EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32017R1951

Rialachán (AE) 2017/1951 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2017 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 99/2013 maidir le clár staidrimh Eorpach 2013-17, trína fhadú go 2020 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE agus leis an Eilvéis )

OJ L 284, 31.10.2017, p. 1–11 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2020; Arna aisghairm go hintuigthe ag 32021R0690

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/1951/oj

31.10.2017   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2017/1951 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Deireadh Fómhair 2017

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 99/2013 maidir le clár staidrimh Eorpach 2013-17, trína fhadú go 2020

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE agus leis an Eilvéis)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 338(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá fianaise iontaofa ábhartha atá bunaithe ar staidreamh Eorpach tráthúil agus atá ar fáil go poiblí, ar staidreamh é is féidir a úsáid le haghaidh ceapadh beartais fíor-riachtanach chun dul chun cinn bheartais agus chláir an Aontais a thomhas agus chun meastóireacht a dhéanamh ar a n-éifeachtúlacht, go háirithe i gcomhthéacs Straitéis Eoraip 2020 a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 3 Márta 2010 dar teideal “Eoraip 2020: Straitéis maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uileghabhálach” (Eoraip 2020) agus Chlár Oibre an Choimisiúin um Poist, Fás, Cothromaíocht agus Athrú Daonlathach.

(2)

Ba cheart go nglacfadh cur chuige cuimsitheach uile-Aontais a chuireann sonraí cruinne ar fáil chun cabhrú le próisis chomhtháthaithe breise san Aontas ag staidreamh Eorpach.

(3)

Is leas pobail tábhachtach infhaighteacht staidrimh chuimsithigh iontaofa Eorpaigh a rachaidh chun tairbhe do chinnteoirí, do thaighdeoirí agus don phobal i gcoitinne.

(4)

Ó thaobh inbhuanaitheacht agus dhlisteanacht an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta, is den tábhacht é cothromaíocht mhaith a bheith ann idir aidhmeanna eacnamaíocha agus sóisialta i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh. Dá réir sin, is mó an bhéim a leagtar anois ar aidhmeanna sóisialta agus fostaíochta sa Seimeastar Eorpach, agus sna tuarascálacha tíre agus sna moltaí tír-shonracha araon déantar na dúshláin shóisialta agus fostaíochta a mheasúnú mar aon le hathchóiriú beartas bunaithe ar dhea-chleachtais a chur chun cinn. Chuige sin, tá tábhacht ar leith le staidreamh sóisialta.

(5)

Faoi Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), soláthrófar leis an gclár staidrimh Eorpach (an “clár”) an creat chun staidreamh ardchaighdeáin Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh, agus leagfar amach ann príomhréimsí agus cuspóirí na ngníomhaíochtaí atá beartaithe ar feadh tréimhse a chomhfhreagraíonn do thréimhse an chreata airgeadais ilbhliantúil. Ba cheart an clár a chur chun feidhme trí ghníomhaíochtaí aonair staidrimh i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009. Ba cheart go mbeadh cláir oibre bhliantúla bunaithe ar an gclár.

(6)

Cé go mbeidh an creat airgeadais ilbhliantúil i bhfeidhm go 2020, ní chumhdaítear le Rialachán (AE) Uimh. 99/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) ach an tréimhse ó 2013 go 2017 amháin. Ba cheart, dá bhrí sin, an Rialachán sin a leasú gan mhoill chun an clár a fhadú go 2020 agus bearnaí staidrimh a líonadh i gcás inar gá go práinneach.

(7)

I gcomhthéacs Clár an Choimisiúin um Rialáil Níos Fearr, ba cheart tosú ar bheartais an Aontais a dhearadh, agus faireachán a dhéanamh orthu, ar bhonn fianaise iontaofa lena bhfuil bonn staidrimh láidir. Tá ról ar leith ag staidreamh Eorpach ina leith sin agus is féidir leo fíordhifríocht a dhéanamh, go háirithe i réimsí beartais ina mbeidh luach anailíseach bunaithe ar shonraí iontaofa agus ar fhreagrúlacht ríthábhachtach chun go mbeidh beartais rathúil.

(8)

Dá bhrí sin, tá staidreamh ardchaighdeáin ríthábhachtach chun torthaí níos fearr a bhaint amach agus chun cur le hEoraip níos fearr; ba cheart iarrachtaí níos mó a dhéanamh ar infheistíochtaí a spreagadh i staidreamh oifigiúil ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta araon. Ba cheart don chlár treoir a chur ar fáil freisin maidir le réimsí beartais tosaíochta maidir le forbairt acmhainne agus maidir leis an athbheartú tosaíochta leanúnach. Ina theannta sin, chun an cur chuige comhchuibhithe a áirithiú le linn cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach, ba cheart comhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta a neartú.

(9)

Ba cheart beart a dhéanamh chun dul i ngleic leis na bearnaí is práinní staidreamh, chun tráthúlacht a mhéadú agus chun tacú le tosaíochtaí polaitiúla agus le comhordú beartais eacnamaíoch tríd an Seimeastar Eorpach. Ba cheart don Choimisiún (Eurostat) réamh-mheastacháin nua daonra a sholáthar freisin i ndlúthchomhar leis na hinstitiúidí staidrimh náisiúnta, lena n-áirítear maidir le sreabha imirce, chun nuashonrú a dhéanamh ar an anailís ar na himpleachtaí sóisialta, eacnamaíocha agus buiséadacha a bheidh ag aosú an phobail agus ag neamhionannais eacnamaíocha.

