oibleagáidí i leith freagracht leathnaithe táirgeora thar ceann táirgeoirí na dtáirgí a chur chun feidhme, ceapfaidh an Ballstát lena mbaineann comhlacht amháin ar a laghad atá neamhspleách ar leasanna príobháideacha nó cuirfidh sé faireachán ar chur chun feidhme na n-oibleagáidí i leith freagracht leathnaithe táirgeora ar iontaoibh údarás poiblí.

    Ceadóidh gach Ballstát do tháirgeoirí táirgí, atá bunaithe i mBallstát eile agus atá i mbun táirgí a chur ar a chríoch, duine dlítheanach nó nádúrtha a cheapadh atá bunaithe ar a chríoch mar ionadaí údaraithe chun na hoibleagáidí táirgeora a bhaineann le scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora ar a chríoch a chomhlíonadh.

    Chun faireachán agus fíorú a dhéanamh ar chomhlíonadh oibleagáidí táirgeoir na dtáirgí maidir le scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora, féadfaidh na Ballstáit ceanglais a leagan síos, amhail ceanglais cláraithe, faisnéise agus tuairiscithe, a mbeidh ar an duine dlítheanach nó nádúrtha a cheapfar mar ionadaí údaraithe ar a gcríoch a chomhlíonadh.

    6.   Déanfaidh na Ballstáit idirphlé rialta a áirithiú idir na geallsealbhóirí ábhartha a bhfuil baint acu le cur chun feidhme scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora, lena n-áirítear táirgeoirí agus dáileoirí, oibreoirí dramhaíola príobháideacha nó poiblí, údaráis áitiúla, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus, i gcás inarb infheidhme, gníomhaithe an gheilleagair shóisialta, gréasáin athúsáide agus deisithe agus oibreoirí maidir le hullmhú d’athúsáid.

    7.   Déanfaidh na Ballstáit bearta chun a áirithiú go ndéanfaidh na scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora a bunaíodh roimh an 4 Iúil 2018 an tAirteagal seo a chomhlíonadh faoin 5 Eanáir 2023.

    8.   Beidh soláthar faisnéise don phobal faoin Airteagal seo gan dochar do chaomhnú rúndacht aon fhaisnéise íogaire tráchtála i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais agus leis an dlí náisiúnta.

    (*4)  Treoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (DTLL) (IO L 197, 24.7.2012, lch. 38).”;"

    (10)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

    “Airteagal 9

    Dramhaíl a chosc

    1.   Déanfaidh na Ballstáit bearta chun giniúint dramhaíola a chosc. Déanfaidh na bearta sin, ar a laghad:

    (a)

    samhlacha táirgeachta agus tomhaltais inbhuanaithe a chur chun cinn agus tacú leo;

    (b)

    dearadh, monarú agus úsáid táirgí a spreagadh, ar táirgí iad atá éifeachtúil ó thaobh acmhainní de, inmharthanach (lena n-áirítear i dtaca le saolré agus gan dífheidhmeacht phleanáilte a bheith i gceist), indeisithe, in-athúsáidte agus ar féidir iad a uasghrádú;

    (c)

    spriocdhíriú ar tháirgí ina bhfuil amhábhair chriticiúla ionas nach dtiocfaidh na hábhair sin chun bheith ina ndramhaíl;

    (d)

    spreagadh a thabhairt d’athúsáid táirgí agus do chórais a chur ar bun a chuireann gníomhaíochtaí deisithe agus athúsáide chun cinn, lena n-áirítear go háirithe do threalamh leictreach agus leictreonach, teicstílí agus troscán, chomh maith le pacáistíocht agus ábhair agus táirgí tógála;

    (e)

    spreagadh a thabhairt, de réir mar is iomchuí agus gan dochar do chearta maoine intleachtúla, infhaighteacht páirteanna spártha, lámhleabhair treoracha, faisnéis theicniúil, nó uirlisí, fearas nó bogearraí a chumasaíonn deisiú agus athúsáid táirgí gan cur isteach ar a gcáilíocht agus a sábháilteacht;

    (f)

    giniúint dramhaíola i bpróisis atá bainteach le táirgeadh tionsclaíoch, le heastóscadh mianraí, le monarú, agus le tógáil agus scartáil a laghdú, agus na teicnící is fearr atá ar fáil á gcur i gcuntas;

    (g)

    an méid dramhaíola bia a ghintear i dtáirgeadh príomhúil, i bpróiseáil agus monarú, i miondíol agus dáileadh eile bia, i mbialanna agus seirbhísí bia agus freisin i dteaghlaigh a laghdú mar rannchuidiú le Sprioc na Náisiún Aontaithe maidir le Forbairt Inbhuanaithe dramhaíl bia dhomhanda per capita a laghdú 50 % ar leibhéil an mhiondíola agus na dtomhaltóirí agus chun caillteanais bia ar shlabhraí táirgthe agus soláthair a laghdú faoi 2030;

    (h)

    deonú agus athdháileadh eile bia lena chaitheamh ag an duine a spreagadh, agus tús áite á tabhairt d’úsáid an duine ar bheatha ainmhithe agus athphróiseáil i dtáirgí neamhbhia;

    (i)

    laghdú inneachar substaintí guaiseacha in ábhair agus i dtáirgí a spreagadh, gan dochar do na ceanglais dhlíthiúla chomhchuibhithe maidir leis na hábhair agus na táirgí sin arna leagan síos ar leibhéal an Aontais, agus a áirithiú go soláthraíonn aon dáileoir earra mar a shainítear i bpointe 33 d’Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5) an fhaisnéis de bhun Airteagal 33(1) den Rialachán sin don Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán ón 5 Eanáir 2021;

    (j)

    giniúint dramhaíola a laghdú, go háirithe dramhaíl nach bhfuil oiriúnach lena hullmhú d’athúsáid nó athchúrsáil;

    (k)

    táirgí a shainaithint, ar táirgí iad atá ina bpríomhfhoinsí bruscair go sonrach i dtimpeallachtaí nádúrtha agus muirí agus bearta iomchuí a dhéanamh chun bruscar ó na táirgí sin a chosc agus a laghdú; i gcás ina gcinneann na Ballstáit an oibleagáid sin a chur chun feidhme trí shrianta margaidh, áiritheoidh siad go mbeidh na srianta sin comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach;

    (l)

    a bheith mar aidhm acu stop a chur le giniúint an bhruscair mhuirí mar rannchuidiú ionsar Sprioc na Náisiún Aontaithe maidir le Forbairt Inbhuanaithe chun gach cineál truaillithe muirí a chosc agus a laghdú go suntasach; agus

    (m)

    feachtais faisnéise a fhorbairt agus tacú leo chun feasacht a ardú maidir le cosc ar dhramhaíl agus bruscar.

    2.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán bunachar sonraí a bhunú do na sonraí atá le tíolacadh ann de bhun phointe (i) de mhír 1, faoin 5 Eanáir 2020 agus an bunachar sonraí sin a chothabháil. Cuirfidh an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán rochtain ar an mbunachar sonraí sin ar fáil d’oibreoirí bainistithe dramhaíola. Cuirfidh sí rochtain ar an mbunachar sonraí sin ar fáil do thomhaltóirí freisin arna hiarraidh sin.

    3.   Déanfaidh na Ballstáit faireachán agus measúnú ar chur chun feidhme na mbeart maidir le cosc ar dhramhaíl. Chun na críche sin, úsáidfidh siad táscairí agus spriocanna cáilíochtúla nó cainníochtúla iomchuí, go sonrach maidir le cainníocht na dramhaíola a ghintear.

    4.   Déanfaidh na Ballstáit faireachán agus measúnú ar chur chun feidhme a mbeart maidir le hathúsáid trí athúsaid a thomhas ar bhonn na modheolaíochta comhchoiteann arna bunú leis an ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 4, ón gcéad bhliain féilire iomlán tar éis an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh.

    5.   Déanfaidh na Ballstáit faireachán agus measúnú ar chur chun feidhme na mbeart maidir le cosc ar dhramhaíl trí leibhéil na dramhaíola bia a thomhas ar bhonn na modheolaíochta arna bunú leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 8 ón gcéad bhliain féilire iomlán tar éis an gníomh tarmligthe sin a ghlacadh.

