Accept Refuse

EUR-Lex Access to European Union law

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32018L0410

Treoir (AE) 2018/410 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2018 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE chun laghduithe costéifeachtacha astaíochtaí agus infheistíochtaí ísealcharbóin a fheabhsú, agus Cinneadh (AE) 2015/1814 ((Téacs atá ábhartha maidir le LEE) )

OJ L 76, 19.3.2018, p. 3–27 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2018/410/oj

19.3.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

3


TREOIR (AE) 2018/410 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Márta 2018

lena leasaítear Treoir 2003/87/CE chun laghduithe costéifeachtacha astaíochtaí agus infheistíochtaí ísealcharbóin a fheabhsú, agus Cinneadh (AE) 2015/1814

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), bunaíodh córas le haghaidh trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas chun laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a chur chun cinn ar bhealach costéifeachtach, éifeachtúil ó thaobh an gheilleagair de.

(2)

Thug an Chomhairle Eorpach gealltanas i mí Dheireadh Fómhair 2014 laghdú 40 % ar a laghad a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais ar an iomlán, faoi bhun leibhéil 1990, faoin mbliain 2030. Ba cheart do gach earnáil den gheilleagar rannchuidiú leis na laghduithe astaíochtaí sin a bhaint amach agus tá an sprioc le bheith bainte amach ar an mbealach is costéifeachtaí trí chóras trádála astaíochtaí an Aontais Eorpaigh (“EU ETS”) arb ionann agus laghdú 43 % faoi bhun leibhéil 2005 a chur i gcrích faoin mbliain 2030. Dearbhaíodh an méid sin sa ghealltanas beartaithe ón Aontas agus ó na Ballstáit maidir le hastaíochtaí a laghdú, arna chinneadh go náisiúnta, ar gealltanas é a cuireadh faoi bhráid Rúnaíocht Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) an 6 Márta 2015.

(3)

Tháinig Comhaontú Pháras, arna ghlacadh an 12 Nollaig 2015 faoi UNFCCC, (“Comhaontú Pháras”) i bhfeidhm an 4 Samhain 2016. D'aontaigh na Páirtithe ann an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choinneáil go mór faoi bhun 2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch, agus iarrachtaí a dhéanamh teorainn 1,5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch a chur leis an méadú teochta. D'aontaigh na Páirtithe freisin go ndéanfaidh siad breithniú go tréimhsiúil ar chur chun feidhme Chomhaontú Pháras chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn comhchoiteann i dtreo cuspóir Chomhaontú Pháras agus a chuid spriocanna fadtéarmacha a bhaint amach.

(4)

I gcomhréir leis an ngealltanas ó na comhreachtóirí, arna léiriú i dTreoir 2009/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus i gCinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), ba cheart do gach earnáil den gheilleagar rannchuidiú le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Gheall an tAontas agus a Bhallstáit, faoi Chomhaontú Pháras, sprioc maidir le hastaíochtaí a laghdú a bheidh infheidhme ar fud an gheilleagair. Tá iarrachtaí á ndéanamh anois le hastaíochtaí idirnáisiúnta muirí a theorannú tríd an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) agus ba cheart na hiarrachtaí sin a spreagadh. Bhunaigh IMO próiseas chun go nglacfar in 2018 straitéis tosaigh maidir le hastaíochtaí a laghdú chun astaíochtaí gás ceaptha teasa ó loingseoireacht idirnáisiúnta a laghdú. Caithfear glacadh go práinneach le cuspóir uaillmhianach i ndáil le hastaíochtaí a laghdú mar chuid den straitéis tosaigh sin agus is den tábhacht é sin lena áirithiú go gcuirfidh loingseoireacht idirnáisiúnta a cion féin leis na hiarrachtaí a bhfuil gá leo chun go mbainfí amach an cuspóir go mór faoi bhun 2 °C a comhaontaíodh faoi Chomhaontú Pháras. Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú rialta a dhéanamh air sin, agus ba cheart dó tuarascáil a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, uair sa bhliain ar a laghad, faoin dul chun cinn atá déanta in IMO maidir le cuspóir uaillmhianach i ndáil le hastaíochtaí a laghdú agus maidir le bearta tionlacain chun a áirithiú go gcuireann an earnáil go cuí leis na hiarrachtaí a bhfuil gá leo chun na cuspóirí a comhaontaíodh faoi Chomhaontú Pháras a bhaint amach. Ba cheart tús a chur le gníomhaíocht ó IMO nó ón Aontas ón mbliain 2023 ar aghaidh, lena n-áirítear an réamhobair maidir le glacadh agus le cur chun feidhme agus aird chuí a thugann na geallsealbhóirí go léir.

(5)

Dhearbhaigh Comhairle Eorpach mhí Dheireadh Fómhair 2014 ina conclúidí gur EU ETS dea-fheidhmiúil athchóirithe, ag a mbeidh ionstraim lena ndéanfar an margadh a chobhsú, a bheidh mar phríomhionstraim ag an Eoraip chun an sprioc maidir le laghdú 40 % ar a laghad a bhaint amach ag a mbeidh gné laghdaithe bhliantúil de 2,2 % ó 2021 ar aghaidh. Dhearbhaigh an Chomhairle Eorpach freisin nach rachaidh saor-leithdháileadh in éag agus go gcoinneofar bearta atá ann cheana i ndiaidh 2020 chun an riosca maidir le sceitheadh carbóin de thoradh ar bheartas aeráide a chosc, fad nach ngabhfar iarrachtaí inchomparáide de láimh i mórgheilleagair eile, gan an sciar lamháltas atá le cur ar ceant a bheith laghdaithe. Ba cheart an sciar a chuirfear ar ceant a shloinneadh mar fhigiúr céatadáin i dTreoir 2003/87/CE chun an chinnteacht pleanála a fheabhsú i ndáil le cinntí infheistíochta, chun trédhearcacht a mhéadú agus chun go mbeidh an córas foriomlán níos simplí agus níos sothuigthe.

(6)

Is príomhthosaíocht de chuid an Aontais é Aontas Fuinnimh buanseasmhach a bhunú chun go mbeidh fuinneamh slán, inbhuanaithe, iomaíoch agus inacmhainne ag a shaoránaigh agus ag a thionscail. Chun an méid sin a bhaint amach is gá leanúint de ghníomhú uaillmhianach ar son na haeráide ina mbeidh EU ETS mar bhunchloch do bheartas aeráide an Aontais, agus is gá freisin dul chun cinn a dhéanamh ar na gnéithe eile den Aontas Fuinnimh. Tríd an sprioc uaillmhianach a cinneadh i gcreat beartais 2030 an Aontais don aeráid agus don fhuinneamh a chur chun feidhme, cuidítear le praghas fóinteach carbóin a chur ar fáil agus le leanúint le laghduithe costéifeachtacha in astaíochtaí gás ceaptha teasa a spreagadh.

(7)

Ceanglaítear le hAirteagal 191(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) go mbeidh beartas an Aontais bunaithe ar an bprionsabal a éilíonn gur cheart d'údar an truaillithe íoc as, agus, ar an mbonn sin, foráiltear le Treoir 2003/87/CE go n-aistreofar chuig ceantáil iomlán le himeacht ama. Má dhéantar sceitheadh carbóin a sheachaint, tugtar údar maith le ceantáil iomlán a chur ar atráth go sealadach, agus tugtar údar maith freisin le saor-leithdháileadh spriocdhírithe lamháltas a dhéanamh ar an earnáil tionsclaíochta ionas gur féidir aghaidh a thabhairt ar fhíor-rioscaí maidir le méaduithe in astaíochtaí gás ceaptha teasa i dtríú tíortha nach bhfuil an earnáil tionsclaíochta faoi réir srianta inchomparáide maidir le carbón iontu, fad nach ngabhfar bearta beartais aeráide inchomparáide de láimh i mórgheilleagair eile.

(8)

Is é lamháltais a chur ar ceant an riail ghinearálta agus is eisceacht é saor-leithdháileadh i gcónaí. Sonraítear sa Mheasúnú Tionchair ón gCoimisiún gurb ionann an sciar lamháltas sin atá le cur ar ceant agus 57 % thar an tréimhse ó 2013 go 2020. I bprionsabal, ba cheart don sciar sin a bheith fós ag 57 %. Tá an sciar sin comhdhéanta de lamháltais a cuireadh ar ceant thar ceann na mBallstát, lena n-áirítear lamháltais a cuireadh i leataobh le haghaidh iontrálaithe nua ach nár leithdháileadh, lamháltais chun giniúint leictreachais a nuachóiriú i roinnt Ballstát agus lamháltais atá le cur ar ceant tráth níos déanaí toisc gur cuireadh isteach i gcúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh iad, ar cúlchiste é a bunaíodh le Cinneadh (AE) 2015/1814 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). Ba cheart a áireamh sa sciar sin 75 milliún lamháltas a úsáidtear chun tacú le nuálaíocht. I gcás ina mbeidh gá le fachtóir ceartúcháin trasearnála a chur i bhfeidhm ar bhealach aonfhoirmeach roimh 2030, de bharr an éilimh ar shaorlamháltais, ba cheart an sciar lamháltas sin atá le cur ar ceant thar an tréimhse deich mbliana dar tús an 1 Eanáir 2021 a laghdú suas le 3 % de chainníocht iomlán na lamháltas. Chun críocha na dlúthpháirtíochta, an fháis agus idirnasc, ba cheart 10 % de na lamháltais a chuirfidh na Ballstáit ar ceant a dháileadh ar na Ballstáit sin nár sháraigh a n-olltáirgeadh intíre (OTI) per capita de réir margadhphraghsanna 90 % de mheán an Aontais in 2013, agus ba cheart an chuid eile de na lamháltais a dháileadh ar na Ballstáit go léir ar bhonn na n-astaíochtaí fíoraithe. Maidir leis an maolú i ndáil leis an dáileadh sin sa tréimhse ó 2013 go 2020 i gcás Ballstáit áirithe ag a bhfuil meánleibhéal ioncaim per capita atá os cionn 20 % de mheán an Aontais, ba cheart dó dul in éag.

(9)

Agus aitheantas á thabhairt acu don idirghníomhaíocht idir beartais aeráide ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag na Ballstáit lamháltais a chealú ón méid atá acu ar ceant i gcás ina ndúntar áiseanna giniúna leictreachais ina gcríoch féin. D'fhonn intuarthacht a áirithiú d'oibreoirí agus do rannpháirtithe sa mhargadh i dtaca le líon na lamháltas ar ceant a bheidh ar fáil, ba cheart an fhéidearthacht lamháltais a chealú i gcásanna den sórt sin a bheith teoranta do líon a chomhfhreagraíonn do mheán-astaíochtaí fíoraithe na suiteála lena mbaineann thar thréimhse cúig bliana roimh a dúnadh.

(10)

Chun tairbhe chomhshaoil na laghduithe astaíochtaí a chaomhnú san Aontas, fad nach gcuirfidh gníomhaíochtaí ó thríú tíortha eile dreasachtaí inchomparáide ar fáil don earnáil tionsclaíochta chun astaíochtaí a laghdú, ba cheart leanúint den saor-leithdháileadh idirthréimhseach ar shuiteálacha in earnálacha agus fo-earnálacha a bhfuil fíor-riosca sceitheadh carbóin ag roinnt leo. Leis an taithí a fuarthas le linn oibriú EU ETS, dearbhaíodh go bhfuil earnálacha agus fo-earnálacha ann a bhfuil riosca sceitheadh carbóin ag roinnt leo, bíodh nach ionann an riosca sin ó cheann go chéile acu, agus go gcoisctear sceitheadh carbóin tríd an saor-leithdháileadh. Cé gur féidir a mheas go bhfuil riosca sceitheadh carbóin níos mó ag roinnt le roinnt earnálacha agus fo-earnálacha, tá cinn eile in ann cion suntasach de chostais na lamháltas a thabhairt ar aghaidh i bpraghsanna táirgí lena gcuid astaíochtaí a chumhdach, i gcaoi nach gcaillfidh siad a sciar den mhargadh agus nach bhfulaingeoidh siad ach an chuid atá fágtha de na costais i gcaoi nach mbeidh ach leibhéal íseal riosca sceitheadh carbóin ag roinnt leo. Ba cheart don Choimisiún na hearnálacha ábhartha a chinneadh agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu ar bhonn dhéine a gcuid trádála agus dhéine a gcuid astaíochtaí ionas gur fearr a fhéadfar earnálacha a bhfuil fíor-riosca sceitheadh carbóin ag roinnt leo a shainaithint.

Cé gur cheart measúnú ar earnálacha agus ar fho-earnálacha a dhéanamh ar leibhéal 4-dhigit (cód NACE-4), ba cheart a bheith ag súil freisin le himthosca sonracha ina bhfhéadfaidh sé a bheith iomchuí an fhéidearthacht a bheith ar fáil measúnú a iarraidh ar leibhéal 6-dhigit nó 8-ndigit (Prodcom). Ba cheart d'fhéidearthacht den sórt sin a bheith ann i gcás inar measadh roimhe sin go raibh earnálacha agus fo-earnálacha neamhchosanta ar sceitheadh carbóin ar leibhéal 6-dhigit nó 8-ndigit (Prodcom), toisc go gcuimsíonn cóid NACE áirithe, go háirithe na cóid sin a chríochnaíonn ar .99, gníomhaíochtaí ilchineálacha “nach n-aicmítear in aon áit eile” (“n.e.c.”). I gcás ina mbeidh earnáil nó fo-earnáil faoi réir thagarmharc na scaglann agus tagarmharc táirge eile, ba cheart an méid sin a thabhairt ar aird ionas gur féidir, i gcás inarb ábhartha, anailís cháilíochtúil a dhéanamh ar riosca sceitheadh carbóin chun cothroime iomaíochta a áirithiú do tháirgí a tháirgtear i scaglanna agus i ngléasraí ceimiceacha araon. Más rud é, ar bhonn chritéir na déine trádála agus na déine astaíochtaí, go sáraítear tairseach arna chinneadh tríd an bhféidearthacht faoi seach a chur san áireamh lenar féidir earnálacha agus fo-earnálacha lena mbaineann costais a thabhairt ar aghaidh i bpraghsanna táirgí, ba cheart a mheas go bhfuil riosca sceitheadh carbóin ag roinnt leis an earnáil nó leis an bhfo-earnáil sin. Maidir le hearnálacha agus fo-earnálacha eile, ba cheart a mheas go bhfuil riosca íseal sceitheadh carbóin ag roinnt leo nó nach bhfuil riosca ar bith ag roinnt leo. Ba cheart laghdú a dhéanamh ar bhrabúis amhantair freisin dá gcuirfí san áireamh na féidearthachtaí atá ag earnálacha agus fo-earnálacha atá lasmuigh de réimse na giniúna leictreachais costais a thabhairt ar aghaidh i bpraghsanna táirgí. Mura gcinntear a mhalairt in athbhreithniú de bhun Airteagal 30 de Threoir 2003/87/CE, saor-leithdháiltí d'earnálacha agus d'fho-earnálacha a meastar go bhfuil riosca íseal sceitheadh carbóin ag roinnt leo nó nach bhfuil riosca ar bith ag roinnt leo, cé is moite de théamh ceantair, ba cheart iad a laghdú de réir méideanna cothroma tar éis 2026 ionas nach mbeidh saor-leithdháileadh ar bith ann in 2030.

