EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32017R2225

Rialachán (AE) 2017/2225 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2017 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 a mhéid a bhaineann le húsáid an Chórais Dul Isteach/Imeachta

OJ L 327, 9.12.2017, p. 1–19 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/2225/oj

9.12.2017   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2017/2225 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 30 Samhain 2017

lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 a mhéid a bhaineann le húsáid an Chórais Dul Isteach/Imeachta

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2)(b) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) Uimh. 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), leagtar síos na coinníollacha, na critéir agus na rialacha mionsonraithe maidir le teorainneacha seachtracha na mBallstát a thrasnú.

(2)

Is é is aidhm le Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) córas láraithe a chruthú chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach a bhaineann le náisiúnaigh tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha Bhallstáit an Aontais le haghaidh gearrfhanachta.

(3)

Chun seiceálacha ar náisiúnaigh tríú tír a dhéanamh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 2016/399, lena n-áirítear fíorú ar chéannacht na náisiúnach tríú tír, iad a shainaithint, nó iad araon, chomh maith le fíorú nár fhan náisiúnach tríú tír níos faide ná uasfhad an fhanachta údaraithe ar chríoch na mBallstát, ba cheart do ghardaí teorann an fhaisnéis uile atá le fáil a úsáid, lena n-áirítear sonraí as an gCóras Dul Isteach/Imeachta arna bhunú le Rialachán (AE) 2017/2226 (“EES”), i gcás ina gceanglaítear sin. Ba cheart na sonraí a stóráiltear in EES a úsáid freisin chun a fhíorú gur chloígh náisiúnaigh tríú tír a bhfuil víosa arna héisiúint chun dul isteach uair amháin nó faoi dhó acu leis an uaslíon uaireanta a údaraítear dóibh dul isteach.

(4)

I gcásanna áirithe, ní mór do náisiúnaigh tríú tír sonraí bithmhéadracha a chur ar fáil chun críche seiceálacha teorann. Ba cheart dá bhrí sin coinníollacha maidir le dul isteach le haghaidh náisiúnaigh tríú tír a leasú trí oibleagáid a chur san áireamh na sonraí bithmhéadracha sin a chur ar fáil. I gcás ina ndiúltaíonn náisiúnach tríú tír sonraí bithmhéadracha a chur ar fáil chun a shainchomhad nó a sainchomhad a chruthú nó chun seiceálacha teorann a dhéanamh, ba cheart cinneadh maidir le diúltú cead isteach a ghlacadh.

(5)

Chun lánéifeachtacht EES a áirithiú, ní mór na seiceálacha dul isteach agus imeachta a dhéanamh ar bhealach comhchuibhithe ag na teorainneacha ag a n-oibrítear EES.

(6)

Éilítear, le bunú EES, go ndéanfar oiriúnú ar na nósanna imeachta maidir le daoine a sheiceáil agus iad ag trasnú na dteorainneacha ag a n-oibrítear EES. Go háirithe, tá sé d’aidhm le EES deireadh a chur le stampáil doiciméad taistil, ar theacht agus ar imeacht náisiúnach tríú tír dá dtugtar cead isteach le haghaidh gearrfhanachta tríd an dul isteach agus an imeacht a thaifeadadh go leictreonach díreach in EES seachas trí na doiciméid a stampáil. Thairis sin, ní mór an idir-inoibritheacht idir EES agus an Córas Faisnéise Víosa (VIS) arna bunú le Cinneadh 2004/512/CE ón gComhairle (5) a chur san áireamh sna nósanna imeachta maidir le seiceálacha teorann. Ar deireadh, de bharr EES, beifear in ann teicneolaíochtaí nua a úsáid le haghaidh trasnuithe teorann taistealaithe gearrfhanachta. Ba cheart gur ar dháta thús oibríochta EES, a chinnfear i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/2226 a thiocfaidh éifeacht leis an oiriúnú sin ar na nósanna imeachta maidir le seiceálacha teorann sna Ballstáit a oibríonn EES.

(7)

Ar feadh tréimhse 6 mhí tar éis do EES tús a chur le hoibríochtaí, ba cheart do ghardaí teorann na tréimhsí a d’fhan náisiúnaigh tríú tír ar chríoch na mBallstát sna 6 mhí roimh an dul isteach nó an imeacht a chur san áireamh trí sheiceáil a dhéanamh ar na stampaí sna doiciméid taistil chomh maith leis na sonraí faoi dhul isteach/imeacht atá ar taifead in EES. A bhuí leis an mbeart sin, bheifí in ann na fíoruithe riachtanacha a dhéanamh sna cásanna sin ina mbeadh cead isteach tugtha do dhuine le haghaidh gearrfhanacht ar chríoch na mBallstát le linn na sé mhí roimh do EES tús a chur le hoibríochtaí. Ina theannta sin, is gá forálacha sonracha a leagan síos i gcomhair na náisiúnaigh tríú tír sin a chuaigh isteach ar chríoch na mBallstát agus nach bhfuil imithe aisti go fóill roimh do EES tús a chur le hoibríochtaí. Sna cásanna sin, ba cheart an dul isteach deireanach a thaifeadadh in EES freisin tráth a n-imeodh an náisiúnach tríú tír as críoch na mBallstát.

(8)

Nuair a chuirtear san áireamh na cúinsí éagsúla sna Ballstáit agus ag pointí trasnaithe teorann éagsúla na mBallstát maidir le líon na náisiúnach tríú tír atá ag trasnú na dteorainneacha, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a chinneadh ar cheart úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí amhail córais féinfhreastail, ríomhgheataí agus córais um rialú uathoibrithe teorann, agus oiread na húsáide a bhainfear as na teicneolaíochtaí sin a chinneadh freisin. Agus na teicneolaíochtaí sin á n-úsáid, ba cheart seiceálacha dul isteach agus imeachta a dhéanamh ar bhealach comhchuibhithe agus leibhéal iomchuí slándála a áirithiú.

(9)

Ina theannta sin, is gá cúraimí agus róil na ngardaí teorann agus iad ag úsáid na dteicneolaíochtaí sin a shonrú. Maidir leis sin, ba cheart a áirithiú go bhfuil fáil ag gardaí teorann ar thorthaí na seiceálacha teorann a rinneadh trí mhodhanna uathoibrithe ionas go mbeidh siad in ann na cinntí iomchuí a dhéanamh. Ina theannta sin, is gá maoirseacht a dhéanamh ar úsáid córas féinfhreastail, ríomhgheataí agus córas um rialú uathoibrithe teorann, ag taistealaithe chun cosc a chur ar iompraíocht chalaoiseach agus ar úsáid chalaoiseach. Ina theannta sin, agus an mhaoirseacht sin á déanamh, ba cheart do ghardaí teorann aird ar leith a thabhairt ar mhionaoisigh agus ba cheart dóibh a bheith in ann daoine a dteastaíonn cosaint uathu a aithint.

(10)

Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann clár éascaithe náisiúnta a bhunú ar bhonn deonach ionas go mbeidh náisiúnaigh tríú tír a ndearnadh réamh-ghrinnfhiosrúchán orthu in ann tairbhe a bhaint as maoluithe ar ghnéithe áirithe de sheiceálacha críochnúla ar dhul isteach dóibh. I gcás ina bhfuil cláir éascaithe náisiúnta den sórt sin in úsáid, ba cheart iad a bhunú i gcomhréir le múnla comhchuibhithe agus leibhéal iomchuí slándála a ráthú.

(11)

Tá an Rialachán seo gan dochar do chur i bhfeidhm Threoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(12)

Ós rud é nach féidir cuspóir an Rialacháin seo, eadhon leasú a dhéanamh ar na rialacha atá ann cheana i Rialachán (AE) 2016/399, a ghnóthú ach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(13)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse 6 mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

(14)

Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil an Ríocht Aontaithe rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle (7); dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(15)

Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (8); dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm.

(16)

Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an 2 thír sin le acquis  (9) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe A d’Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (10).

(17)

Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis  (11) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe A d’Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (12).

(18)

Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis  (13) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe A d’Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (14).

(19)

Maidir leis an gCipir, leis an mBulgáir, leis an Rómáin agus leis an gCróit, níor cheart forálacha Rialachán (AE) 2016/399 a bhaineann le EES a chur i bhfeidhm ach sa chás go mbeidh na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 66(2) de Rialachán (AE) 2017/2226 comhlíonta. Dá bharr sin, i gcás na mBallstát sin nach mbeidh na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 66(2) den Rialachán sin comhlíonta acu faoi dháta thús oibríochtaí EES, ní mór forálacha idirthréimhseacha sonracha a leagan síos maidir le stampáil a dhéanamh go dtí go nascfar iad le EES. Ba cheart a áirithiú, leis na forálacha idirthréimhseacha sin, go mbeadh an éifeacht chéanna ag doiciméid taistil a stampáil agus atá ag taifead ar dhul isteach/imeacht in EES.