(10)

Chun tacú le roghanna éifeachtúla ceaptha beartais, ba cheart táscairí a fhoilsiú go tráthúil. I gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, ba cheart go ndéanfadh an Coimisiún (Eurostat) cumarsáid phoiblí maidir le tráthúlacht, lena n-áirítear faisnéis ábhartha a chur ar fáil d'aon tráthúlacht neamhleor a d'fhéadfadh tarlú, mar ghné de cháilíocht an staidrimh.

(11)

Ba cheart cuntais trialach éiceachórais agus staidreamh athrú aeráide, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le hoiriúnú don athrú aeráide agus “loirg”, a fhorbairt tuilleadh agus tacair sonraí láithreacha á n-úsáid. Ceanglófar leis an Aontas Fuinnimh Eorpach agus le creat 2030 i gcomhair aeráide agus fuinnimh, arb é an aidhm atá leis geilleagar agus córas fuinnimh an Aontais a dhéanamh níos éifeachtúla, níos iomaíche, níos daingne agus níos inbhuanaithe, staidreamh nua a sholáthar ar thomhaltas fuinnimh, ar éifeachtúlacht fuinnimh, ar fhoinsí fuinnimh in-athnuaite, ar spleáchas fuinnimh agus ar shlándáil an tsoláthair, chomh maith le staidreamh ar an ngeilleagar ciorclach.

(12)

Ba cheart go lamhálfadh staidreamh ardcháilíochta arna fhorbairt, arna tháirgeadh agus arna scaipeadh faoin gclár, go háirithe staidreamh ar nuáil, taighde agus forbairt, staidreamh sóisialta, staidreamh comhshaoil mar aon le staidreamh fuinnimh agus iompair d'fhaireachán ar chuspóirí agus spriocanna Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe de chuid na Náisiún Aontaithe a bheith le socrú e ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát agus sa tslí sin rannchuidiú le baint amach na cuspóirí agus na spriocanna sin.

(13)

Ba cheart dul chun cinn a dhéanamh maidir le faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil a fheabhsú ar cheart dó cur le huileghabhálacht na gcuntas náisiúnta agus dá réir sin meastacháin níos fearr ar an mbearna chánach agus ar sheachaint cánach a lamháil.

(14)

Is deis síneadh an chláir ar cheart a ghlacadh chun oiriúnuithe a dhéanamh chun na treoshuímh nua a léiriú, go háirithe i gcomhréir le Fís 2020 de chuid an Chórais Staidrimh Eorpaigh (CSE), chun na cuspóirí láithreacha, beartú tosaíochta leanúnach agus infhaighteacht na sonraí i gcomhthéacs ina bhfuil dúshláin thábhachtacha roimh an Aontas ó thaobh forbairt eacnamaíoch agus comhtháthú sóisialta a chomhlánú. Ba cheart gon-áiritheofaí leis comhoibriú leanúnach idir an Coimisiún (Eurostat) agus na hinstitiúidí staidrimh náisiúnta agus ba cheart go n-áiritheofaí leis comhráite rialta leis an gCoiste Comhairleach um Staidreamh Eorpach a bunaíodh le Cinneadh Uimh. 234/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Ba cheart go n-áiritheofaí leis freisin an comhordú idir an Córas Staidrimh Eorpach (CSE) agus an Córas Eorpach Banc Ceannais. Ba cheart don Choimisiún (Eurostat) faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh Chód Cleachtais an Staidrimh Eorpaigh ag na Ballstáit (an Cód Cleachtais).

(15)

Tá sé tábhachtach go háirithe pócaí dífhostaíochta arda a thomhas, lena n-áirítear dífhostaíocht an aosa óig i réigiúin trasteorann.

(16)

Ba cheart go dtacódh méadú iomchuí ar an mbuiséad i gcomhair staidrimh ar leibhéal an Aontais leis na hathruithe sin ar an gclár agus an obair éifeachtacht leanúnach CSE trí luach breise suntasach agus torthaí suntasacha a thabhairt i gcás an fheabhais ar cháilíocht na sonraí trí thionscadail mhórscála, trí éifeachtaí giarála struchtúraí agus trí bharainneachtaí scála ar féidir leo córais staidrimh ar fud na mBallstát a fheabhsú.

(17)

Leagtar síos leis an Rialachán seo clúdach airgeadais le haghaidh an clár a fhadú chun an tréimhse ó 2018 go 2020 a chumhdach, atá le bheith ina ina phríomh-mhéidtagartha, de réir bhrí phointe 17 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar i gcúrsaí buiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais (6), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nóis imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(18)

Agus an clár á fhadú, ba cheart don Choimisiún (Eurostat) a bhreithniú ar leith a dhéanamh ar na hiarmhairtí ar Bhallstát a tharraingt siar ón Aontas.

(19)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, is é sin, an clár a fhadú chun an tréimhse ó 2018 go 2020 a chumhdach, a ghnóthú go leordhóthanach ag na Ballstáit ach gur fearr, de bharr scála agus éifeachtaí an ghnímh, é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(20)

I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, cuireadh an dréacht-togra le haghaidh an clár a fhadú chun an tréimhse ó 2018 go 2020 a chumhdach faoi bhráid an Choiste um an gCóras Staidrimh Eorpach (ESSC), an Choiste Comhairleach um Staidreamh Eorpach agus an Choiste um Staidreamh Airgeadaíochta, Airgeadais agus Chomhardú na nÍocaíochtaí a bunaíodh le Cinneadh Uimh. 2006/856/CE ón gComhairle (7), le go ndéanfaí réamhscrúdú air.