    6.   Faoin 31 Nollaig 2023, scrúdóidh an Coimisiún na sonraí maidir le dramhaíl bia arna soláthar ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 37(3) d’fhonn a mheas a indéanta atá sé sprioc i dtaca le dramhaíl bia a laghdú ar fud an Aontais a chur ar bun, ar sprioc é a bheidh le baint amach roimh 2030 ar bhonn na sonraí arna dtuairisciú ag Ballstáit i gcomhréir leis an modheolaíocht chomhchoiteann arna bunú de bhun mhír 8 den Airteagal seo. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Parlaimint na hEorpa agus na Comhairle, lena ngabhfaidh togra reachtach, más iomchuí.

    7.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun táscairí a bhunú ar mhaithe le tomhas a dhéanamh ar an dul chun cinn foriomlán i gcur chun feidhme na mbeart maidir le dramhaíl a chosc agus faoin 31 Márta 2019, glacfaidh sé gníomh cur chun feidhme chun modheolaíocht chomhchoiteann a bhunú chun tuairisciú a dhéanamh maidir le hathúsáid táirgí. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 39(2).

    8.   Faoin 31 Márta 2019, déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn thorthaí obair ardán AE maidir le Caillteanais Bia agus Dramhaíl Bia, gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 38a chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí mhodheolaíocht chomhchoiteann agus íoscheanglais cháilíochta a bhunú chun leibhéil na dramhaíola bia a thomhas go haonfhoirmeach.

    9.   Faoin 31 Nollaig 2024, scrúdóidh an Coimisiún na sonraí maidir le hathúsáid arna soláthar ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 37(3) d’fhonn breithniú a dhéanamh ar indéantacht na mbeart chun athúsáid táirgí a spreagadh, lena n-áirítear spriocanna cainníochtúla a shocrú. Scrúdóidh an Coimisiún freisin a indéanta atá sé bearta eile coiscthe dramhaíola a leagan síos, lena n-áirítear spriocanna i dtaca le dramhaíl bia a laghdú. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Parlaimint na hEorpa agus na Comhairle, lena ngabhfaidh togra reachtach, más iomchuí.

    (*5)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún mar aon le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).”;"

    (11)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

    “Airteagal 10

    Aisghabháil

    1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfar dramhaíl a ullmhú d’athúsáid, go ndéanfar athchúrsáil uirthi nó go rachaidh siad trí oibríochtaí eile aisghabhála, i gcomhréir le hAirteagal 4 agus Airteagal 13.

    2.   I gcás inar gá sin chun mír 1 a chomhlíonadh agus chun ullmhú d’athúsáid, athchúrsáil agus oibríochtaí eile aisghabhála a éascú nó a fheabhsú, beidh dramhaíl faoi réir bailiú ar leithligh agus ní mheascfar í le dramhaíl eile nó ábhar eile le hairíonna difriúla.

    3.   Féadfaidh na Ballstáit maoluithe ó mhír 2 a cheadú, ar choinníoll go mbainfear amach coinníoll amháin ar a laghad díobh seo a leanas:

    (a)

    ní dhéanfaidh bailiú cineálacha áirithe dramhaíola le chéile difear don fhéidearthacht go ndéanfar iad a ullmhú d’athúsáid, go ndéanfar athchúrsáil orthu ná go rachaidh siad trí oibríochtaí eile aisghabhála i gcomhréir le hAirteagal 4 agus go mbeidh mar thoradh air aschur ó na hoibríochtaí sin atá de cháilíocht inchomparáide leis an aschur a bhainfear amach trí bhailiú ar leithligh;

    (b)

    ní thugann bailiú ar leithligh an toradh is fearr ó thaobh an chomhshaoil de agus tionchair fhoriomlána bhainistiú na sreabh dramhaíola ábhartha ó thaobh an chomhshaoil de á meas;

    (c)

    níl bailiú ar leithligh indéanta agus na dea-chleachtais i mbailiú dramhaíola á gcur i gcuntas;

    (d)

    bheadh costais mhíréireacha eacnamaíocha ar bhailiú ar leithligh agus costais na ndrochthionchar ó thaobh an chomhshaoil agus na sláinte de a bheadh ag dramhaíol a dhéanfaí a bhailiú agus a chóireáil ar bhonn measctha, an fhéidearthacht feabhsuithe ó thaobh na héifeachtúlachta de a bheith ann i mbailiú agus i gcóireáil dramhaíola, ioncam ó dhíol na n-amhábhar tánaisteach mar aon le cur i bhfeidhm an phrionsabail gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as agus freagracht leathnaithe táirgeora á gcur i gcuntas.

    Déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú rialta ar mhaoluithe faoin mír seo agus dea-chleachtais i mbailiú ar leithligh dramhaíola agus forbairtí eile i mbainistiú dramhaíola á gcur i gcuntas.

    4.   Déanfaidh na Ballstáit bearta chun a áirithiú nach ndéanfar dramhaíl a bailíodh ar leithligh le haghaidh ullmhú d’athúsáid agus athchúrsáil de bhun Airteagal 11(1) agus Airteagal 22 a loscadh cé is moite de dhramhaíl atá ann mar thoradh ar oibríochtaí cóireála iardain ar an dramhaíl a bailíodh ar leithligh agus a dtugann an loscadh an toradh is fearr ó thaobh an chomhshaoil de ina leith i gcomhréir le hAirteagal 4.

    5.   I gcás inar gá sin chun mír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh agus chun aisghabháil a éascú nó a fheabhsú, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá, roimh an aisghabháil nó lena linn, chun substaintí, meascáin agus comhábhair ghuaiseacha a bhaint de dhramhaíl ghuaiseach d’fhonn iad a chóireáil i gcomhréir le hAirteagal 4 agus le hAirteagal 13.

    6.   Faoin 31 Nollaig 2021, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo i dtaca le dramhaíl chathrach agus bithdhramhaíl, lena n-áirítear maidir le cumhdach ábhair agus críochach bailithe ar leithligh agus le haon mhaoluithe faoi mhír 3.”;

    (12)

    leasaítear Airteagal 11 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

    “Ullmhú d’athúsáid nó athchúrsáil”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Déanfaidh na Ballstáit bearta, chun ullmhú do ghníomhaíochtaí athúsáide a chur chun cinn, go háirithe trí spreagadh a thabhairt do ghréasáin d’athúsáid agus don deisiú a bhunú agus tacú leo, trína éascú i gcás ina bhfuil sé comhréireach le bainistiú dramhaíola cuí, rochtain a bheith acu ar dhramhaíl atá ag scéimeanna nó saoráidí bailithe ar dramhaíl í is féidir a ullmhú d’athúsáid ach nach bhfuil ceaptha le haghaidh ullmhú d’athúsáid ag na scéimeanna nó ag na saoráidí céanna, agus trí úsáid ionstraimí eacnamaíocha, critéar soláthair, cuspóirí cainníochtúla nó bearta eile a chur chun cinn.

    Déanfaidh na Ballstáit bearta chun athchúrsáil ardcháilíochta a chur chun cinn agus, chuige sin, faoi réir Airteagal 10(2) agus (3), cuirfidh siad bailiú dramhaíola ar leithligh ar bun.

    Faoi réir Airteagal 10(2) agus (3), cuirfidh na Ballstáit bailiú ar leithligh ar a laghad do phaipéar, do mhiotal, do phlaisteach agus do ghloine ar bun agus faoin 1 Eanáir 2025, do theicstílí.