(11)

Maidir leis na luachanna tagarmhairc le haghaidh saor-leithdháileadh is infheidhme amhail ó 2013 ar aghaidh, ba cheart iad a athbhreithniú d'fhonn brabúis amhantair a sheachaint agus d'fhonn léiriú a thabhairt ar an dul chun cinn teicneolaíochta sna hearnálacha lena mbaineann sa tréimhse idir 2007-2008 agus gach tréimhse ina dhiaidh sin dá gcinntear saor-leithdháiltí i gcomhréir le hAirteagal 11(1) de Threoir 2003/87/CE. D'fhonn an dul chun cinn teicneolaíochta a léiriú sna hearnálacha lena mbaineann agus d'fhonn na luachanna tagarmhairc a oiriúnú do thréimhse ábhartha an leithdháilte, ba cheart foráil a dhéanamh maidir leis na luachanna tagarmhairc le haghaidh saor-leithdháiltí ar shuiteálacha, arna gcinneadh ar bhonn sonraí ó na blianta 2007 agus 2008, ar sonraí iad a thabharfar cothrom le dáta i gcomhréir leis an bhfeabhsú breathnaithe. Ar chúiseanna intuarthachta, ba cheart an méid sin a dhéanamh trí chur i bhfeidhm an fhachtóra lena léirítear an measúnú is fearr ar an dul chun cinn atá déanta ar fud na n-earnálacha agus ba cheart sonraí stóinsithe, oibiachtúla, fíoraithe ó shuiteálacha a chur san áireamh ina dhiaidh sin, agus meánfheidhmíocht 10 % de na suiteálacha is éifeachtúla á cur san áireamh, ionas go léireofar an ráta iarbhír an fheabhsaithe leis na luachanna tagarmhairc. I gcás ina léiríonn na sonraí laghdú bliantúil níos lú ná 0,2 % nó níos mó ná 1,6 % de luach 2007-2008 thar an tréimhse ábhartha, ba cheart an luach tagarmhairc gaolmhar a choigeartú le rátaí seachas rátaí iarbhír an fheabhsaithe d'fhonn dreasachtaí laghdaithe astaíochtaí a chaomhnú agus an nuálaíocht a chúiteamh mar is cuí. Don tréimhse ó 2021 go 2025, ba cheart na luachanna tagarmhairc sin a choigeartú i leith gach bliana idir 2008 agus lár na tréimhse ó 2021 go 2025 le 0,2 % nó le 1,6 %, rud a d'fhágfadh feabhas 3 % nó 24 % faoi seach i gcomparáid leis an luach is infheidhme sa tréimhse ó 2013 go 2020. Don tréimhse ó 2026 go 2030, ba cheart na luachanna tagarmhairc sin a choigeartú ar an mbealach céanna, rud a d'fhágfadh feabhas 4 % nó 32 % faoi seach i gcomparáid leis an luach is infheidhme sa tréimhse ó 2013 go 2020. D'fhonn cothroime iomaíochta a áirithiú maidir le táirgeadh cumhránaic, hidrigine agus gáis shintéisigh i scaglanna agus i ngléasraí ceimiceacha, ba cheart leanúint de na luachanna tagarmhairc maidir le cumhránaic, hidrigin agus gás sintéiseach a ailíniú le tagarmharcanna na scaglann.

(12)

Ba cheart leibhéal an saor-leithdháilte ar shuiteálacha a ailíniú níos fearr lena leibhéil iarbhír táirgeachta. Chuige sin, ba cheart na leithdháiltí a choigeartú go tréimhsiúil ar bhealach siméadrach chun arduithe agus laghduithe táirgeachta ábhartha a chur san áireamh. Ba cheart na sonraí a úsáidtear sa chomhthéacs sin a bheith iomlán, comhsheasmhach, fíoraithe ar bhonn neamhspleách agus ba cheart dóibh an t-ardleibhéal céanna cruinnis agus cáilíochta a bhaint amach agus a bhaineann leis na sonraí a úsáidtear chun an saor-leithdháileadh a chinneadh. Chun cosc a chur ar chúbláil nó ar mhí-úsáid an chórais le haghaidh coigeartuithe ar leithdháiltí agus chun aon ualach riaracháin míchuí a sheachaint, ag féachaint don sprioc-am a bhaineann le fógra a thabhairt faoi athruithe i dtáirgeadh, agus á thabhairt ar aird gur gá a áirithiú go ndéanfar na hathruithe ar na leithdháiltí ar bhealach éifeachtach, neamh-idirdhealaitheach agus aonfhoirmeach, ba cheart an tairseach ábhartha a leagan ag 15 % agus ba cheart é a mheas ar bhonn mheán rollach dhá bhliain. Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann a mhachnamh a dhéanamh faoi bhearta breise atá le cur ar bun, amhail tairsí iomlánacha a úsáid i ndáil leis na hathruithe ar leithdháiltí, nó i ndáil leis an sprioc-am a bhaineann le fógra a thabhairt faoi athruithe i dtáirgeadh.

(13)

Na suiteálacha áirithe sin in earnálacha nó fo-earnálacha ar cinneadh ina leith go bhfuil riosca suntasach sceitheadh carbóin ag roinnt leo de bharr costais a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a tugadh ar aghaidh i bpraghsanna leictreachais, bheadh sé inmhianta go ndéanfadh na Ballstáit iad a chúiteamh go páirteach, i gcomhréir le rialacha maidir leis an Státchabhair, agus d'áireofaí leis, inter alia, an leictreachais a ídíonn na suiteálacha iad féin agus a tháirgtear trí dhóchán dramhghás. Trí iarracht a dhéanamh úsáid a bhaint as céatadán nach mó ná 25 % den ioncam a fhaightear ón gceantáil lamháltas le haghaidh cúiteamh ar chostais indíreacha, is dócha go ndéanfaidh na Ballstáit baint amach chuspóirí EU ETS a éascú agus sláine an mhargaidh inmheánaigh agus na gcoinníollacha iomaíochta a chaomhnú. Chun trédhearcacht a fheabhsú i dtaca leis an méid a chuirtear cúiteamh den sórt sin ar fáil, ba cheart do na Ballstáit tuairisciú go rialta don phobal maidir leis na bearta atá i bhfeidhm acu agus maidir le tairbhithe an chúitimh, agus á áirithiú ag an am céanna go ndéanfar cineál rúnda faisnéise áirithe agus na hábhair imní maidir le cosaint sonraí a bhaineann leis sin a chur san áireamh. I gcás ina n-úsáideann Ballstát líon suntasach dá ioncam ceantála chun costais indíreacha a chúiteamh, is mó an bonn atá ann na cúiseanna a bhaineann leis an gcinneadh sin a chur ar fáil go poiblí. Nuair a dhéanfaidh sé a threoirlínte Státchabhrach maidir le cúiteamh le haghaidh costais astaíochtaí indíreacha a athbhreithniú, ba cheart don Choimisiún a bhreithniú, inter alia, a áisiúla atá na huasteorainneacha ar an gcúiteamh a dheonaíonn na Ballstáit. Ba cheart a chur san áireamh san athbhreithniú a dhéanfar ar Threoir 2003/87/CE a éifeachtaí a bhí na bearta airgeadais sin chun rioscaí suntasacha maidir le sceitheadh carbóin i ngeall ar chostais indíreacha a sheachaint agus ba cheart machnamh a dhéanamh freisin faoin bhféidearthacht atá ann comhchuibhiú breise a dhéanamh ar na bearta, lena n-áirítear sásra comhchuibhithe. Beidh ról tábhachtach i gcónaí ag an earnáil phoiblí ó 2020 ar aghaidh chun acmhainní a shlógadh don chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide.

Dá bhrí sin, ba cheart leas a bhaint as ioncam ceantála chun gníomhaíochtaí aeráide i dtríú tíortha leochaileacha a mhaoiniú, go háirithe sna Tíortha is Lú Forbairt, lena n-áirítear oiriúnú a dhéanamh d'iarmhairtí an athraithe aeráide, inter alia tríd an gCiste Glas don Aeráid de chuid UNFCCC. An méid maoinithe a shlógfar don chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide, braithfidh sé ar a uaillmhianaí a bheidh na Rannchuidithe arna gCinneadh go Náisiúnta, agus ar a gcáilíocht freisin, ar na pleananna infheistíochta dá éis sin agus ar na próisis maidir le pleanáil oiriúnaithe náisiúnta. Maidir leis na hiarmhairtí sóisialta a d'fhéadfadh a bheith ag na beartais agus na hinfheistíochtaí a bhfuil gá leo, ba cheart do na Ballstáit an t-ioncam ceantála a úsáid chun cur leis an aistriú cóir chuig geilleagar ísealcharbóin trí fhoirmiú scileanna agus athdháileadh an lucht saothair a chur chun cinn san agallamh sóisialta leis na comhphobail agus leis na réigiúin a ndéanann an t-aistriú post difear dóibh.

(14)

Is í an phríomhdhreasacht fhadtéarmach a eascraíonn as Treoir 2003/87/CE le haghaidh CO2 a ghabháil agus a stóráil (“CCS”), le haghaidh nuatheicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite agus le haghaidh nuálaíocht cheannródaíoch i dteicneolaíochtaí ísealcharbóin agus i bpróisis ísealcharbóin, lena n-áirítear gabháil agus úsáid carbóin ar bhealach atá sábháilte ó thaobh an chomhshaoil (“CCU”), an comhartha faoi phraghas an charbóin a chruthaíonn sí agus gurb amhlaidh nach gá lamháltais a thabhairt suas de dhroim astaíochtaí CO2 a sheachnaítear nó a stóráiltear ar bhonn buan. Ina theannta sin, d'fhonn na hacmhainní atáthar a úsáid cheana a fhorlíonadh chun léiriú saoráidí tráchtála CCS agus teicneolaíochtaí nuálacha fuinnimh in-athnuaite a luathú, ba cheart lamháltais a úsáid chun luach saothair ráthaithe a chur ar fáil le haghaidh shaoráidí CCS nó CCU, le haghaidh nuatheicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite agus nuálaíocht thionsclaíoch i dteicneolaíochtaí ísealcharbóin agus próisis ísealcharbóin san Aontas do CO2 a stóráiltear nó a seachnaítear ar scála dóthanach, ar choinníoll go bhfuil comhaontú maidir le comhroinnt eolais ar bun.

De bhreis ar 400 milliún lamháltas a cuireadh ar fáil i dtús báire don tréimhse ó 2021 ar aghaidh, ba cheart ioncam ón 300 milliún lamháltas atá ar fáil don tréimhse ó 2013 go 2020 nach bhfuil geallta do ghníomhaíochtaí nuálaíochta go fóill a fhorlíonadh le 50 milliún lamháltas neamh-leithdháilte ó chúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh, agus ba cheart é a úsáid ar bhealach tráthúil chun tacú le nuálaíocht. Ag brath ar a mhéid a laghdófar an sciar lamháltas atá le cur ar ceant chun nach gá fachtóir ceartúcháin trasearnála a chur i bhfeidhm ar bhealach aonfhoirmeach, ba cheart líon na lamháltas a bheidh ar fáil faoin gciste seo a mhéadú faoi suas le 50 milliún lamháltas. Ba cheart formhór na tacaíochta sin a bheith ag brath ar sheachaint fhíoraithe astaíochtaí gás ceaptha teasa agus, ag an am céanna, ba cheart é a bheith indéanta roinnt tacaíochta a thabhairt tráth a shroichtear garspriocanna réamhshocraithe, agus an teicneolaíocht atá in úsáid á cur san áireamh chomh maith le cúinsí sonracha na hearnála ina ndéantar í a úsáid. Ba cheart na garspriocanna a shainiú ionas go mbeidh acmhainní airgeadais leordhóthanacha ar fáil don tionscadal. An céatadán uasta de chostais na dtionscadal a mbeidh tacaíocht le fáil acu, is féidir sin athrú de réir chatagóir an tionscadail. Ba cheart aird chuí a thabhairt ar thionscadail a mbeidh tionchar suntasach acu ó thaobh na nuálaíochta de ar fud an Aontais.

(15)

Bhí OTI per capita de réir margadhphraghsanna níos lú ná 60 % de mheán an Aontais ag an nGréig in 2014 ach ní tairbhí den Chiste don Nuachóiriú í, agus mar sin ba cheart di a bheith in ann lamháltais a éileamh chun dícharbónú sholáthar leictreachais na n-oileán laistigh dá críoch a chómhaoiniú. Ba cheart do na lamháltais sin teacht ó uasmhéid na lamháltas dá dtagraítear in Airteagal 10a(5) de Threoir 2003/87/CE nach leithdháiltear saor in aisce faoin 31 Nollaig 2020, agus ba cheart na lamháltais sin a chur ar ceant i gcomhréir leis na rialacha mionsonraithe is infheidhme maidir leis an gCiste don Nuachóiriú.

(16)

Ba cheart Ciste don Nuachóiriú a bhunú as 2 % de chainníocht iomlán na lamháltas, agus iad a chur ar ceant i gcomhréir leis na rialacha agus na rialacha mionsonraithe le haghaidh ceantanna arna ndéanamh ar an gComhardán Ceantála a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1031/2010 ón gCoimisiún (8). Ag brath ar a mhéid a laghdófar an sciar lamháltas atá le cur ar ceant chun nach gá fachtóir ceartúcháin trasearnála a chur i bhfeidhm ar bhealach aonfhoirmeach, ba cheart líon na lamháltas a bheidh ar fáil faoin gCiste don Nuachóiriú a mhéadú faoi suas le 0,5 % de chainníocht iomlán na lamháltas. Na Ballstáit sin a raibh OTI per capita acu in 2013 de réir margadhphraghsanna faoi bhun 60 % de mheán an Aontais, ba cheart dóibh a bheith incháilithe le haghaidh cistiú ón gCiste don Nuachóiriú agus in ann maolú, go dtí 2030, ó phrionsabal na ceantála iomláine le haghaidh giniúint leictreachais, trí úsáid a bhaint as an rogha maidir le saor-leithdháileadh ionas gur féidir infheistíochtaí réadacha a chur chun cinn lena n-earnáil fuinnimh a nuachóiriú, agus saobhadh sa mhargadh inmheánach fuinnimh a sheachaint ag an am céanna. D'fhéadfaí infheistíochtaí i leictriúchán iompair, iompar de bhóthar go háirithe, a áireamh ar na hinfheistíochtaí faoin gCiste don Nuachóiriú lena ndírítear ar éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú. Ba cheart, trí na rialacha lena rialaítear an Ciste don Nuachóiriú, creat comhleanúnach cuimsitheach trédhearcach a chur ar fáil chun an cur chun feidhme is éifeachtaí is féidir a áirithiú, agus an gá atá ag na rannpháirtithe ar fad le rochtain éasca á chur san áireamh, chomh maith leis na féidearthachtaí infheistíochtaí a ghiaráil sna Ballstáit. Ba cheart don struchtúr rialachais a bheith ag teacht leis an gcuspóir lena n-áirithítear go mbainfear úsáid iomchuí as na cistí.