(20)

Na Ballstáit sin nach gcomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 66(2) de Rialachán (AE) 2017/2226 faoi dháta thús oibríochtaí EES, ba cheart dóibh leanúint de bheith ag stampáil go córasach doiciméid taistil na náisiúnach tríú tír dá dtugtar cead isteach le haghaidh gearrfhanachta ar dhul isteach agus ar imeacht dóibh. Ba cheart do na Ballstáit sin na stampaí dul isteach agus imeachta ar dhoiciméad taistil an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann a scrúdú, d’fhonn a fhíorú, trí chomparáid a dhéanamh idir na dátaí dul isteach agus na dátaí imeachta, nár fhan an duine níos faide ar chríoch an Bhallstáit lena mbaineann ná uasfhad an fhanachta údaraithe. Ba cheart leanúint de dhoiciméid taistil a stampáil agus den scrúdú ar na stampaí go dtí go nascfar an Ballstát lena mbaineann le EES mar a thagraítear in Airteagal 66(3) de Rialachán(AE) 2017/2226.

(21)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 2016/399 a leasú dá réir.

(22)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) agus thug sé tuairim uaidh an 21 Meán Fómhair 2016,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 mar seo a leanas:

(1)

in Airteagal 2, cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

“22.

ciallaíonn “Córas Dul Isteach/Imeachta” (EES) an córas arna bhunú le Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1);

23.

ciallaíonn “córas féinfhreastail” córas uathoibrithe a dhéanann na seiceálacha teorann uile, nó cuid díobh, atá infheidhme maidir le duine agus a fhéadfar a úsáid chun sonraí a réamhchlárú in EES;

24.

ciallaíonn “ríomhgheata” bonneagar a oibrítear go leictreonach san áit a dtrasnaítear go hiarbhír teorainn sheachtrach nó teorainn inmheánach nach bhfuil deireadh curtha le rialuithe fós ann;

25.

ciallaíonn “córas um rialú uathoibrithe teorann” córas faoinar féidir teorainn a thrasnú ar bhealach uathoibrithe, arb é atá ann córas féinfhreastail agus ríomhgheata;

26.

ciallaíonn “deimhniú ar bharántúlacht agus sláine shonraí na slise” an próiseas lena bhfíoraítear, trí úsáid a bhaint as teastais deimhniúcháin, gur ón údarás eisiúna a d’eascair na sonraí atá ar an meán leictreonach stórála (slis) agus nár athraíodh í.

(2)

leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an pointe seo a leanas léi:

“(f)

cuireann siad sonraí bithmhéadracha ar fáil, más gá sin chun:

(i)

an sainchomhad a chruthú in EES i gcomhréir le hAirteagal 16 agus le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2017/2226;

(ii)

seiceálacha teorann a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 8(3)(a)(i) agus (g)(i) den Rialachán seo, le hAirteagal 23(2) agus (4) de Rialachán (AE) 2017/2226 agus, nuair is infheidhme, le hAirteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2).

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“1a.   Déanfar an tréimhse 90 lá in aon tréimhse 180 lá dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ríomh mar thréimhse amháin do na Ballstáit sin a oibríonn EES ar bhonn Rialachán (AE) 2017/2226. Déanfar an tréimhse sin a ríomh ar leithligh i gcás gach ceann de na Ballstáit nach n-oibríonn EES.”;

(3)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 6a

Náisiúnaigh tríú tír a bhfuil sonraí le hiontráil in EES ina leith

1.   Ar dhul isteach agus ar imeacht, déanfar sonraí ar na catagóirí seo a leanas de dhaoine a iontráil in EES i gcomhréir le hAirteagail 16, 17, 19 agus 20 de Rialachán (AE) 2017/2226:

(a)

náisiúnaigh tríú tír dá dtugtar cead isteach le haghaidh gearrfhanachta de bhun Airteagal 6(1) den Rialachán seo;

(b)

náisiúnaigh tríú tír ar baill iad de theaghlach saoránaigh den Aontas a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE maidir leis agus nach bhfuil cárta cónaithe acu de bhun na Treorach sin;

(c)

náisiúnaigh tríú tír:

(i)

ar baill iad de theaghlach náisiúnaigh tríú tír ag a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta atá coibhéiseach le ceart saoránach den Aontas faoi chomhaontú idir an tAontas agus a Bhallstáit, ar an taobh amháin, agus tríú tír, ar an taobh eile; agus

(ii)

nach bhfuil cárta cónaithe de bhun Threoir 2004/38/CE nó cead cónaithe de bhun Rialachán (AE) 1030/2002 ina seilbh acu.

2.   Sonraí náisiúnach tríú tír dár diúltaíodh cead dul isteach le haghaidh gearrfhanachta i gcomhréir le hAirteagal 14 den Rialachán seo, déanfar na sonraí sin a iontráil in EES i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2017/2226.

3.   Ní iontrálfar sonraí ar na catagóirí daoine seo a leanas in EES:

(a)

náisiúnaigh tríú tír ar baill iad de theaghlach saoránaigh den Aontas a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE maidir leo agus a bhfuil cárta cónaithe ina seilbh acu de bhun na Treorach sin, bíodh nó ná bíodh go dtagann siad in éineacht leis an saoránach sin den Aontas nó go dtagann siad anall ina dhiaidh nó ina diaidh;

(b)

náisiúnaigh tríú tír ar baill iad de theaghlach náisiúnaigh tríú tír, bíodh nó ná bíodh go dtagann siad in éineacht leis an náisiúnach tríú tír sin nó go dtagann siad anall ina dhiaidh nó ina diaidh, sa chás:

(i)

go bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta ag an náisiúnach tríú tír sin atá coibhéiseach le ceart saoránach de chuid an Aontais faoi chomhaontú idir an tAontas agus a Bhallstáit, ar an taobh amháin, agus tríú tír, ar an taobh eile, agus

(ii)

go bhfuil cárta cónaithe de bhun Threoir 2004/38/CE nó cead cónaithe de bhun Rialachán (AE) 1030/2002 i seilbh na náisiúnach tríú tír sin;

(c)

sealbhóirí na gceadanna cónaithe dá dtagraítear i bpointe 16 d’Airteagal 2 seachas iad siúd a chumhdaítear le pointe (a) agus le pointe (b) den mhír seo;

(d)

sealbhóirí víosaí fadfhanachta;

(e)

náisiúnaigh tríú tír a fheidhmíonn a gceart chun saorghluaiseachta i gcomhréir le Treoir 2014/66/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3) nó le Treoir (AE) 2016/801 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4);

(f)

náisiúnaigh Andóra, Mhonacó agus San Mairíne agus sealbhóirí pas arna eisiúint ag Stát Chathair na Vatacáine;

(g)

daoine nó catagóirí daoine atá díolmhaithe ó sheiceálacha teorann nó a bhaineann tairbhe as rialacha sonracha maidir le seiceálacha teorann, eadhon:

(i)

Cinn Stáit, Cinn Rialtais agus comhaltaí de rialtas náisiúnta agus na céilí a bheidh á dtionlacan, agus baill dá dtoscaireacht oifigiúil, agus flatha agus daoine sinsearacha eile de theaghlach ríoga, i gcomhréir le pointe 1 d’Iarscríbhinn VII;

(ii)

píolótaí aerárthaí agus baill eile den chriú i gcomhréir le pointe 2 d’Iarscríbhinn VII;

(iii)

maraithe i gcomhréir le pointe 3 d’Iarscríbhinn VII, agus maraithe nach bhfuil i láthair ar chríoch Ballstáit ach amháin nuair a thagann a long i dtír agus i limistéar an chalafoirt amháin;

(iv)

oibrithe trasteorann i gcomhréir le pointe 5 d’Iarscríbhinn VII;

(v)

seirbhísí tarrthála, póilíní, briogáidí dóiteáin agus iad ag gníomhú i gcás éigeandála agus gardaí teorann, i gcomhréir le pointe 7 d’Iarscríbhinn VII;

(vi)

oibrithe amach ón gcósta i gcomhréir le pointe 8 d’Iarscríbhinn VII;

(vii)

baill den chriú agus paisinéirí long cúrsála i gcomhréir le pointe 3.2.1, le pointe 3.2.2 agus le pointe 3.2.3 d’Iarscríbhinn VI;

(viii)

daoine atá ar bord bád pléisiúir nach bhfuil faoi réir seiceálacha teorann i gcomhréir le pointe 3.2.4, le pointe 3.2.5 agus le pointe 3.2.6 d’Iarscríbhinn VI;

(h)

daoine a bhaineann tairbhe as maolú ón oibleagáid gan teorainneacha seachtracha a thrasnú ach ag pointí trasnaithe teorann agus le linn na n-uaireanta oscailte seasta a leagtar síos de bhun Airteagal 5(2);

(i)

daoine a thaispeánann cead tráchta teorann áitiúil atá bailí chun go dtrasnóidh siad an teorainn i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1931/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5);

(j)

baill de chriú traenacha paisinéirí agus earraí agus iad ar naisc idirnáisiúnta;

(k)

daoine a thaispeánann, chun an teorainn a thrasnú:

(i)

Doiciméad Idirthurais Iarnróid Éascaithe atá bailí, arna eisiúint i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 693/2003 ón gComhairle (*6); nó

(ii)

Doiciméad Idirthurais Iarnróid Éascaithe atá bailí, arna eisiúint i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 693/2003, ar choinníoll go ndéanann siad a n-idirthuras d’iarnród agus nach dtuirlingíonn siad laistigh de chríoch Ballstáit.