    Déanfaidh na Ballstáit bearta chun scartáil roghnaitheach a chur chun cinn chun gur féidir aistriú agus láimhseáil shábháilte substaintí guaiseacha a agus chun athúsáid agus athchúrsáil ardcháilíochta a éascú trí aistriú roghnaitheach ábhar, agus chun a áirithiú go mbunófar córais sórtála le haghaidh dramhaíl tógála agus scartála i gcás na nithe seo ar a laghad: le haghaidh adhmaid, codáin mianraí (coincréit, brící, tíleanna agus ceirmeacht, clocha), miotal, gloine, plaisteach agus plástar.”;

    (c)

    leasaítear mír 2 mar seo a leanas:

    (i)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití:

    “2.   D’fhonn cuspóirí na Treorach seo a chomhlíonadh, agus d’fhonn céim a thabhairt ionsar gheilleagar ciorclach Eorpach a bhfuil leibhéal ard éifeachtúlachta acmhainní aige, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá atá ceaptha chun na cuspóirí seo a leanas a bhaint amach:”;

    (ii)

    cuirtear na pointí seo a leanas leis:

    “(c)

    faoi 2025, méadófar go dtí íosmhéid de 55 % de réir meáchain an t-ullmhú d’athúsáid agus athchúrsáil dramhaíola cathrach;

    (d)

    faoi 2030, méadófar go dtí íosmhéid de 60 % de réir meáchain an t-ullmhú d’athúsáid agus athchúrsáil dramhaíola cathrach.;

    (e)

    faoi 2035, méadófar go dtí íosmhéid de 65 % de réir meáchain an t-ullmhú d’athúsáid agus athchúrsáil dramhaíola cathrach.”;

    (d)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3, mhír 4 agus mhír 5:

    “3.   Maidir leis an spriocdháta chun na spriocanna dá dtagraítear i bpointe (c), i bpointe (d) agus i bpointe (e) de mhír 2 a bhaint amach, féadfaidh Ballstát na spriocdhátaí sin a chur ar atráth suas le 5 bliana ar choinníoll go mbeidh an Ballstát sin tar éis:

    (a)

    níos lú ná 20 % dá dhramhaíl chathrach a gineadh in 2013 a ullmhú d’athúsáid agus a athchúrsáil nó níos mó ná 60 % di a gineadh in 2013 mar a tuairiscíodh faoi Cheistneoir Comhpháirteach ECFE agus Eurostat a chur i líonadh talún; agus

    (b)

    fógra a thabhairt don Choimisiún, 24 mhí ar a dhéanaí roimh na spriocdhátaí faoi seach a leagtar síos i bpointe (c), i bpointe (d) agus i bpointe (e) de mhír 2, faoina intinn an spriocdháta lena mbaineann a chur ar atráth agus plean cur chun feidhme a thíolacadh i gcomhréir le hIarscríbhinn IVb.

    4.   Laistigh de 3 mhí tar éis an plean cur chun feidhme arna thíolacadh de bhun pointe (b) de mhír 3 a fháil, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar Bhallstát athbhreithniú a dhéanamh ar an bplean sin má mheasann an Coimisiún nach gcomhlíonann an plean sin ceanglais Iarscríbhinn IVb. Déanfaidh an Ballstát lena mbaineann plean athbhreithnithe a thíolacadh laistigh de 3 mhí tar éis an iarraidh ón gCoimisiún a fháil.

    5.   I gcás atráth a chur ar na spriocanna a bhaint amach i gcomhréir le mír 3, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann na bearta is gá chun an t-ullmhú d’athúsáid agus athchúrsáil dramhaíola cathrach a mhéadú:

    (a)

    go dtí íosmhéid 50 % faoi 2025 i gcás atráth a chur ar an sprioc dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 2 a bhaint amach;

    (b)

    go dtí íosmhéid 55 % faoi 2030 i gcás atráth a chur ar an sprioc dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 2 a bhaint amach;

    (c)

    go dtí íosmhéid 60 % faoi 2035 i gcás atráth a chur ar an sprioc dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 2 a bhaint amach.”;

    (e)

    cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

    “6.   Faoin 31 Nollaig 2024, déanfaidh an Coimisiún breithniú ar spriocanna maidir le hullmhú d’athúsáid agus athchúrsáil a bhunú i leith dramhaíl tógála agus scartála agus a codáin ábhar-shonracha, dramhaíl teicstílí, dramhaíl tráchtála, dramhaíl thionsclaíoch neamhghuaiseach agus sruthanna eile dramhaíola, chomh maith le hullmhú do spriocanna athúsáide i gcás dramhaíl chathrach agus do spriocanna athchúrsála maidir le bithdhramhaíol chathrach. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Parlaimint na hEorpa agus na Comhairle lena ngabhfaidh togra reachtach, más iomchuí.

    7.   Faoin 31 Nollaig 2028, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an sprioc a leagtar síos i bpointe (e) de mhír 2. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle lena ngabhfaidh togra reachtach, más iomchuí.

    Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar theicneolaíocht chomhphróiseála lenar féidir mianraí a ionchorprú i bpróiseas comhloiscthe na dramhaíola cathrach. I gcás inar féidir teacht ar mhodheolaíocht iontaofa, mar chuid den athbhreithníu sin, déanfaidh an Coimisiún a mheas an féidir na mianraí sin a áireamh faoi chomhair spriocanna athchúrsála.”;

    (13)

    cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach:

    “Airteagal 11a

    Rialacha maidir le baint amach na spriocanna a ríomh

    1.   Chun a ríomh ar baineadh amach na spriocanna a leagtar síos i bpointe (c), (d) agus (e) in Airteagal 11(2) agus in Airteagal 11(3):

    (a)

    déanfaidh na Ballstáit meáchan dramhaíola cathrach a ghintear agus a ullmhaítear don athúsáid nó atá athchúrsáilte i mbliain féilire ar leith a ríomh;

    (b)

    ríomhfar meáchan na dramhaíola cathrach atá ullmhaithe d’athúsáid mar mheáchan táirgí nó comhábhair táirgí a ndearnadh ndramhaíl chathrach díobh agus ar a ndearnadh na hoibríochtaí seiceála, glanta agus deisithe uile a raibh gá leo chun gurb fhéidir iad a athúsáid gan tuilleadh sórtála ná réamhphróiseála a dhéanamh orthu;

    (c)

    ríomhfar meáchan na dramhaíola cathrach atá athchúrsáilte mar mheáchan na dramhaíola a théann isteach san oibríocht athchúrsála, tar éis oibríochtaí seiceála, sórtála agus réamhoibríochtaí eile a raibh gá leo a dhéanamh uirthi chun ábhair dhramhaíola a bhaint, arb ábhair iad nach ndíríonn an athphróiseáil iardain orthu agus chun athchúrsáil ardcháilíochta a áirithiú, agus go dtéann an dramhaíl sin isteach inoibríocht ina ndéantar ábhair dhramhaíola a athphróiseáil iarbhír ina dtáirgí, ina n-ábhair nó ina substaintí.

    2.   Chun críocha phointe (c) de mhír 1, deanfar meáchan na dramhaíola cathrach atá athchúrsáilte a thomhas nuair a rachaidh an dramhail isteach san oibríocht athchúrsála.

    De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfar meáchan na dramhaíola cathrach atá athchúrsáilte a thomhas ag aschur aon oibríochta sórtála ar choinníoll:

    (a)

    go ndéanfar an dramhaíl aschuir sin a athphróiseáil ina dhiaidh sin;

    (b)

    nach ndéanfar meáchan na n-ábhar nó na substaintí a baintear aisti trí oibríochtaí breise roimh an oibríocht athchúrsála agus nach ndéantar athchúrsáil ina dhiadh sin a áireamh i meáchan na dramhaíola a dhéanfar a thuairisciú mar dhramhaíl athchúrsáilte.

    3.   Bunóidh na Ballstáit córas éifeachtach de rialú cáilíochta agus inrianaitheacht maidir leis an dramhaíol cathrach chun a áirithiú go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (c) de mhír 1 den Airteagal seo. Chun iontaofacht agus cruinneas na sonraí a bhaileofar maidir le dramhaíl athchúrsáilte a áirithiú, féadfaidh clárlanna leictreonacha arna gcur ar bun de bhun Airteagal 35(4), sonraíochtaí teicniúla maidir le ceanglais cháilíochta na dramhaíola sórtáilte, nó meánrátaí caillteanais do dhramhaíl shórtáilte le haghaidh cineálacha dramhaíola éagsúla agus cleachtais bainistithe dramhaíola faoi seach, a bheidh i gceist sa chóras. Ní bhainfear úsáid meánrátaí caillteanais ach amháin i gcásanna nach féidir sonraí iontaofa a fháil ar bhealach eile agus déanfar iad a ríomh ar bhonn na rialacha ríomha a bunaíodh sa ghníomh tarmligthe de bhun mhír 10 den Airteagal seo.

    4.   Chun a ríomh ar baineadh amach na spriocanna a leagtar síos i bpointí (c), (d) agus (e) d’Airteagal 11(2) agus in Airteagal 11(3), féadfar méid na dramhaíola in-bhithmhillte cathrach a théann isteach i gcóireáil aeróbach nó anaeróbach a áireamh mar dhramhaíl athchúrsáilte más rud é go nginfidh an chóireáil sin múirín, díleáiteán, nó aschur eile ina mbeidh cainníocht chomhchosúil d’inneachair athchúrsáilte i gcomparáid leis an gcainníocht a bhí san ionchur, agus a bheidh le húsáid mar tháirge, ábhar nó substaint athchúrsáilte. I gcás ina mbainfear úsáid as an aschur ar thalamh, ní fhéadfaidh na Ballstáit é a áireamh mar ní athchúrsáilte ach amháin más rud é gur ann do thairbhí don talmhaíocht mar thoradh ar an úsáid sin nó má thagann feabhas éiceolaíoch as an úsáid sin.

