Accept Refuse

EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32017R2393

Rialachán (AE) 2017/2393 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2017 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 maidir le tacaíocht d'fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT), (AE) Uimh. 1306/2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air, (AE) Uimh. 1307/2013 lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta, (AE) Uimh. 1308/2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus (AE) Uimh. 652/2014 lena leagtar síos forálacha maidir le bainistiú caiteachais i ndáil leis an mbiashlabhra, sláinte ainmhithe agus leas ainmhithe, agus i ndáil le sláinte plandaí agus ábhar atáirgthe plandaí

OJ L 350, 29.12.2017, p. 15–49 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/2393/oj

29.12.2017   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

15


RIALACHÁN (AE) 2017/2393 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 13 Nollaig 2017

lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 maidir le tacaíocht d'fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT), (AE) Uimh. 1306/2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air, (AE) Uimh. 1307/2013 lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta, (AE) Uimh. 1308/2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus (AE) Uimh. 652/2014 lena leagtar síos forálacha maidir le bainistiú caiteachais i ndáil leis an mbiashlabhra, sláinte ainmhithe agus leas ainmhithe, agus i ndáil le sláinte plandaí agus ábhar atáirgthe plandaí

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 42, Airteagal 43(2) agus pointe (b) d'Airteagal 168(4) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí (1)

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (3),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (4),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

D'fhonn deimhneacht dhlíthiúil agus cur chun feidhme comhchuibhithe agus neamh-idirdhealaitheach na tacaíochta d'fheirmeoirí óga a áirithiú, tá sé riachtanach a fhoráil gurb amhlaidh, i gcomhthéacs forbairt tuaithe, go gciallaíonn “dáta an bhunaithe”, dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus i rialacha ábhartha eile, an dáta a ndéanann nó a dtugann an t-iarratasóir chun críche gníomhaíocht a bhaineann leis an mbunú sin den chéad uair agus tá sé riachtanach a fhoráil freisin go dtíolacfar an t-iarratas ar thacaíocht ar a dhéanaí 24 mhí tar éis an dáta sin. Ina theannta sin, is léir ón taithí a fuarthas le linn idirbheartaíocht a dhéanamh ar na cláir gur cheart soiléiriú a thabhairt ar na rialacha maidir le comhbhunú feirmeoirí óga agus maidir leis na tairseacha maidir le rochtain ar thacaíocht a cheanglaítear faoi Airteagal 19(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, agus gur cheart forálacha maidir le tréimhse an phlean ghnó a chuíchóiriú freisin.

(2)

D'fhonn éascú a dhéanamh ar chur chun feidhme sheirbhísí comhairle agus oiliúna Údaráis Bhainistíochta na mBallstát, ba cheart stádas a bhronnadh ar na húdaráis sin mar thairbhithe faoin mbeart sin, agus ba cheart a áirithiú ag an am céanna gur comhlacht a bheidh neamhspleách ó thaobh feidhme de ar na húdaráis sin a dhéanfaidh soláthróir na seirbhíse a roghnú agus gur ar leibhéal an tsoláthraí comhairle nó oiliúna a dhéanfar seiceálacha.

(3)

D'fhonn an rannpháirtíocht i scéimeanna cáilíochta a dhreasú, ba ceart d'fheirmeoirí nó do ghrúpaí feirmeoirí a ghlacann páirt i scéimeanna den sórt sin sna 5 bliana roimh an iarratas ar thacaíocht a bheith incháilithe ar feadh uastréimhse dar fad 5 bliana, agus aird chuí á tabhairt ag an am céanna ar an uair a bhí siad rannpháirteach sa scéim den chéad uair.

(4)

D'fhonn bheith sách tarraingteach don earnáil phríobháideach, tá sé bunriachtanach go ndéanfaí ionstraimí airgeadais a cheapadh agus a chur chun feidhme ar mhodh solúbtha agus trédhearcach. I bhfianaise na taithí a fuarthas, áfach, is amhlaidh gur le rialacha incháilitheachta áirithe atá beartsonrach a chuirtear teorainn leis an nglacadh le hionstraimí airgeadais sna cláir forbartha tuaithe agus a chuirtear bac ar bhainisteoirí ciste úsáid sholúbtha a bhaint as ionstraimí airgeadais. Dá bhrí sin, is iomchuí a fhoráil nach mbeidh feidhm ag rialacha incháilitheachta áirithe atá beartsonrach maidir le hionstraimí airgeadais. Ar an gcúis chéanna sin, is iomchuí freisin a fhoráil go bhféadfar cabhair nuathionscanta d'fheirmeoirí óga faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 a sholáthar i bhfoirm ionstraimí airgeadais. Ag féachaint do na hathruithe sin, ba cheart a fhoráil gurb amhlaidh, i gcásanna ina ndeonaítear tacaíocht d'infheistíochtaí faoi Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 i bhfoirm ionstraimí airgeadais, nach mór don infheistíocht rannchuidiú le ceann amháin nó níos mó de thosaíochtaí an Aontais maidir le forbairt tuaithe.

(5)

D'fhonn an t-ualach riaracháin a laghdú i ndáil le cur chun feidhme an phrionsabail nach ndéanfar aon chistiú dúbailte i ndáil le glasú, ba cheart an deis a thabhairt do na Ballstáit meán-asbhaint sheasta a chur i bhfeidhm i gcás gach tairbhí lena mbaineann a bhíonn i mbun na hoibríochta nó an fhobhearta atá i gceist.

(6)

Bíonn níos mó rioscaí eacnamaíocha ag bagairt ar fheirmeoirí sa lá atá inniu ann de bharr forbairtí sa mhargadh. Ní théann na rioscaí eacnamaíocha sin i bhfeidhm ar gach earnáil talmhaíochta ar an mbealach céanna, áfach. Dá dhroim sin, ba cheart an deis a thabhairt do na Ballstáit, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, cabhair a thabhairt d'fheirmeoirí trí uirlis earnáilsonrach cobhsaithe ioncaim a sholáthar, go háirithe i gcás earnálacha atá buailte le titim ghéar ioncaim a d'imreodh tionchar suntasach eacnamaíoch ar limistéar tuaithe sonrach, ar an gcoinníoll go sáraíonn an titim san ioncam tairseach de 20 % ar a laghad. D'fhonn a áirithiú go mbeidh an uirlis earnáilsonrach cobhsaithe ioncaim éifeachtach agus go gcuirtear in oiriúint í do chúinsí sonracha na mBallstát, ba cheart go mbeadh sé indéanta acu sainiú a dhéanamh, ina gcuid clár forbartha tuaithe, ar an ioncam nach mór a chur san áireamh chun an uirlis a ghníomhachtú, ar bhealach solúbtha. Ag an am céanna, agus d'fhonn úsáid árachais a chur chun cinn i measc feirmeoirí, is ceart an tairseach is infheidhme d'árachas maidir le titim na táirgeachta a laghdú go 20 %. Ina theannta sin, d'fhonn faireachán a dhéanamh ar an gcaiteachas leis an uirlis earnáilsonrach cobhsaithe ioncaim agus leis an árachas, ba cheart a bhfuil i bplean airgeadais an chláir a oiriúnú.

(7)

Maidir leis an gceanglas tuairiscithe sonrach don bheart bainistithe riosca sa bhliain 2018 dá dtagraítear in Airteagal 36(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, cumhdaítear é sin cheana féin leis an tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le faireachán agus le meastóireacht a dhéanamh ar an gcomhbheartas talmhaíochta (CBT) dá dtagraítear in Airteagal 110(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Dá bhrí sin, ba cheart an dara fomhír d'Airteagal 36(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 a scriosadh.

(8)

Maidir le cistí frithpháirteacha d'fheirmeoirí gach earnála, is cosúil gur bac ar fheidhmiú éifeachtach na gcistí sin an toirmeasc ar aon ranníocaíocht a dhéanamh as cistí poiblí i leith stoc caipitil tosaigh a leagtar síos in Airteagal 38(3) agus in Airteagal 39(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013. Ba cheart, dá bhrí sin, an toirmeasc sin a scriosadh. Is iomchuí freisin leathnú a dhéanamh ar na réimsí sin is féidir a chumhdach le ranníocaíochtaí airgeadais le cistí frithpháirteacha, ionas gur féidir le ranníocaíochtaí a bheith ina bhforlíonadh ar na híocaíochtaí bliantúla a théann isteach sna cistí, agus baint a bheith acu freisin lena stoc caipitil tosaigh.

(9)

I dtaca le tacaíocht d'infheistíochtaí le haghaidh athshlánú a dhéanamh ar an acmhainneacht táirgeachta tar éis tubaistí nádúrtha agus teagmhais thurraingeacha faoi phointe (b) d'Airteagal 18(1) agus faoi phointe (d) d'Airteagal 24(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, is iondúil go ndeonaítear a leithéid do gach iarratasóir incháilithe. Dá bhrí sin, níor cheart oibleagáid a bheith ar na Ballstáit critéir roghnúcháin a shainiú le haghaidh oibríochtaí athshlánaithe. Thairis sin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit modhanna malartacha roghnúcháin a shainiú nuair a fhágann cineál na n-oibríochtaí nach féidir critéir roghnúcháin a shainiú.

(10)

Sainítear in Airteagal 59 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 na huasrátaí ranníocaíochta ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT). D'fhonn an brú a mhaolú ar bhuiséad náisiúnta cuid de na Ballstáit agus d'fhonn infheistíochtaí a bhfuil géarghá leo sa Chipir a bhrostú, ba cheart síneadh a chur leis an uasráta ranníocaíochta 100 % dá dtagraítear i bpointe (f) d'Airteagal 59(4) den Rialachán sin go dtí go gcríochnófar an clár. Ina theannta sin, ba cheart tagairt a dhéanamh in Airteagal 59(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 don ráta ranníocaíochta sonrach a tugadh isteach i Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) le haghaidh na hionstraime airgeadais nua dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 38(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

(11)

De bhun Airteagal 60(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, i gcásanna ina bhfuil bearta éigeandála i gceist de bharr tubaistí nádúrtha, féadfaidh incháilitheacht an chaiteachais a bhaineann le hathruithe ar an gclár tosú ón dáta ar tharla an tubaiste nádúrtha. I dtaca leis an bhféidearthacht sin caiteachas a rinneadh sular cuireadh isteach leasú ar an gclár a mheas mar chaiteachas incháilithe, ba cheart í a leathnú chuig cúinsí eile freisin, amhail teagmhais thurraingeacha nó athrú suntasach tobann i ndálaí socheacnamaíocha an Bhallstáit nó an réigiúin.

(12)

De bhun an dara fomhír d'Airteagal 60(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, i dtaca le hinfheistíochtaí in earnáil na talmhaíochta, ní bheidh incháilithe ach caiteachas arna thabhú tar éis iarratas a chur isteach. I gcásanna, áfach, ina mbaineann an infheistíocht le bearta éigeandála de bharr tubaistí nádúrtha, teagmhais thurraingeacha nó teagmhais dhíobhálacha aeráide nó de bharr athrú suntasach tobann i ndálaí socheacnamaíocha an Bhallstáit nó an réigiúin, ba cheart an deis a thabhairt do na Ballstáit a fhoráil ina gcuid clár gurb incháilithe a bheidh caiteachas arna thabhú tar éis an teagmhais, d'fhonn a bhfreagairt sholúbtha, thráthúil ar theagmhais den sórt sin a áirithiú. D'fhonn tacaíocht éifeachtúil a chur ar fáil d'oibríochtaí éigeandála arna ngabháil de láimh ag na Ballstáit mar fhreagairt ar theagmhais a tharla le roinnt blianta anuas, ba cheart feidhm a bheith ag an deis sin ón 1 Eanáir 2016.

(13)

D'fhonn méadú a dhéanamh ar úsáid na roghanna costais shimplithe dá dtagraítear i bpointe (b) go pointe (d) d'Airteagal 67(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, ní mór teorainn a chur leis na rialacha a bhaineann go sonrach le CETFT a leagtar síos in Airteagal 62(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 maidir le cúnamh arna dheonú i gcomhréir le pointe (a) agus le pointe (b) d'Airteagal 21(1), a bhaineann le hioncam tarscaoilte agus le costais chothabhála, agus i gcomhréir le hAirteagal 28 go hAirteagal 31, le hAirteagal 33 agus le hAirteagal 34 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013.

(14)

Ceanglaítear le hAirteagal 74 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ar na Ballstáit dul i gcomhairle le Coiste Faireacháin an chláir forbartha tuaithe maidir leis na critéir roghnúcháin laistigh de thréimhse 4mhí ó fhormheas an chláir. Cuireann an méid sin oibleagáid indíreach ar na Ballstáit na critéir roghnúcháin uile a bheith sainithe acu faoin dáta sin, fiú amháin i gcás na nglaonna ar iarratais a sheolfar ina dhiaidh sin. D'fhonn an t-ualach riaracháin neamhriachtanach a laghdú, agus a áirithiú ag an am céanna go n-úsáidfear acmhainní airgeadais ar an mbealach is fearr is féidir, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit na critéir roghnúcháin a shainiú agus tuairim ón gCoiste Faireacháin a iarraidh tráth ar bith roimh fhoilsiú na nglaonna ar iarratais.

(15)

D'fhonn cur leis an úsáid a bhaintear as árachas barr, ainmhithe agus plandaí, agus as cistí frithpháirteacha agus as uirlis cobhsaithe ioncaim, ba cheart céatadán uasta na tacaíochta poiblí tosaigh a ardú ó 65 % go 70 %.

(16)

Baintear úsáid as an smacht airgeadais chun a áirithiú go gcloíonn an buiséad don Chiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) leis na huasteorainneacha bliantúla faoi seach den chreat airgeadais ilbhliantúil agus chun an cúlchiste le haghaidh géarchéimeanna in earnáil na talmhaíochta a bhunú. I bhfianaise a theicniúla a shocraítear an ráta coigeartaithe d'íocaíochtaí díreacha agus i bhfianaise an naisc nádúrtha atá aige le meastacháin chaiteachais an Choimisiúin a leagtar amach ina dhréachtbhuiséad bliantúil, ba cheart simpliú a dhéanamh ar an nós imeachta le haghaidh an ráta coigeartaithe a shocrú trí údarás a thabhairt don Choimisiún é a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach.

(17)

D'fhonn na rialacha maidir le saoradh uathoibríoch a leagtar amach in Airteagal 87 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus in Airteagal 38 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 a chomhchuibhiú, ba cheart oiriúnú a dhéanamh ar an dáta faoinar gá do na Ballstáit faisnéis faoi eisceachtaí ón saoradh, dá dtagraítear in Airteagal 38(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, a sheoladh chuig an gCoimisiún.

(18)

D'fhonn foráil a dhéanamh don tsoiléireacht dhlíthiúil maidir leis an dóigh a gcaithfear le gnóthuithe arna nginiúint as na laghduithe sealadacha faoi Airteagal 41(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, ba cheart an ceann deireanach sin a chur ar áireamh sa liosta d'fhoinsí an ioncaim shannta faoi Airteagal 43 den Rialachán sin.

(19)

Ar mhaithe leis an simpliú riaracháin, is iomchuí méadú ó EUR 150 go EUR 250 a dhéanamh ar an tairseach faoina bhféadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh gan dul sa tóir ar aisghabháil íocaíochtaí neamhdhlite ar an gcoinníoll go gcuireann an Ballstát tairseach is cothrom leis sin nó is airde ná sin i bhfeidhm i dtaca le gan dul sa tóir ar fhiacha náisiúnta.

(20)

Maidir le diúltú d'íocaíochtaí nó aisghabháil íocaíochtaí mar thoradh ar neamh-chomhlíonadh rialacha soláthair phoiblí, is iomchuí a áirithiú go léiríonn siad tromchúis an neamh-chomhlíonta sin agus go n-urramaíonn siad prionsabal na comhréireachta, mar a chuirtear in iúl, mar shampla, sna treoirlínte ábhartha arna mbunú ag an gCoimisiún le haghaidh ceartuithe airgeadais a dhéanfar ar chaiteachas arna mhaoiniú ag an Aontas faoi bhainistíocht roinnte i gcás neamh-chomhlíonadh na rialacha sin. Is iomchuí freisin a shoiléiriú gur faoin méid suas go dtí an leibhéal den chuid sin den chabhair nach mbeidh le híoc nó a bheidh le tarraingt siar, agus faoin méid sin amháin, a dhéanann neamh-chomhlíonadh den sórt sin difear do dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart.

(21)

D'fhonn an t-ualach riaracháin a laghdú d'fheirmeoirí beaga, ba cheart maolú breise a thabhairt isteach, lena ndíolmhófaí feirmeoirí beaga ó dháileachtaí nach ndéantar iarratas ar íocaíocht orthu a fhógairt.

(22)

Ag féachaint do na deacrachtaí praiticiúla sonracha a eascraíonn as comhchuibhiú na sprioc-amanna íocaíochta le haghaidh íocaíochtaí a bhaineann le limistéar idir an CERT agus an CETFT, ba cheart fad bliana a chur leis an idirthréimhse. Mar sin féin, i dtaca le bearta forbartha tuaithe a bhaineann le limistéar, ba cheart an fhéidearthacht maidir le réamhíocaíochtaí a dhéanamh roimh an 16 Deireadh Fómhair a choinneáil ar bun d'fhonn sreabhadh airgid na bhfeirmeoirí a choinneáil slán.

(23)

D'fhonn aitheantas a thabhairt d'éagsúlacht na gcóras talmhaíochta atá san Aontas, is iomchuí cead a thabhairt do na Ballstáit talamh nár cuireadh faoin gcéachta, ar ábhartha é i dtaca leis an ngné agranamaíoch agus chomhshaoil, a mheas mar chritéar a úsáidfear chun féarthailte buana a rangú.

(24)

Mar sin féin, is féidir beatha ainmhithe a tháirgeadh as toir nó as crainn áirithe nach ndéanann ainmhithe iad a innilt go díreach. Ba cheart an cead a thabhairt do na Ballstáit na toir nó na crainn sin a áireamh i bhféarthailte buana i gcás inarb iad féara agus foráiste luibheach eile sin a fhanann ceannasach, i gcuid dá gcríoch nó ina gcríoch go léir.

(25)

D'fhonn soiléiriú a dhéanamh ar rangú na talún a fhágtar bán mar thalamh arúil sa tréimhse roimh 2018, i gcás inar fágadh bán é le 5 bliana nó níos mó, agus d'fhonn cinnteacht a thabhairt do na feirmeoirí lena mbaineann, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann rangú na talún sin mar thalamh arúil a choinneáil in 2018.

(26)

I dtaca le talamh in-innilte nach mbíonn féara agus foráiste luibheach eile ceannasach air nó i gcás nach ann dóibh, agus nach bhfuil na cleachtais innilte traidisiúnta ná tábhachtach ó thaobh biotóip agus gnáthóga a chaomhnú, is féidir leis sin a bheith ábhartha ó thaobh innilte i réimsí áirithe. Ba cheart an cead a thabhairt do na Ballstáit na limistéir sin a mheas mar fhéarach buan i gcuid dá gcríoch nó ina gcríoch go léir.