Ba cheart coiste infheistíochta a bheith mar chuid den struchtúr rialachais sin, agus ba cheart aird chuí a thabhairt ar shaineolas an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) sa phróiseas cinnteoireachta ach amháin má chuirtear tacaíocht ar fáil do thionscadail ar mhionscála trí iasachtaí ó bhanc náisiúnta spreagtha nó trí dheontais trí chlár náisiúnta ag a bhfuil na cuspóirí céanna leis an gCiste don Nuachóiriú. D'fhonn aon choinbhleacht leasa a d'fhéadfadh a bheith ann a shainaithint agus a nochtadh, ba cheart comhdhéanamh an choiste infheistíochta, curricula vitae a chomhaltaí agus a ndearbhú leasanna a fhoilsiú agus a thabhairt chun dáta go rialta. D'fhonn a áirithiú go dtabharfar aghaidh mar is cuí ar riachtanais infheistíochta i mBallstáit íseal-ioncaim, ba cheart na cistí don Chiste don Nuachóiriú a dháileadh ar na Ballstáit bunaithe ar chritéir chomhcheangailte de sciar 50 % d'astaíochtaí fíoraithe agus de sciar 50 % de OTI. D'fhéadfaí an cúnamh airgeadais ón gCiste don Nuachóiriú a sholáthar i bhfhoirmeacha éagsúla. Chun acmhainní a ghiaráil agus chun a áirithiú go mbeidh tionchar níos mó ag infheistíochtaí ábhartha, saorlamháltais chun giniúint leictreachais a nuachóiriú i roinnt Ballstát agus na hacmhainní atá ar fáil faoin gCiste don Nuachóiriú le haghaidh infheistíochtaí nach bhfuil ar liosta na réimsí tosaíochta, ba cheart iad a chomhlánú le hacmhainní ó eintitis dhlíthiúla phríobháideacha, agus d'fhéadfaí acmhainní ar leithligh ó eintitis dhlíthiúla phríobháideacha, atá go hiomlán nó i bpáirt faoi úinéireacht údarás poiblí, a áireamh orthu sin.

(17)

Chun go ndéanfar na sásraí cistiúcháin a chuíchóiriú agus an t-ualach riaracháin a bhaineann lena gcur chun feidhme a íoslaghdú, ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit lena mbaineann leas a bhaint as a sciar den 10 % de lamháltais athdháilte agus den saor-leithdháileadh idirthréimhseach chun nuachóiriú a dhéanamh ar an earnáil fuinnimh faoi fhorálacha an Chiste don Nuachóiriú. Chun intuarthacht agus trédhearcacht a áirithiú i ndáil le méideanna na lamháltas atá ar fáil le haghaidh ceantála nó le haghaidh an tsaor-leithdháilte idirthréimhsigh, agus i ndáil leis na sócmhainní a bhainistítear leis an gCiste don Nuachóiriú, ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoin rún atá acu a n-acmhainní a mhéadú faoin gCiste don Nuachóiriú roimh 2021.

(18)

Dheimhnigh Comhairle Eorpach mhí Dheireadh Fómhair 2014 gur cheart leanúint leis an rogha saor-leithdháileadh a thabhairt don earnáil fuinnimh go dtí 2030 agus gur cheart feabhas a chur ar na rialacha mionsonraithe, lena n-áirítear trédhearcacht, a bhaineann leis an saor-leithdháileadh roghnach chun an earnáil fuinnimh a nuachóiriú i mBallstáit ar leith. Maidir le hinfheistíochtaí ag a bhfuil luach EUR 12,5 mhilliún nó os a chionn, ba cheart don Bhallstát lena mbaineann iad a roghnú trí phróiseas tairisceana iomaíoch ar bhonn rialacha soiléire agus trédhearcacha d'fhonn a áirithiú go n-úsáidfear saor-leithdháileadh chun infheistíochtaí réadacha a chur chun cinn lena ndéantar an earnáil fuinnimh a nuachóiriú nó a éagsúlú i gcomhréir le cuspóirí an Aontais Fuinnimh. Maidir le hinfheistíochtaí ag a bhfuil luach faoi bhun EUR 12,5 milliún, ba cheart iad a bheith incháilithe do chistiú ón saor-leithdháileadh freisin. Ba cheart don Bhallstát lena mbaineann infheistíochtaí den sórt sin a roghnú ar bhonn critéir atá soiléir agus trédhearcach. Ba cheart torthaí an phróisis roghnúcháin sin a bheith faoi réir comhairliúchán poiblí. Ba cheart an pobal a choimeád ar an eolas go cuí ag an gcéim ina roghnaítear na tionscadail infheistíochta agus ag an gcéim ina gcuirtear chun feidhme iad. Ba cheart infheistíochtaí a chomhlánú le hacmhainní ó eintitis dhlíthiúla phríobháideacha, agus d'fhéadfaí acmhainní ar leithligh ó eintitis dhlíthiúla phríobháideacha, atá go hiomlán nó i bpáirt faoi úinéireacht údarás poiblí, a áireamh orthu sin.

(19)

Ba cheart an cistiú ó EU ETS a bheith i gcomhréir le cuspóirí chreat beartais 2030 an Aontais don aeráid agus don fhuinneamh agus leis na cuspóirí fadtéarmacha a leagtar síos i gComhaontú Pháras, chomh maith le cláir chistiúcháin eile de chuid an Aontais, chun éifeachtacht an chaiteachais phoiblí a áirithiú.

(20)

Leis na forálacha atá i bhfeidhm cheana chun suiteálacha beaga a eisiamh ó EU ETS, féadfaidh na suiteálacha sin atá eisiata leanúint de bheith eisiata, agus ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag na Ballstáit a liosta de na suiteálacha eisiata a nuashonrú agus an fhéidearthacht a bheith ag na Ballstáit nach mbaineann úsáid as an rogha sin faoi láthair an nuashonrú sin a dhéanamh ag tús gach tréimhse leithdháilte. Ag an am céanna, d'fhonn ualach riaracháin míchuí a sheachaint, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann suiteálacha a astaíonn níos lú ná 2 500 tona de choibhéis dé-ocsaíde carbóin i ngach ceann de na trí bliana roimh thús gach tréimhse leithdháilte, agus cúlaonaid nó aonaid chúltaca a oibríonn níos lú ná 300 uair i ngach bliain den tréimhse trí bliana sin a eisiamh ó EU ETS. Ba cheart leanúint den fhéidearthacht gníomhaíochtaí breise agus gáis bhreise a chur san áireamh sa chóras, gan iad a mheas mar iontrálaithe nua. Ba cheart don fhéidearthacht sin gníomhaíochtaí breise agus gáis bhreise a chur san áireamh tar éis 2020 a bheith gan dochar do chainníocht na lamháltas uile-Aontais faoi EU ETS agus na méideanna a fhaightear as.

(21)

Le Treoir 2003/87/CE, ceanglaítear ar na Ballstáit tuarascáil a thabhairt maidir lena cur chun feidhme ar bhonn ceistneoir nó achoimre a dhréachtaíonn an Coimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear i dTreoir 91/692/CEE ón gComhairle (9). Mhol an Coimisiún na ceanglais tuairiscithe faoi Threoir 91/692/CEE a aisghairm. Is iomchuí, dá bhrí sin, an tagairt don nós imeachta dá dtagraítear i dTreoir 2003/87/CE a chur in ionad na tagartha do Threoir 91/692/CEE.

(22)

Le Cinneadh (AE) 2015/1814, bunaítear cúlchiste cobhsaíochta margaidh do EU ETS chun an soláthar ceant a dhéanamh níos solúbtha agus an córas a dhéanamh níos athléimní. Foráiltear leis an gCinneadh sin freisin, maidir le lamháltais nach leithdháiltear ar iontrálaithe nua faoi 2020 agus nach leithdháiltear de thoradh ar scoir de ghníomhaíocht go hiomlán nó scor páirteach, go gcuirfear i gcúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh iad.

(23)

Tá sé ríthábhachtach go mbeidh EU ETS dea-fheidhmiúil athchóirithe ann, ag a mbeidh ionstraim lena ndéanfar an margadh a chobhsú, chun go mbainfidh an tAontas an sprioc a comhaontaíodh do 2030 amach agus chun go gcomhlíonfaidh sé na gealltanais faoi Chomhaontú Pháras. Chun aghaidh a thabhairt ar an míchothromaíocht atá ann faoi láthair idir soláthar agus éileamh lamháltas sa mhargadh, bunófar cúlchiste cobhsaíochta margaidh faoi Chinneadh (AE) 2015/1814 in 2018 a bheidh feidhmiúil ó 2019 i leith. I bhfianaise an ghá atá le comhartha inchreidte infheistíochta a léiriú maidir le hastaíochtaí CO2 a laghdú ar bhealach costéifeachtach agus d'fhonn EU ETS a neartú, ba cheart Cinneadh (AE) 2015/1814 a leasú chun go méadófar, go dtí an 31 Nollaig 2023, na rátaí céatadáin lena gcinntear líon na lamháltas atá le cur sa chúlchiste gach bliain. Ina theannta sin, mar bheart fadtéarmach chun feabhas a chur ar fheidhmiú EU ETS, mura rud é go gcinnfear a mhalairt nuair a dhéanfar an chéad athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 3 de Chinneadh (AE) 2015/1814, ó 2023 ar aghaidh níor cheart do lamháltas a choinnítear sa chúlchiste os cionn líon iomlán na lamháltas a cuireadh ar ceant i rith na bliana roimhe sin a bheith bailí a thuilleadh. Ba cheart a mheas freisin sna hathbhreithnithe rialta ar fheidhmiú an chúlchiste ar cheart na rátaí méadaithe sin a choinneáil.

(24)

Ba cheart Treoir 2003/87/CE a choinneáil faoi athbhreithniú i bhfianaise forbairtí idirnáisiúnta agus i bhfianaise na n-iarrachtaí a rinneadh chun cuspóirí fadtéarmacha Chomhaontú Pháras a bhaint amach. Na bearta a thacaíonn le tionscail áirithe dianfhuinnimh a d'fhéadfadh a bheith faoi réir an sceite carbóin dá dtagraítear in Airteagal 10a agus in Airteagal 10b de Threoir 2003/87/CE, ba cheart iad a choinneáil faoi athbhreithniú freisin i bhfianaise bearta beartais aeráide i mórgheilleagair eile. Sa chomhthéacs sin, d'fhéadfaí a mheas san athbhreithniú ar Threoir 2003/87/CE más iomchuí coigeartuithe teorann carbóin nó bearta malartacha a chur in ionad na mbeart atá ann faoi láthair chun cosc a chur ar sceitheadh carbóin, nó iad a leasú nó a chomhlánú leo sin, ar choinníoll go mbeadh bearta den sórt sin ag teacht go hiomlán le rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála, ionas go n-áiritheofaí in EU ETS allmhaireoirí táirgí arna dtáirgeadh ag na hearnálacha nó fo-earnálacha arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 10a de Threoir 2003/87/CE. Ba cheart don Choimisiún tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle i gcomhthéacs gach stocáireamh domhanda arna chomhaontú faoi Chomhaontú Pháras, go háirithe maidir leis an ngá beartais agus bearta an Aontais, lena n-áirítear EU ETS, a dhéanamh níos déine, i bhfianaise na laghduithe nach mór don Aontas agus a Bhallstáit a dhéanamh maidir le gás ceaptha teasa. Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann tograí a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle chun Treoir 2003/87/CE a leasú i gcás inarb iomchuí. Mar chuid den tuairisciú rialta uaidh faoi Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh freisin ar thoradh Idirphlé Éascaitheach 2018 faoi UNFCCC (idirphlé Talanoa).

(25)

D'fhonn gníomhartha neamhreachtacha a bhfuil feidhm ghinearálta leo a ghlacadh chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe i ngníomh reachtach a fhorlíonadh nó a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le hAirteagail 3d(3), 10(4), 10a(1) agus (8), 10b(5), 19(3), le hAirteagal 22, le hAirteagal 24(3), le hAirteagal 24a(1) agus le hAirteagal 25a(1) agus le hAirteagal 28c de Threoir 2003/87/CE. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (11). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. Maidir leis an tarmligean i dtaca le hAirteagal 10(4) de Threoir 2003/87/CE, na Ballstáit sin nach n-úsáideann an t-ardán coiteann le haghaidh ceantála, ba cheart dóibh bheith in ann leanúint ar aghaidh gan déanamh amhlaidh. Ina theannta sin, níor cheart don tarmligean sin difear a dhéanamh do cheart na mBallstát cinneadh a dhéanamh maidir leis an úsáid a bhaintear as a n-ioncam ceantála.

(26)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an tríú fomhír go dtí an séú fomhír d'Airteagal 10a(2), Airteagal 10a(21), Airteagal 10d, Airteagal 14(1) agus (2), Airteagal 15 agus Airteagal 16 agus Airteagal 21(1) de Threoir 2003/87/CE agus Iarscríbhinn IV agus Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir sin a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12).

(27)

Chun an cumhachtú a thugtar don Choimisiún a íoslaghdú, ba cheart na cumhachtaí atá aige cheana i ndáil le gníomhartha a ghlacadh a bhaineann leis an méid seo a leanas a chúlgairm: oibriú an chúlchiste speisialta in Airteagal 3f(9) de Threoir 2003/87/CE, cainníochtaí creidmheasanna idirnáisiúnta le haghaidh malartú a shonrú tuilleadh agus cainníochtaí creidmheasanna idirnáisiúnta a fhéadfar a mhalartú in Airteagal 11a(8) den Treoir sin a shannadh, caighdeáin bhreise faoin méid a fhéadfar a mhalartú in Airteagal 11a(9) den Treoir sin a leagan síos, agus rialacha breise faoi chomhaireamh dúbailte in Airteagal 11b(7) den Treoir sin a leagan síos. Leanann gníomhartha arna nglacadh de bhun na bhforálacha sin d'fheidhm a bheith acu.

(28)

Maidir le gníomhartha a ghlactar de bhun Threoir 2003/87/CE maidir le hábhair a ndeonaíonn an Treoir seo cumhacht ina leith don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe nó gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, leanann siad d'fheidhm a bheith acu go dtí go n-aisghairfear iad nó go dtí go leasófar iad. I gcás Chinneadh 2011/278/AE ón gCoimisiún (13), déanfar an colún deireanach d'Iarscríbhinn I a ghabhann leis a aisghairm más rud é go nglacfaidh agus nuair a ghlacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme chun na luachanna athbhreithnithe tagarmhairc le haghaidh saor-leithdháilte a chinneadh. Chun intuarthacht a mhéadú agus chun na próisis riaracháin a shimpliú, ba cheart do Chinneadh 2014/746/AE ón gCoimisiún (14) leanúint d'fheidhm a bheith aige go dtí deireadh 2020.

(29)

Maidir leis na gníomhartha tarmligthe agus na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa Treoir seo, go háirithe i ndáil leis na forálacha maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh agus maidir le Clárlann an Aontais, ba cheart é a bheith mar aidhm acu rialacha a shimpliú agus aon ualach riaracháin a laghdú a mhéid is féidir, gan an bonn a bhaint de shláine comhshaoil, de shlándáil ná d'iontaofacht EU ETS. Agus na gníomhartha sin á n-ullmhú aige, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh go háirithe ar éifeachtacht na rialacha faireacháin simplithe, lena n-áirítear i gcás aonaid éigeandála agus chúltaca giniúna leictreachais, agus na huaireanta oibríochta in aghaidh na bliana á gcur san áireamh, agus i gcás astaírí beaga eile, agus ba cheart dó measúnú a dhéanamh freisin ar na féidearthachtaí maidir le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar rialacha den sórt sin.

(30)

I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin (15), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den chineál sin a tharchur.