    Amhail ón 1 Eanáir 2027, ní fhéadfaidh Ballstáit bithdhramhaíl chathrach a chomhaireamh mar ní athchúrsáilte ach amháin, más rud é, i gcomhréir le hAirteagal 22, gur bailíodh ar leithligh í nó gur deighleadh ag an bhfoinse í.

    5.   Chun na spriocanna a leagtar síos i bpointe (c), (d) agus (e) d’Airteagal 11(2) agus in Airteagal 11(3) a ríomh, féadfar méid na n-ábhar dramhaíola nach dramhaíl a thuilleadh iad, mar thoradh ar oibríocht ullmhúcháin sula n-athphróiseáltar iad, a áireamh mar nithe athchúrsáilte ar choinníoll go bhfuil na hábhair sin ceaptha le hathphróiseáil iardain ina dtáirgí, ina n-ábhair nó ina substaintí atá le húsáid chun na gcríoch bunaidh nó chun críoch eile. Ábhair nach dramhail a thuilleadh iad, áfach, atá le húsáid mar bhreoslaí nó mar bhealaí eile chun fuinneamh a ghiniúint, le loscadh, le haislíonadh nó le cur i líonadh talún, ní fhéadfar iad a áireamh faoi chomhair bhaint amach na spriocanna athchúrsála.

    6.   Chun a ríomh ar baineadh amach na spriocanna a leagtar síos i bpointe (c), (d) agus (e) d’Airteagal 11(2) agus in Airteagal 11(3), féadfaidh na Ballstáit a chur san áireamh méid na miotal a dhéanfar a tar éis dóibh a bheith deighlte tar éis an dramhaíl chathrach a loscadh, ar choinníoll go bhfuil critéir cháilíochta áirithe a leagtar síos sa ghníomh cur chun feidhme arna glacadh de bhun mhír 9 den Airteagal seo á gcomhlíonadh ag na miotal athchúrsáilte.

    7.   Ní fhéadfaidh dramhaíl a chuirtear chuig Ballstát eile chun í a ullmhú d’athúsáid, a athchúrsáil nó a aislíonadh sa Bhallstát eile sin a áireamh faoi chomhair bhaint amach na spriocanna a leagtar síos in Airteagal 11(2) agus (3) ach amháin sa Bhallstát inar bailíodh an dramhaíl sin.

    8.   Dramhaíl a dhéanfar a onnmhairíodh ón Aontas i gcomhair ullmhú d’athúsáid ná athchúrsáil, ní dhéanfaidh ach an Ballstáit inar bailíodh an dramhaíl an dramhaíl a áireamh faoi chomhair bhaint amach na spriocanna a leagtar síos in Airteagal 11(2) agus (3) den Treoir seo más rud é go bhfuil na ceanglais i mír 4 den Airteagal seo á gcomhlíonadh agus, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006, más féidir leis an onnmhaireoir a chruthú go gcomhlíonann an loingsiú dramhaíola ceanglais an Rialacháin sin agus go ndearnadh an chóireáil dramhaíola a bhí lasmuigh den Aontas faoi dhálaí atá coibhéiseach a bheag nó a mhór le ceanglais dhlí ábhartha an Aontais maidir leis an gcomhshaoil.

    9.   Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh faoin 31 Márta 2019 lena mbunófar rialacha maidir le sonraí a ríomh, a fhíorú agus a thuairisciú, go háirithe maidir le:

    (a)

    modheolaíocht chomhchoiteann le haghaidh ríomh mheáchan na miotal a athchúrsáladh, i gcomhréir le mír 6, lena n-áirítear critéir cháilíochta do na miotail athchúrsáilte, agus

    (b)

    bithdhramhaíl a dheighltear agus a athchúrsáiltear ag an bhfoinse.

    Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 39(2).

    10.   Faoin 31 Márta 2019, déanfaidh an Coimisiún, gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 38a chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí rialacha a bhunú maidir le meáchan mianraí nó substaintí a ríomh, a fhíorú agus a thuairisciú, ar mianraí nó substaintí iad a bhaintear tar éis oibríocht sórtála agus nach ndéantar athchúrsáil iardain orthu, bunaithe ar mheánrátaí caillteanais dramhaíola sórtáilte.

    Airteagal 11b

    Tuarascáil luathrabhaidh

    1.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, tuarascálacha a tharraingt suas maidir leis an dul chun cinn faoi chomhair bhaint amach na spriocanna a leagtar síos i bpointe (c), (d) agus (e) d’Airteagal 11(2) agus in Airteagal 11(3) 3 bliana ar a dhéanaí roimh gach spriocdháta a leagtar síos iontu.

    2.   Beidh an méid seo a leanas mar chuid de na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1:

    (a)

    meastachán ar bhaint amach na spriocanna ag gach Ballstáit;

    (b)

    liosta na mBallstát ar baolach nach ndéanfaidh siad na spriocanna a bhaint amach laistigh de na spriocdhátaí faoi seach, a mbeidh moltaí iomchuí do na Ballstáit lena mbaineann ag gahbáil leis;

    (c)

    samplaí de na cleachtais is fearr a úsáidtear ar fud an Aontais a d’fhéadfadh treoir a thabhairt maidir le dul chun a dhéanamh faoi chomhair bhaint amach na spriocanna.”;

    (14)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12:

    “Airteagal 12

    Diúscairt

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás nach ndéanfar aisghabháil i gcomhréir le hAirteagal 10(1), go ndéanfar oibríochtaí diúscartha sábháilte ar dhramhaíl, arb oibríochtaí iad a chomhlíonann forálacha Airteagal 13 maidir le sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint.

    2.   Faoin 31 Nollaig 2024, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na hoibríochtaí diúscartha a liostaítear in Iarscríbhinn 1, go háirithe i bhfianaise Airteagal 13 agus cuirfidh sé tuarascáil, i gcás inarb iomchuí, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, lena ngabhfaidh togra reachtach, I gcás inarb iomchuí, d’fhonn oibríochtaí diúscartha a rialáil, lena n-áirítear trí shrianta a d’fhéadfadh a bheith ann, agus d’fhonn sprioc laghdaithe i leith diúscartha a mheas, chun cleachtais bainistithe dramhaíola atá fónta ó thaobh an chomhshaoil a áirithiú.”;

    (15)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14:

    “Airteagal 14

    Costais

    1.   I gcomhréir leis an bprionsabal ‘údar an truaillithe a íocfaidh as’, is iad na buntáirgeoirí nó na sealbhóirí dramhaíola atá ann anois nó a bhí ann cheana a sheasfaidh costais an bhainistithe dramhaíola, lena n-áirítear costais an bhonneagair is gá agus a oibríocht.

    2.   Gan dochar d’Airteagal 8 agus d’Airteagal 8a, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gurb é táirgeoir an táirge as ar tháinig an dramhaíl a sheasfaidh costais an bhainistithe dramhaíola go hiomlán nó go páirteach agus go bhféadfaidh dáileoirí an táirge sin na costais sin a roinnt.”;

    (16)

    in Airteagal 18, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    “3.   I gcás inar meascadh dramhaíl ghuaiseach de shárú ar an Airteagal seo, áiritheoidh na Ballstáit, gan dochar d’Airteagal 36, go ndéanfar deighilt i gcás inarb indéanta go teicniúil agus gur gá sin chun Airteagal 13 a chomhlíonadh.

    I gcás nach n-éilítear deighilt de bhun an chéad fhomhír den mhír seo, áiritheoidh na Ballstáit go ndéantar dramhaíl mheasctha a chóireáil i saoráid a bhfuil ceadúnas faighte di i gcomhréir le hAirteagal 23 chun meascadh den sórt sin a chóireáil.”;

    (17)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 20:

    “Airteagal 20

    Dramhaíl ghuaiseach a tháirgeann teaghlaigh

    1.   Faoin 1 Eanáir 2025, cuirfidh na Ballstáit ar bun bailiú ar leithligh le haghaidh codáin dramhaíola guaisí a tháirgeann teaghlaigh chun a áirithiú go ndéantar iad a chóireáil i gcomhréir le hAirteagal 4 agus le hAirteagal 13 agus nach n-éillíonn siad sruthanna eile dramhaíola cathrach.