(27)

Tá sé léirithe ag an taithí a fuarthas sna chéad bhlianta inar cuireadh chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) nár bhain Ballstáit áirithe a bhí ag cur na scéime íocaíochta aonair limistéir i bhfeidhm úsáid as méid iomlán na gcistí a bhí ar fáil faoi na huasteorainneacha buiséadacha a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2015/1089 ón gCoimisiún (9). Maidir leis na Ballstáit atá ag cur scéim na híocaíochta bunúsaí i bhfeidhm, tá siad in ann cheana féin, faoi réir teorainneacha áirithe, teidlíochtaí íocaíochta a dháileadh ar luach is airde ná an méid atá ar fáil dá scéim íocaíochta bunúsaí chun a áirithiú go n-úsáidtear cistí ar bhealach níos éifeachtúla. Ba cheart cead a thabhairt freisin do na Ballstáit atá ag cur na scéime íocaíochta aonair limistéir i bhfeidhm, faoi réir na dteorainneacha comhchoiteanna céanna agus gan dochar d'urramú na nglan-uasteorainneacha le haghaidh íocaíochtaí díreacha, ríomh a dhéanamh ar an méid riachtanach faoina bhféadfar a n-uasteorainn faoin scéim íocaíochta aonair limistéir a mhéadú.

(28)

Tá Ballstáit áirithe ann a gcláraítear feirmeoirí ó thaobh a gcuid gníomhaíochtaí talmhaíochta i gcláir fhioscacha nó i gcláir slándála sóisialta. Ba cheart do na Ballstáit sin a bheith in ann feirmeoirí nach bhfuil cláraithe dá réir sin a eisiamh ionas nach measfar iad a bheith incháilithe le haghaidh íocaíochtaí díreacha.

(29)

Toisc gur léiríodh an taithí a fuarthas san am a caitheadh gur deonaíodh tacaíocht i roinnt cásanna do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha nach dírithe ar ghníomhaíocht talmhaíochta a bhí a gcuspóir gnó, nó nach raibh ag an gcuspóir sin ach ceangal fánach le gníomhaíocht talmhaíochta, tugadh isteach, le Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, clásal an fheirmeora ghníomhaigh. Dá bhun, tá na Ballstáit le staonadh ó íocaíochtaí díreacha a dheonú do dhaoine áirithe seachas i gcás inar féidir leis na daoine sin a léiriú nach gníomhaíocht talmhaíochta fhánach a bhíonn ar siúl acu. Mar sin féin, is léir ón taithí ina dhiaidh sin go bhfuil deacrachtaí ag roinnt mhaith de na Ballstát na trí chritéar a liostaítear sa tríú fomhír d'Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 a chur chun feidhme, ar critéir iad nach mór a chomhlíonadh chun go measfar feirmeoir mar fheirmeoir gníomhach. D'fhonn an t-ualach riaracháin a bhaineann le cur chun feidhme na dtrí chritéar a laghdú, ba cheart do na Ballstáit an deis a bheith acu a chinneadh nach gcuirtear ach ceann amháin nó dhá cheann díobh ar fáil le léiriú gur feirmeoir gníomhach é an duine.

(30)

Anuas air sin, is é an taithí atá ag roinnt de na Ballstáit gur lú de bhuntáiste dóibh na deacrachtaí agus costais riaracháin a bhaineann le cur chun feidhme na gcodanna a bhaineann le liosta na ngníomhaíochtaí nó na ngnólachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, ná líon an-teoranta de thairbhithe neamhghníomhacha a eisiamh as na scéimeanna tacaíochta dírí. I gcás ina measann Ballstát gurb amhlaidh dó féin, ba cheart cead a bheith aige scor d'Airteagal 9 de a chur i bhfeidhm i dtaca le liosta na ngníomhaíochtaí nó na ngnólachtaí.

(31)

Is iomchuí a léiriú go follasach go gceadaítear, le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, do na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh, ar bhonn bliantúil, ar a gcinntí maidir le laghdú a dhéanamh ar an gcuid den íocaíocht bhunúsach a sháraíonn EUR 150 000 agus a bheidh le deonú ar fheirmeoirí, ar choinníoll nach é a thiocfaidh as athbhreithniú den sórt sin laghdú ar na méideanna a bhíonn ar fáil don fhorbairt tuaithe.

(32)

D'fhonn a cheadú do na Ballstáit tacaíocht faoi CBT a oiriúnú dá sainriachtanais féin, ba cheart deiseanna iomchuí a thabhairt dóibh athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh atá déanta acu maidir le cistí a aistriú ó uasteorainn na n-íocaíochtaí díreacha acu chuig an gclár forbartha tuaithe agus vice versa. Ba cheart, dá bhrí sin, an deis a thabhairt dóibh freisin athbhreithniú a dhéanamh ar a gcinneadh le héifeacht ón mbliain féilire 2019 amach, ar an gcoinníoll nach mbeidh aon ísliú ar na méideanna a shanntar don fhorbairt tuaithe i gceist le haon chinneadh den sórt sin.

(33)

De bhreis ar an úsáid a bhaint as laghdú líneach ar luach na dteidlíochtaí íocaíochta faoi scéim na híocaíochta bunúsaí chun cúlchistí náisiúnta nó réigiúnacha a athlíonadh chun rannpháirtíocht feirmeoirí óga a éascú mar aon le rannpháirtíocht feirmeoirí a mbeidh tús á chur lena ngníomhaíocht talmhaíochta acu sa scéim tacaíochta, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit freisin úsáid a bhaint as an sásra céanna chun maoiniú a dhéanamh ar na bearta a ghlactar chun cosc a chur ar thalamh a thréigean agus chun feirmeoirí a chúiteamh as míbhuntáistí sonracha.

(34)

Chun an chomhsheasmhacht a shimpliú agus a fheabhsú i dtaca leis na rialacha is infheidhme maidir le bearta i ndáil le glasú, i gcás na díolúine ón oibleagáid maidir leis an limistéar ina ndírítear ar an éiceolaíocht a bheidh infheidhme do ghabháltais nach saothraítear orthu ach barra léagúmacha nó barra léagúmacha maille le féara nó foráiste luibheach eile, nó i gcás inar talamh bán níos mó ná 75 % den talamh arúil de bhun phointe (a) d'Airteagal 46(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, ba cheart an díolúine sin a leathnú ionas go gcuimseofar inti an oibleagáid maidir le héagsúlú barr.

(35)

D'fhonn an chomhsheasmhacht a áirithiú i dtaca leis an gcaoi a meastar barra áirithe de chineálacha éagsúla, i ngeall ar an sciar mór a bhíonn i gceist leo i réimsí áirithe, ba cheart, i dtaca leis an gceanglas um éagsúlú barr, síneadh a chur leis an tsolúbthacht i dtaca le cur i bhfeidhm na rialacha um éagsúlú barr faoi Airteagal 44(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ar feadh sciar nach suaill den bhliain nó ar feadh sciar nach suaill dá dtimthriall ionas go gcuimseofar sna rialacha sin saothrú barr faoi uisce.

(36)

D'fhonn cuíchóiriú a dhéanamh ar na díolúintí atá ann cheana ón oibleagáid maidir le héagsúlú barr a leagtar amach in i bpointe (a) agus i bpointe (b) d'Airteagal 44(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, is infheidhme maidir le talamh a úsáidtear den chuid is mó chun féar nó foráiste luibheach eile a tháirgeadh, nó chun barra léagúmacha a shaothrú nó chun barra faoi uisce a shaothrú, nó ar talamh bán den chuid is mó é nó féarthalamh buan, agus ionas go mbeadh an chóir chéanna le fáil ag gach feirmeoir darb ionann an limistéar talún acu, ní ceart feasta don uasteorainn 30 heictéar i gcás talamh a úsáidtear a bheith infheidhme.

(37)

D'fhonn an tsainiúlacht agranamaíoch a bhaineann le Triticum spelta a chur san áireamh, ba cheart é a mheas mar bharr ar leith chun críocha Airteagal 44 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013.

(38)

D'fhonn cuíchóiriú a dhéanamh ar na díolúintí atá ann cheana ón oibleagáid maidir leis an limistéar ina ndírítear ar an éiceolaíocht, a leagtar amach i bpointe (a) agus i bpointe (b) d'Airteagal 46(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, agus is infheidhme do thalamh a úsáidtear den chuid is mó chun féar nó foráiste luibheach eile a tháirgeadh, chun barra léagúmacha a shaothrú nó chun barra faoi uisce a shaothrú, nó ar talamh bán den chuid is mó é nó féarthalamh buan, níor cheart feidhm a bheith feasta ag na coinníollacha a bhaineann leis an uasteorainn 30 heictéar i gcás talamh arúil.

(39)

Ó thaobh na bithéagsúlachta de, ó tharla go bhféadfaí sochair indíreacha chomhshaoil a bhaint as barra buana áirithe, ba cheart Miscanthus agus Silphium perfoliatum a chur leis an liosta de na cineálacha limistéar ina ndírítear ar an éiceolaíocht a leagtar amach in Airteagal 46 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013. Ó tharla go bhféadfadh cineál an fhásra dea-thionchar a imirt ar an rannchion bithéagsúlachta a bhaineann le talamh a fhágtar bán, ba cheart aitheantas mar limistéar ina ndírítear ar an éiceolaíocht a thabhairt do thalamh den chineál sin a fhágtar bán ionas go bhfásfaidh plandaí milmheara air. Dá dhroim sin, ba cheart fachtóirí ualaithe a bhunú do Miscanthus, do Silphium perfoliatum agus do thalamh a fhágtar bán ionas go bhfásfaidh plandaí milmheara air. Ba cheart na fachtóirí ualaithe sin a bhunú ar bhealach a léiríonn a dtábhacht don bhithéagsúlacht. Má táthar le breis cineálacha limistéar ina ndírítear ar an éiceolaíocht a thabhairt isteach, ní mór na fachtóirí ualaithe atá ann cheana maidir le limistéir ina bhfásann barra fosaithe nítrigine agus maidir le limistéir ina bhfuil garráin ghearruainíochta a chur in oiriúint ionas go léireofaí an chothromaíocht nua idir gach cineál limistéar ina ndírítear ar an éiceolaíocht.

(40)

Léirítear leis an taithí a fuarthas agus an scéim tacaíochta d'fheirmeoirí óga á cur i bhfeidhm faoi Airteagal 50 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 nach féidir leis na feirmeoirí óga, i gcásanna áirithe, tairbhe a bhaint as 5 bliana iomlána na tacaíochta. Cé go bhfuil an tacaíocht sin fós dírithe ar ghníomhaíocht eacnamaíoch nua ag daoine óga agus iad ag dul i mbun gníomhaíochtaí feirmeoireachta den chéad uair, ba cheart do na Ballstáit rochtain na bhfeirmeoirí óga sin ar iomlán na n-íocaíochtaí ar feadh na 5 bliana a éascú freisin i gcásanna nach ndearna na feirmeoirí óga sin iarratas láithreach bonn ar thacaíocht tar éis dóibh bunú.

(41)

Measann roinnt de na Ballstát nach leor an íocaíocht a chuirtear ar fáil d'fheirmeoirí óga faoi Airteagal 50 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 chun dul i ngleic mar is ceart leis na dúshláin airgeadais a chastar orthu agus iad ag dul i mbun feirmeoireachta den chéad uair agus a bhaineann leis an gcoigeartú struchtúrach ar ghabháltais talmhaíochta arna mbunú ag feirmeoirí óga. D'fhonn tuilleadh feabhais a chur ar na deiseanna a bheidh ann d'fheirmeoirí óga a bheith rannpháirteach i gcúrsaí feirmeoireachta, ba cheart an deis a thabhairt do na Ballstáit a chinneadh go méadófar an céatadán — idir 25 % agus 50 % — a chuirtear i bhfeidhm agus ríomh á dhéanamh ar an íocaíocht d'fheirmeoirí óga agus sin a bheith beag beann ar an modh ríomha a chuirtear i bhfeidhm. Ba cheart an cinneadh sin a bheith gan dochar don teorainn 2 % atá lena n-uasmhéid náisiúnta i dtaca leis na híocaíochtaí díreacha lena maoinítear íocaíochtaí d'fheirmeoirí óga.

(42)

D'fhonn cur leis an tsoiléireacht maidir le freagracht na mBallstát fad a bhaineann leis an gcaoi a ndéanann an tacaíocht chúpláilte dheonach an táirgeadh a theorannú, is iomchuí Airteagal 52(5) agus (6) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 a athfhoirmliú. De bhrí gur léiriú atá san athfhoirmliú ar an gcleachtas atá i bhfeidhm ó 1 Eanáir 2015 i dtaca leis na forálacha lena mbaineann, is iomchuí go mbeadh feidhm aige ón mbliain éilimh 2015 i leith.

(43)

D'fhonn an chomhsheasmhacht is mó is féidir a áirithiú i measc na scéimeanna sin de chuid an Aontais a spriocdhírítear ar earnálacha ar dá saintréithe, i gcásanna áirithe, míchothromaíochtaí margaidh struchtúrtha, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena gceadófar do na Ballstáit a chinneadh gur féidir leanúint den tacaíocht chúpláilte dheonach a íoc go dtí 2020 ar bhonn na n-aonad táirgthe dar deonaíodh an tacaíocht sin i dtréimhse thagartha roimhe sin.

(44)

D'fhonn an tsolúbthacht a fheabhsú maidir le tacaíocht chúpláilte dheonach, ba cheart a cheadú do na Ballstáit athbhreithniú bliantúil a dhéanamh ar a gcuid cinntí tacaíochta ón mbliain éilimh 2019 amach.

(45)

Is cosúil go bhfuil an easpa iontaoibhe frithpháirtí agus eispéiris roimhe seo ar na baic is mó ar bhunú na n-eagraíochtaí táirgeoirí, go háirithe sna Ballstáit atá ag titim ar gcúl ó thaobh eagrúcháin de. Sa chomhthéacs sin, d'fhéadfaí an bac sin a fhritháireamh trí úsáid a bhaint as oiliúint ina ngníomhóidh eagraíochtaí táirgeoirí atá i mbun feidhme mar eiseamláir d'eagraíochtaí táirgeoirí eile, do ghrúpaí táirgeoirí nó do tháirgeoirí aonair torthaí agus glasraí agus ba cheart, dá bhrí sin, an oiliúint sin a chur ar áireamh i gcuspóirí na n-eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí.

(46)

Anuas ar tharraingtí siar i dtaca le dáileadh saor, is iomchuí freisin tacaíocht airgeadais a sholáthar do ghníomhaíochtaí oiliúna arb é is aidhm dóibh táirgeoirí a spreagadh chun eagraíochtaí a bhunú a chomhlíonann na critéir chun go n-aithneofaí iad d'fhonn tairbhe a bhaint as maoiniú iomlán ón Aontas laistigh de chláir oibríochtúla na n-eagraíochtaí táirgeoirí atá ann cheana.

(47)

Ba cheart síneadh a chur le bearta coiscthe agus bainistithe géarchéime ionas go gcuimseofar iontu athlíonadh ar chistí frithpháirteacha lena bhféadfaí, ó tharla gur uirlisí nua a bheadh iontu, géarchéimeanna nua a chomhrac, agus go gcuimseofar iontu chomh maith an cur chun cinn agus an chumarsáid ar mhaithe le margaí na dtorthaí agus na nglasraí a éagsúlú agus a chomhdhlúthú.

(48)

D'fhonn simpliú a dhéanamh ar an nós imeachta reatha trína dtugtar údarás do na Ballstáit ar an gcéad dul síos cúnamh airgeadais náisiúnta breise a dheonú d'eagraíochtaí táirgeoirí i réigiúin den Aontas ina bhfuil méid an eagrúcháin an-íseal agus trína n-aisíoctar cuid den chúnamh airgeadais náisiúnta ar an dara dul síos má chomhlíontar coinníollacha breise, ba cheart córas nua a bhunú do na Ballstáit sin ina bhfuil méid an eagrúcháin go mór faoi bhun mheán an Aontais. D'fhonn aistriú réidh a áirithiú idir an nós imeachta reatha agus an córas nua, ba cheart a fhoráil d'idirthréimhse bliana. Ba cheart, dá bhrí sin, an córas nua a bheith infheidhme amhail ón 1 Eanáir 2019.

(49)

I dtaca le biotáille fhíona a bhfuil tásc geografach aici, d'fhonn a áirithiú go ndéantar í a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le míleithreasú clú, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit na rialacha maidir le húdaruithe i gcomhair planduithe fíniúnacha atá oiriúnach do tháirgeadh fíonta a bhfuil tásc geografach acu a chur i bhfeidhm i gcás fíonta atá oiriúnach do tháirgeadh fíonta a bhfuil tásc geografach acu.

(50)

Dá n-úsáidfí conarthaí in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne, d'fhéadfadh sin a bheith ina chuidiú le freagracht na n-oibreoirí a threisiú agus lena bhfeasacht a mhéadú maidir leis an ngá atá ann go gcuirfí comharthaí an mhargaidh san áireamh ar shlí níos fearr, go bhfeabhsófaí tarchur praghsanna, agus go gcuirfí an soláthar in oiriúint don éileamh, mar aon le cleachtais tráchtála mhíchothroma áirithe a sheachaint. Le húsáid chonarthaí den chineál sin a dhreasú in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne agus in earnálacha nach iad, ba chóir an ceart a thabhairt do tháirgeoirí, d'eagraíochtaí na dtáirgeoirí nó do chomhlachais de na heagraíochtaí sin conradh scríofa a iarraidh fiú mura bhfuil a leithéid éigeantach sa Bhallstát lena mbaineann.

(51)

I dtaca leo siúd is páirtithe i gconradh maidir le bainne amh a sheachadadh, bíodh is go bhfuil sé de chead acu eilimintí an chonartha sin a chaibidil, táthar tar éis a cheadú do Bhallstáit ina bhfuil conarthaí den chineál sin éigeantach clásail áirithe a chur sna conarthaí, go háirithe i dtaca le fad an chonartha. D'fhonn a chur ar chumas na bpáirtithe an tsoiléireacht chonarthach a bhaint amach eatarthu maidir leis na cainníochtaí a sheachadfar agus lena bpraghas, ba cheart é a bheith de cheart freisin ag na Ballstáit oibleagáid a fhorchur ar na páirtithe coibhneas a chomhaontú idir cainníocht arna seachadadh agus an praghas is iníoctha ina leith.