(31)

Féachtar leis an Treoir seo cur leis an gcuspóir lena gcinnteofar ardleibhéal cosanta comhshaoil, i gcomhréir leis an bprionsabal maidir le forbairt inbhuanaithe, a bhaint amach ar an mbealach is éifeachtúla ó thaobh an gheilleagair de agus, ag an am céanna, am leordhóthanach a thabhairt do shuiteálacha chun iad féin a oiriúnú agus lena gcuirfear cóireáil níos fabhraí ar fáil, ar bhealach comhréireach, do dhaoine a ndéanann sé difear ar leith dóibh, i gcomhréir, a mhéid agus is féidir, le cuspóirí na Treorach seo.

(32)

Leis an Treoir seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus cloítear leis na prionsabail a aithnítear go háirithe sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(33)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo a ghnóthú go leordhóthanach ach, de bharr a fairsinge agus a héifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Threoir 2003/87/CE

Leasaítear Treoir 2003/87/CE mar a leanas:

(1)

Ar fud na Treorach, cuirtear “EU ETS” in ionad an téarma “scéim an Chomhphobail” agus déantar aon athruithe gramadaí is gá.

(2)

Ar fud na Treorach, seachas sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (1) den Airteagal seo, in Airteagal 26 den Treoir seo agus i bpointe (5) de Chuid A d'Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir seo, cuirtear “córas” in ionad an fhocail “scéim” agus déantar aon athruithe gramadaí is gá.

(3)

Ar fud na Treorach, seachas sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (1) den Airteagal seo agus in Airteagal 26 den Treoir seo, cuirtear “Aontas” in ionad an fhocail “Comhphobal” agus déantar aon athruithe gramadaí is gá.

(4)

Ar fud na Treorach, cuirtear “nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22a(2)” in ionad na bhfocal “nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 23(2)”.

(5)

Sa chéad fhomhír d'Airteagal 3c(2) agus in Airteagal 10(1a), cuirtear tagairt do “Airteagal 13” in ionad na tagartha do “Airteagal 13(1)”.

(6)

In Airteagal 3g, i bpointe (d) den chéad mhír d'Airteagal 5, i bpointe (c) d'Airteagal 6(2), sa dara fomhír d'Airteagal 10a(2), in Airteagal 14(2), (3) agus (4), in Airteagal 19(1) agus (4), sa chéad fhomhír d'Airteagal 24(3) agus in Airteagal 29a(4), cuirtear “gníomhartha” in ionad an fhocail “rialachán” agus déantar aon athruithe gramadaí is gá.

(7)

In Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):

“(h)

ciallaíonn “iontrálaí nua” aon suiteáil a dhéanann ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I, a bhfuil cead astaíochtaí gás ceaptha teasa faighte aici den chéad uair laistigh den tréimhse dar tús trí mhí roimh an dáta chun an liosta faoi Airteagal 11(1) a chur isteach, agus dar críoch trí mhí roimh an dáta chun an liosta ina dhiaidh sin faoin Airteagal sin a chur isteach;”.

(8)

In Airteagal 3d(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an Treoir seo a fhorlíonadh maidir leis na socruithe mionsonraithe i ndáil le lamháltais eitlíochta a bheith á gcur ar ceant ag na Ballstáit i gcomhréir le mír 1 agus le mír 2 den Airteagal seo nó le hAirteagal 3f(8). Maidir le líon na lamháltas a bheidh le cur ar ceant i ngach tréimhse ag gach Ballstát, beidh an líon sin comhréireach le sciar an Bhallstáit d'iomlán na n-astaíochtaí eitlíochta a luaitear leis na Ballstáit go léir don bhliain tagartha a thuairiscítear de bhun Airteagal 14(3) agus a fhíoraítear de bhun Airteagal 15. Don tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 3c(1), is é 2010 an bhliain tagartha, agus do gach tréimhse ina dhiaidh sin dá dtagraítear in Airteagal 3c, is í an bhliain tagartha a bheidh ann an bhliain féilire dar críoch 24 mhí roimh thús na tréimhse lena mbaineann an ceant. Áiritheofar, leis na gníomhartha tarmligthe, go n-urramófar na prionsabail a leagtar amach sa chéad fhomhír d'Airteagal 10(4).”.

(9)

In Airteagal 3f, scriostar mír 9.

(10)

In Airteagal 6(1), scriostar an tríú fomhír.

(11)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

“Airteagal 8

Comhordú le Treoir 2010/75/AE

Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú, i gcás ina ndéanfaidh suiteálacha gníomhaíochtaí a áirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), go ndéanfar na coinníollacha agus an nós imeachta maidir le heisiúint cead astaíochtaí gás ceaptha teasa a chomhordú leis na coinníollacha agus leis an nós imeachta maidir le heisiúint ceada dá bhforáiltear sa Treoir sin. Féadfar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 5, in Airteagal 6 agus in Airteagal 7 den Treoir seo a chomhthátú sna nósanna imeachta dá bhforáiltear i dTreoir 2010/75/AE.

(*1)  Treoir 2010/75/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite arthruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).”."

(12)

In Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír agus an tríú mír:

“Ag tosú in 2021, is é 2,2 % a bheidh mar fhachtóir líneach.”.

(13)

Leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Ó 2019 ar aghaidh, cuirfidh na Ballstáit ar ceant gach lamháltas nach leithdháiltear saor in aisce i gcomhréir le hAirteagal 10a agus le hAirteagal 10c den Treoir seo agus nach gcuirtear i gcúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh a bunaíodh le Cinneadh (AE) 2015/1814 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2) (“cúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh”) nó a chuirtear ar ceal i gcomhréir le hAirteagal 12(4) den Treoir seo.

Ó 2021 ar aghaidh, agus gan dochar do laghdú a d'fhéadfaí a dhéanamh de bhun Airteagal 10a(5a), is é 57 % an sciar lamháltas a bheidh le cur ar ceant.

Cuirfear 2 % de chainníocht iomlán na lamháltas idir 2021 agus 2030 ar ceant chun ciste a bhunú chun feabhas a chur ar an éifeachtúlacht fuinnimh agus chun córais fuinnimh de chuid Ballstáit áirithe a nuachóiriú, mar a leagtar amach in Airteagal 10d (an “Ciste don Nuachóiriú”).

An chainníocht iomlán atá fágtha de na lamháltais a chuirfidh na Ballstáit ar ceant, déanfar iad a dháileadh i gcomhréir le mír 2.

(*2)  Cinneadh (AE) 2015/1814 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhar 2015 maidir le cúlchiste cobhsaíochta margaidh a bhunú agus a fheidhmiú do scéim an Aontais i ndáil le trádáil astaíochtaí gás ceaptha teasa agus lena leasaítear Treoir 2003/87/CE (IO L 264, 9.10.2015, lch. 1).”;"

(b)

leasaítear mír 2 mar a leanas:

(i)

i bpointe (a), cuirtear “90 %” in ionad “88 %”;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

10 % de chainníocht iomlán na lamháltas a bheidh le cur ar ceant arna ndáileadh ar Bhallstáit áirithe chun críocha na dlúthpháirtíochta, an fháis agus idirnasc laistigh den Aontas, lena méadófar méid na lamháltas a chuireann na Ballstáit sin ar ceant faoi phointe (a) ag na céatadáin a shonraítear in Iarscríbhinn IIa.”;

(iii)

scriostar pointe (c);

(iv)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

“Más gá, déanfar na céatadáin dá dtagraítear i bpointe (b) a oiriúnú ar bhealach comhréireach chun a áirithiú gurb ionann is 10 % an dáileadh sin.”;

(c)

leasaítear mír 3 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

chun fuinnimh in-athnuaite a fhorbairt d'fhonn gealltanas an Aontais i ndáil le fuinnimh in-athnuaite a chomhlíonadh, agus chun teicneolaíochtaí eile a fhorbairt lena gcuirtear leis an aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin slán inbhuanaithe, agus chun cabhrú chun gealltanas an Aontais an éifeachtúlacht fuinnimh a ardú, ag na leibhéil a comhaontaíodh i ngníomhartha reachtacha ábhartha, a chomhlíonadh;”;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):

“(h)

bearta atá ceaptha an éifeachtúlacht fuinnimh, córais téimh cheantair agus insliú a fheabhsú, nó tacaíocht airgeadais a chur ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar ghnéithe sóisialta i dteaghlaigh ar ioncam íseal nó ar mheánioncam;”;

(iii)

cuirtear na pointí seo a leanas léi:

“(j)

chun gníomhaíochtaí aeráide i dtríú tíortha leochaileacha a mhaoiniú, lena n-áirítear oiriúnú a dhéanamh d'iarmhairtí an athraithe aeráide;

(k)

chun foirmiú scileanna agus athdháileadh an lucht saothair a chur chun cinn d'fhonn cur le haistriú cóir chuig geilleagar ísealcharbóin, go háirithe sna réigiúin is mó atá thíos le haistriú post, i ndlúthchomhar leis na comhpháirtithe sóisialta.”;

(d)

i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre, an dara fomhír agus an tríú fomhír:

“4.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an Treoir seo a fhorlíonadh maidir le huainiú, riarachán agus gnéithe eile a bhaineann le ceantáil chun a áirithiú go seoltar í ar bhealach oscailte, trédhearcach, comhchuibhithe agus neamh-idirdhealaitheach. Chun na críche sin, beidh an próiseas intuartha, go háirithe a mhéid a bhaineann le huainiú agus le seicheamhú na gceantanna agus le méideanna measta na lamháltas a bheidh le cur ar fáil.

Leis na gníomhartha tarmligthe sin, áiritheofar go mbeidh ceantanna ceaptha chun an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

go mbeidh rochtain iomlán, chóir agus chothrom ag oibreoirí, agus go háirithe ag aon fiontair bheaga agus mheánmhéide atá cumhdaithe ag EU ETS;

(b)

go mbeidh rochtain ag na rannpháirtithe uile ar an bhfaisnéis chéanna ag an am céanna agus nach mbainfidh rannpháirtithe an bonn d'oibriú na gceantanna;

(c)

go mbeidh eagrú na gceantanna agus an rannpháirtíocht iontu cost-éifeachtach agus go seachnófar costais riaracháin nach gá; agus

(d)

go ndéanfar rochtain ar lamháltais a dheonú d'astaírí beaga.”;

(e)

i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt:

“Gach bliain, cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle ar fheidhmiú an mhargaidh carbóin agus faoi aon bheartas ábhartha eile aeráide ná fuinnimh, lena n-áirítear oibriú na gceantanna, an leachtacht agus na méideanna arna dtrádáil, agus ina ndéanfar achoimre ar an bhfaisnéis a sholáthraíonn na Ballstáit maidir leis na bearta airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 10a(6).”.

(14)

Leasaítear Airteagal 10a mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre agus an dara fomhír:

“1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an Treoir seo a fhorlíonadh maidir leis na rialacha uile-Aontais atá comhchuibhithe go hiomlán le haghaidh leithdháileadh lamháltas dá dtagraítear i míreanna 4, 5, 7 agus 19 den Airteagal seo.”;

(b)

i mír 2, cuirtear na fomhíreanna seo a leanas léi:

“Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun na luachanna leasaithe tagarmhairc a chinneadh le haghaidh saor-leithdháilte. Beidh na gníomhartha sin i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 1 den Airteagal seo agus comhlíonfar an méid seo a leanas leo:

(a)

Le linn na tréimhse ó 2021 go 2025, cinnfear na luachanna tagarmhairc ar bhonn na faisnéise a thíolactar de bhun Airteagal 11 le haghaidh na mblianta 2016 agus 2017. Ar bhonn comparáid idir na luachanna tagarmhairc sin agus na luachanna tagarmhairc atá i gCinneadh 2011/278/AE ón gCoimisiún (*3), arna ghlacadh an 27 Aibreán 2011, cinnfidh an Coimisiún an ráta bliantúil maidir le laghdú le haghaidh gach tagarmhairc, agus cuirfidh sé i bhfeidhm é maidir leis na luachanna tagarmhairc is infheidhme sa tréimhse ó 2013 go 2020 i leith gach bliana idir 2008 agus 2023 chun na luachanna tagarmhairc a chinneadh don tréimhse ó 2021 go 2025.

(b)

I gcás inar mó ná 1,6 % an ráta bliantúil maidir le laghdú nó i gcás inar lú ná 0,2 % é, is iad na luachanna tagarmhairc don tréimhse ó 2021 go 2025 na luachanna tagarmhairc is infheidhme sa tréimhse ó 2013 go 2020 agus iad laghdaithe de cibé ceann den dá ráta is ábhartha i leith gach bliana idir 2008 agus 2023.

(c)

Le linn na tréimhse ó 2026 go 2030, cinnfear na luachanna tagarmhairc ar an mbealach céanna a leagtar amach i bpointe (a) agus i bpointe (b) ar bhonn faisnéis a thíolacfar de bhun Airteagal 11 le haghaidh na mblianta 2021 agus 2022 agus ar bhonn an ráta bliantúil maidir le laghdú a chur i bhfeidhm i leith gach bliain idir 2008 agus 2028.

De mhaolú air sin, maidir leis na luachanna tagarmhairc le haghaidh cumhránaice, hidrigine agus gás sintéiseach, déanfar na luachanna tagarmhairc sin a choigeartú leis an gcéatadán céanna is a dhéanfar le tagarmharcanna na scaglann d'fhonn cothroime iomaíochta a chaomhnú do tháirgeoirí na dtáirgí sin.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa tríú fomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22a(2).

D'fhonn aisghabháil éifeachtúil fuinnimh ó dhramhgháis a chur chun cinn, don tréimhse dá dtagraítear i bpointe (b) den tríú fhomhír, déanfar an luach tagarmhairc do mhiotal te, a bhaineann den chuid is mó le dramhgháis, a nuashonrú le ráta bliantúil maidir le laghdú de 0,2 %.

(*3)  Cinneadh 2011/278/AE ón gCoimisiún an 27 Aibreán 2011 lena gcinntear rialacha uile-Aontais idirthréimhseacha le haghaidh lamháltais astaíochtaí a leithdháileadh saor in aisce ar bhealach comhchuibhithe de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 130, 17.5.2011, lch. 1).”;"

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Tabharfar saor-leithdháileadh do théamh ceantair agus don chomhghiniúint ardéifeachtúlachta chomh maith, mar a shainmhínítear i dTreoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4), don éileamh atá inchosanta ar bhonn eacnamaíoch, i dtaca le táirgeadh an téimh nó an fhuaraithe. Le haghaidh gach bliana ó 2013 i leith, déanfar an leithdháileadh iomlán i leith suiteálacha den sórt sin i dtaca le táirgeadh an teasa sin a choigeartú leis an bhfachtóir líneach dá dtagraítear in Airteagal 9 den Treoir seo, seachas d'aon bhliain ina ndéanfar na leithdháiltí sin a choigeartú ar bhealach aonfhoirmeach de bhun mhír 5 den Airteagal seo.

(*4)  Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoir 2009/125/CE agus Treoir 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/8/CE agus Treoir 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1).”;"

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   D'fhonn cloí leis an sciar cheantála a leagtar amach in Airteagal 10, déanfar, i gcás gach bliana nach sroicheann suim na saor-leithdháiltí an t-uasmhéid lena n-urramaítear an sciar cheantála, na lamháltais atá fágtha suas go dtí an méid sin a úsáid chun laghdú na saor-leithdháiltí a chosc nó a theorannú d'fhonn an sciar cheantála a urramú sna blianta atá le teacht. Mar sin féin, i gcás ina sroichtear an t-uasmhéid, déanfar saor-leithdháiltí a choigeartú dá réir sin. Déanfar aon choigeartú den sórt sin ar bhealach aonfhoirmeach.”;

(e)

cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

“5a.   De mhaolú ar mhír 5, déanfar méid breise suas le 3 % de chainníocht iomlán na lamháltas a úsáid, a mhéid is gá, chun an t-uasmhéid atá ar fáil faoi mhír 5 a mhéadú.