(21)

Ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 99/2013 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 99/2013 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“Fadófar an clár chun an tréimhse ó 2018 go 2020 a chumhdach.”;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

“Airteagal 3

Raon feidhme

Leis an Rialachán seo, soláthraítear an creat cláreagrúcháin i gcomhair fhorbairt, tháirgeadh agus scaipeadh staidrimh Eorpaigh, príomhréimsí agus cuspóirí na ngníomhaíochtaí atá beartaithe don tréimhse ó 2013 go 2020, i gcomhréir le hAirteagal 13 agus le hAirteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.”;

(3)

in Airteagal 7(1), cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:

“Is é EUR 218,1 milliún a bheidh sa chlúdach airgeadais chun an clár seo a chur chun feidhme don tréimhse 2018 go 2020, arna chumhdach leis an gclárthréimhse 2014 go 2020.”;

(4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

“Airteagal 9

Cláir oibre bhliantúla

Chun an clár a chur chun feidhme, glacfaidh an Coimisiún cláir oibre bhliantúla a shásóidh na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 agus a leagfaidh amach na cuspóirí atá á saothrú agus na torthaí lena bhfuiltear ag súil, i gcomhréir leis na cuspóirí ginearálta agus sonracha dá dtagraítear in Airteagal 4(1) agus (2) den Rialachán seo. Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh béim iomchuí ar ghníomhaíochtaí arb é is aidhm leo comhlíonadh an Chóid Cleachtais a chur chun cinn. Cuirfear gach clár oibre bliantúil in iúl do Pharlaimint na hEorpa chun críocha faisnéise.”;

(5)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13:

“Airteagal 13

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.   Glacfaidh an Coimisiún bearta cuí chun a áirithiú, i gcás ina gcuirfear gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo chun feidhme, go ndéanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta coisctheacha a chur chun feidhme i gcoinne na calaoise, an éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile trí sheiceálacha éifeachtacha agus má thugtar neamhrialtachtaí faoi deara, trí na méideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus bhactha riaracháin agus airgeadais a chur i bhfeidhm.

2.   Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún nó ag a chuid ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí iniúchadh a dhéanamh, ar bhonn doiciméad agus cigireachtaí ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, conraitheoir agus fochonraitheoir a fuair cistí de chuid an Aontais faoin gclár.

3.   Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) agus i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (*2) d'fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó le cinneadh deontais nó le conradh arna gcistiú faoin gclár.

4.   Gan dochar do mhír 1, do mhír 2 agus do mhír 3, maidir le comhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, le conarthaí, le comhaontuithe deontas agus le cinntí deontas de thoradh cur chun feidhme an Rialacháin seo, beidh forálacha iontu lena dtabharfar de chumhacht don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF go sainráite iniúchtaí agus imscrúduithe den sórt sin a dhéanamh, i gcomhréir lena n-inniúlacht faoi seach.

5.   Gan dochar do mhír 1, do mhír 2 agus do mhír 3, i gcás ina ndéantar cur chun feidhme gníomhaíochta ar leith a sheachfhoinsiú nó a fho-tharmligean, go hiomlán nó go páirteach, nó inar gá conradh soláthair a dhámhachtain nó tacaíocht airgeadais a thabhairt do thríú páirtí ina leith, luafar sa chonradh, sa chomhaontú deontais nó sa chinneadh deontais an oibleagáid atá ar an gconraitheoir nó ar an tairbhí ceangal a chur ar aon tríú páirtí lena mbaineann glacadh go sainráite leis na cumhachtaí sin de chuid an Choimisiúin, na Cúirte Iniúchóirí agus OLAF.

(*1)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe a dhéanann an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1)."

(*2)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanann an Coimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).”;"

(6)

Leasaítear Airteagal 15 mar a leanas:

(a)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“2a.   Faoin 31 Nollaig 2019, cuirfidh an Coimisiún (Eurostat) tuarascáil ar dhul chun cinn maidir le cur chun feidhme an chláir faoi bhráid CCSE. Sonrófar sa tuarascáil sin tuairim an Choimisiúin (Eurostat) maidir le hionchas an chláir laistigh den chreat airgeadais ilbhliantúil dar tosach 2021. Cuirfear an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle freisin.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Faoin 31 Nollaig 2021, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat), tar éis dó dul i gcomhairle le ESSC agus leis an gCoiste Comhairleach um Staidreamh Eorpach, tuarascáil mheastóireachta chríochnaitheach maidir le cur chun feidhme an chláir a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Measúnófar sa tuarascáil go háirithe:

(a)

toradh athbheartú tosaíochta agus mheasúnú costas na dtáirgí staidrimh;

(b)

na gníomhaíochta a rinne CSE chun costais chur chun feidhme agus tháirgthe na mBallstát a laghdú agus an t-ualach foriomlán a eascraíonn ó na tionscadail agus na réimsí staidrimh atá clúdaithe faoin gclár a theorannú;

(c)

an dul chun cinn chun rochtain ar staidreamh oifigiúil a éascú agus níos éasca le húsáid, lena n-áirítear sonraí ar shuíomh gréasáin Eurostat a chur ar fáil; agus

(d)

an dul chun cinn maidir le hinfhaighteacht sonraí a fheabhsú, lena n-áirítear maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha sóisialta agus maidir le táscairí Eoraip 2020.”;

(7)

leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 99/2013 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh sé infheidhme ón 1 Eanáir 2018.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 25 Deireadh Fómhair 2017.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. MAASIKAS


(1)  IO C 75, 10.3.2017, lch. 53.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Meán Fómhair 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2017.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndacht staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 99/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 maidir leis an gclár staidrimh Eorpach 2013-17 (IO L 39, 9.2.2013, lch. 12).