    2.   Ní bheidh feidhm ag Airteagail 17, 18, 19 agus 35 maidir le dramhaíl mheasctha a tháirgeann teaghlaigh.

    3.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 19 agus Airteagal 35 maidir le codáin ar leithligh de dramhaíl ghuaiseach arna táirgeadh ag teaghlaigh go dtí go mbeidh glactha leo lena mbailiú lena ndiúscairt nó lena n-aisghabháil ag bunaíocht nó gnóthas ag a mbeidh cead faighte nó a bheidh cláraithe gcomhréir le hAirteagal 23 nó le hAirteagal 26.

    4.   Faoin 5 Eanáir 2020, déanfaidh an Coimisiún treoracha a tharraingt suas chun cúnamh a thabhairt do na Ballstáit maidir le bailiú ar leithligh a dhéanamh ar chodán dramhaíola guaisí a tháirgeann teaghlaigh agus chun é sin a éascú.”;

    (18)

    leasaítear Airteagal 21 mar a leanas:

    (a)

    i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a), phointe (b) agus phointe (c):

    “(a)

    déantar dramh-olaí a bhailiú ar leithligh, ach amháin mura bhfuil bailiú ar leithligh indéanta agus dea-chleachtais á gcur i gcuntas;

    (b)

    déantar dramh-olaí a chóireáil, agus tús áite a thabhairt don athghiniúint nó mar mhalairt uirthi sin, d’oibríochtaí athchúrsála eile lena dtugtar toradh coibhéiseach nó níos fearr ar an iomlán ó thaobh an chomhshaoil de ná athghiniúint, i gcomhréir le hAirteagal 4 agus le hAirteagal 13;

    (c)

    ní mheasctar dramh-olaí a bhfuil saintréithe éagsúla acu, ná ní mheasctar dramh-olaí le cineálacha eile dramhaíola nó substaintí, má chuireann an meascadh sin bac ar a n-athghiniúint nó mar mhalairt uirthi sin, ar oibríochtaí athchúrsála eile as a dtagann toradh coibhéiseach nó toradh níos fearr ar an iomlán ó thaobh an chomhshaoil de”;

    (b)

    cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

    “4.   Faoin 31 Nollaig 2022, scrúdóidh an Coimisiún sonraí maidir le dramh-olaí arna soláthrú ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 37(4) d’fhonn a mheas an mbeadh sé indéanta bearta a chur i bhfeidhm le haghaidh dramh-olaí a chóireáil, lena n-áirítear spriocanna cáinníochtúla agus aon bheart sa bhreis chun athghiniúint na ndramh-olaí a chur chun cinn. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Parlaimint na hEorpa agus na Comhairle lena ngabhfaidh togra reachtach, más iomchuí.”;

    (19)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 22:

    “Airteagal 22

    Bithdhramhaíl

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar, faoin 31 Nollaig 2023 agus faoi réir Airteagal 10(2) agus (3), bithdhramhaíl a dheighilt nó a athchúrsáil ag an bhfoinse, nó go mbaileofarí ar leithligh agus nach meascfar í le haon chineál eile dramhaíola.

    Maidir le dramhaíl ag a bhfuil airíonna in-bhithmhillte nó inmhúirínithe comhchosúla a chomhlíonann caighdeáin Eorpacha ábhartha, nó aon chaighdeáin náisiúnta coibhéiseacha, le haghaidh pacáistiú atá in-aisghabhála trí mhúiríniú agus trí bhithmhilleadh, féadfaidh na Ballstáit a cheadú go mbaileofar í a bhailiú le bithdhramhaíl.

    2.   Déanfaidh na Ballstáit bearta i gcomhréir le hAirteagal 4 agus le hAirteagal 13, chun:

    (a)

    athchúrsáil bithdhramhaíola, lena n-áirítear múiríniú agus díleá bithdhramhaíola, a spreagadh ar dhóigh a chomhlíonann leibhéal ard caomhnaithe comhshaoil agus arb é an toradh a bheidh uirthi aschur a chomhlíonann caighdeáin ábhartha ardcháilíochta;

    (b)

    múiríniú baile a spreagadh; agus

    (c)

    úsáid ábhar a táirgeadh ó bhithdhramhaíl a chur chun cinn.

    3.   Faoin 31 Nollaig 2018, iarrfaidh an Coimisiún ar na comhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú forbairt a dhéanamh ar chaighdeáin Eorpacha um bithdhramhaíl a théann isteach i bpróisis athchúrsála orgánaí, le haghaidhmúiríniú agus um dhíleáiteáin, bunaithe ar na cleachtais is fearr atá ar fáil.”;

    (20)

    leasaítear Airteagal 27 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 38a chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí íoschaighdeáin theicniúla um ghníomhaíochtaí cóireála a leagan amach, lena n-áirítear dramhaíl a shórtáil agus a athchúrsáil, ar cóireálacha iad nach mór ceadúnas a fháil ina leith de bhun Airteagal 23 i gcás ina bhfuil fianaise ann go ngnóthófaí tairbhe i dtéarmaí chosaint shláinte an duine agus chosaint an chomhshaoil ó na híoschaighdeáin sin.”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    “4.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 38a chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí íoschaighdeáin a leagan amach um ghníomhaíochtaí nach mór clárú dóibh de bhun phointe (a) agus phointe (b) d’Airteagal 26 i gcás ina bhfuil fianaise ann go ngnóthófaí tairbhe i dtéarmaí chosaint sláinte an duine agus chosaint an chomhshaoil nó go ndéanfaí suaitheadh sa mhargadh inmheánach a sheachaint ó na híoschaighdeáin sin.”;

    (21)

    leasaítear Airteagal 28 mar a leanas:

    (a)

    leasaítear mír 3 mar a leanas:

    (i)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b) agus phointe (c):

    “(b)

    mórshuiteálacha diúscartha agus aisghabhála atá ann cheana, lena n-áirítear aon socruithe speisialta le haghaidh dramh-olaí, dramhaíl ghuaiseach, dramhaíl ina bhfuil méideanna suntasacha amhábhar criticiúil, nó sruthanna dramhaíola ar a ndíríonn reachtaíocht shonrach an Aontais;

    (c)

    measúnú ar an ngá le suiteálacha dramhaíola atá ann cheana a dhúnadh, agus le bonneagar suiteála dramhaíola breise i gcomhréir le hAirteagal 16.

    Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar measúnú ar na hinfheistíochtaí agus ar mhodhanna eile airgeadais, lena n-áirítear d’údaráis áitiúla, is gá chun na riachtanais a shainaithnítear i gcomhréir le pointe (c) thuas a chomhlíonadh. Déanfar an measúnú sin a áireamh sna pleananna bainistithe dramhaíola ábhartha nó i ndoiciméid straitéiseacha eile lena gcumhdaítear críoch iomlán an Bhallstáit lena mbaineann;”;

    (ii)

    cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

    “(ca)

    faisnéis maidir leis na bearta chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 5(3a) de Threoir 1999/31/CEa bhaint amach, nó atá i ndoiciméid straitéiseacha eile lena gcumhdaítear críoch iomlán an Bhallstáit lena mbaineann;

    (cb)

    measúnú ar scéimeanna bailithe dramhaíola atá ann cheana, lena n-áirítear cumhdach ábhar agus críochach ar bhailiú ar leithligh agus bearta chun a oibríocht a fheabhsú, agus measúnú ar aon mhaoluithe a deonaíodh i gcomhréir le hAirteagal 10(3), agus ar an ngá le scéimeanna bailithe nua;”;

    (iii)

    cuirtear na pointí seo a leanas leis:

    “(f)

    bearta chun gach cineál caithimh bhruscair a chomhrac agus a chosc agus chun gach cineál bruscair a ghlanadh suas;

    (g)

    táscairí agus spriocanna cáilíochtúla nó cainníochtúla iomchuí, lena n-áirítear maidir le cainníocht dramhaíola a ghintear agus a cóireáil agus maidir le dramhaíl chathrach a dhiúscraítear nó atá faoi réir aisghabháil fuinnimh.”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

    “5.   Beidh pleananna bainistithe dramhaíola i gcomhréir leis na ceanglais pleanála dramhaíola a leagtar síos in Airteagal 14 de Threoir 94/62/CE, leis na spriocanna a leagtar síos in Airteagal 11(2) agus (3) den Treoir seo agus leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 5 de Threoir 1999/31/CE, agus chun críocha bruscar a chosc, leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 13 de Threoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*6) agus in Airteagal 11 de Threoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*7).