5b.   I gcás nach bhfuil gá ach le níos lú ná 3 % de chainníocht iomlán na lamháltas chun an t-uasmhéid atá ar fáil faoi mhír 5 a mhéadú:

úsáidfear 50 milliún lamháltas ar a mhéid chun líon na lamháltas atá ar fáil chun tacú leis an nuálaíocht i gcomhréir le hAirteagal 10a(8) a mhéadú; agus

úsáidfear 0,5 % de chainníocht iomlán na lamháltas ar a mhéid chun líon na lamháltas atá ar fáil chun córais fuinnimh roinnt Ballstát a nuachóiriú i gcomhréir le hAirteagal 10d a mhéadú.”;

(f)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

“6.   Ba cheart do na Ballstáit bearta airgeadais a ghlacadh, i gcomhréir leis an dara agus leis an gceathrú fomhír, i bhfabhar earnálacha nó fo-earnálacha atá neamhchosanta ar fhíor-riosca sceitheadh carbóin i ngeall ar chostais shuntasacha indíreacha a thabhaítear go hiarbhír ó chostais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thugtar ar aghaidh i bpraghsanna leictreachais, ar choinníoll go mbeidh bearta airgeadais den sórt sin i gcomhréir le rialacha maidir leis an Státchabhair, agus go háirithe, nach ndéanfar saobhadh míchuí ar iomaíocht an mhargaidh inmheánaigh leo. I gcás inar mó ná 25 % den ioncam a ghintear ó lamháltais a chur ar ceant an méid atá ar fáil do na bearta airgeadais sin, leagfaidh an Ballstát lena mbaineann amach na cúiseanna a bhí le dul thar an méid sin.

Ní fhéachfaidh na Ballstáit le níos mó ná 25 % den ioncam a ghintear ó lamháltais a chur ar ceant le haghaidh na mbeart airgeadais dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Laistigh de thrí mhí ó dheireadh gach bliana, déanfaidh na Ballstáit a mbeidh bearta airgeadais den sórt sin i bhfeidhm acu méid iomlán an chúitimh a sholáthraítear in aghaidh na hearnála agus na fo-earnála tairbhíocha a chur ar fáil don phobal i bhfoirm a mbeidh sé éasca rochtain a fháil uirthi. Amhail ó 2018, in aon bhliain ina n-úsáidfidh Ballstát níos mó ná 25 % den ioncam a ghintear ó lamháltais a chur ar ceant chun na gcríoch sin, foilseoidh sé tuarascáil ina leagfar amach na cúiseanna a bheidh leis an méid sin a shárú. Beidh ar áireamh sa tuarascáil sin faisnéis ábhartha maidir le praghsanna leictreachais do thomhaltóirí móra tionsclaíocha a thairbhíonn ó bhearta airgeadais den sórt sin, gan dochar do cheanglais maidir le faisnéis rúnda a chosaint. Beidh ar áireamh sa tuarascáil freisin faisnéis ina léireofar ar tugadh aird chuí ar bhearta eile chun costais indíreacha charbóin a ísliú ar bhealach inbhuanaithe sa mheántéarma agus san fhadtéarma.

Áireoidh an Coimisiún sa tuarascáil dá bhforáiltear in Airteagal 10(5), inter alia, measúnú ar na héifeachtaí beart airgeadais den sórt sin ar an margadh inmheánach agus, i gcás inarb iomchuí, molfaidh sé aon bhearta ar bith a d'fhéadfadh a bheith riachtanach de bhun an mheasúnaithe sin.

Leis na bearta sin, áiritheofar cosaint leordhóthanach ar an riosca sceitheadh carbóin, ar bhonn tagarmharcanna ex-ante d'astaíochtaí indíreacha CO2 in aghaidh an aonaid táirgeachta. Ríomhfar na tagarmharcanna ex-ante sin d'earnáil nó d'fho-earnáil ar leith mar tháirge den tomhaltas leictreachais in aghaidh an aonaid táirgthe atá comhfhreagrach leis na teicneolaíochtaí is éifeachtúla atá ar fáil agus d'astaíochtaí CO2 an mheascáin táirgthe leictreachais ábhartha Eorpaigh.”;

(g)

leasaítear mír 7 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“Maidir le lamháltais ón uasmhéid dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo nár leithdháileadh saor in aisce faoi 2020, cuirfear i leataobh iad le haghaidh iontrálaithe nua, in éineacht le 200 milliún lamháltas a chur i gcúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh de bhun Airteagal 1(3) de Chinneadh (AE) 2015/1814. As na lamháltais a chuirtear ar leataobh, cuirfear suas go 200 milliún díobh ar ais go dtí cúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh ag deireadh na tréimhse ó 2021 go 2030 mura leithdháilfear iad don tréimhse sin.

Ó 2021 ar aghaidh, déanfar lamháltais nach leithdháilfear de bhun mhír 19 agus mhír 20 ar shuiteálacha a chur le méid na lamháltas a chuirfear ar leataobh i gcomhréir leis an gcéad abairt den chéad fhomhír den mhír seo.”;

(ii)

scriostar an ceathrú fomhír agus an cúigiú fomhír.

(h)

i mír 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre, an dara fomhír agus an tríú fomhír:

“Déanfar 325 milliún lamháltas, ón méid a d'fhéadfaí a leithdháileadh ar shlí eile saor in aisce de bhun an Airteagail seo, agus 75 milliún lamháltas, ón méid a d'fhéadfaí a chur ar ceant de bhun Airteagal 10, a chur ar fáil chun tacú leis an nuálaíocht i dteicneolaíochtaí ísealcharbóin agus i bpróisis ísealcharbóin in earnálacha a liostaítear in Iarsríbhinn I, lena n-áirítear gabháil agus úsáid carbóin ar bhealach atá sábháilte ó thaobh an chomhshaoil (“CCU”) agus a chuireann go suntasach leis an athrú aeráide a mhaolú, mar aon le táirgí lena n-ionadaítear táirgí a tháirgtear atá dian ó thaobh carbóin, in earnálacha a liostaítear in Iarscríbhinn I, agus chun cuidiú le borradh a chur faoi thógáil agus oibriú na dtionscadal sin lena ndírítear ar CO2 a ghabháil agus a stóráil (‘CCS’) ar bhonn geolaíoch agus ar bhealach a bheidh sábháilte ó thaobh an chomhshaoil, chomh maith le teicneolaíochtaí nuálacha don fhuinneamh in-athnuaite agus teicneolaíochtaí stórála fuinnimh, in áiteanna atá cothromaithe go geolaíoch laistigh de chríoch an Aontais (an “ciste don nuálaíocht”). Beidh tionscadail i ngach Ballstát, lena n-áirítear tionscadail ar mhionscála, incháilithe.

Sa bhreis air sin, le 50 milliún lamháltas neamh-leithdháilte ó chúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh, forlíonfar aon ioncam a bheidh fágtha ón 300 milliún lamháltas atá ar fáil sa tréimhse ó 2013 go 2020 faoi Chinneadh 2010/670/AE ón gCoimisiún (*5) agus úsáidfear iad ar bhealach tráthúil le haghaidh tacaíocht nuálaíochta dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Roghnófar tionscadail ar bhonn critéir oibiachtúla, thrédhearcacha, agus aird á tabhairt, i gcás inarb ábhartha, ar a mhéid a rannchuidíonn tionscadail le laghduithe ar astaíochtaí a bhaint amach go mór faoi bhun na dtagarmharcanna dá dtagraítear i mír 2. Beidh d'acmhainneacht ag tionscadail go bhféadfar iad a chur i bhfeidhm go forleathan nó costais a laghdú i leith aistriú chuig geilleagair ísealcharbóin sna hearnálacha lena mbaineann. Le tionscadail lena mbaineann CCU, léireofar glanlaghdú in astaíochtaí agus áiritheofar go seachnófar CO2 nó go ndéanfar CO2 a stóráil go buan. Teicneolaíochtaí a gheobhaidh tacaíocht, ní bheidh siad ar fáil ó thaobh tráchtála go fóill ach beidh siad ina réitigh cheannródaíocha nó beidh siad aibí a ndóthain chun go mbeifear in ann iad a léiriú ar scála réamhthráchtála. Féadfar tacú le suas le 60 % de chostais ábhartha na dtionscadal agus as a measc sin ní gá suas le 40 % a bheith ag brath ar sheachaint astaíochtaí gás ceaptha teasa atá fíoraithe, ar choinníoll go ndéanfar garspriocanna réamhshocraithe, agus an teicneolaíocht atá in úsáid á cur san áireamh, a bhaint amach.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an Treoir seo a fhorlíonadh maidir le hoibriú an chiste don nuálaíocht, lena n-áirítear an nós imeachta agus na critéir roghnúcháin.

(*5)  Cinneadh 2010/670/AE ón gCoimisiún an 3 Samhain 2010 lena leagtar síos na critéir agus na bearta maidir le maoiniú tionscadal taispeántais trachtála atá ceaptha CO2 a ghabháil ar bhealach sábháilte ó thaobh an chomhshaoil agus a stóráil go geolaíoch chomh maith le tionscadail taispeántais de theicneolaíochtaí nuálacha fuinnimh in-athnuaite faoin scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal arna bunú le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 290, 6.11.2010, lch. 39).”;"

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 9:

“9.   Bhí olltáirgeacht intíre (OTI) per capita de réir margadhphraghsanna níos lú ná 60 % de mheán an Aontais ag an nGréig in 2014 agus féadfaidh sí, sula gcuirfear mír 7 den Airteagal seo i bhfeidhm, suas le 25 milliún lamháltas a éileamh ón méid uasta dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo nach leithdháiltear saor in aisce faoin 31 Nollaig 2020, chun suas le 60 % de dhícharbónú sholáthar leictreachais na n-oileán laistigh dá chríoch a chómhaoiniú. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 10d(3) maidir le lamháltais den sórt sin. Féadfar lamháltais a éileamh más rud é, mar thoradh ar rochtain shrianta ar na margaí idirnáisiúnta fiachais, nárbh fhéidir tionscadal, a bhfuil sé mar aidhm aige soláthar leictreachais oileáin na Gréige a dhícharbónú, a chur i gcrích ar shlí eile agus más rud é go ndearbhaíonn an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) inmharthanacht airgeadais agus sochair shocheacnamaíocha an tionscadail.”;

(j)

scriostar mír 10;

(k)

i mír 11, scriostar an fhoclaíocht “, d'fhonn réiteach a dhéanamh chun deireadh a chur le saor-leithdháileadh in 2027”;

(l)

scriostar mír 12 go mír 18;

(m)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 20:

“20.   Coigeartófar, de réir mar is iomchuí, leibhéal na saor-leithdháiltí a thabharfar do shuiteálacha a bhfuil méadú nó laghdú, mar a mheasúnaítear ar bhonn mheán rollach dhá bhliain, níos mó ná 15 % tagtha ar a gcuid oibríochtaí i gcomparáid leis an leibhéal a úsáideadh ar dtús chun an saor-leithdháileadh a chinneadh don tréimhse ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 11(1). Cuirfear coigeartuithe den sórt sin i gcrích le lamháltais ó mhéid na lamháltas a chuirtear ar leataobh i gcomhréir le mír 7 den Airteagal seo nó trí lamháltais a chur le méid na lamháltas sin.”;

(n)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“21.   D'fhonn a áirithiú go ndéanfar na coigeartuithe agus an tairseach dá dtagraítear i mír 20 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm ar bhealach éifeachtach, neamh-idirdhealaitheach agus aonfhoirmeach, chun nach mbeidh aon ualach riaracháin míchuí ann agus chun cosc a chur ar chúbláil nó ar mhí-úsáid na gcoigeartuithe ar an leithdháileadh, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena saineofar tuilleadh socruithe le haghaidh na gcoigeartuithe. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22a(2).”.

(15)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10b agus Airteagal 10c:

“Airteagal 10b

Bearta idirthréimhseacha chun tacú le tionscail áirithe dianfhuinnimh i gcás sceitheadh carbóin a bheith ann

1.   Earnálacha agus fo-earnálacha ar ina leith is mó ná 0,2 an toradh a fhaightear tar éis déine a gcuid trádála le tríú tíortha, arna sainmhíniú amhail an cóimheas idir luach iomlán na n-onnmhairithe chuig tríú tíortha móide luach na n-allmhairí ó thríú tíortha agus méid iomlán an mhargaidh sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (an láimhdeachas bliantúil móide iomlán na n-allmhairí ó thríú tíortha), a iolrú faoi dhéine a gcuid astaíochtaí, arna dtomhas in kgCO2, arna roinnt ar a n-oll-bhreisluach (in euro), measfar go bhfuil riosca sceitheadh carbóin ag roinnt leo. Leithdháilfear lamháltais saor in aisce ar earnálacha agus fo-earnálacha den sórt sin don tréimhse go dtí 2030 de réir 100 % den chainníocht a chinntear de bhun Airteagal 10a.

2.   Earnálacha agus fo-earnálacha ar ina leith is mó ná 0,15 an toradh a fhaightear tar éis déine a gcuid trádála le tríú tíortha a iolrú faoi dhéine a gcuid astaíochtaí, féadfar iad a áireamh sa ghrúpa dá dtagraítear i mír 1, agus leas á bhaint as sonraí do na blianta ó 2014 go 2016, ar bhonn measúnú cáilíochtúil a dhéanamh agus ar bhonn na gcritéar seo a leanas:

(a)

a mhéid is féidir do shuiteálacha aonair san earnáil nó san fho-earnáil lena mbaineann leibhéil na n-astaíochtaí nó tomhaltas leictreachais a laghdú;

(b)

saintréithe reatha agus réamh-mheasta an mhargaidh, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, aon phraghas tagartha comhchoiteann;

(c)

corrlaigh bhrabúis mar tháscaire féideartha ar an infheistíocht fadtréimhse nó ar chinntí maidir le hathshuíomh, agus aird á tabhairt ar athruithe i gcostais táirgthe a bhaineann le laghduithe ar astaíochtaí.

3.   Earnálacha agus fo-earnálacha nach sáraíonn an tairseach dá dtagraítear i mír 1, ach ag a mbeidh déine astaíochtaí a thomhaistear in kgCO2, arna roinnt ar a n-ollbhreisluach (in euro), atá níos mó ná 1,5, déanfar na hearnálacha agus na fo-earnálacha sin a mheasúnú freisin ar leibhéal 4-dhigit (cód NACE-4). Cuirfidh an Coimisiún torthaí an mheasúnaithe sin ar fáil don phobal.

Laistigh de thrí mhí ó dháta an fhoilsithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh na hearnálacha agus na fo-earnálacha dá dtagraítear san fhomhír sin iarratas a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun go ndéanfadh sé measúnú cáilíochtúil ar a neamhchosaint ar sceitheadh carbóin ag leibhéal 4-dhigit (cód NACE-4) nó measúnú ar bhonn an aicmithe earraí a úsáidtear le haghaidh staidreamh maidir le táirgeadh tionsclaíoch san Aontas ar leibhéal 8-dhigit (Prodcom). Chuige sin, tíolacfaidh earnálacha agus fo-earnálacha sonraí a mbeidh bunús cuí leo agus a bheidh iomlán agus a bheidh fíoraithe go neamhspleách chun go bhféadfaidh an Coimisiún an measúnú a dhéanamh agus freastal ar an iarratas.