(5)  Cinneadh Uimh. 234/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 lena mbunaítear an Coiste Comhairleach um Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Cinneadh 91/116/CEE ón gComhairle (IO L 73, 15.3.2008, lch. 13).

(6)  IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.

(7)  Cinneadh 2006/856/CE ón gComhairle an 13 Samhain 2006 lena mbunaítear an Coiste um staidreamh airgeadaíochta, airgeadais agus chomhardú na níocaíochtaí (IO L 332, 30.11.2006, lch. 21).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 99/2013 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal na hIarscríbhinne:

“Bonneagar staidrimh agus cuspóirí an chláir staidrimh Eorpaigh 2013 go 2020”;

(2)

leasaítear an réamhrá mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre agus an dara mír:

“Tá faisnéis staidrimh ardcháilíochta, inchomparáide agus iontaofa faoin staid eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil san Aontas, agus a comhpháirteanna ar an leibhéal naisiúnta agus réigiúnach, de dhíth chun beartais an Aontais a chur chun feidhme. Tá staidreamh Eorpach fíor-riachtanach don Aontas freisin, tugtar an deis don phobal i gcoitinne agus do shaoránaigh Eorpacha leis an próiseas daonlathach agus an díospóireacht maidir le staid reatha agus todhchaí an Aontais a thuiscint agus páirt a ghlacadh iontu.

Foráiltear leis an gclár don chreat reachtach chun staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh le linn na tréimhse ó 2013 go 2020.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ceathrú fomhír:

“Cuireann staidreamh arna fhorbairt, arna tháirgeadh agus arna scaipeadh faoin gclár le cur chun feidhme bheartais an Aontais, mar a léirítear in CFAE agus in Eoraip 2020 agus le cur chun feidhme na dtionscnamh suaitheanta faoi seach a bhaineann léi, chomh maith le beartais eile a leagtar amach i dtosaíochtaí straitéiseacha an Choimisiúin.”;

(3)

i gCuspóirí, cuirtear an méid seo a leanas in ionad chuspóir 1:

“—

Cuspóir 1: faisnéis staidrimh a sholáthar ar bhealach tráthúil cost-éifeachtach gan dúbailt iarrachta nach gá, chun tacú le forbairt, le faireachán agus le meastóireacht ar bheartais an Aontais a thugann léiriú iomchuí ar thosaíochtaí, agus cothromaíocht á coimeád idir na réimsí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil agus freastal á dhéanamh ar raon leathan úsáideoirí staidrimh Eorpaigh, lena n-áirítear cinnteoirí, taighdeoirí, agus gnóthaí eile agus saoránaigh na hEorpa i gcoitinne, ar dhóigh costéifeachtúil;”;

(4)

cuid I. Leasaítear Aschuir Staidrimh mar a leanas:

(a)

i bpointe 1.1. Eoraip 2020, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

“Le formhuiniú Eoraip 2020 múnlaíodh tríd is tríd an clár oibre straitéiseach i gcomhair bheartais an Aontais agus beartas náisiúnta sna blianta amach anseo. Laistigh den chlár oibre sin tá roinnt spriocanna agus tionscnamh nach mór do CSE táscairí staidrimh a sholáthar mar gheall orthu i roinnt réimsí comhaontaithe amhail: feabhas a chur ar na dálaí i gcás nuálaíochta; taighde agus forbairt; poist fhónta a chur chun cinn; cothroime inscne a chur chun cinn; cuspóirí an Aontais um athrú aeráide agus fuinneamh a chomhall; éifeachtúlacht acmhainní; leibhéil oideachais a fheabhsú, lena n-áirítear luathfhágáil scoile a laghdú; gairmoiliúint saoil agus soghluaisteacht, aosú sláintiúil agus gníomhach foghlama; cuimsiú sóisialta a chur chun cinn; agus an bhochtaineacht a laghdú. I gcás inarb iomchuí, is gá staidreamh inscne-dhíchomhiomlánaithe chun a thuiscint cad atá i gceist le hidirdhealú atá bunaithe ar inscne, le fócas ar fhoréigean inscne.”;

(b)

leasaítear cuspóir 1.1.1 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

“Faisnéis staidrimh ardcháilíochta a sholáthar, a bheidh ar fáil go tráthúil don Seimeastar Eorpach, chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme Eoraip 2020. Beidh táscairí nua, a mhéid is féidir, bunaithe ar na sonraí staidrimh atá ar fáil.”;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ceathrú fleasc den dara mír:

“—

táscairí fostaíochta a idirdhealóidh idir fostaíocht pháirtaimseartha agus lánaimseartha agus idir conarthaí ar théarma seasta agus conarthaí buana chomh maith le táscairí dífhostaíochta a chuirfidh i gcuntas daoine i mbeartas gníomhachtaithe amhail oiliúint. Ba cheart go bhfolódh na táscairí sin freisin sonraí maidir le roinnt inscne.”;

(c)

i gcuspóir 1.2.1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fleasc den dara mír:

“—

ionchur staidrimh a sholáthar i gcomhair Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis feabhsaithe atá dírithe go sonrach ar tháirgeadh agus ar sholáthar staidrimh ardcháilíochta maidir le heasnamh agus fiachas rialtais;

ionchur staidrimh a sholáthar chun faireachán éifeachtach a dhéanamh ar neamhionannais eacnamaíocha;”;