(52)

Is féidir ról fónta a bheith ag eagraíochtaí táirgeoirí agus ag a gcomhlachais leis an soláthar a chomhchruinniú agus maidir le margaíocht agus pleanáil a fheabhsú, le táirgeacht a oiriúnú don éileamh, le barrfheabhas a chur ar na costais táirgthe, le praghsanna táirgeoirí a chobhsú, le taighde a dhéanamh, le dea-chleachtais a chur chun cinn, le cúnamh teicniúil a chur ar fáil, le fotháirgí a bhainistiú agus le huirlisí bainistithe riosca a bhainistiú atá ar fáil dá gcuid comhaltaí, agus ag rannchuidiú ar an gcaoi sin le seasamh na dtáirgeoirí sa slabhra bia a neartú. Ar an gcuma sin, bíonn a gcuid gníomhaíochtaí, lena n-áirítear caibidlíocht chonarthach i dtaca le soláthar táirgí talmhaíochta ag eagraíochtaí táirgeoirí gona gcomhlachais den sórt sin nuair a bhíonn an soláthar á chomhdhlúthú agus táirgí na gcomhaltaí á gcur ar an margadh, bíonn siad ina rannchuidiú le cuspóirí CBT, atá leagtha síos in Airteagal 39 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), a chomhlíonadh ós rud é go neartaítear dá mbarr seasamh na bhfeirmeoirí i slabhra an tsoláthair bhia agus gur féidir leo rannchuidiú le feabhas a chur ar fheidhmiú shlabhra an tsoláthair bhia. Leis an athchóiriú a rinneadh ar CBT in 2013, treisíodh an ról a bhíonn ag eagraíochtaí na dtáirgeoirí. De mhaolú ar Airteagal 101 CFAE, ba cheart, dá bhrí sin, rialáil shonrach a dhéanamh — mar cheart de chuid eagraíochtaí aitheanta na dtáirgeoirí i ngach earnáil a mbunaítear comheagrú ar na margaí de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) ar an bhféidearthacht atá ann gníomhaíochtaí a chur i gcrích amhail pleanáil táirgthe, optamú costas, tairgí na gcomhaltaí is táirgeoirí a chur ar an margadh agus dul i mbun caibidlíochta conarthach. Maidir leis an maolú sin, níor cheart a chumhdach leis ach eagraíochtaí na dtáirgeoirí sin a bhíonn ag gabháil i ndáiríre de ghníomhaíocht atá dírithe ar chomhtháthú eacnamaíoch agus a chomhchruinníonn an soláthar agus a chuireann táirgí na gcomhaltaí ar an margadh.Mar sin féin, chomh maith le hAirteagal 102 CFAE a chur i bhfeidhm ar eagraíochtaí táirgeoirí den chineál sin, ba cheart coimircí a bheith ann chun a áirithiú nach gcuirfidh na gníomhaíochtaí sin an iomaíocht as an áireamh nó nach gcuirfidh siad i mbaol na cuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 39 CFAE. Ba cheart é a bheith de cheart ag na húdaráis iomaíochta idirghabháil a dhéanamh i gcásanna den sórt sin agus cinneadh a dhéanamh gur cheart, san am atá le teacht, gníomhaíochtaí den sórt sin a mhodhnú, go gcuirfear deireadh leo, nó nach ndéanfar iad ar chor ar bith. Go dtí go nglacfar an cinneadh ón údarás iomaíochta, ba cheart gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag eagraíochtaí na dtáirgeoirí a mheas mar ghníomhaíochtaí dlíthiúla. I dtaca leis na gníomhaíochtaí a chuireann siad i gcrích iad féin, ba cheart do chomhlachais d'eagraíochtaí táirgeoirí a aithnítear faoi Airteagal 156(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a bheith in ann brath ar an maolú sin a oiread céanna agus a dhéanfadh eagraíochtaí táirgeoirí faoi na cúinsí céanna.

(53)

Aithnítear eagraíochtaí na dtáirgeoirí in earnáil ar leith dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. Ach ó tharla gur ceadmhach d'eagraíochtaí na dtáirgeoirí a bheith gníomhach in earnáil amháin nó níos mó, agus de ghrá an t-ualach riaracháin a sheachaint, a leagfaí orthu trína cheangal orthu níos mó ná eagraíocht amháin a chruthú do na tairgeoirí chun críocha aitheantais, is ceart a bheith indéanta d'eagraíocht táirgeoirí amháin níos mó ná aitheantas amháin a bhaint amach. Mar sin féin, i gcásanna den sórt sin, ba cheart don eagraíocht sin na coinníollacha aitheantais a chomhlíonadh i dtaca le gach ceann de na hearnálacha lena mbaineann.

(54)

Ag tabhairt ar aird an ról a thig le heagraíochtaí idirchraoibhe a imirt i dtaca le feidhmiú níos fearr an tslabhra soláthair bhia, ba cheart cur le liosta na gcuspóirí is ceadmhach do na heagraíochtaí idirchraoibhe sin a shaothrú ionas go gcuimsítear ann bearta coiscthe agus bainistithe rioscaí a bhaineann le sláinte ainmhithe, le cosaint plandaí agus leis an gcomhshaol.

(55)

Aithnítear eagraíochtaí idirchraoibhe in earnáil ar leith dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. Ach, ó tharla gur ceadmhach d'eagraíochtaí idirchraoibhe a bheith gníomhach in earnáil amháin nó níos mó agus, ar mhaithe leis an ualach riaracháin a sheachaint trína cheangal orthu níos mó ná eagraíocht idirchraoibhe amháin a chruthú chun críocha aitheantais, ba cheart a bheith indéanta d'eagraíocht idirchraoibhe amháin níos mó ná aitheantas amháin a bhaint amach. Mar sin féin, i gcásanna den sórt sin, ba cheart don eagraíocht sin na coinníollacha aitheantais a chomhlíonadh i dtaca le gach ceann de na hearnálacha lena mbaineann.

(56)

D'fhonn go mbeadh ann tarchur níos fearr ar chomharthaí an mhargaidh agus chun naisc a neartú idir praghsanna na dtáirgeoirí agus an breisluach ar fud an tslabhra soláthair, ba cheart cead a bheith ag feirmeoirí agus ag comhlachais feirmeoirí, comhaontú a dhéanamh leis an gcéad cheannaitheoir faoi chlásail maidir le comhroint luacha, chomh maith le bónais agus caillteanais sna margaí. De bhrí go dtig le heagraíochtaí idirchraoibhe ról tábhachtach a bheith acu maidir le hidirphlé a éascú idir gníomhairí an tslabhra sholáthair agus maidir le dea-chleachtais agus trédhearcacht sa mhargadh a chur chun cinn, ba cheart cead a thabhairt dóibh clásail chaighdeánacha maidir le comhroinnt luacha a bhunú. Ach ba cheart gur rogha dheonach ag feirmeoirí, ag comhlachais feirmeoirí, gona gcéad cheannaitheoirí, a bheidh in úsáid na gclásal maidir le comhroinnt luacha.

(57)

Tá sé léirithe ag an taithí a gnóthaíodh trí Airteagal 188 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a chur i bhfeidhm gurb anásta agus dian ar acmhainní atá an gá le gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh le haghaidh bainistiú a dhéanamh ar phróisis mhatamaiticiúla shimplí atá ceangailte leis an dóigh a leithdháiltear cuótaí, agus nach mbaineann aon bhuntáiste sonrach le cur chuige den sórt sin. Déanta na fírinne, níl aon lamháil le haghaidh lánrogha ag an gCoimisiún sa chomhthéacs sin ós rud é gur socraíodh an fhoirmle ghaolmhar cheana féin le hAirteagal 7(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1301/2006 ón gCoimisiún (11). D'fhonn an t-ualach gaolmhar riaracháin a laghdú agus an próiseas a chuíchóiriú, ba cheart foráil a dhéanamh go gcuirfeadh an Coimisiún na torthaí ar leithdháileadh na gcuótaí taraife ar fáil don phobal trí fhoilseachán iomchuí gréasáin. Ina theannta sin, ba cheart foráil shonrach a chur ar áireamh lena bhfágfaí nár cheart do na Ballstáit ceadúnais a eisiúint ach tar éis na torthaí ar leithdháileadh a bheith foilsithe ag an gCoimisiún.

(58)

Chun a áirithiú go mbainfidh feirmeoirí nó eagraíochtaí táirgeoirí nó a gcomhlachais úsáid éifeachtach as Airteagal 209 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, is ceart féidearthacht a thabhairt isteach faoinar féidir leo iarraidh a dhéanamh ar thuairim ón gCoimisiún maidir le comhoiriúnacht comhaontuithe, cinntí agus cleachtas comhbheartaithe feirmeoirí nó eagraíochtaí táirgeoirí nó a gcomhlachas leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 39 CFAE.

(59)

D'fhonn a áirithiú gur féidir na forálacha i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 lena gceadaítear do chomhaontuithe comhchoiteanna agus do chinntí na hearnálacha lena mbaineann a chobhsú go sealadach tráth a dtarlaíonn míchothromaíochtaí tromchúiseacha i margaí, agus d'fhonn a áirithiú gur féidir iad sin a chur chun feidhme go héifeachtach agus go pras, ba cheart na féidearthachtaí a bhaineann lena leithéid a leathnú ionas go gcuimseofar freisin feirmeoirí agus comhlachais feirmeoirí. Ina theannta sin, níor cheart na bearta sealadacha sin a údarú feasta mar rogha dheiridh; ina choinne sin, d'fhéadfaidís a bheith ina gcomhlánú ag gníomhaíocht an Aontais i gcomhthéacs idirghabháil phoiblí, stóráil phríobháideach agus na bearta eisceachtúla atá beartaithe faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

(60)

Ós iomchuí leanúint de chúnamh a thabhairt d'earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne le linn a haistrithe de thoisc dheireadh chóras na gcuótaí, agus de ghrá an earnáil a spreagadh chun freagairt níos éifeachtaí a thabhairt ar luaineachtaí praghais agus margaidh, níor cheart aon dáta deiridh a bheith ag gabháil feasta leis na forálacha i Rialachán (AE) Uimh.1308/2013 lena neartaítear socruithe conarthacha in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne.

(61)

Is ceart do na margaí talmhaíochta a bheith trédhearcach agus faisnéis i dtaobh praghsanna a bheith inrochtana agus úsáideach do na páirtithe uile lena mbaineann.

(62)

Is léir ón taithí a fuarthas agus Roinn A de Chuid II d'Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 á cur i bhfeidhm gur anásta an rud é nach mór gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun méaduithe teoranta ar na teorainneacha saibhrithe fíona a fhormheas — ar teorainneacha iad atá teicniúil agus nach mbaineann aon chonspóide leo — agus gur mór an tarraingt a leithéid ar acmhainní agus nach mbíonn aon bhuntáiste ar leith mar thoradh ar an gcur chuige sin. D'fhonn an t-ualach riaracháin a bhaineann leo a laghdú agus an próiseas a shruthlíniú, ba cheart foráil a dhéanamh go bhfuil na Ballstáit a chinnfidh leas a bhaint as an maolú sin leis an gCoimisiún a chur ar an eolas faoi aon chinneadh den sórt sin.

(63)

Le Rialachán (AE) Uimh. 652/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), foráiltear nach bhféadfar gealltanais bhuiséadacha a roinnt i dtráthchodanna bliantúla ach amháin sa chás go bhformheastar cláir ilbhliantúla le galair ainmhithe agus zónóisí a dhíothú, a rialú agus faireachas a dhéanamh orthu, do chláir shuirbhéireachta maidir le lotnaidí a bheith ann agus do chláir maidir le lotnaidí a rialú i réigiúin forimeallacha an Aontais. Ar mhaithe le simpliú agus chun an t-ualach riaracháin a laghdú, ba cheart an deis sin a leathnú do na gníomhaíochtaí eile dá bhforáiltear sa Rialachán sin.

(64)

Le go bhféadfar na leasuithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2018, ba cheart dó teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(65)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh.1305/2013, (AE) Uimh. 1306/2013, (AE) Uimh. 1307/2013, (AE) Uimh. 1308/2013 agus (AE) Uimh. 652/2014 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2(1), leasaítear an dara fomhír mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (n):

“(n)

ciallaíonn ‘feirmeoir óg’ duine nach bhfuil níos mó ná 40 bliain d'aois aige nó aici an t-am a gcuirtear isteach an t-iarratas, a bhfuil scileanna ceirde agus inniúlacht leordhóthanach aige nó aici agus atá ag bunú den chéad uair i ngabháltas talmhaíochta mar cheann an ghabháltais sin; Féadfar an bunú a dhéanamh go haonarach nó i gcomhpháirt, gan beann ar a fhoirm dhlíthiúil, le feirmeoirí eile;”;

(b)

cuirtear an pointe seo a leanas léi:

“(s)

ciallaíonn ‘dáta an bhunaithe’ an dáta a ndéanann an t-iarrthóir nó a gcríochnaíonn an t-iarrthóir gníomhaíocht nó gníomhaíochtaí a bhaineann leis an mbunú dá dtagraítear i bpointe (n).”;

(2)

in Airteagal 8(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h)(ii):

“(ii)

tábla ina leagtar amach, do gach beart, do gach cineál oibríochta le ráta sonrach ranníocaíochta CETFT, don chineál oibríochta dá dtagraítear in Airteagail 37(1) agus in Airteagal 39a agus do chúnamh teicniúil, ranníocaíocht bheartaithe iomlán an Aontais agus ráta infheidhme ranníocaíochta CETFT. Nuair is infheidhme, léireofar sa tábla sin ar leithligh ráta ranníocaíochta CETFT do réigiúin thearcfhorbartha agus do réigiúin eile;”;

(3)

in Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Beidh costais a bhaineann le heagrú agus le seachadadh na gníomhaíochta aistrithe eolais nó faisnéise ar na costais incháilithe faoin mbeart seo. Féadfar úsáid a bhaint as bonneagar a chuirtear ann de thoradh ar thaispeántas tar éis an oibríocht a chríochnú. I gcás tionscadail taispeántais, féadfaidh an tacaíocht costais ábhartha infheistíochta a chumhdach freisin. Beidh costais taistil, cóiríochta agus speansais cothaithe laethúil na rannpháirtithe mar aon le costas athsholáthair feirmeoirí incháilithe le haghaidh tacaíochta freisin. Íocfar na costais ar fad a aithneofar faoin mír seo leis an tairbhí.”;

(4)

leasaítear Airteagal 15 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Is ag soláthraí na comhairle nó na hoiliúna nó ag an Údarás Bainistíochta a bheidh tairbhe na tacaíochta dá soláthraítear i gcomhréir le pointe (a) agus le pointe (b) de mhír 1. Sa chás gurb é an tÚdarás Bainistíochta an tairbhí, déanfaidh comhlacht a bheidh neamhspleách ó thaobh feidhme de ar an Údarás Bainistíochta soláthraí na comhairle nó na hoiliúna a roghnú. Deonófar tacaíocht faoi phointe (b) de mhír 1 don údarás nó don chomhlacht roghnaithe chun an tseirbhís bainistíochta feirme, an tseirbhís faoisimh feirme, an tseirbhís chomhairleach feirme nó an tseirbhís chomhairleach foraoiseachta a bhunú.”;

(b)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“3.   Beidh na hacmhainní iomchuí ag na húdaráis nó ag na comhlachtaí roghnaithe chun comhairle a thabhairt i bhfoirm foirne cáilithe a gcuirtear oiliúint go rialta orthu agus beidh taithí chomhairleach acu agus beidh siad iontaofa maidir leis na réimsí a dtugann siad comhairle ina leith. Is le nós imeachta roghnúcháin, a bheidh oscailte do chomhlachtaí poiblí agus príobháideacha araon, a roghnófar na soláthraithe faoin mbeart seo. Beidh an nós imeachta roghnúcháin sin oibiachtúil agus déanfar iarrthóirí a mbeidh coinbhleachtaí leasa ag baint leo a eisiamh leis.”;

(c)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“3a.   Chun críche an Airteagail seo, déanfaidh na Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 65(1), gach seiceáil ar leibhéal an tsoláthraí chomhairle nó oiliúna.”;

(5)

leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda tosaigh:

“1.   Cumhdófar sa tacaíocht faoin mbeart seo rannpháirtíocht nua ag feirmeoirí agus ag grúpaí feirmeoirí, nó rannpháirtíocht ag feirmeoirí nó ag grúpaí feirmeoirí sna 5 bliana roimhe sin, sna nithe seo a leanas:”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 agus mhír 3:

“2.   Féadfar a chumhdach faoin mbeart seo costais a eascróidh as gníomhaíochtaí faisnéise agus as gníomhaíochtaí cur chun cinn a chuirfidh grúpaí táirgeoirí chun feidhme, maidir leis na táirgí a bheidh cumhdaithe ag tacaíocht scéime cáilíochta i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo. De mhaolú ar Airteagal 70(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, ní fhéadfar na gníomhaíochtaí sin a chur chun feidhme ach sa mhargadh inmheánach amháin.

3.   Deonófar tacaíocht faoi mhír 1 mar íocaíocht bhliantúil dreasachta, agus cinnfear leibhéal na híocaíochta i gcomhréir le leibhéal na gcostas seasta a eascraíonn as rannpháirtíocht sna scéimeanna tacaithe, ar feadh uastréimhse 5 - bliana.

Maidir leis an rannpháirtíocht tosaigh sula ndéantar iarratas ar thacaíocht faoi mhír 1, laghdófar an uastréimhse 5 bliana de réir líon na mblianta a caitheadh idir an chéad rannpháirtíocht i scéim cáilíochta agus tráth déanta an iarratais ar thacaíocht.

Chun críche na míre seo, ciallaíonn ‘costais sheasta’ na costais a eascraíonn as dul isteach i scéim thacaithe cáilíochta móide an ranníocaíocht bhliantúil do rannpháirtíocht sa scéim sin, lena n-áirítear, más gá, caiteachas ar sheiceálacha a theastaíonn chun comhlíonadh le sonraíochtaí na scéime a fhíorú.

Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn ‘feirmeoir’ feirmeoir gníomhach de réir bhrí Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, de réir mar is infheidhme sa Bhallstát lena mbaineann.”;

(6)

leasaítear Airteagal 17 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

infheistíochtaí a bhainfidh le próiseáil, le margaíocht agus/nó le forbairt táirgí talmhaíochta arna gcumhdach le hIarscríbhinn I a ghabhann le CFAE nó cadáis, seachas táirgí iascaigh; d'fhéadfadh sé gur táirge nach gcumhdaítear leis an Iarscríbhinn sin a bheadh in aschur an phróisis táirgeachta; i gcás go gcuirtear tacaíocht ar fáil mar ionstraimí airgeadais, féadfaidh an t-aschur a bheith ina tháirge nach gcumhdaítear leis an Iarscríbhinn sin ar choinníoll go rannchuidíonn an infheistíocht le ceann amháin nó níos mó de thosaíochtaí an Aontais maidir le forbairt tuaithe;”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   Féadfar tacaíocht a dheonú d'fheirmeoirí óga a bheidh ag bunú den chéad uair i ngabháltas talmhaíochta mar cheann an ghabháltais i leith infheistíochtaí lena gcomhlíontar caighdeáin an Aontais is infheidhme maidir le táirgeacht talmhaíochta, lena n-áirítear sábháilteacht cheirde. Féadfar tacaíocht den chineál sin a chur ar fáil go ceann uastréimhse 24 mhí ó dháta an bhunaithe mar a leagtar amach sa phlean forbartha tuaithe nó go dtí go gcuirfear na gníomhaíochtaí a shainmhínítear sa phlean gnó dá dtagraítear in Airteagal 19(4) i gcrích”;

(7)

leasaítear Airteagal 19 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Déanfar an t-iarratas ar thacaíocht faoi phointe (a)(i) de mhír 1 a chur isteach 24 mhí ar a dhéanaí tar éis dháta an bhunaithe.