I gcás ina roghnóidh earnáil nó fo-earnáil go ndéanfar measúnú uirthi ar leibhéal 4-dhigit (cód NACE-4), féadfar í a áireamh sa ghrúpa dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn na gcritéar dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) de mhír 2. I gcás ina roghnóidh earnáil nó fo-earnáil go ndéanfar measúnú uirthi ar leibhéal 8-ndigit (Prodcom), áireofar í sa ghrúpa dá dtagraítear i mír 1 ar choinníoll go sáraítear, ar an leibhéal sin, an tairseach de 0,2 dá dtagraítear i mír 1.

Earnálacha agus fo-earnálacha a ndéantar saor-leithdháileadh a ríomh ar bhonn na luachanna tagarmhairc dá dtagraítear sa cheathrú fomhír d'Airteagal 10a(2), féadfaidh siad a iarraidh go ndéanfar measúnú orthu i gcomhréir leis an tríú fomhír den mhír seo.

De mhaolú ar mhír 1 agus ar mhír 2, féadfaidh Ballstát a iarraidh, faoin 30 Meitheamh 2018, go mbeartófar go ndéanfar earnáil nó fo-earnáil, a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/746/AE ón gCoimisiún (*6) i leith aicmithe ar leibhéal 6-dhigit nó ar leibhéal 8-ndigit (Prodcom), a áireamh sa ghrúpa dá dtagraítear i mír 1. Ní dhéanfar aon iarraidh den sórt sin a mheas ach amháin i gcás ina suífidh an Ballstát iarrthach go mbeidh bonn cirt le cur i bhfeidhm an mhaolaithe sin ar bhonn sonraí a sholáthróidh an earnáil nó an fho-earnáil lena mbaineann, ar sonraí iad a mbeidh bunús cuí leo agus a bheidh iomlán, fíoraithe agus iniúchta do na cúig bliana is déanaí, agus go n-áireoidh sé san iarratas an fhaisnéis uile a bheidh ábhartha. Ar bhonn na sonraí sin, áireofar an earnáil nó an fho-earnáil lena mbaineann i leith na n-aicmithe sin i gcás ina léirítear ina leith, laistigh de chód ilchineálach leibhéal 4-dhigit (cód NACE-4), go bhfuil déine trádála agus déine astaíochtaí aici, ar leibhéal 6-dhigit nó ar leibhéal 8-ndigit (Prodcom) atá i bhfad níos airde agus lena sáraítear an tairseach a leagtar amach i mír 1.

4.   Meastar go bhfuil earnálacha agus fo-earnálacha eile in ann níos mó de chostais na lamháltas a thabhairt ar aghaidh i bpraghsanna táirgí, agus leithdháilfear lamháltais saor in aisce orthu de réir 30 % den cháilíocht a chinntear de bhun Airteagal 10a. Mura gcinntear a mhalairt san athbhreithniú de bhun Airteagal 30, saor-leithdháiltí d'earnálacha agus d'fho-earnálacha eile, cé is moite de théamh ceantair, laghdófar iad de réir méideanna cothroma tar éis 2026 ionas nach mbeidh saor-leithdháileadh ar bith ann in 2030.

5.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, faoin 31 Nollaig 2019, i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an Treoir seo a fhorlíonadh maidir leis na hearnálacha agus na fo-earnálacha a chinneadh a meastar a bhfuil riosca sceitheadh carbóin ag roinnt leo, amhail dá dtagraítear i mír 1, i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo, i dtaca le gníomhaíochtaí ar leibhéal 4-dhigit (cód NACE-4) a mhéid a bhaineann le mír 1 den Airteagal seo, bunaithe ar na sonraí do na trí bliana féilire is déanaí a chur ar fáil.

Airteagal 10c

Rogha le haghaidh saor-leithdháileadh idirthréimhseach chun an earnáil fuinnimh a nuachóiriú

1.   De mhaolú ar Airteagal 10a(1) go (5), maidir leis na Ballstáit ina raibh OTI per capita in 2013 de réir margadhphraghsanna (in euro) atá faoi bhun 60 % de mheán an Aontais, féadfaidh siad saor-leithdháileadh idirthréimhseach a thabhairt do shuiteálacha chun leictreachas a ghiniúint d'fhonn an earnáil fuinnimh a nuachóiriú agus a éagsúlú, agus d'fhonn í a chlaochlú ar bhonn inbhuanaithe. Na hinfheistíochtaí sin a fhaigheann tacaíocht, beidh siad ag teacht leis an aistriú chuig geilleagar sábháilte, inbhuanaithe ísealcharbóin, le cuspóirí chreat beartais 2030 an Aontais don aeráid agus don fhuinneamh, agus leis na cuspóirí fadtéarmacha a leagtar síos i gComhaontú Pháras a bhaint amach. Tiocfaidh deireadh leis an maolú dá bhforáiltear sa mhír seo an 31 Nollaig 2030.

2.   Eagróidh an Ballstát lena mbaineann próiseas tairisceana iomaíoch, a chuirfear ar bun idir 2021 agus 2030 agus ina mbeidh babhta amháin nó níos mó i gceist leis, le haghaidh tionscadail lena mbaineann infheistíocht de mhéid iomlán is mó ná EUR 12,5 milliún, chun na hinfheistíochtaí atá le maoiniú trí shaor-leithdháileadh a roghnú. Leis an bpróiseas tairisceana iomaíoch sin:

(a)

comhlíonfar prionsabail na trédhearcachta, an neamh-idirdhealaithe, na córa comhionainne agus na bainistíochta fónta airgeadais;

(b)

cinnteofar nach mbeidh ach na tionscadail lena gcuirtear le héagsúlú a bhfoinsí éagsúla fuinnimh agus a bhfoinsí soláthair, athstruchtúrú riachtanach, uasghrádú comhshaoil agus iarfheistiú comhshaoil an bhonneagair, teicneolaíochtaí glana, amhail teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite, nó nuachóiriú earnáil an táirgthe fuinnimh, amhail téamh ceantair éifeachtúil, inbhuanaithe, agus nuachóiriú earnáil an tarchuir agus earnáil an dáilte fuinnimh, incháilithe chun tairiscintí a dhéanamh;

(c)

saineofar critéir roghnúcháin shoiléire, oibiachtúla, thrédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha chun tionscadail a rangú, ionas go gcinnteofar nach roghnófar tionscadail ach amháin na cinn seo a leanas:

(i)

na cinn lena gcinnteofar gnóthachan glan dearfach ó thaobh laghdú astaíochtaí agus lena réadófar leibhéal suntasach réamh-shainaitheanta laghduithe CO2, ar bhonn anailís chostais agus sochair agus aird á tabhairt ar mhéid an tionscadail;

(ii)

na cinn is tionscadail bhreise, lena bhfreagraítear go soiléir do riachtanais athsholáthair agus nuachóirithe agus nach soláthraítear méadú leo atá faoi thionchar an mhargaidh san éileamh fuinnimh;

(iii)

na cinn a thugann an luach is fearr ar airgead; agus

(iv)

na cinn nach rannchuidíonn le hinmharthanacht airgeadais na giniúna leictreachais sin atá dian ar astaíochtaí nó nach méadaíonn an spleáchas ar bhreoslaí iontaise atá dian ar astaíochtaí.

De mhaolú ar Airteagal 10(1), agus gan dochar d'abairt deiridh mhír 1 den Airteagal seo, i gcás ina ndéantar infheistíocht a roghnaítear trí phróiseas tairisceana iomaíoch a chur ar ceal nó nach mbaintear amach an fheidhmíocht atá beartaithe, féadfar na lamháltais arna gcur in áirithe a úsáid trí aon bhabhta breise amháin den phróiseas tairisceana iomaíoch aon bhliain amháin ina dhiaidh sin, ar a luaithe, chun infheistíochtaí eile a mhaoiniú.

Faoin 30 Meitheamh 2019, maidir le haon Bhallstát a bhfuil sé beartaithe aige úsáid a bhaint as saor-leithdháileadh idirthréimhseach roghnach chun an earnáil fuinnimh a nuachóiriú, foilseoidh sé creat náisiúnta mionsonraithe ina leagfar amach an próiseas tairisceana iomaíoch, lena n-áirítear an méid babhtaí a bheartaítear dá dtagraítear sa chéad fhomhír, agus na critéir roghnúcháin chun go ndéanfadh an pobal trácht air.

I gcás infheistíochtaí a bhfuil a luach níos lú ná EUR 12,5 milliún atá le tacú le saor-leithdháileadh agus nach roghnaítear trí phróiseas tairisceana iomaíoch dá dtagraítear sa mhír seo a dhéanamh, déanfaidh an Ballstát na tionscadail a roghnú ar bhonn critéir thrédhearcacha agus oibiachtúla. Foilseofar torthaí an phróisis roghnúcháin sin chun go ndéanfadh an pobal trácht orthu. Ar an mbonn sin, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann, faoin 30 Meitheamh 2019, liosta infheistíochtaí a bhunú agus a fhoilsiú agus cuirfidh sé faoi bhráid an Choimisiúin é. I gcás ina ndéantar níos mó ná infheistíocht amháin laistigh den suiteáil chéanna, déanfar iad a mheas ina n-iomláine chun a fháil amach cé acu a sháraítear nó nach sáraítear an luach tairsí de EUR 12,5 milliún, mura rud é go bhfuil na hinfheistíochtaí sin, ar bhealach neamhspleách, inmharthana go teicniúil nó ó thaobh an airgeadais de.

3.   Beidh luach na n-infheistíochtaí beartaithe ar a laghad comhionann le margadhluach an tsaor-leithdháilte, agus an gá le teorainn a chur le méaduithe ar phraghsanna atá nasctha go díreach á chur san áireamh ag an am céanna. Is ionann an margadhluach agus meán phraghas na lamháltas ar an gcomhardán ceantála sa bhliain féilire roimhe sin. Féadfar suas go dtí 70 % de chostais ábhartha infheistíochta a thacú trí leas a bhaint as an saor-leithdháileadh, ar choinníoll go ndéanann eintitis dhlíthiúla phríobháideacha na costais atá fágtha a mhaoiniú.

4.   Déanfar saor-leithdháiltí idirthréimhseacha a bhaint as cainníocht na lamháltas a chuirfeadh an Ballstát ar ceant thairis sin. Ní mó an saor-leithdháileadh iomlán ná 40 % de na lamháltais a gheobhaidh an Ballstát lena mbaineann, de bhun Airteagal 10(2)(a), sa tréimhse ó 2021 go 2030, arna leathadh amach i méideanna bliantúla comhionanna thar an tréimhse sin.

5.   I gcás ina n-úsáidfidh Ballstát, de bhun Airteagal 10d(4), lamháltais a dháiltear chun críocha na dlúthpháirtíochta, an fháis agus idirnasc laistigh den Aontas i gcomhréir le Airteagal 10(2)(b) féadfaidh an Ballstát sin, de mhaolú ar mhír 4 den Airteagal seo, cainníocht iomlán, suas go dtí 60 % de na lamháltais a fhaightear sa tréimhse ó 2021 go 2030 de bhun Airteagal 10(2)(a), a úsáid le haghaidh saor-leithdháileadh idirthréimhseach, agus leas á bhaint as méid comhfhreagrach de na lamháltais a dháiltear i gcomhréir le hAirteagal 10(2)(b).

Aon lamháltais nach leithdháilfear faoin Airteagal seo faoi 2020, féadfar iad a leithdháileadh thar an tréimhse ó 2021 go 2030 d'infheistíochtaí a roghnaítear tríd an bpróiseas tairisceana iomaíoch dá dtagraítear i mír 2, mura rud é go gcuireann an Ballstát lena mbaineann in iúl don Choimisiún faoin 30 Meán Fómhair 2019 go bhfuil rún aige gan cuid de na lamháltais sin, nó na lamháltais go léir, a leithdháileadh thar an tréimhse ó 2021 go 2030 agus go gcuireann sé an Coimisiún ar an eolas faoi mhéid na lamháltas a bheidh le cur ar ceant ina ionad sin in 2020. I gcás ina leithdháiltear lamháltas den sórt sin thar an tréimhse ó 2021 go 2030, cuirfear méid comhfhreagrach lamháltas san áireamh le haghaidh theorainn 60 %, a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo, a chur i bhfeidhm.

6.   Déanfar leithdháiltí ar oibreoirí tar éis a léiriú go ndearnadh infheistíocht arna roghnú i gcomhréir le rialacha an phróisis tairisceana iomaíoch. Más rud é go mbeidh acmhainn bhreise giniúna leictreachais ann mar thoradh ar infheistíocht, léireoidh an t-oibreoir lena mbaineann, freisin, go ndearna sé, nó go ndearna oibreoir comhlachaithe eile, méid comhfhreagrach de chumas giniúna leictreachais a bhfuil déine a chuid astaíochtaí níos airde, a dhíchoimisiúnú faoin am a gcuirtear tús le hoibriú an chumais bhreise.

7.   Ceanglóidh na Ballstáit ar ghineadóirí leictreachais agus ar oibreoirí líonra is tairbhithe tuarascáil a thabhairt, faoin 28 Feabhra gach bliain, maidir le cur chun feidhme a n-infheistíochtaí roghnaithe, lena n-áirítear iarmhéid an tsaor-leithdháilte agus an chaiteachais infheistíochta a tabhaíodh agus na cineálacha infheistíochtaí a dtacaítear leo. Tabharfaidh na Ballstáit tuarascáil don Choimisiún maidir leis sin, agus cuirfidh an Coimisiún na tuarascálacha sin ar fáil don phobal.

(*6)  Cinneadh 2014/746/AE ón gCoimisiún an 27 Deireadh Fómhair 2014 lena gcinntear, de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, liosta earnálacha agus fo-earnálacha a mheastar a bheith i mbaol suntasach sceite carbóin, don tréimhse 2015 go dtí 2019 (IO L 308, 29.10.2014, lch. 114).”."

(16)

Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 10d

Ciste don Nuachóiriú

1.   Bunófar ciste chun tacú le hinfheistíochtaí atá beartaithe ag na Ballstáit is tairbhithe, lena n-áirítear tionscadail infheistíochta ar mhionscála a mhaoiniú, chun córais fuinnimh a nuachóiriú agus chun an éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú, sna Ballstáit sin a bhfuil OTI per capita acu de réir margadh phraghsanna faoi bhun 60 % de mheán an Aontais in 2013 (an “Ciste don Nuachóiriú”) don tréimhse ó 2021 go 2030. Maoineofar an Ciste don Nuachóiriú trí lamháltais a chur ar ceant mar a leagtar amach in Airteagal 10.

Beidh na hinfheistíochtaí sin a fhaigheann tacaíocht ag teacht le haidhmeanna na Treorach seo, agus le cuspóirí chreat beartais 2030 an Aontais don aeráid agus don fhuinneamh agus leis na cuspóirí fadtéarmacha a leagtar síos i gComhaontú Pháras. Ní chuirfear aon tacaíocht ón gCiste don Nuachóiriú ar fáil do shaoráidí giniúna fuinnimh a úsáideann breoslaí iontaise soladacha, cé is moite de théamh ceantair éifeachtúil, inbhuanaithe i mBallstáit a bhfuil OTI per capita acu de réir margadhphraghsanna atá faoi bhun 30 % de mheán an Aontais in 2013, ar choinníoll go ndéantar méid lamháltas ar luach coibhéiseach ar a laghad a úsáid le haghaidh infheistíochtaí faoi Airteagal 10c nach mbaineann breoslaí iontaise soladacha leo.