(4)

leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 2 mar a leanas:

(i)

i bpointe (a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Má tá meán leictreonach stórála (slis) sa doiciméad taistil, deimhneofar barántúlacht agus sláine shonraí na slise trí úsáid a bhaint as an tsraith iomlán de dheimhnithe bailí, ach amháin mura bhfuil sin indéanta go teicniúil nó, i gcás doiciméad taistil arna eisiúint ag tríú tír, mura bhfuil sé indéanta toisc nach bhfuil deimhnithe bailí ar fáil;”;

(ii)

i bpointe (b), cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:

“Maidir le daoine a bhfuil a ndul isteach faoi réir clárú in EES de bhun Airteagal 6a den Rialachán seo, fíorófar a gcéannacht i gcomhréir le hAirteagal 23(2) de Rialachán (AE) 2017/2226 agus, más infheidhme, déanfar sainaithint i gcomhréir le hAirteagal 23(4) den Rialachán sin.”;

(b)

leasaítear mír 3 mar a leanas:

(i)

i bpointe (a)(i), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“I gcás pasanna agus doiciméid taistil ina bhfuil meán leictreonach stórála (slis), déanfar barántúlacht agus sláine shonraí na slise a sheiceáil, faoi réir infhaighteacht deimhnithe bailí.

Cé is moite de na náisiúnaigh tríú tír ar cláraíodh sainchomhad ina leith cheana in EES, i gcás ina bhfuil íomhá d’aghaidh sa doiciméad taistil a bhfuil taifead uirthi sa mheán leictreonach stórála (slis) agus ina bhfuil sé indéanta go teicniúil rochtain a fháil ar an íomhá den aghaidh sin, beidh sé ina chuid den fhíorú sin an íomhá sin den aghaidh a fhíorú, trí chomparáid a dhéanamh go leictreonach idir an íomhá sin den aghaidh agus an íomhá bheo d’aghaidh an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann. Más indéanta go teicniúil agus go dleathach é, is féidir an fíorú sin a dhéanamh trí fhíorú a dhéanamh ar na méarloirg bheo i gcomparáid leis na méarloirg a taifeadadh sa mheán leictreonach stórála (slis);”;

(ii)

i bpointe (a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (iii):

“(iii)

maidir le daoine a bhfuil a ndul isteach nó diúltú a gcead isteach faoi réir clárú in EES de bhun Airteagal 6a den Rialachán seo, fíorófar a gcéannacht i gcomhréir le hAirteagal 23(2) de Rialachán (AE) 2017/2226 agus, más infheidhme, déanfar iad a shainaithint i gcomhréir le hAirteagal 23(4) den Rialachán sin;”;

(iii)

i bpointe (a), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(iiia)

maidir le daoine a bhfuil a ndul isteach nó diúltú a gcead isteach faoi réir clárú in EES de bhun Airteagal 6a den Rialachán seo, fíorú nach bhfuil uasfhad an fhanachta údaraithe ar chríoch na mBallstát sroichte ag an náisiúnach tríú tír ná nár fhan sé níos faide ná an fad sin agus, i gcás náisiúnaigh tríú tír a bhfuil víosa arna heisiúint chun dul isteach uair amháin nó faoi dhó ina seilbh acu, fíorú gur chloígh siad leis an uaslíon uaireanta a n-údaraítear dóibh dul isteach, trí EES a cheadú i gcomhréir le hAirteagal 23 de Rialachán (AE) 2017/2226;”;

(iv)

i bpointe (g), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

“(i)

fíorú ar chéannacht agus ar náisiúntacht an náisiúnaigh tríú tír agus ar bharántúlacht agus ar bhailíocht an doiciméid taistil chun an teorainn a thrasnú, lena n-áirítear trí na bunachair sonraí ábhartha a cheadú, iad seo a leanas go háirithe:

(1)

SIS;

(2)

bunachar sonraí SLTD Interpol;

(3)

bunachair sonraí náisiúnta ina bhfuil faisnéis faoi dhoiciméid taistil a goideadh, a mídhílsíodh, a cailleadh agus a rinneadh neamhbhailí.

I gcás pasanna agus doiciméid taistil ina bhfuil meán leictreonach stórála (slis), déanfar barántúlacht agus sláine shonraí na slise a sheiceáil, faoi réir infhaighteacht deimhnithe bailí.

Cé is moite de na náisiúnaigh tríú tír a gcláraítear sainchomhad ina leith cheana in EES, i gcás ina bhfuil íomhá d’aghaidh sa doiciméad taistil a bhfuil taifead uirthi sa mheán leictreonach stórála (slis) agus má tá sé indéanta go teicniúil rochtain a fháil ar an íomhá sin den aghaidh, beidh sé ina chuid den fhíorú sin an íomhá sin den aghaidh a fhíorú, trí chomparáid a dhéanamh go leictreonach idir an íomhá sin den aghaidh agus an íomhá bheo d’aghaidh an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann. Más indéanta go teicniúil agus go dleathach é, is féidir an fíorú sin a dhéanamh trí fhíorú a dhéanamh ar na méarloirg bheo i gcomparáid leis na méarloirg a taifeadadh sa mheán leictreonach stórála (slis);”;

(v)

i bpointe (g), cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

“(iii)

maidir le daoine a bhfuil a n-imeacht faoi réir clárú in EES de bhun Airteagal 6a den Rialachán seo, fíorú ar a gcéannacht i gcomhréir le hAirteagal 23(2) de Rialachán (AE) 2017/2226 agus, más infheidhme, déanfar sainaithint i gcomhréir le hAirteagal 23(4) den Rialachán sin;

(iv)

maidir le daoine a bhfuil a n-imeacht faoi réir clárú in EES de bhun Airteagal 6a den Rialachán seo, fíorú nár fhan an náisiúnach tríú tír níos faide ná uasfhad an fhanachta údaraithe ar chríoch na mBallstát, trí EES a cheadú i gcomhréir le hAirteagal 23(3) de Rialachán (AE) 2017/2226”;

(vi)

i bpointe (h), scriostar pointe (ii);

(vii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

“(i)

chun críche aon duine a shainaithint nach gcomhlíonann, nó nach gcomhlíonann a thuilleadh, na coinníollacha maidir le dul isteach, fanacht nó cónaí ar chríoch na mBallstát, féadfar VIS a cheadú i gcomhréir le hAirteagal 20 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus féadfar EES a cheadú i gcomhréir le hAirteagal 27 de Rialachán (AE) 2017/2226;”;

(c)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“9.   Cuirfear na náisiúnaigh tríú tír ar an eolas faoi uaslíon laethanta na tréimhse fanachta údaraithe, lena gcuirfear san áireamh líon na mbabhtaí dul isteach agus fad an fhanachta arna údarú leis an víosa. Soláthróidh an garda teorann an fhaisnéis sin tráth na seiceálacha teorann nó is féidir í a sholáthar trí bhíthin trealamh suiteáilte ag an bpointe trasnaithe teorann lena bhféadfaidh an náisiúnach tríú tír an tseirbhís gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 13(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2017/2226 a cheadú.”;

(5)

cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas:

“Airteagal 8a

Córais féinfhreastail a úsáid chun sonraí a réamhchlárú in EES

1.   Daoine a bhfuil a dtrasnú teorann faoi réir clárú in EES, i gcomhréir le hAirteagal 6a, féadfaidh siad córais féinfhreastail a úsáid chun críche na sonraí dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír (4) den Airteagal seo a réamhchlárú in EES, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

tá sa doiciméad taistil meán leictreonach stórála (slis), agus deimhnítear barántúlacht agus sláine shonraí na slise trí úsáid a bhaint as an tsraith iomlán de dheimhnithe bailí;

(b)

tá sa doiciméad taistil íomhá den aghaidh a bhfuil taifead uirthi sa mheán leictreonach stórála (slis) agus a bhfuil sé indéanta go teicniúil don chóras féinfhreastail rochtain a fháil uirthi sa chaoi is gur féidir céannacht shealbhóir an doiciméid taistil a fhíorú trí chomparáid a dhéanamh idir an íomhá den aghaidh atá ar taifead sa mheán leictreonach stórála (slis) agus an íomhá bheo dá aghaidh nó dá haghaidh; más indéanta go teicniúil agus go dleathach é, is féidir an fíorú sin a dhéanamh trí fhíorú a dhéanamh ar na méarloirg bheo i gcomparáid leis na méarloirg a taifeadadh sa mheán leictreonach stórála (slis) atá sa doiciméad taistil.

2.   De bhun mhír 1 den Airteagal seo, fíorófar leis an gcóras féinfhreastail ar cláraíodh an duine in EES roimhe sin agus fíorófar céannacht an náisiúnaigh tríú tír i gcomhréir le hAirteagal 23(2) de Rialachán (AE) 2017/2226.

3.   I gcomhréir le hAirteagal 23(4) de Rialachán (AE) 2017/2226, déanfar sainaithint leis an gcóras féinfhreastail i gcomhréir le hAirteagal 27 den Rialachán sin.