Cuirfear de choinníoll ar thacaíocht faoi phointe (a) de mhír 1 go gcuirfear plean gnó isteach. Cuirfear tús le cur chun feidhme an phlean gnó laistigh de 9 mí ar a dhéanaí ó dháta an chinnidh lena ndeonaítear an chabhair. Mairfidh an plean gnó ar feadh uastréimhse 5 bliana.

Forálfar leis an bplean gnó go bhfuil an feirmeoir óg le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 a chomhlíonadh, de réir mar is infheidhme sa Bhallstát lena mbaineann, laistigh de 18 mí tar éis dháta an chinnidh lena ndeonaítear an chabhair.

Saineoidh na Ballstáit an ghníomhaíocht nó na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (s) d'Airteagal 2(1) sna cláir forbartha tuaithe.

Saineoidh na Ballstáit uastairsí agus íostairsí in aghaidh an tairbhí nó an ghabháltais chun rochtain ar thacaíocht faoi phointe (a)(i) agus faoi phointe (a)(iii) de mhír 1 a údarú. Beidh an íostairseach do thacaíocht faoi phointe (a)(i) de mhír 1 níos airde ná an uastairseach do thacaíocht faoi phointe (a)(iii) de mhír 1. Beidh tacaíocht teoranta do ghabháltais a thagann faoin sainmhíniú ar mhicrifhiontair agus ar fhiontair bheaga.”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“4a.   De mhaolú ar Airteagal 37(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, féadfar tacaíocht faoi phointe (a)(i) de mhír 1 den Airteagal seo a sholáthar freisin i bhfoirm ionstraimí airgeadais, nó mar theaglaim de dheontais agus ionstraimí airgeadais.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   Íocfar tacaíocht faoi phointe (a) de mhír 1 in dhá thráthchuid ar a laghad. Féadfaidh tráthchodanna a bheith ar bhonn céimlaghdaitheach. Cuirfear de choinníoll ar íocaíocht na tráthchoda deiridh faoi phointe (a)(i) agus faoi phointe (a)(ii) de mhír 1 go gcuirtear an plean gnó chun feidhme i gceart.”;

(8)

in Airteagal 20, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“4.   Ní bheidh feidhm ag mír 2 ná ag mír 3 i gcás ina soláthraítear tacaíocht i bhfoirm ionstraimí airgeadais.”;

(9)

leasaítear Airteagal 23 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheannteidil:

“Airteagal 23

Bunú, athghiniúint nó athchóiriú na gcóras agrafhoraoiseachta”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Deonófar tacaíocht faoi phointe (b) d'Airteagal 21(1) do shealbhóirí talún príobháidí, do bhardais agus dá gcomhlachais agus cumhdófar inti costais bunaithe, athghiniúna agus/nó athchóirithe agus préimh bhliantúil in aghaidh an heicteáir chun costais chothabhála a chumhdach ar feadh uastréimhse 5 bliana.”;

(10)

leasaítear Airteagal 28 mar a leanas:

(a)

i mír 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Agus na híocaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír á ríomh, bainfidh na Ballstáit an méid is gá d'fhonn cistiú dúbailte maidir leis na cleachtais dá dtagraítear in Airteagal 43 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 a sheachaint. Féadfaidh na Ballstáit an asbhaint a ríomh mar mheánmhéid seasta a chuirfear i bhfeidhm ar na tairbhithe uile lena mbaineann a bhíonn i mbun an chineáil oibríochta lena mbaineann.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 9:

“9.   Féadfar tacaíocht a chur ar fáil do chaomhnú agus d'úsáid inbhuanaithe agus d'fhorbairt inbhuanaithe acmhainní géiniteacha sa talmhaíocht, lena n-áirítear acmhainní neamhdhúchasacha, i gcás oibríochtaí nach gcumhdaítear leis na forálacha faoi mhír 1 go 8. Féadfaidh tairbhithe eile seachas iad siúd a luaitear i mír 2 na gealltanais sin a chomhlíonadh.”;

(11)

leasaítear Airteagal 29 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Deonófar tacaíocht faoin mbeart seo, in aghaidh an heicteáir den limistéar talmhaíochta, d'fheirmeoirí nó do ghrúpaí feirmeoirí a dhéanfaidh, ar bhonn deonach, modhanna agus cleachtais feirmeoireachta orgánaí a chothabháil nó aistriú chucu, a ghlacadh ar láimh faoi mar a shainmhínítear i Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 agus d'fheirmeoirí ar feirmeoirí gníomhacha iad de réir bhrí Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, de réir mar is infheidhme sa Bhallstát lena mbaineann.”;

(b)

i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Agus na híocaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír á ríomh, bainfidh na Ballstáit an méid is gá d'fhonn cistiú dúbailte maidir leis na cleachtais dá dtagraítear in Airteagal 43 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 a sheachaint. Féadfaidh na Ballstáit an asbhaint a ríomh mar mheánmhéid seasta a chuirfear i bhfeidhm ar na tairbhithe uile lena mbaineann a bhíonn i mbun na bhfobheart lena mbaineann”;

(12)

in Airteagal 30(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Agus na híocaíochtaí a bhaineann leis an tacaíocht dá dtagraítear sa chéad fhomhír á ríomh, bainfidh na Ballstáit an méid is gá d'fhonn cistiú dúbailte maidir leis na cleachtais dá dtagraítear in Airteagal 43 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 a sheachaint. Féadfaidh na Ballstáit an asbhaint a ríomh mar mheánmhéid seasta a chuirfear i bhfeidhm ar na tairbhithe uile lena mbaineann a bhíonn i mbun na bhfobheart lena mbaineann”;

(13)

leasaítear Airteagal 31 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Deonófar íocaíochtaí d'fheirmeoirí a ghlacfaidh ar láimh a ngníomhaíocht feirmeoireachta a dhéanamh sna limistéir ainmnithe de bhun Airteagal 32 agus ar feirmeoirí gníomhacha iad de réir bhrí Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, de réir mar is infheidhme sa Bhallstát lena mbaineann.”;

(b)

i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“5.   I dteannta na n-íocaíochtaí dá bhforáiltear i mír 2, féadfaidh na Ballstáit íocaíochtaí a dheonú faoin mbeart seo idir 2014 agus 2020 do thairbhithe i limistéir a bhí incháilithe faoi Airteagal 36(a)(ii) de Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 le linn na clárthréimhse 2007-2013. Maidir leis na tairbhithe sna limistéir sin nach bhfuil incháilithe níos mó i ndiaidh an teorannaithe nua dá dtagraítear in Airteagal 32(3), beidh na híocaíochtaí sin céimlaghdaitheach thar uastréimhse 4 bliana. Tosóidh an tréimhse sin ar an dáta a gcríochnófar an teorannú i gcomhréir le hAirteagal 32(3) agus ar a dhéanaí in 2019. Tosóidh na híocaíochtaí sin ag méid nach mó ná 80 % den mheáníocaíocht socraithe sa chlár don chlárthréimhse 2007-2013 i gcomhréir le hAirteagal 36(a)(ii) de Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005, agus críochnóidh siad in 2020 ar a dhéanaí ag méid nach mó ná 20 %. Nuair a shroichfidh leibhéal na híocaíochta EUR 25, de bharr na céimlaghdaitheachta, féadfaidh an Ballstát leanúint leis na híocaíochtaí ar an leibhéal sin go dtí go mbeidh an tréimhse 4 bliana thart.”;

(14)

in Airteagal 33, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Faoin mbeart seo, deonófar íocaíochtaí leasa ainmhithe d'fheirmeoirí a ghlacfaidh ar láimh, ar bhonn deonach, oibríochtaí a dhéanamh a bhaineann le gealltanas amháin nó níos mó gealltanas maidir le leas ainmhithe, ar feirmeoirí gníomhacha iad de réir bhrí Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, de réir mar is infheidhme sa Bhallstát lena mbaineann.”;

(15)

leasaítear Airteagal 36 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

uirlis cobhsaithe ioncaim, i bhfoirm ranníocaíochtaí airgeadais le cistí frithpháirteacha, trína gcuirtear cúiteamh ar fáil d'fheirmeoirí gach earnála le haghaidh titim ghéar ar a n-ioncam.”;

(ii)

cuirtear an pointe seo a leanas léi:

“(d)

uirlis earnáilsonrach cobhsaithe ioncaim, i bhfoirm ranníocaíochtaí airgeadais le cistí frithpháirteacha, trína gcuirtear cúiteamh ar fáil d'fheirmeoirí in earnáil shonrach le haghaidh titim ghéar ar a n-ioncam.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn ‘feirmeoir’ feirmeoir gníomhach de réir bhrí Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, de réir mar is infheidhme sa Bhallstát lena mbaineann.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Chun críocha phointe (b), phointe (c), agus phointe (d) de mhír 1, ciallaíonn ‘ciste frithpháirteach’ scéim arna creidiúnú ag an mBallstát i gcomhréir lena dhlí náisiúnta le haghaidh feirmeoirí cleamhnaithe chun iad féin a chur faoi árachas, trína ndéantar íocaíochtaí cúitimh le feirmeoirí cleamhnaithe le haghaidh caillteanais eacnamaíocha a tharla de dhroim ráig de theagmhais dhíobhálacha aeráide nó ráig de ghalair ainmhithe nó plandaí, foirgeacht le lotnaidí nó teagmhas comhshaoil, nó le haghaidh titim ghéar a bheith ar a n-ioncam.”;

(d)

i mír 5, scriostar an dara fomhír.

(16)

in Airteagal 37(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“1.   Ní dheonófar tacaíocht faoi phointe (a) d'Airteagal 36(1) ach le haghaidh conarthaí árachais lena gcumhdaítear caillteanas a tharla de dhroim teagmhas díobhálach aeráide, nó galar ainmhithe nó galar plandaí, nó foirgeacht le lotnaidí, nó teagmhas comhshaoil nó beart a glacadh i gcomhréir le Treoir 2000/29/CE maidir le díothú nó rialú a dhéanamh ar ghalar plandaí, nó ar fhoirgeacht le lotnaidí a scriosann níos mó ná 20 % de mheántáirgeacht bhliantúil an fheirmeora sa tréimhse 3 bliana roimhe sin nó meán 3 bliana bunaithe ar an tréimhse 5 bliana roimhe sin, ag fágáil an iontráil is airde agus an iontráil is ísle ar lár. Féadfar innéacsanna a úsáid d'fhonn táirgiúlacht bhliantúil an fheirmeora a ríomh. Beifear in ann caillteanas iarbhír feirmeora aonair in aon bhliain ar leith a chinneadh tríd an modh ríomha a úsáidtear.”;

(17)

leasaítear Airteagal 38 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 3 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“3.   Ní fhéadfaidh baint a bheith ag na ranníocaíochtaí airgeadais dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 36(1) ach leo seo a leanas:

(a)

na costais riaracháin chun an ciste frithpháirteach a bhunú, dáilte thar 3 bliana ar a mhéad ar mhodh céimlaghdaitheach;

(b)

na suimeanna arna n-íoc ag an gciste frithpháirteach mar chúiteamh airgeadais le feirmeoirí. Ina theannta sin, féadfaidh an ranníocaíocht airgeadais a bheith bainteach le hús ar iasachtaí tráchtála a thógann an ciste frithpháirteach amach ar mhaithe le cúiteamh airgeadais a íoc le feirmeoirí i gcás géarchéime;

(c)

na híocaíochtaí bliantúla leis an gciste a fhorlíonadh;

(d)

stoc caipitil tosaigh an chiste fhrithpháirtigh.”;

(ii)

scriostar an tríú fomhír;

(b)

i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“5.   Beidh an tacaíocht teoranta don uasráta tacaíochta a leagtar síos in Iarscríbhinn II. Cuirfear san áireamh aon tacaíocht a tugadh cheana faoi phointe (c) agus faoi phointe (d) de mhír 3 agus tacaíocht faoi phointe (b) de mhír 3 á tabhairt.”

(18)

leasaítear Airteagal 39 mar a leanas:

(a)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheannteidil

“Airteagal 39

Uirlis cobhsaithe ioncaim d'fheirmeoirí i ngach earnáil”

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Ní dheonófar tacaíocht faoi phointe (c) d'Airteagal 36(1) ach amháin má tá an titim san ioncam níos mó ná 30 % de mheán-ioncam bliantúil an fheirmeora aonair sa tréimhse 3 bliana roimhe sin nó meán 3 bliana bunaithe ar an tréimhse 5 bliana roimhe sin, ag fágáil an iontráil is airde agus an iontráil is ísle ar lár. Chun críocha phointe (c) d'Airteagal 36(1), tagróidh ioncam do shuim an ioncaim a fhaigheann an feirmeoir ón margadh, lena n-áirítear tacaíocht phoiblí de chineál ar bith, lúide costais ionchuir. Le híocaíochtaí ón gciste frithpháirteach le feirmeoirí, tabharfar cúiteamh as níos lú ná 70 % den ioncam a chailltear le linn na bliana a mbeidh an táirgeoir incháilithe an cúnamh sin a fháil. Féadfar innéacsanna a úsáid d'fhonn caillteanas bliantúil ioncaim an fheirmeora a ríomh.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4 agus mhír 5:

“4.   Ní fhéadfaidh baint a bheith ag na ranníocaíochtaí airgeadais dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 36(1) ach leo seo a leanas:

(a)

na costais riaracháin chun an ciste frithpháirteach a bhunú, dáilte thar 3 bliana ar a mhéad ar mhodh céimlaghdaitheach;

(b)

na suimeanna arna n-íoc ag an gciste frithpháirteach mar chúiteamh airgeadais le feirmeoirí. Ina theannta sin, féadfaidh an ranníocaíocht airgeadais a bheith bainteach le hús ar iasachtaí tráchtála a thógann an ciste frithpháirteach amach ar mhaithe le cúiteamh airgeadais a íoc le feirmeoirí i gcás géarchéime;

(c)

na híocaíochtaí bliantúla don chiste a fhorlíonadh;

(d)

stoc caipitil tosaigh an chiste fhrithpháirtigh.

5.   Beidh an tacaíocht teoranta don uasráta a leagtar síos in Iarscríbhinn II. Cuirfear san áireamh aon tacaíocht a tugadh cheana faoi phointe (c) agus faoi phointe (d) de mhír 4 agus tacaíocht faoi phointe (b) de mhír 4 á tabhairt.”;

(19)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 39a

Uirlis cobhsaithe ioncaim d'fheirmeoirí in earnáil shonrach

1.   Ní dheonófar tacaíocht faoi phointe (d) d'Airteagal 36(1) ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus i gcás ina bhfuil an titim san ioncam níos mó ná tairseach de 20 % ar a laghad de mheán-ioncam bliantúil an fheirmeora aonair sa tréimhse 3 bliana roimhe sin nó meán 3 bliana bunaithe ar an tréimhse 5 bliana roimhe sin, ag fágáil an iontráil is airde agus an iontráil is ísle ar lár. Féadfar innéacsanna a úsáid d'fhonn caillteanas bliantúil ioncaim an fheirmeora a ríomh. Chun críocha phointe (d) d'Airteagal 36(1), tagróidh ioncam do shuim an ioncaim a fhaigheann an feirmeoir ón margadh, lena n-áirítear tacaíocht phoiblí de chineál ar bith, lúide costais ionchuir. Le híocaíochtaí ón gciste frithpháirteach le feirmeoirí, tabharfar cúiteamh as níos lú ná 70 % den ioncam a chailltear le linn na bliana a mbeidh an táirgeoir incháilithe an cúnamh sin a fháil.

2.   Beidh feidhm ag Airteagal 39(2) go (5) chun críche tacaíocht faoi phointe (d) d'Airteagal 36(1).”;

(20)

leasaítear Airteagal 45 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   I gcás ina dtugtar tacaíocht trí ionstraim airgeadais arna bunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, d'fhéadfadh gur caiteachas incháilithe é caipiteal oibre. Ní rachaidh caiteachas incháilithe den sórt sin thar EUR 200 000 ná 30 % de mhéid iomlán an chaiteachais incháilithe don infheistíocht, cibé acu atá níos airde.”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“7.   Ní bheidh feidhm ag mír 1, mír 2 ná mír 3 i gcás ina soláthraítear tacaíocht i bhfoirm ionstraimí airgeadais.”;

(21)

leasaítear Airteagal 49 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an fhomhír seo a leanas léi:

“De mhaolú air sin ar an gcéad fhomhír, i gcásanna eisceachtúla agus i gcásanna a mbeidh údar cuí leo nuair nach féidir critéir roghnúcháin a bhunú toisc chineál an tsaghais oibríochtaí lena mbaineann, féadfaidh an tÚdarás Bainistíochta, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Faireacháin, modh roghnúcháin eile a shainmhíniú ar a ndéanfar tuairisc sa chlár forbartha tuaithe.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 agus mhír 3:

“2.   Áiritheoidh údarás an Bhallstáit atá freagrach as roghnú na n-oibríochtaí, cé is moite de na hoibríochtaí faoi phointe (b) d'Airteagal 18(1), faoi phointe (d) d'Airteagal 24(1) agus Airteagal 28 go hAirteagal 31, Airteagal 33 go hAirteagal 34 agus Airteagal 36 go hAirteagal 39a, go roghnófar oibríochtaí i gcomhréir leis na critéir roghnúcháin dá dtagraítear i mír 1 agus de réir nós imeachta trédhearcach a mbeidh doiciméadú maith ann ina leith.