2.   Déanfar ar a laghad 70 % de na hacmhainní airgeadais ón gCiste don Nuachóiriú a úsáid chun tacú le hinfheistíochtaí i nginiúint agus in úsáid leictreachais ó fhoinsí in-athnuaite, i bhfeabhsú na héifeachtúlachta fuinnimh, cé is moite den éifeachtúlacht fuinnimh maidir le giniúint fuinnimh lena n-úsáidtear breoslaí iontaise soladacha, i stóráil fuinnimh agus chun i nuachóiriú na líonraí fuinnimh, lena n-áirítear píblínte téimh cheantair, eangaigh le haghaidh leictreachas a tharchur agus méadú a dhéanamh ar na hidirnaisc idir na Ballstáit, mar aon le tacú le haistriú cóir i réigiúin, sna mBallstát is tairbhí, a bhíonn ag brath ar an gcarbón, chun tacú le hath-imlonnú, le hathoiliúint agus le breisoiliúint oibreoirí, leis an oideachas, le tionscnaimh cuardaithe poist agus le gnólachtaí nuathionscanta, agus an t-agallamh ar bun leis na comhpháirtithe sóisialta. Infheistíochtaí san éifeachtúlacht fuinnimh san iompar, i bhfoirgnimh, sa talmhaíocht agus i gcúrsaí dramhaíola, beidh siadsan incháilithe freisin.

3.   Is faoi fhreagracht na mBallstát is tairbhithe a bheidh an Ciste don Nuachóiriú ag feidhmiú. Áiritheoidh BEI go gcuirfear na lamháltais ar ceant i gcomhréir leis na prionsabail agus leis na rialacha mionsonraithe a leagtar síos in Airteagal 10(4) agus is é a bheidh freagrach as an ioncam a bhainistiú. Déanfaidh BEI an t-ioncam a chur ar aghaidh chuig na Ballstáit nuair a dhéanann an Coimisiún cinneadh maidir le heisíocaíocht, más rud é go mbíonn an t-eisíoc sin le haghaidh infheistíochtaí i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo nó, i gcás nach dtagann na hinfheistíochtaí faoi na réimsí a liostaítear i mír 2 den Airteagal seo, más rud é go mbíonn an t-eisíoc i gcomhréir le moltaí an choiste infheistíochta. Glacfaidh an Coimisiún an cinneadh sin go tráthúil. Dáilfear an t-ioncam ar na Ballstáit agus de réir na sciartha a leagtar amach in Iarscríbhinn IIb, i gcomhréir le mír 6 go mír 12 den Airteagal seo.

4.   Féadfaidh aon Bhallstát lena mbaineann úsáid a bhaint as an saor-leithdháileadh iomlán a dheonaítear de bhun Airteagal 10c(4), nó cuid den leithdháileadh sin, agus méid na lamháltas a dháiltear chun críocha na dlúthpháirtíochta, an fháis agus idirnasc laistigh den Aonta, i gcomhréir le hAirteagal 10(2)(b), nó cuid den méid sin, i gcomhréir le hAirteagal 10d, chun tacaíocht a thabhairt d'infheistíochtaí faoi chuimsiú an Chiste don Nuachóiriú, agus ar an gcaoi sin méadófar na hacmhainní a dháiltear ar an mBallstát sin. Faoin 30 Meán Fómhair 2019, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún faoi mhéideanna na lamháltas, faoi seach, a úsáidfear faoi Airteagal 10(2)(b), faoi Airteagal 10c agus faoi Airteagal 10d.

5.   Bunaítear leis seo coiste infheistíochta don Chiste don Nuachóiriú. Ar an gcoiste infheistíochta beidh ionadaí ó gach Ballstát is tairbhí, ón gCoimisiún agus ó BEI, agus trí ionadaí arna dtoghadh ag na Ballstáit eile go ceann tréimhse cúig bliana. Is é an t-ionadaí ón gCoimisiún a bheidh mar chathaoirleach air. Féadfaidh ionadaí amháin ó gach Ballstát, nach comhalta den choiste infheistíochta é, freastal ar chruinnithe an choiste i gcáil breathnóra.

Feidhmeoidh an coiste infheistíochta ar bhealach trédhearcach. Déanfar comhdhéanamh an choiste infheistíochta agus curricula vitae agus dearbhuithe leasanna a chomhaltaí a chur ar fáil don phobal agus, i gcás inar gá, a thabhairt cothrom le dáta.

6.   Sula gcinneann Ballstát is tairbhí infheistíocht a mhaoiniú óna sciar féin den Chiste don Nuachóiriú, cuirfidh sé an tionscadal infheistíochta faoi bhráid an choiste infheistíochta agus faoi bhráid BEI. I gcás ina ndeimhneoidh BEI go dtagann an infheistíocht faoi na réimsí a liostaítear i mír 2, féadfaidh an Ballstát dul ar aghaidh chun an tionscadal infheistíochta a mhaoiniú óna sciar féin.

I gcás nach dtagann infheistíocht i nuachóiriú na gcóras fuinnimh, a bhfuil sé beartaithe í a mhaoiniú ón gCiste don Nuachóiriú, faoi na réimsí a liostaítear i mír 2, déanfaidh an coiste infheistíochta inmharthanacht theicniúil agus airgeadais na hinfheistíochta sin a mheas, lena n-áirítear an laghdú astaíochtaí a bhaineann sí amach, agus eiseoidh sé moladh maidir leis an infheistíocht a mhaoiniú ón gCiste don Nuachóiriú. Áiritheoidh an coiste infheistíochta go mbainfear amach feabhas suntasach ar éifeachtúlacht fuinnimh chomh maith le laghdú ar astaíochtaí le haon infheistíocht a bhaineann le téamh ceantair. Féadfar moltaí maidir le hionstraimí iomchuí maoiniúcháin a áireamh ar an moladh sin. Féadfar suas le 70 % de chostais ábhartha infheistíochta nach dtagann faoi na réimsí a liostaítear i mír 2 a thacú le hacmhainní ón gCiste don Nuachóiriú ar choinníoll go ndéanann eintitis dhlíthiúla phríobháideacha na costais atá fágtha a mhaoiniú.

7.   Féachfaidh an coiste infheistíochta lena chuid moltaí a ghlacadh de chomhthoil. Mura bhfuil an coiste infheistíochta in ann cinneadh a dhéanamh trí chomhthoil laistigh de spriocdháta arna shocrú ag an gcathaoirleach, déanfaidh sé an cinneadh sin trí thromlach simplí.

Mura dtacóidh ionadaí ó BEI le hinfheistíocht a mhaoiniú, ní ghlacfar moladh ach amháin má vótálann tromlach dhá thrian de na comhaltaí ar fad ina fhabhar. Ní bheidh ionadaí an Bhallstáit ina ndéanfar an infheistíocht ná an t-ionadaí ó BEI i dteideal vóta a chaitheamh sa chás sin. Ní bheidh feidhm ag an bhfomhír seo maidir le tionscadail ar mhionscála arna gcistiú trí iasachtaí arna soláthar ag banc náisiúnta le haghaidh spreagtha nó trí dheontais lena gcuirtear le cur chun feidhme cláir náisiúnta a mbeidh cuspóirí sonracha ag baint leis i gcomhréir le cuspóirí an Chiste don Nuachóiriú, ar choinníoll nach n-úsáidtear níos mó ná 10 % de sciar na mBallstát a leagtar amach in Iarscríbhinn IIb faoin gclár.

8.   Gníomh ar bith nó moladh ar bith ó BEI nó ón gcoiste infheistíochta a dhéanfar de bhun mhír 6 agus mhír 7, déanfar iad go tráthúil agus luafar na cúiseanna ar a bhfuil siad bunaithe. Cuirfear gníomhartha agus moltaí den sórt sin ar fáil go poiblí.

9.   Is iad na Ballstáit is tairbhithe a bheidh freagrach as obair leantach a dhéanamh maidir le cur chun feidhme na dtionscadal a roghnaítear.

10   Tabharfaidh na Ballstáit is tairbhithe tuarascáil bhliantúil don Choimisiún maidir le hinfheistíochtaí arna maoiniú ag an gCiste don Nuachóiriú. Cuirfear an tuarascáil ar fáil go poiblí agus beidh na nithe seo a leanas mar chuid di:

(a)

faisnéis faoi na hinfheistíochtaí arna maoiniú in aghaidh an Bhallstáit is tairbhí;

(b)

measúnú ar an mbreisluach, ó thaobh éifeachtúlacht fuinnimh nó nuachóiriú an chórais fuinnimh, arna ghnóthú tríd an infheistíocht.

11.   Tabharfaidh an coiste infheistíochta tuarascáil don Choimisiún gach bliain ar an taithí a fuair sé i dtaca le hinfheistíochtaí a mheas. Faoin 31 Nollaig 2024, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na réimsí a bhaineann leis na tionscadail dá dtagraítear i mír 2, agus torthaí an choiste infheistíochta á gcur san áireamh aige, agus déanfaidh sé athbhreithniú freisin ar an mbunús atá le moltaí an choiste infheistíochta.

12.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bhaineann le rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú an Chiste don Nuachóiriú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22a(2).”.

(17)

In Airteagal 11(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“Déanfar liosta de shuiteálacha a chumhdaítear leis an Treoir seo do na cúig bliana dar tús an 1 Eanáir 2021 a thíolacadh faoin 30 Meán Fómhair 2019, agus déanfar liostaí do gach tréimhse cúig bliana dá éis a thíolacadh gach cúig bliana ina dhiaidh sin. Cuirfear faisnéis san áireamh i ngach liosta maidir le gníomhaíocht táirgthe, aistrithe teasa agus gás, táirgeadh leictreachais agus astaíochtaí ar leibhéal na foshuiteála thar na cúig bliana féilire roimh a thíolacadh. Ní thabharfar saor-leithdháiltí ach do shuiteálacha a soláthraítear an fhaisnéis sin ina leith.”.

(18)

In Airteagal 11a, scriostar mír 8 agus mír 9.

(19)

In Airteagal 11b, scriostar mír 7.

(20)

In Airteagal 12(4), cuirtear na habairtí seo a leanas leis:

“I gcás ina ndúntar acmhainn giniúna leictreachais ina gcríoch féin mar gheall ar bhearta náisiúnta eile, féadfaidh Ballstáit lamháltais a chealú ó chainníocht iomlán na lamháltas a bheidh le cur ar ceant acu dá dtagraítear in Airteagal 10(2) suas go méid a chomhfhreagraíonn do mheán-astaíochtaí fíoraithe na suiteála lena mbaineann thar thréimhse cúig bliana sular dúnadh iad. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas faoin gcealú atá beartaithe i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 10(4).”.

(21)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13:

“Airteagal 13

Bailíocht na lamháltas

Beidh lamháltais a eisítear ón 1 Eanáir 2013 ar aghaidh bailí thar thréimhse éiginnte. Cuirfear san áireamh i lamháltais a eiseofar ón 1 Eanáir 2021 ar aghaidh táscaire lena léirítear cé acu an tréimhse 10 mbliana dar tús an 1 Eanáir 2021 inar eisíodh iad, agus beidh siad bailí d'astaíochtaí ón gcéad bhliain den tréimhse ar aghaidh.”.

(22)

In Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bhaineann leis na socruithe mionsonraithe chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí agus, i gcás inarb ábhartha, ar shonraí gníomhaíochta, i ndáil leis na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I, chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar na sonraí tona-ciliméadair chun críche iarratas faoi Airteagal 3e nó Airteagal 3f, agus an t-iarratas sin bunaithe ar na prionsabail a bhaineann le faireachán agus tuairisciú a leagtar amach in Iarscríbhinn IV agus ar na ceanglais a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo. Déanfaidh na gníomhartha cur chun feidhme sin acmhainneacht téite domhanda gach gáis ceaptha teasa a shainiú freisin sna riachtanais a bhaineann le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar na hastaíochtaí don ghás sin.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22a(2).”.

(23)

In Airteagal 15, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír, an cheathrú mír agus an chúigiú mír:

“Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bhaineann le fíorú na dtuarascálacha ar astaíochtaí bunaithe ar na prionsabail a leagtar amach in Iarscríbhinn V agus chun na fíoraitheoirí a chreidiúnú agus a mhaoirsiú. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh freisin maidir le fíorú na dtuarascálacha arna gcur isteach ag oibreoirí aerárthaí de bhun Airteagal 14(3) agus maidir le hiarratais faoi Airteagal 3e agus Airteagal 3f, lena n-áirítear na nósanna imeachta fíorúcháin a bheidh le húsáid ag fíoraitheoirí. Saineoidh sé na coinníollacha maidir le creidiúnú agus maidir le creidiúnú a tharraingt siar, maidir le haitheantas frithpháirteach agus meastóireacht phiaraí ar chomhlachtaí creidiúnúcháin, de réir mar is iomchuí.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22a(2).”.

(24)

In Airteagal 16, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 12:

“12.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bhaineann le rialacha mionsonraithe maidir leis na nósanna imeachta dá dtagraítear san Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22a(2).”.

(25)

In Airteagal 19, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na ceanglais uile is gá agus a bhaineann le Clárlann an Aontais, don tréimhse dar tús an 1 Eanáir 2013 agus do thréimhsí ina dhiaidh sin, a leagan síos i bhfoirm bunachar sonraí leictreonach caighdeánaithe ina bhfuil eilimintí sonraí coiteanna chun eisiúint, sealbhú, aistriú agus cur ar ceal lamháltas a rianú, de réir mar is infheidhme, agus chun foráil a dhéanamh maidir le rochtain phoiblí agus rúndacht, de réir mar is iomchuí. Cuirfear forálacha san áireamh sna gníomhartha tarmligthe sin, freisin, chun rialacha a chur i bhfeidhm maidir le haitheantas frithpháirteach lamháltas i gcomhaontuithe chun córais trádála astaíochtaí a nascadh.”.

(26)

Leasaítear Airteagal 21 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheathrú habairt:

“Déanfar an tuarascáil a tharraingt suas ar bhonn ceistneora nó achoimre a bheidh le glacadh ag an gCoimisiún i bhfoirm gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22a(2).”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“4.   Gach trí bliana, tabharfaidh aird ar leith sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 ar na bearta coibhéiseacha a glacadh i gcás suiteálacha beaga a eisiatar ó EU ETS. Déanfar an tsaincheist maidir le bearta coibhéiseacha a glacadh i gcás suiteálacha beaga a mheas freisin le linn an mhalartaithe faisnéise dá dtagraítear i mír 3.”.

(27)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 22:

“Airteagal 22

Leasuithe ar na hIarscríbhinní

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir seo a leasú, i gcás inarb iomchuí, cé is moite d'Iarscríbhinn I, d'Iarscríbhinn IIa agus d'Iarscríbhinn IIb, i bhfianaise na dtuarascálacha dá bhforáiltear in Airteagal 21 agus i bhfianaise na taithí a fhaightear agus an Treoir seo á cur i bhfeidhm. Féadfar Iarscríbhinn IV agus Iarscríbhinn V a leasú chun feabhas a chur ar an bhfaireachán, ar an tuairisciú agus ar an bhfíorú a dhéantar ar astaíochtaí.”.