Ina theannta sin, i gcomhréir le hAirteagal 23(4) de Rialachán (AE) 2017/2226, i gcás ina ndéantar sainaithint in EES:

(a)

maidir le náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir ceanglas víosa chun na teorainneacha seachtracha a thrasnú, má léiríonn an cuardach i VIS a dhéantar ar bhonn na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 18(1) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 go bhfuil taifead ar an duine i VIS, déanfar fíorú méarlorg i gcomparáid le sonraí VIS i gcomhréir le hAirteagal 18(6) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008. I gcás nach bhfuil aon toradh ar fhíorú an duine de bhun mhír 2 den Airteagal seo, déanfar sonraí VIS a rochtain chun sainaithint a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 20 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008;

(b)

maidir le náisiúnaigh tríú tír nach bhfuil faoi réir ceanglas víosa chun na teorainneacha seachtracha a thrasnú agus nach n-aimsítear sonraí ina leith in EES de thoradh an chuardaigh aitheantais arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 27 de Rialachán (AE) 2017/2226, ceadófar VIS i gcomhréir le hAirteagal 19a de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008.

4.   I gcás nach bhfuil sonraí a bhaineann leis an duine dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ar taifead in EES de bhun mhír 2 agus mhír 3:

(a)

maidir le náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir ceanglas víosa chun na teorainneacha seachtracha a thrasnú, réamhchláróidh siad in EES tríd an gcóras féinfhreastail na sonraí a liostaítear faoi Airteagal 16(1) agus Airteagal 16(2)(c) go (f) de Rialachán (AE) 2017/2226 agus, i gcás inarb ábhartha, na sonraí dá dtagraítear faoi Airteagal 16(6) den Rialachán sin, agus maidir le náisiúnaigh tríú tír nach bhfuil faoi réir ceanglas víosa chun na teorainneacha seachtracha a thrasnú, réamhchláróidh siad in EES tríd an gcóras féinfhreastail na sonraí a liostaítear faoi Airteagal 17(1)(a), (b) agus (c) agus in Airteagal 16(2)(c) den Rialachán sin agus, i gcás inarb ábhartha, na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 17 (1)(d) den Rialachán sin;

(b)

ina dhiaidh sin, cuirfear an duine ar aghaidh chuig garda teorann agus déanfaidh an garda teorann:

(i)

na sonraí lena mbaineann a réamhchlárú, i gcás nárbh fhéidir na sonraí riachtanacha go léir a bhailiú tríd an gcóras féinfhreastail,

(ii)

a fhíorú:

gurb ionann an doiciméad taistil a úsáideadh ag an gcóras féinfhreastail agus an doiciméad taistil atá ag an duine atá os comhair an gharda teorann amach,

gurb ionann an íomhá bheo d’aghaidh an duine lena mbaineann agus an íomhá den aghaidh a bailíodh tríd an gcóras féinfhreastail, agus

i gcás daoine nach bhfuil víosa acu a cheanglaítear de bhun Rialachán (CE) Uimh. 539/2001, gurb ionann méarloirg bheo an duine lena mbaineann agus na méarloirg a bailíodh tríd an gcóras féinfhreastail;

(iii)

nuair a bheidh an cinneadh déanta cé acu a údarófar an cead isteach nó a dhiúltófar é, na sonraí dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo a dheimhniú agus iontrálfaidh an garda teorann in EES na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 16(2)(a) agus (b) agus in Airteagal 18(6)(a), (b), (c) agus (d) de Rialachán (AE) 2017/2226.

5.   I gcás ina léiríonn na hoibríochtaí dá bhforáiltear i mír 2 agus i mír 3 go bhfuil sonraí maidir leis an duine dá dtagraítear i mír 1 ar taifead in EES, déanfar measúnú tríd an gcóras féinfhreastail an gá aon cheann de na sonraí dá dtagraítear i mír (4)(a) a nuashonrú.

6.   I gcás ina léirítear leis an measúnú dá dtagraítear i mír 5 go bhfuil sainchomhad i leith an duine dá dtagraítear i mír 1 cláraithe in EES ach gur gá a chuid nó a cuid sonraí a nuashonrú, tarlóidh na nithe seo a leanas:

(a)

déanfaidh an duine na sonraí a nuashonrú in EES trí iad a réamhchlárú tríd an gcóras féinfhreastail;

(b)

cuirfear an duine ar aghaidh chuig garda teorann a fhíoróidh cirte an nuashonraithe faoi phointe (a) den mhír seo agus, nuair a bheidh an cinneadh déanta cé acu a údarófar an cead isteach nó a dhiúltófar é, a nuashonróidh an sainchomhad i gcomhréir le hAirteagal 14(2) de Rialachán (AE) 2017/2226.

7.   Feidhmeofar córais féinfhreastail faoi mhaoirseacht garda teorann a mbeidh sé de chúram air nó uirthi aon úsáid mhíchuí, chalaoiseach nó mhínormálta a bhainfear as an gcóras féinfhreastail a bhrath.

Airteagal 8b

Úsáid córas féinfhreastail agus ríomhgheataí do thrasnú teorann arna dhéanamh ag daoine a bhfuil a dtrasnú teorann faoi réir clárú in EES

1.   Daoine a bhfuil a dtrasnú teorann faoi réir clárú in EES i gcomhréir le hAirteagal 6a, féadfar a cheadú dóibh córas féinfhreastail a úsáid lena gcuid seiceálacha teorann a dhéanamh sa chás go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

tá sa doiciméad taistil meán leictreonach stórála (slis), agus deimhnítear barántúlacht agus sláine shonraí na slise trí úsáid a bhaint as an tsraith iomlán de dheimhnithe bailí;

(b)

tá sa doiciméad taistil íomhá den aghaidh a bhfuil taifead uirthi sa mheán leictreonach stórála (slis) agus a bhfuil sé indéanta go teicniúil don chóras féinfhreastail rochtain a fháil uirthi sa chaoi is gur féidir céannacht shealbhóir an doiciméid taistil a fhíorú, trí chomparáid a dhéanamh idir an íomhá sin den aghaidh leis an íomhá bheo dá aghaidh nó dá haghaidh; agus

(c)

tá an duine cláraithe nó réamhchláraithe cheana féin in EES.

2.   I gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo, na seiceálacha teorann ar dhul isteach dá bhforáiltear in Airteagal 8(2) agus in Airteagal 8(3)(a) agus (b) agus na seiceálacha teorann ar imeacht dá bhforáiltear in Airteagal 8(2) agus in Airteagal 8(3)(g) agus (h), féadfar iad a dhéanamh trí chóras féinfhreastail. Nuair is trí chóras um rialú uathoibrithe teorann a dhéantar iad, beidh san áireamh leis na seiceálacha teorann arna ndéanamh ar imeacht na seiceálacha dá bhforáiltear in Airteagal 8(3)(h).

I gcás ina dtugtar rochtain do dhuine ar chlár éascaithe náisiúnta arna bhunú ag Ballstát de bhun Airteagal 8d, féadfar, leis na seiceálacha teorann arna ndéanamh trí chóras féinfhreastail ar dhul isteach, gan scrúdú ar na gnéithe dá dtagraítear in Airteagal 8(3)(a)(iv) agus (v) a chur san áireamh nuair a thrasnaíonn an duine sin teorainneacha seachtracha an Bhallstáit sin nó teorainneacha seachtracha Ballstáit a bhfuil comhaontú tugtha i gcrích aige leis an mBallstát a thug an rochtain dá dtagraítear faoi Airteagal 8d(9).

3.   Ar dhul isteach agus ar imeacht, cuirfear ar fáil do gharda teorann torthaí na seiceálacha teorann a rinneadh tríd an gcóras féinfhreastail. Déanfaidh an garda teorann sin faireachán ar thorthaí na seiceálacha teorann agus, na torthaí sin á gcur san áireamh aige, údaróidh an garda teorann an dul isteach nó an imeacht nó, mar mhalairt, cuirfidh an garda teorann an duine ar aghaidh chuig garda teorann a dhéanfaidh tuilleadh seiceálacha.

4.   Cuirfear an duine atá i gceist ar aghaidh chuig garda teorann de bhun mhír 3 in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás nach gcomhlíontar ceann amháin nó roinnt de na coinníollacha a liostaítear faoi mhír1;

(b)

i gcás ina léiríonn na seiceálacha ar dhul isteach nó ar imeacht dá bhforáiltear i mír 2 nach gcomhlíontar ceann amháin de na coinníollacha maidir le dul isteach nó imeacht, nó níos mó ná ceann amháin díobh;

(c)

i gcás ina ndéanann torthaí na seiceálacha ar dhul isteach nó ar imeacht dá bhforailtear i mír 2 amhras a chaitheamh ar chéannacht an duine nó nuair a léiríonn siad go meastar gur bagairt é an duine ar an tslándáil inmheánach, ar an mbeartas poiblí nó ar chaidreamh idirnáisiúnta aon Bhallstáit nó ar an tsláinte phoiblí;

(d)

i gcás amhrais;

(e)

i gcás nach bhfuil aon ríomhgheataí ar fáil.

5.   Sa bhreis ar na cásanna dá dtagraítear i mír 4, féadfaidh an garda teorann atá ag maoirsiú an trasnaithe teorann cinneadh a dhéanamh, ar chúiseanna eile, na daoine atá ag úsáid an chórais fhéinfhreastail a chur ar aghaidh chuig garda teorann.