(d)

leasaítear cuspóir 1.3.1 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“Feabhas a chur ar na táscairí agus ar an bhfaisnéis staidrimh atá ar fáil maidir le domhandú eacnamaíoch agus slabhraí luacha domhanda i gcomhair lucht cinnteoireachta an Aontais agus i gcomhair an phobail i gcoitinne. Ba cheart go dtabharfadh an fhaisnéis sin tuiscint níos fearr ar thionchar eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil an domhandaithe;”

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fleasc den dara mír:

“—

na sonraí a sholáthar a lamhálann anailís ar na hiarmhairtí dearfacha agus diúltacha do mhargadh an Aontais, go háirithe i margadh saothair an Aontais;

anailís ar na slabhraí luacha domhanda, trí tháblaí iomchuí ionchuir/aschuir b'fhéidir, agus staidreamh trádála eachtraí agus gnó, lena n-áirítear nascadh micreashonraí; agus comhordú aschuir na hanailíse sin le tionscnaimh idirnáisiúnta le leas an Aontais; agus”;

(e)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2. Creataí cuntasaíochta:

“2.   Creataí cuntasaíochta

An Teachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Lúnasa 2009 dar teideal ‘OTI agus dul thairsti: An dul chun cinn a thomhas i ndomhan atá ag athrú’ (‘OTI agus dul thairsti’) agus le foilsiú Thuarascáil Stiglitz-Sen-Fitoussi maidir le Tomhas ar Fheidhmíocht Eacnamaíoch agus ar Fhorás Sóisialta, tá dreasú nua ann i dtaobh an phríomhdhúshláin atá ann do CSE, eadhon conas staidreamh níos fearr a fháil i ndáil le saincheisteanna trasearnálacha agus conas staidreamh níos comhtháite a fháil chun tuairisc a thabhairt ar fheiniméin chasta shóisialta, chomhshaoil agus eacnamaíocha sa bhreis ar na tomhais a dhéantar ar aschur eacnamaíoch go traidisiúnta. Dírítear san obair ar OTI agus dul thairsti laistigh de CSE ar thrí réimse tosaíochta: staidreamh don earnáil teaghlach agus staidreamh lena dtomhaistear dáileadh an ioncaim, an tomhaltais agus an tsaibhris; staidreamh lena dtomhaistear cáilíocht na beatha ar bhealach iltoiseach; agus staidreamh lena dtomhaistear inbhuanaitheacht chomhshaoil. Cúis dreasaithe eile is ea na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe nua ar leibhéal domhanda a glacadh sa bhliain 2015. Le Córas Eorpach na gCuntas Náisiúnta agus Réigiúnach (CEC), cuirtear creat comhtháite comhsheasmhach ar fáil i gcás an staidrimh eacnamaíoch ar fad, creat ar cheart táscairí eile a bheith ag gabháil leis chun faisnéis níos cuimsithí a sholáthar i gcomhair déanamh beartas agus cinnteoireachta. Tacófar le cur chun feidhme iomlán CEC 2010 trí mheasúnuithe rialta cáilíochta agus comhlíonta a dhéanamh, agus dul as feidhm forchéimnitheach na maoluithe go 2020 á chur i gcuntas, lena gcuirfear feabhas breise ar thráthúlacht agus infhaighteacht na dtáscairí.”;

(f)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2.1. Feidhmíocht eacnamaíoch agus shóisialta:

“2.1.   Feidhmíocht eacnamaíoch agus shóisialta

De dheasca na géarchéime airgeadais is treise an gá le táscairí maicreacnamaíocha ardcháilíochta chun tuiscint níos fearr a fháil agus anailís níos fearr a dhéanamh ar luaineachtaí eacnamaíocha chomh maith le héabhlóid na neamhionannas eacnamaíoch agus an éifeacht a bhíonn acu ar an tsochaí agus ar an dóigh sin an próiseas cinnteoireachta a éascú. De bharr an táirgthe dhomhandaithe tá méadú ag teacht ar an ngá creat comhsheasmhach a fhorbairt lena n-éascófar léirmhíniú agus comhtháthú staidrimh ó réimsí éagsúla.”;

(g)

i gcuspóir 2.1.1, leasaítear an dara mír mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fleasc:

“—

táscairí a tháirgeadh maidir le dáileadh ioncaim, tomhaltais agus saibhris ar theaghlaigh agus comhiomlán na gcuntas náisiúnta agus sonraí ó shuirbhéanna ar theaghlaigh nó sonraí riaracháin a réiteach;”;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ceathrú fleasc:

“—

naisc le cuntais náisiúnta a neartú i réimsí na cosanta sóisialta, na sláinte agus an oideachais;

forbairt creat tomhais ar cháilíocht saoil, lena ndéantar peirspictíocht an teaghlaigh a threisiú sna cuntais náisiúnta;

forbairt táscairí gaolmhara ‘OTI agus lastall’ lena dtomhaistear inbhuanaitheacht chomhshaoil agus éifeachtaí seachtracha le peirspictíocht cuntais náisiúnta;”;

(iii)

cuirtear isteach na fleasca a leanas i ndiaidh an cúigiú fleasc:

“—

táscairí sóisialta tráthúla a fhorbairt tuilleadh, lena n-áirítear ardteicnící i gcomhair tuar reatha agus meastacháin shealadacha;

tacú le comhroinnt idirnáisiúnta sonraí i gcomhair sonraí maicreacnamaíocha chun an t-ualach ar tháirgeoirí sonraí a laghdú agus chun an fháil ar shonraí inchomparáide comhsheasmhacha a fheabhsú d'úsáideoirí;

forbairt agus mionchoigeartú táscairí comhiomlánaithe ar ioncam agus ar ghnéithe d'éagothroime saibhris;

neamhionannas inscne a thomhas agus a anailísiú, lena n-áirítear an difreálach pá;”;