    (*6)  Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais comhshaoil mhuirí (An Treoir um Chreat na Straitéise Muirí) (IO L 164, 25.6.2008, lch. 19)."

    (*7)  Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).”;"

    (22)

    leasaítear Airteagal 29 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Bunóidh na Ballstáit cláir coisthe dramhaíola, lena ndéantar, ar laghad, na bearta coiscthe dramhaíola mar a leagtar síos in Airteagal 9(1) i gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 4.

    Déanfar na cláir sin a chomhtháthú sna pleananna bainistithe dramhaíola a cheanglaítear faoi Airteagal 28 nó i gcláir bheartais um an gcomhshaol, de réir mar is iomchuí, nó feidhmeoidh siad mar chláir ar leithligh. Má dhéantar aon chlár den sórt sin a chomhtháthú sa phlean bainistithe dramhaíola nó sna pleananna eile sin, déanfar na cuspóirí agus na bearta bainistithe dramhaíola a shainaithint go soiléir.”;

    (b)

    i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

    “2.   Agus na cláir sin á mbunú acu, déanfaidh na Ballstáit, i gcás inarb ábhartha, tuairisc ar rannchuidiú na n-ionstraimí agus na mbeart a liostaítear in Iarscríbhinn IVa le dramhaíl a chosc agus déanfaidh siad meastóireacht ar a úsáidí atá samplaí na mbeart a léirítear in Iarscríbhinn IV nó bearta iomchuí eile. Déanfar tuairisc sna cláir ar bhearta coiscthe dramhaíola atá ann cheana agus ar a rannchuidiú le dramhaíl a chosc.”;

    (c)

    cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

    “2a.   Déanfaidh na Ballstáit cláir shonracha choiscthe i leith cur amú bia a ghlacadh laistigh dá gcláir coiscthe dramhaíola.”;

    (d)

    scriostar mír 3 agus mír 4;

    (23)

    in Airteagal 30, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    “2.   Gach 2 bhliain, foilseoidh an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil tuarascáil ina mbeidh athbhreithniú ar dhul chun cinn atá déanta maidir le cláir coiscthe dramhaíola a thabhairt i gcrích agus a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear measúnú ar an teacht chun cinn i dtaca le giniúint dramhaíola do gach Ballstáit agus don Aontas ina iomláine agus i dtaca le giniúint dramhaíola a dhíchúpláil ó fhás eacnamaíoch agus i dtaca leis an aistriú ionsar gheilleagar ciorclach.”;

    (24)

    in Airteagal 33, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    “2.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun an fhormáid a bhunú maidir le fógra a thabhairt faoin bhfaisnéis ar ghlacadh agus athbhreithnithe suntasacha ar na pleananna bainistithe dramhaíola agus na cláir coiscthe dramhaíola. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 39(2).”;

    (25)

    leasaítear Airteagal 35 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Maidir leis na bunaíochtaí agus gnóthais dá dtagraítear in Airteagal 23(1), na táirgeoirí dramhaíola guaisí agus na bunaíochtaí agus gnóthais a bhailíonn nó a iompraíonn dramhaíl ghuaiseach ar bhonn gairmiúil, nó a ghníomhaíonn mar dhéileálaithe agus mar bhróicéirí de dhramhaíl ghuaiseach, coimeádfaidh siad taifead croineolaíoch:

    (a)

    de chainníocht, cineál agus bunús na dramhaíola sin, agus de chainníocht na dtáirgí agus n-ábhar ar toradh iad ar ullmhú d’athúsáid, athchúrsáil nó oibríochtaí eile aisghabhála; agus

    (b)

    i gcás inarb ábhartha, de cheann scríbe, minicíocht an bhailithe, modh iompair, agus modh cóireála tuartha maidir leis an dramhaíl.

    Déanfaidh siad na sonraí sin a chur ar fáil do na húdaráis inniúla tríd an gclárlann leictreonach nó trí na clárlanna leictreonacha atá le bunú de bhun mhír 4 den Airteagal seo.”;

    (b)

    cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

    “4.   Cuirfidh na Ballstáit clárlann leictreonach nó clárlanna comhordaithe ar bun chun taifead a dhéanamh ar na sonraí ar dhramhaíl ghuaiseach dá dtagraítear i mír 1 lena gcumhdaítear críoch gheografach iomlán an Bhallstáit lena mbaineann. Féadfaidh na Ballstáit clárlanna den sórt sin a bhunú le haghaidh sruthanna eile dramhaíola, go háirithe na sruthanna dramhaíola sin a bhfuil spriocanna leagtha amach dóibh i ngníomhartha reachtacha an Aontais. Úsáidfidh na Ballstáit na sonraí maidir le dramhaíl arna dtuairisciú ag oibreoirí tionsclaíocha sa Chlár Eorpach um Scaoileadh Amach agus Aistriú Truailleán a bunaíodh faoi Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*8).

    5.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun íoschoinníollacha a bhunú d’fheidhmiú na gclárlann sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 39(2).

    (*8)  Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Eanáir 2006 maidir le bunú Clár Eorpach um Scaoileadh Amach agus Aistriú Truailleán agus lena leasaítear Treoir 91/689/CEE agus Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 33, 4.2.2006, lch. 1).”;"

    (26)

    in Airteagal 36, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun tréigean, dumpáil nó bainistiú neamhrialaithe dramhaíola, lena n-áirítear caitheamh bruscair, a thoirmeasc.”;

    (27)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 37:

    “Airteagal 37

    Tuairisciú

    1.   Déanfaidh na Ballstáit na sonraí a bhaineann le cur chun feidhme phointí (a) go (e) d’Airteagal 11(2) agus in Airteagal 11(3) le haghaidh gach bliana féilire a thuairisciú don Choimisiún.

    Tuairisceoidh siad na sonraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír go leictreonach laistigh de 18 mí ó dheireadh na bliana tuairiscithe dá mbailítear na sonraí. Tuairisceofar na sonraí san fhormáid arna bunú ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 7 den Airteagal seo.

    Tosóidh an chéad tréimhse tuairiscithe sa chéad bhliain iomlán féilire tar éis ghlacadh an ghnímh cur chun feidhme lena mbunaítear an fhormáid don tuairisciú, i gcomhréir le mír 7 den Airteagal seo.

    2.   Chun comhlíonadh phointe (b) d’Airteagal 11(2) a fhíorú, déanfaidh na Ballstáit méid na dramhaíola a úsáidtear i gcomhair oibríochtaí aislíonta agus oibríochtaí aisghabhála eile a thuairisciú ar leithligh ó mhéid na dramhaíola a ullmhaítear don athúsáid nó a athchúrsáiltear. Déanfaidh na Ballstáit athphróiseáil dramhaíola in ábhair atá le húsáid d’oibríochtaí aislíonta a thuairisciú mar aislíonadh.

    Chun comhlíonadh phointí (c), (d) agus (e) d’Airteagal 11(2) agus Airteagal 11(3) a fhíorú, déanfaidh na Ballstáit méid na dramhaíola a ullmhaítear d’athúsáid a thuairisciú ar leithligh ó mhéid na dramhaíola a athchúrsáiltear.

    3.   Tuairisceoidh na Ballstáit na sonraí a bhaineann le cur chun feidhme Airteagal 9(4) agus (5) don Choimisiún gach bliain.

    Tuairisceoidh siad na sonraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír go leictreonach laistigh de 18 mí ó dheireadh na bliana tuairiscithe dá mbailítear na sonraí. Tuairisceofar na sonraí san fhormáid arna bunú ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 7 den Airteagal seo.

    Tosóidh an chéad tréimhse tuairiscithe sa chéad bhliain iomlán féilire tar éis ghlacadh an ghnímh cur chun feidhme lena mbunaítear an fhormáid don tuairisciú, i gcomhréir le mír 7 den Airteagal seo.

    4.   Déanfaidh na Ballstáit na sonraí maidir le holaí bealaidh nó tionsclaíocha, bídís de bhunadh mianrach nó iad a bheith sintéiseach, a chuirtear ar an margadh agus maidir le dramh-olaí a bhailítear ar leithligh agus ar a ndéantar cóireáil in aghaidh gach bliana féilire a thuairisciú don Choimisiún.

    Tuairisceoidh siad na sonraí sin go leictreonach laistigh de 18 mí ó dheireadh na bliana tuairiscithe dá mbailítear na sonraí. Tuairisceofar na sonraí san fhormáid arna bunú ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 7.