6.   Daoine a bhfuil a dtrasnú teorann faoi réir clárú in EES i gcomhréir le hAirteagal 6a(1) agus a d’úsáid córas féinfhreastail chun a seiceálacha teorann a dhéanamh, féadfar údarú dóibh ríomhgheata a úsáid. I gcás ina n-úsáidfear ríomhgheata, is le linn don teorainn a bheith á trasnú tríd an ríomhgheata a dhéanfar clárú comhfhreagrach an taifid ar dhul isteach/imeacht agus nascadh an taifid sin leis an sainchomhad comhfhreagrach de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2017/2226. I gcás ina bhfuil an ríomhgheata agus an córas féinfhreastail scartha go fisiciúil, fíorófar céannacht an úsáideora ag an ríomhgheata chun a fhíorú gurb ionann an duine atá ag úsáid an ríomhgheata agus an duine a d’úsáid an córas féinfhreastail. Déanfar an fíorú trí úsáid a bhaint as aitheantóir bithmhéadrach amháin ar a laghad.

7.   I gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha a liostaítear i bpointe (a) nó i bpointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo, nó a liostaítear iontu araon, féadfar cuid de na seiceálacha teorann ar dhul isteach de bhun Airteagal 8(3)(a) agus (b) agus cuid de na seiceálacha teorann ar imeacht de bhun Airteagal 8(3)(g) agus (h) a dhéanamh trí chóras féinfhreastail. Ní fhéadfaidh an garda teorann a dhéanamh d’fhíoruithe ach na fíoruithe sin de bhun Airteagal 8(3)(a) agus (b) agus Airteagal 8(3)(g) agus (h) nárbh fhéidir a dhéanamh tríd an gcóras féinfhreastail. Ina theannta sin, fíoróidh an garda teorann gurb ionann an doiciméad taistil a úsáideadh ag an gcóras féinfhreastail agus an doiciméad taistil atá ag an duine atá os comhair an gharda teorann sin amach.

8.   Feidhmeofar córais féinfhreastail agus ríomhgheataí faoi mhaoirseacht garda teorann a mbeidh sé de chúram air nó uirthi aon úsáid mhíchuí, chalaoiseach nó mhínormálta a bhainfear as an gcóras féinfhreastail, as an ríomhgheata, nó astu araon, a bhrath.

9.   Tá an tAirteagal seo gan dochar don fhéidearthacht atá ag na Ballstáit cead a thabhairt do shaoránaigh de chuid an Aontais, do shaoránaigh Stáit de chuid Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa ón Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, do shaoránaigh na hEilvéise agus do náisiúnaigh tríú tír nach bhfuil a dtrasnú teorann faoi réir clárú in EES úsáid a bhaint as córais féinfhreastail, as ríomhgheataí, nó astu araon, i gcomhair trasnú teorann.

Airteagal 8c

Caighdeáin le haghaidh córais um rialú uathoibrithe teorann

A mhéid is féidir, ceapfar córais um rialú uathoibrithe teorann ar bhealach ina bhféadfaidh gach duine úsáid a bhaint astu, cé is moite de leanaí faoi bhun 12 bhliain d’aois. Ceapfar iad freisin ar bhealach a n-urramaítear dínit an duine ina hiomláine, go háirithe i gcásanna a bhaineann le daoine leochaileacha. I gcás ina gcinnfidh na Ballstáit ar chórais um rialú uathoibrithe teorann a úsáid, áiritheoidh siad go mbeidh foireann leordhóthanach i láthair chun cabhrú le daoine córais den sórt sin a úsáid.

Airteagal 8d

Cláir éascaithe náisiúnta

1.   Féadfaidh gach Ballstát clár deonach a bhunú (“clár éascaithe náisiúnta”) chun cead a thabhairt do náisiúnaigh tríú tír, nó do náisiúnaigh tríú tír shonrach, nach bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta acu faoi dhlí an Aontais tairbhe a bhaint as éascú arna dhéanamh de bhun mhír 2 agus iad ag trasnú teorainn sheachtrach Ballstáit.

2.   De mhaolú ar Airteagal 8(3)(a), náisiúnaigh tríú tír dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dtugtar rochtain ar an gclár éascaithe náisiúnta dóibh, ní gá go mbeadh sé ina chuid de na seiceálacha críochnúla ar dhul isteach scrúdú a dhéanamh ar na gnéithe dá dtagraítear in Airteagal 8(3)(a)(iv) agus (v) nuair a thrasnaíonn na náisiúnaigh tríú tír sin teorainn sheachtrach Ballstáit.

3.   Déanfaidh an Ballstát réamh-ghrinnfhiosrúchán ar náisiúnaigh tríú tír atá ag cur isteach ar an gclár éascaithe náisiúnta, go háirithe lena fhíorú go gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i mír 4.

Is iad gardaí teorann, údaráis víosaí mar a shainmhínítear iad i bpointe 3 d’Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 nó údaráis inimirce mar a shainmhínítear iad i bpointe (4) d’Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2017/2226 a dhéanfaidh an réamh-ghrinnfhiosrúchán ar náisiúnaigh tríú tír den sórt sin;

4.   Ní thabharfaidh na húdaráis dá dtagraítear i mír 3 rochtain do dhuine ar an gclár éascaithe náisiúnta ach amháin sa chás go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

comhlíonann an t-iarratasóir na coinníollacha maidir le dul isteach a leagtar amach in Airteagal 6(1);

(b)

tá doiciméad taistil an iarrthóra agus, i gcás inarb infheidhme, víosa, víosa fadfhanachta nó cead cónaithe an iarrthóra bailí agus níl siad bréagach, góchumtha ná brionnaithe;

(c)

cruthaíonn an t-iarratasóir gur gá dó nó di bheith ag taisteal go minic nó go rialta nó tugann sé nó sí údar maith leis an rún atá aige nó aici bheith ag taisteal go minic nó go rialta;

(d)

cruthaíonn an t-iarratasóir a ionracas agus a iontaofacht nó a hionracas agus a hiontaofacht, go háirithe, i gcás inarb infheidhme, úsáid dhleathach víosaí roimhe sin nó víosaí a bhfuil bailíocht chríochach theoranta acu, a staid eacnamaíoch sa tír thionscnaimh agus an rún a bheidh aige nó aici, dáiríre, críoch na mBallstát a fhágáil sula dtiocfaidh deireadh leis an tréimhse údaraithe fanachta. I gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) 2017/2226, beidh rochtain ag na húdaráis dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo ar EES chun a fhíorú nár fhan an t-iarratasóir níos faide ná uasfhad an fhanachta údaraithe ar chríoch na mBallstát roimhe sin;

(e)

tugann an t-iarratasóir údar le cuspóir agus coinníollacha na bhfanachtaí atá beartaithe;

(f)

tá ag an iarratasóir cóir mhaireachtála leordhóthanach d’fhad na bhfanachtaí atá beartaithe agus don fhilleadh ar a thír thionscnaimh nó chónaithe araon, nó tá sé ar chumas an iarratasóra an chóir sin a fháil go dleathach;

(g)

ceadaítear SIS.

5.   Is go ceann 1 bhliain amháin ar a mhéid a thabharfar an chéad rochtain ar an gclár éascaithe náisiúnta. Féadfar rochtain a shíneadh go ceann 5 bliana breise ar a mhéid nó go dtí deireadh thréimhse bailíochta an doiciméid taistil nó aon víosaí dul isteach iolrach, víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe a eisíodh, cibé acu is giorra de na tréimhsí sin.

I gcás síneadh, déanfaidh an Ballstát athbhreithniú gach bliain ar staid gach náisiúnaigh tríú tír a bhfuil rochtain tugtha ar an gclár éascaithe náisiúnta dó, d’fhonn deimhin a dhéanamh de go léiríonn an fhaisnéis nuashonraithe go bhfuil an náisiúnach tríú tír sin fós ag comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar síos i mír 4. Féadfar an t-athbhreithniú sin a dhéanamh nuair a dhéantar seiceálacha teorann.

6.   Na seiceálacha críochnúla ar dhul isteach de bhun Airteagal 8(3)(a) agus (b), agus ar imeacht de bhun Airteagal 8(3)(g), cuimseofar iontu freisin fíorú gur rochtain bhailí í an rochtain atá ag an náisiúnach tríú tír ar an gclár éascaithe náisiúnta.

Féadfaidh gardaí teorann an fíorú a dhéanamh ar an náisiúnach tríú tír atá ag baint tairbhe as an gclár éascaithe náisiúnta ar dhul isteach de bhun Airteagal 8(3)(a) agus (b) agus ar imeacht de bhun Airteagal 8(3)(g) gan bithmhéadracht a chur i gcomparáid go leictreonach ach tríd an íomhá den aghaidh a thógfar ón meán leictreonach stórála (slis) agus an íomhá den aghaidh i sainchomhad EES an náisiúnaigh tríú tír a chur i gcomparáid le haghaidh an náisiúnaigh tríú tír. Déanfar fíorú iomlán go randamach, bunaithe ar anailís riosca.

7.   Déanfaidh na húdaráis dá dtagraítear i mír 3 an rochtain a tugadh don náisiúnach tríú tír ar an gclár éascaithe náisiúnta a chúlghairm láithreach i gcás ina léirítear nár comhlíonadh na coinníollacha maidir le rochtain a thabhairt ar an gclár sin nó nach bhfuil siad á gcomhlíonadh a thuilleadh.