3.   Féadfar na tairbhithe a roghnú ar bhonn glaonna ar thograí, agus critéir éifeachtúlachta eacnamaíche, sóisialta agus comhshaoil á gcur i bhfeidhm.”;

(c)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“4.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 ná ag mír 2 i gcás ina soláthraítear tacaíocht i bhfoirm ionstraimí airgeadais.”;

(22)

in Airteagal 59, leasaítear mír 4 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):

“(f)

100 % do mhéid EUR 100 milliún, i bpraghsanna 2011, arna leithdháileadh ar Éirinn, do mhéid EUR 500 milliún, i bpraghsanna 2011, arna leithdháileadh ar an bPortaingéil agus do mhéid EUR 7 milliún, i bpraghsanna 2011, arna leithdháileadh ar an gCipir.”;

(b)

cuirtear an pointe seo a leanas léi:

“(h)

an ráta ranníocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 39a(13) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 le haghaidh na hionstraime airgeadais dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 38(1) den Rialachán sin.”;

(23)

leasaítear Airteagal 60 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   De mhaolú ar Airteagal 65(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, i gcásanna ina bhfuil bearta éigeandála i gceist i ngeall ar thubaistí nádúrtha, teagmhais thurraingeacha nó teagmhais dhíobhálacha aeráide nó i ngeall ar athrú suntasach agus tobann ar dhálaí socheacnamaíocha an Bhallstáit nó an réigiúin, féadfar a fhoráil sna cláir forbartha tuaithe go bhféadfaidh incháilitheacht an chaiteachais a bhaineann le hathruithe ar an gclár a thosú ón dáta ar tharla an teagmhas.”;

(b)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Cé is moite de chostais ghinearálta arna sainmhíniú i bpointe (c) d'Airteagal 45(2), i leith oibríochtaí infheistíochta faoi bhearta atá faoi raon feidhme Airteagal 42 CFAE, ní mheasfar a bheith incháilithe ach caiteachas arna thabhú tar éis don iarratas a bheith curtha faoi bhráid an údarás inniúil. Mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh ina gclár go mbeidh caiteachas a bhaineann le bearta éigeandála mar gheall ar thubaistí nádúrtha, teagmhais thurraingeacha nó teagmhais dhíobhálacha aeráide nó athrú suntasach tobann ar dhálaí socheacnamaíocha an Bhallstáit nó an réigiúin, agus a bheidh tabhaithe ag an tairbhí tar éis don teagmhas a bheith ann, go mbeidh an caiteachas sin incháilithe freisin.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Cuirfear sonraisc agus doiciméid a dheimhníonn íocaíocht mar thacaíocht le híocaíochtaí ó thairbhithe. I gcás nach féidir déanamh amhlaidh, cuirfear doiciméid a bhfuil luach fíorúcháin coibhéiseach acu mar thacaíocht le híocaíochtaí, cé is moite de na cineálacha tacaíochta dá dtagraítear in Airteagal 67(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 seachas faoi phointe (a) de.”;

(24)

in Airteagal 62, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   I gcás gur ar bhonn costais chaighdeánacha nó costais bhreise agus ioncam tarscaoilte a dheonófar cabhair i gcomhréir le pointe (a) agus pointe (b) d'Airteagal 21(1) maidir le hioncam tarscaoilte agus costais chothabhála, agus i gcomhréir le hAirteagal 28 go hAirteagal 31, Airteagal 33 agus Airteagal 34, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na ríomhanna ábhartha leormhaith agus beacht agus bunaithe roimh ré ar bhonn modh ríomha atá cóir, cothrom agus infhíoraithe. Chuige sin, maidir le comhlacht atá neamhspleách ó thaobh feidhme de ar na húdaráis atá freagrach as an gclár a chur chun feidhme agus a bhfuil an saineolas iomchuí aige, déanfaidh siad na ríomhanna nó deimhneoidh siad leordhóthanacht agus beachtas na ríomhanna. Áireofar ráiteas lena ndeimhnítear leordhóthanacht agus beachtas na ríomhanna sa chlár forbartha tuaithe.”;

(25)

in Airteagal 66(1), scriostar pointe (b);

(26)

in Airteagal 74, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

rachfar i gcomhairle leis an gCoiste Faireacháin agus eiseoidh sé tuairim, sula bhfoilseofar an glao ábhartha ar thograí, ar na critéir roghnúcháin le haghaidh oibríochtaí maoinithe a dhéanfar a athbhreithniú de réir na riachtanas clársceidealaithe;”;

(27)

leasaítear Iarscríbhinn II i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 26 mar a leanas:

(a)

scriostar mír 2;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3 agus mhír 4:

“3.   Faoin 30 Meitheamh den bhliain féilire a bhfuil feidhm ag an ráta coigeartaithe ina leith, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena socraítear an ráta coigeartaithe. Glacfar gníomhartha cur chun feidhme den sórt sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 116(2).

4.   Go dtí an 1 Nollaig den bhliain féilire a bhfuil feidhm ag an ráta coigeartaithe ina leith, féadfaidh an Coimisiún, ar bhonn faisnéis nua a bheidh faighte aige, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena ndéanfar an ráta coigeartaithe arna shocrú i gcomhréir le mír 3 a oiriúnú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 116(2).”;

(2)

in Airteagal 38, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   I gcás imeachtaí dlíthiúla nó i gcás achomharc riaracháin a bhfuil éifeacht fionraíochta acu, cuirfear isteach ar an tréimhse um shaoradh uathoibríoch dá dtagraítear i mír 1 nó i mír 2, i leith an mhéid a bhaineann leis na hoibríochtaí lena mbaineann, ar feadh na n-imeachtaí sin nó an achomhairc riaracháin sin, ar choinníoll go bhfaigheann an Coimisiún fógra réasúnaithe a bhfuil bonn cuí leis ón mBallstát faoin 31 Eanáir i mbliain N + 4.”;

(3)

in Airteagal 43(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

suimeanna nach mór a íoc le buiséad an Aontais, lena n-áirítear ús orthu, faoi Airteagal 40, Airteagal 52 agus Airteagal 54 agus, maidir le caiteachas faoi CERT, faoi Airteagal 41(2) agus Airteagal 51”;

(4)

in Airteagal 54(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a)(ii):

“(ii)

má tá an méid a bheidh le haisghabháil ón tairbhí i gcomhthéacs íocaíocht aonair do scéim chabhrach nó do bheart tacaíochta, gan ús a bheith san áireamh, idir EUR 100 agus EUR 250 agus go mbeidh tairseach á cur i bhfeidhm ag an mBallstát lena mbaineann arb ionann í agus an méid a bheidh le haisghabháil faoina dhlí náisiúnta i dtaca le gan dul sa tóir ar fhiacha náisiúnta nó níos airde ná sin.”;

(5)

in Airteagal 63(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“I gcás ina mbaineann an neamh-chomhlíonadh le rialacha náisiúnta nó rialacha an Aontais maidir le soláthar poiblí, déanfar an chuid den chabhair nach mbeidh le híoc nó a bheidh le tarraingt siar a chinneadh ar bhonn a thromchúisí atá an neamh-chomhlíonadh agus i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta. Ní dhéanfar difear do dhlíthiúlacht agus do rialtacht an idirbhirt ach suas go dtí an leibhéal den chuid sin den chabhair nach mbeidh le híoc nó a bheidh le tarraingt siar.”;

(6)

in Airteagal 72, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   De mhaolú ar phointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh:

(a)

nach gá dáileachtaí talmhaíochta de limistéar suas le 0,1 ha nach ndearnadh iarratas ar íocaíocht ina leith a fhógairt, ar choinníoll nach mó ná 1 ha é méid na ndáileachtaí sin, agus/nó féadfaidh siad a chinneadh nach gá d'fheirmeoir nach gcuireann iarratas isteach ar aon íocaíocht dhíreach a bhaineann le limistéar a chuid dáileachtaí talmhaíochta a fhógairt i gcás nach mó ná 1 ha an limistéar iomlán. I ngach cás, cuirfidh an feirmeoir in iúl ina iarratas go bhfuil dáileachtaí talmhaíochta faoina réir aige agus, arna iarraidh sin do na húdaráis inniúla, cuirfidh sé suíomh na ndáileachtaí sin in iúl;

(b)

i gcás feirmeoirí atá rannpháirteach i scéim na bhfeirmeoirí beaga, dá dtagraítear i dTeideal V de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, ní gá dóibh na dáileachtaí talmhaíochta, nach bhfuil iarratas ar íocaíocht déanta orthu, a dhearbhú, mura gceanglaítear dearbhú den sórt sin chun críche cabhair nó tacaíocht eile.”;

(7)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír agus an ceathrú fomhír d'Airteagal 75(1):

“D'ainneoin na chéad fomhíre agus an dara fomhír den mhír seo, féadfaidh na Ballstáit an méid a leanas a dhéanamh:

(a)

roimh an 1 Nollaig ach ní roimh an 16 Deireadh Fómhair, réamhíocaíochtaí suas le 50 % a dhéanamh i leith na n-íocaíochtaí díreacha;

(b)

roimh an 1 Nollaig, réamhíocaíochtaí suas le 75 % a dhéanamh i leith na tacaíochta a deonaíodh faoi fhorbairt tuaithe dá dtagraítear in Airteagal 67(2).

Maidir le tacaíocht a deonaíodh faoi fhorbairt tuaithe, dá dtagraítear in Airteagal 67(2), beidh feidhm ag an gcéad fhomhír agus an dara fomhír den mhír seo i dtaca leis na hiarratais ar chabhair nó leis na héilimh ar íocaíocht a chuirtear isteach ó bhliain éilimh 2019.”;

Airteagal 3

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):

“(h)

ciallaíonn ‘féarthailte buana agus féarach buan’ (dá dtagraítear i dteannta a chéile mar ‘féarthailte buana’) talamh a úsáidtear chun féar nó foráiste luibheach eile a fhás go nádúrtha (féinsíolaithe) nó trína shaothrú (síolaithe) agus nár áiríodh é in uainíocht bharr an ghabháltais ar feadh 5 bliana nó níos mó, agus, i gcás ina gcinneann na Ballstáit amhlaidh, nár cuireadh faoin gcéachta ar feadh 5 bliana nó níos mó; féadfaidh speicis eile amhail toir agus/nó crainn atá in-innilte a bheith mar chuid de sin agus, i gcás ina gcinneann na Ballstáit amhlaidh, speicis eile amhail toir agus/nó crainn lena ndéantar beatha ainmhithe a tháirgeadh, ar choinníoll gurb iad na féara agus an foráiste luibheach eile a bheidh i gcónaí ceannasach. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh freisin an méid seo a leanas a mheas mar fhéarthailte buana:

(i)

talamh atá in-innilte agus atá ina chuid de chleachtais áitiúla sheanbhunaithe áit nach bhfuil féara agus foráiste luibheach eile ceannasach go traidisiúnta i limistéir innilte; agus/nó

(ii)

talamh atá in-innilte i gcás nach bhfuil féara agus foráiste luibheach eile ceannasach, nó i gcás nach ann dóibh, i limistéir innilte;”;

(ii)

cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:

“D'ainneoin phointe (f) agus phointe (h) den chéad fhomhír, féadfaidh na Ballstáit a ghlac leis na dáileachtaí talún a fhágtar bán mar thalamh arúil roimh an 1 Eanáir 2018, leanúint ar aghaidh ag glacadh leo mar sin tar éis an dáta sin. Ón 1 Eanáir 2018, maidir le dáilteachtaí talún a fhágtar bán agus a nglacfar leo mar thalamh arúil faoin bhfomhír seo in 2018, féarthailte buana a bheidh iontu in 2023 nó ina dhiaidh má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (h).”;

(b)

i mír 2, cuirtear na fomhíreanna seo a leanas isteach:

“Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh:

(a)

go measfar talamh nár cuireadh faoin gcéachta ar feadh 5 bliana nó níos mó mar fhéarthailte buana dá dtagraítear i bpointe (h) den chéad fhomhír de mhír 1, ar choinníoll go n-úsáidtear an talamh chun féar nó foráiste luibheach eile a fhás go nádúrtha (féinsíolaithe) nó trína shaothrú (síolaithe) agus nár áiríodh é in uainíocht bharr an ghabháltais ar feadh 5 bliana nó níos mó;

(b)

gur féidir speicis eile amhail toir agus/nó crainn lena ndéantar beatha ainmhithe a tháirgeadh a áireamh i bhféarthailte buana i limistéir ina bhfuil féara agus foráiste luibheach eile ceannasach; agus/nó

(c)

go measfar talamh atá in-innilte i gcás nach bhfuil féara agus foráiste luibheach eile ceannasach, nó i gcás nach ann dóibh, i limistéir innilte, mar fhéarthailte buana dá dtagraítear i bpointe (h) den chéad fhomhír de mhír 1.

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh, ar bhonn critéir oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha, a gcinneadh a chur i bhfeidhm ar a gcríoch iomlán nó ar chuid di, i gcomhréir le pointe (b) agus/nó le pointe (c) den tríú fomhír den mhír seo.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin 31 Márta 2018 faoi aon chinneadh a ghlactar de bhun an tríú fomhír agus an ceathrú fomhír den mhír seo.”;

(2)

in Airteagal 6(2), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“I gcás ina mbainfidh Ballstát leas as an rogha dá bhforáiltear sa dara fomhír d'Airteagal 36(4), féadfar dul thar an uasteorainn náisiúnta a leagtar amach in Iarscríbhinn II don Bhallstát sin don bhliain faoi seach go dtí méid a ríomhtar i gcomhréir leis an bhfomhír sin.”;

(3)

leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

(a)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“3a.   De bhreis ar mhír 1, ar mhír 2 agus ar mhír 3, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh nach ndeonófar aon íocaíochtaí díreacha d'fheirmeoirí nach bhfuil cláraithe, dá gcuid gníomhaíochtaí talmhaíochta, i gclár náisiúnta fioscach nó slándála sóisialta.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Ní bheidh feidhm ag mír 2, ag mír 3 agus ag mír 3a maidir le feirmeoirí nach bhfuair ach íocaíochtaí díreacha nach raibh níos mó ná suim áirithe don bhliain roimhe sin. Cinnfidh na Ballstáit an tsuim sin ar bhonn critéir oibiachtúla amhail a gcuid tréithe náisiúnta nó réigiúnacha, agus ní bheidh sí níos airde ná EUR 5 000.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

“6.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin 1 Lúnasa 2014 faoi aon chinneadh dá dtagraítear i mír 2, i mír 3 nó i mír 4, agus faoin 31 Márta 2018 faoi aon chinneadh dá dtagraítear i mír 3a. I gcás leasuithe ar na cinntí sin, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún laistigh de 2 sheachtain ón dáta ar glacadh an cinneadh leasú a dhéanamh.”;

(d)

cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

“7.   Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh ó 2018 nó ó aon bhliain ina dhiaidh sin nach bhféadfaidh daoine nó grúpaí daoine a thagann faoi raon feidhme na chéad fhomhíre agus an dara fomhír de mhír 2 ach critéar amháin nó dhá cheann de na trí chritéar a liostaítear sa tríú fomhír de mhír 2 a ghairm d'fhonn a léiriú gur feirmeoirí gníomhacha iad. Déanfaidh na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún i leith cinneadh den sórt sin faoin 31 Márta 2018, má chuirtear i bhfeidhm ó 2018 é nó, má chuirtear i bhfeidhm ó bhliain ina dhiaidh sin é, faoin 1 Lúnasa an bhliain roimh dóibh an cinneadh a chur i bhfeidhm.

8.   Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh éirí as mír 2 a chur i bhfeidhm ó 2018 nó aon bhliain ina dhiaidh sin. Déanfaidh siad fógra a thabhairt don Choimisiún i leith cinneadh den sórt sin faoin 31 Márta 2018, má chuirtear i bhfeidhm ó 2018 é nó, má chuirtear i bhfeidhm ó bhliain ina dhiaidh sin é, faoin 1 Lúnasa an bhliain roimh dóibh an cinneadh a chur i bhfeidhm.”;

(4)

in Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

“6.   Féadfaidh na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar bhonn bliantúil ar a gcinntí maidir le híocaíochtaí a laghdú i gcomhréir leis an Airteagal seo, ar choinníoll nach laghdaítear na méideanna atá ar fáil don fhorbairt tuaithe mar gheall ar an athbhreithniú sin.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon chinntí a dhéanfar i gcomhréir leis an Airteagal seo agus faoi aon táirge measta laghduithe do na blianta go dtí 2019 faoin 1 Lúnasa an bhliain roimh chur i bhfeidhm na gcinntí sin, agus is é an 1 Lúnasa 2018 an dáta deireanach ar féidir an fógra sin a thabhairt.”;

(5)

leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an fhomhír seo a leanas léi:

“Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh athbhreithniú a dhéanamh ar na cinntí dá dtagraítear sa mhír seo le héifeacht ó bhliain féilire 2019 agus tabharfaidh siad fógra don Choimisiún faoi aon chinneadh bunaithe ar an athbhreithniú sin faoin 1 Lúnasa 2018. Ní bheidh laghdú ar an gcéatadán faoina dtugtar fógra don Choimisiún i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, an dara fomhír, an tríú fomhír agus an ceathrú fomhír mar thoradh ar aon chinntí a bheidh bunaithe ar athbhreithniú den sórt sin.”;

(b)

i mír 2, cuirtear an fhomhír seo a leanas léi:

“Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh athbhreithniú a dhéanamh ar na cinntí dá dtagraítear sa mhír seo le héifeacht ó bhliain féilire 2019 agus tabharfaidh siad fógra don Choimisiún faoi aon chinneadh bunaithe ar an athbhreithniú sin faoin 1 Lúnasa 2018. Ní bheidh méadú ar an gcéatadán faoina dtugtar fógra don Choimisiún i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, an dara fomhír, an tríú fomhír agus an ceathrú fomhír mar thoradh ar aon chinntí bunaithe ar athbhreithniú den sórt sin.”;

(6)

in Airteagal 31(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

“(g)

laghdú líneach ar luach na dteidlíochtaí íocaíochta faoi scéim na híocaíochta bunúsaí ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal réigiúnach chun na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 30(6) den Rialachán seo a chumhdach, i gcás ina measann na Ballstáit go bhfuil gá leis sin. De bhreis air sin, féadfaidh Ballstáit a bhaineann úsáid as an laghdú líneach sin cheana laghdú líneach a dhéanamh ar luach na dteidlíochtaí íocaíochta faoi scéim na híocaíochta bunúsaí ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal réigiúnach chun na cásanna dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad fhomhír d'Airteagal 30(7) den Rialachán seo a chumhdach;”;

(7)

in Airteagal 36(4), cuirtear na fomhíreanna seo a leanas leis:

“I gcás gach Ballstáit, féadfar an méid a ríomhtar i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo a mhéadú d'uasmhéid 3 % den uasteorainn bhliantúil náisiúnta ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn II tar éis an méid atá mar thoradh ar chur i bhfeidhm Airteagal 47(1) don bhliain ábhartha a bhaint. Nuair a chuirfidh Ballstát méadú den sórt sin i bhfeidhm, cuirfidh an Coimisiún an méadú sin san áireamh agus an uasteorainn náisiúnta bhliantúil á socrú le haghaidh na scéime íocaíochta aonair limistéir de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo. Chuige sin, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin 31 Eanáir 2018 faoi na céatadáin bhliantúla faoina méadófar an méid arna ríomh de bhun mhír 1 den Airteagal seo gach bliain féilire ó 2018.