    Tosóidh an chéad tréimhse tuairiscithe sa chéad bhliain iomlán féilire tar éis an gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear an fhormáid don tuairisciú i gcomhréir le mír 7.

    5.   Beidh tuarascáil seiceála cáilíochta agus tuarascáil ar na bearta a rinneadh de bhun Airteagal 11a(3) agus (8), lena n-áirítear faisnéis mhionsonraithe ar na meánrátaí caillteanais i gcás inarb infheidhme, ag gabháil leis na sonraí a dhéanfaidh na Ballstáit a thuairisciú i gcomhréir leis an Airteagal seo. Tuairisceofar an fhaisnéis sin san fhormáid don tuairisciú arna bunú ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 7 den Airteagal seo.

    6.   Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na sonraí a thuairiscítear i gcomhréir leis an Airteagal seo agus foilseoidh sé tuarascáil ar thorthaí a athbhreithnithe. Déanfar measúnú sa tuarascáil ar eagrú an bhailithe sonraí, ar fhoinsí na sonraí agus ar an modheolaíocht a úsáidtear sna Ballstáit mar aon le hiomláine, iontaofacht, tráthúlacht agus comhsheasmhacht na sonraí sin. Féadfar moltaí sonracha le haghaidh feabhais a áireamh sa mheasúnú. Déanfar an tuarascáil a tharraingt suas tar éis do na Ballstáit na sonraí á thuairisciú den chéad uair agus gach 4 bliana dá éis sin.

    7.   Faoin 31 Márta 2019, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos an fhormáid chun na sonraí a thuairisciú dá dtagraítear i míreanna 1, 3, 4 agus 5 den Airteagal seo. Chun críocha tuairiscithe ar chur chun feidhme phointí (a) agus (b) d’Airteagal 11(2), úsáidfidh na Ballstáit an fhormáid arna bunú i gcomhréir le Cinneadh Cur Chun Feidhme an 18 Aibreán 2012 ón gCoimisiún maidir le Ceistneoir le haghaidh tuarascálacha na mBallstát faoi Threoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dramhaíl a chur chun feidhme. Chun críocha tuairiscithe ar chur amú bia, déanfar an mhodheolaíocht arna forbairt faoi Airteagal 9(8) a chur i gcuntas agus an fhormáid don tuairisciú á forbairt. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 39(2) den Treoir seo.”;

    (28)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 38:

    “Airteagal 38

    Malartú faisnéise agus comhroinnt dea-chleachtas, léirmhíniú agus oiriúnú don dul chun cinn teicniúil

    1.   Eagróidh an Coimisiún malartú rialta faisnéise agus comhroinnt dea-chleachtas idir na Ballstáit, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla, maidir le cur chun feidhme agus forfheidhmiú cheanglais na Treorach seo, lena n-áirítear i dtaca le:

    (a)

    cur i bhfeidhm na rialacha ríomha a leagtar amach in Airteagal 11a agus forbairt na mbeart agus na gcóras chun sruthanna dramhaíola cathrach a rianú ó shórtáil go hathchúrsáil;

    (b)

    rialachas leormhaith, forfheidhmiú, comhar trasteorann;

    (c)

    nuálaíocht maidir le bainistiú dramhaíola;

    (d)

    seachtháirge náisiúnta agus critéir um ábhair nach dramhail a thuilleadh iad, dá dtagraítear in Airteagal 5(3) agus in Airteagal 6(3) agus (4), arna n-éascú ag clár leictreonach uile-Aontais a bhunóidh an Coimisiún;

    (e)

    na hionstraimí eacnamaíocha agus na bearta eile a úsáidtear i gcomhréir le hAirteagal 4(3) chun borradh a chur faoi bhaint amach na gcuspóirí a leagtar síos sna Airteagal sin;

    (f)

    bearta a leagtar síos in Airteagal 8(1) agus (2);

    (g)

    cosc agus bunú córas a chuireann chun cinn gníomhaíochtaí athúsáide agus leathnú na tréimhse saoil;

    (h)

    cur chun feidhme na n-oibleagáidí maidir le bailiú ar leithligh;

    (i)

    na hionstraimí agus na dreasachtaí ionsar na spriocanna a leagtar síos i bpointe (c), (d) agus (e) d’Airteagal 11(2) a bhaint amach.

    Cuirfidh an Coimisiún torthaí an mhalartaithe faisnéise agus roinnt na ndea-chleachtas ar fáil go poiblí.

    2.   Féadfaidh an Coimisiún treoirlínte a fhorbairt maidir le léirmhíniú na gceanglas a leagtar amach sa Treoir seo, lena n-áirítear maidir le sainmhíniú ar dhramhaíl, cosc, athúsáid, ullmhú d’athúsáid, aisghabháil, athchúrsáil, diúscairt, agus maidir le cur i bhfeidhm na rialacha ríomha a leagtar amach in Airteagal 11a.

    Forbróidh an Coimisiún treoirlínte maidir le sainmhínithe ar dhramhaíl chathrach agus ar aislíonadh.

    Tá sé de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 38a chun an Treoir seo a leasú chun cur i bhfeidhm na foirmle maidir le háiseanna loiscthe dá dtagraítear i bpointe R1 d’Iarscríbhinn II a shonrú. Féadfar dálaí aeráide áitiúla, amhail déine an fhuachta agus an gá le téamh a mhéid is go mbíonn tionchar acu ar mhéid an fhuinnimh is féidir a úsáid nó a tháirgeadh go teicniúil i bhfoirm leictreachais, téimh, fuaraithe nó próiseála gaile a chur i gcuntas. Féadfar dálaí áitiúla na réigiún is forimeallaí mar a aithnítear sa tríú mhír d’Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus na gcríoch a luaitear in Airteagal 25 d’Ionstraim Aontachais 1985 a chur i gcuntas freisin.

    3.   Tá sé de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 38a chun Iarscríbhinn IV agus Iarscríbhinn V a leasú i bhfianaise an dul chun cinn eolaíoch agus theicniúil.”;

    (29)

    cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

    “Airteagal 38a

    An tarmligean a fheidhmiú

    1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

    2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 7(1), 9(8), 11a(10), 27(1), 27(4), 38(2) agus 38(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 4 Iúil 2018. Dréachtóidh an Coimisiún tuarascáil maidir le tarmligean na cumhachta tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana sin. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

    3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 7(1), 9(8), 11a(10), 27(1), 27(4), 38(2) agus 38(3) a chúlghairm aon tráth. Cuirfidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta ina dhiaidh sin a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

    4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*9).

    5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

    6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 7(1), 9(8), 11a(10), 27(1), 27(4), 38(2) agus 38(3) i bhfeidhm ach amháin má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid ina choinne laistigh de thréimhse 2 mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó má chuireann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún, roimh dhul in éag na tréimhse sin, nach ndéanfaidh siad agóid ina choinne. Cuirfear síneadh 2 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

    (*9)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1”;"

    (30)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 39:

    “Airteagal 39

    Nós imeachta coiste

    1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*10).

    2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    (*10)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).”;"

    (31)

    in Iarscríbhinn II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na n-oibríochtaí R 3, R 4 agus R 5:

    “R 3

    Athchúrsáil/aisghabháil substaintí orgánacha nach mbaintear feidhm astu mar thuaslagóirí (lena n-áirítear múiríniú agus próisis chlaochlaithe bhitheolaíocha eile) (*11)

    R 4

    Athchúrsáil/aisghabháil miotal agus cumasc miotail (*12)

    R 5

    Athchúrsáil/aisghabháil ábhar orgánach eile (*13)

    (*11)  Áirítear air sin ullmhú d’athúsáid, gású agus pirealú ina n-úsáidtear na codanna mar cheimiceáin agus aisghabháil ábhar orgánach i bhfoirm aislíonta."

    (*12)  Áirítear air sin ullmhú d’athúsáid."

    (*13)  Áirítear air sin ullmhú d’athúsáid, athchúrsáil ábhar tógála neamhorgánach, aisghabháil ábhar neamhorgánach i bhfoirm aislíonta, agus glanadh ithreach a bhfuil aisghabháil na hithreach mar thoradh air.”;"

    (32)

    cuirtear isteach an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo mar Iarscríbhinn IVa agus Iarscríbhinn IVb.

    Airteagal 2

    Trasuí

    1.   Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 5 Iúil 2020. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.

    Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.

    2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas faoi sin.