8.   Agus fíorú á dhéanamh, i gcomhréir le mír 3, cibé an gcomhlíonann an t-iarratasóir na coinníollacha a leagtar amach i mír 4, cuimhneofar go háirithe ar a mheas an bhfuil baol na hinimirce neamhdhlíthiúla nó baol do shlándáil aon cheann de na Ballstáit ag roinnt leis an iarratasóir agus an bhfuil rún ag an iarratasóir críoch na mBallstát a fhágáil le linn an fhanachta údaraithe.

Is de réir fhad agus chuspóir an fhanachta nó na bhfanachtaí atá beartaithe agus de réir meánphraghsanna cothaithe agus iostais i gcóiríocht bheagchostais sna Ballstáit lena mbaineann a mheasfar, ar bhonn na méideanna tagartha arna socrú ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 39(1)(c), an chóir mhaireachtála do na fanachtaí atá beartaithe. Féadfaidh cruthúnas ar urraíocht nó ar chóiríocht phríobháideach, nó iad araon, a bheith ina fhianaise ar chóir mhaireachtála leordhóthanach.

Is ar bharántúlacht agus ar iontaofacht na ndoiciméad a cuireadh isteach agus ar fhírinneacht agus ar iontaofacht na ráiteas a rinne an t-iarratasóir, go háirithe, a bhunófar scrúdú iarratais. Má tá aon amhras faoin iarratasóir ar Bhallstát atá freagrach as iarratas a scrúdú, faoi ráitis a thug sé nó faoi dhoiciméid tacaíochta a cuireadh ar fáil, féadfaidh an Ballstát sin dul i gcomhairle le Ballstáit eile sula ndéanfar aon chinneadh faoin iarratas.

9.   Dhá Bhallstát nó níos mó a bhfuil clár éascaithe náisiúnta dá gcuid féin curtha ar bun acu de bhun an Airteagail seo, féadfaidh siad comhaontú a dhéanamh le chéile chun a áirithiú go bhféadfaidh tairbhithe dá gcuid clár éascaithe náisiúnta tairbhe a bhaint as aon éascú a aithnítear faoi chlár éascaithe náisiúnta eile. Laistigh de theorainn ama aon mhí amháin ó thráth chur i gcrích an chomhaontaithe, tarchuirfear cóip den chomhaontú chuig an gCoimisiún.

10.   Agus clár éascaithe náisiúnta á bhunú acu, áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh an córas atá acu chun an clár a oibriú na caighdeáin slándála sonraí a leagtar síos in Airteagal 43 de Rialachán (AE) 2017/2226. Déanfaidh na Ballstáit measúnú cuí faisnéise ar an riosca slándála agus beidh na freagrachtaí maidir le slándáil soiléir sna céimeanna ar fad atá sa phróiseas.

11.   Roimh dheireadh an tríú bliain de chur i bhfeidhm an Airteagail seo, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar a chur chun feidhme a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. I bhfianaise na meastóireachta sin, féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle a iarraidh ar an gCoimisiún moladh a dhéanamh clár de chuid an Aontais a bhunú do náisiúnaigh tríú tír a bhíonn ag taisteal go minic agus a bhfuil réamh-ghrinnfhiosrúcháin déanta ina leith.”.

(6)

leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Fiú amháin i gcás ina ndéanfar na seiceálacha a mhaolú, iontrálfaidh an garda teorann na sonraí in EES, i gcomhréir le hAirteagal 6a. I gcás nach féidir na sonraí a iontráil go leictreonach, iontrálfar de láimh iad.”;

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“3a.   I gcás nach bhfuil sé indéanta go teicniúil sonraí a iontráil i Lárchóras EES nó i gcás chliseadh Lárchóras EES, beidh feidhm ag na forálacha uile seo a leanas:

(i)

de mhaolú ar Airteagal 6a den Rialachán seo, déanfar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 16 go hAirteagal 20 de Rialachán(AE) 2017/2226 a stóráil go sealadach sa Chomhéadan Aonfhoirmeach Náisiúnta mar a shainmhínítear in Airteagal 7 den Rialachán sin. I gcás nach bhfuil sin indéanta, stórálfar na sonraí go háitiúil ar bhonn sealadach i bhformáid leictreonach. Sa dá chás sin, déanfar na sonraí a iontráil i Lárchóras EES a luaithe a leigheasfar an deacracht theicniúil nó an cliseadh. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is iomchuí agus úsáidfidh siad an bonneagar, an trealamh agus na hacmhainní is gá chun a áirithiú go bhféadfar an stóráil shealadach áitiúil sin a dhéanamh tráth ar bith agus d’aon cheann dá gcuid pointí trasnaithe teorann.

Gan dochar don oibleagáid seiceálacha teorann a dhéanamh faoin Rialachán seo, sa chás eisceachtúil nach mbeadh sé indéanta go teicniúil sonraí a chur i Lárchóras EES agus sa Chomhéadan Aonfhoirmeach Náisiúnta agus nach mbeadh sé indéanta go teicniúil sonraí a stóráil go háitiúil i bhformáid leictreonach, déanfaidh an garda teorann na sonraí maidir le dul isteach/imeacht a stóráil de láimh i gcomhréir le hAirteagal 16 go hAirteagal 20 de Rialachán (AE) 2017/2226, cé is moite de na sonraí bithmhéadracha, agus greamóidh sé stampa iontrála nó imeachta de dhoiciméad taistil an náisiúnaigh tríú tír. Déanfar na sonraí sin a iontráil i Lárchóras EES a luaithe is féidir sin go teicniúil.

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas, i gcomhréir le hAirteagal 21(2) de Rialachán (AE) 2017/2226, faoi stampáil doiciméad taistil sna cásanna eisceachtúla dá dtagraítear sa dara fomhír den phointe seo;

(ii)

de mhaolú ar Airteagal 8(3)(a)(iii) agus (g)(iv) den Rialachán seo, maidir le náisiúnaigh tríú tír a bhfuil víosa dá dtagraítear in Airteagal 6(1)b acu, déanfar céannacht shealbhóir na víosa a fhíorú trí VIS a cheadú go díreach, i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, i gcás ina bhfuil sin indéanta go teicniúil.”;

(7)

in Airteagal 10, cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

“3a.   I gcás ina gcinnfidh Ballstáit ríomhgheataí, córais féinfhreastail nó córais um rialú uathoibrithe teorann a úsáid, bainfidh siad úsáid as na comharthaí dá bhforáiltear i gCuid D d’Iarscríbhinn III leis na lánaí éagsúla a aithint.

3b.   I gcás ina gcinnfidh Ballstáit clár éascaithe náisiúnta a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 8d, féadfaidh siad cinneadh a dhéanamh lánaí ar leith a úsáid do na náisiúnaigh tríú tír a bhaineann tairbhe as clár éascaithe náisiúnta den sórt sin. Bainfidh siad úsáid as na comharthaí dá bhforáiltear i gcuid E d’Iarscríbhinn III leis na lánaí éagsúla a aithint.”;

(8)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:

“Airteagal 11

Doiciméid taistil a stampáil

1.   I gcás ina bhforáiltear go sainráite ina dhlí náisiúnta féin, féadfaidh Ballstát, ar dhul isteach agus ar imeacht, stampáil a dhéanamh ar dhoiciméad taistil na náisiúnach tríú tír sin a bhfuil cead cónaithe nó víosa fadfhanachta acu a d’eisigh an Ballstát sin.

2.   Doiciméad taistil náisiúnaigh tríú tír a bhfuil Doiciméad Idirthurais Iarnróid Éascaithe, arna eisiúint i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 693/2003, ina sheilbh aige nó aici, déanfar é a stampáil ar dhul isteach agus ar imeacht. Thairis sin, doiciméad taistil náisiúnaigh tríú tír a bhfuil Doiciméad Idirthurais Éascaithe bailí, arna eisiúint i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 693/2003, ina sheilbh aige nó aici, a dhéanann idirthuras d’iarnród agus nach dtuirlingíonn laistigh de chríoch Ballstáit, déanfar é a stampáil ar dhul isteach agus ar imeacht.

3.   I gcás Ballstát nach gcuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine fós ach a oibríonn EES, stampálfar doiciméid taistil náisiúnach tríú tír ag dul isteach dóibh ar chríoch Ballstáit den sórt sin nó ag imeacht aisti, ar bhonn víosa ghearrfhanachta náisiúnta arna heisiúint chun dul isteach uair amháin nó faoi dhó.

4.   Leagtar amach na socruithe praiticiúla maidir le stampáil in Iarscríbhinn IV.”;

(9)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12:

“Airteagal 12

Toimhde maidir leis na coinníollacha i dtaobh fad gearrfhanachta a chomhlíonadh

1.   Gan dochar d’Airteagal 12a, más rud é nach bhfuil sainchomhad cruthaithe do náisiúnach tríú tír atá i láthair ar chríoch Ballstáit in EES nó nach bhfuil sa taifead ar dhul isteach/imeacht don náisiúnach tríú tír dáta imeachta atá i ndiaidh dháta éaga an fhanachta údaraithe, féadfaidh na húdaráis inniúla a thoimhdiú nach gcomhlíonann an náisiúnach tríú tír sin na coinníollacha a bhaineann le fad an fhanachta údaraithe laistigh de chríoch na mBallstát, nó nach gcomhlíonann sé nó sí a thuilleadh iad.