Féadfaidh na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar bhonn bliantúil ar a gcinneadh dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo agus tabharfaidh siad fógra don Choimisiún faoi aon chinneadh a bheidh bunaithe ar athbhreithniú den sórt sin faoin 1 Lúnasa an bhliain roimh dóibh an cinneadh a chur i bhfeidhm.”;

(8)

leasaítear Airteagal 44 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Gan dochar do líon na mbarr a theastaíonn de bhun mhír 1, ní bheidh feidhm ag na huastairseacha a leagtar amach ansin i gcás gabháltais ina mbeidh níos mó ná 75 % den talamh arúil faoi fhéar nó faoi fhoráiste luibheach eile nó i gcás inar talamh bán níos mó ná 75 % den talamh arúil nó ina saothraítear é le barra atá faoi uisce ar feadh cuid shuntasach den bhliain, nó ar feadh cuid shuntasach de thimthriall na mbarr. I gcásanna den sórt sin, ní chumhdóidh an príomhbharr ar an gcuid eile den talamh arúil níos mó ná 75 % den talamh arúil sin ach amháin i gcás ina mbeidh an talamh eile sin faoi fhéar nó faoi fhoráiste luibheach nó i gcás inar talamh bán é.”;

(b)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a) agus phointe (b):

“(a)

I gcás ina n-úsáidfear níos mó ná 75 % den talamh arúil chun féar nó foráiste luibheach eile a tháirgeadh nó i gcás ina n-úsáidtear é chun barraí léagúmacha a shaothrú nó i gcás inar talamh bán atá ann nó inar teaglaim de na húsáidí sin atá ann;

(b)

i gcás inar féarthailte buana níos mó ná 75 % den limistéar talmhaíochta incháilithe, i gcás ina n-úsáidtear é chun féar nó foráiste luibheach eile a tháirgeadh nó barra a bhíonn faoi uisce ar feadh cuid shuntasach den bhliain nó cuid shuntasach de thimthriall na mbarr a shaothrú, nó faoi réir teaglaim de na húsáidí sin atá ann;”;

(c)

i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Measfar go mbeidh barra geimhridh agus barra earraigh éagsúil, fiú más den ghéineas céanna iad araon. Measfar gur barr éagsúil é Triticum spelta ó bharra den ghéineas céanna.”;

(9)

leasaítear Airteagal 46 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“1.   I gcás ina gcumhdóidh talamh arúil an ghabháltais níos mó ná 15 heicteár, áiritheoidh an feirmeoir, ón 1 Eanáir 2015 ar aghaidh, gur limistéar ina ndírítear ar an éiceolaíocht é limistéar a bheidh ag comhfhreagairt do 5 % ar a laghad de thalamh arúil an ghabháltais a dhearbhaigh an feirmeoir i gcomhréir le pointe (a) den chéad fhomhír d'Airteagal 72(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 agus, má mheasann an Ballstát gur limistéar ina ndírítear ar an éiceolaíocht iad i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, lena n-áirítear na limistéir a luaitear i bpointí (c), (d), (g), (h), (k) agus (l) den mhír sin.”;

(b)

leasaítear mír 2 mar a leanas:

(i)

sa chéad fhomhír, cuirtear na pointí seo a leanas léi:

“(k)

limistéir ina bhfuil miscanthus;

(l)

limistéir ina bhfuil Silphium perfoliatum;

(m)

talamh a fhágtar bán le haghaidh plandaí milmheara (speicis atá saibhir ó thaobh pailine agus neachtair).”;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Cé is moite de limistéir an ghabháltais dá dtagraítear i bpointí (g), (h), (k) agus (l) den chéad fhomhír den mhír seo, is ar thalamh arúil an ghabháltais a bheidh an limistéar ina ndírítear ar an éiceolaíocht. I gcás na limistéar dá dtagraítear i bpointe (c) agus i bpointe (d) den chéad fhomhír den mhír seo, féadfaidh freisin an limistéar ina ndírítear ar an éiceolaíocht a bheith taobh le talamh arúil an ghabháltais a dhearbhaigh an feirmeoir i gcomhréir le pointe (a) den chéad fhomhír d'Airteagal 72(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013.”;

(c)

i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a) agus phointe (b):

“(a)

ina n-úsáidfear níos mó ná 75 % den talamh arúil chun féar nó foráiste luibheach eile a tháirgeadh, nó inarb ionann níos mó ná 75 % de agus talamh bán, nó ina n-úsáidtear níos mó ná 75 % de chun barraí léagúmacha a shaothrú nó inar teaglaim de na húsáidí sin atá ann;

(b)

inarb ionann níos mó ná 75 % den limistéar talmhaíochta incháilithe agus féarthailte buana, ina n-úsáidfear é chun féar nó foráiste luibheach eile a tháirgeadh nó chun barra a bhíonn faoi uisce ar feadh chuid shuntasach den bhliain nó ar feadh chuid shuntasach de thimthriall na mbarr a shaothrú, nó inar teaglaim de na húsáidí sin atá ann.”;

(10)

leasaítear Airteagal 50 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   Deonófar an íocaíocht d'fheirmeoirí óga ar gach feirmeoir ar feadh tréimhse 5 bliana ag tosú tráth ar cuireadh isteach an chéad iarratas ar íocaíocht d'fheirmeoirí óga ar an gcoinníoll gur cuireadh isteach an t-iarratas sin laistigh de 5 bliana tar éis an bhunaithe dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2. Beidh feidhm ag an tréimhse 5 bliana sin i gcás feirmeoirí a fuair íocaíocht d'fheirmeoirí óga i ndáil le héilimh roimh bhliain éilimh 2018.

De mhaolú ar an dara habairt den chéad fhomhír, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh, i gcás na bhfeirmeoirí óga sin a bhunaigh i gcomhréir le pointe (a) de mhír 2 sa tréimhse 2010-2013, tá an tréimhse 5 bliana le laghdú de réir an lín bhlianta idir an bunú dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2 agus an tráth ar cuireadh isteach an chéad iarratas ar íocaíocht d'fheirmeoirí óga.”;

(b)

i mír 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a) agus phointe (b):

“(a)

idir 25 % agus 50 % de mheánluach na dteidlíochtaí íocaíochta, a bheidh i seilbh an fheirmeora ar leis iad nó atá ar léas aige; nó

(b)

idir 25 % agus 50 % den mhéid a gheofar trí chéatadán seasta den uasteorainn náisiúnta don bhliain féilire 2019 a leagtar amach in Iarscríbhinn II a roinnt ar líon na heicteár incháilithe ar fad a dearbhaíodh in 2015 i gcomhréir le hAirteagal 33(1). Beidh an céatadán seasta sin comhionann le sciar na huasteorann náisiúnta atá fágtha do scéim na híocaíochta bunúsaí i gcomhréir le hAirteagal 22(1) i gcomhair 2015”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

“7.   Ríomhfaidh na Ballstáit a mbeidh Airteagal 36 á chur i bhfeidhm acu méid na híocaíochta d'fheirmeoirí óga gach bliain trí uimhir a bheidh ag comhfhreagairt do luach idir 25 % agus 50 % den íocaíocht aonair limistéir a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 36 a iolrú faoi líon na heicteár incháilithe a dhearbhaigh an feirmeoir i gcomhréir le hAirteagal 36(2).”;

(d)

i mír 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“8.   De mhaolú ar mhír 6 agus ar mhír 7 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit méid na híocaíochta d'fheirmeoirí óga a ríomh trí uimhir a chomhfhreagraíonn do luach idir 25 % agus 50 % den mheáníocaíocht náisiúnta in aghaidh an heicteáir a iolrú faoi líon na dteidlíochtaí a ghníomhachtaigh an feirmeoir i gcomhréir le hAirteagal 32(1), nó faoi líon na heicteár incháilithe a dhearbhaigh an feirmeoir i gcomhréir le hAirteagal 36(2).”;

(e)

i mír 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fomhíre:

“10.   In áit mír 6 go mír 9 a chur i bhfeidhm, féadfaidh na Ballstáit cnapshuim bhliantúil a leithdháileadh in aghaidh an fheirmeora, agus í á ríomh trí líon seasta heicteár a iolrú faoi uimhir a chomhfhreagraíonn do luach idir 25 % agus 50 % den mheáníocaíocht náisiúnta in aghaidh an heicteáir mar a bhunaítear i gcomhréir le mír 8.”;

(11)

leasaítear Airteagal 52 mar a leanas:

(a)

scriostar mír 5;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

“6.   Scéim atá i dtacaíocht chúpláilte lena gcuirtear teorainn leis an táirgeacht, a bheidh i bhfoirm íocaíocht bhliantúil bunaithe ar limistéir sheasta nó ar tháirgeacht sheasta nó ar líon seasta ainmhithe agus urramófar léi na huasteorainneacha airgeadais a chinnfidh na Ballstát do gach beart agus a dtabharfaidh siad fógra don Choimisiún ina leith.”;

(c)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“10.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 70 lena bhforlíonófar an Rialachán seo maidir le bearta chun nach mbeidh tairbhithe a dtugtar tacaíocht chúpláilte dheonach dóibh thíos leis mar gheall ar mhíchothromaíochtaí struchtúracha margaidh in earnáil. Leis na gníomhartha tarmligthe sin, ceadófar do na Ballstáit a chinneadh go bhféadfar leanúint den tacaíocht sin a íoc go dtí 2020 ar bhonn na n-aonad táirgthe dar deonaíodh tacaíocht chúpláilte dheonach i dtréimhse thagartha roimhe seo.”;

(12)

in Airteagal 53, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

“6.   Féadfaidh na Ballstáit, faoin 1 Lúnasa in aon bhliain faoi leith, athbhreithniú a dhéanamh ar a gcinneadh de bhun na Caibidle seo agus a chinneadh, le héifeacht ón gcéad bhliain eile:

(a)

an céatadán a shocrófar de bhun mhír 1, mhír 2 agus mhír 3 a fhágáil gan athrú, a mhéadú nó a laghdú, laistigh de na teorainneacha a leagtar síos sna míreanna sin i gcás inarb infheidhme, nó an céatadán a shocrófar a fhágáil gan athrú nó a laghdú de bhun mhír 4;

(b)

na coinníollacha maidir le deonú na tacaíochta a mhodhnú;

(c)

deireadh a chur le deonú na tacaíochta faoin gCaibidil seo.

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir le haon chinneadh den sórt sin faoin dáta dá dtagraítear sa chéad fhomhír.”;

(13)

leasaítear Airteagal 70 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad mhír 2;

“2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 2, Airteagal 4(3), Airteagal 6(3), Airteagal 7(3), Airteagal 8(3), Airteagal 9(5), Airteagal 20(6), Airteagal 35, Airteagal 36(6), Airteagal 39(3), Airteagal 43(12), Airteagal 44(5), Airteagal 45(5) agus (6), Airteagal 46(9), Airteagal 50(11), Airteagal 52(9) agus (10), Airteagal 57(3), Airteagal 58(5), Airteagal 59(3), Airteagal 64(5), Airteagal 67(1) agus (2) agus Airteagal 73 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 7 mbliana amhail ón 1 Eanáir 2014. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 7 mbliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.”

(b)

cuirtear na méid seo a leanas isteach in ionad mhír 3;

“3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 2, Airteagal 4(3), Airteagal 6(3), Airteagal 7(3), Airteagal 8(3), Airteagal 9(5), Airteagal 20(6), Airteagal 35, Airteagal 36(6), Airteagal 39(3), Airteagal 43(12), Airteagal 44(5), Airteagal 45(5) agus (6), Airteagal 46(9), Airteagal 50(11), Airteagal 52(9) agus (10), Airteagal 57(3), Airteagal 58(5), Airteagal 59(3), Airteagal 64(5), Airteagal 67(1) agus (2) agus Airteagal 73 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe a bheidh i bhfeidhm cheana.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad mhír 5;

“5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 2, Airteagal 4(3), Airteagal 6(3), Airteagal 7(3), Airteagal 8(3), Airteagal 9(5), Airteagal 20(6), Airteagal 35, Airteagal 36(6), Airteagal 39(3), Airteagal 43(12), Airteagal 44(5), Airteagal 45(5) agus (6), Airteagal 46(9), Airteagal 50(11), Airteagal 52(9) agus (10), Airteagal 57(3), Airteagal 58(5), Airteagal 59(3), Airteagal 64(5), Airteagal 67(1) agus (2) agus Airteagal 73 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na Eorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”;

(14)

leasaítear Iarscríbhinn X i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo:

Airteagal 4

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 33 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):

“(f)

géarchéimeanna a chosc agus a bhainistiú, lena n-áirítear traenáil a chur ar fáil d'eagraíochtaí táirgeoirí eile, do chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí mar aon le grúpaí táirgeoirí nó táirgeoirí aonair;”;

(b)

leasaítear an chéad fhomhír de mhír 3 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c) agus phointe (d):

“(c)

cur chun cinn agus cumarsáid, lena n-áirítear gníomhartha agus gníomhaíochtaí lena ndírítear ar éagsúlú agus ar chomhdhlúthú i margaí na dtorthaí agus na nglasraí, ar mhaithe le cosc nó le linn géarchéime;

(d)

tacaíocht maidir leis na costais riaracháin a bhaineann le bunú cistí frithpháirteacha agus ranníocaíochtaí airgeadais le cistí frithpháirteacha a athlíonadh, tar éis an chúitimh a íocadh le comhaltaí ar táirgeoirí iad a mbíonn titim ghéar ar a n-ioncam de dheasca dálaí díobhálacha sa mhargadh;”;

(ii)

cuirtear an pointe seo a leanas léi:

“(i)

traenáil a chur ar eagraíochtaí táirgeoirí eile, comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí mar aon le grúpaí táirgeoirí nó táirgeoirí aonair.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara agus an tríú fomhír de mhír 5:

“Urramóidh na bearta comhshaoil na ceanglais agra-chomhshaoil-aeráide nó gealltanais maidir le feirmeoireacht orgánach a leagtar síos in Airteagal 28(3) agus in Airteagal 29(2) agus (3) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013.

I gcás ina mbeidh 80 % ar a laghad de na comhaltaí ar táirgeoirí iad in eagraíocht táirgeoirí faoi réir gealltanas agra-chomhshaoil-aeráide nó gealltanas feirmeoireachta orgánaí comhionann amháin nó níos mó dá bhforáiltear in Airteagal 28(3) agus Airteagal 29(2) agus (3) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, glacfar le gach ceann de na gealltanais sin mar bheart comhshaoil dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo.”;

(2)

in Airteagal 34, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Méadófar an teorainn 50 % dá bhforáiltear i mír 1 go 100 % sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcásanna ina dtarraingeofar siar torthaí agus glasraí ón margadh, ach nach sáraíonn an tarraingt siar 5 % de mhéid an táirgthe arna mhargú de chuid gach eagraíochta táirgeoirí, agus ina ndéanfar iad a dhiúscairt:

(i)

trína ndáileadh saor in aisce ar eagraíochtaí agus ar fhondúireachtaí carthanacha, arna bhformheas chuige sin ag na Ballstáit, lena n-úsáid ina ngníomhaíochtaí le cabhrú le daoine a aithnítear sa dlí náisiúnta go bhfuil siad i dteideal cúnamh poiblí a fháil, go háirithe toisc nach bhfuil an chóir mhaireachtála riachtanach acu;

(ii)

trína ndáileadh saor in aisce ar fhorais phionóis, ar scoileanna agus ar institiúidí oideachais phoiblí, forais dá dtagraítear in Airteagal 22 agus ar champaí saoire leanaí chomh maith le hospidéil agus le hárais seanóirí arna n-ainmniú ag na Ballstáit, a dhéanfaidh na bearta ar fad is gá lena áirithiú i gcás na gcainníochtaí a dháiltear gur cainníochtaí sa bhreis iad ar na cainníochtaí a dhéanann na forais sin a cheannach isteach de ghnáth;

(b)

gníomhaíochtaí a bhaineann le traenáil a chur ar eagraíochtaí táirgeoirí eile, nó ar ghrúpaí táirgeoirí a aithnítear i gcomhréir le hAirteagal 125e de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 nó i gcomhréir le hAirteagal 27 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, ar an gcoinníoll gurb ó réigiúin de chuid na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 35(1) den Rialachán seo, nó ó tháirgeoirí aonair, iad na heagraíochtaí nó na grúpaí sin.”;

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 35:

“Airteagal 35

Cúnamh airgeadais náisiúnta

1.   I réigiúin de chuid na mBallstát ina bhfuil leibhéal eagrúcháin na dtáirgeoirí in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí go mór faoi bhun mheán an Aontais, féadfaidh na Ballstáit cúnamh airgeadais náisiúnta a thabhairt d'eagraíochtaí táirgeoirí arb ionann é agus 80 % ar a mhéad de na ranníocaíochtaí airgeadais dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 32(1) agus suas le 10 % de luach an táirgthe arna mhargú ag aon eagraíocht táirgeoirí den sórt sin. Beidh an cúnamh sin sa bhreis ar an gciste oibriúcháin.

2.   Measfar go mbeidh leibhéal eagrúcháin na dtáirgeoirí i réigiún de chuid Ballstáit go mór faoi bhun mheán an Aontais i gcás inar lú ná 20 % an meáneagrú le haghaidh 3 bliana as a chéile roimh chur chun feidhme an chláir oibriúcháin. Ríomhfar an leibhéal eagrúcháin sin mar luach an táirgthe torthaí agus glasraí a fuarthas sa réigiún lena mbaineann agus arna mhargú ag na heagraíochtaí táirgeoirí, comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí agus grúpaí táirgeoirí a aithnítear i gcomhréir le hAirteagal 125e de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 nó le hAirteagal 27 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, arna roinnt ar luach iomlán an táirgthe torthaí agus glasraí a fuarthas sa réigiún sin.

3.   Ballstáit a dheonaíonn cúnamh airgeadais náisiúnta i gcomhréir le mír 1, cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi na réigiúin a chomhlíonann na critéir dá dtagraítear i mír 2 agus faoin gcúnamh airgeadais náisiúnta arna dheonú d'eagraíochtaí táirgeoirí sna réigiúin sin.”;

(4)

in Airteagal 37, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d)(ii):

“(ii)

coinníollacha a bhaineann le pointí (a), (b), (c) agus (i) den chéad fhomhír d'Airteagal 33(3);”;

(5)

sa chéad fhomhír d'Airteagal 38, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

“(i)

bearta cur chun cinn, cumarsáide, oiliúna agus traenála i gcásanna a bhaineann le géarchéimeanna a chosc agus a bhainistiú;”;

(6)

in Airteagal 62, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“5.   Féadfaidh na Ballstáit an Chaibidil seo a chur i bhfeidhm maidir le limistéir ina dtáirgtear fíon atá oiriúnach do tháirgeacht biotáillí fíona lena ngabhann tásc geografach arna chlárú i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1). Chun críocha na Caibidle seo, féadfar caitheamh leis na limistéir sin mar limistéir inar féidir fíonta a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint acu a tháirgeadh.