(28)

Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 22a

Nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh an Coiste um Athrú Aeráide a bunaíodh le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*7) cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*8).

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d'Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(*7)  Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le sásra chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus chun faisnéis eile atá ábhartha don athrú aeráide a thuairisciú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 280/2004/CE (IO L 165, 18.6.2013, lch. 13)."

(*8)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).”."

(29)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 23:

“Airteagal 23

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 3d(3), 10(4), 10a(1) agus (8), 10b(5), 19(3), Airteagal 22, Airteagal 24(3), Airteagal 24a(1), Airteagal 25a(1) agus Airteagal 28c a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón 8 Aibreán 2018.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 3d(3), 10(4), 10a(1) agus (8), 10b(5), 19(3), Airteagal 22, Airteagal 24(3), Airteagal 24a(1), Airteagal 25a(1) agus Airteagal 28c a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*9).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 3d(3), 10(4), 10a(1) agus (8), 10b(5), 19(3), Airteagal 22, Airteagal 24(3), Airteagal 24a(1), Airteagal 25a(1) agus Airteagal 28c i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

(*9)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”."

(30)

Leasaítear Airteagal 24 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Féadfaidh na Ballstáit, ó 2008 ar aghaidh, trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an Treoir seo maidir le gníomhaíochtaí agus le gáis ceaptha teasa nach liostaítear in Iarscríbhinn I, agus na critéir ábhartha go léir á gcur san áireamh, go háirithe na héifeachtaí ar an margadh inmheánach, saobhadh iomaíochta ionchasach, sláine comhshaoil EU ETS agus iontaofacht an chórais faireacháin agus tuairiscithe atá pleanáilte, ar choinníoll go ndéanann an Coimisiún áireamh na ngníomhaíochtaí agus na ngás ceaptha teasa sin a fhormheas i gcomhréir le gníomhartha tarmligthe a dtugtar de chumhacht don Choimisiún iad a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23.”;

(b)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an Treoir seo a fhorlíonadh chun na críche sin.”.

(31)

Leasaítear Airteagal 24a mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre agus an dara fomhír:

“1.   Sa bhreis ar an méid a chuirtear san áireamh in Airteagal 24, féadfaidh an Coimisiún bearta a ghlacadh maidir le creidmheasanna nó lamháltais a eisiúint i ndáil le tionscadail arna riaradh ag Ballstáit agus lena laghdaítear a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa ach nach gcumhdaítear iad ag EU ETS.

Beidh bearta den sórt sin i gcomhréir le gníomhartha arna nglacadh de bhun iar-Airteagal 11b(7) mar a bhí sé i bhfeidhm roimh an 8 Aibreán 2018. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an Treoir seo a fhorlíonadh tríd an nós imeachta a bheidh le leanúint a leagan amach.”;

(b)

scriostar mír 2.

(32)

In Airteagal 25, scriostar mír 25.

(33)

In Airteagal 25a(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhír agus an dara fomhír:

“I gcás ina nglacann tríú tír bearta chun laghdú a dhéanamh ar an tionchar ar an athrú aeráide a bhíonn ag eitiltí a imíonn ón tír sin agus a thuirlingíonn san Aontas, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an tríú tír sin, agus le Ballstáit laistigh den Choiste dá dtagraítear in Airteagal 22a(1), na roghanna atá ar fáil a mheas chun an idirghníomhaíocht is mó a chinntiú idir EU ETS agus bearta na tíre sin.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo a leasú chun foráil a dhéanamh chun na heitiltí a thagann ón tríú tír lena mbaineann a eisiamh ó na gníomhaíochtaí eitlíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I nó chun foráil a dhéanamh maidir le haon leasuithe eile ar na gníomhaíochtaí eitlíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I a cheanglaítear le comhaontú arna thabhairt i gcrích de bhun Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ach amháin iad siúd a bhaineann le raon feidhme.”.

(34)

In Airteagal 27(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Fanfaidh suiteáil ar bith den sórt sin in EU ETS go dtí deireadh na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 11(1) ar lena linn a tugadh isteach an athuair í.”.

(35)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 27a

Eisiamh roghnach suiteálacha a astaíonn níos lú ná 2 500 tona

1.   Féadfaidh na Ballstáit suiteálacha a eisiamh ó EU ETS, ar suiteálacha iad a thuairiscigh d'údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann gur astaíodh coibhéis dé-ocsáid charbóin dar luach níos lú ná 2 500 tona, gan aird a thabhairt ar astaíochtaí bithmhaise, i ngach ceann de na trí bliana roimh an bhfógra faoi phointe (a), ar choinníoll go ndéanann an Ballstát lena mbaineann an méid seo a leanas go léir:

(a)

an Coimisiún a chur ar an eolas faoi gach suiteáil den sórt sin sula mbeidh liosta na suiteálacha le tíolaic de bhun Airteagal 11(1) nó ar a dhéanaí nuair a chuirtear an liosta faoi bhráid an Choimisiúin;

(b)

a dheimhniú go bhfuil socruithe simplithe faireacháin i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh an n-astaíonn suiteáil 2 500 tona, nó níos mó ná sin, de choibhéis dé-ocsaíde carbóin, gan aird a thabhairt ar astaíochtaí bithmhaise, in aon bhliain féilire;

(c)

a dheimniú go gcuirfear ar ais in EU ETS suiteáil ar bith a astaíonn 2 500 tona, nó níos mó ná sin, de choibhéis dé-ocsaíde carbóin, gan aird a thabhairt ar astaíochtaí bithmhaise, in aon bhliain féilire; agus

(d)

an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a), (b) agus (c) a chur ar fáil don phobal.

2.   I gcás ina gcuirtear suiteáil ar ais in EU ETS de bhun phointe (c) de mhír 1 den Airteagal seo, deonófar aon lamháltas a leithdháiltear de bhun Airteagal 10a agus tosófar leis sin an bhliain ina ndéantar í a chur ar ais. Bainfear na lamháltais a leithdháiltear do shuiteáil den sórt sin ón méid a bheidh le cur ar ceant de bhun Airteagal 10(2) ag an mBallstát ina bhfuil an tsuiteáil bunaithe.

3.   Féadfaidh Ballstáit cúlaonaid nó aonaid chúltaca a eisiamh ó EU ETS freisin mura raibh siad ag obair níos mó ná 300 uair in aghaidh na bliana i ngach ceann de na trí bliana roimh an bhfógra faoi phointe (a) de mhír 1, faoi na coinníollacha céanna arna leagan amach i mír 1 agus i mír 2.”.

(36)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 28c:

“Airteagal 28c

Forálacha maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh chun críche an bhirt atá bunaithe ar an margadh domhanda

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an Treoir seo a fhorlíonadh maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí ar mhaithe le beart ICAO atá bunaithe ar an margadh domhanda a chur chun feidhme ar gach bealach taistil a chuimsítear leis an mbeart sin. Bunófar na gníomhartha tarmligthe sin ar ionstraimí ábhartha a ghlactar in ICAO, seachnófar leo aon saobhadh ar an iomaíochas agus beidh siad comhsheasmhach leis na prionsabail atá sna gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 14(1), agus áiritheofar leo go ndéanfar na tuarascálacha astaíochtaí a thíolactar a fhíorú i gcomhréir leis na prionsabail agus na critéir a leagtar síos in Airteagal 15.”.

(37)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 30:

“Airteagal 30

Athbhreithniú i bhfianaise Comhaontú Pháras a chur chun feidhme agus i bhfianaise margaí carbóin a fhorbairt i mórgheilleagair eile

1.   Coinneofar an Treoir seo faoi athbhreithniú i bhfianaise imeachtaí idirnáisiúnta agus i bhfianaise an mhéid a rinneadh chun cuspóirí fadtéarmacha Chomhaontú Pháras a bhaint amach.

2.   Coinneofar faoi athbhreithniú freisin na bearta a thacaíonn le tionscail áirithe dianfhuinnimh a d'fhéadfadh bheith faoi réir an sceitheadh carbóin dá dtagraítear in Airteagal 10a agus in Airteagal 10b, i bhfianaise bearta beartais aeráide i mórgheilleagair eile. Sa chomhthéacs seo, measfaidh an Coimisiún ar chóir bearta eile a chomhchuibhiú tuilleadh maidir le costais neamhdhíreacha a chúiteamh.

3.   Tabharfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle mar gheall ar gach stocáireamh domhanda a comhaontaíodh faoi Chomhaontú Pháras, go háirithe i dtaca leis an ngá atá le breis beartas agus beart ón Aontas ag féachaint do na laghduithe nach mór don Aontas agus do na Ballstát a dhéanamh maidir le gás ceaptha teasa, lena n-áirítear i dtaca leis an bhfachtóir líneach dá dtagraítear in Airteagal 9. Féadfaidh an Coimisiún tograí a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun an Treoir seo a leasú i gcás inarb iomchuí.

4.   Roimh an 1 Eanáir 2020, cuirfidh an Coimisiún anailís nuashonraithe i láthair ar éifeachtaí na heitlíochta nach éifeachtaí a bhaineann le CO2 iad, lena ngabhfaidh, i gcás inarb iomchuí, togra maidir leis an mbealach is fearr chun aghaidh a thabhairt ar na héifeachtaí sin.”.

(38)

In Iarscríbhinn IIa a ghabhann le Treoir 2003/87/CE, scriostar na hiontrálacha a bhaineann leis an mBeilg, leis an Iodáil, le Lucsamburg agus leis an tSualainn.

(39)

Cuirtear an téacs atá in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo in ionad Iarscríbhinn IIb a ghabhann le Treoir 2003/87/CE.

(40)

Leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2003/87/CE i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 2

Leasuithe ar Chinneadh (AE) 2015/1814

Leasaítear Airteagal 1 de Chinneadh (AE) 2015/1814 mar a leanas:

(1)

Sa chéad fhomhír de mhír 5, cuirtear an abairt seo a leanas léi:

“De mhaolú ar an gcéad abairt agus an dara habairt, déanfar na céatadáin agus na 100 milliún lamháltas dá dtagraítear sna habairtí sin a dhúbailt go dtí an 31 Nollaig 2023.”.

(2)

Cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“5a.   Mura rud é go gcinnfear a mhalairt sa chéad athbhreithniú arna dhéanamh i gcomhréir le Airteagal 3, ní bheidh lamháltas a choinnítear sa chúlchiste os cionn líon iomlán na lamháltas a cuireadh ar ceant i rith na bliana roimhe sin bailí a thuilleadh ó 2023.”.

Airteagal 3

Trasuí

1.   Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 9 Deireadh Fómhair 2019. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun na hoibleagáidí um fhoilsiú agus um thuairisciú atá i bpointe (14)(f) d'Airteagal 1 den Treoir seo maidir le hAirteagal 10a(6) de Threoir 2003/87/CE a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 31 Nollaig 2018.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 4

Foráil idirthréimhseach

Agus a n-oibleagáid mar a leagtar amach sa chéad fhomhír d'Airteagal 3(1) den Treoir seo á comhlíonadh acu, cinnteoidh na Ballstáit go leanfaidh a reachtaíocht náisiúnta lena dtrasuítear Airteagal 10, Airteagal 10a(4) go (7), an chéad fhomhír agus an dara fomhír d'Airteagal 10a(8), Airteagal 10a(12) go (18), Airteagal 10c agus Airteagal 11a(8) agus (9) de Threoir 2003/87/CE, agus Iarscríbhinn IIa agus Iarscríbhinn IIb a ghabhann leis an Treoir sin, mar atá siad i bhfeidhm an 19 Márta 2018 d'fheidhm a bheith aici go dtí an 31 Nollaig 2020. Leanfaidh an liosta atá san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/746/AE d'fheidhm a bheith aige go dtí an 31 Nollaig 2020.

Airteagal 5

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 6

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna déanamh in Strasbourg, 14 Márta 2018.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. PAVLOVA


(1)  IO C 71, 24.2.2016, lch. 57.

(2)  IO C 240, 1.7.2016, lch. 62.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Feabhra 2018 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 27 Feabhra 2018.

(4)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

(5)  Treoir 2009/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE chun an scéim ón gComhphobal i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa a fheabhsú agus a shíneadh (IO L 140, 5.6.2009, lch. 63).

(6)  Cinneadh Uimh. 406/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le hiarrachtaí na mBallstát chun a gcuid astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú chun gealltanais laghdaithe an Chomhphobail i ndáil le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a chomhlíonadh go dtí 2020 (IO L 140, 5.6.2009, lch. 136).

(7)  Cinneadh (AE) 2015/1814 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2015 maidir le cúlchiste cobhsaíochta margaidh a bhunú agus a fheidhmiú do scéim an Aontais i ndáil le trádáil astaíochtaí gás ceaptha teasa agus lena leasaítear Treoir 2003/87/CE (IO L 264, 9.10.2015, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 1031/2010 ón gCoimisiún an 12 Samhain 2010 maidir le huainiú, riarachán agus gnéithe eile a bhaineann le ceantáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal (IO L 302, 18.11.2010, lch. 1).

(9)  Treoir 91/692/CCE ón gComhairle an 23 Nollaig 1991 lena gcaighdeánaítear agus lena réasúnaítear tuarascálacha maidir le cur chun feidhme Treoracha áirithe a bhaineann leis an gcomhshaol (IO L 377, 31.12.1991, lch. 48).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le sásra chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus chun faisnéis eile atá ábhartha don athrú aeráide a thuairisciú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 280/2004/CE (IO L 165, 18.6.2013, lch. 13).

(11)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 an 16 Feabhra 2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(13)  Cinneadh 2011/278 ón gCoimisiún an 27 Aibreán 2011 lena gcinntear rialacha uile-Aontais idirthréimhseacha le haghaidh lamháltais astaíochtaí a leithdháileadh saor in aisce ar bhealach comhchuibhithe de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 130, 17.5.2011, lch. 1).

(14)  Cinneadh 2014/746/AE ón gCoimisiún an 27 Deireadh Fómhair 2014 lena gcinntear, de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, liosta earnálacha agus fo-earnálacha a mheastar a bheith i mbaol suntasach sceite carbóin, don tréimhse 2015 go dtí 2019 (IO L 308, 29.10.2014, lch. 114).

(15)  IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.


IARSCRÍBHINN I

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn IIb a ghabhann le Treoir 2003/87/CE:

IARSCRÍBHINN IIb

DÁILEADH NA GCISTÍ ÓN gCISTE DON NUACHÓIRIÚ GO DTÍ AN 31 NOLLAIG 2030

 

Sciar an chiste don nuachóiriú

An Bhulgáir

5,84 %

Poblacht na Seice

15,59 %

An Eastóin

2,78 %

An Chróit

3,14 %

An Laitvia

1,44 %

An Liotuáin

2,57 %

An Ungáir

7,12 %

An Pholainn

43,41 %

An Rómáin

11,98 %

An tSlóvaic

6,13 %

”.

IARSCRÍBHINN II

I gCuid A d'Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2003/87/CE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na míre faoin gceathrú ceannteideal dar teideal “Faireachán ar astaíochtaí eile gás ceaptha teasa”:

“Úsáidfear modhanna caighdeánaithe nó inghlactha arna bhforbairt ag an gCoimisiún i gcomhar leis na geallsealbhóirí ábhartha go léir agus arna nglacadh de bhun Airteagal 14(1).”.


Top