2.   Ní bheidh feidhm ag an toimhde dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo maidir le náisiúnach tríú tír atá in ann, ar bhealach ar bith, fianaise inchreidte a chur ar fáil a léiríonn go bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta aige nó aici faoi dhlí an Aontais nó go bhfuil cead cónaithe nó víosa fadfhanachta aige nó aici. I gcás inarb ábhartha, beidh feidhm ag Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2017/2226.

3.   Féadfar an toimhde dá dtagraítear i mír 1 a bhréagnú i gcás ina gcuirfidh an náisiúnach tríú tír ar fáil, ar bhealach ar bith, fianaise inchreidte, amhail ticéid taistil nó cruthúnas go raibh an náisiúnach tríú tír lasmuigh de chríoch na mBallstát nó fianaise ar dháta éaga ceada chónaithe nó víosa fadfhanachta, a bhí aige nó aici roimhe sin, a léiríonn gur urramaigh sé nó sí na coinníollacha a bhaineann le fad gearrfhanachta.

I gcás bréagnaithe, cruthóidh na húdaráis inniúla sainchomhad in EES más gá nó cuirfidh siad in iúl in EES an dáta agus an áit ar thrasnaigh an náisiúnach tríú tír teorainn sheachtrach ceann de na Ballstáit nó teorainn inmheánach ceann de na Ballstáit nach gcuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine fós ach a oibríonn EES i gcomhréir le hAirteagal 20 de Rialachán (AE) 2017/2226.

4.   I gcás nach mbréagnófar an toimhde dá dtagraítear i mír 1, féadfar náisiúnach tríú tír a bheidh i láthair ar chríoch na mBallstát a fhilleadh i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*7).

Maidir le náisiúnach tríú tír ag a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta faoi dhlí an Aontais, is i gcomhréir le Treoir 2004/38/CE, agus i gcomhréir léi sin amháin, ar féidir é nó í a fhilleadh.

(10)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 12a

Idirthréimhse agus bearta idirthréimhseacha

1.   Go ceann tréimhse 180 lá tar éis do EES tús a chur le hoibríochtaí, chun a fhíorú ar dhul isteach agus ar imeacht nár fhan daoine ar ligeadh isteach iad le haghaidh gearrfhanachta níos faide ná uasfhad an fhanachta údaraithe agus, i gcás inarb ábhartha, chun a fhíorú ar dhul isteach nár sháraigh daoine líon na mbabhtaí is údaraithe dóibh dul isteach leis an víosa ghearrfhanachta arna heisiúint chun dul isteach uair amháin nó faoi dhó, cuirfidh na gardaí teorann san áireamh na fanachtaí ar chríoch na mBallstát le linn an 180 lá roimh an dul isteach nó roimh an imeacht ní hamháin trí na sonraí dul isteach/imeachta atá ar taifead in EES a sheiceáil ach trí na stampaí sna doiciméid taistil a sheiceáil freisin.

2.   I gcás ina ndeachaigh duine isteach ar chríoch na mBallstát sula gcuirtear tús le hoibríochtaí EES agus go n-imíonn an duine sin as críoch na mBallstát tar éis do EES tús a chur le hoibríochtaí, cruthófar sainchomhad in EES ar imeacht an duine sin agus iontrálfar dáta an dul isteach sin sa taifead ar dhul isteach/imeacht i gcomhréir le hAirteagal 16(2) de Rialachán (AE) 2017/2226. Ní bheidh cur i bhfeidhm na míre seo teoranta don tréimhse 180 lá tar éis do EES tús a chur le hoibríochtaí, mar a thagraítear i mír 1. I gcás ina bhfuil neamhréir idir dáta an stampa dul isteach agus na sonraí atá ar taifead in EES, is ag an dáta an stampa dul isteach a bheidh tosaíocht.”;

(11)

leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:

(a)

i mír 2, cuirtear an fhomhír seo a leanas léi:

“Sonraí faoi náisiúnaigh tríú tír dár diúltaíodh cead isteach le haghaidh gearrfhanachta, déanfar iad a chlárú in EES i gcomhréir le hAirteagal 6a(2) den Rialachán seo agus le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2017/2226.”;

(b)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

“Gan dochar d’aon chúiteamh arna dheonú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, beidh an náisiúnach tríú tír lena mbaineann, i gcás inarb é conclúid an achomhairc nach raibh bunús leis an gcinneadh cead isteach a dhiúltú, i dteideal cheartú na sonraí a iontráladh in EES nó cheartú an stampa iontrála a cealaíodh, nó an dá rud, agus beidh an náisiúnach tríú tír i dteideal cheartú aon rud eile arna chur ar ceal nó arna chur isteach ag an mBallstát a dhiúltaigh an cead isteach.”;

(12)

in Airteagal 20(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

Cinn Stáit, Cinn Rialtais agus comhaltaí de rialtas náisiúnta agus na céilí a bheidh á dtionlacan, agus baill dá dtoscaireacht oifigiúil, agus flatha agus daoine sinsearacha eile de theaghlach ríoga;”;

(13)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 42a

Bearta idirthréimhseacha do na Ballstáit nach n-oibríonn EES fós

1.   Stampálfar go córasach doiciméid taistil na náisiúnach tríú tír ar dhul isteach agus ar imeacht dóibh nuair a thrasnaíonn siad teorainneacha na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 66(3) de Rialachán (AE) 2017/2226.

Stampálfar doiciméid taistil na náisiúnach tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 6a(1)(b) agus (c) den Rialachán seo ar dhul isteach agus ar imeacht dóibh nuair a thrasnaíonn siad teorainneacha na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 66(3) de Rialachán (AE) 2017/2226.

Beidh feidhm ag na hoibleagáidí stampála sin freisin nuair a mhaolófar seiceálacha teorann i gcomhréir le hAirteagal 9 den Rialachán seo.

2.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, ní chuirfear stampa ar dhoiciméid taistil na náisiúnach tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 6a(3)(a), (b) agus (f), Airteagal 6a(3)(g)(i), (ii), (iii) agus (vii) agus Airteagal 6a(3)(j).

3.   Beidh feidhm mutatis mutandis maidir le stampaí dul isteach agus imeachta ag forálacha an Rialacháin seo a bhaineann le sonraí dul isteach/imeachta atá ar taifead in EES agus leis na sonraí sin a bheith in easnamh in EES, go háirithe Airteagal 8(3)(a)(iiia) agus (g)(iv), Airteagal 8d(4)(d) agus Airteagal 12.

4.   Nuair a bhréagnaítear toimhde i ndáil leis na coinníollacha i dtaobh tréimhse fanachta a chomhlíonadh i gcomhréir le Airteagal 12(2), beidh náisiúnach tríú tír atá i láthair ar chríoch Ballstáit nach n-oibríonn EES fós i dteideal comhartha a fháil ar an doiciméad taistil atá aige nó aici lena sonrófar an dáta agus an áit ar thrasnaigh sé nó sí teorainn sheachtrach nó teorainn inmheánach an Bhallstáit sin. Féadfar foirm mar a léirítear in Iarscríbhinn VIII a thabhairt don náisiúnach tríú tír freisin.

5.   Beidh feidhm ag na forálacha i dtaca le stampáil a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.

6.   Stampálfaidh na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 66(3) de Rialachán (AE) 2017/2226 doiciméid taistil na náisiúnach tríú tír nuair a dhiúltaítear cead dul isteach le haghaidh gearrfhanachta dóibh ag a dteorainn. Déanfar an stampáil i gcomhréir leis na sonraíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn V, cuid A, pointe (d).

7.   Beidh feidhm ag na hoibleagáidí stampála faoi mhír 1 go mír 6 go dtí an dáta a dtosófar oibríochtaí EES sa Bhallstát lena mbaineann.”;

(14)

leasaítear Iarscríbhinní III, IV, V agus VII i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón dáta a bhfuil oibríochtaí EES, arna chinneadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 66 de Rialacháin (AE) 2017/2226, le tosú.

3.   De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo, beidh feidhm ag an Rialachán seo, ón dáta a nascfar iad le EES, i gcomhréir le hAirteagal 66(3) de Rialachán (AE) 2017/2226, maidir leis na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 66(3) den Rialachán sin nach n-oibríonn EES fós. Go dtí go nascfar iad le EES, beidh feidhm maidir leis na Ballstáit sin ag na forálacha idirthréimhseacha i dtaca le doiciméid taistil a stampáil mar a leagtar amach in Airteagal 42a de Rialachán (AE) 2016/399.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Samhain 2017.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. MAASIKAS


(1)  IO C 487, 28.12.2016, lch. 66.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Deireadh Fómhair 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 20 Samhain 2017.

(3)  Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 77, 23.3.2016, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2017 lena mbunaítear an Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBhallstát agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí, agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Rialachán (CE) Uimh 767/2008 agus Rialachán (AE) Uimh 1077/2011 (féach leathanach 20 den Iris Oifigiúil seo).

(5)  Cinneadh 2004/512/CE ón gComhairle an 8 Meitheamh 2004 lena mbunaítear an Córas Faisnéise Víosaí (VIS) (IO L 213, 15.6.2004, lch. 5).