(7)

leasaítear Airteagal 64 mar a leanas:

(a)

sa dara fomhír de mhír 1, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(ca)

níl fíniúnacha plandaithe ag an iarratasóir gan údarú dá dtagraítear in Airteagal 71 den Rialachán seo nó gan ceart plandaithe dá dtagraítear in Airteagal 85a agus in Airteagal 85b de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007;”;

(b)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda tosaigh:

“2.   Má tá méid an limistéir iomláin a chumhdaítear leis na hiarratais incháilithe dá dtagraítear i mír 1, i mbliain ar leith, thar mhéid an limistéir a chuir an Ballstát ar fáil, deonófar údaruithe, de réir dháileadh pro-rata na heicteár, do na hiarratasóirí go léir ar bhonn an limistéir a ndearna siad iarratas ar údarú ina leith. Tríd an deonú sin, féadfar limistéar íosta agus/nó uasta a bhunú de réir iarratasóra agus féadfar é a dhéanamh go páirteach nó go hiomlán freisin i gcomhréir le ceann amháin nó níos mó de na critéir oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha thosaíochta seo a leanas:”;

(c)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“2a.   Má chinneann an Ballstát ceann amháin nó níos mó de na critéir dá dtagraítear i mír 2 a chur i bhfeidhm, féadfaidh an Ballstát an coinníoll breise a chur leis go mbeidh an t-iarratasóir ina dhuine nádúrtha nach bhfuil os cionn 40 bliain d'aois an bhliain a dtíolactar an t-iarratas.”;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Poibleoidh na Ballstáit na critéir dá dtagraítear i mír 1, i mír 2 agus i mír 2a a bheidh á gcur i bhfeidhm acu agus tabharfaidh siad fógra láithreach don Choimisiún faoi na critéir sin.”;

(8)

leasaítear Airteagal 148 mar a leanas:

(a)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“1a.   Mura mbainfidh na Ballstáit leas as na féidearthachtaí dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo, féadfaidh táirgeoir, eagraíocht táirgeoirí, nó comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí a cheangal go mbeidh aon bhainne amh a bheidh á sheachadadh faoi réir conradh scríofa idir na páirtithe agus/nó go mbeidh sé faoi réir tairiscint i scríbhinn ar chonradh ó na chéad cheannaitheoirí, faoi na coinníollacha a leagtar síos sa chéad fhomhír de mhír 4 den Airteagal seo.

Más micrifhiontar, fiontar beag nó fiontar meánmhéide de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE é an chéad cheannaitheoir, ní bheidh an conradh agus/nó an tairiscint ar chonradh éigeantach, gan dochar don deis atá ag na páirtithe leas a bhaint as conradh caighdeánach arna dhréachtú ag eagraíocht idirchraoibhe.”;

(b)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda tosaigh:

“2.   Maidir leis an gconradh agus/nó an tairiscint ar chonradh dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 1a:”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   De mhaolú ar mhír 1 agus ar mhír 1a, ní bheidh gá le conradh agus/nó tairiscint ar chonradh i gcás ina seachadfaidh comhalta comharchumainn bainne amh don chomharchumann a bhfuil sé ina chomhalta de más rud go bhfuil, i reachtanna an chomharchumainn sin, nó sna rialacha agus sna cinntí dá bhforáiltear sna reachtanna sin nó a eascraíonn as na reachtanna sin, forálacha a bhfuil éifeachtaí acu atá comhchosúil leis na forálacha sin a leagtar amach i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) de mhír 2.”;

(d)

i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda tosaigh agus phointe (a) den dara fomhír:

“D'ainneoin na chéad fhomhíre, beidh feidhm ag ceann amháin nó níos mó den mhéid seo a leanas:

(a)

i gcás ina gcinnfidh Ballstát conradh i scríbhinn maidir le seachadadh bainne amh a dhéanamh éigeantach i gcomhréir le mír 1, féadfaidh sé an méid seo a leanas a bhunú:

(i)

oibleagáid do na páirtithe teacht ar chomhaontú maidir le gaol idir cainníocht áirithe a sheachadtar agus an praghas is iníoctha ar an seachadadh sin;

(ii)

fad íosta, nach mbeidh infheidhme ach amháin maidir le conarthaí i scríbhinn idir feirmeoir agus céad-cheannaitheoir an bhainne amh; 6 mhí ar a laghad a bheidh san fhad íosta sin agus ní dhéanfaidh sé difear d'fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh;”;

(9)

in Airteagal 149, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Féadfaidh eagraíocht táirgeoirí in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne, ar eagraíocht í a aithnítear faoi Airteagal 161(1), na conarthaí sin maidir le seachadadh bainne amh ag feirmeoir ar phróiseálaí bainne amh, nó ar bhailitheoir de réir bhrí an tríú fomhír d'Airteagal 148(1), a chaibidil ar son a gcomhaltaí ar feirmeoirí iad, i dtaca le cuid dá gcomhtháirgeadh nó a gcomhtháirgeadh ar fad.”;

(10)

leasaítear Airteagal 152 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

a bunaíodh ar thionscnamh na dtáirgeoirí agus a dhéanann ceann amháin ar a laghad de na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(i)

comhphróiseáil;

(ii)

comhdháileadh, lena n-áirítear trí chomhardáin díola nó comhiompar;

(iii)

comhphacáistiú, comhlipéadú nó cur chun cinn comhpháirteach;

(iv)

comheagrú an rialaithe cháilíochta;

(v)

comhúsáid trealaimh nó áiseanna stórais;

(vi)

comhbhainistiú an fhuíll a bhaineann go díreach leis an táirgeadh;

(vii)

comhsholáthar ionchuir;

(viii)

aon ghníomhaíochtaí comhpháirteacha seirbhísí eile lena saothraítear ceann de na cuspóirí a liostaítear i bpointe (c) den mhír seo;”;

(b)

cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

“1a.   De mhaolú ar Airteagal 101(1) CFAE, féadfaidh eagraíocht táirgeoirí a aithnítear faoi mhír 1 den Airteagal seo táirgeacht a phleanáil, barrfheabhas a chur ar na costais táirgthe agus conarthaí a chur ar an margadh agus a chaibidil chun táirgí talmhaíochta a sholáthar, thar ceann a comhaltaí dá dtáirgeacht iomlán nó do chuid dá dtáirgeacht.

Féadfar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a dhéanamh:

(a)

ar choinníoll go bhfeidhmítear i ndáiríre ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (b)(i) go (vii) de mhír 1, agus go gcuirtear, ar an gcaoi sin, le comhlíonadh na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 39 CFAE;

(b)

ar choinníoll go gcomhchruinníonn an eagraíocht táirgeoirí an soláthar agus go gcuireann sí táirgí a cuid comhaltaí ar an margadh, cibé acu a aistríonn nó nach n-aistríonn na táirgeoirí úinéireacht na dtáirgí talmhaíochta chuig an eagraíocht táirgeoirí;

(c)

cibé acu is ionann nó nach ionann an praghas a chaibidlítear maidir le táirgeadh comhiomlánaithe cuid de na comhaltaí, nó táirgeadh comhiomlánaithe na gcomhaltaí ar fad;

(d)

ar choinníoll nach bhfuil na táirgeoirí lena mbaineann ina gcomhaltaí d'eagraíocht táirgeoirí ar bith eile a mhéid a bhaineann leis na táirgí a chlúdaítear leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír;

(e)

ar choinníoll nach mbeidh an táirge talmhaíochta cumhdaithe le haon oibleagáid maidir le seachadadh a eascraíonn ó chomhaltas an fheirmeora i gcomharchumann, nach ball é féin de na heagraíochtaí táirgeoirí lena mbaineann, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i reachtanna an chomharchumainn nó sna rialacha agus sna cinntí dá bhforáiltear sna reachtanna sin nó a eascraíonn uathu.

Mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit maolú ar an gcoinníoll a leagtar amach i bpointe (d) den dara fomhír i gcásanna a bhfuil údar cuí leo más rud é go bhfuil dhá aonad táirgeachta shainiúla ag comhaltaí ar táirgeoirí iad agus go bhfuil na haonaid sin lonnaithe i limistéir gheografacha éagsúla;

1b.   Chun críocha an Airteagail seo, áireofar freisin sna tagairtí d'eagraíochtaí táirgeoirí comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí a aithnítear faoi Airteagal 156(1) más rud é go gcomhlíonann na comhlachais sin na ceanglais a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo.

1c.   Féadfaidh an t-údarás náisiúnta iomaíochta dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 cinneadh a dhéanamh i gcásanna aonair, san am atá le teacht, go ndéanfar ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1a a mhodhnú, go gcuirfear deireadh leis an ngníomhaíocht nó leis na gníomhaíochtaí sin nó nach ndéanfar í nó iad ar chor ar bith má mheasann sé go bhfuil sé sin riachtanach chun cosc a chur ar eisiamh iomaíochta nó má mheasann sé go bhfuil na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 39 CFAE i mbaol.

I gcás caibidlíochta ina gcumhdaítear níos mó ná Ballstát amháin, is é an Coimisiún a dhéanfaidh an cinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó (3) a chur i bhfeidhm.

Ag gníomhú dó faoin gcéad fhomhír den mhír seo, tabharfaidh an t-údarás náisiúnta iomaíochta fógra i scríbhinn don Choimisiún roimh thús a chur leis an gcéad bheart foirmiúil den imscrúdú nó gan mhoill ina dhiaidh sin agus tabharfaidh sé fógra don Choimisiún faoi na cinntí a glacadh gan mhoill tar éis a nglactha.

Ní bheidh feidhm ag na cinntí dá dtagraítear sa mhír seo roimh an dáta a bhfógraítear iad do na gnóthais lena mbaineann.”;

(c)

scriostar mír 3;

(11)

leasaítear Airteagal 154 mar a leanas;

(a)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“1a.   Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh, arna iarraidh sin, níos mó ná aitheantas amháin a dheonú d'eagraíocht táirgeoirí a oibríonn i roinnt earnálacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) ar choinníoll go gcomhlíonann an eagraíocht táirgeoirí na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i gcás gach earnála a bhfuil aitheantas á lorg aici ina leith.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 agus mhír 3:

“2.   I gcás eagraíochtaí táirgeoirí ar tugadh aitheantas dóibh roimh an 1 Eanáir 2018 agus a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go measfar gur eagraíochtaí aitheanta táirgeoirí iad de bhun Airteagal 152.

3.   I gcás eagraíochtaí táirgeoirí ar tugadh aitheantas dóibh roimh an 1 Eanáir 2018 ach nach gcomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, tarraingeoidh na Ballstáit siar a n-aitheantas tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2020.”;

(12)

leasaítear Airteagal 157 mar a leanas:

(a)

i bpointe (c) de mhír 1, cuirtear na pointí seo a leanas leis:

“(xv)

clásail chaighdeánacha maidir le comhroinnt luacha a bhunú de réir bhrí Airteagal 172a, lena n-áirítear bónais agus caillteanais sna margaí, lena gcinntear an chaoi a leithdháilfear aon éabhlóid ar phraghsanna ábhartha margaí na dtáirgí lena mbaineann nó ar na margaí tráchtearraí eile eatarthu;

(xvi)

bearta cur chun feidhme chun sláinte ainmhithe, cosaint plandaí agus rioscaí comhshaoil a chosc agus a bhainistiú.”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“1a.   Féadfaidh na Ballstáit, arna iarraidh sin, níos mó ná aitheantas amháin a dheonú d'eagraíocht idirchraoibhe a oibríonn i roinnt earnálacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) ar choinníoll go gcomhlíonann an eagraíocht idirchraoibhe na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1 agus, i gcás inarb infheidhme, i mír 3, i gcás gach earnála a bhfuil aitheantas á lorg aici ina leith.”;

(c)

i bpointe (c) de mhír 3, cuirtear na pointí seo a leanas leis:

“(xii)

clásail chaighdeánacha maidir le comhroinnt luacha a bhunú de réir bhrí Airteagal 172a, lena n-áirítear bónais agus caillteanais sna margaí, lena gcinntear an chaoi a leithdháilfear aon éabhlóid ar phraghsanna ábhartha margaí na dtáirgí lena mbaineann nó ar na margaí tráchtearraí eile eatarthu;

(xiii)

bearta cur chun feidhme chun sláinte ainmhithe, cosaint plandaí agus rioscaí comhshaoil a chosc agus a bhainistiú.”;

(13)

in Airteagal 159, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheannteidil:

“Aitheantas éigeantach”;

(14)

leasaítear Airteagal 161 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda tosaigh agus phointe (a):

“1.   Tabharfaidh na Ballstáit, arna iarraidh sin, aitheantas mar eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne do gach eintiteas dlíthiúil nó do chodanna d'eintitis dhlíthiúla mar sin atá sainithe go soiléir, ar choinníoll:

(a)

gur táirgeoirí in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne atá iontu agus gur ar a dtionscnamh a bhunaítear iad agus (go bhfuil aidhm shonrach á saothrú acu, a bhféadfaidh ceann amháin de na cuspóirí seo a leanas nó níos mó ná sin a bheith ar áireamh inti:

(i)

féachaint chuige go ndéanfar táirgeadh a phleanáil agus a oiriúnú de réir an éilimh, go háirithe ó thaobh cáilíochta agus cainníochta;

(ii)

soláthar na dtáirgí a tháirgeann a gcomhaltaí a chomhchruinniú agus na táirgí sin a chur ar an margadh;

(iii)

na costais táirgthe a bharrfheabhsú agus praghsanna na dtáirgeoirí a chobhsú;”

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Maidir le heagraíochtaí táirgeoirí ar tugadh aitheantas dóibh roimh an 2 Aibreán 2012 ar bhonn an dlí náisiúnta, agus a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i mír 1, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go measfar gur eagraíochtaí aitheanta táirgeoirí iad.”;

(15)

leasaítear Airteagal 168 mar a leanas:

(a)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“1a.   Mura mbainfidh na Ballstáit leas as na féidearthachtaí dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo, féadfaidh táirgeoir, eagraíocht táirgeoirí, nó comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí, sa mhéid a bhaineann le táirgí talmhaíochta in earnáil dá dtagraítear in Airteagal 1(2) seachas earnáil an bhainne, na dtáirgí bainne agus an tsiúcra, a cheangal go mbeidh aon seachadadh táirgí dá chuid/dá cuid/dá gcuid chuig próiseálaí nó dáileoir faoi réir conradh i scríbhinn idir na páirtithe agus/nó go mbeidh siad faoi réir tairiscint i scríbhinn ar chonradh ó na chéad cheannaitheoirí, faoi na coinníollacha a leagtar síos i mír 4 agus sa chéad fhomhír de mhír 6 den Airteagal seo.

Más micrifhiontar, fiontar beag nó fiontar meánmhéide de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE é an chéad cheannaitheoir, ní bheidh an conradh agus/nó an tairiscint ar chonradh éigeantach, gan dochar don deis atá ag na páirtithe leas a bhaint as conradh caighdeánach arna dhréachtú ag eagraíocht idirchraoibhe.”;

(b)

i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda tosaigh:

“4.   Maidir le haon chonradh nó tairiscint ar chonradh dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 1a:”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   De mhaolú ar mhír 1 agus ar mhír 1a, ní bheidh gá le conradh ná le tairiscint ar chonradh i gcás ina seachadfaidh comhalta comharchumainn na táirgí lena mbaineann don chomharchumann a bhfuil sé ina chomhalta de, más rud go bhfuil, i reachtanna an chomharchumainn sin, nó sna rialacha agus sna cinntí dá bhforáiltear sna reachtanna sin nó a chineann ó na reachtanna sin, forálacha a bhfuil éifeachtaí acu atá comhchosúil leis na forálacha sin a leagtar amach i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) de mhír 4.”;

(16)

scriostar Airteagal 169, Airteagal 170 agus Airteagal 171;

(17)

cuirtear an Roinn seo a leanas isteach:

“Roinn 5a

Clásail maidir le comhroint luacha

Airteagal 172a

Comhroinnt luacha

Gan dochar d'aon chlásal sonrach maidir le comhroinnt luacha in earnáil an tsiúcra, féadfaidh feirmeoirí, comhlachais feirmeoirí san áireamh, agus a gcéad cheannaitheoir teacht ar chomhaontú i ndáil le clásail maidir le comhroinnt luacha, bónais agus caillteanais margaí san áireamh, lena gcinntear an chaoi a leithdháilfear aon éabhlóid ar na praghsanna ábhartha margaí do na táirgí lena mbaineann nó ar na margaí tráchtearraí eile eatarthu.”;

(18)

in Airteagal 184, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Cuótaí taraife ar allmhairí táirgí talmhaíochta a scaoilfear le haghaidh saorchúrsaíochta san Aontas nó i gcuid de, nó cuótaí taraife ar allmhairí táirgí talmhaíochta de chuid an Aontais isteach i dtríú tíortha a bheidh le riar ina n-iomláine nó i bpáirt ag an Aontas, ar cuótaí taraife iad a bheidh ina dtoradh ar chomhaontuithe idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích i gcomhréir le CFAE nó as aon ghníomh eile arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 43(2) nó le hAirteagal 207 CFAE, déanfaidh an Coimisiún iad a oscailt agus/nó a riar trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 186 den Rialachán seo agus trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 187 den Rialachán seo.”;

(19)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 188:

“Airteagal 188

Próiseas leithdháilte do chuótaí taraife

1.   Foilseoidh an Coimisiún, trí fhoilseachán iomchuí gréasáin, torthaí phróiseas leithdháilte na gcuótaí taraife i dtaca leis na hiarratais dá dtabharfar fógra agus aird á tabhairt ar na cuótaí taraife a bheidh ar fáil agus ar na hiarratais dá dtabharfar fógra.

2.   Ina theannta sin, déanfar tagairt san fhoilseachán dá dtagraítear i mír 1, nuair is iomchuí, don ghá le hiarratais ar feitheamh a dhiúltú, tíolacadh na n-iarratas a chur ar fionraí nó cainníochtaí nach n-úsáidfear a leithdháileadh.

3.   Eiseoidh na Ballstáit ceadúnais allmhairiúcháin agus ceadúnais onnmhairiúcháin i gcomhair cainníochtaí a gcuirfear iarratas isteach orthu laistigh de na cuótaí taraife allmhairiúcháin agus na cuótaí taraife onnmhairiúcháin, faoi réir comhéifeachtaí leithdháilte faoi seach agus tar éis don Choimisiún iad a chur ar fáil don phobal i gcomhréir le mír 1.”;

(20)

leasaítear Airteagal 209 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír de mhír 1:

“Ní bheidh feidhm ag Airteagal 101(1) CFAE maidir le comhaontuithe, cinntí agus cleachtais chomhbheartaithe de chuid feirmeoirí, comhlachais feirmeoirí, nó comhlachais na gcomhlachas sin, nó eagraíochtaí táirgeoirí a aithnítear faoi Airteagal 152 nó faoi Airteagal 161 den Rialachán seo, ná comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí a aithnítear faoi Airteagal 156 den Rialachán seo, ar comhaontuithe, cinntí agus cleachtais iad a bhaineann le táirgeadh nó díol táirgí talmhaíochta nó úsáid comháiseanna chun táirgí talmhaíochta a stóráil, a chóireáil nó a phróiseáil, ach amháin má chuirfear na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 39 CFAE i gcontúirt.”;

(b)

i mír 2, cuirtear na fomhíreanna seo a leanas isteach tar éis na chéad fhomhíre:

“Mar sin féin, féadfaidh feirmeoirí, comhlachais feirmeoirí, nó comhlachais na gcomhlachas sin, nó eagraíochtaí táirgeoirí a aithnítear faoi Airteagal 152 nó faoi Airteagal 161 den Rialachán seo, nó comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí a aithnítear faoi Airteagal 156 den Rialachán seo, tuairim a iarraidh ar an gCoimisiún maidir le comhoiriúnacht na gcomhaontuithe, na gcinntí agus na gcleachtas comhbheartaithe sin leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 39 CFAE.