(h)

i gcuspóir 2.1.2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na fleisce deiridh den dara mír:

“—

staidreamh comhchuibhithe ar phraghsanna tithe a bheith ar fáil agus a mhéadú do gach Ballstát.”;

(i)

i gcuspóir 2.2.1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:

“Déanfar an cuspóir a chur chun feidhme tríd an méid seo a leanas:

córas comhsheasmhach cuntas comhshaoil a fhorbairt tuilleadh mar ‘chuntais satailíte’ do na príomhchuntais náisiúnta, lena soláthrófar faisnéis maidir le hastaíochtaí san atmaisféar, ídiú fuinnimh, sreabha acmhainní nádúrtha, trádáil in amhábhair, cánachas comhshaoil agus caiteachas ar chosaint an chomhshaoil, lena bhféadfaí fás/soláthar glas a áireamh;

tuilleadh forbartha ar chuntais éiceachórais turgnamhacha a lamhálfadh úsáid na dtacar sonraí láithreach, lena n-áirítear na sonraí arna dtiomsú ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, mar chuid de thionscnamh comhtháthaithe sonraí fadtéarmach;

tuilleadh oibre forbartha chun úsáid níos fearr a bhaint as bailiúcháin sonraí láithreacha do staidreamh a bhaineann le hathrú aeráide; agus

tuilleadh forbartha ar tháscairí lena dtomhaistear ‘loirg’ comhshaoil a bhunaítear ar shonraí atá ann cheana.”;

(j)

leasaítear cuspóir 3.1.1 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

“Éifeachtúlacht agus éifeachtacht na bpróiseas táirgthe staidrimh a mhéadú. I gcomhréir leis an gClár Oibre um Rialáil Níos Fearr, is gá an reachtaíocht láithreach a bhaineann leis an gcolún staidrimh gnó a shruthlíniú. Sa chomhthéacs sin, ba cheart aird chuí a thabhairt, i gcomhréir le Clár an Choimisiúin um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT), ar na hacmhainní teoranta atá ar fáil do tháirgeoirí agus ar an ualach foriomlán ar fhreagróirí. Staidreamh ardcháilíochta a sholáthar maidir leis na príomhréimsí sin ar fiontair an leas is tábhachtaí iontu, amhail staidreamh gnó, táscairí gearrthéarmacha, a n-infheistíocht i gcaipiteal daonna agus i scileanna, idirbhearta idirnáisiúnta, an domhandú, faireachán ar an margadh inmheánach, taighde agus forbairt agus an nuálaíocht, agus an turasóireacht. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar shonraí a bheith ar fáil in earnálacha tionsclaíocha agus seirbhísí lena mbaineann mórluach breise, go háirithe sna gheilleagair glas, digiteach, comhoibritheach, sláinte, oideachais agus sóisialta.”;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fleisce den dara mír:

“—

sonraí atá ar fáil sa chóras staidrimh nó sa tsochaí a athúsáid, comhbhunús dlí a bheith ann i gcomhair staidrimh gnó agus comhbhonneagar agus comhuirlisí a tháirgeadh;”;

(k)

leasaítear cuspóir 3.2.1 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

“Staidreamh a sholáthar maidir leis na príomhréimsí beartais shóisialta ar leis an saoránach an leas is tábhachtaí iontu, amhail dea-bhail, inbhuanaitheacht, comhtháthú sóisialta, bochtaineacht, neamhionannais, dúshláin dhéimeagrafacha (aosú an phobail, dídhaonrú, scaipeadh daonra agus imirce go háirithe), an margadh saothair, oideachas agus oiliúint, lena n-áirítear oideachas na hóige, oideachas aosach, gairmoiliúint agus soghluaisteacht foghlama an aosa óig, cultúr, gníomhaíocht fhisiciúil, cáilíocht bheatha, sábháilteacht, sláinte, míchumas, tomhaltas, saorghluaiseacht agus an margadh inmheánach, soghluaisteacht daoine óga, nuálaíocht theicneolaíoch agus stíleanna beatha nua a roghnú. I gcás inarb iomchuí, déanfar an staidreamh sin a dhí-chomhbhailiú de réir inscne, do ghrúpaí ar leas speisialta iad do lucht ceaptha beartas sóisialta. Déanfar na tosaíochtaí a leagan síos i gcomhréir le hAirteagal 6. I gcomhréir leis an gClár Oibre um Rialáil Níos Fearr, is gá an reachtaíocht láithreach a bhaineann leis an gcolún staidrimh shóisialta a shruthlíniú. Sa chomhthéacs sin, ba cheart aird chuí a thabhairt, i gcomhréir le REFIT, ar na hacmhainní teoranta atá ar fáil do tháirgeoirí agus ar an ualach foriomlán ar fhreagróirí.”;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ceathrú fleasc den dara mír:

“—

staidreamh a sholáthar maidir le neamhionannas ioncaim, le táscairí amhail innéacs Gini agus éabhlóid na ndeicílí is fearr dáilte ioncaim lena soláthraítear táscaire ceannlíne náisiúnta inchomparáide, mar aon le sonraí ar neamhionannais i gcás rochtana ar earraí agus seirbhísí bunúsacha;”;

(iii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an seachtú fleasc den dara mír:

“—

gníomhaíochtaí an chláir oibre a chur chun feidhme maidir le staidreamh imirce a phríomhshruthú, agus dúshláin nua, forbairtí idirnáisiúnta go háirithe, á gcur i gcuntas;

réamh-mheastachán daonra a sholáthar agus nuashonruithe bliantúla a dhéanamh orthu;

forbairt na dtáscairí cuimsitheacha maidir le staid na n-imirceach san Aontas;

tuilleadh comhair le gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí speisialaithe maidir le staid na dteifeach;

forbairt modheolaíochta i gcás suirbhé deonach maidir le foréigin bunaithe ar inscne, i gcomhar leis na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí Eorpacha a ghníomhaíonn sa réimse seo;

comhbhonn dlíthiúil a chur i bhfeidhm i gcomhair staidrimh shóisialta agus chun comh-bhonneagar agus comhuirlisí a tháirgeadh;”;

(l)

i bpointe 3.3. Staidreamh geospásúil, comhshaoil, talmhaíochta agus staidreamh earnálacha eile, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír:

“Réimse tábhachtach beartais de chuid an Aontais a bheidh sa talmhaíocht fós. Sa Chomhbheartas Talmhaíochta, leagtar béim ar an riachtanas i gcomhair táirgeadh inmharthana bia, i gcomhair bhainistíocht inbhuanaithe na n-acmhainní nádúrtha agus na gníomhaíochta ar an aeráid agus i gcomhair forbairt chothromaithe chríochach ar phríomhchuspóirí an bheartais sin iad. Cuirfear béim ar ghnéithe a bhaineann leis an gcomhshaol, le bithéagsúlacht/éiceachóras, le heacnamaíocht, le sláinte agus sábháilteacht an duine agus leis an tsochaí.”;

(m)

leasaítear cuspóir 3.3.1 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

“Tacú le déanamh beartas atá bunaithe ar fhianaise trí bhreis úsáide agus úsáid níos solúbtha a bhaint as faisnéis spásúil mar aon le faisnéis staidrimh shóisialta, chríche, eacnamaíoch agus chomhshaoil i gcomhair réigiún, tíopeolaíochtaí réigiúnacha, cathracha agus mhéid an uirbithe.”;

(ii)

cuirtear na fleasca seo a leanas leis an dara mír:

“—

staidreamh a chur chun feidhme maidir le húsáid talún agus clúdach talún;

sonraí staidrimh a chomhordú i gcomhair réigiún, cathracha agus tíopeolaíochtaí críche.”;

(n)

leasaítear cuspóir 3.3.3 mar a leanas:

(i)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas tar éis na chéad mhíre:

“I gcomhréir le tosaíocht ón gCoimisiún a bhaineann leis an ‘Aontas Fuinnimh Eorpach’, agus a mhéid is mó is féidir a bhunófar ar shonraí láithreacha, díreofar go sonrach ar staidreamh a bhaineann le tomhaltas fuinnimh, le héifeachtúlacht fuinnimh, le cineálacha in-athnuaite fuinnimh, le spleáchas fuinnimh agus le slándáil an tsoláthair agus an geilleagar ciorclach. Ina theannta sin, beidh ar staidreamh fuinnimh tacú le creat 2030 um an aeráid agus fuinneamh, arb é an aidhm atá leis geilleagar agus córas fuinnimh an Aontais a dhéanamh níos iomaíche, níos daingne agus níos inbhuanaithe.”;

(ii)

cuirtear an fleasc seo a leanas leis an dara mír:

“—

spleáchas fuinnimh agus slándáil an tsoláthair.”;

(o)

leasaítear cuspóir 3.3.4 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

“Staidreamh talmhaíochta, iascaigh agus foraoiseachta a sholáthar chun na comhbheartais talmhaíochta agus iascaigh a fhorbairt agus chun faireachán a dhéanamh orthu, staidreamh lena léireofar príomhchuspóirí straitéiseacha de chuid an Aontais a bhaineann le hinbhuanaitheacht chomh maith le forbairt tuaithe trí ghníomhaíochtaí rialta a dhéanamh a bhaineann le staidreamh a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh. I gcomhréir leis an gClár Oibre um Rialáil Níos Fearr, is gá an reachtaíocht láithreach a bhaineann le staidreamh talmhaíochta a shruthlíniú. Sa chomhthéacs sin, ba cheart aird chuí a thabhairt, i gcomhréir le REFIT, ar hacmhainní teoranta atá ar fáil do tháirgeoirí agus ar an ualach foriomlán ar fhreagróirí.”;

(ii)

cuirtear na fleasca seo a leanas leis an dara mír:

“—

ullmhú agus cur chun feidhme an daonáirimh talmhaíochta atá sceidealta do 2020;

comhbhonn dlíthiúil a chur i bhfeidhm i gcomhair staidrimh a bhaineann leis an talmhaíocht agus chun comh-bhonneagar agus comhuirlisí a tháirgeadh.”;

(5)

leasaítear cuid II. Modhanna Táirgthe an Staidrimh Eorpaigh mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na míre réamhráití:

“Tá roinnt dúshlán ag bagairt ar CSE faoi láthair. Tá ag méadú ar na hionchais maidir le raon feidhme, cáilíocht agus inchomparáideacht an staidrimh Eorpaigh. Tá réaltacht chasta anois ann i dtaca leis an domhandú, ar réaltacht í nach mór í a ghabháil le staidreamh oifigiúil agus a chruthaíonn dúshláin ó thaobh na modheolaíochta de. Baineann acmhainneacht leis an bhfáil a bhíonn ag síormhéadú ar shonraí ó sholáthraithe príobháideacha agus poiblí maidir le tráthúlacht agus ábharthacht an staidrimh oifigiúil a fheabhsú agus leis an ualach freagartha a laghdú. Chun dul i ngleic leis na dúshláin sin, agus srianta ar acmhainní ag bagairt ag an am céanna, déanfaidh an Córas Staidrimh Eorpach cur chun feidhme de réir a chéile ar spriocanna straitéiseacha atá sainithe i bhFís 2020 CSE, agus forbairt á déanamh ar chur chuige iomlánaíoch chun gnóthachain cháilíochta agus éifeachtúlachta a shroicheadh:

páirt réamhghníomhach a ghlacadh in idirphlé rialta le húsáideoirí chun tuiscint níos doimhne a fháil ar a riachtanais, agus aitheantas á thabhairt dó go bhfuil riachtanais dhifriúla, ar gá aghaidh a thabhairt orthu go ceart, ag grúpaí úsáideoirí difriúla;

táirgí agus seirbhísí ardcháilíochta a chur ar fáil agus cur chuige cáilíochta a chur i bhfeidhm maidir le bainistíocht, eagrú agus rialachas an Chórais Staidrimh Eorpaigh;

táirgí agus seirbhísí staidrimh a bhunú ar shuirbhéanna traidisiúnta agus ar fhoinsí eile, lena n-áirítear sonraí riaracháin, sonraí geospásúla agus, nuair is féidir, mórshonraí.

Chun rochtain a fháil ar fhoinsí nua sonraí, modhanna a chruthú agus teicneolaíocht oiriúnach a aimsiú d'fhonn úsáid a bhaint as na foinsí sin sonraí chun staidreamh Eorpach a tháirgeadh ar shlí iontaofa;

éifeachtúlacht an táirgthe staidrimh a fheabhsú trí chomhroinnt faisnéise, eispéireas agus modheolaíochtaí a dhianú a thuilleadh agus trí uirlisí, sonraí, seirbhísí agus acmhainní a chomhroinnt i gcás inarb iomchuí agus ina mbeidh bonn cirt faoi. Beidh an comhar bunaithe ar chaighdeáin chomhaontaithe agus ar chomhghnéithe de bhonneagar teicneolaíochta agus staidrimh;

straitéis scaipthe agus chumarsáide a chur chun feidhme i gcás staidreamh Eorpach, ar straitéis í atá solúbtha go leor chun oiriúnú do theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, lena dtugtar treoir i ré na réabhlóide sonraí agus atá ina colún iontaofa den daonlathas.”;

(b)

i gcuspóir 1.1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fleisce den tríú mír:

“—

sásra nua dearbhaithe cáilíochta a thabhairt isteach atá comhtháite, éifeachtach agus oiriúnach don fheidhm agus atá bunaithe ar an gCód Cleachtais agus ar Chreat Dearbhú Cáilíochta CSE;

measúnú ar chomhlíonadh an Chóid Cleachtais;”;

(c)

leasaítear cuspóir 4.1 mar a leanas:

(i)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas roimh an chéad mhír:

“Ba cheart go mbeadh saoránaigh Eorpacha ábalta tarraingt go héasca agus gan constaicí ar staidreamh Eorpach chun cumasú dóibh na sonraí sin a úsáid dá n-oideachas agus dá gcinnteoireacht. Cuirfear an cuspóir sin chun feidhme trí úsáideoir-chairdiúlacht an staidrimh Eorpaigh a fheabhsú agus trí rochtain ar shonraí a éascú. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar aisghabhálacht éasca agus ar chomhshó sonraí staidrimh d'úsáid phraiticiúil, lena n-áirítear trí ghraif agus léarscáileanna. Ba cheart go mbainfeadh níos mó saoránach leas as staidreamh Eorpach chun cur go héifeachtach le feabhsú scaipeadh faisnéise staidrimh ar fud an tsochaí.”;

(ii)

cuirtear an fleasc seo a leanas leis an gcúigiú mír:

“—

riachtanais sonraí reatha agus todhchaíocha a shainaithint chun táirgí agus seirbhísí atá ilchuspóireach agus oiriúnaithe i gcomhair úsáideoirí deiridh a chur ar fáil;”

(d)

i gcuspóir 5.1, cuirtear isteach an fleasc seo a leanas i ndiaidh an tríú fleasc:

“—

riachtanais a anailísiú i gcomhair scileanna nua a bhaineann le heolaíocht sonraí agus a chomhtháthú isteach i gcláir oiliúna;”;

(6)

I gcuid III Comhpháirtíocht' cuirtear isteach na fhleasc seo a leanas i ndiaidh an ceathrú fleasc den dara mír de chuspóir 1.4:

“—

feasacht shaoránaigh Eorpacha a mhúscailt faoin tábhacht a bhaineann le staidreamh oifigiúil agus le cur in iúl an staidrimh sin do gach geallsealbhóir tríd an Lá Eorpach um Staidreamh a cheiliúradh an 20 Deireadh Fómhair gach bliain;

sonraí ábhartha staidrimh a scaipeadh chun tacú le Beartas Comharsanachta na hEorpa agus leis na Comhaontuithe Comhlachais faoi seach;

luachanna agus tionscnaimh Eorpacha a chur chun cinn, amhail an Cód Cleachtais, Creat Dearbhaithe Cáilíochta CSE, agus cineálacha cur chuige maidir le caighdeánú agus comhchuibhiú i leith tríú tíortha agus réigiún;”.


Top