(6)  Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus ceart bhaill dá dteaghlaigh gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77).

(7)  Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 131, 1.6.2000, lch. 43).

(8)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20)

(9)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

(10)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an 2 thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

(11)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(12)  Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontuithe, ar son an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).

(13)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

(14)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, ar son an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).

(15)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(*1)  Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2017 lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí, agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 327, 9.12.2017, Ich. 20).”;

(*2)  Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir Ballstáit (Rialachán VIS) (IO L 218, 13.8.2008, lch. 60).”;

(*3)  Treoir 2014/66/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le coinníollacha iontrála agus cónaithe do náisiúnaigh tríú tír faoi chuimsiú aistriú idirchorparáideach, (IO L 157, 27.5.2014, lch. 1).

(*4)  Treoir (AE) 2016/801 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016, maidir le coinníollacha iontrála agus cónaithe náisiúnaigh ó thríú tíortha chun críche taighde, staidéir, oiliúna, seirbhís dheonach, scéimeanna malartaithe daltaí nó tionscadail oideachais agus au pair (IO L 132, 21.5.2016, lch. 21).

(*5)  Rialachán (CE) Uimh. 1931/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 lena leagtar síos rialacha maidir le trácht teorann áitiúil ag teorainneacha seachtracha talún na mBallstát agus lena leasaítear forálacha Choinbhinsiún Schengen (IO L 405, 30.12.2006, lch. 1).

(*6)  Rialachán (CE) Uimh. 693/2003 ón gComhairle an 14 Aibreán 2003 lena mbunaítear Doiciméad Idirthurais Éascaithe (FTD) sonrach, Doiciméad Idirthurais Iarnróid Éascaithe (FRTD) agus lena leasaítear na Teagaisc Choiteanna Chonsalacha agus an Lámhleabhar Coiteann (IO L 99, 17.4.2003, lch. 8).”;

(*7)  Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (IO L 348, 24.12.2008, lch. 98).”;


IARSCRÍBHINN

Leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 2016/399 mar a leanas:

1.

in Iarscríbhinn III, cuirtear na Codanna seo a leanas léi:

“CUID D

Cuid D1: Lánaí le haghaidh rialú uathoibrithe teorann do shaoránaigh AE/LEE/CH

Image Image

Níl gá le réaltaí don Eilvéis, do Lichtinstéin, don Iorua ná don Íoslainn

Cuid D2: Lánaí le haghaidh rialú uathoibrithe teorann do náisiúnaigh tríú tír

Image Image

Cuid D3: Lánaí le haghaidh rialú uathoibrithe teorann do gach cineál pas

Image Image

Cuid E: Lánaí le haghaidh Taistealaithe Cláraithe

Image ”.

2.

leasaítear Iarscríbhinn IV mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1:

“1.

Doiciméad taistil náisiúnaigh tríú tír a bhfuil Doiciméad Idirthurais Iarnróid Éascaithe aige nó aici, arna eisiúint i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 693/2003, déanfar é a stampáil ar dhul isteach agus ar imeacht dó nó di. Doiciméad taistil náisiúnaigh tríú tír ag a bhfuil Doiciméad Idirthurais Éascaithe bailí, arna eisiúint i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 693/2003, a dhéanann a idirthuras nó a hidirthuras d’iarnród agus nach dtuirlingíonn laistigh de chríoch Ballstáit, déanfar é a stampáil ar dhul isteach agus ar imeacht dó nó di freisin. Thairis sin, i gcás ina mbeidh foráil déanta go sainráite maidir leis ina dhlí náisiúnta féin, féadfaidh Ballstát stampáil a dhéanamh ar dhul isteach agus ar imeacht dó nó di ar dhoiciméad taistil náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cead cónaithe nó víosa fadfhanachta aige nó aici a d’eisigh an Ballstát céanna i gcomhréir le hAirteagal 11 den Rialachán seo.

I gcás Ballstát nach gcuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine fós ach a oibríonn EES, stampálfar doiciméid taistil náisiúnaigh tríú tír ag dul isteach dó ar chríoch an Bhallstáit nó ag imeacht aisti, ar bhonn víosa ghearrfhanachta náisiúnta arna heisiúint chun dul isteach uair amháin nó faoi dhó.”;

(b)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“1a.

Leagtar síos mionsonraí na stampaí sin i gCinneadh SCH/COM-EX (94) 16 rev ó Choiste Feidhmiúcháin Schengen agus in SCH/Gem-Handb (93) 15 (RÚNDA).”;

(c)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“2a.

Ar dhul isteach agus ar imeacht do náisiúnaigh tríú tír a bheidh faoi réir na hoibleagáide víosa agus na hoibleagáide stampála, déanfar an stampa a ghreamú den leathanach ar aghaidh an leathanaigh ar a mbeidh an víosa greamaithe. Mura féidir an leathanach sin a úsáid, áfach, cuirfear an stampa ar an gcéad leathanach eile. Ní chuirfear stampa ar an gcuid atá meaisín-inléite.”;

(d)

scriostar pointe 3.

3.

leasaítear Iarscríbhinn V mar seo a leanas:

(a)

leasaítear Cuid A mar seo a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b) de phointe 1:

“(b)

i dtaca le náisiúnaigh tríú tír dár diúltaíodh cead dul isteach le haghaidh gearrfhanachta, na sonraí faoi dhiúltú cead isteach a chlárú in EES i gcomhréir le hAirteagal 6a(2) den Rialachán seo agus Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2017/2226;”;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d) de phointe 1:

“(d)

i dtaca le náisiúnaigh tríú tír nach bhfuil clárú le déanamh in EES gur diúltaíodh cead dul isteach dóibh, stampa dul isteach a ghreamú den phas, arna chealú le cros scríofa i ndúch dubh doscriosta, agus an litir nó na litreacha a bhaineann leis an gcúis nó leis na cúiseanna le cead dul isteach a dhiúltú, a bhfuil liosta an chéanna luaite ar an bhfoirm chaighdeánach maidir le cead dul isteach a dhiúltú mar atá léirithe i gCuid B den Iarscríbhinn seo, a scríobh os a chomhair ar thaobh na láimhe deise, i ndúch doscriosta arís. Ina theannta sin, i gcás na gcatagóirí seo daoine, déanfaidh an garda teorann gach diúltú cead dul isteach a thaifeadadh i gclár nó ar liosta ina sonraítear céannacht agus náisiúntacht an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann, mar aon le tagairtí an doiciméid lena n-údaraítear an náisiúnach tríú tír leis an teorainn a thrasnú agus an chúis atá le cead dul isteach a dhiúltú, agus dáta an diúltaithe.”;

(iii)

i bpointe 1, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:

“Leagtar amach na socruithe praiticiúla maidir le stampáil in Iarscríbhinn IV.”;

(b)

i gCuid B, leasaítear an Fhoirm chaighdeánach chun cead isteach ag an teorainn a dhiúltú mar seo a leanas:

(i)

i ndiaidh litir (I), cuirtear an téacs seo a leanas léi:

“(J)

dhiúltaigh sé/sí na sonraí bithmhéadracha a chur ar fáil, má iarrtar sin

chun an sainchomhad a chruthú sa Chóras Dul Isteach/Imeachta

chun na seiceálacha teorann a dhéanamh.”;

(ii)

sa rannán dar teideal “Nótaí”, cuirtear an téacs seo a leanas leis faoin bhfocal “Nótaí”:

“

(le marcáil ag an ngarda teorann, má tá na sonraí stóráilte sa Chóras Dul Isteach/Imeachta)

Cuirtear in iúl leis seo don té lena mbaineann go gcuirtear a shonraí nó a sonraí pearsanta agus faisnéis maidir leis an diúltú cead isteach sa Chóras Dul Isteach/Imeachta i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2017/2226.

I gcomhréir le hAirteagal 52 de Rialachán (AE) 2017/2226, tá sé de cheart ag an té lena mbaineann na sonraí a bhaineann leis/léi a chláraítear sa Chóras Dul Isteach/Imeachta a fháil agus féadfaidh sé/sí a iarraidh go gceartófaí sonraí míchruinne a bhaineann leis/léi agus go scriosfaí sonraí a chláraítear go neamhdhleathach.”.

4.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1 d’Iarscríbhinn VII:

“1.

Cinn Stáit, Cinn Rialtais agus comhaltaí de rialtas náisiúnta agus na céilí a bheidh á dtionlacan, agus baill dá dtoscaireacht oifigiúil, agus flatha agus daoine sinsearacha eile de theaghlach ríoga

De mhaolú ar Airteagal 6 agus Airteagal 8 go hAirteagal 14, ní bheidh Cinn Stáit, Cinn Rialtais agus comhaltaí de rialtas náisiúnta agus na céilí a bheidh á dtionlacan, agus baill dá dtoscaireacht oifigiúil, agus flatha agus daoine sinsearacha eile de theaghlach ríoga, ar thug rialtais na mBallstát nó eagraíochtaí idirnáisiúnta cuireadh dóibh chun críche oifigiúla agus ar fógraíodh a dteacht agus a n-imeacht go hoifigiúil trí chainéil taidhleoireachta, ní bheidh na daoine sin faoi réir seiceálacha teorann.”.


Top