Déileálfaidh an Coimisiún leis na hiarrataí ar thuairimí go pras agus cuirfidh sé a thuairim chuig an iarratasóir laistigh de cheithre mhí tar éis iarraidh iomlán a fháil. Féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh ó Bhallstát, ábhar tuairime a athrú, go háirithe más rud é gur chur an t-iarratasóir faisnéis neamhbheacht ar fáil nó má bhain sé mí-úsáid as an tuairim.”;

(21)

leasaítear Airteagal 222 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda tosaigh:

“1.   Le linn tréimhsí ina bhfuil míchothromaíochtaí tromchúiseacha sna margaí, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh a mbeidh mar éifeacht acu nach mbeidh feidhm ag Airteagal 101(1) CFAE maidir le comhaontuithe agus cinntí feirmeoirí, comhlachais feirmeoirí nó comhlachais de chomhlachais mar sin, nó eagraíochtaí aitheanta táirgeoirí, comhlachais eagraíochtaí aitheanta táirgeoirí ná comhlachais eagraíochtaí aitheanta idirchraoibhe in aon cheann de na hearnálacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo, ar choinníoll nach mbainfear, leis na comhaontuithe agus na cinntí sin, an bonn d'fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, go mbeidh mar aidhm dhocht acu an earnáil lena mbaineann a chobhsú agus go dtiocfaidh siad faoi cheann amháin nó níos mó ná ceann amháin de na catagóirí seo a leanas:”;

(b)

scriostar mír 2;

(22)

in Airteagal 232, scriostar mír 2;

(23)

leasaítear Iarscríbhinn VII agus Iarscríbhinn VIII i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 5

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 652/2014

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 652/2014 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 4, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“4.   I gcás gníomhaíochtaí ilbhliantúla a fhormheas, féadfar oibleagáidí buiséadacha a roinnt ina dtráthchodanna bliantúla. I gcás ina roinntear oibleagáidí buiséadacha amhlaidh, geallfaidh an Coimisiún na tráthchodanna bliantúla, agus dul chun cinn na ngníomhaíochtaí, na riachtanais a mheasfar a bheith ann agus an buiséad atá ar fáil á gcur i gcuntas.”;

(2)

in Airteagal 13, scriostar mír 5;

(3)

in Airteagal 22, scriostar mír 5;

(4)

in Airteagal 27, scriostar mír 5.

Airteagal 6

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2018.

Mar sin féin:

(a)

beidh feidhm ag pointe 11(a) agus (b) d'Airteagal 3 ón 1 Eanáir 2015;

(b)

beidh feidhm ag pointe 23(b) d'Airteagal 1 ón 1 Eanáir 2016; agus

(c)

beidh feidhm ag pointe 3 d'Airteagal 4 ón 1 Eanáir 2019.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 13 Nollaig 2017.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. MAASIKAS


(1)  IO C 91, 23.3.2017, lch. 1.

(2)  IO C 75, 10.3.2017, lch. 63.

(3)  IO C 306, 15.9.2017, lch. 64.

(4)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Nollaig 2017 [(IO)] [(nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil)] agus cinneadh ón gComhairle an 12 Nollaig 2017.

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d'fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 487).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 352/78, Rialachán (CE) Uimh. 165/94, Rialachán (CE) Uimh. 2799/98, Rialachán (CE) Uimh. 814/2000, Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 549).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 637/2008 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle (IO L 347 20.12.2013, lch. 608).

(9)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1089 ón gCoimisiún an 6 Iúil 2015 lena mbunaítear uasteorainneacha buiséadacha do 2015 is infheidhme maidir le scéimeanna tacaíochta dírí áirithe dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena socrófar an méid don chúlchiste speisialta don Chróit leis an talamh a ghlanadh de mhianaigh talún (IO L 176, 7.7.2015, lch. 29).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).

(11)  Rialachán (CE) Uimh. 1301/2016 ón gCoimisiún an 31 Lúnasa 2006 lena leagtar síos rialacha comhchoiteanna maidir le riar cuótaí taraife ar allmhairí le haghaidh táirgí talmhaíochta a bhainistítear le córas ceadúnas allmhairiúcháin (IO L 238, 1.9.2006, lch. 13).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 652/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena leagtar síos forálacha maidir le bainistiú caiteachais i ndáil leis an mbiashlabhra, sláinte ainmhithe agus leas ainmhithe, agus i ndáil le sláinte plandaí agus ábhar atáirgthe plandaí, lena leasaítear Treoir 98/56/CE, Treoir 2000/29/CE agus Treoir 2008/90/CE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 66/399/CEE, Cinneadh 76/894/CEE agus Cinneadh 2009/470/CE ón gComhairle (IO L 189, 27.6.2014, lch. 1).

(*1)  Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha deochanna biotáilleacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle (IO L 39, 13.2.2008, lch. 16)”;


IARSCRÍBHINN I

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 mar a leanas:

(1)

sa líne a bhaineann le hAirteagal 17(3), Ábhar: Infheistíocht i sócmhainní fisiceacha, Earnáil na talmhaíochta, Uasmhéid in EUR nó ráta: 40 %, an ceathrú colún, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda tosaigh agus na chéad fhleisce:

“De mhéid na hinfheistíochta incháilithe i réigiúin eile

Féadfar na rátaí thuas a mhéadú de 20 pointe céatadáin breise, ar choinníoll nach sáróidh an t-uasmhéid tacaíochta comhcheangailte 90 %, le haghaidh:

Feirmeoirí óga iad go ceann uastréimhse 5 g bliana ó dháta an bhunaithe mar a leagtar amach sa phlean forbartha tuaithe, nó go dtí go gcuirfear na gníomhaíochtaí a shainmhínítear sa phlean gnó dá dtagraítear in Airteagal 19(4) i gcrích;”;

(2)

sa líne a bhaineann le hAirteagal 17(3), Ábhar: Infheistíochtaí i sócmhainní fisiceacha, Próiseáil agus margú na dtáirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le CFAE, Uasmhéid in EUR nó ráta: 40 %, cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad an cheathrú cholún:

“De mhéid na hinfheistíochta incháilithe i réigiúin eile

Féadfar na rátaí thuas a mhéadú de 20 pointe céatadáin de bhreis le haghaidh oibríochtaí a dtugtar tacaíocht dóibh laistigh de chreat CEN, le haghaidh infheistíochtaí comhchoiteanna agus tionscadail chomhtháite, nó le haghaidh oibríochtaí a bhfuil baint acu le cumasc d'eagraíochtaí táirgeoirí, ar choinníoll nach sáróidh an t-uasmhéid tacaíochta comhcheangailte 90 %”;

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na línte a bhaineann le hAirteagal 37(5), le hAirteagal 38(5) agus le hAirteagal 39(5):

“37(5)

Árachas barr, ainmhithe agus plandaí

70 %

Den phréimh árachais dlite

38(5)

Cistí frithpháirteacha le haghaidh teagmhas díobhálach aeráide, galar ainmhithe agus plandaí, foirgeachta le lotnaidí agus teagmhas comhshaoil

70 %

De na costais cháilithe

39(5)

Uirlis cobhsaithe ioncaim

70 %

De na costais cháilithe”.


IARSCRÍBHINN II

In Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, leasaítear an tábla “Fachtóirí coinbhéartachta agus ualaithe dá dtagraítear in Airteagal 46(3)” mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na líne “Limistéir ina bhfuil garrán gearruainíochta”:

“Limistéir ina bhfuil garrán gearruainíochta (in aghaidh 1 m2)

n.a.

0,5

0,5 m2”;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na líne “Limistéir ina bhfuil barra fosaithe nítrigine”:

“Limistéir ina bhfuil barra fosaithe nítrigine (in aghaidh 1 m2)

n.a.

1

1 m2”;

(3)

cuirtear na línte seo a leanas isteach:

“Limistéir ina bhfuil Miscanthus

n.a.

0,7

0,7 m2

Limistéir ina bhfuil Silphium perfoliatum

n.a.

0,7

0,7 m2

Talamh a fhágtar bán le haghaidh plandaí milmheara (speicis atá saibhir ó thaobh pailine agus neachtair)

n.a.

1,5

1,5 m2”.


IARSCRÍBHINN III

Leasaítear Iarscríbhinn VII agus Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 mar a leanas:

(1)

i bpointe 1(c) de Chuid II d'Iarscríbhinn VII, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fleasc:

“—

féadfaidh an uasteorainn do neart iomlán an alcóil dul thar 15 % de réir toirte i gcás fíonta a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint acu agus a táirgeadh gan saibhriú, nó a saibhríodh le próisis tiúchana páirtí a liostaítear i bpointe 1 de Roinn B de Chuid I d'Iarscríbhinn VIII agus leis na próisis sin amháin, ar choinníoll go bhféadfadh an méid sin a bheith i gceist leis an tsonraíocht táirge i gcomhad teicniúil an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint lena mbaineann;”;

(2)

i Roinn A de Chuid I d'Iarscríbhinn VIII, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3:

“3.

I mblianta ina bhfuil dálaí aeráide an-mhífhabhrach, féadfaidh na Ballstáit an teorainn (na teorainneacha) a leagtar síos i bpointe 2 a ardú faoi 0,5 % mar eisceacht i gcás na réigiún lena mbaineann. Déanfaidh na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún i leith aon ardú den sórt sin.”.


Ráitis ón gCoimisiún

Airteagal 1 - Forbairt Tuaithe

—   Síneadh curtha le ré Chlár um Fhorbairt Tuaithe

Leanfaidh caiteachas a bhaineann le cláir um fhorbairt tuaithe (CFTanna) 2014-2020 arna bhformheas i gcomhréir le hAirteagal 10(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 de bheith incháilithe do ranníocaíocht ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) má chuirtear íocaíocht chuig na tairbhithe tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2023. Díreoidh an Coimisiún a aird ar thacaíocht leanúnach a thabhairt d'fhorbairt tuaithe tar éis 2020 i gcomhthéacs a thogra don chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile.

—   Bainistiú riosca

Dearbhaíonn an Coimisiún go bhfuil sé beartaithe aige athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmiú agus éifeachtúlacht na n-uirlisí bainistithe riosca a chuimsítear cheana i Rialachán (CE) Uimh. 1305/2013 faoi réir an togra uaidh maidir le nuachóiriú agus simpliú an Chomhbheartais Talmhaíochta.

—   Pionóis maidir le Clár Leader

Dearbhaíonn an Coimisiún go bhfuil sé beartaithe aige athbhreithniú a dhéanamh ar éifeachtacht agus comhréireacht na bpionós maidir le LEADER a áirítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014 ón gCoimisiún.

Airteagal 2 - Rialachán Cothrománach

—   Cúlchiste géarchéime

Dearbhaíonn an Coimisiún go ndéanfar athbhreithniú ar oibriú an chúlchiste géarchéime san earnáil talmhaíochta agus ar aisíocaíocht na leithreasuithe a bhaineann le smacht airgeadais dá bhforáiltear in Airteagal 25 agus Airteagal 26(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 i gcomhthéacs an ullmhúcháin don chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile chun go bhféadfar idirghabháil éifeachtúil thráthúil a dhéanamh in aimsir ghéarchéime sa mhargadh.

—   Iniúchóireacht aonair

Tacaíonn an Coimisiún leis an gcur chuige iniúchóireachta aonair, mar a dhearbhaítear sa togra uaidh le haghaidh Airteagal 123 den Rialachán nua Airgeadais. Dearbhaíonn an Coimisiún freisin go gceadaítear an cur chuige sin cheana leis an gcreat dlíthiúil atá ann faoi láthair le aghaidh bhainistiú agus rialú an chaiteachais talmhaíochta, arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus go bhfuil sé glactha aige ina straitéis iniúchóireachta don tréimhse 2014-2020. Go sonrach, i gcás ina meastar go bhfuil tuairim na Comhlachta Deimhniúcháin a fuarthas i gcomhréir le hAirteagal 9(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, go bhfuil an tuairim sin iontaofa, cuireann an Coimisiún an tuairim sin san áireamh agus measúnú á dhéanamh aige ar an ngá atá le hiniúchóireachtaí a dhéanamh ar an ngníomhaireacht íocaíochta lena mbaineann.

Article 3 - Íocaíochtaí díreacha

—   Plean Próitéine

Dearbhaíonn an Coimisiún go bhfuil sé beartaithe aige athbhreithniú a dhéanamh ar an staid soláthair agus éilimh do phróitéiní plandúla san Aontas agus a mheas an bhféadfaí “straitéis Eorpach um próitéiní plandúla” a fhorbairt d'fhonn spreagadh breise a thabhairt do tháirgeadh próitéiní plandúla san Aontas ar bhealach atá fónta ó thaobh an gheilleagair agus an chomhshaoil de.

Airteagal 4 - CEM

—   Scéimeanna i ndáil le laghdú táirgeachta deonach

Dearbhaíonn an Coimisiún go gcuimsíonn Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta, go gcuimsíonn sé cheana, in Airteagal 219 agus Airteagal 221, an bunús dlí riachtanach lena gceadaítear dó, faoi réir acmhainní buiséadacha a bheith ar fáil, aghaidh a thabhairt ar shuaití sa mhargadh agus ar fhadhbanna sonracha eile, lena n-áirítear ar an leibhéal réigiúnach, agus féadtar cúnamh airgeadais díreach a dheonú d'fheirmeoirí. Ina theannta sin, leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh uirlis earnáilsonrach chobhsaithe ioncaim a chur le Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 maidir le tacaíocht d'fhorbairt tuaithe, ceadófar do na Ballstáit an fhéidearthacht a chuimsiú ina gcláir um fhorbairt tuaithe cúiteamh a thabhairt d'fheirmeoirí in earnáil shonrach i gcás ina dtagann laghdú suntasach ar a n-ioncam.

Anuas air sin, dearbhaíonn an Coimisiún go gceadaítear dó le hAirteagal 219, i gcás suaitheadh sa mhargadh nó i gcás baol go dtarlódh sin, scéimeanna a thabhairt isteach chun cúnamh ón Aontas a dheonú do tháirgeoirí a gheallfaidh a dtáirgeacht a laghdú ar bhonn deonach, lena n-áirítear na mionsonraí is gá chun scéim den chineál sin a oibriú (Sampla: Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1612 ón gCoimisiún, IO L 242 an 9.9.2016, lch. 4).

—   Eagraíochtaí idirchraoibhe trasnáisiúnta a aithint

Meabhraíonn an Coimisiún go leagtar síos na rialacha a bhaineann le comhar táirgeoirí maidir le heagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta, comhaltais thrasnáisiúnta d'eagraíochtaí táirgeoirí nó eagraíochtaí idirchraoibhe trasnáisiúnta, lena n-áirítear an comhar riaracháin is gá idir na Ballstáit lena mbaineann, i Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/232 ón gCoimisiún. Déanfar athbhreithniú ar oibriú agus leordhóthanacht na rialacha sin sa phróiseas leanúnach chun CBT a nuachóiriú agus a shimpliú.

—   Cleachtais trádála éagóracha

Dearbhaíonn an Coimisiún go bhfuil tionscnamh seolta aige maidir leis an mbiashlabhra atá ag dul trí na céimeanna éagsúla a cheanglaítear leis na treoirlínte maidir le Rialáil Níos Fearr. Déanfaidh sé cinneadh maidir le togra reachtach féideartha a luaithe a chuirfear an nós imeachta seo i gcrích, sa chéad leath de 2018 más féidir.

—   Comhar tairgeoirí

Tugann an Coimisiún dá aire an comhaontú idir an Pharlaimint agus an Chomhairle maidir leis na leasuithe ar Airteagail 152, 209, 222, agus 232. Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil na leasuithe arna gcomhaontú ag an bParlaimint agus ag an gComhairle de chineál substaintiúil agus go gcuimsítear iad gan measúnú tionchair a bheith déanta orthu mar a cheanglaítear le pointe 15 den Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Tagann as sin méid éiginnteachta ó thaobh an dlí agus nós imeachta de nach bhfuil inmhianaithe agus nach fios fós an tionchar agus na himpleachtaí a bheidh aige sin.

De bhrí gur athrú suntasach ar an gcreat dlíthiúil atá sna hathruithe ar an gcéad togra ón gCoimisiún arna gcur le chéile, tugann an Coimisiún dá aire, agus is cúis imní dó, go bhféadfadh sé gurbh é éifeacht na bhforálacha nua a rinneadh ar mhaithe leis na heagraíochtaí táirgeoirí inmharthanacht agus dea-bhail feirmeoirí beaga agus leas tomhaltóirí a chur i mbaol. Dearbhaíonn an Coimisiún a ghealltanas iomaíocht éifeachtach a choinneáil san earnáil talmhaíochta, agus éifeacht iomlán a thabhairt do chuspóirí CBT a leagtar síos in Airteagal 39 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Sa chomhthéacs sin, tugann an Coimisiún dá aire go ndéantar foráil leis na leasuithe arna gcomhaontú ag na comhreachtóirí maidir le ról an-teoranta, agus ní mó ná sin, a bheith ag an gCoimisiún agus ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta araon gníomhú chun iomaíocht éifeachtach a chaomhnú.

Tá comhaontú foriomlán an Choimisiúin ar an togra “Omnibus”, lena n-áirítear na leasuithe arna gcomhaontú ag an bParlaimint agus ag an gComhairle, gan dochar d'aon tograí a mholfaidh an Coimisiún sa todhchaí sna réimsí sin i gcomhthéacs athchóiriú ar an gcomhbheartas talmhaíochta don tréimhse tar éis 2020 agus aon tionscnaimh eile atá ceaptha go sonrach chun aghaidh a thabhairt ar chuid de na saincheisteanna dá dtagraítear sa téacs atá comhaontaithe anois ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle.

Is oth leis an gCoimisiún nár thug na comhreachtóirí aghaidh ar bhealach sásúil ar shaincheist an róil an-teoranta atá ag an bParlaimint agus ag na húdaráis inniúla náisiúnta araon i ngníomhú chun iomaíocht éifeachtach a chaomhnú, agus léiríonn sé imní faoi na himpleachtaí a d'fhéadfadh a bheith ag an teorannú sin ar fheirmeoirí agus ar thomhaltóirí. Tugann an Coimisiún dá aire nach mór an téacs dlí a léirmhíniú ar dhóigh atá comhsheasmhach leis an gConradh, go háirithe i dtaca leis an bhféidearthacht a bheith ag an gCoimisiún agus na húdaráis iomaíochta náisiúnta idirghabháil a dhéanamh má chuireann eagraíocht táirgeoirí roimpi, a chumhdaíonn sciar mór den mhargadh, srian a chur le saoirse a mball chun gníomh a dhéanamh. Is oth leis an gCoimisiún nach ndéantar cosaint shoiléir ar an bhféidearthacht sin sa téacs dlí.


Top