    Airteagal 3

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Airteagal 4

    Seolaithe

    Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

    Arna dhéanamh in Strasbourg an 30 Bealtaine 2018.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    A. TAJANI

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    L. PAVLOVA


    (1)  IO L 264, 20.7.2016, lch. 98.

    (2)  IO L 17, 18.1.2017, lch. 46.

    (3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Aibreán 2018 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2018.

    (4)  Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).

    (5)  Treoir 2009/28/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear ina dhiaidh sin Treoir 2001/77/CE agus Treoir 2003/30/CE ón gComhairle(IO L 140, 5.6.2009, lch. 16).

    (6)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún mar aon le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).

    (7)  Rialachán (CE) Uimh. 767/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le beatha a chur ar an margadh agus a úsáid, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 79/373/CEE ón gComhairle, Treoir 80/511/CEE ón gCoimisiún, Treoracha 82/471/CEE, 83/228/CEE, 93/74/CEE, 93/113/CE agus 96/25/CE ón gComhairle agus Cinneadh 2004/217/CE ón gCoimisiún (IO L 229, 1.9.2009, lch. 1).

    (8)  Cinneadh 2014/955/AE ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2014 lena leasaítear Cinneadh 2000/532/EC ar an liosta de dhramhaíl de bhun Threoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 370, 30.12.2014, lch. 44).

    (9)  Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le loingsithe dramhaíola (IO L 190, 12.7.2006, lch. 1).

    (10)  Treoir 2000/53/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2000 maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite (IO L 269, 21.10.2000, lch. 34).

    (11)  Treoir 2006/66/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le cadhnraí agus taisc-cheallraí agus ceallraí dramhaíola lena n-aisghairtear Treoir 91/157/CEE (IO L 266, 26.9.2006, lch. 1).

    (12)  Treoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (DTLL) (IO L 197, 24.7.2012, lch. 38).

    (13)  Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais comhshaoil mhuirí (an Treoir um an gCreat-straitéis Mhuirí) (IO L 164, 25.6.2008, lch. 19).

    (14)  Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).

    (15)  Treoir 94/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 1994 maidir le pacáistiú agus dramhaíl phacáistithe (IO L 365, 31.12.1994, lch. 10).

    (16)  IO L 39, 16.2.1993, lch. 3.

    (17)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

    (18)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

    (19)  IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.


    IARSCRÍBHINN

    Cuirtear isteach na hIarscríbhinní seo a leanas:

    IARSCRÍBHINN IVa

    SAMPLAÍ D’IONSTRAIMÍ EACNAMAÍOCHA AGUS DE BHEARTA EILE CHUN DREASACHTAÍ MAIDIR LE HORD NA RÉITEACH DRAMHAÍOLA DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 4(3) (1) A CHUR I BHFEIDHM

    1.

    Muirir agus srianta i leith dramhaíl a chur i líonadh talún nó a loscadh, ar muirir agus srianta iad lena ndreasaítear dramhaíl a chosc agus athchúrsáil, agus cur i líonadh talún á choimeád mar an rogha is lú tosaíochta;

    2.

    Scéimeanna ‘íoc ar a gcaitear amach’ ina ngearrtar muirear ar tháirgeoirí dramhaíola ar bhonn mhéid iarbhír na dramhaíola cathrach a ghintear agus dreasachtaí a sholáthar le haghaidh deighilt dramhaíola in-athchúrsáilte ag an bhfoinse agus le haghaidh dramhaíl mheasctha a laghdú;

    3.

    Dreasachtaí fioscacha le haghaidh táirgí a dheonú, go háirithe bia;

    4.

    Scéimeanna um fhreagracht leathnaithe táirgeora i gcomhair cineálacha éagsula dramhaíola chun a n-éifeachtacht, a gcost-éifeachtúlacht agus a rialachas a mhéadú;

    5.

    Scéimeanna ina n-aisíoctaréarlais agus bearta eile chun bailiú éifeachtúil táirgí agus ábhair úsáidte a spreagadh;

    6.

    Pleanáil fhónta infheistíochtaí i mbonneagar bainistithe dramhaíola, lena n-áirítear trí chistí an Aontais;

    7.

    Soláthar poiblí inbhuanaithe chun bainistiú níos fearr dramhaíola agus úsáid táirgí agus ábhar athchúrsáilte a spreagadh;

    8.

    Fóirdheontais a chéimniú amach nach bhfuil comhsheasmhach le hord na réiteach dramhaíola;

    9.

    Úsáid beart fioscach nó modhanna eile chun glacadh táirgí agus ábhara ullmhaítear d’athúsáid nó a athchúrsáiltear a chur chun cinn;

    10.

    Tacaíocht do thaighde agus do nuálaíocht i dteicneolaíochtaí ard-athchúrsála agus in athdhéantúsaíocht;

    11.

    Úsáid na dteicnící is fearr atá ar fáil i gcomhair cóireáil dramhaíola;

    12.

    Dreasachtaí eacnamaíocha d’údaráis réigiúnacha agus áitiúla, go háirithe chun cosc ar dhramhaíl a chur chun cinn agus chun scéimeanna um bailiú ar leithligh a mhéadú, agus tacaíocht do chur i líonadh talún agus do loscadh á seachaint;

    13.

    Feachtais feasachta poiblí, go háirithe maidir le bailiú ar leithligh, dramhaíl a chosc agus bruscar a laghdú, agus na saincheisteanna sin a phríomhshruthú in oideachas agus in oiliúint;

    14.

    Córais le haghaidh comhordú, lena n-áirítear trí mhodhanna digiteacha, idir na húdaráis inniúla phoiblí uile a phléann le bainistiú dramhaíola;

    15.

    Idirphlé agus comhar leanúnach idir na geallsealbhóirí uile i mbainistiú dramhaíola a chur chun cinn agus comhaontuithe deonacha agus tuairisciú cuideachta ar dhramhaíl a spreagadh.

    IARSCRÍBHINN IVb

    PLEAN CUR CHUN FEIDHME ATÁ LE TÍOLACADH DE BHUN AIRTEAGAL 11(3)

    Beidh an méid seo a leanas sa phlean cur chun feidhme atá le tíolacadh de bhun Airteagal 11(3):

    1.

    measúnú ar na rátaí a bhí ann, na rátaí reatha agus na rátaí atá tuartha i dtaca le hathchúrsáil, cur i líonadh talún agus cóireáil eile ar dhramhaíl cathrach agus ar na sruthanna a bhfuil sí comhdhéanta díobh;

    2.

    measúnú ar chur chun feidhme pleananna bainistithe dramhaíola agus clár coiscthe dramhaíola atá i bhfeidhm de bhun Airteagal 28 agus Airteagal 29;

    3.

    cúiseanna a mheasann an Ballstát go bhféadfadh sé nach mbeadh sé ábalta an sprioc ábhartha a leagtar síos in Airteagal 11(2) a bhaint amach laistigh den spriocdháta a leagatar amach iontu agus measúnú ar an síneadh ama is gá chun an sprioc sin a bhaint amach;

    4.

    na bearta is gá chun na spriocanna a leagtar amach i mír 2 agus i mír 5 d’Airteagal 11 is infheidhme maidir leis an mBallstát le linn an tsínidh ama, lena n-áirítear ionstraimí eacnamaíocha iomchuí agus bearta eile chun dreasachtaí a sholáthar chun ord na réiteach dramhaíola mar a leagtar amach in Airteagal 4(1) agus Iarscríbhinn IVa a ghabhann léi, a chur i bhfeidhm;

    5.

    clár ama chun na bearta a shainaithnítear i bpointe 4 den Iarscríbhinn seo a chur chun feidhme, chun an comhlacht inniúil maidir lena gcur chun feidhme a chinneadh, agus chun measúnú a dhéanamh ar a rannchuidiú aonair chun na spriocanna is infheidhme a bhaint amach i gcás síneadh ama;

    6.

    faisnéis maidir le cistú le haghaidh bainistiú dramhaíola i gcomhréir leis an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as;

    7.

    bearta chun caighdeán na sonraí a fheabhsú, de réir mar is iomchuí, d’fhonn pleanáil níos fearr a dhéanamh agus faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht i mbainistiú dramhaíola..


    (1)  Cé go bhféadfar go soláthróidh na hionstraimí agus na bearta sin dreasachtaí maidir le dramhaíl a chosc, arb é an chéim is airde in ord na réiteach dramhaíola é, leagtar amach liosta cuimsitheach de shamplaí níos sonraí de bhearta coiscthe dramhaíola in Iarscríbhinn IV.


    Top